<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0123</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Nascacht a fheabhsú, oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, agus an barr feabhais áitiúil a chur chun tosaigh sa turasóireacht Eorpach – bainistiú ceann scríbe agus fás na turasóireachta réigiúnaí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0078/2026 -  Rapóirtéir:Daniel Attard)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir le nascacht a fheabhsú, oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, agus an barr feabhais áitiúil a chur chun tosaigh sa turasóireacht Eorpach: bainistiú ceann scríbe agus fás na turasóireachta réigiúnaí (2025/2120(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 174, 195 agus 349 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1028, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1028/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2831, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol<FOOTNOTE><FIELD> IO L 155, 12.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/904/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach um Scileanna<FOOTNOTE><FIELD> IO L 125, 11.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/936/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2025/1021 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2025 maidir le bochtaineacht iompair: soghluaisteacht inacmhainne, inrochtana agus chothrom a chinntiú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1021, 26.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1021/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025)0090),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 dar teideal ‘I dtreo Spás Coiteann Sonraí Eorpach don Turasóireacht: borradh a chur faoi chomhroinnt sonraí agus nuálaíocht ar fud an éiceachórais turasóireachta’ (C(2023)4787),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 <STRING ITALIC="on">new approach for a sustainable blue economy in the EU: Transforming the EU’s Blue Economy for a Sustainable Future</STRING> [Cur chuige nua maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas Eorpach: Geilleagar gorm an Aontais a chlaochlú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe] (COM(2021)0240),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’ (COM(2021)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience’</STRING> [Clár Oibre Eorpach um Scileanna don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (COM(2020)0274),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation’</STRING> [Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile] (COM(2020)0456) agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Identifying Europe’s recovery needs’</STRING> [Riachtanais téarnaimh na hEorpa a aithint] (SWD(2020)0098),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives’</STRING> [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Tourism and transport in 2020 and beyond’</STRING> [Turasóireacht agus iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin] (COM(2020)0550) agus do ghlacadh an Phacáiste Turasóireachta agus Iompair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A New European Agenda for Culture</STRING>’ [Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr](COM(2018)0267),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions’  [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas] (COM(2017)0623),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2016 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘A European agenda for the collaborative economy’</STRING> [An clár oibre Eorpach don gheilleagar comhoibríoch] (COM(2016)0356) agus don rún ón bParlaimint an 15 Meitheamh 2017 ina leith sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 331, 18.9.2018, lch. 125.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘A European Strategy for more Growth and Jobs in Coastal and Maritime Tourism’</STRING> [Straitéis Eorpach do Thuilleadh Fáis agus Post sa Turasóireacht Chósta agus Mhuirí] (COM(2014)0086) agus don doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 30 Márta 2017 maidir le turasóireacht mhuirí.(SWD(2017)0126),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Europe, the world’s No 1 tourist destination – a new political framework for tourism in Europe’</STRING> [An Eoraip, príomhcheann scríbe turasóireachta an domhain – creat polaitiúil nua don turasóireacht san Eoraip] (COM(2010)0352) agus don rún ón bParlaimint an 27 Meán Fómhair 2011 ina leith sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 56 E, 26.2.2013, lch. 41.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’</STRING> [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimneacha agus níos rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 dar teideal ‘Conair Aistrithe don Turasóireacht’ agus do na tuarascálacha measúnaithe uaidh le haghaidh 2023 agus 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Unbalanced tourism growth at destination level – root causes, impacts, existing solutions and good practices: final report’</STRING>, [Fás neamhchothrom na turasóireachta ag leibhéal na gceann scríbe – bunchúiseanna, tionchair, réitigh atá ann cheana agus dea-chleachtais: tuarascáil deiridh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Tuarascáil an Aontais maidir leis an nGeilleagar Gorm 2020’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le hOileáin an Aontais agus an beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 14 Nollaig 2022 maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua le haghaidh Chultúir agus Straitéis an Aontais Eorpaigh in dáil le Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 78.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le straitéis an Aontais um thurasóireacht inbhuanaithe a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 106.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le hiompar agus turasóireacht in 2020 agus ina dhiaidh sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 362, 8.9.2021, lch. 55.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tionchar diúltach fhéimheacht Thomas Cook ar thurasóireacht san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 202, 28.5.2021, lch. 73.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 179.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 29 Deireadh Fómhair 2015 maidir le dúshláin agus coincheapa nua chun an turasóireacht san Eoraip a chur chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> IO C 355, 20.10.2017, lch. 71.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún uaithi an 8 Meán Fómhair 2015 i dtreo cur chuige comhtháite maidir le hoidhreacht chultúrtha don Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 316, 22.9.2017, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soghluaisteacht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 131 E, 8.5.2013, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE> agus an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an Straitéis Eorpach um Míchumas tar éis 2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 362, 8.9.2021, lch. 8.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le Clár Oibre Eorpach don Turasóireacht 2030,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 maidir le Turasóireacht san Eoraip don chéad deacáid eile: inbhuanaithe, athléimneach, digiteach, domhanda agus sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 10 Nollaig 2025 dar teideal ‘I dtreo turasóireacht inbhuanaithe athléimneach san Aontas Eorpach: Straitéis le haghaidh bainistíocht chothrom oiriúnaitheach’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/761, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/761/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim féintionscnaimh ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Feabhra 2025 dar teideal ‘An tuarasóireacht san Aontas: an inbhuanaitheacht mar spreagadh d’iomaíochas fadtéarmach’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/2014, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2014/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dheais Turasóireachta an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chreat staidrimh chun inbhuanaitheacht na turasóireachta a thomhas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Palma an 31 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘The path towards the social sustainability of tourism in the EU’</STRING> [An bealach i dtreo inbhuanaitheacht shóisialta na turasóireachta san Aontais], arna shíniú ag airí turasóireachta Bhallstáit an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Eorpach maidir le Rothaíocht an 3 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2377, 3.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2377/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Turasóireachta na Náisiún Aontaithe an 18 Meán Fómhair 2018 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Overtourism’? – Understanding and Managing Urban Tourism Growth beyond Perceptions’</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do lámhleabhair UNESCO maidir le hacmhainní oidhreachta domhanda, lena n-áirítear lámhleabhair 2002 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Managing Tourism at World Heritage Sites: a Practical Manual for World Heritage Site Managers’</STRING> agus treoir ghaolmhar maidir le hiompar cuairteoirí a bhainistiú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chód Domhanda Eitice don Turasóireacht<FOOTNOTE><FIELD> Turasóireacht NA, ‘Global Code of Ethics for Responsible Tourism - Roadmap for Responsible and Sustainable Tourism Development’, an 1 Deireadh Fómhair 1999.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘Much more than a market’ [Margadh thar an gcoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a d’iarr a Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht an 15 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Overtourism: impact and possible policy responses’</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A10-0078/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go dtagann thart ar 5 % de OTI AE ón turasóireacht go díreach, is mórearnáil shocheacnamaíoch í ó thaobh breisluacha, fostaíochta agus comhtháthaithe réigiúnaigh de, agus go bhfuil éifeachtaí láidre iolraitheora aici ar fud earnálacha éagsúla; de bhrí, a luaithe a chuirtear tionchair indíreacha agus iarmharta san áireamh, go n-ardaíonn rannchuidiú foriomlán na hearnála go tuairim is 10 % de OTI an Aontais; de bhrí, i roinnt tíortha agus réigiún, gur mó fós an sciar den fhostaíocht agus de OTI a thagann ón turasóireacht, lena dtacaítear leis an bhforbairt réigiúnach agus lena laghdaítear éagothroime; de bhrí go bhfuil 90 % d’earnáil turasóireachta an Aontais comhdhéanta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí teaghlaigh atá an-leochaileach i leith géarchéimeanna; de bhrí go bhfuil thart ar 2.3 milliún FBM i dtionscal turasóireachta an Aontais agus go bhfuil thart ar 12.3 milliún duine fostaithe ann; de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach fós ina cheannaire domhanda sa turasóireacht d’ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch agus geopholaitiúil atá ann faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach um Thaisteal, ‘European travel maintains momentum in early 2025 despite rising global uncertainty’, an 7 Bealtaine 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go meastar go rannchuideoidh an earnáil 10.5 % le OTI an Aontais, tar éis an dul chun cinn láidir a rinneadh go luath in 2025<FOOTNOTE><FIELD> An Chomhairle Dhomhanda um Thaisteal agus um Thurasóireacht, ‘Travel and Tourism to Create 4.5MN New Jobs across the EU by 2035’, an 9 Aibreán 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha ag baint le luach eacnamaíoch na turasóireachta mar gheall ar chostais shóisialta, chultúrtha agus chomhshaoil, lena n-áirítear brúnna ar an margadh tithíochta, costais mhaireachtála níos airde do chónaitheoirí, ilroinnt spásanna maireachtála, úsáid neamh-inbhuanaithe acmhainní agus an brú méadaitheach ar bhonneagar bunriachtanach; de bhrí gur chothaigh na deicheanna de bhlianta d’fhás toirt-dhírithe, mar aon le bearnaí rialála agus rialachais, turasóireacht neamhchothrom; de bhrí go n-éilíonn an dinimic sin rialachas níos fearr agus bainistiú cliste, inbhuanaithe agus oiriúnaithe go háitiúil ar éileamh; de bhrí nach fadhb í an turasóireacht inti féin agus chun fóibe turasóireachta a chosc, gur gá straitéis iomlánaíoch a ghlacadh lena ndéanfar an fás eacnamaíoch a thabhairt chun réitigh leis an bhfolláine shóisialta, le cosaint an chomhshaoil, le coimirciú na hoidhreachta cultúrtha agus leis an athléimneacht chríochach fhadtéarmach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcumhdaíonn éiceachóras na turasóireachta go leor tionscal, lena n-áirítear iompar, gníomhaireachtaí taistil agus tionscnóirí turas, seirbhísí tacaíochta, cóiríocht agus lónadóireacht, na healaíona cruthaitheacha agus siamsaíocht, agus gníomhaíochtaí spóirt agus siamsaíochta, agus de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a bhforbairt agus a n-athléimneacht chomhleanúnach a chumasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar chostais chíosa cóiríochta ar fud an Aontais atá ag doimhniú neamhshláine tithíochta agus eisiaimh shóisialta; de bhrí go bhfuil an staid thar a bheith géar i limistéir atá dian ar thurasóirí, áit a gcuireann ganntanas tithíochta inacmhainne bac ar oibrithe turasóireachta séasúracha agus buana agus gairmithe bunriachtanacha san earnáil phoiblí a mhealladh agus a choinneáil; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an tionchar a bhíonn ag cíosanna gearrthéarmacha ar inacmhainneacht tithíochta, ar fheidhmiú na bpobal áitiúil, ar iomaíochas FBManna san éiceachóras turasóireachta agus ar chothrom na Féinne laistigh den mhargadh aonair; de bhrí nach mór réitigh cíosa ghearrthéarma a chur in oiriúint do gach cás sonrach, agus gníomhaíocht á déanamh go príomha ar an leibhéal áitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil coincheap na turasóireachta inbhuanaithe lárnach chun iomaíochas na hearnála a chur chun cinn, chun oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na hEorpa a chosaint, lena n-áirítear tásca geografacha, agus chun riachtanais na gcuairteoirí agus na bpobal áitiúil a chothromú; de bhrí go bhfuil an inbhuanaitheacht bunaithe ar thrí cholún idirspleácha – colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún comhshaoil – nach féidir aon cheann acu a bhrath ina n-aonar;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go mbaineann dáileadh cothrom sochar eacnamaíoch leis an inbhuanaitheacht shóisialta sa turasóireacht – lena n-áirítear trí shreafaí turasóireachta a éagsúlú agus a dhíshéasúlú – chomh maith le hurraim do chearta, riachtanais agus dea-bhail na gcónaitheoirí, caomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus an chomhtháthaithe pobail, agus soláthar post ardcháilíochta lena ngabhann dálaí córa fostaíochta; de bhrí go leanann séasúracht na turasóireachta de bheith ag cur le héagobhsaíocht eacnamaíoch, le ganntanais lucht saothair agus le brú ar phobail áitiúla; de bhrí gur cheart go neartódh forbairt na turasóireachta atá inbhuanaithe go sóisialta pobail áitiúla seachas iad a chur faoi bhrú míchuí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Aontais lántiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), a ghlac na Náisiúin Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2015; de bhrí go ndéanann Eurostat faireachán ar dhul chun cinn an Aontais i dtreo SDGanna a bhaint amach trí shraith 102 tháscaire; de bhrí gur féidir leis an turasóireacht rannchuidiú go díreach le roinnt SDGanna a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an tionchar atá ag an athrú aeráide ar an turasóireacht, rud a fhágann go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí, pleananna, táirgí agus saoráidí turasóireachta a oiriúnú dá réir; de bhrí go bhfuil inbhuanaitheacht agus athléimneacht in earnáil na turasóireachta fós míchothrom ar fud an leibhéil náisiúnta, réigiúnaigh agus áitiúil, agus go bhfuil glacadh cleachtas inbhuanaithe ag na Ballstáit, ag gníomhaithe áitiúla agus ag páirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach fós ag brath go príomha ar rannpháirtíocht dheonach;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go raibh ról ag an turasóireacht maidir le dinimic chríochach a mhúnlú ar fud go leor réigiún san Aontais; de bhrí gur chruthaigh cineálacha cur chuige réigiúnacha maidir leis an ngníomhaíocht sin a eagrú agus a fhorbairt cumraíochtaí éagsúla a dhéanann difear dá gcúrsaí fáis agus folláine; de bhrí go bhfuil saintréithe uathúla agus éagsúla ag réigiúin iargúlta, imeallacha, thuaithe, fhorimeallacha, inar tearc an daonra agus ag réigiúin oileánacha agus ag limistéir chósta áirithe, lena n-áirítear leochaileacht chomhshaoil, leithlisiú geografach, díscor agus spleáchas ar acmhainní seachtracha, lena n-éilítear cineálacha cur chuige beartais atá oiriúnaithe dá gcúinsí sonracha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil nascacht bunriachtanach don taisteal agus don turasóireacht, lena nasctar daoine le háiteanna, le cultúir agus le heispéiris; de bhrí, áfach, go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint le patrúin reatha taistil agus turasóireachta, ós rud é nach dtugann 80 % de thaistealaithe cuairt ach ar 10 % de chinn scríbe dhomhanda<FOOTNOTE><FIELD> Greenwood G., ‘How connectivity is shaping the future of global tourism’, World Travel Market Global Hub’, World Travel Market Global Hub, an 14 Eanáir 2025, https://hub.wtm.com/blog/connectivity-shaping-future-global-tourism/.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhféadfaí brú iomarcach ar chinn scríbe cósta plódaithe i roinnt Ballstát a mhaolú trí thurasóireacht tuaithe agus intíre a chur chun cinn trí straitéisí saincheaptha; de bhrí nach ndéantar freastal ceart ar go leor réigiún forimeallach, tuaithe, iargúlta, is forimeallaí agus oileánach mar gheall ar a leithlisiú geografach, a mbonneagar teoranta, a seirbhísí iompair laghdaithe le linn tréimhsí seachbhuaice agus na costais arda agus an t-am taistil is gá chun iad a bhaint amach; de bhrí go bhfuil spleáchas struchtúrach ar aeriompar agus ar mhuiriompar agus neamhchosaint ar chomhchruinniú an mhargaidh mar thoradh ar shrianta buana geografacha agus nascachta na réigiún is forimeallaí san Aontas, a bhfuil tionchar díreach acu uile ar fhorbairt na turasóireachta inbhuanaithe; de bhrí gur príomhchumasóir seirbhísí turasóireachta i gcinn scríbe fhorimeallacha iad lóistíocht éifeachtúil lasta;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurb é an t-iompar is cúis leis an sciar is mó de lorg carbóin na turasóireachta; de bhrí nach féidir turasóireacht inbhuanaithe a bhaint amach gan soghluaisteacht inbhuanaithe, lena n-áirítear éagsúlú ilmhódach, agus aird chuí á tabhairt ar shrianta fisiceacha agus geografacha na hEorpa, a mbíonn tionchar acu ar infhaighteacht agus ar rogha roghanna iompair iomchuí agus inbhuanaithe; de bhrí, d’ainneoin nach bhfuil san iompar d’iarnród ach thart ar 10 % de na turais a dhéantar inniu, i bhfad taobh thiar den iompar de bhóthar (64 %) agus aerthaisteal (17 %), go dtugtar le fios i dtaighde a rinneadh le déanaí go bhfuil 82 % de mhuintir na hEorpa oscailte do roghanna taistil níos glaise<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, ‘Eorabharaiméadar Flash 499: Dearcadh mhuintir na hEorpa i leith na turasóireachta’, an 6 Nollaig 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhféadfaidh báid farantóireachta seirbhísí riachtanacha iompair ar mhaithe le leas an phobail a sholáthar, lena n-áiritheofar nascacht inacmhainne, rialta agus ar feadh na bliana, go háirithe d’oileáin agus do réigiúin iargúlta;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go gcruthaítear deiseanna nua do na réigiúin fhorimeallacha, thuaithe agus is foirmeallaí a dtírdhreacha uathúla, a n-uiscedhreacha uathúla agus a n-oidhreacht uathúil a chur i láthair trí straitéisí forbartha áitbhunaithe agus téamabhunaithe mar gheall ar theacht chun cinn na turasóireachta speisialaithe (gastranamaíochta, fíona, beorach, muirí, cultúrtha, reiligiúnaí, oidhreachta, leighis, folláine, spóirt, rothaíochta, tumadóireachta, talmhaíochta, airgid, éiceathurasóireachta, athghiniúnaí, etc.); de bhrí go n-éilíonn fás na turasóireachta speisialaithe tacaíocht trí infheistíocht sa bhonneagar is gá; de bhrí gur féidir leis na treochtaí turasóireachta sin atá ag teacht chun cinn inbhuanaitheacht na hearnála a neartú trí thaisteal a leathnú thar bhuaicshéasúir, sreafaí cuairteoirí a scaipeadh agus cosaint na hoidhreachta nádúrtha agus cultúrtha a fheabhsú, agus ioncam breise a ghiniúint i réigiúin iargúlta, i réigiúin inar tearc an daonra agus i réigiúin oileánacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil thart ar 25 % de mhuintir na hEorpa ag maireachtáil faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; de bhrí, de réir Eurostat, go meastar go n-ardóidh an sciar de dhaonra an Aontais atá 60 bliain d’aois nó níos sine, atá ag 21 % faoi láthair, go 30 % faoi 2030; de bhrí gur deis mhór é gníomhaíocht thiomnaithe a dhéanamh trí infheistíocht i seirbhísí turasóireachta atá inrochtana agus fabhrach do dhaoine scothaosta chun borradh a chur faoin iomaíochas, chun cáilíocht a uasghrádú agus chun tacú leis an éileamh ar feadh na bliana;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go ndíríonn an turasóireacht chliste ar bhainistiú ceann scríbe a neartú, ar shástacht na gcuairteoirí a ardú agus ar luach marthanach a chur ar fáil do phobail áitiúla<FOOTNOTE><FIELD> EU guide on data for tourism destinations [Treoir ón Aontas maidir le sonraí le haghaidh cinn scríbe turasóireachta]. Smart Tourism Destinations, July 2022 [Cinn Scríbe Turasóireachta Cliste, mí Iúil 2022].</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil an turasóireacht chliste ag brath ar infhaighteacht, anailís agus úsáid éifeachtach sonraí; de bhrí go bhfuil éiceachóras sonraí an Aontais ilroinnte i gcónaí; de bhrí go bhfuil sé beartaithe leis an tionscnamh maidir le Spás Sonraí Turasóireachta Eorpach an ilroinnt sin a shárú trí ardán slán idirnasctha comhroinnte sonraí a thógáil chun tacú le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht na hearnála, i gcomhréir leis an gconair aistrithe don turasóireacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin thairseach eolais Dheais Turasóireachta an Aontais agus Ardán Turasóireachta an Aontais, nach bhfuil creat comhchuibhithe éifeachtach agus uaillmhianach go leor fós ag an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar thionchair turasóireachta, lena n-áirítear lorg carbóin chomh maith le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht fhoriomlán ar fud na mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí nach léirítear go hiomlán le táscairí feidhmíochta atá bunaithe ar OTI agus atá comhiomlán fíorthionchair shóisialta, chríochacha agus chomhshaoil na turasóireachta; de bhrí gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar an turasóireacht thar fhás toirte agus trí tháscairí inbhuanaitheachta amhail comhtháthú sóisialta, inbhuanaitheacht chríochach fhadtéarmach agus sláine chomhshaoil, le hacmhainneacht iompair chríochach agus cosaint na bithéagsúlachta lena dtreoraítear teorainneacha cinn scríbe, caidhpeanna cuairteoirí agus pleanáil bonneagair, lena n-aistrítear rath i dtreo samhlacha forbartha atá bunaithe ar luach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go gcuireann comhroinnt theoranta sonraí agus oibríochtaí neamh-chomhtháite ar fud príomhearnálacha iompair bac ar thaisteal ilmhódach rianúil ar fud an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí, ‘<STRING ITALIC="on">Mind the gap – Making the multimodal journey the easy journey</STRING>’, an 22 Márta 2023.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go bhfuil bacainní móra fós ag baint le turais den sórt sin a chur in áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil na turasóireachta dian ar shaothar, rud a ghineann thart ar 5 % d’fhostaíocht iomlán an Aontais, ach go bhfuil dúshláin shuntasacha roimpi, lena n-áirítear ráta fostaíochta sealadaí 21 %; de bhrí gur foinse thábhachtach cruthaithe post í an earnáil sin, go háirithe do dhaoine óga, do mhná agus d’oibrithe imirceacha a mbíonn deacrachtaí acu dul isteach i margadh an tsaothair; de bhrí go mbraitheann an turasóireacht ar lucht saothair oilte agus tiomanta lena n-áirithítear seirbhís ardcháilíochta agus eispéiris bharántúla do chuairteoirí; de bhrí gur féidir feabhas a chur ar earcaíocht agus ar choinneáil trí cháilíocht na bpost a ardú trí phá cothrom, trí fhostaíocht chobhsaí agus trí dhálaí oibre feabhsaithe, lena dtacaítear le haistriú na hearnála i dtreo forbairt inbhuanaithe, ard-bhreisluacha, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ghanntanais lucht saothair agus ar inbhuanaitheacht shóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil geilleagair réigiúnacha atá ag brath ar an turasóireacht níos neamhchosanta ar shuaití éilimh agus ar luaineacht saothair, rud a fhágann go bhfuil éagsúlú eacnamaíoch agus ationsclú bunriachtanach don chobhsaíocht agus don fhorbairt fhadtéarmach; de bhrí go bhfuil baol ann go ndéanfaidh róspleáchas ar thurasóireacht shéasúrach réigiúin a ghaistiú i samhail forbartha lena gcuirtear teorainn le fás táirgiúlachta, le nuálaíocht agus le teacht chun cinn earnálacha lena mbaineann breisluach níos airde;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé deacair ar 92 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) sa turasóireacht foireann oilte a fhostú<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, ‘<STRING ITALIC="on">Jobs and skills in tourism</STRING>’ [Poist agus scileanna sa turasóireacht].</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go n-éilíonn easnamh scileanna na hearnála – dúshlán a bhí ann roimh phaindéim COVID-19 agus atá fós ann d’ainneoin na rátaí arda dífhostaíochta ar fud an Aontais – brú tapa ar athsciliú agus ar uas-sciliú chun scileanna atá dírithe ar an todhchaí a chruthú chomh maith le hinniúlachtaí glasa, digiteacha, bainistíochta, sóisialta agus cultúrtha lena bhfeabhsaítear athléimneacht sa turasóireacht<FOOTNOTE><FIELD> HOTREC Hospitality Europe, ‘Labour shortages in the hospitality sector: forward-thinking and practices sharing’, mí Mheán Fómhair 2022.</FIELD></FOOTNOTE>, atá ríthábhachtach dá hiomaíochas<FOOTNOTE><FIELD> Silva, S. et al., ‘The Value of Skills for a Sustainable Tourism and Hospitality Industry’, Turasóireacht agus Fáilteachas, Uimh. 6(1), an 23 Eanáir 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil gá le bearta spriocdhírithe, lena n-áirítear infheistíocht leanúnach phoiblí agus phríobháideach, mar aon le hionstraimí cistiúcháin an Aontais atá inrochtana do FBManna, chun scileanna a fheabhsú agus chun a áirithiú go leanfaidh tionscal na turasóireachta de bheith ina fhostóir tarraingteach agus iomaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur mná iad os cionn leath de lucht saothair turasóireachta an Aontais ach go bhfuil siad fós faoi ghannionadaíocht shuntasach i róil cheannaireachta agus chinnteoireachta agus go bhfuil ró-ionadaíocht acu i bhfostaíocht ar phá níos ísle, i bhfostaíocht neamhfhoirmiúil nó i bhfostaíocht fhorbhásach, agus gur minic nach mbíonn slándáil poist agus cosaint shóisialta leormhaith acu; de bhrí go mbaineann neamhionannais den sórt sin an bonn ó chumhachtú eacnamaíoch na mban agus go gcuireann siad bac ar iomaíochas earnáil na turasóireachta, agus béim á leagan ar an ngá atá le gné láidir comhionannais inscne a chomhtháthú i straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais atá ar na bacáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go mbíonn an turasóireacht faoi bhláth a bhuí le nasc daonna, fiú sa ré dhigiteach; de bhrí go bhfuil scileanna boga ríthábhachtach don turasóireacht chuimsitheach, ach go bhfuil siad fós tearcluacháilte, tearcoiliúna agus tearcíoctha, rud a dhéanann difear díreach do cháilíocht eispéireas na gcuairteoirí agus d’fholláine na bpobal áitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gurb iad an cultúr, an oidhreacht agus an fhéiniúlacht colúin tháirge turasóireachta inbhuanaithe agus freagrach an Aontais, agus go bhfuil ról ríthábhachtach ag saorálaithe agus ag pobail áitiúla maidir le hoidhreacht bheo gach Ballstáit a chaomhnú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear traidisiúin chultúrtha inbhuanaithe agus teangacha áitiúla; de bhrí gur féidir le cosaint, caomhnú agus cur chun cinn na hoidhreachta cultúrtha caidreamh idirchultúrtha, athmhuintearas agus cómhaireachtáil chultúrtha a chothú; de bhrí go n-éilítear le cosaint na hoidhreachta cultúrtha go ndéanfaí bainistiú réamhghníomhach ar shreabha cuairteoirí, go ndéanfaí láithreáin leochaileacha a chosaint agus go n-áireofaí pobail áitiúla i bpróisis chinnteoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an nuálaíocht dhigiteach, lena n-áirítear uirlisí mapála idirghníomhacha, teicneolaíochtaí tumthacha, réaltacht bhreisithe, ardáin dhigiteacha phobalbhunaithe agus eispéiris ‘fhisiciúla’ rochtain ar an oidhreacht áitiúil a fheabhsú, tacú le FBManna agus ligean do chuairteoirí dul i ngleic ar bhealach níos doimhne le héiceachórais chultúrtha bharántúla, lena n-áirítear traidisiúin ghrúdaireachta agus an cheardaíocht áitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn an agrathurasóireacht agus tionscnaimh ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus ‘ón ngort go dtí an forc’ fíorshlabhraí luacha seachas slabhraí soláthair simplí, lena dtairgtear eispéireas barántúlachta do chuairteoirí agus geilleagair thuaithe á neartú ag an am céanna, lena dtacaítear le táirgeoirí áitiúla agus lena gcuirtear maoirseacht chomhshaoil chun cinn; de bhrí go n-aithnítear tionscnaimh den sórt sin níos mó agus níos mó mar cholún d’fhorbairt turasóireachta ardcháilíochta agus inbhuanaithe ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionscal taispeántais agus imeachta gnó na hEorpa, a aithnítear mar cheannaire domhanda, ina phríomhchuid de thionscal na turasóireachta agus ina mhórspreagadh eacnamaíoch, ag tacú le poist, le forbairt réigiúnach, le hinfheistíocht bonneagair agus le fás trasearnála;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil Éicilipéad an Aontais, atá ar cheann de roinnt caighdeán inbhuanaitheachta, á chur i bhfeidhm faoi láthair maidir le cóiríocht do thurasóirí amháin agus ní maidir leis an slabhra luacha iomlán i gceann scríbe turasóireachta, agus, cé go bhfuil a ghlacadh ag cóiríocht do thurasóirí ag dul i méid, go bhfuil a thionchar foriomlán ar an margadh fós teoranta; de bhrí nach mór an deimhniú a chomhcheangal le hoibleagáidí in-fhorfheidhmithe, trédhearcacht i slabhraí soláthair agus faireachán ar an tionchar ar an gcomhshaol chun glas-snasú a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin gur glacadh an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide<FOOTNOTE><FIELD> <STRING SUPERSCRIPT="on">(</STRING>Treoir (AE) 2019/904  Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tonchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1,  ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/904/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go bhfuil sciar suntasach de dhramhaíl phlaisteach ó earnálacha na turasóireachta agus an fháilteachais fós lasmuigh dá raon feidhme rialála;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur cheart do thionscal na turasóireachta an Aontais aistriú i dtreo samhail an gheilleagair chiorclaigh, lena bhfeabhsófaí éifeachtúlacht acmhainní i réimsí amhail dramhaíl, uisce, bia, soghluaisteacht agus bainistiú fuinnimh; de bhrí go n-éilítear leis an aistriú sin cleachtais fhreagracha táirgthe agus tomhaltais a ghlacadh, lena n-áirítear úsáid táirgí áitiúla ag earnáil an fháilteachais, laghdú ar shruthanna dramhaíola, athúsáid acmhainní agus éiceachórais áitiúla a choimirciú; de bhrí go bhfuil uirlisí pleanála, faireacháin agus bainistíochta sonraíbhunaithe bunriachtanach chun tacú leis an aistriú sin agus chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach na gceann scríbe turasóireachta a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir le haitheantas na turasóireachta mar cheann de 14 éiceachóras<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’ [Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa] COM(2021)0350.</FIELD></FOOTNOTE> thionsclaíocha straitéiseacha na hEorpa gur gá dul níos faide ná toimhdí a hathléimneachta bunúsaí<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, ‘Building strong and resilient tourism destinations’, Páipéir Turasóireachta ECFE, 2025/03, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2025, lch. 6-8.</FIELD></FOOTNOTE> i dtreo straitéis iomlánaíoch Eorpach atá bunaithe ar chomhordú láidir beartais, lena léirítear gnéithe trasghearrtha na hearnála, chomh maith le cistiú spriocdhírithe agus éifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur fhógair an Coimisiún go bhfoilseofar straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais den chéad uair riamh, rud a léiríonn deis shuntasach chun creat inbhuanaithe comhleanúnach agus réamhbhreathnaitheach a bhunú don earnáil; de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an tionscnamh seo a áirithiú go mbeidh fás amach anseo ailínithe le cuspóirí aeráide agus sóisialta níos leithne an Aontais, agus ag an am céanna staonadh ó ualaí díréireacha riaracháin nó airgeadais a chruthú do FBManna; de bhrí gur sócmhainn straitéiseach é branda láidir turasóireachta Eorpach ar féidir leis buntáiste iomaíoch na hEorpa a neartú trí thairiscintí inbhuanaithe, ardcháilíochta agus saibhir ó thaobh taithí de a chur chun cinn agus tacú le bainistiú scaipthe agus séasúrachta ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a athdhearbhú gur earnáil eacnamaíoch thábhachtach agus straitéiseach í an turasóireacht a chothaíonn féiniúlacht Eorpach, agus de bhrí nár cheart í a mheas mar chuid imeallach den gheilleagar; de bhrí go bhfuil gá le comhordú láidir polaitiúil agus riaracháin mar gheall ar chineál trasearnálach earnáil na turasóireachta; de bhrí go bhféadfadh ardstiúrthóireacht thiomnaithe don turasóireacht inbhuanaithe a gcuirtear acmhainní iomchuí ar fáil di cur chuige institiúideach comhtháite a ráthú, bainistiú na gclár cistiúcháin atá ann cheana a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar an rialachas ilroinnte Eorpach atá ann faoi láthair san earnáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil cistiú spriocdhírithe an Aontais, lena n-áirítear treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin chomh maith le tacaíocht faoi chláir amhail clár an mhargaidh aonair, Eoraip na Cruthaitheachta, Interreg, an clár don Eoraip dhigiteach agus Fís Eorpach, bunriachtanach chun cur ar chumas na n-údarás áitiúil, FBManna agus gníomhaithe cultúrtha samhlacha nuálacha sa turasóireacht chultúrtha a thástáil, uirlisí digiteacha a fhorbairt, líonraí téamacha a neartú agus tionscnaimh rathúla a mhéadú ar fud na réigiún; de bhrí gur iarr an Pharlaimint go comhsheasmhach go n-áireofaí mír bhuiséid thiomnaithe don turasóireacht i mbuiséad ginearálta an Aontais; de bhrí gur deis thráthúil í an chaibidlíocht atá ar na bacáin maidir le creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 chun cistiú tiomnaithe fadtéarmach cobhsaí a áirithiú don turasóireacht; de bhrí go mbeidh ról lárnach ag tograí reachtacha nua maidir le CAI 2028-2034 chun tacú leis an aistriú glan, leis an gclaochlú digiteach, le forbairt scileanna, le hinbhuanaitheacht agus le hiomaíochas foriomlán an éiceachórais turasóireachta ar fud réigiúin uile an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ó leithlisiú go deis: nascacht fheabhsaithe mar chatalaíoch d'fhás turasóireachta réigiúnaí inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á dhearbhú gur réamhriachtanas í an nascacht don tsaoirse gluaiseachta a chumhdaítear sna Conarthaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil nascacht láidir ríthábhachtach chun an turasóireacht a chothromú agus chun na tairbhí a bhaineann léi a leathnú chuig limistéir nach ndéantar freastal ceart orthu, chun an brú ar theophointí a bhfuil róchuairt orthu a mhaolú agus chun tacú le hathbheochan na ngeilleagar áitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit nascacht inrochtana, inacmhainne agus iontaofa a aithint mar sheirbhís bhunriachtanach atá mar bhonn agus mar thaca ag an tsaoirse gluaiseachta, ós rud é nach bhfuil aon saoirse gluaiseachta ann gan na modhanna chun gluaiseacht; á mholadh go mbunófaí tagarmharcanna soiléire, intomhaiste agus a nuashonraítear go rialta chun measúnú a dhéanamh ar inrochtaineacht, inacmhainneacht agus cáilíocht roghanna taistil inbhuanaithe, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo soghluaisteacht chuimsitheach atá saor ó bhacainní do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus do réigiúin iargúlta, is forimeallaí, thuaithe, fhorimeallacha, inar tearc an daonra agus oileánacha, agus aird ar leith á tabhairt ar oileáin bheaga; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tagarmharcanna den sórt sin bunriachtanach chun nascacht ar feadh na bliana a áirithiú, chun tacú le pobail áitiúla agus le FBManna, agus chun athléimneacht fhadtéarmach na réigiún atá ag brath ar an turasóireacht a chosaint; á chur i bhfáth, thairis sin, a ábhartha atá na tagarmharcanna chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí bonneagair atá ábhartha don turasóireacht arb é is aidhm dóibh comhtháthú críochach a neartú, sreafaí turasóireachta a dháileadh agus brú ar theophointí plódaithe a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tarraingt aird ar thionchar díréireach na n-iompróirí móra agus na n-ardán digiteach maidir le treochtaí an mhargaidh a stiúradh, rud a imríonn tionchar ar rogha na dtomhaltóirí agus a nochtann cinn scríbe agus gnólachtaí fáilteachais do rioscaí struchtúracha suntasacha; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ina scrúdófar spleáchas earnáil na turasóireachta ar ghníomhaithe ceannasacha a bhfuil cumhacht láidir sa mhargadh acu in earnálacha an iompair agus na turasóireachta, lena n-áirítear fáilteachas, measúnú a dhéanamh ar bhagairtí ar nascacht, praghsáil chóir, dálaí cothroma do gach úsáideoir gnó, dálaí saothair, leanúnachas seirbhíse agus athléimneacht fhadtéarmach na gceann scríbe, agus aird ar leith á tabhairt ar na rioscaí struchtúracha i réigiúin tuaithe, iargúlta agus oileánacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, mar chuid den staidéar, measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar chomhchruinniú an mhargaidh agus ar phearsantú praghsanna míréasúnta, chun trédhearcacht, iomaíocht chóir agus cosaint tomhaltóirí a neartú, agus chun iomaíochas FBManna agus oibreoirí áitiúla a fheabhsú, lena n-áirítear trí bhearta iomchuí dlíthiúla, rialála agus airgeadais, i gcás inarb ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas go bhfuil naisc éifeachtúla iompair mar bhonn d’earnáil turasóireachta an Aontais atá inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach, lena maolaítear an brú ar chinn scríbe teophointí atá ag feidhmiú ag a n-acmhainneacht nó lasmuigh di agus, ag an am céanna, lena n-osclaítear rochtain agus lena n-atreoraítear sreafaí cuairteoirí chuig cinn scríbe nach bhfuil chomh heolach céanna agus atá ag teacht chun cinn agus lena ndáiltear tairbhí eacnamaíocha ar bhealach níos cothroime; á iarraidh go bhfeabhsófaí nascacht agus inrochtaineacht, go háirithe i réigiúin iargúlta agus i réigiúin an Aontais nach ndéantar freastal ceart orthu, lena n-áirítear oileáin, chun fás cuimsitheach a chur chun cinn trí thaisteal inbhuanaithe, chun díshéasúrú a spreagadh agus chun tacú leis an bhforbairt réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, ag an am céanna, go bhfuil go leor cinn scríbe atá ag teacht chun cinn – ó na críocha is forimeallaí go croíthailte tuaithe, pobail shléibhtiúla agus réigiúin oileánacha – ag dul i ngleic le dúshláin uathúla nascachta, agus á chur i bhfáth nach mór do straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais sásraí tacaíochta saincheaptha a shainaithint lena léirítear a bpróifílí agus a leochaileachtaí sonracha, go háirithe chun na naisc aeir, farraige agus talún lena gcothaítear a nascacht a threisiú; á áitiú go ndéanfar aon leathnú nascachta a mheaitseáil le bonneagar ardcháilíochta agus seirbhísí iontaofa, rud a chuirfidh ar chumas cinn scríbe sreafaí turasóireachta nua nó éagsúlaithe a bhainistiú gan an bonn a bhaint d’inrochtaineacht ná d’inacmhainneacht do chónaitheoirí, go háirithe sna réigiúin leochaileacha a shainaithnítear thuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iniúchadh ar an bhféidearthacht maidir le húsáid níos leithne oibleagáidí seirbhíse poiblí, lena n-áirítear cumraíochtaí ilmhódacha agus traenacha oíche trasteorann, chun freastal ar chónaitheoirí agus ar chuairteoirí araon – go háirithe i réigiúin iargúlta agus is forimeallaí, i réigiúin chósta agus oileánacha – agus béim á leagan ar an ról atá acu maidir le comhtháthú críochach agus sóisialta a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag na croíghréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T) chríochnaithe, leathnaithe agus chuimsitheacha, arna gcomhlánú le raon roghanna seirbhísí iompair inbhuanaithe, maidir le dáileadh críochach níos cothroime na turasóireachta a bhaint amach laistigh den Aontas, lena n-áirítear tríd an éileamh lasmuigh den séasúr a chur chun cinn; á chur i bhfáth go raibh sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt do thionscadail trasteorann faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le TEN-T, agus á iarraidh go mbeadh buiséad láidir SCE ann faoin gcéad CAI eile chun tacú le córas iompair Eorpach inbhuanaithe, inrochtana agus idirnasctha, atá chomh ríthábhachtach céanna don turasóireacht i réigiúin uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na deiseanna a cuireadh i láthair le tograí reachtacha CAI 2028-2034 chun tacaíocht an Aontais don turasóireacht inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach a neartú; á thabhairt chun suntais, go háirithe, forálacha an rialacháin atá beartaithe maidir leis an bplean comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnach, lena n-aithnítear seirbhísí turasóireachta inbhuanaithe mar chuspóir sonrach agus mar bhealaí oscailte le haghaidh infheistíochta sa chlaochlú digiteach, i gcur chuige an gheilleagair chiorclaigh<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, um thalmhaíocht agus ceantair thuaithe, um iascach agus gnóthaí muirí, um rathúnas agus um shlándáil don tréimhse 2028-2034 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 agus Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (COM(2025)0565).</FIELD></FOOTNOTE>, sa tsoghluaisteacht inbhuanaithe, in uas-sciliú scileanna agus lucht saothair, in éagsúlú turasóireachta, in oiriúnú don athrú aeráide agus i mbainistiú cinn scríbe; á aithint go gcruthaíonn an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear an Ciste Eorpach Iomaíochais<FOOTNOTE><FIELD> COM(2025)0555.</FIELD></FOOTNOTE> ionchais chun tacú leis an turasóireacht inbhuanaithe tríd an aistriú glan, tríd an dícharbónú tionsclaíoch agus trí bhearta iomaíochais FBManna; ag tabhairt dá haire, áfach, nach n-áirítear arís i dtogra nua CAI clár an Aontais agus líne bhuiséid neamhspleách don turasóireacht inbhuanaithe, ag tabhairt dá haire go bhfuil infhaighteacht chistiú an Aontais chun líonraí iompair tánaisteacha agus ribeacha a fhorbairt, atá riachtanach chun tacú le forbairt inbhuanaithe earnáil na turasóireachta, chun sreafaí turasóireachta a éagsúlú agus chun tacú le hinrochtaineacht na réigiún iargúlta, forimeallach, is forimeallaí agus oileánach, fós doiléir; á áitiú nár cheart don chéad CAI eile líon suntasach réigiún a imeallú ná cistiú do thionscadail atá comhtháite sa líonra domhanda a laghdú chun éagothromaíochtaí críochacha a sheachaint agus chun comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chaomhnú; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil cómhaoiniú laghdaithe roimh na réigiúin is forimeallaí, d’ainneoin a bhfíor-iargúltachta ón mór-roinn agus an gá comhfhreagrach le nascacht shlán agus infheistíocht inbhuanaithe; á athdhearbhú, thairis sin, go bhfuil oileáin an Aontais agus na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil brú iomaíoch níos láidre orthu ó réigiúin nach bhfuil san Aontas, ríthábhachtach do gheilleagar turasóireachta réigiúnach an Aontais agus gur cheart go bhfaigheadh siad SCE leordhóthanach agus cistiú eile chun feabhas a chur ar bhonneagar nascachta, chun cuairteoirí a mhealladh agus chun a áirithiú go n-éireoidh a bhfás níos inbhuanaithe agus go leanfaidh siad de bheith iomaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á athdhearbhú go bhféadfadh cistiú tiomnaithe ón Aontas don turasóireacht inbhuanaithe torthaí suntasacha a bhaint amach trí bhorradh a chur faoi athléimneacht na hearnála, trína haistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus trí fhás inbhuanaithe, cothrom agus cuimsitheach a chothú, chomh maith le hiomaíochas fadtéarmach ar fud na gceann scríbe Eorpacha uile, lena n-áirítear comhtháthú críochach agus sóisialta níos láidre sna réigiúin fhorimeallacha, is forimeallaí agus oileánacha; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach líne bhuiséid den sórt sin a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais atá ar na bacáin a áirithiú; á iarraidh, idir an dá linn, go ndéanfaí an treoir maidir le cistiú an Aontais don turasóireacht a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú i bhfianaise an chéad CAI eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais, in éineacht leis an gcéad CAI eile, sásraí cistiúcháin soiléire a chur in ord tosaíochta agus a shainaithint chun tacú leis an aistriú i dtreo samhlacha turasóireachta inbhuanaithe i réigiúin a ndéanann séasúracht, athrú aeráide, brú déimeagrafach, brú buan nó dian ar chuairteoirí, tarraingteacht laghdaithe, speisialtóireacht ardearnála agus díghrádú sócmhainní difear dóibh, agus i gcinn scríbe bheaga agus mheánmhéide agus cinn scríbe atá ag teacht chun cinn a bhfuil ardacmhainneacht óstála acu; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don chistiú sin tacú le treoirthionscadail, fothú acmhainneachta agus claochlú struchtúrach, agus tús áite á thabhairt do bhonneagar inbhuanaithe, nascacht ghlan, éagsúlú críochach agus cláir oiliúna lena neartaítear tallann áitiúil agus lena gcabhraítear le hoibrithe iad féin a chur in oiriúint do scileanna nua agus do riachtanais an mhargaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh soghluaisteacht turasóireachta inbhuanaithe a chomhtháthú i mbeartas iompair an Aontais, le hinfheistíocht i naisc an mhíle dheireanaigh – lena n-áirítear iompar poiblí agus soghluaisteacht ghníomhach, agus réitigh soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus inacmhainne – chun leasa cuairteoirí agus cónaitheoirí araon; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid sa turasóireacht – mar shampla, trí dhreasachtaí le haghaidh léasú feithiclí leictreacha agus bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha – go háirithe sna réigiúin oileánacha, thuaithe, shléibhtiúla agus sna réigiúin is forimeallaí, chun borradh a chur faoin tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chun lorg na gcuairteoirí ar an gcomhshaol a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le cur chun cinn Ardán Turasóireachta an Aontais atá ann cheana, lena n-éascófar malartú samhlacha rathúla bainistithe cuairteoirí agus dea-chleachtas i measc cinn scríbe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheabhrú go mbraitheann luas an aistrithe sin ar bhonneagar luchtaithe leormhaith ar leibhéal cinn scríbe, lena n-áirítear réitigh mhearluchtaithe atá in ann freastal ar riachtanais ghnó, oibríochtúla agus iompair paisinéirí, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht airgeadais spriocdhírithe ón Aontas, a bhfuil tagarmharcanna soiléire mar bhonn taca léi, ríthábhachtach chun foinsí cumhachta astaíochtaí nialasacha a mhéadú ar fud éiceachóras na turasóireachta agus chun a áirithiú go dtacóidh dícharbónú na soghluaisteachta le spriocanna aeráide agus le bainistiú inbhuanaithe cinn scríbe; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur gá bonneagar leordhóthanach lóistíochta agus naisc idirmhódúla a áirithiú chun tacú le slabhraí soláthair turasóireachta agus le héiceachórais eacnamaíocha áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí níos mó tacaíochta airgeadais ón Aontas chun seirbhísí iompair phoiblí a neartú, rud a chuirfeadh ar a gcumas a bheith níos ilmhódúla, níos inrochtana, níos iontaofa, níos solúbtha agus níos saincheaptha d’imthosca críochacha, go háirithe i gceantair oileánacha agus iargúlta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áiritheofaí leis na seirbhísí sin rochtain leormhaith do chónaitheoirí agus nascacht phobail, cuimsiú sóisialta agus inrochtaineacht na gceann scríbe turasóireachta á neartú ag an am céanna; á mholadh, i gcás nach leor na bearta atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáistí struchtúracha leanúnacha, gur cheart don Choimisiún uirlisí eile a mholadh chun na míbhuntáistí struchtúracha atá roimh shaoránaigh agus gnólachtaí i réigiúin fhorimeallacha, oileánacha, oileánda agus is forimeallaí a fhritháireamh, agus chun rochtain chothrom a áirithiú agus inmharthanacht agus comhtháthú fadtéarmach na réigiún sin a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag aithint na turasóireachta rothaíochta mar earnáil straitéiseach Eorpach, mar a léirítear sa Dearbhú Eorpach maidir le Rothaíocht, ina bhfuil seasamh ceannasach domhanda ag an Aontas; ag cur béim ar a thábhachtaí atá tionscnaimh amhail EuroVelo – líonra rotharbhealaí fadraoin na hEorpa – chun turasóireacht atá dírithe ar thurais a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh dreasachtaí agus infheistíochtaí ann chun na tionscnaimh sin a neartú, rud a mhéadóidh na tairbhí suntasacha eacnamaíocha a bhaineann leo ar fud na réigiún, lena n-áirítear ceantair thuaithe, fhorimeallacha agus trasteorann; á chur i bhfáth go gcothaíonn tionscnaimh den sórt sin roghanna soghluaisteachta inbhuanaithe, go neartaíonn siad pobail áitiúla agus FBManna, agus go dtreisíonn siad cuimsiú sóisialta agus geografach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus do leathnú rotharbhealaí turasóireachta fadraoin Eorpacha, d’uasghrádú an bhonneagair rothaíochta agus do shábháilteacht fheabhsaithe ar bhóithre do rothaithe, lena n-áirítear trí ionstraimí cistiúcháin tiomnaithe agus trí dhlúthchomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag naisc mhuirí i réigiúin oileánacha, chósta agus fhorimeallacha, inar seirbhísí bunriachtanacha iad do chónaitheoirí agus do thurasóirí araon; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá PSOnna, cabhlaigh nua-aimseartha agus amchlár cliste lena ndéantar riachtanais soghluaisteachta áitiúla a chothromú le sreafaí turasóireachta agus lena gcuidítear le brúnna séasúracha a laghdú; á iarraidh ar an Aontais leanúint de thacaíocht a thabhairt do roghanna iompair inbhuanaithe, amhail báid farantóireachta a úsáideann breoslaí agus ceallraí atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus báid farantóireachta leictreacha agus hibrideacha a bhfuil teicneolaíochtaí soláthair cumhachta cladaigh acu, arna gcomhlánú le bearta chun aerárthaí hibrideacha-leictreacha a chur chun cinn, agus tosaíocht á tabhairt d’oileáin agus do chríocha is forimeallaí agus forimeallacha, faoi réir inmharthanacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch chruthaithe agus le tacaíocht ó bhearta comhréireacha d’oibreoirí agus do chríocha a bhíonn ag brath go mór ar naisc aeir agus farraige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an staidéar lena ndéantar measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le haitheantas frithpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ann do cheadúnais bádóireachta d’oibreoirí bád áineasa trí bheart rialála a mholadh lena n-éascaítear soghluaisteacht thart ar 48 milliún bádóir Eorpach agus lena dtacaítear le forbairt inbhuanaithe na turasóireachta muirí agus an gheilleagair ghoirm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuireann turasóireacht uiscebhealaí intíre agus gníomhaíochtaí cois uisce, amhail rothaíocht, siúl, gastranamaíocht agus nithe is díol spéise ó thaobh an chultúir de, ar chumas cuairteoirí eolas a chur ar oidhreacht áitiúil agus ar thírdhreacha áitiúla ar bhealach atá measúil ó thaobh an chomhshaoil de; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí infheistíocht níos mó in aibhneacha agus i gcanálacha na hEorpa chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus athléimneacht an chórais uisce a neartú, agus aird á tabhairt ar a n-acmhainneacht shuntasach don turasóireacht inbhuanaithe, agus go ndéanfaí sreafaí turasóireachta a dháileadh ar bhealach níos cothroime ar fud na réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint go bhfuil an t-iarnród ina bhunchloch den turasóireacht inbhuanaithe agus ina rogha inmharthana ar mhodhanna iompair atá níos truaillithí; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i mbonneagar iarnróid an Aontais ina iomláine – go háirithe codanna trasteorann agus codanna atá ríthábhachtach don nascacht idirnáisiúnta – mar aon le tacaíocht neartaithe do líonraí tánaisteacha agus ribeacha, chun inrochtaineacht réigiún iargúlta agus forimeallach a áirithiú; á mheabhrú gur féidir iarnróid a fhorbairt ar oileáin mar mhodh iompair inbhuanaithe agus mar bhealach chun nascacht ilmhódach a áirithiú, lena dtacaítear le tionscadail trasteorann agus le tionscnaimh iarnróid i réigiúin oileánacha araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á athdhearbhú gur gá tosaíocht straitéiseach a dhéanamh den idirmhódúlacht, lena gcuirfear naisc dhíreacha chun cinn idir aerfoirt, stáisiúin iarnróid agus calafoirt, agus á aithint ag an am céanna go bhfuil nascacht iarnróid agus críochfoirt idirmhódúla chomh tábhachtach céanna chun earraí agus seirbhísí a sholáthar lena dtacaítear freisin le cinn scríbe turasóireachta; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfaí ticéadú iarnróid simplithe chun feabhas a chur ar sholúbthacht taistil agus ar tharraingteacht na hearnála iarnróid, mar aon le córas ticéadaithe comhtháite réidh a chur i bhfeidhm go tapa lena gcumhdaítear seirbhísí iarnróid, aeir agus muirí, faisnéis níos soiléire do phaisinéirí agus modhanna áirithinte trasteorann níos éasca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fhís do ghréasán iarnróid ardluais chun naisc éifeachtúla iarnróid a chur chun cinn idir príomhchathracha na hEorpa mar rogha mhalartach ar eitiltí gearraistir, agus an turasóireacht á leathnú chuig réigiúin fhorimeallacha lasmuigh de na cinn scríbe thraidisiúnta is mó éileamh ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, áfach, nach mór aghaidh a thabhairt fós ar bhacainní teicniúla éagsúla, mar shampla, iad sin a bhaineann leis an idirdhealú idir tomhsairí náisiúnta/réigiúnacha áirithe agus an leithead caighdeánach Eorpach; á mheas, thairis sin, gur príomhshócmhainn iad traenacha oíche chun an turasóireacht a éagsúlú, chun cinn scríbe turasóireachta nach ndéantar freastal ceart orthu a fhorbairt agus chun modhanna turasóireachta níos inbhuanaithe a chur chun cinn, amhail turasóireacht tuaithe, chultúrtha agus éiceathurasóireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar thábhacht na turasóireachta iarnróid stairiúla agus oidhreachta mar bhealach nuálach chun taisteal inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun eispéiris chultúrtha a shaibhriú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha á cosaint ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur féidir le hathchóiriú agus athrú cuspóra na línte iarnróid traidisiúnta agus an rothstoic atá as úsáid nó tearcúsáidte atá dírithe ar an turasóireacht rannchuidiú le hathghiniúint na gceann scríbe turasóireachta, le caomhnú na dtírdhreach nádúrtha agus na dtimpeallachtaí áitiúla, agus le cruthú deiseanna nua turasóireachta lena bhfeabhsaítear eispéiris cuairteoirí agus lena dtacaítear le cosaint agus forbairt inbhuanaithe na limistéar áitiúil agus réigiúnach ag an am céanna; á iarraidh go gcuirfí cistiú an Aontais ar fáil chun rothstoc agus bonneagar iompair a athchóiriú, a chlaochlú agus a uasghrádú – lena n-áirítear iarnróid, bóithre agus conairí rothaíochta – a fhreastalaíonn ar chinn scríbe turasóireachta, d’fhonn tacú le bealaí stairiúla, cultúrtha agus inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á aithint go mbíonn tionchar láidir ag an iompar agus ag an turasóireacht araon ar riachtanais fuinnimh chinn scríbe turasóireachta an Aontais; á iarraidh go n-áireofaí turasóireacht agus gach modh iompair – iarnród, bóthar, muirí agus aer – i mbeartais agus gníomhaíochtaí fuinnimh an Aontais amach anseo chun tacú le cinn scríbe ina n-aistriú inbhuanaithe agus chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha bhonneagair; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht do bhonneagar fuinnimh earnáil na turasóireachta a threisiú, agus á iarraidh ar na Ballstáit riachtanais fuinnimh na hearnála a ionchorprú ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plean infheistíochta um iompar inbhuanaithe atá ar na bacáin, agus á mheas go spreagfaidh sé infheistíocht i mbreoslaí inbhuanaithe don eitlíocht agus don iompar uisce, lena n-áirítear an cabhlach bád fóillíochta atá ann cheana, ar earnálacha iad ar deacair iad a mhaolú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go seachnófar leis an gconair i dtreo na glan-nialasachta, go háirithe an t-aistriú chuig breoslaí inbhuanaithe, costais fholaithe, maorlathas iomarcach nó formhuirir éagóracha aerlíne lena mboilscítear praghsanna ticéad do thurasóirí, do shaoránaigh agus do FBManna, agus costais oibriúcháin dhíréireacha nó ualaí bonneagair díréireacha a fhorchur ar na réigiúin is forimeallaí, ar na hoileáin agus ar na limistéir iargúlta; ag tabhairt rabhaidh faoi bhearta fioscacha nua a thabhairt isteach, amhail cáin bhreosla, a d’fhéadfadh nascacht, inacmhainneacht agus iomaíochas earnáil na turasóireachta a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhféadfadh cánacha turasóireachta comhshaoil (cánacha comhshaoil) torthaí nithiúla a bhaint amach do phobail áitiúla trí thionscadail a thacaíonn le cónaitheoirí agus leis an gcomhshaol a chistiú; á thabhairt dá aire go bhfuil cánacha comhshaoil den sórt sin, a bhfuil torthaí dearfacha orthu, tugtha isteach cheana féin ag roinnt cathracha agus réigiún, agus gur cheart anailís a dhéanamh orthu agus iad a úsáid, b’fhéidir, mar shamplaí den dea-chleachtas; á iarraidh ar an gCoimisiún na samplaí sin a áireamh ina straitéis turasóireachta inbhuanaithe atá ar na bacáin, lena gcuirfí treoir bhreise ar fáil do na Ballstáit agus do na réigiúin chun tacú le hinfheistíocht sa turasóireacht inbhuanaithe, rud a chuirfeadh le forbairt chríochach chothrom agus le rathúnas comhroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á aithint gur earnáil thábhachtach Eorpach é tionscal na long cúrsála atá mar bhonn agus mar thaca ag na tionscail longthógála agus deisiúcháin, ina bhfuil an tAontas fós ina cheannaire domhanda, agus na dúshláin inbhuanaitheachta a tugadh faoi deara i roinnt cinn scríbe á n-aithint ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh scéimeanna dreasachta agus infheistíochtaí ann chun infhaighteacht an tsoláthair inbhuanaithe cumhachta ar tír a leathnú agus chun tréimhsí fanachta i gcalafoirt thar oíche nó níos faide a chur chun cinn, go háirithe i mórchalafoirt chúrsála; ag spreagadh idirphlé leanúnach leis an earnáil chun a áirithiú go gcuirfidh cuairteanna ar chalafoirt agus tréimhsí fanachta níos faide le cruthú luacha áitiúil, le soghluaisteacht inbhuanaithe agus le plódú laghdaithe; á chur i bhfáth gur gá bainistiú inbhuanaithe gníomhaíochta cúrsála agus tráchta cúrsála a spreagadh chun a áirithiú go ndéanfar tairbhí eacnamaíocha a chothromú le sláine chomhshaoil na gceann scríbe agus le folláine shóisialta neartaithe na bpobal áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas, sa chomhthéacs sin, gur cheart go gcuirfí gach teacht isteach i gcalafort soithigh san áireamh le bainistiú feabhsaithe cinn scríbe; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le dáileadh cothrom agus comhréireach ar theacht isteach sceidealaithe trí chórais leithdháilte beart chun brú buaiclae ar chinn scríbe a laghdú agus chun tairbhí eacnamaíocha áitiúla a uasmhéadú agus tionchair chomhshaoil ar chinn scríbe á n-íoslaghdú ag an am céanna; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá modheolaíocht a fhorbairt chun acmhainn iompair na gceann scríbe a fhaigheann cuairteoirí ar longa cúrsála a ríomh; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag DMOanna, in éineacht le húdaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara, maidir le sreafaí cuairteoirí a bhainistiú agus a áirithiú go gcuireann turasóireacht chúrsála le forbairt áitiúil inbhuanaithe; á mholadh go dtiomsódh an Coimisiún samplaí de dhea-chleachtas chun feidhmiú mar shamhlacha d’earnálacha eile ar fud an Aontais, ag tógáil ar thionscnaimh amhail a thuarascáil 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Dea-chleachtais don turasóireacht cúrsála inbhuanaithe’</STRING> [Dea-chleachtais maidir le turasóireacht cúrsála inbhuanaithe], chun inbhuanaitheacht agus iomaíochas turasóireachta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur béim ar an ngá le cearta paisinéirí láidre infhorfheidhmithe ar fud na modhanna iompair uile, lena n-áirítear turais ilmhódacha chasta, chun buntáiste iomaíoch na hEorpa sa turasóireacht dhomhanda a choinneáil ar bun, agus tacú leis an nuálaíocht, leis an iomaíochas agus leis an infheistíocht in earnáil an iompair ag an am céanna; á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar ionchais taistealaithe maidir le hiontaofacht, trédhearcacht agus cosaint le linn suaití agus moilleanna, go háirithe nuair a bhaineann turais le modhanna nó oibreoirí iompair iomadúla; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur gá straitéis an Aontais a fhorbairt le haghaidh iompar éifeachtúil do thurasóirí lena laghdaítear amanna feithimh, lena ndéantar dúbláil ar nósanna imeachta agus ar bhacainní riaracháin, agus idir-inoibritheacht ticéad agus doiciméad taistil agus éifeachtúlacht rialuithe teorann á gcur chun cinn ag an am céanna; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá cearta láidre paisinéirí do thaistealaithe faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ar an gcéad dul síos chun cuimsitheacht agus cothromas sóisialta a neartú, ach freisin chun seasamh na hEorpa mar sholáthraí seirbhísí turasóireachta agus iompair inrochtana ar ardchaighdeán a threisiú, rud a chuirfidh tuilleadh feabhais ar iomaíochas thurasóireacht na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cinn scríbe na hEorpa a chumhachtú chun barr feabhais áitiúil a chur chun cinn</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhfuil baol ann go gcuirfidh turasóireacht neamhchothrom brú ar chinn scríbe, go ndéanfaidh sí dochar do phobail agus do chónaitheoirí áitiúla, agus go gcreimfidh sí tarraingteacht chomhshaoil agus chultúrtha na hEorpa; á chur i bhfios go láidir, i gcodarsnacht leis sin, go bhfuil luach agus acmhainneacht ollmhór ag an turasóireacht, nuair a bheartaítear go maith í, tairbhí cuimsitheacha a ghiniúint, comhtháthú sóisialta a neartú, an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus fostaíocht ardcháilíochta a chruthú; á athdhearbhú, mar chuid lárnach de straitéis thionsclaíoch an Aontais, go n-éilíonn an turasóireacht rialachas éifeachtach, lena n-áirítear ar leibhéal na gceann scríbe, agus gníomhaíocht chomhordaithe beartais chun an t-éileamh a dháileadh go straitéiseach idir cinn scríbe seanbhunaithe agus cinn scríbe atá ag teacht chun cinn; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh, amhail tríd an éileamh lasmuigh den séasúr a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit éagsúlú agus cur chun cinn ceann scríbe agus gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh minic sin a chothú, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tacú leis na hiarrachtaí sin le tionscnaimh phleanála agus múscailte feasachta sonraíbhunaithe chun stádas na hEorpa mar phríomhcheann scríbe domhanda a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de go n-éilíonn athléimneacht na hearnála maidir le dul i ngleic le dúshláin éagsúla straitéis shoiléir, spriocanna dea-shainithe agus ceapadh beartais agus reachtaíocht rannpháirtíochta, fhianaise-bhunaithe; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an t-aistriú ón gCoimisiún chun an chéad straitéis turasóireachta inbhuanaithe den Aontas a fhorbairt, agus á aithint go bhféadfadh sé creat cuimsitheach a chur ar fáil do na Ballstáit, do na réigiúin agus do pháirtithe leasmhara na hearnála chun samhail turasóireachta níos inbhuanaithe, níos nuálaí, níos cothroime agus níos cuimsithí a mhúnlú; á chreidiúint gur cheart ról na turasóireachta a athshainiú sa straitéis thar a tionchar eacnamaíoch láithreach, agus aitheantas á thabhairt dá rannchuidiú le rathúnas comhroinnte, le comhtháthú sóisialta agus le forbairt réigiúnach chothrom; á iarraidh, i gcomhthreo leis an straitéis sin, go mbeadh plean cur chun feidhme ann lena ndéanfar measúnú ar riachtanais agus leibhéil éagsúla nascachta gach réigiúin turasóireachta agus gach cinn scríbe, agus tús áite á thabhairt do bhonneagar turasóireachta i gcinn scríbe leochaileacha; á chur i bhfáth gur cheart tacú leis an bplean sin le clár cistiúcháin iomchuí, le hamchlár soiléir agus le próiseas láidir meastóireachta chun aistriú comhleanúnach agus cóir don Eoraip a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun go n-éireoidh léi i dtimpeallacht taistil dhomhanda atá ag éirí níos iomaíche, go bhfuil gá ag an Eoraip le comhordú agus infheistíocht níos láidre ar leibhéal an Aontais chun a hinfheictheacht idirnáisiúnta a ardú; á iarraidh go bhforbrófaí creat comhleanúnach ‘Ceann Scríbe na hEorpa’ laistigh de straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais lena gcomhlánaítear straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha, lena neartaítear tarraingteacht dhomhanda na hEorpa agus lena dtugtar tuiscint chomhsheasmhach ardcháilíochta ar an mór-roinn agus barr feabhais áitiúil á cheiliúradh ag an am céanna, lena dtacaítear le haistriú na hEorpa i dtreo a bheith ina ceann scríbe samhla domhanda faoi 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí ardstiúrthóireacht thiomnaithe don turasóireacht inbhuanaithe laistigh den Choimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cineál trasearnálach na hearnála a léiriú go leormhaith ar fud bheartais ábhartha uile an Aontais, agus reachtaíocht maidir le hiompar, an comhshaol, forbairt réigiúnach agus tuaithe, digitiú, iomaíochas, fostaíocht, oideachas agus rochtain ar thithíocht inacmhainne á hailíniú, agus leas á bhaint as saineolas ó na réimsí sin go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá samhlacha rialachais struchtúrtha il-leibhéil lena dtugtar páirt chórasach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do DMOanna agus do pháirtithe leasmhara príobháideacha, lena n-áirithítear straitéisí turasóireachta comhleanúnacha agus cuimsitheacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil buntáiste straitéiseach ag DMOanna maidir lena láithreacht áitiúil a ghiaráil chun a bhfor-rochtain a leathnú agus chun comhpháirtíochtaí a thógáil le líonra níos leithne FBManna turasóireachta; á thabhairt chun suntais nach bhfuil an acmhainneacht riaracháin agus anailíseach ag go leor cinn scríbe beaga agus tuaithe chun straitéisí turasóireachta inbhuanaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus go bhféadfadh siad tairbhe a bhaint as tacaíocht spriocdhírithe ón Aontas chun a gcumais bainistithe cinn scríbe a neartú; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit ról DMOanna a neartú trí thacaíocht airgeadais, acmhainneacht theicniúil, comhordú a ngníomhaíochtaí, agus uas-sciliú na n-oibrithe is gá chun bainistiú cinn scríbe a stiúradh go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios gur cheart samhlacha rialachais turasóireachta struchtúrtha il-leibhéil a neartú trí phleananna bainistithe cinn scríbe a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, arna gcomhordú ag DMOanna i gcomhar le húdaráis phoiblí réigiúnacha agus áitiúla, le páirtithe leasmhara turasóireachta agus le cónaitheoirí, lena n-áiritheofar cuir chuige chomhleanúnacha agus chuimsitheacha agus lena gcuirfear ar chumas DMOanna táirgí turasóireachta áitiúla éagsúlaithe a chomhordú agus a fhógairt; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart pleananna bainistithe cinn scríbe a bheith bunaithe ar tháscairí soiléire inbhuanaitheachta agus, i gcás inarb iomchuí, ar mheasúnuithe acmhainneachta a dhéanamh, lena n-áiritheofar pleanáil fhianaisebhunaithe agus iomaíochas fadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur féidir feabhas a chur ar chomhleanúnachas na pleanála iompair agus turasóireachta trí pheirspictíocht réigiúnach níos leithne a ghlacadh maidir leis an turasóireacht, ilroinnt beartais a laghdú, agus cothromas, comhtháthú agus comhar níos fearr a chur chun cinn ar fud réimsí ina bhfuil leibhéil éagsúla déine turasóireachta; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le straitéisí turasóireachta inbhuanaithe a mhúnlú, bealaí cultúrtha téamacha a fhorbairt, féiniúlacht áitiúil a chur chun cinn, oidhreacht chultúrtha agus dholáimhsithe a chosaint, agus tacú le tionscnaimh turasóireachta faoi stiúir an phobail; á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, a thábhachtaí atá sé an turasóireacht a chomhtháthú le hationsclú réigiúnach agus le straitéisí um speisialtóireacht chliste, lena n-áiritheofar go dtacóidh an turasóireacht le bonn táirgthe éagsúlaithe agus go gcomhlánóidh sí é, seachas é a ionadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt chun suntais leochaileacht ar leith na gceann scríbe atá dian ar thurasóireacht, ina bhfuil coimhthiú cónaitheach, bonneagar róshínte, tionchair chomhshaoil atá ag dul i méid agus bagairtí ar chultúr agus oidhreacht áitiúil ag éirí níos géire; á mholadh go gcuirfí borradh faoi infheictheacht na réigiún nach bhfuil mórán cuairteanna á tabhairt orthu agus go bhforbrófaí moil turasóireachta réigiúnacha atá bunaithe ar an oidhreacht, ar an ngastranamaíocht, ar an dúlra agus ar ghníomhaíochtaí cultúrtha áitiúla, chun feabhas a chur ar an mbarr feabhais áitiúil agus chun samhail fáis inbhuanaithe a chur chun cinn a théann níos faide ná an tairiscint sháithithe maidir le grian agus trá; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, tionscnaimh a mhaoiniú atá dírithe ar shráidbhailte stairiúla a athbheochan agus táirgí traidisiúnta áitiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear conairí glasa agus conairí dúlra eile a fhorbairt agus lipéad a chruthú lena n-aithnítear timpeallachtaí turasóireachta tuaithe agus dúlrabhunaithe den scoth, cosúil le córas na brataí goirme do thránna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann taisteal gearr-achair, íseal-astaíochtaí agus saor ó astaíochtaí feabhas ar an gcomhtháthú réigiúnach trí luach a choinneáil áitiúil agus trí thurasóireacht atá dírithe ar FBManna agus atá fréamhaithe sa phobal a threisiú i limistéir intíre agus talmhaíochta; á chur i bhfios go láidir rannchuidiú na turasóireachta gaireachta le brú a mhaolú ó chinn scríbe plódaithe agus le gníomhaíocht eacnamaíoch ar feadh na bliana, cobhsaíocht saothair agus athléimneacht dhéimeagrafach a chothú i réigiúin inar tearc an daonra; á chur i bhfáth gur gá ciorcaid ghearra turasóireachta a threisiú lena nasctar cuairteoirí le micreatháirgeoirí, amhail micreaghrúdlanna, táirgeoirí beaga fíona, ceardaithe agus comhlachais chultúrtha; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go gcruthófaí líonraí áitiúla téamacha agus go dtabharfaí aitheantas dóibh ar leibhéal an Aontais chun an oidhreacht áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus chun an turasóireacht chultúrtha agus athghiniúnach a neartú; ag tarraingt aird ar ról na n-uirlisí digiteacha idirghníomhacha agus na n-ardán digiteach téamach, na léarscáileanna idirghníomhacha téamacha agus fhéilirí na n-imeachtaí maidir le hinfheictheacht a éascú agus barr feabhais áitiúil a thaispeáint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról dearfach ag cistí comhtháthaithe agus forbartha don turasóireacht, don chultúr agus d’infheistíochtaí agraibhia; ag tabhairt dá haire gur cheart cúnamh a thabhairt do réigiúin a úsáideann na cistí sin chun modheolaíochtaí turasóireachta a ghlacadh lena gcomhtháthaítear pleanáil agus cur chun feidhme; á iarraidh go dtabharfadh an Aontais tacaíocht níos láidre don agrathurasóireacht agus do thionscnaimh ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus ‘ón ngort go dtí an forc’ lena gcruthaítear fíorshlabhraí luacha agus eispéiris bharántúla turasóireachta; á chur i bhfios go láidir go neartaíonn na samhlacha sin geilleagair thuaithe, go dtacaíonn siad le táirgeoirí áitiúla, go ndéanann siad tairiscintí turasóireachta a éagsúlú agus go rannchuidíonn siad le turasóireacht inbhuanaithe ardcháilíochta ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag aithint acmhainneacht an spóirt, na turasóireachta gníomhaí agus amuigh faoin aer rannchuidiú leis an bhforbairt réigiúnach, stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn agus séasúracht a mhaolú, agus á iarraidh go ndéanfaí bonneagar spóirt a chomhtháthú ar bhealach níos córasaí i gcreataí turasóireachta; á thabhairt chun suntais, ag an am céanna, na deiseanna a chuireann an tsláinte, an spá agus an turasóireacht leighis ar fáil, go háirithe i sochaithe atá ag dul in aois, agus á iarraidh go bhforbrófaí caighdeáin cháilíochta agus comhar trasteorann san earnáil mhéadaitheach sin; ag cur béim ar an bhfíoras, sa chomhthéacs sin, gur gá feasacht a mhúscailt maidir le cuimsiú agus inrochtaineacht sa turasóireacht, raon agus infheictheacht seirbhísí inrochtana a fheabhsú, agus tairiscintí turasóireachta a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon, go háirithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á athdhearbhú gur colún lárnach d’éiceachóras turasóireachta agus de chreatlach chultúrtha na hEorpa í earnáil an fháilteachais, atá fréamhaithe i ndlúthnaisc le FBManna áitiúla, le hinstitiúidí cultúrtha agus le margaí saothair réigiúnacha, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag bialanna, caiféanna agus beáir na hEorpa – micrifhiontair agus gnólachtaí teaghlaigh den chuid is mó – maidir le fostaíocht a ghiniúint ar gach leibhéal scileanna agus féiniúlacht áitiúil agus oidhreacht chultúrtha a chaomhnú; á iarraidh go mbeadh beartais ann a thacaíonn le gnólachtaí fáilteachais chun aoi-eispéiris ardcháilíochta a thairiscint, beocht chultúrtha a neartú, cáilíocht na bpost san earnáil a fheabhsú, agus luach inbhuanaithe fadtéarmach a chruthú do chinn scríbe Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Rialachán maidir le cóiríocht ar chíos gearrthéarmach<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1028, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1028/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, is infheidhme ar fud na mBallstát uile ón 20 Bealtaine 2026, mar chéim dhearfach i dtreo bainistiú cinn scríbe níos éifeachtaí; á chur in iúl gur cúis imní di, áfach, fás neamhrialáilte na gcíosanna gearrthéarmacha agus a dtionchar ar thithíocht, go háirithe inacmhainneacht do chónaitheoirí áitiúla agus d’oibrithe bunriachtanacha, ar chomhtháthú sóisialta, lena n-áirítear easáitiú cónaitheoirí agus pobal óna n-áit sheanbhunaithe sa saol áitiúil agus sa rialachas áitiúil, agus ar sheirbhísí uirbeacha agus bunriachtanacha, rud a chuireann isteach go díreach ar shaol na ndaoine áitiúla; á mheabhrú gur luadh sa rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCásanna Uamtha C-724/18 agus C-727/18<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2020, <STRING ITALIC="on">Cali Apartments SCI agus HX</STRING> v <STRING ITALIC="on">Procureur général près la cour d'appel de Paris and Ville de Paris, </STRING>Cásanna Uamtha C-724/18 agus C-727/18, ECLI:EU:C:2020:743.</FIELD></FOOTNOTE> go bhféadfadh leas dlisteanach an phobail údar a thabhairt le cíosanna gearrthéarmacha a rialáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, ar choinníoll go bhfuil na bearta a ghlactar riachtanach, leormhaith agus comhréireach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh go pras chun creat comhleanúnach, sonraíbhunaithe agus inbhuanaithe den Aontas a bhunú le haghaidh cíosanna gearrthéarmacha, lena saineofar caighdeáin maidir le soláthar seirbhísí agus catagóirí soiléire óstacha, agus lena gcuirfear ar chumas na mBallstát, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, bearta comhréireacha agus fianaisebhunaithe a chur i bhfeidhm, amhail uasteorainneacha oíche, scéimeanna údarúcháin, fritháireamh agus criosú, á mheabhrú go bhfanann an beartas tithíochta go príomha faoi inniúlacht na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart breathnú ar an turasóireacht mar dheis straitéiseach atá bunaithe ar chómhaireachtáil inbhuanaithe cuairteoirí agus cónaitheoirí; á chreidiúint gur féidir le cíosanna gearrthéarmacha, bunaithe ar bhunfhréamh an naisc phearsanta idir an t-óstach agus an t-aoi, borradh a chur faoin rannpháirtíocht áitiúil sa turasóireacht agus eispéiris níos barántúla a chumasú; ag tabhairt dá haire gur féidir ioncam breise a chur ar fáil do theaghlaigh trí thithe a úsáid don turasóireacht agus go bhféadfadh sé cabhrú le hathchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh a mhaoiniú; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil forbairt ag teacht ar an méid a thosaigh mar shamhail geilleagair chomhoibríoch ina thionscal tráchtálaithe, a bhfuil ceannas ag óstaigh thráchtála air anois den chuid is mó agus a bhainistíonn iliomad réadmhaoine, agus gur minic a oibríonn siad gan oibleagáidí atá coibhéiseach le hoibleagáidí na soláthraithe cóiríochta traidisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí idirdhealú soiléir idir cíosanna gearrthéarmacha tráchtála agus neamhthráchtála; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh aon bhearta rialála de bheith comhréireach, curtha in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla agus aird á tabhairt ar gheilleagair agus ar phobail turasóireachta áitiúla, agus ag an am céanna an tsolúbthacht a thabhairt do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na húdaráis áitiúla bearta a dhearadh agus a chur chun feidhme a oireann dá gcúinsí áitiúla sonracha agus dá margaí tithíochta sonracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le sásraí forfheidhmiúcháin láidre chun a áirithiú nach liostófar ach gníomhaíocht cíosa ghearrthéarma chomhlíontaigh ar ardáin dhigiteacha, i bhfianaise ról lárnach na n-ardán sa mhargadh cíosa ghearrthéarma, agus gur cheart cíosanna gearrthéarmacha neamhdhleathacha arna sainaithint ag na húdaráis a bhaint go pras; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil oibleagáidí soiléire díchill chuí d’ardáin bunriachtanach, lena n-áirítear uimhreacha clárúcháin a fhíorú, le tacaíocht ó shásraí rialaithe neartaithe chun clárúcháin chalaoiseacha nó neamhbhailí a chosc, agus trí shásraí éifeachtacha fógra agus gníomhaíochta agus baint anuas chun a áirithiú go mbainfear liostaí cíosa ghearrthéarma neamhbhailí go tapa; á chur i bhfáth gur cheart do chreat reachtach nua sásraí láidre a chur ar fáil freisin chun tacú le forfheidhmiú agus comhlíonadh rialacha náisiúnta nó áitiúla atá dírithe ar sholáthar cíosa ghearrthéarmaigh a bhainistiú, lena n-áirítear uasteorainneacha oíche a chur chun feidhme go héifeachtach nó bearta eile amhail ceanglais maolaithe torainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go gcuireann cinn scríbe turasóireachta a bhfuil teorainneacha struchtúracha agus geografacha áirithe acu, amhail oileáin, na réigiúin is forimeallaí agus limistéir chósta áirithe, brúnna margaidh a bhaineann le turasóireacht, mar aon le tithíocht inacmhainne agus phoiblí neamhleor, leis an ngéarchéim tithíochta; á iarraidh go ndéanfaí bearta beartais comhtháthaithe atá saincheaptha do na coinníollacha sonracha sin, i gcomhréir le hAirteagail 174 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag aithint na dteorainneacha atá ann faoi láthair maidir le hÉicilipéad an Aontais; á aithint go bhfuil gá le cur chuige aontaithe maidir le lipéadú inbhuanaitheachta in earnáil turasóireachta na hEorpa, lena gcumasófar creat aonair trédhearcach a chruthú lena spreagfar forbairt inbhuanaithe, piarfhoghlaim agus fothú acmhainneachta, lena gcothófar muinín na dtomhaltóirí, agus lena bhfeabhsófar iomaíochas, éifeachtúlacht agus infheictheacht dhomhanda ghnólachtaí agus chinn scríbe turasóireachta na hEorpa, lena suitear an Eoraip mar thagarmharc don turasóireacht inbhuanaithe ar fud an domhain; á chur i bhfáth nach gciallaíonn comhchuibhiú agus deimhniú aonair a úsáid, ach modheolaíocht choiteann a úsáid chun caighdeáin nó critéir shoiléire a athbhreithniú agus a bhunú; á chur i dtreis a thábhachtaí atá deimhniú tríú páirtí creidiúnaithe neamhspleách chun a áirithiú go dtabharfar bunús le maímh inbhuanaitheachta, i gcomhréir le creat rialála an Aontais, lena n-áirítear an Treoir maidir le cumhachtú tomhaltóirí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr in aghaidh cleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr, (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go láidir go leathnófaí an cumhdach chuig codanna breise de shlabhra luacha na turasóireachta, lena n-áirítear cuideachtaí cúrsála, tionscnóirí turas, seirbhísí maidir le cruinnithe, dreasachtaí, comhdhálacha agus taispeántais, nithe is díol spéise, seirbhísí bia agus dí, cinn scríbe agus turasóireacht atá fabhrach don phobal ina bhfuil cónaitheoirí áitiúla rannpháirteach, chun tacú le haistriú inbhuanaithe atá bunaithe ar mheasúnuithe tionchair críochnúla agus ar chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara; á chur i bhfáth, ag an am céanna, gur cheart go leanfadh lipéad inbhuanaitheachta uile-Aontais de bheith deonach, comhréireach, costéifeachtach, simplí le cur i bhfeidhm ar FBManna agus le tacaíocht ó oiliúint agus ó dhreasachtaí airgeadais chun ualaí riaracháin míchuí ar ghnólachtaí beaga turasóireachta a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le haistriú na turasóireachta i dtreo samhail geilleagair chiorclaigh trí ghníomhaíochtaí a chur chun cinn lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht uisce, fuinnimh agus bainistithe dramhaíola, lena gcuirtear srian le ró-thomhaltas, lena gcoisctear díghrádú gnáthóg, lena gcosnaítear an bhithéagsúlacht agus lena n-íoslaghdaítear lorg comhshaoil gníomhaíochtaí turasóireachta ar chinn scríbe, faoi threoir cinnteoireacht shonraíbhunaithe; á iarraidh, ag an am céanna, ar an gCoimisiún dlús a chur leis an tacaíocht don nuálaíocht chun cur amú bia a laghdú agus é a léiriú sna cláir ábhartha; ag tathant, thairis sin, go ndéanfaí slabhraí soláthair gairide san fháilteachas a chur chun cinn trí rochtain ar an margadh a éascú do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear feirmeacha beaga agus ceardaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á aithint go bhfuil céimeanna suntasacha á ndéanamh ag earnáil na turasóireachta chun a lorg comhshaoil a laghdú, lena n-áirítear deireadh a chur de réir a chéile le buidéil uisce aon úsáide, feabhas a chur ar shoilsiú atá tíosach ar fhuinneamh agus ar chórais coigilte uisce, saolré an troscáin a leathnú trí dheisiú agus athúsáid, agus cur amú bia a laghdú, le creat reachtach láidir dá bhforáiltear le rialacháin an Aontais le déanaí, amhail an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide agus an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, atá fós á gcur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh chun na bearnaí sa Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide i ndáil le turasóireacht agus fáilteachas a shainaithint agus a mheasúnú, agus bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, lena n-áirítear trí thacaíocht cur chun feidhme agus dreasachtaí a chur ar fáil don tionscal chun dlús a chur, i gcás inar féidir, le deireadh a chur de réir a chéile le plaistigh aon úsáide in earnáil turasóireachta agus fáilteachais an Aontais, bunaithe ar thréimhse ama réalaíoch aistrithe agus le tacaíocht ó mheasúnú tionchair, ó shonraí eolaíocha agus ó chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, agus a áirithiú ag an am céanna nach bhforchuirfear aon chostais dhíréireacha ar oibreoirí beaga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aistriú ó bhainistiú frithghníomhach go bainistiú réamhghníomhach forbartha turasóireachta, le tacaíocht ó chomhroinnt fheabhsaithe sonraí, agus sonraí a bhailiú, a anailísiú agus a úsáid le haghaidh bainistiú cinn scríbe agus tuairisciú inbhuanaitheachta, agus á chur i bhfios go láidir go gcabhródh an t-aistriú sin le turasóireacht inbhuanaithe ardcháilíochta a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras go gcumasaíonn malartú comhordaithe sonraí ar gach leibhéal faireachán fíor-ama agus réamhaisnéis chliste, lena gcumhachtaítear cinn scríbe chun sreafaí cuairteoirí chuig díol spéise cultúrtha agus nádúrtha a bhainistiú, plódú a chosc, acmhainní a bhainistiú, tacú le hiarrachtaí séasúracht a laghdú agus oiriúnú go solúbtha d’athruithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil baol ann go gcúiteoidh éabhlóid thapa na hIntleachta Saorga giniúnaí gníomhaithe móra agus sofaisticiúla ó thaobh na teicneolaíochta de i margadh na turasóireachta, rud a chuirfidh leis na neamhionannais atá ann cheana agus a fhágfaidh go leor cinn scríbe agus FBManna ar lár mura mbeidh an tacaíocht agus an fothú acmhainneachta bord ar bhord; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, cistiú agus treoir spriocdhírithe a chur ar fáil maidir le hionstraimí airgeadais do FBManna chun sonraí, digitiú agus glacadh na hIntleachta Saorga in earnáil na turasóireachta a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige córasach ann i leith na turasóireachta, lena gcuirfí samhlacha rialachais comhtháite in ionad loighic ilroinnte mhargadhbhunaithe nó tháirgebhunaithe; ag tacú le méadracht chuimsitheach a chruthú lena gcumhdófar, i measc nithe eile, cruthú post ardcháilíochta, dálaí fostaíochta, folláine an phobail áitiúil, éifeachtúlacht acmhainní, díghrádú comhshaoil agus astaíochtaí carbóin, bunaithe ar mhodheolaíochtaí ríofa atá inghlactha ar fud an domhain, chun ceapadh beartais trédhearcach a chur chun cinn, infheistíochtaí freagracha a threorú agus inchomparáideacht sonraí ar fud na gceann scríbe a chumasú; á chur in iúl gur geal léi forbairt táscairí turasóireachta inbhuanaithe a aithnítear ar fud an domhain, agus í á thabhairt dá haire go bhfuil an mhodheolaíocht á píolótú ag Lárionad Inniúlachta an Aontais chun tacú le bainistiú sonraí i gcinn scríbe chliste, le hionchur ó 40 DMOanna agus an Córas Eorpach de Tháscairí Turasóireachta (ETIS); á áitiú gur cheart go mbeadh cur chuige ar leibhéal an Aontais i leith táscairí turasóireachta inbhuanaithe go hiomlán comhoiriúnach leis na creataí atá ann cheana, amhail an creat staidrimh chun inbhuanaitheacht na turasóireachta nó creat modheolaíochta an chuntais satailíte turasóireachta a thomhas, caighdeánú agus tagarmharcáil éifeachtach a chumasú agus próisis tuairiscithe shimplithe a áirithiú lena laghdaítear éilimh riaracháin ar ghnólachtaí turasóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rialachas sonraí-lárnach, il-leibhéil bunriachtanach chun inbhuanaitheacht a bhaint amach agus chun géarchéimeanna dothuartha a láimhseáil go héifeachtach, amhail paindéimí agus géarchéimeanna eile a bhaineann leis an tsláinte, suaití geopholaitiúla, teagmhais fhoircneacha aeráide agus nádúrtha, suaitheadh de dhéantús an duine nó de dhéantús na teicneolaíochta agus géarchor eacnamaíoch, chomh maith le géarchéimeanna struchtúracha atá ag dul i méid, amhail meath déimeagrafach, dídhaonrú agus ganntanais tithíochta; á chur i bhfáth gur gá lasta agus lóistíocht a chur san áireamh in uirlisí ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna, i bhfianaise a ríthábhachtaí atá siad chun leanúnachas seirbhísí turasóireachta agus slabhraí soláthair a chosaint; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil drogall ar pháirtithe leasmhara sonraí a chomhroinnt – arna spreagadh ag forchoimeádais maidir le teicneolaíocht, ceannasacht sonraí, muinín, rioscaí dlíthiúla agus costais – ag cur moill ar leathadh amach Spás Coiteann Sonraí Turasóireachta Eorpach; ag tarraingt aird ar Dheais Turasóireachta an Aontais agus ar D3HUB mar shamplaí láidre den chaoi ar féidir le léargais chomhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais gníomhaíocht áitiúil a threorú agus slabhraí soláthair turasóireachta a chothú in aimsir éiginnteachta; á athdhearbhú go n-áirithítear leis na sásraí sin go mbeidh rochtain shimplithe ag DMOanna agus ag FBManna ar shonraí idir-inoibritheacha chun tacú le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe, agus ar an gcaoi sin athléimneacht a neartú agus a chosaint ar fud a slabhraí luacha; á thabhairt chun suntais, thairis sin, rannchuidiú D3HUB chun cabhrú le cinn scríbe turasóireachta úsáid straitéiseach a bhaint as sonraí, á chur i bhfáth go bhfuil an tionscnamh seo ríthábhachtach chun rialachas sonraíbhunaithe a neartú agus chun an earnáil a ullmhú don aistriú digiteach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a leanúnachas a áirithiú tar éis 2026 i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardán láraithe a fhorbairt bunaithe ar shonraí infhíoraithe chun mórimeachtaí ar fud an Aontais a mhapáil a d’fhéadfadh suaitheadh áitiúil a spreagadh, go háirithe i réigiúin leochaileacha, agus sásra tiomnaithe Eorpach um bainistiú géarchéime a bhunú don turasóireacht chun ullmhacht, cosc ar ghéarchéimeanna agus athléimneacht a neartú i bhfianaise géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, an sásra a chomhtháthú le harduirlisí ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna agus le bearta mearfhreagartha, lena n-áirítear córais luathrabhaidh, pleanáil theagmhasach, bonneagar agus conairí straitéiseacha iompair, agus tacaíocht spriocdhírithe trí nósanna imeachta solúbtha, chun athléimneacht agus sábháilteacht turasóireachta a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil an teicneolaíocht agus an fheasacht chomhshaoil ina spreagadh d’aistriú ó fhámaireacht éighníomhach go heispéiris a bhfuil cuspóir leo, atá pearsantaithe agus freagrach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh córais mholtóra a ghineann cúrsa taistil turasóireacht mhall faoi stiúir an phobail a chothú amhail rothaíocht agus fánaíocht a théann chun tairbhe do FBManna áitiúla, do phobail áitiúla, do tháirgeoirí áitiúla, lena n-áirítear iad sin a aithnítear le tásca geografacha, chomh maith le cultúir agus táirgí; á áitiú, áfach, chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, nach mór don earnáil grúpaí áitiúla agus saoránaigh a chomhtháthú i slabhra luacha na turasóireachta in éineacht le corparáidí móra, mar shampla trí thacaíocht shaineolach maidir le húsáid uirlisí digiteacha, comhairlí il-pháirtithe leasmhara a bhunú a bhfuil róil chomhairleacha agus threoracha acu maidir le ceadúnais, acmhainneacht iompair, teorainneacha agus pleanáil, agus éagsúlú a tairiscintí chun spleáchais mhargaidh agus shéasúracha a laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit tionscnaimh oideachais scoilbhunaithe agus feachtais múscailte feasachta níos leithne a chur chun cinn chun feasacht ar chleachtais turasóireachta inbhuanaithe a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Todhchaí na turasóireachta a mhúnlú le scileanna agus rannpháirtíocht chultúrtha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é lucht saothair oilte agus luachmhar ar ardchaighdeán bunchloch gheilleagar turasóireachta na hEorpa; ag tabhairt dá haire go leanann dúshláin struchtúracha, amhail pá íseal in earnálacha áirithe turasóireachta, fostaíocht neamhfhoirmiúil, obair pháirtaimseartha agus neamhdhearbhaithe, séasúracht, oiliúint theoranta agus, uaireanta, drochdhálaí oibre, de ghanntanais saothair agus scileanna sa turasóireacht a bhuanú, rud atá níos measa fós mar gheall ar neamhionannas inscne leanúnach, ós rud é go ndéanann mná tromlach an lucht saothair turasóireachta a chomhdhéanamh agus go bhfuil siad i rinn gairmeacha ar phá íseal, diansaothair agus sealadacha; á aithint go ndearnadh dul chun cinn i roinnt Ballstát maidir le dálaí oibre, socruithe ama oibre agus luach saothair a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhaontuithe comhchoiteanna nuashonraithe tar éis phaindéim COVID-19; á iarraidh, mar sin féin, go ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn i dtreo margadh saothair turasóireachta bunaithe ar phoist ardcháilíochta, pá cothrom, cosaint shóisialta iontaofa agus fostaíocht ar feadh na bliana, lena n-áirítear le linn an tséasúir lasmuigh; ag tarraingt aird, ag an am céanna, ar luach na hoiliúna íoctha le linn uaireanta oibre agus ar a thábhachtaí atá sé deiseanna den sórt sin a leathnú chuig oibrithe séasúracha le linn an tséasúir lasmuigh den séasúr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú ag teacht i gcónaí ar an éileamh ar lucht saothair inoiriúnaithe agus athléimneach ó thaobh géarchéimeanna de a mbeidh scileanna digiteacha agus glasa acu chun réitigh nuálacha a chur chun feidhme lena ndéanfar an fás eacnamaíoch a chothromú le maoirseacht chomhshaoil; á chur i bhfáth go gcuireann an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas deiseanna ar fáil chun fostaíocht níos fearr, níos sábháilte agus níos athléimní a chruthú ar fud slabhraí luacha turasóireachta, agus ag tathant go mbainfí leas iomlán as na deiseanna sin, lena n-áirítear trí chomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le cláir oiliúna speisialaithe a dhearadh do ghairmithe turasóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh go mbeadh clár oibre comhordaithe uile-Aontais ann chun lucht saothair na turasóireachta a uas-sciliú agus a athsciliú, i gcomhréir leis an gcomhshocrú maidir le scileanna, chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair, dálaí oibre a fheabhsú, bacainní soghluaisteachta a shárú, freagairt d’éilimh scileanna atá ag teacht chun cinn agus tarraingteacht agus iomaíochas fadtéarmach na hearnála a neartú, luach marthanach a áirithiú do chinn scríbe Eorpacha agus modh maireachtála na hEorpa a chur chun cinn; á mholadh go dtabharfaí isteach cárta scileanna turasóireachta, arna cheapadh i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus arna aithint ar fud na mBallstát agus in earnálacha thionscal na turasóireachta, chun oiliúint chreidiúnaithe, scileanna, cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil a dhoiciméadú; á mholadh go ndéanfaí oiliúint a chur ar fáil agus a chómhaoiniú trí chláir an Aontais, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Erasmus+ agus Clár an mhargaidh aonair agus an clár don Eoraip Dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú a bheith fite fuaite le luach a chur ar gach ról – ó naisc dhaonna, atá fíor-riachtanach chun seirbhísí ardcháilíochta a bhfuil cáil chultúrtha orthu a sholáthar, go róil atá dian go fisiciúil lena gcothaítear go leor seirbhísí turasóireachta – lena n-áirithítear nach gcaillfear aon cheann de na gnéithe sin de réir mar a aistríonn an earnáil i dtreo samhlacha atá níos dírithe ar an digitiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil tearcluacháil fós á déanamh ar scileanna boga agus ar obair fhisiciúil araon i dtéarmaí eacnamaíocha agus beartais, agus gur minic nach mbíonn aitheantas foirmiúil, oiliúint nó luach saothair acu atá inchomparáide le haitheantas foirmiúil, oiliúint nó luach saothair na ról teicniúil nó bainistíochta; á iarraidh go ndéanfaí na scileanna agus na róil sin a aithint, a luacháil agus a chúiteamh go cuí, ós rud é go bhfuil sé sin bunriachtanach chun cáilíocht poist a ardú, comhionannas inscne a chur chun cinn agus a áirithiú go ndéanfar gné dhaonna na turasóireachta a aithint agus a chothú go hiomlán laistigh de shamhail turasóireachta na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag spreagadh comhar níos láidre idir gnólachtaí turasóireachta, soláthraithe oideachais agus údaráis phoiblí chun cláir oiliúna agus printíseachtaí ardcháilíochta a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar éilimh scileanna amach anseo; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscnaimh spriocdhírithe – amhail curaclaim atá ailínithe leis an tionscal, conairí gairme soiléire agus cláir mheantóireachta – lena gcuirtear borradh faoi tharraingteacht gairmeacha fáilteachais do dhaoine óga agus lena gcuidítear le lucht saothair níos láidre agus níos oilte a thógáil san earnáil; á áitiú nach mór torthaí fostaíochta ardcháilíochta a bheith mar thoradh ar na tionscnaimh sin, lena n-áirítear conarthaí fadtéarmacha, fíordheiseanna le haghaidh dul chun cinn gairme agus méaduithe pá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an cultúr, atá fite go domhain inár modh maireachtála, fíor-riachtanach do tharraingteacht turasóireachta na hEorpa agus dár bhféiniúlachtaí náisiúnta agus Eorpacha; á mheabhrú go gcuimsítear leis an gcreatlach chultúrtha sin, i measc go leor gnéithe eile, traidisiúin inbhuanaithe, oidhreacht seandálaíochta agus teangacha áitiúla, a léiríonn a gcaomhnú fíor-urraim d’fhéiniúlachtaí réigiúnacha agus náisiúnta agus leanúnachas na bpobal áitiúil; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag Ballstáit áirithe chun saothair agus déantáin chultúrtha a chur ar ais chuig a n-áiteanna tionscnaimh; á thabhairt chun suntais an creat straitéiseach nua maidir le Compás Cultúir don Eoraip mar phríomhionstraim chun gné chultúrtha bheartais an Aontais a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise thairiscint turasóireachta an Aontais atá éagsúil agus srathach go saibhir, dreasachtaí an Aontais, amhail DiscoverEU, Príomhchathracha Cultúir na hEorpa agus an Lipéad Oidhreachta Eorpach, a chur ar thús cadhnaíochta maidir le Ceann Scríbe na hEorpa a chur chun cinn laistigh den straitéis nua turasóireachta inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag moladh an róil ríthábhachtaigh atá ag oibrithe cultúrtha gairmiúla, eagraíochtaí áitiúla agus oibrithe deonacha mar choimeádaithe oidhreacht chultúrtha na hEorpa, a bhfuil a gcuid oibre éagsúil ó chothabháil agus caomhnú láithreán go rannpháirtíocht an phobail trí fhor-rochtain phobail agus turais threoraithe; á thabhairt chun suntais a ról maidir le éagsúlacht agus tarraingteacht na hEorpa mar cheann scríbe turasóireachta domhanda a neartú; ag tabhairt dá haire gur minic nach léiríonn dálaí oibre forbhásacha agus luach saothair neamhleor luach a rannchuidithe maidir le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a tharchur, staid a d’fhéadfadh a bheith níos measa fós mar gheall ar bhrú iomaíoch méadaitheach ó sheirbhísí ardánbhunaithe lena ndéantar sladghearradh ar phraghsanna turas cultúrtha agus lena dtreoraítear seirbhísí trí chleachtais iompaithe agus táillí nasctha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag aithint thiomantas suntasach na saorálaithe, a chaitheann a gcuid ama pearsanta de ghnáth, go háirithe saoire bhliantúil, chun tacú leis an gcaomhnú cultúrtha san Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoirlínte a mholadh chun daoine aonair a dhreasú agus a chumasú chun páirt a ghlacadh in obair dheonach chultúrtha, lena n-áirítear trí bhearta tacaíochta lena n-éascaítear rannpháirtíocht agus lena gcuirtear aitheantas saorálaithe cultúrtha chun cinn ar fud an Aontais; á chur i bhfáth go dtreisítear spriocanna Bhliain Eorpach na Scileanna trí shaorálaíocht chultúrtha a chur chun cinn agus go bhfeabhsaítear cláir an Aontais atá ann faoi láthair, amhail Erasmus+, trí fhoghlaim idirghlúine, malartú scileanna agus rannpháirtíocht chultúrtha níos doimhne a spreagadh; á chur i bhfáth gurb é an gairmiúlú an cuspóir fadtéarmach, agus á iarraidh go mbeadh scéim paiseanta i leith na gairme ann lena gcumasófaí oiliúint, deimhniú agus luach saothair cothrom, arna gcómhaoiniú trí Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, chun cabhrú leo sin a chaomhnaíonn ár bhféiniúlacht gairmeacha inmharthana dá rogha féin a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh an scéim de bheith deonach, agus nach mbeadh saoire chultúrtha ceangailte riamh le gealltanais ghairmiúla; ag spreagadh na mBallstát obair dheonach a chothú ar bhealaí a shaibhríonn an saol cultúrtha agus a chomhlánaíonn fostaíocht chultúrtha ghairmiúil, seachas teacht ina hionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear cistiú an Aontais ar fáil don oidhreacht dholáimhsithe faoin gcéad CAI eile chun tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do thionscnaimh lena gcosnaítear agus lena dtaispeántar traidisiúin chultúrtha – ó chleachtais mhuirí agus loingseoireachta amhail seoltóireacht go teangacha áitiúla agus ceardaíocht, lena n-áirítear tásca geografacha – lena n-áirithítear a dtarchur idirghlúine agus lena neartaítear rannpháirtíocht an phobail sa turasóireacht inbhuanaithe fhreagrach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aitheantas cothrom a áirithiú dóibh sin a infheistíonn san oidhreacht agus i scileanna, agus á thabhairt chun suntais gur gá tionscnaimh turasóireachta dhúchasacha agus faoi stiúir an phobail a áireamh lena gcosnaítear eolas sinsearach, lena gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht agus lena gcothaítear eispéiris bharántúla, atá measúil ó thaobh cultúir de, agus lena gcothaítear slite beatha áitiúla; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh cistiú ón Aontas ann chun tacú le comhlachais táirgeoirí atá ag obair chun tásc geografach a chlárú faoi Rialachán (AE) 2023/2411<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L, 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus é sin á aithint mar phríomhionstraim chun an oidhreacht ceardaíochta réigiúnach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do thionscadail chistithe aistriú eolais a chur chun cinn ar fud réimsí agus earnálacha agus leas a bhaint as acmhainneacht straitéiseach na turasóireachta chun oidhreacht dholáimhsithe a choimirciú agus chun a tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha do phobail áitiúla a fheabhsú, le dáileadh críochach níos córa agus leithdháileadh luacha níos cothroime ar fud shlabhra luacha na turasóireachta; á chur i bhfios, thairis sin, gur cheart don chistiú tosaíocht a thabhairt do thionscadail a chuireann comhtháthú críochach chun cinn, go háirithe i réigiúin ina bhfuil an oidhreacht dholáimhsithe is mó i mbaol agus inar féidir leis an turasóireacht chultúrtha forbairt áitiúil a chothú agus tacú le coinneáil daonra; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha maidir le cumas earnáil na turasóireachta a neartú chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint, a chur chun cinn agus a fheabhsú, agus á iarraidh go mbeadh comhar níos doimhne ann idir na húdaráis, an tionscal agus gníomhaithe pobail chun torthaí inbhuanaithe a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú bliantúil don Pharlaimint maidir leis an dul chun cinn i dtreo na turasóireachta inbhuanaithe, ag tarraingt ar rolladh amach oibríochtúil Dheais Turasóireachta an Aontais agus ar tháscairí intomhaiste lena gcumhdaítear an comhshaol, nascacht, ullmhacht bonneagair, cáilíocht na fostaíochta agus folláine an phobail áitiúil, chun bonn eolais a chur faoi chinntí cistiúcháin agus faoi athchóirithe a dhéanfar amach anseo;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>