<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0126</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - Parlaimint na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0081/2026 -  Rapóirtéir: Gerben-Jan Gerbrandy)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn I – Parlaimint na hEorpa (2025/2146(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla comhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0146/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2024, Roinn I – Parlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/2817, 6.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2817/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Iniúchóra Inmheánaigh don bhliain airgeadais 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 maidir leis na Rialacha Inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe Airteagal 34 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus Riail 106(3) dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0081/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh dá hUachtarán i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn I – Parlaimint na hEorpa (2025/2146(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn I – Parlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus Riail 106(3) dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0081/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, agus na cuntais chríochnaitheacha á ndeimhniú, gur luaigh oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa (‘an Pharlaimint’) go bhfuil dearbhú réasúnach aige go dtugann na cuntais, i ngach gné ábhartha, léargas cothrom ar an staid airgeadais, ar thorthaí na n-oibríochtaí agus ar shreabhadh airgid na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta, gur seoladh 55 cheist chuig riarachán na Parlaiminte agus go bhfuair an Coiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint freagraí i scríbhinn agus gur phléigh sé go poiblí iad an 8 Nollaig 2025, i láthair an Ardrúnaí, Leas-Uachtaráin na Parlaiminte atá freagrach as an mBuiséad, an Iniúchóir Inmheánach, agus stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil deis ann i gcónaí feabhas a chur ar chúrsaí, agus go bhfuil gá le grinnscrúdú chun a áirithiú go mbeidh ceannaireacht pholaitiúil, na Feisirí agus riarachán na Parlaiminte trédhearcach agus go mbeidh sláine acu, agus, dá bhrí sin, go dtabharfar chun cuntais iad do shaoránaigh an Aontais, agus go rannchuideoidh siad le cáilíocht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht mhéadaithe bhainistiú an airgeadais phoiblí, lena n-áirítear smacht fioscach, lena gcosnaítear inchreidteacht na Parlaiminte agus a feidhm urscaoilte á feidhmiú aici ar institiúidí eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb í an deimhneacht dhlíthiúil ceann de na treoirphrionsabail chun cinntí riaracháin a chur chun feidhme; de bhrí go bhféadfadh mearbhall agus débhríocht a bheith mar thoradh ar líon méadaitheach rialacha agus oibleagáidí i gcás ina bhfuil gá le deimhneacht dhlíthiúil do chomhaltaí agus dá n-oifigí, lena gcuirtear d’oibleagáid ar an riarachán páirt a ghlacadh i gcumarsáid atá soiléir, cuimsitheach agus fónta ó thaobh an dlí de;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfaighidh Feisirí tacaíocht airgeadais agus lóistíochta ón riarachán chun a sainordú a chur i gcrích go hiomlán; de bhrí go bhfuil an caidreamh idir Feisirí, a n-oifigí, agus an riarachán bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, ar cheart di a bheith ina treoirphrionsabal agus tacaíocht airgeadais á tabhairt d’Fheisirí; de bhrí gur cheart é sin a léiriú i leibhéal na seiceálacha agus na n-athbhreithnithe ex-ante agus ex-post a chuireann an riarachán i bhfeidhm; de bhrí gur léir gurb iad nósanna imeachta soiléire, comhréireacha, spriocdhírithe, caighdeánaithe agus simplithe an bealach is fearr agus is éifeachtaí chun athbhreithnithe agus rialuithe a dhéanamh ar theidlíochtaí airgeadais, agus é mar sprioc dheiridh acu an leibhéal is airde trédhearcachta agus cuntasachta a sholáthar, dlisteanacht dhaonlathach a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, muinín shaoránaigh an Aontais a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil muinín as sláine na Parlaiminte agus as an smacht reachta ríthábhachtach d’fheidhmiú dhaonlathas na hEorpa, agus cearta na saoránach á n-urramú go hiomlán ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>Ag cur i dtábhacht go cosnaítear na Feisirí le neamhdhliteanas i leith vótaí a chaitear agus tuairimí a chuirtear in iúl agus iad i mbun a ndualgas, agus go gcosnaítear iad ar ionchúisimh agus shrianta ar a saoirse phearsanta agus iad i mbun a ndualgas sa Pharlaimint;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur croíluachanna an Aontais iad comhionannas inscne agus díothú neamhionannais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 de Chonradh an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta do chomhionannas inscne a chur chun cinn ina ghníomhaíochtaí uile faoi Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa tslí sin prionsabal an phríomhshruthaithe inscne agus an bhuiséadaithe inscne a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, faoi Riail 249, go nglacfaidh an Biúró plean gníomhaíochta inscne chun gné inscne a nascadh i ngníomhaíochtaí uile na Parlaiminte;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais na Parlaiminte</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh na Parlaiminte do 2024 agus EUR 2 383 mhilliún, nó 20,2 % de Cheannteideal 7 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a cuireadh i leataobh d’iomlán chaiteachas riaracháin 2024 institiúidí an Aontais, arb ionann é agusméadú 6,05 % i gcomparáid le buiséad 2023 (EUR 2 247 milliún);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann an t-ioncam iomlán a iontráladh sna cuntais amhail ón 31 Nollaig 2024 agus EUR 281 517 001 (i gcomparáid le EUR 255 205 473 in 2023); á thabhairt dá haire gurbh ionann an t-ioncam sannta a cuireadh ar fáil in 2024 agus EUR 40 277 555 (i gcomparáid le EUR 50 186 995 in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann na 6 chaibidil seo a leanas agus 85,7 % de na gealltanais iomlána: Caibidil 1 0 ‘Comhaltaí na hinstitiúide’, Caibidil 1 2 ‘Oifigigh agus foireann shealadach’, Caibidil 1 4 ‘Foireann eile agus seirbhísí seachtracha’, Caibidil 2 0 ‘Foirgnimh agus costais ghaolmhara’, Caibidil 2 1 ‘Próiseáil sonraí, trealamh agus maoin shochorraithe’ agus Caibidil 4 2 ‘Caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur sonrú sna figiúirí ar ar a mbonn a dúnadh cuntais na Parlaiminte don bhliain airgeadais 2024 agus a thuairiscítear i gcuntais bhliantúla Pharlaimint na hEorpa don Bhliain Airgeadais 2024, sa Tuarascáil ar Bhainistíocht Bhuiséadach agus Airgeadais i gcomhair Roinn I: Parlaimint na hEorpa, agus an Tuarascáil ar Chonarthaí agus Lamháltais arna ndámhachtain ag Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire gur fhormheas Coiste um Buiséid na Parlaiminte 12 aistriú (‘Aistrithe C’), i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 49 den Rialachán Airgeadais, sa bhliain airgeadais 2024, arbh ionann iad agus EUR  82 768 000 nó 3,47 % de na leithreasuithe deiridh; á thabhairt dá haire gur údaraigh an tUachtarán 9 n-aistriú (‘aistrithe P’), i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arb ionann iad agus EUR 11 479 000 nó 0,4 % o de bhuiséad 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Ardrúnaí do shimpliú, do dhea-riarachán, agus d’fheidhm ghrinnscrúdaithe na Parlaiminte a threisiú; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go nglactar leis an simpliú nach amháin mar sprioc atá le baint amach ach mar threoirphrionsabal atá le cur i bhfeidhm go córasach ar fud gach réimse d’obair na Parlaiminte, lena n-áirithítear próisis (riaracháin) níos éifeachtaí agus níos inrochtana; á chur in iúl gur geal léi an bhéim leanúnach ar phríomhghnó na Parlaiminte, a gníomhaíochtaí reachtacha, buiséadacha agus grinnscrúdaithe, agus go háirithe cruthú ceithre ardstiúrthóireacht théamacha, lena n-áirítear Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Buiséadacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuairimí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le hiontaofacht chuntais 2024 agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go ndéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (‘an Chúirt’) measúnú sonrach ar chaiteachas riaracháin agus caiteachas eile mar ghrúpa beartais aonair d’institiúidí uile an Aontais; á thabhairt chun suntais go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna lena n-áirítear pinsin, arbh ionann é agus thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2024, agus ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise; á thabhairt chun suntais go léirítear le hobair na Cúirte le blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann Ceannteideal 7 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil ‘Riarachán poiblí Eorpach’ agus EUR 13,3 bhilliún nó 6,9 % de bhuiséad an Aontais in 2024, arb ionann an Pharlaimint agus EUR 2,4  bhilliún nó 18,1 % de;  á chur i bhfáth gur chinn an Chúirt nach raibh an leibhéal earráide sa chaiteachas ar ‘riarachán poiblí Eorpach’ ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearnadh scrúdú sonrach sa tuarascáil bhliantúil ón gCúirt maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2024  ar chórais mhaoirseachta agus rialaithe na Parlaiminte, go háirithe cur chun feidhme na gcaighdeán rialaithe inmheánaigh, bainistiú riosca, agus feidhmiú na bpríomhrialuithe a shainítear sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar íocaíochtaí, chomh maith le sampla atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de 70 idirbheart lena gcumhdaítear raon iomlán an chaiteachais faoin gCeannteideal seo den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus an fhaisnéis maidir le comhlíonadh na rialacha agus na rialachán a thugtar i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí institiúidí agus chomhlachtaí uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire barúlacha na Cúirte maidir le rialacha inmheánacha na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire go bhfuil riarachán na Parlaiminte faoi réir an Rialacháin Airgeadais agus a rialacha soláthair phoiblí; ag tabhairt dá haire, áfach, i gcás na ngrúpaí polaitiúla, gur ghlac an Biúró na Rialacha lena rialaítear úsáid leithreasuithe ó líne bhuiséid 400, ina bhfuil roinnt forálacha sonracha le haghaidh nósanna imeachta soláthair áirithe; á mheabhrú go mbainistíonn grúpaí polaitiúla na cistí a leithdháiltear orthu i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe indírigh cistí trí Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm de réir analaí; á mheas go dtagann na rialacha sin féin in ionad na ‘‘gcomhaontuithe ranníocaíochta’’ dá dtagraítear in Airteagal 158(7) den Rialachán Airgeadais; á chur i bhfáth go ndeimhníonn iniúchóir seachtrach amháin do gach grúpa, a roghnaítear ó liosta de ghnólachtaí iniúchóireachta arna tharraingt suas ag riarachán na Parlaiminte, a gcuntais bhliantúla faoi seach chun comhlíonadh a áirithiú, lena n-áirithítear leibhéal neodrach rialaithe; á chur i bhfáth go scrúdaíonn an Chúirt gníomhaíochtaí na ngrúpaí polaitiúla ina tuarascáil bhliantúil freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire nár áiríodh ach triúr iniúchóirí ar liosta na ngnólachtaí iniúchóireachta a roghnaíodh chun cuntais na ngrúpaí polaitiúla a iniúchadh, agus gurb oth léi an rogha theoranta a bhí ar fáil; á iarraidh ar an Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais (AS FINS) a dícheall a dhéanamh níos mó gnólachtaí iniúchóireachta seachtracha a áireamh ar an liosta trí chuireadh gníomhach a thabhairt do gach iniúchóir cáilithe Eorpach, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe lasmuigh den Bheilg, líon leordhóthanach roghanna a chur ar fáil chun go mbeidh níos mó roghanna ag na grúpaí polaitiúla iniúchóir a roghnú a chomhlíonann an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe (IAASB); á mheas, thairis sin, gur cheart na buiséid arna leithdháileadh ag grúpaí polaitiúla do na hiniúchtaí a mhéadú chun iniúchadh níos críochnúla ar bhainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun raon níos leithne saineolais iniúchóireachta a mhealladh; ag tabhairt dá haire an treo agus an treoir a cuireadh ar fáil cheana féin d’iniúchóirí seachtracha agus ag spreagadh AS FINS chun cáilíocht na n-iniúchtaí seachtracha lena ndeimhnítear cuntais na ngrúpaí polaitiúla a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire, de réir Airteagal 1.4 de na Rialacha maidir le húsáid leithreasuithe ó mhír bhuiséid 400, go mbeidh grúpaí polaitiúla freagrach don institiúid as úsáid leithreasuithe, laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh ag an mBiúró; á thabhairt le fios go n-áiritheoidh siad go n-úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir leis na Rialacha seo; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí riarachán na Parlaiminte cúnamh a thabhairt do ghrúpaí polaitiúla agus é mar aidhm acu n-eolas agus a n-acmhainneacht maidir le bainistiú airgeadais a threorú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfar buiséad an Aontais a dhámhachtain do pháirtithe polaitiúla Eorpacha i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl; á thabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh ar idirbheart amháin, inar mheas sí go raibh an caiteachas neamh-incháilithe, agus gur chinn sí go raibh riarachán na Parlaiminte den tuairim chéanna agus go raibh bearta déanta aici chun an caiteachas gaolmhar a aisghabháil; á chur in iúl gur geal léi iompar riarachán na Parlaiminte ina leith sin, agus go háirithe a tiomantas cur chuige cothrománach a chur i bhfeidhm, lena ráthaítear cóir chomhionann do na páirtithe polaitiúla uile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuarascáil bhliantúil an Iniúchóra Inmheánaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire, ag an gcruinniú a tionóladh an 8 Nollaig 2025 idir an coiste freagrach agus an t-iniúchóir inmheánach, gur thíolaic an t-iniúchóir inmheánach a thuarascáil bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí leis na gníomhaíochtaí a chomhaontaigh an t-iniúchóir inmheánach leis na hardstiúrthóireachtaí freagracha mar thoradh ar shannacháin dearbhaithe na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (SII); á thabhairt dá haire go ndéantar iniúchadh córasach ar an obair leantach ar na moltaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar phróiseas leantach 2024 go ndearnadh 24 cinn de na 57 ngníomhaíocht a mheas a bheith curtha chun feidhme go héifeachtach agus, dá bhrí sin, go ndearna SII iad a bhailíochtú; á thabhairt dá haire gur bhain próifíl riosca iarmharach 33 ghníomhaíocht atá thar téarma le 24 ghníomhaíocht a raibh riosca suntasach ag baint leo, a bhain go príomha leis an gcibearshlándáil agus le bainistiú céannachta agus rochtana; ag tabhairt dá haire an chomhair feabhsaithe le hArd-Stiúrthóireacht na dTeicneolaíochtaí Faisnéise agus na Cibearshlándála (AS ITEC) chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an riosca iarmharach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á aithint, i gcomhréir le hAirteagal 118(9) den Rialachán Airgeadais, go mbeidh rochtain ag an bpobal ar thuarascálacha agus ar thorthaí an iniúchóra inmheánaigh, chomh maith le tuarascáil institiúid an Aontais lena mbaineann, agus a áirithiú ag an am céanna go gcloífear le rialacha cosanta sonraí agus rúndachta, a luaithe a bheidh an ghníomhaíocht bailíochtaithe ag an iniúchóir inmheánach; á thabhairt dá haire, sa chleachtas, go bhfoilsítear na tuarascálacha a luaithe a bheidh na moltaí uile curtha chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de cheart ag Feisirí an Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa rochtain rúnda a iarraidh ar an tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí i bhfianaise an nós imeachta um urscaoileadh agus á chur in iúl gur geal léi go dtuairiscíonn an t-iniúchóir inmheánach don Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa maidir leis na gníomhaíochtaí iniúchóireachta bliantúla a dhéantar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi clár leanúnach dearbhaithe cáilíochta agus feabhsaithe SII, lena n-ullmhaítear go príomha do thabhairt isteach na gcaighdeán nua iniúchóireachta inmheánaí domhanda a bhí le teacht i bhfeidhm i mí Eanáir 2025; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur ghlac an Biúró an chairt iniúchóireachta nuashonraithe agus gur ullmhaíodh straitéis 2025-2029 don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí lena léirítear go láidir an gá atá le hathrú dearfach agus cur chuige bunaithe ar eitic; á chur in iúl go bhfuil 70 % de bhaill foirne SII tar éis pas a fháil sa scrúdú deimhniúcháin chun bheith ina n-iniúchóir inmheánach mar tháscaire breise ar fheabhsú cáilíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosaíochtaí polaitiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagail 1.3.2, 2.7.1 agus 2.7.2 de na Rialacha maidir le húsáid leithreasuithe ó mhír bhuiséid 400, gur thíolaic an t-iarghrúpa polaitiúil Identity & Democracy (ID Group) a thuarascáil airgeadais chríochnaitheach an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 15 Iúil 2024; á mheabhrú go bhfuair riarachán na Parlaiminte cartlann airgeadais iomlán Ghrúpa ID i bhformáid leictreonach agus pháipéir araon agus go ndearna sé fíorú ex-post rioscabhunaithe ar chuntais 2024, ag díriú ar sheiceálacha comhsheasmhachta agus ar thástáil shamplach ar chonarthaí agus deonacháin ardriosca; ag meabhrú thorthaí riarachán na Parlaiminte gur chaith an grúpa EUR 4 333 635,78 ar a laghad de leithreasuithe mhír bhuiséid 400 go míchuí le linn théarma 2019-2024, rud a nocht an Pharlaimint do riosca suntasach airgeadais agus clú; sainaithníodh easnaimh sna nósanna imeachta soláthair phoiblí, agus is rioscaí suntasacha do chlú na Parlaiminte iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhógair Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i mí Iúil 2025 gur oscail sí imscrúdú ar mhí-úsáid líomhnaithe chistí an Aontais ag Grúpa ID idir 2019 agus 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an cáschomhad tarchurtha ag riarachán na Parlaiminte agus go gcomhoibríonn sé go hiomlán le himscrúdú OIPE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Biúró ag fanacht le bheith ar an eolas faoi thoradh imscrúdú OIPE sula ndéanfaidh sé aon ghníomhaíocht téarnaimh; á iarraidh ar an mBiúró nuashonrú i scríbhinn a chur ar fáil don Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint maidir le staid na himeartha sula gcuirfear tús leis an gcéad timthriall urscaoilte eile; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte na bearta uile is gá a dhéanamh i gcomhthráth le himscrúdú coiriúil OIPE, le bearta cosanta eatramhacha riaracháin (lena n-áirítear fritháirimh réamhchúraim agus/nó cúlchistí réamhchúraim, i gcás ina bhfuil sé indéanta ó thaobh an dlí de) chun leasanna airgeadais an Aontais agus clú na Parlaiminte a chosaint; á mheas, de réir Airteagal 3(3) den Socrú Oibre idir Parlaimint na hEorpa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, go gcuirfidh OIPE an Pharlaimint ar an eolas faoi imscrúduithe leanúnacha nó dúnta ina ndealraíonn sé go bhfuil an Pharlaimint in ann bearta réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear nósanna imeachta araíonachta nó nósanna imeachta aisghabhála laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme; ag tabhairt dá haire nár cheart imeachtaí coiriúla a úsáid go huathoibríoch mar údar ginearálaithe le neamhghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hiniúchóirí seachtracha an litir rannpháirtíochta go hiomlán, agus a áirithiú, le haghaidh iniúchtaí amach anseo, go ndéanfaidh iniúchóirí seachtracha formhaoirseacht leormhaith ar ghrúpaí trí níos mó uaireanta an chloig a chur ar fáil d’iniúchóirí seachtracha chun a ról formhaoirseachta a chomhlíonadh; á iarraidh ar AS FINS foireann leormhaith a áirithiú laistigh de AS FINS atá freagrach as mír bhuiséid 400 chun treoir níos soiléire a chur ar fáil maidir leis an léirmhíniú ceart ar rialacha le haghaidh mhír bhuiséid 400 chun neamhréireacht idir breithnithe iniúchóirí seachtracha agus AS FINS a sheachaint, agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas na n-iniúchóirí, go háirithe maidir le soláthar, agus chun tuilleadh oiliúna agus tacaíochta maidir le soláthar a chur ar fáil do ghrúpaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an Ardrúnaí machnamh a sheoladh ar an gcóras iniúchóireachta seachtraí atá i bhfeidhm do mhír bhuiséid 400;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi úsáid na Parlaiminte mar ardán chun aird a tharraingt ar fhoréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh, á chur i bhfáth a thábhachtaí atá misin an Aontais agus na Parlaiminte a rannchuidíonn le comhionannas inscne a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd a chuireann tacaíocht, cosaint agus seirbhísí bunriachtanacha ar fáil do mhná agus do chailíní ar íospartaigh foréigin ghnéasaigh iad i gcásanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag meabhrú na Tuairime ón gCoiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint don Bhiúró maidir leis an ngrúpa polaitiúil Féiniúlacht agus Daonlathas - Díscaoileadh agus tuarascáil airgeadais chríochnaitheach 2024, mar a formheasadh an 4 Meán Fómhair 2025, lena n-iarrtar go bhféachfaí an bhféadfaí na nósanna imeachta is gá a oscailt gan mhoill d’fhonn méid an chaiteachais neamh-incháilithe a aisghabháil a luaithe is féidir, chun measúnú a dhéanamh ar dhliteanais fhéideartha na bhFeisirí freagracha (iar-Fheisirí) agus an ordlathais maidir le húdarú d’aon ghnó nó do mhórfhaillí ar chaiteachas neamhrialta; á mholadh don Bhiúró, ar feadh ré an fhiosrúcháin, an t-iniúchóir seachtrach a dheimhnigh cuntais Ghrúpa ID a chur ar fionraí ó liosta na gcuideachtaí iniúchóireachta seachtracha formheasta a cuireadh ar fáil do ghrúpaí polaitiúla, lena n-ionadaítear an t-iniúchóir a cuireadh ar fionraí láithreach agus lena n-áirithítear go bhfuil líon leordhóthanach roghanna malartacha ar fáil do na grúpaí polaitiúla; ag fanacht le hanailís riarachán na Parlaiminte ar chuntais 2024 an ghrúpa Tírghráthóirí don Eoraip (PfE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil neamhspleáchas suntasach ag grúpaí polaitiúla ar a seirbhísí TF, a úsáidtear chun faisnéis a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a stóráil; á thabhairt dá haire, i ndomhan atá suaite ó thaobh na geopholaitíochta de, gur cheart do sholáthraithe Eorpacha na sonraí sin a stóráil ar fhreastalaithe Eorpacha chun spleáchais agus rioscaí seachtracha a sheachaint; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an fógra a rinneadh le déanaí maidir le bonneagar néalríomhaireachta slán ceannasach a chur ar fáil chun deireadh a chur leis an spleáchas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sláine institiúideach a choinneáil agus trasnaíocht sheachtrach mhíchuí a chosc; ag cáineadh aon iarracht mhíchuí chun tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí reachtacha na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur aithin an Coimisiún líomhaintí maidir le húsáid chistí an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí abhcóideachta atá dírithe ar an bParlaimint ag roinnt eintiteas ach go bhfuil sé ráite aige go dtagann na gníomhaíochtaí sin faoi raon feidhme an rialacháin is infheidhme; á aithint, áfach, go bhféadfadh rioscaí clú a bheith i gceist leis sin mar sin féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mheabhrú go raibh rioscaí tromchúiseacha don tsláine dhaonlathach ag baint le líomhaintí maidir le tionchar na Rúise sa Pharlaimint, ag tabhairt dá haire gur thacaigh roinnt Feisirí go hoscailte leis an Rúis, lena n-áirítear ina gcuid gníomhaíochtaí ar an imeall, agus béim á leagan acu ar an ngá atá le coimircí níos láidre; ag tabhairt dá haire go bhfuil freagairt na Parlaiminte ar chur isteach eachtrach tar éis éirí níos airdeallaí, áfach, gur cheart bearta níos láidre a dhéanamh chun cosaint éifeachtach ar thionchar seachtrach míchuí a áirithiú; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil freagracht bhunriachtanach ar an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) na grinn-imscrúduithe uile is gá a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2024, lena n-áirítear roimh na toghcháin Eorpacha, go raibh rioscaí méadaithe ann maidir le cur isteach eachtrach agus oibríochtaí tionchair a bhí dírithe ar institiúidí daonlathacha agus ar ionadaithe tofa; á mheabhrú go gcuirtear i dtábhacht le líomhaintí agus imscrúduithe poiblí a bhaineann le hiarrachtaí chun tionchar a imirt ar sheasaimh pholaitiúla agus ar iompraíocht vótála an gá atá le sásraí láidre coisctheacha agus braite laistigh den Pharlaimint; á iarraidh ar an bParlaimint, dá bhrí sin, coimircí inmheánacha, ceanglais trédhearcachta agus comhar le comhlachtaí ábhartha an Aontais a áirithiú, chun sláine na Parlaiminte agus bhuiséad an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú go n-éilítear le hAirteagal 4 den Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le Sláine agus Trédhearcacht dearbhuithe beachta maidir le leasanna airgeadais ó na Feisirí; á iarraidh go gcuirfí sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndearbhuithe maidir le gníomhaíochtaí seachtracha íoctha nó neamhíoctha, chun aon ábhair imní faoi cháilíocht na seiceálacha ar choinbhleachtaí leasa a sheachaint, ar ábhair imní iad atá bunriachtanach chun a áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a chosc, a shainaithint agus a bhainistiú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ar mhaithe le trédhearcacht, go bhfuil sé éigeantach cruinnithe agus dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a fhoilsiú, go háirithe dearbhuithe maidir le tacaíocht ábhartha agus airgeadais; ag tabhairt dá haire, áfach, go mbíonn saincheisteanna athfhillteacha ag baint leis an gcreat atá ann faoi láthair a bhaineann le hiomláine agus soiléireacht, rud a d’fhéadfadh a éifeachtacht fhoriomlán a laghdú; á mheas gur cheart aird ar leith a thabhairt ar threoir fheabhsaithe do na Feisirí, chomh maith le hobair leantach chomhréireach agus chomhsheasmhach ón riarachán i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil dearbhuithe míchruinn nó neamhréireach, go háirithe i bhfianaise na n-ábhar imní a bhaineann le trasnaíocht eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na líomhaintí go bhfuil na Ballstáit ag gabháil don spiaireacht agus don Pharlaimint spriocdhírithe; á thabhairt dá haire go bhfuil grúpa inmheánach bunaithe ag an gCoimisiún chun na maímh sin a imscrúdú; ag tathant ar dhlúthchomhar idir an Pharlaimint agus an Coimisiún, agus ag tathant ar an gCoimisiún torthaí na meithle a roinnt leis an bParlaimint, ar choinníoll nach gcuirfidh an chomhroinnt sin isteach ar aon imeachtaí dlíthiúla atá ar siúl faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an bParlaimint bearta cosanta a neartú, lena n-áirítear bainistiú slán feistí, bealaí meara tuairiscithe teagmhas d’Fheisirí agus don fhoireann, agus faisnéisiú rialta ar bhagairtí i gcomhar le CERT-EU agus le comhlachtaí ábhartha an Aontais, agus lánurraim do chearta bunúsacha agus do chosaint sonraí á háirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht ag an Intleacht Shaorga (IS) faisnéis chruinn agus thrédhearcach a áirithiú laistigh den Aontas agus dá institiúidí, dá chomhlachtaí, dá oifigí agus dá ghníomhaireachtaí, agus gur féidir le córais Intleacht Shaorga atá deartha agus rialaithe go hiomchuí cabhrú le mífhaisnéis agus bréagaisnéis a bhrath agus a mhaolú, cuntasacht a chur chun cinn agus ardchaighdeáin trédhearcachta a chaomhnú chun muinín an phobail a choinneáil agus rialachas daonlathach a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ceannas uirlisí Intleacht Shaorga ó chuideachtaí i dtríú tíortha agus breithnithe cosanta sonraí agus rúndachta agus úsáid á baint as uirlisí Intleacht Shaorga tríú páirtí; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán ann maidir le húsáid córas Intleacht Shaorga i gcinntí agus i nósanna imeachta na Parlaiminte, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le halgartaim, agus measúnuithe tionchair a fhoilsiú; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte sraith uirlisí IS a chur ar fáil d’Fheisirí agus d’fhoireann na Parlaiminte araon, arna gcur in oiriúint do riachtanais gach catagóire, a fhreagraíonn do riachtanais ghnó na bhFeisirí agus a ráthaíonn rúndacht, sláine agus infhaighteacht sonraí a phróiseálann sí trí bhonneagar ar an láthair a úsáid chun sceitheadh sonraí a chosc, agus nach nochtann faisnéis do thríú páirtithe, i gcomhréir leis na beartais reatha maidir le húsáid IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as IS agus as uirlisí samhla teanga móra i mbainistiú acmhainní daonna agus ag aithint na hacmhainneachta atá aige maidir le gnóthachain éifeachtúlachta ar cheart tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh orthu; á chur i bhfáth ag an am céanna go bhfuil gá le rialachas soiléir, maoirseacht dhaonna, trédhearcacht agus coimircí láidre cosanta sonraí; á iarraidh ar an riarachán an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi raon feidhme, measúnú riosca agus coimircí eiticiúla na n-uirlisí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, go n-úsáidtear ballóid rúnda go ginearálta do thoghcháin agus do vótaí a bhaineann le daoine aonair; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanfar vótáil le ballóid rúnda freisin má iarrann Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad é sin; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur cuireadh de chúram ar Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla na Parlaiminte measúnú a dhéanamh ar úsáid na rogha deiridh sin agus ag fanacht le conclúidí agus tograí an choiste; á mheas gur príomhionstraim iad vótaí le glaoch rolla chun trédhearcacht agus cuntasacht i leith shaoránaigh an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an bParlaimint bearta a thíolacadh lena seachnaítear mí-úsáid vótála tríd an nós imeachta ballóide rúnda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i bpríomhshruthú agus i mbuiséadú inscne agus glacadh Phlean Gníomhaíochta Inscne 2025; á iarraidh go gcuirfí é a ar fáil go poiblí agus chun feidhme go pras trína threochlár don Phlean Gníomhaíochta Inscne agus go ndéanfaí measúnú críochnúil air le tuarascálacha rialta lena ndéantar faireachán ar an dul chun cinn atá déanta; á chur in iúl gur geal léi obair an Líonra um Príomhshruthú Inscne sa Pharlaimint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ard-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann Ard-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta (AS PRES) saineolas ar fáil agus go n-éascaíonn sí obair reachtach agus pharlaiminteach an Uachtaráin, an tSeisiúin Iomlánaigh agus chomhlachtaí rialaithe agus Fheisirí na Parlaiminte ag gach céim den phróiseas parlaiminteach agus reachtach; á mheabhrú go bhfuil sí freagrach freisin as caidreamh idiri-nstitiúideach,as tacaíocht phrótacail do chuairteanna oifigiúla agus d’imeachtaí arna n-urrú ag an Uachtarán, as faisnéis rúnaicmithe an Aontais a bhainistiú, agus as post oifigiúil agus post cláraithe a bhainistiú; á thabhairt dá haire go raibh 406 bhall foirne ann faoin 31 Nollaig 2024, ar oifigigh iad 320 díobh, gur gníomhairí sealadacha iad 29  díobh, gur gníomhairí ar conradh iad 55  díobh, gur saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin iad agus gur ball foirne gníomhaireachta amháin iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh AS PRES agus EUR  2  970 957 in 2024, , arb ionann iad agus 0,2 % de bhuiséad na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais gur gealladh EUR 2 930 107 san iomlán den mhéid sin; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhór a bhaintear as leithreasuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag deireadh an naoú téarma agus ag tús an deichiú téarma reachtaigh ar ghníomhaíochtaí AS PRES, rud a d’fhág go raibh dúshláin ann do phleanáil an tseisiúin iomlánaigh agus don acmhainneacht chríochnaitheach ag deireadh an naoú téarma i bhfianaise líon an-ard na gcomhad gnáthnós imeachta reachtaigh a comhaontaíodh i míonna deireanacha an téarma, agus i bhfianaise bhunú na Parlaiminte nua ag tús an deichiú téarma le toghadh an Uachtaráin agus an Bhiúró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag moladh AS PRES as a gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme agus obair leantach na rialacha nua maidir le sláine agus trédhearcacht lena n-áirítear an chéad mheasúnú foriomlán ar chur chun feidhme teicniúil an athchóirithe, agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus soláthar saineolais theicniúil agus seirbhísí teicniúla maidir le saincheisteanna trédhearcachta, sláine agus cuntasachta; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, ról an Choiste Chomhairligh maidir le hIompar na bhFeisirí i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann na Feisirí an Cód Iompair agus a bhearta cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go leanfaí den chomhar idirinstitiúideach agus den idirphlé maidir le sláine agus trédhearcacht, i measc institiúidí an Aontais; á mheabhrú go bhfuil an Pharlaimint fós faoi cheangal ag an gComhaontú lena mbunaítear comhlacht nua um chaighdeáin eiticiúla do chomhaltaí institiúidí agus comhlachtaí comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; á mheabhrú go gceanglaítear ar an bParlaimint, dá bhrí sin, a forálacha a chomhlíonadh gan a thuilleadh moille;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean AS PRES dá chomhar éifeachtach leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún maidir le gach gné a bhaineann le rúnaíocht idirinstitiúideach an chláir trédhearcachta, d’fhonn leanúint d’fheabhas a chur ar oibriú an Chláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil moilleanna leanúnacha ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún ceisteanna parlaiminteacha i gcomhair freagraí i scríbhinn le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an próiseas ag éirí níos maorlathaí agus níos moille, rud a fhágann nach n-urramaítear go córasach na spriocdhátaí a leagtar síos i Riail 144 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár thug an Coimisiún freagra in 2024 laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte ach ar chion teoranta de cheisteanna i scríbhinn, lena n-áirítear ráta an-íseal do cheisteanna tosaíochta, agus in go leor cásanna tar éis an sprioc-ama; á chur i bhfáth gurbh é 475 lá an t-am freagartha is faide; á mheabhrú gur gné bhunriachtanach den ghrinnscrúdú parlaiminteach agus den chuntasacht dhaonlathach iad freagraí tráthúla; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne AS PRES le blianta beaga anuas chun na spriocdhátaí a leagadh síos a chomhlíonadh; á iarraidh ar AS PRES oibriú chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na sprioc-amanna arna leagan síos ag an bParlaimint agus socruithe níos ceangailtí a shaothrú, lena n-áirítear ar an leibhéal polaitiúil, leis an gCoimisiún maidir le freagra a thabhairt ar cheisteanna i scríbhinn laistigh de na sprioc-amanna agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta, agus é mar aidhm leis sin ceisteanna parlaiminteacha i gcomhair freagraí i scríbhinn a athbhunú mar ionstraim formhaoirseachta éifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann próiseáil inmheánach, lena n-áirítear seiceálacha eagarthóireachta, aistriúcháin agus inghlacthachta, le ham tarchuir foriomlán na gceisteanna i scríbhinn; á iarraidh ar an riarachán leanúint de na nósanna imeachta sin a chuíchóiriú, agus ceanglais cáilíochta teanga agus cosanta sonraí á n-urramú go hiomlán, chun tacú le hobair ghrinnscrúdaithe na bhFeisirí ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar AS PRES dul i dteagmháil go gníomhach le parlaimintí Ballstát eile agus tríú tíortha chun tograí a fhorbairt le haghaidh sásraí grinnscrúdaithe éifeachtacha, chomh maith le bealaí chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar fhreastal ar dhíospóireachtaí iomlánacha laistigh den Pharlaimint; á iarraidh ar AS PRES ceachtanna a fhoghlaim ó struchtúr na n-éisteachtaí comhdhála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thionscain an Pharlaimint an nós imeachta reachtach le déanaí chun dlí toghcháin an Aontais a leasú chun rogha nua seachvótála sealadaí a thabhairt isteach d’Fheisirí le linn toircheas déanach agus luath-mháithreachais; á chur in iúl gur geal léi, lena vóta an 13 Samhain 2025 sa suí iomlánach, gur gheall an Pharlaimint don chomhionannas inscne, don chuimsitheacht agus don chothromaíocht oibre is saoil in ainneoin nach gcumhdaítear saoire tuismitheora níos leithne leis an ngníomh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil sonraí tinrimh cothrom le dáta ar leibhéal an Choiste ar fáil faoi láthair; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte na figiúirí tinrimh sin a fhoilsiú ar leibhéal an Choiste arna gcomhiomlánú go bliantúil in aghaidh an Choiste;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire gurb é misean Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM) a áirithiú go dtuigeann saoránaigh tábhacht na Parlaiminte ionas gur féidir leo  rannpháirtíocht i bpróiseas daonlathach na hEorpa a fheabhsú; á thabhairt chun suntais gurb iad na príomhchúraimí atá uirthi comhoibriú leis na meáin, infheictheacht obair na Parlaiminte a chur ar an eolas, a mhíniú agus a fheabhsú, feasacht na Parlaiminte a mhéadú i measc saoránach sna Ballstáit uile, páirti leasmhara agus ceannairí tuairimíochta trí Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) atá lonnaithe sna Ballstáit, idirghníomhaíocht le saoránaigh a chothú trí thionscadail cuairteoirí, imeachtaí agus feachtais faisnéise fheabhsaithe agus a láithreacht ar na meáin shóisialta, agus saineolas a chur ar fáil d’Fheisirí agus do ghrúpaí polaitiúla maidir le hábhair amhail faisnéis na meán agus faireachán ar thuairimí an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh AS COMM agus EUR  137 463 777 in 2024, , arb ionann iad agus 5,8 % de bhuiséad na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais gur gealladh EUR 137 467 355 san iomlán den mhéid sin; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhór a bhaintear as leithreasuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á aithint go raibh cumarsáid maidir leis na toghcháin Eorpacha ar thús cadhnaíochta i ngníomhaíochtaí AS COMM in 2024, go háirithe leis an bhfeachtas cumarsáide rathúil‘Go-to-vote’, le comhpháirtíochtaí le níos mó ná 300 eagraíocht na sochaí sibhialta agus le níos mó ná 18 000 iriseoir curtha ar an eolas; á thabhairt dá haire go raibh tionscadail straitéiseacha uile AS COMM in 2024, a raibh ráta críochnaithe 94 % acu, dírithe ar na toghcháin Eorpacha, agus go raibh baint ag an 6 % eile le cur chun feidhme struchtúr nua an tsuímh gréasáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire gur éascaigh AS COMM cumhdach na dtoghchán Eorpach, a shroich an líon is mó tuairiscithe riamh (+18 % i gcomparáid leis na toghcháin roimhe sin), a thuairiscíonn AS COMM mar rud suntasach go háirithe ag tráthanna deiridh an timthrialla toghcháin le hoíche an toghcháin (an 9 Meitheamh 2024) a chumhdaítear le 149 gcainéal teilifíse ar fud 51 thír, agus le formhór an tuairiscithe ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa maidir le hidirchaidreamh a dhéanamh idir an Pharlaimint agus an pobal agus páirti leasmhara sna Ballstáit i gcoitinne, agus maidir le cumarsáid a dhéanamh faoi na Toghcháin Eorpacha; á thabhairt dá haire go bhfuil gach EPLO feistithe le seirbhísí closamhairc  do na Feisirí, do na grúpaí polaitiúla agus do thríú páirtithe lena n-úsáid sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí faireachán leormhaith ar chaiteachas Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa agus Ionaid Europa Experience;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Washington chun caidreamh trasatlantach a chothú agus chun feabhas a chur ar an nasc idir na Stáit Aontaithe agus parlaimintí an Aontais; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise riarachán nua na Stát Aontaithe agus na ndúshlán domhanda atá ag teacht chun cinn, go bhfuil ról EPLO in Washington níos tábhachtaí fós; á iarraidh go mbeadh buiséad agus foireann leormhaith ann chun tacú le gníomhaíochtaí EPLO in Washington;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 14 ionad Europa Experience ar oscailt in 2024, lenar mealladh 957 209 gcuairteoir san iomlán, le raon leathan cuairteoirí, agus gur mheall Strasbourg (381 687) agus Beirlín (122 672) an líon is airde cuairteoirí, agus Cóbanhávan (18 182) agus Baile Átha Cliath (8 312) an líon is ísle, ach nár osclaíodh ionad Bhaile Átha Cliath go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024; á thabhairt dá haire go n-úsáidtear ionaid Europa Experience mar mhol de chuid an Aontais do rannpháirtíocht dhaonlathach ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit faoi seach a chuireann deiseanna ar fáil chun lucht féachana níos leithne a mhealladh do theachtaireachtaí na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh le hionaid Europa Experience go dtí seo, go háirithe maidir le foirgnimh leormhaithe a chuardach agus conas is féidir spriocghrúpaí a bhaint amach go héifeachtach, dea-chleachtais a shainaithint, agus forbairt na n-ionad Europa Experience amach anseo a oiriúnú do riachtanais áitiúla agus tionchar léirithe a bheith acu; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an t-athmheasúnú sin ina threoir do choigeartuithe nó d’athbhreithnithe amach anseo maidir le leathnú breise, lena n- áiritheofar go mbeidh gach infheistíocht amach anseo níos éifeachtúla chun freastal ar an gcuspóir atá beartaithe acu an Pharlaimint a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus feabhas a chur ar a dtuiscint ar phróiseas daonlathach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á mheabhrú gur ghlac an Biúró rialacha nua maidir le fóirdheontais a íoc le haghaidh grúpaí cuairteoirí urraithe an 11 Meán Fómhair 2023, le dáta theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024; á thabhairt dá haire gur thug na Feisirí cuireadh do 300 000 cuairteoir urraithe agus neamhurraithe sa Bhruiséil agus in Strasbourg in 2024; á thabhairt dá haire gurbh ionann fóirdheontais do ghrúpaí cuairteoirí den sórt sin agus 17 % de chaiteachas AS COMM in 2024; ag tabhairt dá haire na hiarrachtaí breise arna gcur chun feidhme ag grúpaí polaitiúla a thacaíonn lena bhFeisirí idirghníomhú le saoránaigh, lena n-áirítear daoine óga, chun faisnéis leormhaith a áirithiú faoi obair na bhFeisirí in Strasbourg agus sa Bhruiséil leis an maoiniú ó chistí faoi mhír bhuiséid 400;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire na streachailte leanúnaí atá os comhair an Aontais maidir le luachanna an Aontais agus sláine an phróisis dhaonlathaigh a chosaint; ag aithint na n-iarrachtaí méadaitheacha atá á ndéanamh ag gníomhaithe eachtracha tionchar a imirt ar obair na Parlaiminte agus ag cur béim ar an ngá atá le forairdeall maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise a thagann lasmuigh den Aontas; á mheabhrú, i ndáil leis sin, na Rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (2022/2075(INI)), agus an 23 Eanáir 2025 maidir le bréagaisnéis agus falsú stairiúil na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine (2024/2988(RSP)); á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne an Pharlaimint chun bréagaisnéis a chosc agus chun freagairt di; á chur i bhfáth, cé go n-aithnítear nár tharla aon teagmhas suntasach go fóill, a thábhachtaí atá sé bearta réamhghníomhacha a choinneáil chun sláine dhíospóireacht phoiblí agus vótaí na Parlaiminte a chaomhnú; á thabhairt chun suntais an breisluach a bhaineann le tionscnaimh amhail cruinnithe seiceála fíricí agus cruinnithe mullaigh, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le trédhearcacht a chothú, uirlisí a thabhairt do gheallsealbhóirí chun cur i gcoinne na mífhaisnéise, agus comhar a neartú i measc eagraíochtaí seiceála fíricí laistigh den Aontas agus lasmuigh de;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra (AS PERS) freagrach as bainistiú iomchuí agus éifeachtúil acmhainní daonna laistigh den Pharlaimint agus go n- áirithíonn sí go dtacaíonn lucht saothair ardoilte leis na Feisirí chun a chur ar a gcumas a sainordú a chomhlíonadh go cuí; á thabhairt dá haire go raibh 499 mball foirne ann faoin 31 Nollaig 2024, ar oifigigh iad 290 díobh, gur gníomhairí sealadacha iad 82  díobh, gur gníomhairí ar conradh iad 120  díobh, gur saineolaithe náisiúnta ar iasacht 2 díobh agus gur baill foirne de ghníomhaireachtaí 5 díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh AS PERS agus EUR 1 225 341 375 in 2024 (EUR  1 163 329 780 in 2023),arb ionann iad agus 51,4 % de bhuiséad na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais gur gealladh, den mhéid sin, EUR  1 160 835 147 san iomlán; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhór a bhaintear as leithreasuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean AS PERS, in 2024, de chomórtais agus próisis roghnúcháin a eagrú, ag láimhseáil líon méadaitheach iarratasóirí, agus gur eagraigh sé ceithre chomórtas a bhaineann go sonrach le náisiúntacht freisin; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag AS PERS comórtais a eagrú, lena n-áirithítear go gcuirfear i gcrích go tráthúil iad agus go gcoinneofar na caighdeáin cháilíochta is gá; á chur in iúl gur geal léi gur éirigh le breis agus 441 iarrthóir a bheith ar an ngearrliosta ar phainéil; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur tháinig an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ar shaincheisteanna córasacha maidir le heagrú comórtas agus maidir leis an easpa líon iarrthóirí atá ar fáil a oireann do riachtanais na Parlaiminte; á chur in iúl gur oth léi gur faide ná bliain an meántréimhse idir foilsiú an fhógra comórtais agus an t-agallamh deiridh do gach comórtas; ag aithint na ndeacrachtaí ginearálta a bhíonn ag AS PERS agus ag ardstiúrthóireachtaí eile maidir le tallann a mhealladh agus a choinneáil, rud a bhfuil tionchar aige ar fheidhmíocht lucht saothair na Parlaiminte; á iarraidh go mbeadh nósanna imeachta roghnúcháin níos éifeachtúla, níos spriocdhírithe agus níos giorra ann a mbeadh mar thoradh orthu go méadófaí tarraingteacht na Parlaiminte mar fhostóir agus go gcuirfí ar chumas na n-ardstiúrthóireachtaí na sainphróifílí is gá chun tacú lena gcuid oibre a earcú go tapa; á chur i bhfáth nach mór nósanna imeachta roghnúcháin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na córa comhionainne agus na cothromaíochta geografaí, lena n-áiritheofar ionadaíocht chothrom na mBallstát uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comórtais na Parlaiminte a bhaineann go sonrach le náisiúntacht d’fhonn feabhas a chur ar an gcothromaíocht gheografach i measc fhoireann na Parlaiminte trí líon níos leithne iarrthóirí ó Bhallstáit atá faoi ghannionadaíocht a chruthú; ag tabhairt dá haire, áfach, go léirítear le hanailís ar shonraí maidir le foireann na Parlaiminte de réir náisiúntachta agus de réir feidhmghrúpa go bhfuil éagothroime leanúnach ann maidir le dul chun cinn gairme, trína bhfuil baill foirne ó Bhallstáit áirithe, cé go bhfuil ionadaíocht mhaith acu sa riarachán, fós faoi ghannionadaíocht i ngrúpaí feidhme sinsearacha agus i bpoist chinnteoireachta; á chur in iúl gur oth léi an éagothroime gheografach i mbainistíocht shinsearach agus i meánbhainistíocht na Parlaiminte; beidh an earcaíocht bunaithe i gcónaí ar fhiúntas agus ba cheart di prionsabail bhunúsacha amhail comhionannas, neamh-idirdhealú agus comhréireacht a urramú i gcónaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le feabhas, agus á iarraidh ar an Ardrúnaí, i gcomhar le AS PERS, bearta nithiúla, intomhaiste agus faoi cheangal ama a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin agus tuairisciú go rialta do Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte agus don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta chun an éagothroime gheografach laistigh d’fhoireann na Parlaiminte a cheartú; á iarraidh ar an Ardrúnaí agus ar AS PERS faisnéis a áireamh sa tuairisciú rialta chuig Coiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach thar an líon foriomlán foirne agus sonraí a áireamh, go háirithe, maidir le forbairt gairme agus ardú céime de réir náisiúntachta agus grúpa feidhme, ceapadh post bainistíochta agus sinsearach, rannpháirtíocht i mbainistíocht tallainne agus i gcláir cheannaireachta agus úsáid ceapachán agus dualgas sealadach mar chuid de chonairí forbartha gairme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur sonrú sa phríomhéacht atá déanta ag AS PERS maidir le líon nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de 1 339 gCúntóir Parlaiminteach Creidiúnaithe a earcú go héifeachtúil faoi sheisiún bunaitheach mhí Iúil, agus líon iomlán na gcúntóirí parlaiminteach creidiúnaithe a bhfuil conarthaí éifeachtacha acu faoi dheireadh na bliana ag méadú go 2 024, agus maidir le thart ar 800 cúntóirí parlaiminteach creidiúnaithe a scaoileadh; á mheas gur sócmhainn iontach don Institiúid iad CPCanna agus ag moladh AS PERS as a hiarrachtaí tacú le hearcaíocht éifeachtúil agus éifeachtach ag na Feisirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á aithint gur dlúthchuid d’obair na bhFeisirí agus, dá bhrí sin, d’obair na Parlaiminte í obair CPCanna; á thabhairt dá haire, tar éis ghlacadh reacht cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe in 2009, go bhfuil a stádas thar na blianta cosanta leis na rialacha; ag tabhairt dá haire na n-iarrachtaí atá déanta ag an bParlaimint chun creat a chruthú chun tacaíocht a chur ar fáil do CPCanna; ag iarraidh go gcloífear go cuí leis na rialacha atá i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, ó glacadh an reacht, go mbíonn cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe rannpháirteach i misin oifigiúla chuig trí ionad oibre na Parlaiminte; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil na rialacha maidir le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe a aisíoc as idir na trí ionad oibre ailínithe leis na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh, rud lena n-áirithítear cóir chomhionann le haghaidh cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe; á iarraidh ar an mBiúró agus ar riarachán na Parlaiminte dul i gcomhairle go foirmiúil le Coiste CPC maidir le hathbhreithnithe agus athchóirithe a mbíonn tionchar díreach acu ar chearta CPCanna; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte féachaint an bhféadfaí tréimhse fógra a thabhairt isteach laistigh de chonarthaí CPC i gcás imeacht gan choinne Feisire; ag athdhearbhú a hiarrata ar Chomhdháil na nUachtarán agus ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus na misean lasmuigh den Aontas; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbreithneofaí, leis an athbhreithniú sin, an fhéidearthacht go mbeadh tionlacan CPCanna, faoi réir coinníollacha áirithe, ag na Feisirí atá ar thoscaireachtaí oifigiúla agus ar mhisin oifigiúla Pharlaimint na hEorpa; á thabhairt chun suntais nach mbeadh aon athrú ar an imchlúdach mar thoradh ar an athrú sin agus go mbeadh sé neodrach ó thaobh an bhuiséid de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur i bhfáth gur tosaíocht é sláinte agus sábháilteacht ag an obair, lena n-áirítear rioscaí síceasóisialta (strus, traochadh, ciapadh); á iarraidh ar an mBiúró rioscaí síceasóisialta a aithint go foirmiúil mar rioscaí ceirde agus plean coisc a ghlacadh ar fud Pharlaimint na hEorpa lena mbainfidh spriocanna intomhaiste; á iarraidh go dtabharfaí isteach measúnuithe riosca lena gcumhdaítear cianobair, misin agus spriocdhátaí dochta, chomh maith le bealaí tuairiscithe rúnda, oiliúint do bhainisteoirí agus idirphlé sóisialta rialta; á áitiú go ndéanfaí an ceart chun dícheangail a fhorfheidhmiú.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á mheabhrú nach féidir le CPCanna páirt a ghlacadh i gcomórtais inmheánacha na Parlaiminte; á iarraidh ar an mBiúró féachaint an bhféadfaí cead a thabhairt do CPCanna, faoi choinníollacha atá fós le cinneadh, páirt a ghlacadh i gcomórtais inmheánacha ar bhealach comhchosúil le foireann na Parlaiminte; á chur i bhfáth go bhféadfadh lucht saothair níos cuimsithí, níos éagsúla agus níos cothroime ó thaobh na geografaíochta de a bheith mar thoradh ar rannpháirtíocht níos láidre CPCanna i struchtúir inmheánacha na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé eolas a choinneáil agus a aistriú laistigh den Pharlaimint maidir leis na modhanna oibre inmheánacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>Ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gur bhain na sáruithe i ndáil le sonraí go príomha le feidhmchlár earcaíochta na Parlaiminte, PEOPLE, rud a rinne difear do bhaill neamhbhuana d’fhoireann na Parlaiminte den chuid is mó, lena n-áirítear CPCanna; á chur in iúl gur oth léi gur bhain an sárú sonraí le sonraí cárta aitheantais, teastais bhreithe, dioplómaí, stair fostaíochta, taifid leighis, cearta chun teidlíochtaí, árachas agus doiciméid a bhaineann le cruthúnas oibre a théann siar 10 mbliana i gcásanna áirithe; á chur in iúl gur geal léi an scéim aisíocaíochta a thug an tArd-Rúnaí isteach, i gcomhréir le dualgas cúraim na Parlaiminte, chun na costais a bhaineann le cártaí aitheantais agus/nó pasanna úsáideoirí feidhmchlár PEOPLE lena mbaineann a ionadú, le EUR 51 874 íoctha go dtí seo; á chur in iúl gur oth léi nár cumhdaíodh costas an taistil chuig an tír thionscnaimh le haghaidh na nósanna imeachta riaracháin sin; á iarraidh ar an riarachán a áirithiú go mbeidh bearta tacaíochta éifeachtach agus cothrom, lena n-áirítear treoir shoiléir ilfhreastail, tacaíocht cosanta céannachta agus aisíocaíocht nach bhfágfaidh go mbeidh costais riaracháin dhosheachanta a bhaineann le nósanna imeachta athsholáthair doiciméad ar dhaoine dá ndéantar difear; ag tabhairt dá haire gur chuir an riarachán a anailís ar na cúiseanna leis an sárú ar fáil don údarás um urscaoileadh; á iarraidh ar an riarachán anailís shoiléir a chur ar fáil don fhoireann dá ndéantar difear, lena n-áirítear iarbhaill foirne, ar na cúiseanna leis an sárú agus ar na bearta a rinneadh chun an córas lena mbaineann a aisghabháil; á chur in iúl go bhfuil sí go hiomlán ar an eolas go leanfaidh an Pharlaimint de bheith ina sprioc do chibirionsaithe amach anseo agus go bhfuil sé sár-airdeallach; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an riarachán chun aibíocht agus rialachas cibearshlándála a thimpeallachta TF a threisiú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil córas TF nua cúntóir parlaiminteach creidiúnaithe-Daoine curtha chun feidhme ag AS PERS, lena bhfeabhsaítear an próiseas earcaíochta trí bhainistiú conarthaí a lárú agus trí rochtain na bhFeisirí a chumasú, mar aon le nós imeachta lándigitithe le haghaidh seiceálacha earcaíochta leighis; á iarraidh ar AS PERS, i gcomhar le AS ITEC, a áirithiú go mbeidh cibearshlándáil an chórais sin cothrom le dáta, rud a chuirfidh cosc ar sceitheadh sonraí pearsanta; á mheas go bhfuil cibearshlándáil na gcóras TF ina bhfuil sonraí pearsanta na mball foirne uile ríthábhachtach agus á iarraidh ar AS PERS comhoibriú go dlúth le AS ITEC chun é sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thacaigh AS PERS, in 2024, le treochláir inscne agus éagsúlachta a chur chun feidhme agus gur fhorbair sé cúrsaí oiliúna maidir le héagsúlacht agus cuimsiú do gach ball foirne; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tAonad um Chomhionannas, um Chuimsiú agus um Éagsúlacht AS PERS a nós imeachta inmheánach maidir le cóiríocht réasúnta a chuíchóiriú in 2024, lena gcothaítear comhionannas, cuimsiú agus éagsúlacht, agus gur chuir sé comhairle ar fáil freisin don Aonad Foghlama agus Forbairt maidir le cóiríocht réasúnta do chúrsaí oiliúna; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an t-aonad 20 cúrsa oiliúna agus imeacht feasachta do 2 334 rannpháirtí freisin, lena n-áirítear cúrsa nua éagsúlachta agus cuimsithe do gach ball foirne, agus gur óstáil sé imeachtaí maidir le comhionannas inscne, míchumas agus cuimsiú LADTIA+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh cinneadh idirinstitiúideach comhchoiteann maidir le liúntas tithíochta d’fhoireann ar ghrád níos ísle atá ina gcónaí i Lucsamburg; á mheas gur ionstraim riachtanach í chun tacú le foireann ar ghrád níos ísle chun na costais tithíochta atá díréireach ard a chothromú, chomh maith le huirlis riachtanach chun tarraingteacht shuíomh na Parlaiminte i Lucsamburg a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur ionstraim shealadach í an ionstraim agus á iarraidh ar an bParlaimint intuarthacht fhadtéarmach a áirithiú don fhoireann lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á mheabhrú gur seoladh feachtas frithchiaptha uile-Pharlaiminte na Parlaiminte ‘Aontaithe i gcoinne an Chiaptha’ an 22 Deireadh Fómhair 2024, lena rannchuidítear letimpeallacht oibre shábháilte; á chur in iúl gur geal léi, sa bhreis ar an bhfeachtas faisnéise, go raibh an cúrsa oiliúna ‘Urraim agus dínit ag an obair - Coinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre’ d’Fheisirí éigeantach agus gur chuir na Feisirí i gcrích é sa chéad bhliain den reachtas; á thabhairt chun suntais gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhféadfadh baill foirne teilea-obair a dhéanamh lasmuigh den áit fostaíochta; ag tabhairt dá haire gur féidir le baill foirne na Parlaiminte an cineál teilea-oibre sin a úsáid ar feadh cúig lá in aghaidh na bliana; ag tabhairt dá haire go ndéanann institiúidí eile de chuid an Aontais foráil ar an meán do 15 lá in aghaidh na bliana; á iarraidh go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht réamhghníomhach ar na bealaí nua oibre; á mheabhrú a thábhachtaí atá fíor-idirphlé le baill foirne maidir le hábhair ríthábhachtacha a bhaineann le bealaí nua oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfáth gur bearta ríthábhachtacha iad seirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán a chuirtear ar fáil do na Feisirí agus don fhoireann chun cur chun feidhme éifeachtach an bheartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil cáilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn saoráid cúraim leanaí Wayenberg sa Bhruiséil do leanaí atá in aois réamhscoile ag fulaingt ó thaobh cáilíochta de mar gheall ar an athrú a tháinig go minic ar an soláthraí seirbhíse ó 2020 i leith; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbreithneofaí an gá atá le caighdeáin ardcháilíochta a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag meabhrú mholadh na Parlaiminte don Choimisiún i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 maidir le beartas ionracais an Choimisiúin, go háirithe ceapadh Ardrúnaí an Choimisiúin Eorpaigh (2018/2624(RSP)) ‘athbhreithniú a dhéanamh ar a nós imeachta riaracháin maidir le hoifigigh shinsearacha a cheapadh d’fhonn a áirithiú go hiomlán go roghnófar na hiarrthóirí is fearr faoi chuimsiú na trédhearcachta agus na gcomhdheiseanna is mó is féidir’; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Pharlaimint, maidir le nósanna imeachta ceapacháin, na caighdeáin is airde a chomhlíonadh i gcónaí ó thaobh trédhearcachta, cuntasachta agus dea-riaracháin de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh ar an bParlaimint an úsáid is fearr is féidir a bhaint as a hacmhainní daonna, lena n-áirítear trí bhearta oiliúna leanúnacha iomchuí a chur chun feidhme, arb é is aidhm dóibh éifeachtacht agus éifeachtúlacht seirbhísí inmheánacha a fheabhsú; á iarraidh go gcuirfí oiliúint gharchabhrach ar fáil go rialta ar leibhéal an tosaitheora agus ar an leibhéal idirmheánach, chomh maith le hoiliúint gharchabhrach a dhéanamh mar chuid dheonach den chlár ionduchtaithe do bhaill foirne nua; á iarraidh ar an riarachán féachaint an bhféadfaí dífhibrileoirí breise a shuiteáil d’fhonn sláinte agus sábháilteacht a fheabhsú do na Feisirí agus don fhoireann, lena n-áirítear oiliúint a sholáthar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus Lóistíocht (AS INLO) freagrach as foirgnimh, oibreacha, bainistiú saoráidí agus lóistíocht na Parlaiminte; á thabhairt dá haire go gcuireann AS INLO lónadóireacht agus iompar ar fáil freisin, agus go ndéanann sé spásanna oifige agus cruinnithe na Parlaiminte a bhainistiú agus a fheistiú; á mheabhrú gur bhainistigh AS INLO go háirithe punann tógála na Parlaiminte de thart ar 1.3 milliún m² sa Bhruiséil, i Lucsamburg, in Strasbourg, sna hOifigí Idirchaidrimh agus i saoráidí Europa Experience sna Ballstáit; á thabhairt dá haire go raibh 635 bhall foirne in AS INLO faoin 31 Nollaig 2024, ar oifigigh iad 311 díobh, gur baill foirne shealadacha iad 20 díobh, agus gur baill foirne ar conradh iad 326 díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh AS INLO agus EUR 258 638 966 in 2024, arb ionann iad agus 10,9 % de bhuiséad na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais gur gealladh EUR 256 935 431 san iomlán den mhéid sin; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhór a bhaintear as leithreasuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag meabhrú na tacaíochta a chuir tromlach mór na Parlaiminte in iúl do shuíochán aonair; ag tabhairt dá haire, de réir CAE, go mbeidh suíomh na Parlaiminte in Strasbourg, áit a dtionólfar an 12 thréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla agus gur gá aontoilíocht na mBallstát chun aon athrú a dhéanamh ar na Conarthaí; ag tabhairt dá haire gur féidir coigilteas oibríochtaí a bhaint amach laistigh de chreat reatha an Chonartha trí bharrfheabhsú oibríochtaí; á iarraidh go mbunófaí garspriocanna nithiúla agus plean gníomhaíochta chun laghduithe costais sainaitheanta a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag spreagadh an riaracháin leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar cháilíocht, praghsáil agus raon na seirbhísí lónadóireachta a thairgtear laistigh den Pharlaimint, d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh critéir soláthair cothromaíocht leordhóthanach idir breithnithe praghais agus cáilíochta; á iarraidh ar AS INLO féachaint ar roghanna chun iomaíocht a fheabhsú i measc soláthraithe seirbhíse lónadóireachta chun feabhas a chur ar chaighdeáin seirbhíse, ar rogha agus ar chost-éifeachtúlacht, go háirithe i gcomhthéacs imeachtaí oifigiúla agus seirbhísí cuairteoirí; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte tuairisc a thabhairt don Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint maidir leis an toradh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir an riarachán ‘Straitéis Tógála Tar éis 2019’ na Parlaiminte chun feidhme in 2024, agus gur bhain sé a phríomhchuspóirí amach; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndíríonn AS INLO anois, tar éis blianta d’fhás chumhachtaí institiúideacha na Parlaiminte, ar chomhdhlúthú stoc foirgneamh na Parlaiminte agus ar athchóiriú na n-áitreabh atá ann cheana, á chur in iúl gur geal léi tiomantas AS INLO ról na Parlaiminte i gcathracha Strasbourg, na Bruiséile agus Lucsamburg a fhorbairt tuilleadh, tionscadail leasa choitinn a chothú, agus na suíomhanna a nascadh leis na ceantair máguaird;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte leanúint de straitéis tógála ghníomhach a shaothrú, riachtanais bhonneagair agus lóistíochta a chomhtháthú, athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta coigilte costais, amhail úsáid teicneolaíochtaí cruinnithe hibrideacha, agus comhdhlúthú gníomhaíochtaí parlaiminteacha; á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go gcuirfear a cuspóirí príomhshruthaithe bithéagsúlachta san áireamh freisin i dtionscadail bainistithe agus athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear meastachán ar na costais ghaolmhara; ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíocht chasta agus grinnscrúdú suntasach dlíthiúil i gceist le mórthionscadail tógála; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte tuairisciú struchtúrtha ex-post a áirithiú don údarás um urscaoileadh maidir leis na tionscadail sin, lena n-áirítear próisis chaibidlíochta, bearta maolaithe riosca agus measúnuithe dlíthiúla, chun trédhearcacht agus foghlaim institiúideach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ganntanas leanúnach seomraí cruinnithe agus seimineáir laistigh den Pharlaimint, rud a fhágann go bhfuil sé ag éirí níos deacra spásanna áirithinte a chur in áirithe agus go bhfuil gá le pleanáil i bhfad roimh ré; á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an staid sin bac ar eagrú éifeachtúil na hoibre parlaimintí agus go gcuireann sí teorainn leis an tsolúbthacht d’Fheisirí agus do bhaill foirne; ag tabhairt dá haire an t-athchóiriú atá ar na bacáin ar fhoirgneamh SPAAK atá i gcomhréir le ceanglais feidhmíochta fuinnimh an Aontais; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte bearta a chur chun feidhme chun tionchar an athchóirithe a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh saoráidí leordhóthanacha ar fáil chun tacú le riachtanais oibríochtúla na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tabhairt dá haire tionscadail tógála in 2024, agus go háirithe, críochnú Sciathán Thiar fhoirgneamh ADENAUER II i Lucsamburg, lena dtugtar baill foirne agus seirbhísí uile na Parlaiminte le chéile faoin díon céanna; á thabhairt dá haire gur tugadh an pailliún nua slándála agus fáiltithe cuairteoirí i bhfoirgneamh WEISS in Strasbourg chun críche in am do thús an reachtais nua i mí Iúil 2024; á thabhairt dá haire go bhfuarthas foirgneamh TRÈVES II sa Bhruiséil, lena ndéantar stoc foirgneamh na Parlaiminte i gceantar Eorpach na cathrach a chomhdhlúthú tuilleadh; á iarraidh go gcuirfí amchlár nuashonraithe ar fáil chun TRÈVES I agus TRÈVES II a idirnascadh leis na príomhfhoirgnimh lárnacha sa Bhruiséil; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar roinnt fadhbanna struchtúracha atá fós ar feitheamh i bhfoirgneamh TRÈVES I amhail an córas téimh éagobhsaí, an easpa aerchóirithe agus leithris do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, an drochdhíonadh fuaime, chomh maith leis an bhfadhb séarachais; á mholadh go ndéanfaí gaothairí aeir téimh a ghlanadh níos minice i bhfoirgneamh SPINELLI chun carnadh deannaigh agus múscáin in oifigí a chosc agus chun sláinte na foirne ag an obair a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á mheabhrú gur phléigh an Biúró, le linn an chruinnithe a bhí aige an 12 Meitheamh 2023, na céimeanna chun foirgneamh SPAAK a athchóiriú; á thabhairt dá haire gur chuir an Biúró in iúl gurbh fhearr leis athchóiriú cuimsitheach comhshaoil agus gur fhormheas sé an tionscadal an 11 Nollaig 2023; á chur in iúl go bhfuil dul chun cinn déanta ag AS INLO maidir leis na réamhthionscadail i ndáil le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK trí staidéir a sheoladh i ndáil le seomra teicniúil lárnach nua na hArd-Stiúrthóireachta um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha (AS LINC), atheagrú ar an Siopa Priontála, aistriú na gComh-Aireachtaí agus réimse na meán agus an phreasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-áirítear EUR 4 mhilliún i meastacháin 2026 le haghaidh staidéar agus in oibreacha ullmhúcháin an chonraitheora a bhaineann le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK agus go meastar gurb ionann na costais fhoriomlána agus EUR 36 mhilliún; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, nach n-áirítear EUR 32 mhilliún de chostais a bhaineann le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK i meastacháin 2026; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an Ardrúnaí na costais sin a chumhdach trí aistriú fuílleach nó trí úsáid iasachta; á iarraidh ar an Ardrúnaí faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil don Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint maidir le hiasacht fhéideartha chun na costais sin a chumhdach a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire, amhail ó mhí na Nollag 2024, gurb ionann costais dhíreacha thionscadal SPAAK agus EUR 14,12 milliún; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór dlúthfhaireachán cúramach a dhéanamh ar éabhlóid na gcostas a bhaineann le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhforbraíonn AS INLO coincheap chun spás oifige a bharrfheabhsú agus é mar chuspóir acu oifigí reatha a úsáid ar bhealach a bhaineann leas as acmhainneacht iomlán bhaill foirne na Parlaiminte agus a choinníonn gníomhach go sóisialta iad laistigh den Pharlaimint; á thabhairt dá haire, maidir leis an gcoincheap sin, go n-úsáidtear foirgnimh MARTENS, TRÈVES II agus ARENDT sa Bhruiséil mar inspioráid, ag díriú ar ‘ionad oibre gníomhaíochtbhunaithe’ lena n-áirítear réimsí sóisialta le haghaidh cruinnithe, cruinnithe neamhfhoirmiúla agus malartuithe; á thabhairt dá haire go ndearnadh staidéar freisin ar choincheap ginearálta d’fhoirgneamh KOHL, agus a theorainneacha struchtúracha agus a shrianta buiséadacha á gcur san áireamh; á iarraidh ar AS INLO peirspictíochtaí na n-úsáideoirí a dhéanamh lárnach d’fhorbairt an choincheapa sin agus tosaíocht a thabhairt dá chur chun feidhme i bhfoirgnimh ina bhfuil an gá is mó le barrfheabhsú, agus i gcomhairle i gcónaí leis na hionadaithe foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfios go raibh sciar mór de na suíocháin a bhí ar fáil sa chabhlach feithiclí a bhí ag comaitéireacht idir an Bhruiséil agus Strasbourg do sheisiúin iomlánacha fós gan áitiú in 2024; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte féachaint an bhféadfaí an grúpa úsáideoirí a leathnú agus úsáid níos éifeachtúla á baint as an bhflít seirbhísí, agus a áirithiú ag an am céanna go ndaingneofar suíocháin na bhFeisirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag spreagadh an ghiomnáisiam chun níos mó cúrsaí a thairiscint a thacaíonn le folláine fhisiciúil agus mheabhrach, chun raon níos leithne foirne a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á mheabhrú gurb é AS FINS an comhlacht riaracháin atá freagrach as gnóthaí buiséadacha agus airgeadais na Parlaiminte; á thabhairt dá haire go raibh 262 bhall foirne ann faoin 31 Nollaig 2024, ar oifigigh iad 134 díobh, gur gníomhairí sealadacha iad 51 díobh, gur gníomhairí ar conradh iad 77 díobh, agus nach raibh aon bhaill foirne gníomhaireachta ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh AS FINS agus EUR 442 954 175 in 2024, , arb ionann iad agus 18,6 % de bhuiséad na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais, den mhéid sin, gur gealladh EUR  441 848 935  san iomlán (99,75 %); á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhór a bhaintear as leithreasuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh ar AS FINS dul i dteagmháil go gníomhach le moltaí ECFE maidir le  Dea-Chleachtais do Pharlaimintí i mBuiséadú (2022–23) agus cur chun feidhme an bhuiséadaithe feidhmíochtbhunaithe a neartú; á mheabhrú go bhfuil buiséadú feidhmíochtbhunaithe glactha cheana féin ag go leor Ballstát agus gur thuairiscigh siad coigilteas suntasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-éilíonn an brú fioscach atá ann faoi láthair stuamacht agus éifeachtúlacht airgeadais, laistigh de bhuiséad riaracháin na Parlaiminte freisin, chun freagracht institiúideach a léiriú, i gcás inarb iomchuí agus gan a ról i suíomh institiúideach an Aontais agus a phríomhfheidhmeanna a chur i mbaol; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte féachaint ar uirlisí nuálacha buiséadaithe, lena n-áirítear buiséadú atá bunaithe ar fheidhmíocht, a d’fhéadfadh trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht an phróisis buiséadaithe a fheabhsú, lena n-áiritheofar go gcaithfear acmhainní poiblí go freagrach; ag tabhairt dá haire nár cheart go rachadh na roghanna sin chun dochair do na gealltanais airgeadais atá beartaithe nó atá déanta cheana agus nár cheart go ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith do cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear d’Fheisirí agus don fhoireann ná do na hoibleagáidí airgeadais arna dtabhú bunaithe ar na rialacha atá i bhfeidhm cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á thabhairt dá haire gur bhliain speisialta a bhí in 2024 do AS FINS sa mhéid gurbh í bliain na dtoghchán Eorpach í, a bhí ar siúl i mí an Mheithimh 2024; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach ar ghníomhaíochtaí tacaíochta d’Fheisirí in 2024, lena mbainistítear cearta agus oibleagáidí na bhFeisirí atá ag dul as oifig agus na bhFeisirí nuathofa araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á mholadh go mbunódh AS FINS cur chuige rioscabhunaithe maidir le caiteachas agus próisis na bhFeisirí atá ailínithe le prionsabail an dea-rialachais a rialú agus a iniúchadh, go háirithe trédhearcacht, cuntasacht, freagrúlacht agus cothromas; á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach leibhéal bunlíne rialaithe (samplabhunaithe) a bheith ann chun comhlíonadh na rialacha a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, i gcás ina bhfuil riosca níos airde ann go ndéanfaidh Feisire caiteachas neamhrialta, gur féidir leis an riarachán a cheart a fheidhmiú chun na cistí lena mbaineann a sheiceáil; ag cur béim ar an bhfíoras, cé go gcuirtear fáilte roimh rialuithe den sórt sin, go mbraitheann a n-éifeachtacht ar obair leantach a dhéanamh go tráthúil ar chaiteachas neamhrialta a sainaithníodh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag aithint na faidhbe a bhaineann le baill foirne a mhealladh chuig AS FINS, mar gheall ar easpa iarrthóirí ar liostaí EPSO i réimsí airgeadais agus TF, agus deacrachtaí maidir le baill foirne a mhealladh chuig Lucsamburg, áit a bhfuil 45 % de phoist AS FINS bunaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil sé deacair baill foirne a mhealladh chuig Lucsamburg toisc go bhfuil an luach saothair ar an margadh saothair áitiúil comhionann nó níos fearr ná sa Pharlaimint, agus go bhfuil an costas maireachtála ard, go háirithe maidir le tithíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>ag tabhairt dá haire an tionscnaimh ‘Aistriú Digiteach agus Claochlú Caipitil AS FINS 2024’ a bhféachann an chéad dá chlár de (‘Claochlú digiteach le haghaidh seirbhísí airgeadais feabhsaithe do na Feisirí’ agus ‘Claochlú digiteach le haghaidh seirbhísí feabhsaithe do riarachán na Parlaiminte’) le claochlú digiteach na seirbhísí a thairgeann AS FINS a chur chun cinn, bídís ina bhFeisirí nó ina ngníomhaithe airgeadais de chuid na hinstitiúide; á thabhairt dá haire gurb é is chuspóir don tríú clár straitéiseach (‘Claochlú Caipitil le haghaidh ionad oibre níos táirgiúla agus níos comhtháite’) timpeallacht oibre níos táirgiúla agus níos comhtháite a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne AS FINS tar éis Thoghcháin Eorpacha 2024, le himeacht na bhFeisirí atá ag dul as oifig, agus ag fáiltiú roimh Fheisirí nua agus roimh na himeachtaí riaracháin gaolmhara; ag meabhrú an tsráidbhaile rathúil fáilte agus na faisnéise ó sheirbhísí éagsúla a tugadh le chéile chun go mbeidh na Feisirí in ann leas a bhaint as rogha ilfhreastail chun a bheith ar an eolas agus chun na dearbhuithe is gá a dhéanamh ag tús a sainordaithe; ag moladh AS FINS as 705 chomhad aonair a ullmhú, lena n-áirítear ionsamhlúcháin ar stádas a dteidlíochtaí sóisialta agus airgeadais, agus as na ceithre fhógra ó na Caestóirí a ullmhú chun na Feisirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí ag deireadh an téarma pharlaimintigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>ag tabhairt dá haire an ráitis dearbhaithe arna shíniú ag Ard-Stiúrthóir AS FINS; ag tabhairt dá haire an ráitis a rinneadh sa ráiteas dearbhaithe maidir leis an riosca iarmharach earráidí nó neamhrialtachtaí in aisíocaíocht speansas taistil áirithe d’Fheisirí, go príomha maidir leis na héilimh ar aisíocaíocht ar thaisteal i gcarr, agus íocaíocht liúntais achair agus faid taistil; ag tabhairt dá haire na gníomhaíochtaí maolaitheacha a mhol AS FINS agus á iarraidh go ndéanfaí bearta laghdaithe riosca a chur chun feidhme go pras; iarrann sí go soláthrófaí tuarascáil don údarás um urscaoileadh maidir le tionchar airgeadais agus éifeachtacht na mbeart a rinneadh, ina gcuirtear i láthair na costais a bhaineann le roghanna éagsúla fianaise-bhunaithe a rialú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur minic a théann aisíocaíocht speansas taistil d’Fheisirí thar thrí mhí; á iarraidh ar an riarachán agus ar AS FINS dlús suntasach a chur le nósanna imeachta aisíocaíochta, lena n-áirítear trí dhigitiú breise, trí phróisis fíorúcháin shimplithe agus trí spriocdhátaí inmheánacha níos soiléire, agus ceanglais rialaithe airgeadais á n-urramú go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair threisithe ar ‘Acadamh Airgeadais PE ag AS FINS’ a bhain le dhá fhíseán teagaisc déag ar líne a sholáthar, chomh maith leis an tairiscint atá ann cheana maidir le cúrsaí oiliúna pearsanta agus hibrideacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oiliúint maidir le cúrsaí airgeadais do bhaill foirne ar fud na Parlaiminte, agus á chur in iúl gur geal léi na seisiúin oiliúna soláthair do bhaill foirne na ngrúpaí polaitiúla, agus á iarraidh ar AS FINS tacaíocht fheabhsaithe a chur ar fáil do ghrúpaí polaitiúla sna próisis soláthair phoiblí, go háirithe i bhfianaise thorthaí na Cúirte; á mholadh do AS FINS ailíniú a chur ar fáil ar chleachtais a chuireann grúpaí polaitiúla éagsúla i bhfeidhm i réimse an tsoláthair phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé de shaoirse ag na Feisirí an úsáid a bhaineann siad as na cistí faoin Liúntas Caiteachais Ghinearálta (GEA) a dhoiciméadú; á thabhairt chun suntais gur féidir leo é sin a dhéanamh go deonach go mion nó de réir chineál an chostais, astu féin nó le tacaíocht ó iniúchóir seachtrach, agus gur féidir leo rogha a dhéanamh an fhaisnéis sin a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach ar a leathanach ar líne ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte i gcomhréir le Riail 11(2) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar liosta simplithe de chineálacha costas a chomhtháthú sna Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht na bhFeisirí agus go bhfuil leasú lena soiléirítear an fhéidearthacht d’Fheisirí GEA a úsáid nuair a ghlactar ídiú liúntas eile freisin; á thabhairt dá haire gur cuireadh na Feisirí uile ar an eolas faoi shainiúlachtaí an liúntais sin; á mheas gur dea-chleachtas é an trédhearcacht uasta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann GEA agus EUR 4 950 in aghaidh na míosa in 2024 agus gurb ionann é agus thart ar EUR 40 milliún in aghaidh na bliana; á mheabhrú nach ndearnadh aon innéacsú ar an liúntas in 2022 ná in 2024; ag tabhairt dá haire go gcomhlíonann an Pharlaimint na rialacha reatha maidir le GEA; á mheabhrú gur gá ualach riaracháin neamhriachtanach ar na Feisirí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leagtar síos leis na Bearta Cur Chun Feidhme reatha do Reacht na bhFeisirí ceanglais trédhearcachta maidir le bainistiú airgeadais GEA; ag tabhairt dá haire chur in iúl gur oth léi, ag an gcruinniú a bhí aige an 17 Deireadh Fómhair 2022, gur ghlac an Biúró an cinneadh sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an Ard-Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshádáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann AS ITEC seirbhísí agus trealamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) ar fáil don Pharlaimint, seirbhísí físchomhdhála agus ilmheán chomh maith le seirbhísí foilsitheoireachta agus priontála; á thabhairt dá haire go raibh 579 mball foirne in AS ITEC faoin 31 Nollaig 2024, ar oifigigh iad 369 díobh, gur gníomhairí sealadacha iad 70  díobh agus gur baill foirne ar conradh iad 140  díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh ar an bParlaimint straitéis chuimsitheach um chlaochlú digiteach a ghlacadh, lena n-ionchorpraítear réitigh theicniúla maidir le bainistiú doiciméad agus cumarsáid chun trédhearcacht a áirithiú, éifeachtúlacht a fheabhsú, slándáil a choimirciú agus bogadh i dtreo riarachán gan pháipéar; á iarraidh go bhforbrófaí ardáin dhigiteacha sholáimhsithe chun ríomh-rannpháirtíocht a fheabhsú, rud a chuirfidh ar chumas shaoránaigh an Aontais aiseolas a sholáthar maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe agus rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte i bhfíor-am;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe deiridh AS ITEC agus EUR  179 396 522 in 2024, arb ionann iad agus 7,5 % de bhuiséad na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais gur gealladh EUR  179 349 479 san iomlán den mhéid sin; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhór a bhaintear as leithreasuithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag AS ITEC chun cibearshlándáil a sholáthar i bhfianaise na bagartha agus an tírdhreacha riosca atá ag dul i méid i gcónaí agus a dhéanann difear don Pharlaimint; á thabhairt dá haire gur tháinig Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i bhfeidhm lenar cuireadh misean CERT-EU ar bhonn foirmiúil mar an tSeirbhís Chibearshlándála d’eintitis an Aontais; á thabhairt dá haire go mbunaítear freisin le Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 Bord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB), a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin sin agus as tacú leis i ngach eintiteas de chuid an Aontais; á thabhairt dá haire go bhfuil an Pharlaimint ina Cathaoirleach ar an mbord sin ó 2024 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á thabhairt dá haire, tar éis chinneadh an Bhiúró i mí Feabhra 2021 maidir leis an ngá lárionad sonraí na Parlaiminte a choinneáil sa chaighdeán tionscail is airde atá ar fáil (Leibhéal IV), gur dhámh AS ITEC an conradh in 2022, lenar ceadaíodh an lárionad sonraí a bhunú agus a chur i bhfeidhm in 2023; á thabhairt chun suntais go n-áirithítear leis an infheistíocht shuntasach sin bonneagar a sheasfaidh an aimsir do na blianta amach romhainn, agus go bhfuil sí ríthábhachtach chun timpeallacht oibre hibrideach láidir a choinneáil don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór breathnú ar an gcibearshlándáil mar thosaíocht lárnach leanúnach ag gach céim d’oibríochtaí seachas mar sprioc amháin; á thabhairt chun suntais go n-éilíonn an chibearshlándáil straitéis chuimsitheach lena gcuimsítear gach gné den rialachas digiteach laistigh den Pharlaimint; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúir rialachais TF na Parlaiminte, lena moltar cur chuige níos láidre agus níos inoiriúnaithe i leith na cibearshlándála lena mbreithnítear saolré iomlán na gcóras faisnéise, i bhfianaise líon méadaitheach na bhfeidhmchlár, níos mó ná 20 faoi láthair, a bhfuil rochtain dhíreach orthu tríd an idirlíon; á thabhairt chun suntais go n-éilíonn an staid sin maoirseacht fheabhsaithe chun leochaileachtaí a íoslaghdú agus chun sonraí institiúideacha a chosaint ar bhagairtí seachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á iarraidh go leanfaí d’infheistíochtaí i mbonneagar cibearshlándála, chomh maith le hoideachas agus acmhainní leanúnacha do bhaill foirne, chun cultúr comhfhiosachta slándála a threisiú lena neartaítear athléimneacht na Parlaiminte i gcoinne bagairtí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>ag tabhairt dá haire na béime ar fheasacht a chruthú i measc na bhFeisirí agus na foirne uile maidir leis an gcibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi an tairiscint oiliúna a chuireann AS ITEC agus AS PERS ar fáil; á thabhairt dá haire go bhfuil líon ard rannpháirtithe sna cúrsaí oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil, a shroicheann 33 rannpháirtí le haghaidh cúrsaí oiliúna agus 1 800 rannpháirtí ar a laghad i ngníomhaíochtaí múscailte feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á thabhairt dá haire nach bhfuil an córas Bainistíochta Acmhainní Daonna (Tairseach HRM) atá ann faoi láthair comhtháite go leordhóthanach le córais eile de chuid na Parlaiminte; á thabhairt dá haire go gceanglaítear fós le nósanna imeachta simplí amhail iarrataí ar shaoire ar chúntóirí parlaiminteach creidiúnaithe doiciméid a íoslódáil, a phriontáil, a scanadh agus a tharchur de láimh, agus nach mór iarmhéideanna saoire a sheiceáil ar ardán ar leithligh; á chur i bhfáth go gcruthaíonn na próisis ilroinnte sin ualach riaracháin nach bhfuil gá leis agus neamhéifeachtúlachtaí sreafa oibre; á iarraidh ar an riarachán na nósanna imeachta sin a nuachóiriú agus a chuíchóiriú agus idir-inoibritheacht iomlán a áirithiú idir uirlisí HRM agus córais eile de chuid na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur leathnaíodh an tacaíocht d’Fheisirí chun uaireanta neamhoibre agus laethanta dúnta oifige a chur san áireamh; á thabhairt dá haire, chun freastal ar éabhlóid riachtanais agus chleachtais oibre na bhFeisirí, bunaithe ar shuirbhéanna úsáideoirí agus ar iarrataí díreacha ó na Comhlachtaí Rialaithe, gur imscaradh sraith nua seirbhísí tacaíochta TF tiomnaithe d’fheistí príobháideacha MacOS agus iOS na bhFeisirí; á thabhairt chun suntais go bhfuil cúnamh teicniúil do na meáin shóisialta á chur chun cinn, mar aon le raon iomlán seirbhísí a bhaineann le gnéithe teicniúla an chruthaithe closamhairc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh creat rialachais nua do Intleacht Shaorga, le Bord Rialachais Intleacht Shaorga a dhéanann maoirseacht ar straitéis agus treochlár Intleacht Shaorga na Parlaiminte agus comhlíonadh rialála agus maoirseacht eiticiúil a áirithiú, Grúpa Stiúrtha Idir-ASanna maidir le Intleacht Shaorga atá freagrach as straitéisí Intleacht Shaorga a dhréachtú, príomhchumais a fhorbairt agus sábháilteacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú, agus Lárionad Inniúlachta Intleacht Shaorga laistigh de AS ITEC, a threoraíonn, a chuireann chun cinn agus a dhéanann faireachán ar thionscnaimh Intleacht Shaorga ar fud na Parlaiminte; á thabhairt dá haire go n-áiritheofar leis an gcreat rialachais sin trédhearcacht agus comhlíonadh Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2024 agus go dtiocfaidh a fhorálacha i bhfeidhm ó 2025 ar aghaidh; á thabhairt dá haire gur féidir le baill foirne na Parlaiminte úsáid a bhaint as uirlisí Intleacht Shaorga giniúnaí tríú páirtí atá ar fáil go poiblí má urramaíonn siad na treoirlínte maidir le húsáid uirlisí Intleacht Shaorga atá ar fáil go poiblí do bhaill foirne na Parlaiminte, arna bhformheas ag an Ardrúnaí an 16 Aibreán 2024, ar an tuiscint dhocht nach dtacaíonn siad ach le dualgais ghairmiúla; á iarraidh ar an riarachán dlús a chur lena iarrachtaí oiliúint a chur ar an bhfoireann maidir le húsáid éifeachtúil agus shlán teicneolaíochtaí nua amhail IS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saincheisteanna cothrománacha a bhfuil impleachtaí acu ar bhuiséad na Parlaiminte don bhliain airgeadais 2024 </STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING BOLD="on">Trédhearcacht agus eitic</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go bhfuarthas sé thuarascáil ar chásanna sceithirí faoi na Rialacha Inmheánacha lena gcuirtear Airteagal 22c de na Rialacháin Foirne chun feidhme, cúig cinn trí bhealaí oifigiúla agus ceann amháin ó institiúid eile de chuid an Aontais; á thabhairt dá haire gur tarchuireadh cás amháin chuig OIPE, go raibh fiosrúcháin riaracháin mar thoradh ar dhá chás, agus gur seoladh ceann amháin chuig an gCoiste Comhairleach maidir le Cód Iompair na bhFeisirí, agus gur spreag an tuarascáil sheachtrach fiosrúchán freisin; á chur in iúl gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2024, i gCás T-793/22 nach raibh na bearta uile is gá déanta ag an bParlaimint chun a áirithiú go raibh cosaint chothrom agus éifeachtach ag sceithire i gcoinne aon chineál frithbhirt; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt freisin nach ndearna an Pharlaimint rúndacht an sceithire a chosaint go leormhaith; ag tathant ar an bParlaimint a rialacha inmheánacha a thabhairt i gcomhréir go hiomlán le Treoir (AE) 2019/1937;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh oiliúint eitice fós ina tosaíocht agus, agus gan ach 13 sheisiún ‘<STRING ITALIC="on">Let’s Talk Ethics</STRING>’, go bhfuair 178 mball foirne oiliúint, gur shroich cúrsaí saincheaptha 109 rannpháirtí, agus gur bhain an t-ionduchtú éigeantach do CPCanna ráta críochnaithe 72 % amach; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an cúrsa nua do bhainisteoirí maidir le ceannaireacht eiticiúil agus cosc ar chiapadh oiliúint ar fáil do 320 bainisteoir thar 33 sheisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á áitiú go ndéanfaí na bearta trédhearcachta, cuntasachta agus rialachais eiticiúil a threisiú; á mheas nach mór don Pharlaimint cultúr ionracais a áirithiú lena leabaítear caighdeáin eiticiúla in oibríochtaí laethúla toisc nach ndéanann siad dochar do mhuinín na saoránach agus toisc go dtreisíonn sí a dlisteanacht maidir le maoirseacht; á iarraidh go leanfaí den chomhar agus den idirphlé maidir le sláine, trédhearcacht agus caighdeáin iompair laistigh d’institiúidí an Aontais agus go neartófaí an comhar agus an t-idirphlé sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>ag aithint na meastóireachta dearfaí ar chur chun feidhme teicniúil an Chóid Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le Sláine agus Trédhearcacht, mar a tuairiscíodh don Bhiúró; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun trédhearcacht a fheabhsú ar fud earnálacha agus sheirbhísí uile na Parlaiminte, agus béim ar leith á leagan ar tháirgeadh reachtach; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar riarachán na Parlaiminte gan tabhairt isteach ceanglas trédhearcachta a theorannú don leibhéal bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann na rialacha cosc ar Fheisirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí stocaireachta íoctha atá nasctha go díreach le próiseas cinnteoireachta an Aontais; á chur i bhfios go bhfuil sé ar neamhréir leis na rialacha seo, a bheith i seilbh poist lena ngabhann tuarastal in eintitis laistigh de raon feidhme an Chláir Trédhearcachta, agus feidhmeanna parlaiminteacha a bheith á bhfeidhmiú ag an am céanna sa réimse beartais céanna nó a bheith ag dul i mbun teagmháil le teagmhálacha gaolmhara leis an gCoimisiún nó an Chomhairle; á iarraidh go ndéanfar staideanna den sort sin a scrúdú agus, i gcásanna ina suitear sáraithe, go ndéanfar smachtbhannaí comhréireacha a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a bhaintear as an gClár Trédhearcachta mar uirlis faisnéise agus tagartha le haghaidh gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa ar leibhéal an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur forbraíodh réitigh TF chun feabhas a chur ar an gClár Trédhearcachta, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil a Rúnaíocht fós tearcmhaoinithe agus nach bhfuil dóthain foirne aici; ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht na n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta agus á mheabhrú gur gá leanúint de sheiceálacha cáilíochta sonraí ar iarratasóirí nua a neartú; á chur in iúl gur díol sásaimh di bunú caighdeán láidir sa Pharlaimint maidir le trédhearcacht agus rochtain ar institiúidí le haghaidh eintitis a liostaítear sa Chlár Trédhearcachta; á iarraidh go ndéanfaí an Clár Trédhearcachta agus an Córas Trédhearcachta Airgeadais a idirnascadh chun cros-seiceálacha ar eintitis a liostaítear sa Chlár Trédhearcachta a cheadú agus chun leordhóthanacht na sonraí arna dtíolacadh a fhíorú; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le réamhscagadh cuimsitheach airgeadais ar na heintitis uile sula liostaítear iad sa Chlár Trédhearcachta, agus á iarraidh, ina leith sin, go gcuirfí acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Chlár Trédhearcachta chun go bhfeidhmeoidh sé agus chun a rialacha inmheánacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach; á iarraidh, thairis sin, ar riarachán na Parlaiminte trédhearcacht idirinstitiúideach sna meáin a áirithiú agus gach eagraíocht meán a fhaigheann cistí ón Aontas a nochtadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt scrúdú sonrach a dhéanamh ar chistiú na meán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Digitiú, cibearshlándáil agus Intleacht Shaorga</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á iarraidh ar an bParlaimint leanúint dá hiarrachtaí a neartú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chriticiúla nithiúla amhail an chibearshlándáil agus Intleacht Shaorga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á mheabhrú gur bhunaigh an Biúró creat Rialachais Intleacht Shaorga i mí an Mhárta 2024; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le straitéis chuimsitheach Intleacht Shaorga agus treochlár a ghlacadh, lena n-áirítear togra le haghaidh plean gníomhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar obair ar ardán inmheánach na Parlaiminte atá tiomnaithe do Intleacht Shaorga giniúnach; á athdhearbhú gur príomhghné é an t-ardán sin chun tionscadail IS a chur chun feidhme go comhlíontach agus go slán, go háirithe chun tacú leis na Feisirí ina ngníomhaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte a áirithiú go ndéanfar tionscadail Intleacht Shaorga a chur i gcrích i gcomhréir iomlán le ceanglais rialachais, agus rochtain á soláthar ag an am céanna ar bhealach lena ndéantar sonraí íogaire a choimirciú agus lena gceadaítear faisnéis atá ar fáil go poiblí a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte trédhearcacht agus inrochtaineacht na hoibre parlaimintí a neartú trí úsáid a bhaint as réitigh IS chun infhaighteacht chórasach tras-scríbhinní digiteacha, inchuardaithe agus in-athúsáidte de dhíospóireachtaí uile an choiste a chumasú, lena n-áirítear malartuithe le Coimisinéirí, saineolaithe agus geallsealbhóirí; á chur i bhfáth gur cheart tras-scríbhinní den sórt sin a chur ar fáil go tráthúil; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh rochtain fheabhsaithe ar dhíospóireachtaí coiste feabhas ar ghrinnscrúdú daonlathach, ar chuimhne institiúideach agus ar thuiscint na saoránach ar obair reachtach na Parlaiminte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>ag aithint na bhfeabhsuithe suntasacha a rinneadh ar shuíomh gréasáin an tseisiúin iomlánaigh, lena n-áirítear inrochtaineacht fheabhsaithe ar uirlisí fíoraithe vótála le glaoch rolla, rud a chuir le trédhearcacht agus cruinneas níos fearr na dtaifead vótála parlaiminteach; á iarraidh, mar sin féin, go ndéanfaí tuilleadh feabhsuithe ar inúsáidteacht agus ar chur i láthair na faisnéise a bhaineann le vótáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Scéim Pinsean Deonach (VPS)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>ag tabhairt dá haire tearcmhaoiniú na Scéime Pinsin Deonaí, trí easnamh EUR 105 mhilliún ag deireadh 2024 agus trí shócmhainní teoranta EUR 23,17 milliún a réamh-mheastar a bheidh ídithe faoi dheireadh 2026; ag tabhairt dá haire go n-eascraíonn oibleagáidí as gealltanais íocaíochta dlíthiúla do bhreis agus 900 comhalta go dtí 2074 ar a laghad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>á thabhairt dá haire, ag an gcruinniú a bhí aige an 12 Meitheamh 2023, gur chinn an Biúró ar mheascán beart chun coinníollacha na scéime pinsin deonaí a athrú chun aghaidh a thabhairt ar an staid; á thabhairt chun suntais gur áiríodh ar na bearta sin laghdú 50 % ar an bpinsean ainmniúil ní hamháin do thairbhithe amach anseo a bhfuil cearta pinsin acu atá á bhfáil ach freisin do thairbhithe reatha a bhfuil cearta pinsin faighte acu cheana féin, go ndéanfar innéacsú bliantúil mhéideanna na bpinsean a reo, agus go méadófar an aois scoir ó 65 go 67 do na tairbhithe nach bhfuil aois an phinsin slánaithe acu go fóill; á thabhairt chun suntais go ndearna na hachtúirí meastachán ar na héifeachtaí chun oibleagáid phinsin an phinsin dheonaigh a laghdú amhail ón 1 Iúil 2023 agus toimhde achtúireach ann an 1 Iúil 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thug an Biúró ‘clásal cruatain’ isteach freisin lena gceadaítear do thairbhithe iarraidh a chur faoi bhráid na gCaestóirí ar mhéadú ar mhéid an phinsin i gcásanna ina bhfuil an laghdú suntasach; á thabhairt dá haire gur thug an Biúró isteach freisin an fhéidearthacht tarraingt siar dheonach agus chinntitheach ón scéim pinsin dheonach i bhfoirm cnapshuime deiridh aonuaire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna 405 thairbhí scéimeanna pinsin deonacha agóid i gcoinne chinneadh an Bhiúró an 12 Meitheamh 2023<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2023 lena leasaítear na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO C 227, 29.6.2023, lch. 5).</FIELD></FOOTNOTE> os comhair na Cúirte Ginearálta; ag meabhrú na mbarúlacha a thug an tArdrúnaí in éisteacht an 8 Nollaig in oirchill an rialaithe ón gCúirt Ghinearálta agus na gcúrsaí gníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt Ghinearálta an 17 Nollaig 2025 caingne na n-iar-Fheisirí a dhíbhe; á iarraidh ar an riarachán agus ar an mBiúró aghaidh a thabhairt ar an ábhar agus na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chomhlíonadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Tuarascáil bhliantúil ar chonarthaí arna ndámhachtain</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á mheabhrú go sonraítear sa Rialachán Airgeadais an fhaisnéis atá le soláthar don údarás buiséadach agus don phobal maidir le dámhachtain conarthaí ag an bParlaimint; á thabhairt dá haire go gceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais go bhfoilseofar conarthaí ar mó a luach ná EUR 15 000, luach a chomhfhreagraíonn don tairseach ar os a cionn a bheidh nós imeachta iomaíoch tairisceana éigeantach; á thabhairt dá haire, as 192 chonradh san iomlán a dámhadh in 2024, go raibh 95 chonradh bunaithe ar nós imeachta oscailte, ar luach EUR 814,2 milliún, agus ceann amháin ar nós imeachta srianta, ar luach EUR 208 000; á thabhairt dá haire gur dámhadh 81 chonradh trí nósanna imeachta idirbheartaithe, ar luach EUR 173 mhilliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Pharlaimint conarthaí os cionn EUR 15 000; á iarraidh ar an bParlaimint trédhearcacht a nósanna imeachta soláthair a fheabhsú, lena n-áirítear trí shonraí struchtúrtha meaisín-inléite a fhoilsiú i gcás ina bhfuil sé indéanta go dlíthiúil agus go teicniúil, agus trí ionchais díchill chuí shoiléire agus sásraí forfheidhmithe a chomhtháthú ina slabhraí soláthair trí bhainistiú conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar líon agus luach iomlán na gconarthaí a dámhadh in 2024 (192) i gcomparáid le 2023 (242); á thabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go bhfuil líon na nósanna imeachta oscailte agus idirbheartaithe agus a luachanna níos ísle ná mar a bhí in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Grúpaí polaitiúla (mír bhuiséid 400)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>137.</NO.P>á thabhairt dá haire gur bhliain dhúshlánach a bhí in 2024 chun an caiteachas a cuireadh i gcuntas faoi mhír bhuiséid 400 a chur i láthair ar dhá chúis, agus ar an gcéad dul síos gur bliain toghcháin Eorpach a bhí ann, agus an caiteachas roinnte idir an chéad leath de 2024 (an naoú téarma reachtach) agus an dara leath de 2024 (an deichiú téarma reachtach), agus go raibh neamhrialtachtaí tromchúiseacha sna cuntais chríochnaitheacha a ndearnadh iniúchadh orthu don chéad leath de 2024 de cheann de na grúpaí polaitiúla (Grúpa ID); á thabhairt dá haire gur thug an chéad Leas-Uachtarán, san éisteacht an 8 Nollaig, le fios freisin gur iarradh faisnéis bhreise maidir leis na cuntais don dara leath de 2024, a raibh an Biúró fós ag fanacht uirthi sula ndearna sé cinneadh maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire litir an 20 Eanáir 2026 ó Ardrúnaí na Parlaiminte chuig Cathaoirleach Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte lena gcuirtear isteach na tuarascálacha iniúchóireachta don dara leath de 2024 do sheacht gcinn de na hocht ngrúpa pholaitiúla; ag cur sonrú sa tuairim neamhcháilithe do gach tuarascáil; ag tabhairt dá haire go bhfuil tuarascáil Ghrúpa PfE don dara leath de 2024 fós in easnamh mar gheall ar mhalartuithe leanúnacha idir an grúpa polaitiúil sin agus seirbhísí inniúla na Parlaiminte; á iarraidh ar Ghrúpa PfE agus ar sheirbhísí inniúla na Parlaiminte araon na saincheisteanna oscailte a réiteach go pras agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin toradh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>138.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascálacha ó na meáin inar cuireadh i leith Ghrúpa PfE gur bhain sé mí-úsáid as EUR 171 644 ar a laghad i gcistí le linn an dara leath de 2024; á thabhairt dá haire gur iarr riarachán na Parlaiminte soiléiriú ó Ghrúpa 'Tírghráthóirí don Eoraip'; ag tabhairt dá haire nár cuireadh an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas go fóill ach go bhfuil súil aige go gcuirfear ar an eolas é gan mhoill faoi aon fhorbairtí breise agus faoi thoradh na hoibre leantaí riaracháin ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>139.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ann do thuarascálacha ó iris nuachta na Gearmáine ‘Stern’, ina líomhnaítear gur óstáil Comhalta de Ghrúpa Eoraip na Náisiún Ceannasach (ESN) comhdháil ghrúpa ina raibh baill foirne agus baill teaghlaigh rannpháirteach, agus go bhféadfaí costais a ghearradh ar bhuiséad na Parlaiminte faoi mhír 400, agus gur líomhnaíodh gur bailíodh síntiúis le linn an imeachta sin do líonra ban na heite deise atá nasctha le dlúththeaghlach agus foireann Chomhaltaí Ghrúpa ESN; á mheabhrú nach mór caiteachas faoi mhír bhuiséid 400 a theorannú go docht do ghníomhaíochtaí parlaiminteacha na ngrúpaí polaitiúla agus na rialacha is infheidhme a chomhlíonadh go hiomlán; ag tathant ar AS FINS an cás a imscrúdú; agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas gan mhoill má bhraitear aon neamhchomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>140.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil freagracht airgeadais eisiach ar ghrúpaí polaitiúla agus go bhfuil siad tiomanta do bhainistiú fónta airgeadais, rialuithe éifeachtacha agus cuntasacht iomlán do chistí poiblí a áirithiú; á iarraidh go mbeadh sásraí maoirseachta leormhaithe ann laistigh de AS FINS trí níos mó acmhainní a chur ar fáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>141.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil caomhnú na sláine daonlathaí agus bunú timpeallachta cothroime do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ríthábhachtach d’fheidhmiú éifeachtach agus d’inchreidteacht an Aontais; á thabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘an tÚdarás’), ar comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é, rannpháirteach go gníomhach san iarracht sin ó bunaíodh é an 1 Meán Fómhair 2016 agus ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh nuair a bhain sé a stádas oibríochtúil iomlán amach; á thabhairt dá haire go gcuireann reachtóir an Aontais de chúram ar an Údarás clárú, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus i gcás inar gá, smachtbhannaí a fhorchur ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>142.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil an tÚdarás ag dul i dteagmháil go réamhghníomhach le líonra comhlachtaí agus institiúidí atá ábhartha do chomhchosaint dhaonlathas na hEorpa agus ag ardú feasachta ina measc; á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur oibrigh an tÚdarás leis an bParlaimint, atá freagrach as rúnaíocht Choiste na nDaoine Neamhspleácha Oirirce, chun éifeachtúlacht nós imeachta a uasmhéadú; á thabhairt dá haire gur neartaíodh an comhar maidir leis na gnéithe oibríochtúla freisin le roinnt páirti leasmhara eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí; á thabhairt dá haire gur neartaigh an tÚdarás a chomhar le Europol trí Mheabhrán Tuisceana a shíniú maidir le malartú straitéiseach faisnéise a bhaineann le cur isteach neamhdhleathach cibearchumasaithe ar dhaonlathas an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>143.</NO.P>á thabhairt dá haire gur eisigh an tÚdarás roinnt moltaí coisctheacha maidir le comhlíonadh in 2024 do pháirtithe agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí comhlíonta sula dtiocfaidh siad chun cinn, go háirithe chun feabhas a chur ar a bpróisis inmheánacha i réimse na ndeonachán, na ranníocaíochtaí agus na ngníomhaíochtaí atá beartaithe acu a eagrú; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an tÚdarás treoir ar fáil freisin arna iarraidh sin in 11 chás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>144.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an deis tugtha ag an Údarás, in ocht gcás, do na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha bearta ceartaitheacha a dhéanamh a bhaineann le rialuithe ar chomhlíonadh airgeadais a bhaineann le tabhartais thoirmiscthe, agus cásanna ina ndéantar eintitis eile a chistiú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí comhpháirteacha; chur in iúl gur geal léi go leanann an tÚdarásd’fhaireachán a dhéanamh an bhfuil bearta ceartaitheacha a bhfuil éifeachtaí fadtéarmacha acu ag áirithiú comhlíonadh marthanach sna réimsí lena mbaineann; á thabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás cinneadh amháin maidir le smachtbhannaí le linn 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>145.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an tÚdarás freisin de threoir fhairsing a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin ina dtagraítear do na réimsí riosca is coitianta a sainaithníodh agus do struchtúir a d’fhéadfadh a bheith achrannach i rialachas páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi gur chuir sí a torthaí agus a treoir leasa ghinearálta in iúl do na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>146.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L, 2025/2445, 8.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2445/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena dtugtar isteach ceanglais nua do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus é mar chuspóir leis sláine dhaonlathach agus athléimneacht a neartú; á chur i bhfios go láidir go háirithe nach mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a áirithiú anois freisin go gcomhlíonfaidh a mballpháirtithe, agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a mballeagraíochtaí, na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur treisíodh coimircí i gcoinne trasnaíocht eachtrach, agus go n-éilítear leis an gcóras smachtbhannaí athbhreithnithe smachtbhannaí i leith sáruithe inchainníochtaithe – amhail sáruithe ar rialacha maidir le deonú nó an toirmeasc ar chistiú a chur ar fáil do pháirtithe náisiúnta – a fhorchur gan deis a thabhairt bearta ceartaitheacha a dhéanamh; ag tabhairt dá haire go dearfach sa chomhthéacs sin na treoraíochta coiscthí cuimsithí a chuireann an tÚdarás ar fáil lena Phlean Gníomhaíochta um Chomhlíonadh Rialála (‘R-CAP’) chun cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach a éascú; ag spreagadh an chinnidh seiceálacha incháilitheachta a thabhairt isteach freisin laistigh de bhalleagraíochtaí, chun comhleanúnachas iomlán na mballeagraíochtaí le luachanna Airteagal 2 CAE a áirithiú agus chun sláine dhaonlathach a chaomhnú i gcistiú na Parlaiminte ar pháirtithe Polaitiúla Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>147.</NO.P>á thabhairt dá haire nach féidir leis an Údarás tús a chur le fíorú ar chomhlíonadh na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe ach amháin ar iarraidh arna taisceadh ag an bParlaimint, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>148.</NO.P>á chur i bhfáth, i bhfianaise raon feidhme leathnaithe an nós imeachta um fhíorú luachanna, a bhfuil feidhm aige anois freisin maidir le ballpháirtithe agus balleagraíocht, agus gnéithe nua eile i Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445, lena n- áirítear na nuashonruithe is díol sásaimh chun daonlathas na hEorpa a chosaint ar chur isteach eachtrach, go bhfuil sé ríthábhachtach acmhainní daonna an Údaráis a fheabhsú go hiomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>149.</NO.P>á thabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 402 in 2024 mar a leanas<FOOTNOTE><FIELD> Na méideanna uile in EUR.</FIELD></FOOTNOTE>:
</ACTION><ACTION>

<TGROUP COLS="7"><COLSPEC COLNAME="C1" COLNUM="1" COLWIDTH="18.62*"/><COLSPEC COLNAME="C2" COLNUM="2" COLWIDTH="14.06*"/><COLSPEC COLNAME="C3" COLNUM="3" COLWIDTH="12.49*"/><COLSPEC COLNAME="C4" COLNUM="4" COLWIDTH="14.64*"/><COLSPEC COLNAME="C5" COLNUM="5" COLWIDTH="13.47*"/><COLSPEC COLNAME="C6" COLNUM="6" COLWIDTH="14.08*"/><COLSPEC COLNAME="C7" COLNUM="7" COLWIDTH="12.64*"/>
<ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirti (2024)
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
Giorrúchán
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
Acmhainní dílse
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
Ranníocaíocht deiridh na Parlaiminte<FOOTNOTE><FIELD> Tá sé comhdhéanta den dara cuid de chistiú deiridh 2023 agus den chéad chuid de chistiú deiridh 2024 i gcomhréir le Cinneadh ón mBiúró an 09 Márta 2026.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
Ioncam iomlán
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
Ranníocaíocht PE mar chéatadán den chaiteachas inaisíoctha (uasmhéid 90 %)
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
Cúlchiste Sonrach tar éis 2024

dúnadh<FOOTNOTE><FIELD> Cuntais GAAP 2024 arna gcoigeartú le tionchar na n-athaicmithe ó dhúnadh 2024.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirtí an Phobail Eorpaigh
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
PPE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
2 124 050
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
11 655 962
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
13 780 012
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
261 623
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
PSE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
1 579 596
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
8 399 744
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
9 979 340
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
987 745
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirtí Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
ALDE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
766 992
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
5 726 982
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
6 493 974
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
414 768
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirtí Glas na hEorpa
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
PGE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
713 874
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
6 020 217
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
6 734 091
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
993 646
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
an Páirtí ECR
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
780 974
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
3 430 937
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
4 211 911
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
-273 939
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirtí na Féiniúlachta agus an Daonlathais<FOOTNOTE><FIELD> ‘Patriots.eu’ ó mhí Iúil 2024 ar aghaidh.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
an Páirtí ID
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
219 813
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
1 323 019
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
1 542 832
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
22 063
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Páirtí na hEite Clé Eorpaí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
ECE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
211 643
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
2 095 650
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
2 307 293
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
-42 833
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
An Páirtí Daonlathach Eorpach
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
PDE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
204 400
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
1 650 075
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
1 854 475
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
154 132
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
SCE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
232 056
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
1 056 844
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
1 288 899
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
-7 391
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Gluaiseacht Pholaitiúil Chríostaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> ‘Gluaiseacht Pholaitiúil Chríostaí na hEorpa’ ó mhí an Mhárta 2025 ar aghaidh.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
ECPM
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
100 896
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
985 861
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
1 086 757
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
90 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
-59 624
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">IOMLÁN</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">6 934 294</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">42 345 292</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">49 279 586</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">2 450 191</STRING>
</ENTRY></ROW>
</TGROUP>

</ACTION><ACTION>
<NO.P>150.</NO.P>á thabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 403 in 2024 mar a leanas<FOOTNOTE><FIELD> Na méideanna uile in EUR.</FIELD></FOOTNOTE>:
</ACTION><ACTION>

<TGROUP COLS="8"><COLSPEC COLNAME="C1" COLNUM="1" COLWIDTH="14.34*"/><COLSPEC COLNAME="C2" COLNUM="2" COLWIDTH="13.9*"/><COLSPEC COLNAME="C3" COLNUM="3" COLWIDTH="10.88*"/><COLSPEC COLNAME="C4" COLNUM="4" COLWIDTH="12.52*"/><COLSPEC COLNAME="C5" COLNUM="5" COLWIDTH="13.78*"/><COLSPEC COLNAME="C6" COLNUM="6" COLWIDTH="13.78*"/><COLSPEC COLNAME="C7" COLNUM="7" COLWIDTH="10.16*"/><COLSPEC COLNAME="C8" COLNUM="8" COLWIDTH="10.64*"/>
<ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Fondúireacht (2024)
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
Giorrúchán
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
Cleamhnaithe le páirtí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
Acmhainní dílse
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
Deontas deiridh PE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
Ioncam iomlán
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
DeontasPE mar% de na costais incháilithe (95 % ar a mhéad)
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
Cúlchiste Sonrach tar éis 2024

dúnadh<FOOTNOTE><FIELD> Cuntais GAAP 2024 arna gcoigeartú le tionchar na n-athaicmithe ó dhúnadh 2024.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Ionad Léann Eorpach Wilfried Martens
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
WMCES
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
PPE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
808 035
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
6 378 510
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
7 186 545
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
95 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
1 320 717
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
An Fhondúireacht um an Staidéar Forásach Eorpach
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
FEPS
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
PSE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
663 502
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
5 204 666
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
5 868 168
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
93 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
251 466
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
An Fóram Liobrálach Eorpach
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
ELF
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
ALDE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
373 621
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
2 722 333
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
3 095 954
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
89 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
638 880
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
An Fhondúireacht Ghlas Eorpach
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
GEF
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
PGE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
170 098
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
2 317 344
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
2 487 442
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
95 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
40 821
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
New Direction – An Fhondúireacht um Athchóiriú na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> ‘New Direction – An Fhondúireacht um Athchóiriú na hEorpa’ ó mhí Iúil 2025 ar aghaidh.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
ND
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
an Páirtí ECR
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
200 408
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
1 894 279
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
2 094 686
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
95 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
134 704
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Identité et Démocratie Fondation<FOOTNOTE><FIELD> ‘An Fhondúireacht Tírghráthóirí don Eoraip’ ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 ar aghaidh.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
Fondúireacht ID
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
an Páirtí ID
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
114 557
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
531 757
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
646 313
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
95 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
-62 575
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Transform Europe
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
TE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
ECE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
82 852
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
1 234 833
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
1 317 685
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
95 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
69 496
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Institiúid na nDaonlathaithe Eorpacha
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
IED
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
PDE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
39 000
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
530 090
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
569 090
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
87 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
-113 763
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Fondúireacht Coppieters
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
Coppieters
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
SCE
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
102 481
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
536 397
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
638 878
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
95 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
288 315
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Sallux
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
SALLUX
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">
ECPM
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
28 952
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
420 000
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
448 952
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">
93 %
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
8 781
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">IOMLÁN</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C3" VALIGN="MIDDLE">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C4" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">2 583 505</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C5" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">21 770 208</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C6" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">24 353 713</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C7" VALIGN="MIDDLE">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C8" VALIGN="MIDDLE">
<STRING BOLD="on">2 576 842</STRING>
</ENTRY></ROW>
</TGROUP>

</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>