<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0127</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0051/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2025/2147(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0147/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gComhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2024, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0051/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur an chinnidh uaithi i dtaobh urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2024 ar athló;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2025/2147(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0051/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go n-eascraíonn dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais, thar aon ní eile, as urraim dhocht do na Conarthaí, lena leagtar síos an chothromaíocht institiúideach agus dáileadh soiléir na n-inniúlachtaí; de bhrí gur oibleagáidí bunriachtanacha iad trédhearcacht, cuntasacht agus bainistíocht fhónta airgeadais d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais agus airgead na gcáiníocóirí á chaitheamh acu; de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú a thuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle (‘an Chomhairle’) agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé faoi cheangal dlí ag na Conarthaí agus ag an Rialachán Airgeadais chun trédhearcacht, cuntasacht agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, gan beann ar a chineál idir-rialtasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (an ‘Ardrúnaíocht’) cúnamh don ‘Chomhairle’, agus de bhrí go bhfuil Ardrúnaí na Comhairle iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, le breis agus 20 bliain anuas, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ó urscaoileadh bhuiséad 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur cuireadh cosc ar an bParlaimint a ról grinnscrúdaithe daonlathaigh a dhéanamh agus go raibh ar an bParlaimint diúltú d’urscaoileadh a dheonú d’Ardrúnaí na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 15(3) CFAE ar institiúidí an Aontais a áirithiú ina Rialacha Nós Imeachta go bhfuil a gcuid imeachtaí trédhearcach, agus i roinnt dá fhiosrúcháin agus dá chinntí gur cháin an tOmbudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) an Chomhairle as an easpa trédhearcachta a thugann le fios gur theip ar an gComhairle an nasc criticiúil idir an daonlathas agus trédhearcacht na cinnteoireachta a thuiscint go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí agus go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Ghinearálta i mbreithiúnas uaithi an 25 Eanáir 2023 i gCás T-163/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Eanáir 2023, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, T-163/21, CLI:EU:T:2023:15.</FIELD></FOOTNOTE>, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, maidir le trédhearcacht laistigh de phróiseas reachtach an Aontais, nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad na Comhairle faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh é a bhí ann in 2023 EUR 13,3 billiún (arbh ionann é agus 6,9 % de bhuiséad iomlán an Aontais); á thabhairt dá haire gurb é atá i mbuiséad na Comhairle EUR 0,7 billiún, arb ionann sin agus 5,26 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteideal ‘Riarachán’, an líon céanna agus a bhí ann in 2023, agus go sonraíonn an Chúirt thairis sin go gcuimsítear le caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arbh ionann é agus thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar na blianta fada, ar an iomlán, go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 cinn (23 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na trí earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta; á thabhairt dá haire nár sainaithníodh aon saincheist shonrach a bhaineann leis an gComhairle sa tuarascáil ón gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid na himeartha maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go raibh ar an bParlaimint, ó bhí 2009 ann agus arís don bhliain airgeadais 2023, urscaoileadh a dhiúltú don Chomhairle toisc go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, rud a chuireann cosc ar an bParlaimint cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar ghrinnscrúdú tromchúiseach agus críochnúil ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire, an 22 Meán Fómhair 2025, go ndearna seirbhísí ábhartha na Parlaiminte, thar ceann an rapóirtéara don nós imeachta um urscaoileadh, ceistneoir a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht ina raibh 103 cheist thábhachtacha don Pharlaimint chun gur féidir grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle agus ar bhainistiú na Comhairle; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh ceistneoirí comhchosúla chuig gach institiúid eile, agus go bhfuil freagraí mionsonraithe tugtha ag gach ceann acu ar na ceisteanna uile don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, an 3 Deireadh Fómhair 2025, gur chuir an Rúnaíocht in iúl don Pharlaimint arís eile nach dtabharfadh sí aghaidh ar cheistneoir na Parlaiminte agus nach mbeadh an Chomhairle rannpháirteach san éisteacht a eagraíodh don 6 Samhain 2025 mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh agus ina raibh na hinstitiúidí eile go léir ar tugadh cuireadh dóibh rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag athdhearbhú shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, mar atá, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a choinneáil ar bun agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le breis agus 20 bliain anuas a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, lena n-áirítear an Chomhairle; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile an Aontais; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart don Pharlaimint leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a dheonú do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin chun comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chaomhnú; á mheabhrú go gcomhoibríonn gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht eile go hiomlán leis an bParlaimint sa nós imeachta um urscaoileadh, agus á mheas nach bhfuil údar maith le diúltú na Comhairle é sin a dhéanamh agus go bhfuil sé ar neamhréir le prionsabal na dílseachta institiúidí faoi na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go dtugann an staid reatha le tuiscint nach féidir leis an bParlaimint ach tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil chomh maith leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú; á chur i bhfios go láidir go mbaineann easpa comhair na Comhairle an bonn de shaincheart na Parlaiminte a ról maoirseachta a chomhlíonadh go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa toilteanais pholaitiúil ón gComhairle, le breis agus 10 mbliana anuas, comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, rud a chruthaíonn caochspota structúrtha i gcóras srianta agus ceartúcháin an Aontais, agus go raibh tionchar diúltach marthanach aige sin ar an dá institiúid agus go bhfuil míchlú tarraingthe aige ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais agus ar mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach; á chur i bhfáth go mbaineann bac institiúideach leanúnach den sórt sin an bonn ó phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos sna Conarthaí; á mheas go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh neamh-chomhoibriú leanúnach dlisteanacht chreat rialachais bhuiséadaigh an Aontais a chreimeadh tuilleadh; á chur i bhfios go láidir nach mór don Chomhairle cloí leis na caighdeáin chéanna chuntasachta agus trédhearcachta mar atá ann d’institiúidí eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á athdhearbhú gur sárú do-ghlactha ar chuntasacht dhaonlathach é diúltú leanúnach na Comhairle páirt a ghlacadh sa nós imeachta um urscaoileadh; á iarraidh go dtabharfaí isteach bearta nithiúla agus éifeachtacha chun a áirithiú go dtabharfar aon institiúid de chuid an Aontais a mhainníonn oibleagáidí trédhearcachta a chomhlíonadh chun cuntais go hiomlán, trí bhearta praiticiúla a fhiosrú i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, agus le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena ndreasaítear comhar, lena n-áirítear coinníollacht fheabhsaithe i socruithe riaracháin agus i gceanglais tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí CBAE le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh agus á áitiú go cuirfear Airteagal 14(1) CAE i bhfeidhm go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire, an 6 Bealtaine 2025, le linn a idirghabhála i seisiún iomlánach na Parlaiminte, gur chuir Ionadaí Uachtaránacht na Comhairle in iúl go bhfuil sí toilteanach ‘páirt a ghlacadh i gcomhar fóinteach agus pragmatach idir ár n-institiúidí’ a mhéid a bhaineann le hurscaoileadh i ndáil le roinn na Comhairle de bhuiséad an Aontais, agus á iarraidh go ndéanfaí an rún sin a aistriú ina mbearta nithiúla agus láithreacha; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint ar an leibhéal is airde a luaithe is féidir, a mbeidh páirt ag Ard-Rúnaithe agus Uachtaráin an dá institiúid inti, chun deireadh a chur leis an tsáinn agus chun teacht ar réiteach a chloíonn le hinniúlachtaí institiúideacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa nós imeachta um urscaoileadh agus lena n-áirithítear trédhearcacht agus rialú láidir daonlathach ar chur chun feidhme an bhuiséid; ag athdhearbhú a hiarrata ar sheirbhísí dlí an Choimisiúin agus na Comhairle tuairim a thabhairt maidir le réitigh Chonradh-bhunaithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun cuntasacht na Comhairle a fhorfheidhmiú sa nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid reatha trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí trí inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair; á chur i bhfáth, áfach, go dtí go ndéanfar athbhreithniú den sórt sin, nach mór an staid reatha a fheabhsú trí chomhar idirinstitiúideach feabhsaithe; ag tathant ar an gComhairle, sa chiall sin, dul i dteagmháil go gníomhach leis an bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire, d’ainneoin nach bhfuil an Chomhairle toilteanach comhoibriú sa nós imeachta um urscaoileadh, go leagann an Pharlaimint béim, mar sin féin, ar roinnt tosaíochtaí polaitiúla agus go leagann sí amach roinnt barúlacha maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais na Comhairle agus barúlacha eile atá ábhartha don nós imeachta um urscaoileadh sa tuarascáil seo, ar bhealach a thugann urraim do cheannasacht náisiúnta, do na Conarthaí agus do phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt dá haire, i bhfianaise na heaspa comhair ón gComhairle leis an bParlaimint, go mbraitheann barúlacha sna ranna seo a leanas go príomha ar fhaisnéis chomhiomlánaithe a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ar faisnéis í a thugann mionsonraí teoranta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosaíochtaí polaitiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú gur chomhaontaigh an tAontas in 2024 tacaíocht airgeadais intuartha a chur ar fáil don Úcráin tríd an tSaoráid don Úcráin le haghaidh 2024–2027; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil freagracht mhéadaithe ar an gComhairle agus ar an Rúnaíocht trédhearcacht, sláine agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú sa chaiteachas riaracháin uile a bhaineann leis an gComhairle agus atá nasctha leis an gcinnteoireacht, le cruinnithe agus le socruithe lóistíochta a bhaineann leis an Úcráin, lena n-áirítear tuairisciú soiléir ar chostais ghaolmhara agus ar bhainistiú conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an Chomhairle a sainchumas i bhfeidhm sna nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin do go leor institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gan tuairimí na bpáirtithe leasmhara ná moltaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cleachtas na Comhairle maidir le ceapacháin a dhéanann Ballstáit aonair i gcás fhormhór na bpost, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur leis an méid a sheiceáiltear cáilíochtaí gairmiúla na n-iarrthóirí; á áitiú, dá bhrí sin, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar shaincheart na Comhairle d’fhonn rannpháirtíocht na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí lena mbaineann a ráthú agus a neartú agus dlisteanacht na ndaoine a cheaptar a mhéadú; á mholadh go bhféadfaí féidearthacht amháin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeadh na cáilíochtaí is gá ag iarrthóirí chun an scagadh céanna ó phainéal seachtrach a úsáidtear le haghaidh ainmniúcháin bhreithiúna agus abhcóidí ginearálta CBAE a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú, de bhun Airteagal 286(2) CFAE, go ndéanann an Chomhairle comhaltaí na Cúirte a cheapadh tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á mheabhrú, ar bhonn an réamhriachtanais sin, go dtugann an Pharlaimint tuairim maidir leis na hiarrthóirí; á chur in iúl gur oth léi gur thug an Chomhairle neamhaird arís agus arís eile ar mholtaí na Parlaiminte ina ról comhairleach maidir le comhaltaí den Chúirt a cheapadh; á mheabhrú, cé go bhfuil tuairim na Parlaiminte neamhcheangailteach ar an gComhairle, gur tharraing iarrthóirí a fuair tuairim neamhfhabhrach siar a n-iarrthóireachtaí trí chinneadh na Parlaiminte a ghlacadh, agus ar an gcaoi sin aitheantas a thabhairt do ról na Parlaiminte mar an t-údarás maoirseachta daonlathach atá nasctha le buiséad an Aontais a choimirciú; á iarraidh ar an gComhairle aitheantas a thabhairt do ról na Parlaiminte trí chomhoibriú sa nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an éagothroime inscne leanúnach i measc Chomhaltaí na Cúirte ag baint an bonn ó chuspóirí comhionannais an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta ainmniúcháin agus trí bhearta nithiúla a dhéanamh, amhail ceangal a chur ar na Ballstáit beirt iarrthóirí ar a laghad d’inscní éagsúla a thíolacadh, agus ar an gcaoi sin comhdhéanamh na Cúirte atá níos cothroime agus níos ionadaíche a áirithiú agus prionsabail an fhiúntais, an bharr feabhais agus an chomhionannais deiseanna á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go gcruthófaí Comhairle Airí Cosanta mar fhóram institiúideach le haghaidh comhordú polaitiúil agus straitéiseach; á mheas go léireodh foirmíocht bhuan agus thiomnaithe de chuid na Comhairle maidir le cosaint gur gá don Aontas freagracht níos mó a ghlacadh as a shlándáil agus a chosaint féin, lena gcomhlánófaí bunú Coiste Slándála agus Cosanta sa Pharlaimint agus Coimisinéir um Chosaint agus Spás sa Choimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil neamhaird tugtha ag an gComhairle go dtí seo ar rún ón bParlaimint an 17 Nollaig 2020 maidir leis an ngá atá le cumraíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle i ndáil le comhionannas inscne agus á áitiú, dá mbeadh fóram institiúideach tiomnaithe ann, go ndéanfaí comhionannas inscne a chomhtháthú ar bhealach níos láidre i mbeartais agus i straitéisí an Aontais agus go n-áiritheofaí comhordú agus dul chun cinn riachtanach sna príomhchomhaid a bhaineann le comhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú gurb iad rialtais na mBallstát a cheapann na breithiúna agus na habhcóidí ginearálta de thoil a chéile tar éis dul i gcomhairle le painéal a bhfuil an fhreagracht air tuairim a thabhairt maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí ionchasacha na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire gur mhol an tOmbudsman don Chomhairle, ina cinneadh an 9 Meán Fómhair 2024 maidir leis an tionscnamh straitéiseach i ndáil le hurraíocht ó Uachtaránacht na Comhairle, machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh chun feidhme na rialacha neamhcheangailteacha a ghlac an Chomhairle maidir le húsáid urraíochta ag a huachtaránacht (‘an Treoraíocht’) agus féachaint ar bhearta eile a d’fhéadfadh cabhrú leis na rioscaí a bhaineann le húsáid urraíochta a mhaolú, lena n-áirítear an riosca coinbhleachtaí leasa, chomh maith le rioscaí clú; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, sa tuarascáil bhliantúil ón Ombudsman do 2024, nár thug an Chomhairle aghaidh go hiomlán fós ar ábhair imní an phobail maidir le hurraíocht chorparáideach a úsáid, ós rud é go mbíonn ‘easpa trédhearcachta ann arís agus arís eile maidir le céannacht na n-urraitheoirí, cineál a dtacaíochta, agus an méid a ghnóthaíonn siad mar chúiteamh orthu’ agus go raibh urraitheoirí fós in ann lógó na huachtaránachta a úsáid chun críoch tráchtála; á iarraidh ar an gComhairle an Treoraíocht a dhéanamh ceangailteach; á iarraidh an athuair ar an gComhairle buiséad a chur ar fáil d’Uachtaránachtaí na Comhairle chun caighdeáin leormhaithe agus aonfhoirmeacha éifeachtúlachta agus éifeachtachta na hoibre sa Chomhairle a áirithiú go ginearálta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar Uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle deireadh a chur le hurraíocht chorparáideach a úsáid chun rannchuidiú lena speansais a chumhdach toisc gur baolach go gcruthófar coinbhleachtaí leasa leis sin, i gcomhréir le conclúidí na ceardlainne a reáchtáil an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa an 27 Meitheamh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rannpháirtíocht na Comhairle Eorpaí i gcomhaid reachtacha ag dul i méid, agus go n-éilíonn an ról sin maoirseacht agus comhar feabhsaithe leis an údarás buiséadach faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh; á iarraidh ar an gComhairle a áirithiú go ndéanfar a gníomhaíochtaí le trédhearcacht agus le cuntasacht, i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, chun muinín na saoránach a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an mhí-úsáid a bhain rialtas na hUngáire as a ról in Uachtaránacht rothlach 2024 ar an gComhairle trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe idirnáisiúnta ardleibhéil a bhain an bonn de chroíluachanna an Aontais agus de chomhsheasaimh chomhaontaithe; á iarraidh ar an gComhairle aon iompar ag Ballstát ag a bhfuil an Uachtaránacht nach bhfuil i gcomhréir le luachanna an Aontais a cháineadh go láidir, agus gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh Uachtaránachtaí amach anseo a bhfeidhmeanna i gcomhréir iomlán le prionsabail an Aontais, agus ar an gcaoi sin sláine agus inchreidteacht an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth, cé go bhfuil vótáil aontoilíochta fós ina croíphrionsabal de na Conarthaí, gur féidir lena cur i bhfeidhm, in imthosca áirithe agus i réimsí criticiúla beartais, difear a dhéanamh d’amlínte agus d’éifeachtacht an Aontais, lena n-áirítear trí bhac a chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais agus, dá bhrí sin, é a dhéanamh i mbaol dúmháil ag na Ballstáit, go háirithe iad siúd nach n-urramaíonn an smacht reachta; á athdhearbhú, sa chiall sin, gur oth léi seasamh bacach rialtas na hUngáire laistigh den Chomhairle Eorpach; á thabhairt dá haire go bhfuil an bonn á bhaint i gcónaí den mhuinín agus d’éifeachtacht na Comhairle Eorpaí de bharr sáinneacha polaitiúla leanúnacha; á iarraidh go ndéanfaí athchóirithe spriocdhírithe ar chonarthaí nó, de rogha air sin, go ndéanfaí feabhsuithe praiticiúla, laistigh de chreat na gConarthaí atá ann cheana, chun trédhearcacht, cinnteoireacht dhaonlathach, cuntasacht agus éifeachtúlacht obair na Comhairle Eorpaí a neartú; á iarraidh an athuair, sa chomhthéacs sin, ar Chomhairle na nAirí bogadh ó vótáil aontoilíochta go vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí i réimsí a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas iontu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh ceanglas na haontoilíochta ina bhac suntasach ar fhreagairt éifeachtach a thabhairt ar ghníomhaíocht na Rúise, go háirithe maidir le smachtbhannaí a fhorchur atá faoi réir athnuachana gach 3 mhí, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go lagófaí cumas an Aontais gníomhú go cinntitheach agus go trédhearcach agus go mbainfí an bonn de mhuinín na saoránach agus d’inchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí geopholaitiúil; á iarraidh ar an gComhairle aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí criticiúla, go háirithe i gcórais smachtbhannaí, chun go mbeidh an tAontas in ann gníomhú go héifeachtach i bhfianaise dúshláin dhomhanda;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht bhuiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú, de bhun Airteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil ról lárnach straitéiseach ag an gComhairle Eorpach maidir leis an spreagadh is gá a thabhairt don Aontas dá fhorbairt agus maidir lena threoirlínte agus a thosaíochtaí polaitiúla ginearálta a shainiú, gan feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú ag an am céanna; ag cur béim ar an mbreisluach uathúil a bhaineann leis an gComhairle Eorpach mar fhóram le haghaidh comhordú polaitiúil ardleibhéil i measc na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl arís eile gur oth léi nár roinneadh buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle ina dhá bhuiséad atá deighilte go soiléir mar a mhol an Pharlaimint i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, go háirithe maidir leis an gComhairle Eorpach, ós rud é nach féidir faisnéis iontaofa a fháil i ndáil lena cuid costas sin faoi láthair; á iarraidh go n-áireofaí leis an deighilt sin línte buiséid ar leith do chostais chaiteachais, taistil, chumarsáide agus ionadaíochta a bhaineann le cruinnithe, ionas gur féidir leis an údarás um urscaoileadh idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle agus measúnú a dhéanamh ar threochtaí le himeacht ama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 676 881 123 an buiséad don Chomhairle in 2024, arb ionann é agus méadú 4,47 % i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire go mbaineann an méadú sin go príomha leis an athbhreithniú ar pharaiméadair nuashonraithe tuarastail mar gheall ar bhoilsciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é 96,40 % ráta cur chun feidhme na Comhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha in 2024 (i gcomparáid le 97,01 % in 2023) agus gurbh é 87,95 % ráta cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha in 2024 (i gcomparáid le 86,39 % in 2023); á thabhairt dá haire gur cuireadh thart ar EUR 24 mhilliún i leithreasuithe ar ceal ag deireadh 2024 as ar tháinig thart ar 62 % ó línte buiséid atá nasctha le caiteachas a bhaineann leis an bhfoireann; á thabhairt dá haire gur 91 % a bhí i ráta cur chun feidhme an mhéid iomláin a tugadh anonn ó 2023 go 2024, i.e. EUR 85 520 696;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2024 go 2025 agus EUR 78,6 milliún (méid níos lú ná thart ar EUR 85,5 milliún an bhliain roimhe sin) lena gcumhdaítear go príomha córais ríomhaireachta, costas na hateangaireachta a cuireadh ar fáil in 2024 nár comhaontaíodh sonraisc ina leith go fóill le seirbhísí an Choimisiúin tráth an dúnta, foirgnimh, faisnéis agus imeachtaí poiblí, trealamh teicniúil, le haghaidh sábháilteachta agus slándála, cruinnithe agus comhdhálacha a bhaineann den chuid is mó le sonraisc nach bhfuarthas go fóill chun an Chomhairle Eorpach, cruinnithe na Comhairle agus cruinnithe mullaigh in 2024 a eagrú, troscán agus caiteachas foirne eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna an Chomhairle 42 aistriú bhuiséadacha in 2024 i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais, chun línte buiséid éagsúla a threisiú lena n-áirítear ‘Obair feistithe agus suiteála’, ‘Obair chun áitribh a dhéanamh slán’, ‘Trealamh agus bogearraí a fháil’ agus ‘Trealamh teicniúil a cheannach agus a athsholáthar agus é a shuiteáil’; á thabhairt dá haire gur thart ar EUR 12,8 milliún san iomlán a bhí i dtrí cinn de na haistrithe sin, ar aistrithe iad a d’fhág gur ghá an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 29(2) den Rialachán Airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an meán-am le haghaidh íocaíochtaí sonrasc ó 13 lá go 15 lá ó 2023 go 2025, achar ama atá go mór faoi bhun na huasteorann ama 30 lá, agus ar an gcaoi sin, seachnaítear ús ar íocaíochtaí déanacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú 18,50 % ar speansais mhisin, lena gcuimsítear speansais mhisin ón Rúnaíocht agus speansais mhisin na mball foirne a bhaineann leis an gComhairle Eorpach araon, ó thart ar EUR 5,2 milliún in 2023 go dtí thart ar EUR 4,3 milliún in 2024, agus gur tháinig laghdú 2,61 % ar speansais taistil na dtoscaireachtaí arna dtabhú ag Uachtaránachtaí agus ag toscaireachtaí náisiúnta ó thart ar EUR 15,3 milliún in 2023 go dtí thart ar EUR 14,9 milliún in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag iarraidh ar an gComhairle miondealú bliantúil a fhoilsiú ar chostais taistil agus ionadaíochta oifigeach sinsearach, lena n-áirítear Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus an Rúnaíocht, i bhformáid atá furasta le húsáid agus inrochtana ag an bpobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach leor na sásraí rialaithe maidir leis an úsáid a bhaineann an Chomhairle as seirbhísí comhairliúcháin agus conraitheoirí seachtracha; á iarraidh go nochtfaí go hiomlán na conarthaí uile ar mó iad ná EUR 50 000, ina sonraítear an raon feidhme, na táirgí insoláthartha, agus na heintitis ar ar dámhadh conarthaí, chun mí-úsáid fhéideartha cistí poiblí a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an trédhearcacht theoranta atá ann maidir leis an úsáid a bhaineann an Chomhairle as seirbhísí comhairliúcháin agus conraitheoirí seachtracha; á iarraidh go bhfoilseofaí go réamhghníomhach na conarthaí ardluacha agus na creatchonarthaí uile, lena n-áirítear modhnuithe ar chonarthaí, táirgí insoláthartha agus táscairí feidhmíochta; ag tathant go mbeadh trédhearcacht rioscabhunaithe ann le grinnscrúdú ar leith ar chonarthaí atá nasctha le TF, cumarsáid agus seirbhísí clú, agus á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú bliantúil ar spleáchas ar chonraitheoirí seachtracha i gcomparáid le hacmhainneacht inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh gníomhaíochtaí na Rúnaíochta á dtreorú ag na spriocanna ilbhliantúla a glacadh in 2022 agus ag sraith cuspóirí sonracha lena n-áirithítear cinnteoireacht leanúnach sa Chomhairle agus go ndéantar athbhreithniú orthu ar bhonn bliantúil; ag tabhairt dá haire thosaíochtaí na Rúnaíochta in 2024 lena n-áirítear an timpeallacht oibre a bharrfheabhsú, cultúr atá dírithe ar chliaint a chothú, an claochlú glas a threorú, leas a bhaint as tairbhí an chlaochlaithe dhigitigh agus éifeachtúlacht eagraíochtúil fhoriomlán a mhéadú; á chur in iúl gur mór aici gur thacaigh an Rúnaíocht le heagrú sé Chomhairle Eorpacha, dhá chruinniú neamhfhoirmiúla de Chinn Stáit nó Rialtais agus Cruinniú Mullaigh Euro amháin in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid atá á baint as sonraí sa chinnteoireacht, go háirithe bunaithe ar an deais airgeadais mhíosúil, ina léirítear príomhtháscairí feidhmíochta ar fud sheirbhísí na Rúnaíochta agus ar dheais na mbainisteoirí le príomhléargais ó shonraí acmhainní daonna chun bainistiú laethúil agus cinntí i réimse na n-acmhainní daonna a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuidigh an Rúnaíocht in 2024 le 4 164 chruinniú a eagrú don Chomhairle (líon níos lú ná 4 429 gcruinniú in 2023) agus 152 chruinniú/chuairt/mhisean d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí (líon níos mó ná 124 chruinniú in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme agus feidhmiú rialú inmheánach na Rúnaíochta atá bunaithe ar chaighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus atá ceaptha chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochtaí, iontaofacht tuairiscithe, cosaint sócmhainní agus faisnéise, cosc agus brath neamhrialtachtaí, agus bainistiú riosca leormhaith a áirithiú; á thabhairt dá haire gur coinníodh deighilt na ndualgas i bpróisis airgeadais ar bun, go ndearnadh faireachán tréimhsiúil ar chláir riosca agus gur rannchuidigh rialuithe uathoibrithe agus oiliúint airgeadais do bhaill foirne le timpeallacht láidir rialaithe in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tharchuir an Chomhairle a tuarascáil bhliantúil maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2024 chuig an údarás um urscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 118 den Rialachán Airgeadais; á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, go raibh 82 % de na moltaí a eisíodh le linn na mblianta 2022-2024 curtha chun feidhme, go raibh 17 % fós oscailte agus, i gcás 1 %, gur ghlac an bhainistíocht leis an riosca nó nach raibh na moltaí infheidhme a thuilleadh; á thabhairt dá haire gur tugadh ceithre iniúchadh inmheánacha chun críche in 2024; á thabhairt dá haire, i gcás dhá cheann de na hiniúchtaí sin (ceann amháin maidir le tacaíocht don tSaoráid Eorpach Síochána agus an ceann eile maidir leis na próisis chuntasaíochta a bhaineann le sócmhainní doláimhsithe na Rúnaíochta), gur eisigh an t-iniúchóir inmheánach roinnt moltaí ardtosaíochta ar ghlac na seirbhísí iniúchta leo; á iarraidh ar an gComhairle achoimre phoiblí ar na moltaí ardtosaíochta agus amlíne shoiléir cur chun feidhme a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh, go háirithe i gcás ina mbaineann iniúchtaí le tacaíocht don tSaoráid Eorpach Síochána agus le bainistiú sócmhainní doláimhsithe, i bhfianaise leas méadaithe an phobail agus íogaireacht mhéadaithe chlú an chaiteachais sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh 3 124 bhall foirne fostaithe ag an Rúnaíocht ag deireadh 2024 (méadú ó 3 115 in 2023); ag tabhairt dá haire an mhiondealaithe foirne de réir feidhme, de bhrí gur fhostaigh an Rúnaíocht 2 720 ball foirne buan, 401 bhall foirne sealadach, 222 ghníomhaire ar conradh agus 26 shaineolaí náisiúnta ar iasacht in 2024; á thabhairt dá haire go raibh athdháileadh na foirne buaine agus sealadaí idir catagóirí poist fós cobhsaí le 1 497 riarthóir (AD), 1 146 chúntóir (AST) agus 232 rúnaí (AST-SC) in 2024, i gcomparáid le 1 474 AD, 1 159 AST agus 295 SC in 2023; á thabhairt dá haire gurbh é 97,4 % ráta fostaíochta an phlean bunaíochta ag deireadh 2024 (méadú ó 97,10 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise atá ar fáil go poiblí a bhaineann le dáileadh inscne agus geografach na mball foirne sa Rúnaíocht; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a ball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann; ag spreagadh na Comhairle chun cothromaíocht gheografach a ball foirne a chur chun cinn trí líon níos leithne iarrthóirí ó Bhallstáit atá faoi ghannionadaíocht a thairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Rúnaíochta in 2024 baill foirne a mhealladh, a choinneáil agus a spreagadh; á thabhairt dá haire gur ghlac an Rúnaíocht páirt i Laethanta Gairme, aontaí gairme, imeachtaí acmhainní daonna do Bhuanionadaíochtaí agus seisiúin faisnéise d’ionadaithe na mBallstát, malartuithe treisithe le baill foirne institiúidí eile trí chleachtadh idirinstitiúideach scáthfhoghlama le rannpháirtíocht ghníomhach 23 bhall foirne de chuid na Rúnaíochta, gur rannchuidigh sí le nuachóiriú oibríochtaí EPSO, gur eagraigh sí 518 nós imeachta roghnúcháin agus 127 n-agallamh, chomh maith le comórtais inmheánacha do gach cineál róil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcuireann an Rúnaíocht raon seisiún oiliúna agus feachtas múscailte feasachta ar fáil maidir le hábhair shonracha amhail airgeadas, beart slándála agus béasaíocht, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire go háirithe méadracht fheabhsaithe maidir le feachtas feasachta eitice na Rúnaíochta, de bhrí gur cuireadh borradh suntasach faoi rannpháirtíocht na foirne maidir le ceisteanna eiticiúla in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna an Chomhairle bearta éagsúla in 2024 i bhfabhar a ball foirne maidir le sláinte agus folláine; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur thairg an Rúnaíocht tacaíocht trí bhíthin, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, síceolaithe ceirde agus cliniciúla agus cúrsaí oiliúna le haghaidh caomhnú meabhairshláinte agus bainistiú struis; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Rúnaíochta in eagrú sheachtain Idirinstitiúideach na Sláinte agus na Sábháilteachta i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus gur foilsíodh ar a hinlíon na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí uile atá i bhfeidhm ag an Rúnaíocht chun tacú leis an bhfolláine agus leis an tsláinte; á thabhairt dá haire gur fhorbair an Rúnaíocht deais ina bhfuil táscairí maidir le rioscaí síceasóisialta arb é is aidhm dóibh díriú níos fearr ar bhearta coisctheacha agus go bhfuil foireann ildisciplíneach curtha i bhfeidhm aici a bhfuil córas bainistíochta sláinte agus sábháilteachta á fhorbairt aici don Rúnaíocht chun aon riosca san ionad oibre a rialú ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil roinnt grúpaí nó líonraí ag an Rúnaíocht amhail Grúpa agus Líonra Cleamhnachta na hArdrúnaíochta um Éagsúlacht agus Cuimsiú, Líonra Olympia (do riarthóirí baineanna), an Líonra LADTI, an Líonra Míchumais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, na mbeart atá déanta ag an Rúnaíocht do dhaoine faoi mhíchumas faoi chuimsiú a gníomhaíochtaí; á thabhairt dá haire go bhfuil nós imeachta simplithe curtha i bhfeidhm ag an Rúnaíocht chun iarrataí ar chóiríocht réasúnta ó oiliúnaithe, ó bhaill foirne agus ó iarrthóirí faoi mhíchumas a láimhseáil; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur eagraíodh seisiúin oiliúna leantacha d’uiséirí in 2024 maidir le fáilte a chur roimh chuairteoirí faoi mhíchumais éagsúla agus iad a thionlacan; á thabhairt dá haire gur chuir an Rúnaíocht fáilte roimh 115 oiliúnaí in 2024, ar cuireadh fáilte roimh chúigear díobh mar chuid de chlár gníomhaíochta dearfaí na Rúnaíochta d’oiliúnaithe faoi mhíchumas; á dhearbhú gur cheart luach saothair a thabhairt do thréimhsí oiliúna i gcomhréir le rún na Parlaiminte an 14 Meitheamh 2023 maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta san Aontas (2020/2005 (INL)), lena moltar gur cheart gach intéirneach san Eoraip a íoc; ag cur béim ar an bhfíoras gur cineál dúshaothraithe ar oibrithe óga iad tréimhsí oiliúna gan íocaíocht agus gur bacainn iad ar chomhionannas deiseanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir an Rúnaíocht rialacha nua chun feidhme maidir le ham oibre, teilea-obair agus saoire mar aon le seoladh modúil nua TF (Sysper-TIM) chun am oibre a bhainistiú; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraíodh seisiúin oiliúna agus gníomhaíochtaí cumarsáide amhail físeáin teagaisc, Ceisteanna Coitianta, seimineáir ghréasáin etc. maidir leis na rialacha nua agus an modúl nua;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á athdhearbhú go rannchuidíonn iompar eiticiúil le bainistíocht fhónta airgeadais agus go méadaíonn sé muinín an phobail agus, mar a chuir an Chúirt i bhfios go láidir ina Tuarascáil Speisialta 13/2019, go bhféadfaí feabhas a chur ar chreataí eiticiúla institiúidí an Aontais; ag meabhrú go háirithe an mholta a d’eisigh an Chúirt maidir le feabhas a chur ar chreat eiticiúil na Comhairle; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil comhchreat eitice de chuid an Aontais ann lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle mar a shainaithin an Chúirt; á chur i bhfáth nár cheart aon institiúid de chuid an Aontais a dhíolmhú ó rialacha eiticiúla atá soiléir, ceangailteach agus infhorfheidhmithe agus páirt á glacadh aici i gcinnteoireacht an Aontais a bhaineann le caiteachas poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil dhá phríomhchuid de chreat eiticiúil na Comhairle, an ‘Treoirleabhar maidir le hEitic agus Iompar’ d’fhoireann na Rúnaíochta agus an ‘Cód Iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí’, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle gan treoraíocht bhreise ná dáta foilsithe; á cháineadh, d’ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nár tugadh an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin, go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndiaidh an téarma oifige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfoilsíonn an Rúnaíocht tuarascáil bhliantúil ina bhfuil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí gairme iar-oifigigh shinsearacha na Rúnaíochta tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 16, an tríú mír agus an ceathrú mír, de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh; á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála maidir le 2024, gur dhearbhaigh iar-oifigeach sinsearach amháin go raibh sé ar intinn aige dul i mbun gníomhaíochtaí gairme níos mó ná 12 mhí tar éis dó an Rúnaíocht a fhágáil; á thabhairt dá haire go ndeachthas i gcomhairle le <STRING ITALIC="on">commission paritaire</STRING> sular eisíodh cinneadh sa chás seo; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, go raibh easpa faisnéise ar shuíomh gréasáin na Comhairle i dtaobh an raibh an cinneadh a rinneadh i bhfabhar nó i gcoinne cead a thabhairt chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht a iarradh; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle rialacha fostaíochta iarthéarma atá soiléir, comhréireach agus in-fhorfheidhmithe a bhunú d’oifigigh shinsearacha, ag tógáil ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana agus trédhearcacht iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cleamhnachtaí san earnáil phríobháideach a nochtadh go poiblí, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do phrionsabail na comhréireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rannpháirtíocht Bhuanionadaithe na mBallstát sa chlár trédhearcachta éigeantach, arna bhunú le comhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, go hiomlán deonach toisc go bhfágtar cur i bhfeidhm phrionsabal na coinníollachta faoi rogha Bhuanionadaíocht gach Ballstáit; á thabhairt dá haire nach gcloíonn ach líon teoranta Ballstát agus institiúidí de chuid an Aontais leis an dea-chleachtas maidir le sainmhíniú éigeantach raon feidhme leathan ar bhrústocaire a chur i bhfeidhm ina gcreat rialála agus á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh sa chlár trédhearcachta éigeantach roimh, le linn, agus tar éis uachtaránacht Chomhairle a mBallstáit; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte nár cheart ligean d’ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad páirt a ghlacadh i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha a bhaineann leis na fóirdheontais sin; á chur in iúl gur oth léi nach mbaineann an Chomhairle úsáid iomlán as an gclár trédhearcachta éigeantach nó go nglacann sí le tograí chun é a fheabhsú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle staonadh ó dhul i dteagmháil le brústocairí neamhchláraithe agus a áirithiú go ndéanfaidh a hoifigigh shinsearacha, lena n-áirítear Buanionadaithe agus Cinn Toscaireachta, a gcruinnithe le grúpaí leasmhara agus brústocairí a nochtadh go poiblí i gclár trédhearcachta caighdeánaithe, cosúil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar Fheisirí na Parlaiminte agus ar an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach, rud a dhéanann difear do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach agus a chuireann, dá réir sin, clú an Aontais ina iomláine i mbaol; ag meabhrú mholtaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE agus ag tacú leo; ag tathant ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha CBAE a chur chun feidhme gan moill mhíchuí; á mheabhrú gur chuir an Chúirt Ghinearálta i bhfios go láidir, ina breithiúnas i gCás T-163/21, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, go mbeadh gá le trédhearcacht reachtach níos soiléire ón gComhairle chun rochtain ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú, rud a chomhfhreagraíonn go bunúsach d’oibleagáid na Comhairle maidir le grinnscrúdú poiblí agus cuntasacht na gcomhreachtóirí mar bhonn d’aon dlisteanacht dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt dá haire gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh nua in 2023 agus gur chuir sé bailchríoch air in 2024 maidir leis an gcaoi a láimhseálann an Chomhairle iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha; ag tabhairt dá haire chonclúidí an fhiosrúcháin sin inar cinneadh gur bhain an Chomhairle úsáid as cosaint na bpróiseas cinnteoireachta leanúnach mar chúis le rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú le hargóintí a bhí ‘doiléir, teibí agus gan bhunús’; á mheabhrú gur dhiúltaigh CBAE d’argóintí inar áiríodh an gá atá le brú seachtrach nó míthuiscint phoiblí a sheachaint nó an gá atá le comhairle dhlíthiúil a chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, dá bhrí sin, nach bhfuil an Chomhairle comhsheasmhach le cásdlí an Aontais; á iarraidh ar an gComhairle na heasnaimh sin a cheartú trí dhoiciméid reachtacha a nochtadh go pras, fiú dá n-eascródh brú seachtrach as sin ó tharla gur toisc é sin in aon phróiseas reachtóireachta daonlathach agus gan rochtain ar dhoiciméid reachtacha a dhiúltú ach amháin in imthosca fíoreisceachtúla; á iarraidh ar an gComhairle conclúidí agus cásdlí ábhartha an Ombudsman a chur chun feidhme gan mhoill trína áirithiú go mbeidh údar daingean le diúltuithe faoi ‘chosaint na cinnteoireachta leanúnaí’ de réir an cháis, go mbeidh siad réasúnaithe ar bhealach nithiúil, agus faoi réir athbhreithniú inmheánach láidir; á iarraidh go ndéanfaí príomhdhoiciméid reachtacha (lena n-áirítear doiciméid na meithle agus seasaimh chaibidlíochta) a fhoilsiú go réamhghníomhach mar réamhshocrú, agus go ndéanfaí tuairisciú poiblí bliantúil ar fhorais diúltaithe a úsáidtear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thuairiscigh an fhoireann um Rochtain ar Dhoiciméid go bhfuair sí agus gur thug sí freagra ar líon ard iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid in 2024, mar atá, 2 872 iarraidh tosaigh ar rochtain ar dhoiciméid (laghdú ó 3 732) rud a d’fhág gur ghá anailís a dhéanamh ar 10 096 dhoiciméad (laghdú ó 13 912 dhoiciméad in 2023) agus 30 iarratas dearbhúcháin (laghdú ó 40 in 2023); ag aithint laghdú ar an gcineál sin ualaigh oibre ar dócha gurb é is cúis leis stop a chur le hobair reachtach an Aontais i bhfianaise na dtoghchán Eorpach in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt dá haire, i measc na n-iarrataí tosaigh ar rochtain, gur tugadh rochtain iomlán ar 7 323 dhoiciméad (72,5 %) agus rochtain pháirteach ar 1 181 dhoiciméad (11,70 %) agus gur diúltaíodh rochtain ar 1 592 dhoiciméad (15,80 %); á thabhairt dá haire, i gcás na n-iarratas dearbhúcháin, gur tugadh rochtain iomlán ar 36 dhoiciméad agus rochtain pháirteach ar 45 dhoiciméad, agus gur diúltaíodh rochtain ar 45 dhoiciméad; á thabhairt dá haire gur próiseáladh iarrataí tosaigh, ar an meán, laistigh de 17 lá oibre agus gur próiseáladh iarratais dearbhúcháin laistigh de 31 lá oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar chuid de chur chun feidhme Chinneadh 23/2021 ón Ardrúnaí maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach ag an obair, go ndearnadh roinnt gníomhaíochtaí in 2024 amhail seisiúin oiliúna éigeantacha maidir le frithchiapadh agus iompar míchuí do nuatheachtaithe, do bhainisteoirí nua agus d’oiliúnaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil grúpa comhairleoirí rúnda frithchiaptha ag an Rúnaíocht a dhéileáil le 13 iarraidh ar chomhairleoireacht rúnda a bhaineann le ciapadh nó iompar míchuí féideartha in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, de réir na dtuarascálacha bliantúla atá ar fáil go poiblí, nár tugadh aon chás calaoise nó neamhrialtachta ar aird na n-oifigeach údarúcháin freagrach trí tharmligean le linn 2024, ná nach raibh cásanna den sórt sin faoi réir inniúlacht an phainéil (Airteagal 145 den Rialachán Airgeadais) ná OLAF;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean an Rúnaíocht, in 2024, dá sprioc maidir le claochlú digiteach a shaothrú, i gcomhréir lena tosaíochtaí Straitéise Digití do 2022-2025; á thabhairt dá haire, as 103 thionscadal a bhaineann le TF sa phlean oibre bliantúil do 2024, gur cuireadh 11 % díobh i gcrích ag deireadh na bliana agus gur cuireadh 3 % díobh ar ceal nó gur cumascadh iad, agus go bhfuil formhór na dtionscadal (62 %) fós ar siúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur cuireadh 98 % de shonraisc isteach go leictreonach in 2024 (méadú ó 97 % in 2023) agus gur síníodh 49 % de chonarthaí agus d’orduithe ceannaigh na Rúnaíochta trí úsáid a bhaint as síniú leictreonach; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh gach nós imeachta soláthair nua os cionn EUR 143 000 a bhainistiú le hUirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire phríomhthosaíochtaí na Rúnaíochta maidir le sineirgí idirinstitiúideacha agus ailíniú nósanna imeachta i réimse na bpróiseas gnó acmhainní daonna le cuidiú ó thairseach seirbhíse aonair (an tAonad um Misin, Airgeadas, TF Acmhainní Daonna); á thabhairt dá haire gur shínigh an Rúnaíocht meabhrán tuisceana in 2024 leis an gCoimisiún don chlár ilbhliantúil um chlaochlú acmhainní daonna, ar tháinig an Rúnaíocht isteach ann i mí Iúil 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tuilleadh dul chun cinn a rinne an Rúnaíocht in 2024 i réimse TF agus na digiteála, amhail uirlis nua a sheoladh chun coinní leighis agus vacsaínithe a bhainistiú, ardán nua chun iarratais ar thréimhsí oiliúna a bhainistiú, an chéad chéim de thionscadal POMME lena bhfeabhsaítear cur i bhfeidhm an tsreafa oibre maidir le pleanáil cruinnithe agus sceidealú ateangaireachta, ardán (PreSY) chun forléargas cuimsitheach a fháil ar ghníomhaíochtaí faireacháin i dtrí fhoirgneamh na Comhairle, ardán (e-Resto catering) le haghaidh gníomhaíochtaí agus iarrataí a bhaineann le lónadóireacht agus Collab Conseil, uirlis a ceapadh chun na doiciméid lóistíochta uile is gá in ullmhúcháin na comhairle aireachta a stóráil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna an Rúnaíocht tástáil ar uirlisí éagsúla atá bunaithe ar an intleacht shaorga chun ceisteanna faoi na Rialacháin Foirne a fhreagairt, chun ábhair foghlama a thógáil (ábhar struchtúrtha, cás-staidéir, tráthanna na gceist nó físeáin bunaithe ar leid shonrach) nó chun cabhrú le bainisteoirí CVanna a scrúdú; á chur i bhfáth nach mór úsáid na hintleachta saorga a dhéanamh trí dhianphrionsabail a ráthú maidir le húsáid eiticiúil, trédhearcacht, cosaint sonraí, formhaoirseacht dhaonna, agus cosaint ar chlaontacht algartamach nó ar mhí-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna MECS iniúchadh in 2024 ar phróiseáil sonraí leighis, go háirithe coinneáil, laistigh de phríomhinstitiúidí Eorpacha, lena n-áirítear an Rúnaíocht; á iarraidh ar an Rúnaíocht moltaí MECS a chur chun feidhme maidir le beartais chuí coinneála sonraí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tabhairt dá haire ghníomhaíochtaí na Rúnaíochta, trína struchtúr Seirbhísí Digiteacha, arb é is aidhm dóibh an Rialachán nua maidir leis an gCibearshlándáil a tháinig i bhfeidhm ag tús 2024 a chomhlíonadh; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur fhorbair an Rúnaíocht nósanna imeachta inmheánacha in 2024 chun tuairisciú a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála, gur chuir sí ionchur ar fáil do threoirlínte uile na Seirbhíse Cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus gur chuir sí seirbhís bainistithe comhlíontachta cibearshlándála chun feidhme, de bhrí gur cuireadh 11 thuarascáil maidir le comhlíonadh i gcrích sa bhliain sin; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Rúnaíochta an t-athbhreithniú tosaigh cibearshlándála ar líonraí digiteacha agus ar chórais faisnéise uile na Rúnaíochta a thabhairt chun críche; ag moladh na Comhairle as a rannpháirtíocht in ullmhú Mhí Eorpach na Cibearshlándála 2024 lena ndírítear ar innealtóireacht shóisialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag tabhairt dá haire na bpríomhthionscadal a cuireadh i gcrích in 2024 amhail athchóiriú sheomraí cruinnithe na Comhairle, lena n-áirítear troscán nua, conairí oifige agus deasc chreidiúnaithe Justus Lipsius;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á thabhairt dá haire gur sheol an Rúnaíocht gníomhaíochtaí ullmhúcháin chun a foirgnimh a athchóiriú, lena n-áirítear Justus Lipsius agus an príomhfhoirgneamh riaracháin; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh in iúl gur gá athchóiriú iomlán a dhéanamh ar na foirgnimh sin, chun oibríochtaí éifeachtúla agus comhlíonadh iomlán chreat rialála an Aontais maidir le feidhmíocht chomhshaoil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á thabhairt dá haire gur treisíodh líne bhuiséid 2011 le haghaidh ‘Uisce, gás, leictreachas agus téamh’ le 33 % trí aistriú buiséadach in 2024; á thabhairt dá haire gur lean an Rúnaíocht dá tomhaltas fuinnimh a laghdú, trí mhodhanna amhail téamh an fhoirgnimh a laghdú agus coirí nua a chur in ionad na gcoirí a bhí i bhfoirgneamh Justus Lipsius;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á thabhairt dá haire gur cuireadh príomhthionscadail i gcrích in 2024 amhail an t-athchóiriú ar roinnt seomraí cruinnithe i bhfoirgnimh LEX agus Justus Lipsius, an t-athchóiriú leanúnach ar chonairí oifige i bhfoirgneamh Justus Lipsius, feabhsuithe ar shaoráidí/bonneagair do rothair in áitreabh Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus nuachóiriú dheasca fáiltithe Justus Lipsius;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Chomhairle nós imeachta simplithe creidiúnaithe chun feidhme go fóill chun rochtain ball foirne institiúidí eile de chuid an Aontais ar áitreabh na Comhairle a éascú; á iarraidh ar an gComhairle nós imeachta den sórt sin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go pras gan a thuilleadh moille, de mheon an chomhair idirinstitiúidigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á thabhairt dá haire, tar éis iniúchadh seachtrach a rinneadh in 2024, gur coinníodh deimhniú na Rúnaíochta faoin Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á thabhairt dá haire gur bhain an Rúnaíocht coigilteas fuinnimh amach in 2024 trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh a bonneagar teicniúil amhail na córais soilsithe sna foirgnimh atá á n-áitiú aici; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú 24,40 % ar thomhaltas fuinnimh na Rúnaíochta idir 2018 agus 2024 agus laghdú 17 % ar thomhaltas uisce idir 2023 agus 2024; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na Rúnaíochta chun tomhaltas páipéir a laghdú a thuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cleachtais inbhuanaithe na Rúnaíochta atá leabaithe i gcuid dá hoibríochtaí; á thabhairt dá haire, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, go n-áirítear i roinnt nósanna imeachta soláthair agus creatchonarthaí critéir maidir le dramhaíl a laghdú agus trealamh a athchúrsáil, go dtéitear i gcomhairle leis an Oifig Ghlas maidir le tionscadail soláthair ardluacha sa Rúnaíocht agus gur thuill a bialanna an Deimhniú Dea-Bhia in 2024; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Rúnaíocht athbhreithniú ar an treoir maidir le misin ball foirne in 2024, a tháinig i bhfeidhm in 2025 agus lena gcumhdaítear dreasachtaí nua chun an lorg carbóin ó thaisteal ag baill foirne a laghdú; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil méadú tagtha ar líon na mball foirne a tháinig chun oibre trí mhodhanna inbhuanaithe amhail iompar poiblí nó rothar a úsáid, ó 67 % in 2023 go 78 % in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Rúnaíocht straitéis chomhshaoil lena sainítear bealach ó 2025 go 2030 chun feidhmíocht chomhshaoil na Rúnaíochta a fheabhsú agus gur chuir sí gníomhaíochtaí cumarsáide chun feidhme chun feasacht na mball foirne, na dtoscairí agus na gcuairteoirí a mhéadú maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcomhshaol is féidir a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á tabhairt dá haire gur cheannaigh an Rúnaíocht feithiclí iompair níos inbhuanaithe, i.e. <STRING ITALIC="on">berline</STRING> leictreach amháin agus trí mhionveain hibrideacha; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur cuireadh feabhas ar bhonneagar agus ar shaoráidí do rothair os comhair fhoirgnimh Justus Lipsius;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 319 CFAE chun a fhoráil go sainráite go ndéanfaidh an Pharlaimint, chomh maith le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún, urscaoileadh a dheonú freisin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i ndáil le cur chun feidhme a ranna den bhuiséad nó dá mbuiséad, agus é mar aidhm leis an tsoiléireacht dhlíthiúil, an chomhsheasmhacht dhlithiúil agus cóir chomhionann i measc institiúidí an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an gComhairle bearta nithiúla a dhéanamh in am trátha chun an choinbhleacht idirinstitiúideach a shárú agus cainteanna a atosú leis an bParlaimint chun teacht ar chomhaontú comhchoiteann chun an nós imeachta um urscaoileadh a atosú go rianúil agus ar bhonn comhréireach leis na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht ar an leibhéal is airde chun an tsáinn sheanbhunaithe maidir le hurscaoileadh a réiteach; á iarraidh ar Sheirbhís Dlí an Choimisiúin agus na Comhairle tuairim dlí a thabhairt maidir le réitigh Chonradh-bhunaithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun cuntasacht na Comhairle a fhorfheidhmiú sa nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, gur EUR 12 518 610 a bhí sa bhuiséad foriomlán don chumarsáid, i.e. 5.45 % níos airde ná buiséad 2023, agus aistrithe a cuireadh chun feidhme le linn na bliana á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir an Rúnaíocht seirbhísí cumarsáide ar fáil in 2024 d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, d’Uachtarán an Ghrúpa Euro, do na huachtaránachtaí rothlacha (an Bheilg agus an Ungáir), do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, do na Ballstáit agus don Rúnaíocht; á thabhairt dá haire, in 2024, gur áirithigh an Rúnaíocht caidreamh leanúnach leis na meáin, na meáin shóisialta agus tacaíocht láithreachta gréasáin le linn aistriú na sealbhóirí oifige, gur eagraigh sí cumhdach closamhairc agus sruthú príomhghníomhaíochtaí idirnáisiúnta, agus gur choinnigh sí tacaíocht oibríochtúil ardcháilíochta lena n-áirítear craoladh imeachtaí beo, seirbhísí preasa agus brandáil do chruinnithe mullaigh agus cruinnithe institiúideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á thabhairt dá haire, de réir suirbhé ar líne a rinneadh sa ráithe dheireanach de 2024, go raibh 68,30 % d’úsáideoirí (méadú ó 67 % in 2023) sásta lena n-eispéireas foriomlán ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ar tugadh os cionn 26 mhilliún cuairt air in 2024, (méadú + 7 % i gcomparáid le 2023), agus 71 400 síntiúsóir, i gcomparáid le 57 900 in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM) gníomhaíochtaí fairsinge rannpháirtíochta preasa agus meán ar fáil le linn 2024, lena n-áirítear 76 sheisiún faisnéise don phreas, 771 phreaseisiúint, 84 phreasagallamh agus tacaíocht chuimsitheach do chreidiúnú agus do chumhdach na meán; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur baineadh úsáid fhorleathan as lárionad preasa agus suíomh gréasáin na Comhairle, agus gur mheall roinn an phreasa ar shuíomh gréasáin na Comhairle os cionn 6,4 milliún cuairt agus beagnach 2 mhilliún cuairt ar leathanaigh na gcruinnithe, rud a léirigh spéis leanúnach an phobail agus na meán i gcinnteoireacht na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go ndearna foirne digiteacha na Rúnaíochta, i ndlúthchomhar leis na huachtaránachtaí, faireachán agus feabhsú ar shuíomhanna gréasáin Uachtaránacht na Beilge agus na hUngáire, gur chláraigh siad thart ar 407 000 cuairt agus 1,2 milliún amharc leathanaigh le chéile, agus gur chuir siad feabhsuithe leanúnacha ar phríomhshuíomh gréasáin na Comhairle le 19 sraith feabhsuithe faoi stiúir an úsáideora; ag tabhairt dá haire freisin cur chun feidhme gnéithe meaisínaistriúcháin agus uasghráduithe inrochtaineachta, mar aon le taighde fairsing úsáideoirí chun soiléireacht agus inseoltacht ábhair ar líne a fheabhsú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus ar an gcaoi sin raon digiteach agus rannpháirtíocht dhigiteach na Comhairle le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh a threisiú.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>