<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0128</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0055/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2025/2148(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0148/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2024, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0055/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais i leith chur chun feidhme bhuiséad Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2025/2148(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0055/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) institiúid bhreithiúnach an Aontais, a bhfuil sé de chúram orthu comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú trí léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gConarthaí a mhaoirsiú agus dlíthiúlacht na mbeart arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcabhraíonn CBAE le luachanna an Aontais a chaomhnú agus, trína chásdlí, go n-oibríonn sí i dtreo thógáil na hEorpa agus í cuntasach i gcónaí do na saoránaigh trí dheimhneacht dhlíthiúil, trí chomhsheasmhacht dlí-eolaíochta agus trí urraim do theorainneacha na hateangaireachta breithiúnaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil dhá chúirt in CBAE: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur leasaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle Prótacal Uimh. 3 ar Reacht CBAE (‘an Reacht’)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L, 2024/2019, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj).</FIELD></FOOTNOTE> in 2024 i ndáil le réamhrialuithe in ábhair shonracha a aistriú chuig dlínse na Cúirte Ginearálta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad CBAE faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 13,3 billiún in 2023 (arbh ionann é agus 6,9 % de bhuiséad iomlán an Aontais); á chur in iúl gurb ionann buiséad CBAE de thart ar EUR 0,5 billiún agus thart ar 3,76 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais, ar laghdú é ó 3,9 % in 2023; á thabhairt chun suntais, i gcásanna a bhaineann le himscrúdú bhuiséad an Aontais, nach mór do na húdaráis inniúla uile prionsabail na próise cuí agus na gceart bunúsach a urramú go hiomlán.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteideal ‘Riarachán’, an líon céanna a bhí ann in 2023; sonraíonn an Chúirt freisin go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arbh ionann é agus thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise (TF), agus go léiríonn a chuid oibre le blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí i 16 cinn (23 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na trí earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta; á thabhairt dá haire nár sainaithníodh sa tuarascáil ón gCúirt aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le CBAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Bainistíocht bhuiséadach agus airgeadais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad a leithdháileadh do CBAE in 2024 agus EUR 503 837 531, arbh ionann é agus méadú 3,66 % i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire gur bhain an méadú sin go príomha le coigeartuithe tuarastail a tuaradh do 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann caiteachas pearsanra agus beagnach 80 % de bhuiséad CBAE agus gur sháraigh nuashonruithe tuarastail na réamhaisnéisí tosaigh in 2024; á chur i bhfáth, cé gur ionsúdh na méaduithe sin gan treisithe buiséadacha breise, go n-ardaíonn a gcineál athfhillteach ceisteanna maidir le hinbhuanaitheacht bhuiséadach mheántéarmach faoi shrianta reatha CAI; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar phleanáil ilbhliantúil lucht saothair agus caiteachais, gan an bonn a bhaint de neamhspleáchas breithiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire ó fhreagraí CBAE ar an gceistneoir le haghaidh urscaoileadh 2024 gurbh é 97,72 % ráta foriomlán sealadach cur chun feidhme an bhuiséid ag deireadh 2024, mar a bhí in 2023, agus go mbeidh an ráta deiridh cur chun feidhme do 2024 ar fáil ag deireadh 2025; á thabhairt dá haire gur cuireadh trí aistriú faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais chun na línte buiséid le haghaidh ‘Ceannach, obair, seirbhísiú agus cothabháil trealaimh agus bogearraí’, ‘Lárionad Luath-Óige’ agus ‘Foirgnimh’ ó línte buiséid eile a threisiú, go príomha an líne bhuiséid don fhoireann ‘Luach saothair agus liúntais’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag aontú go ndearnadh agóid i gcoinne chumas CBAE freagairt d’ualach oibre atá ag dul i méid i gcónaí, ar thaobh amháin, le treoirlínte an Choimisiúin maidir le hullmhú an bhuiséid lena gcuirtear teorainn 2 % ar a mhéad leis an méadú ar an gcaiteachas uile nach mbaineann le tuarastal agus lena ndíspreagtar iarrataí ar phoist nua, agus, ar an taobh eile, mainneachtain EPSO líon réasúnta d’iarrthóirí rathúla ó chomórtais óna n-earcófar iad a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur lean éifeachtaí boilscitheacha chogadh foghach neamhdhleacthach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bhrú buiséadach a chruthú do CBAE trí e.g. costas méadaitheach misean nó méadú ar phraghsanna earraí agus seirbhísí ar conradh; ag moladh CBAE as a bearta lena maolaítear na héifeachtaí sin trí líon na misean a laghdú, ina bhfuil caiteachas fuinnimh agus, thar aon ní eile, tosaíocht a thabhairt do thionscadail agus meastacháin bhuiséid á n-ullmhú; á aithint gur gá d’institiúidí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid trí luaineacht praghsanna a chur san áireamh freisin, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu le soláthraithe seirbhíse; á iarraidh ar CBAE leanúint d’fheabhas a chur ar chostéifeachtúlacht agus ar phleanáil réamhghníomhach buiséid chun an cháilíocht bhreithiúnach a chaomhnú laistigh de na hacmhainní atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur tháinig méadú beag ar an meán-am íocaíochta ó 23,1 lá in 2023 go 23,7 lá in 2024 agus gur tháinig méadú ar sciar na sonrasc a fuarthas go leictreonach, ó 81 % in 2023 go 88 % in 2024; á thabhairt dá haire ó obair leantach CBAE ar na barúlacha sa rún ón bParlaimint maidir le hurscaoileadh 2023 (an ‘tuarascáil leantach’) go bhfuil íocaíocht coinníollach ar phróiseas athbhreithnithe i gcás sonraisc a bhaineann le haistriúchán seachtrach, rud atá riachtanach chun an ardcháilíocht aistriúcháin is gá a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig laghdú ar a buiséad misin do chomhaltaí agus d’fhoireann CBAE don dara bliain as a chéile, ó EUR 638 000 in 2023 go EUR 616 000 in 2024, arb ionann é agus laghdú thart ar 3,44 %;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, ó fhreagraí CBAE ar an gceistneoir le haghaidh urscaoileadh 2024, na n-iarrachtaí a rinne CBAE chun an t-athchóiriú breithiúnach a thabhairt chun críche maidir le haistriú páirteach na dlínse chun réamhrialuithe a thabhairt ón gCúirt Bhreithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta agus chun cur chun feidhme an chreata rialála nua a cheadú amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2024; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur atheagraíodh struchtúr na Cúirte Ginearálta, gur modhnaíodh Rialacha Nós Imeachta CBAE, gur glacadh sraith nua rialacha cleachtais de chuid na Cúirte Ginearálta chun na Rialacha Nós Imeachta a chur chun feidhme, gur glacadh cinneadh nua maidir le doiciméid nós imeachta a thaisceadh agus a sheirbheáil trí e-Curia, gur forbraíodh bogearraí nua (‘ionad ilfhreastail’) chun anailís agus próiseáil thapa a dhéanamh ar chásanna, chun go mbeadh níos mó éifeachtúlachta agus cáilíochta i dtorthaí breithiúnacha agus chun cleachtais chlárlanna na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a chomhchuibhiú in 2024; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, gur aistríodh 19 réamhrialú chuig an gCúirt Ghinearálta cheana féin le linn na chéad trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm an athchóirithe, rud a léiríonn na chéad torthaí i dtreo dáileadh níos cothroime ar an ualach oibre idir an dá chúirt; á thabhairt dá haire gurb iad na costais bhreise amháin a bhain leis an athchóiriú breithiúnach a chur chun feidhme na costais a bhain le TF, chun an t-ionad ilfhreastail a fhorbairt, arbh ionann iad agus thart ar EUR 805 000, agus ó thaobh foirne de gur coinníodh an t-athchóiriú neodrach ó thaobh an bhuiséid de trí phoist agus dualgais a ath-imlonnú laistigh den institiúid; á iarraidh ar CBAE tuairisciú a dhéanamh ar thionchar nithiúil an athchóirithe bhreithiúnaigh ar éifeachtúlacht, ar fhad na n-imeachtaí agus ar dháileadh an ualaigh oibre idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, lena n-áirítear tionchar na n-uirlisí digiteacha ar amanna próiseála agus ar chothromaíocht an ualaigh oibre; á iarraidh ar CBAE meastóireacht chuimsitheach <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar an athchóiriú a thíolacadh don chéad nós imeachta um urscaoileadh eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2024, ar 12 chás a bhaineann le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, ar cásanna iad 10 gcás de réamhrialuithe agus dhá chás de shárú; á athdhearbhú gur bunphrionsabal de chuid an Aontais é prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, lena n-áirithítear léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais ar fud na mBallstát uile agus lena gcosnaítear an smacht reachta mar bhunluach de chuid an Aontais; á athdhearbhú go láidir gurb í tosaíocht dhlí an Aontais bunchloch dhlíchóras an Aontais agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag CBAE maidir leis an smacht reachta a chaomhnú ar fud an Aontais; ag tabhairt dá haire, go sonraítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ‘go n-urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach’.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire ó fhreagraí CBAE ar an gceistneoir le haghaidh urscaoileadh 2024 gur cuireadh 920 cás nua faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais in 2024 (i gcomparáid le 821 in 2023), ar tarchuir le haghaidh réamhrialuithe 62,30 % díobh agus ar achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta 277 díobh; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú mór ar líon na gcásanna nua sa Chúirt Ghinearálta, ó 1 271 in 2023 go 786 in 2024, a raibh 35,88 % de na cásanna ina gcaingne chun gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais a neamhniú, bhain 34,10 % díobh le caingne a bhaineann le maoin intleachtúil agus bhain 9,67 % díobh le díospóidí idir institiúidí an Aontais agus a bhfoireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag aontú le CBAE gur cheart don Choimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialuithe CBAE ag na Ballstáit; ag athdhearbhú a hiarrata ar CBAE, go docht laistigh de theorainneacha a róil, sásra a leagan síos chun dea-chleachtais agus drochchleachtais a shainaithint i measc na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar líon na gcásanna a dhún an Chúirt Ghinearálta ó 904 in 2023 go 922 in 2024 agus gur tháinig méadú ar líon na gcásanna a dhún an Chúirt Bhreithiúnais ó 783 in 2023 go 863 in 2024, de bhrí gur cuireadh tús leis an méadú deireanach sin trí pháirt-athsholáthar tríbhliantúil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcásanna atá ar feitheamh ag an gCúirt Bhreithiúnais ó 1 149 in 2023 go 1 206 in 2024, agus go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcásanna atá ar feitheamh ag an gCúirt Ghinearálta ó 1 438 in 2023 go 1 302 in 2024 (lena n-áirítear sraith 404 chás atá comhionann go bunúsach a áirítear mar chás aonair), i bpáirt mar gheall ar dhúnadh grúpaí móra áirithe cásanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ag an am céanna, an laghdú ar an meán-am a thóg sé chun cásanna a chur de láimh faoin nós imeachta práinne os comhair na Cúirte Breithiúnais, a thit ó 4,3 mí in 2023 go 3,3 mí in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é 17,7 mí in 2024 meánfhad na n-imeachtaí do na cásanna a dhún an Chúirt Bhreithiúnais i gcomparáid le 16,1 mí in 2023, cé gur tharla an méadú faoi seach thart ar 6 seachtaine mar gheall ar chastacht agus toirtiúlacht roinnt comhad (amhail caingne a tugadh in 2020 i gcoinne ‘pacáiste soghluaisteachta’ an Aontais, mar a thugtar air, agus a dúnadh in 2024); á thabhairt dá haire gur mhéadaigh meánfhad na gcásanna a dhún an Chúirt Ghinearálta le breithiúnas nó le hordú ó 18,2 mí in 2023 go 18,5 mí in 2024; á chur i bhfáth nach mór tráthúlacht imeachtaí breithiúnacha a bheith ina príomhchuspóir feidhmíochta i gcónaí, ós rud é go ndéanann fad iomarcach difear díreach don deimhneacht dhlíthiúil do shaoránaigh, do chúirteanna náisiúnta agus d’oibreoirí eacnamaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar CBAE féachaint, i gcomhar leis na cúirteanna náisiúnta, ar uirlisí treorach praiticiúla (treoirlínte, teimpléid tagartha tosaigh agus seisiúin oiliúna ar líne) a úsáid chun tacú le foirmliú soiléir agus spriocdhírithe na gceisteanna a chuirtear isteach i réamhrialuithe, agus ar an gcaoi sin an baol go mbeidh imeachtaí neamhriachtanacha nó rófhada ann a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag moladh CBAE as an méadú a cláraíodh in úsáid an iarratais e-Curia, de bhrí go ndeachaigh líon na gcuntas a d’oscail cúirteanna náisiúnta ó 451 in 2023 go 566 in 2024 agus gur shroich céatadán na ndoiciméad nós imeachta a taisceadh trí e-Curia 91 % sa Chúirt Bhreithiúnais agus 96 % sa Chúirt Ghinearálta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cur chuige feidhmíochtbhunaithe a d’fhorbair CBAE, lena gceadaítear do CBAE cinntí a dhéanamh bunaithe ar leibhéal bainte amach a chuspóirí, arna thomhas trí shraith d’ualach oibre agus táscairí oibríochtúla (e.g. costéifeachtúlacht, rátaí críochnaithe tionscadal, sástacht úsáideoirí agus barrfheabhsú acmhainní) atá saincheaptha do gach roinn; á thabhairt dá haire go gcumhdaítear leis na heochairtháscairí feidhmíochta a úsáideann CBAE raon leathan réimsí sonracha chun tacú leis na cúig chuspóir bainistíochta a bhaineann le feidhmiú cuí an dá chúirt, digitiú agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, oscailteacht agus trédhearcacht, ilteangachas agus bainistiú acmhainní daonna; á thabhairt chun suntais gur gá do CBAE a áirithiú go mbeidh na táscairí sin trédhearcach, dírithe ar thorthaí agus go ndéanfar athbhreithniú rialta orthu chun tacú le bainistiú agus cuntasacht éifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cur chuige a athbhreithníodh in 2024 maidir leis an toradh ar infheistíocht tionscnamh nuálaíochta, trí mheastóireacht costas a chur san áireamh trí pharaiméadair amhail iarrachtaí cur chun feidhme agus pearsanra, cothabháil bhliantúil, costas conraitheoirí agus cineálacha eile costas, chomh maith le meastóireacht ar shochair trí pharaiméadair amhail gnóthachain réamh-mheasta, buntáistí straitéiseacha agus líon na n-úsáideoirí a n-imrítear tionchar orthu; ag tabhairt dá haire go ndearna CBAE athbhreithniú críochnúil in 2024 ar a chóras chun bainistiú tionscadal agus rianú airgeadais tionscadal a leanúint, d’fhonn tuairisciú agus rialú iomlán ar a sheirbhísí comhairliúcháin digitithe ambhunaithe a áirithiú faoi 2025; á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt dá haire ó thuarascáil iniúchóireachta inmheánaí CBAE do 2024 (‘an tuarascáil inmheánach’) gur bhain na príomhghníomhaíochtaí iniúchóireachta a rinne roinn iniúchóireachta inmheánaí CBAE in 2024 le hiniúchadh ar thionscadal CBAE chun a socruithe slándála bonneagair agus a thionscadail fardail maoine a uasghrádú, chomh maith le trí staidéar: maidir le hathruithe ar riachtanais chaipitil dhaonna CBAE i ré na hIntleachta Saorga giniúnaí; maidir le hinniúlachtaí eagraíochtaí agus a bhfostaithe i dtimpeallacht atá ag athrú; agus maidir le folláine fostaithe agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn); á thabhairt dá haire, agus is mór aici, ón tuarascáil inmheánach go ndearna na ranna lena mbaineann gníomhaíocht chun moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme, go minic sular tugadh na hiniúchtaí chun críche; á thabhairt dá haire, thairis sin, i ndáil le clár 2024, go raibh obair ar siúl in 2025 chun iniúchadh a dhéanamh ar cheadúnais TF agus don chuid dheireanach den iniúchadh ar bhainistiú ceannacháin troscáin agus trealaimh; ag tabhairt faoi deara nár tháinig aon athrú ar staid na himeartha maidir leis an iniúchadh deireanach sin ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe as a chéile; á iarraidh ar CBAE amach anseo nuashonrú a thíolacadh maidir leis an bhfaireachán ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ar mholtaí iniúchóireachta inmheánaí i bhformáid tábla, le stádas cur chun feidhme do gach gníomhaíocht agus moladh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar líon iomlán na n-oifigeach ag deireadh na bliana ó 1 340 (58 %) in 2023 go 1 354 (60 %) in 2024, gur tháinig laghdú ar líon na ngníomhairí sealadacha ó 765 (33 %) in 2023 go 740 (33 %) in 2024, agus gur tháinig laghdú ar líon na ngníomhairí ar conradh ó 198 (9 %) in 2023 go 173 (7 %) in 2024; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú beag ar an ráta fostaíochta ó 97,11 % in 2023 go 96,70 % in 2024 agus gur tháinig laghdú ar láimhdeachas bliantúil na foirne ó 6,54 % in 2023 go 6,32 % in 2024, agus go mbaineann 41 % d’imeachtaí na foirne le pinsin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ghinearálta sa Chúirt Bhreithiúnais agus go bhfuil 54 Bhreitheamh sa Chúirt Ghinearálta; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndeachaigh naonúr Breithiúna nua sa Chúirt Bhreithiúnais agus beirt Bhreithiúna nua sa Chúirt Ghinearálta i mbun oifige mar gheall ar ionadú páirteach in 2024; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil comhdhéanamh inscne na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta fós an-neamhchothrom; á chur in iúl gur mór aici an litir ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta chuig Uachtarán Chomhdháil Ionadaithe na mBallstát in 2024, lena n-iarrtar ar na Ballstáit an gá atá le cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus iarrthóirí á n-ainmniú chun Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a ionadú; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit an gá atá le cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus iarrthóirí á n-ainmniú acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna, agus a áirithiú ag an am céanna go leanfaidh ainmniúcháin de bheith bunaithe ar fhiúntas, ar cháilíocht agus ar chritéir neamhspleáchais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go raibh foireann CBAE comhdhéanta de 60,70 % mná agus 39,30 % fir; á thabhairt dá haire gurbh í ionadaíocht na mban an líon ab airde i ngráid chúnta (69,14 %), agus ar an drochuair gurbh í an líon ab ísle i bpoist ardbhainistíochta í (35,71 %); á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil méadú tagtha ar dháileadh na mban i bpoist mheánbhainistíochta ó 43,33 % in 2023 go 51,61 % in 2024; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil bhainistíochta an oifigigh údarúcháin trí tharmligean do 2024, go bhfuil treocht aníos ann maidir le hionadaíocht na mban i bpoist bhainistíochta ar an iomlán, ó 37,50 % in 2018 go 48,70 % in 2024; á chur i bhfáth gur ábhar imní fós é tearcionadaíocht leanúnach na mban i bpoist ardbhainistíochta agus ag spreagadh na cúirte leanúint de bhearta spriocdhírithe a neartú atá dírithe ar thacú le dul chun cinn gairme agus conairí ceannaireachta do mhná, agus prionsabail an fhiúntais agus na trédhearcachta á n-urramú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh plean gníomhaíochta maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’) lena ndéantar gníomhaíochtaí a ailíniú, moltaí a dhéanamh agus gníomhaíochtaí faisnéiseacha agus oiliúna a eagrú don fhoireann uile chun cásanna ciaptha a chosc; ag tabhairt dá haire gníomhaíochtaí breise a fógraíodh, lena n-áirítear leanúint den chomhar le heagraíochtaí náisiúnta atá ag obair i réimse chosc an fhoréigin in aghaidh na mban, tionscnaimh bhreise múscailte feasachta agus seisiúin oiliúna lena dtugtar chun suntais, go háirithe, tionchar an mhiocrachasáin agus na claontachta inscnebhunaithe; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, an easpa oiliúint éigeantach do chomhalta CBAE, mar a luaitear i bhfreagraí CBAE ar an gceistneoir maidir le hurscaoileadh 2024; ag tathant, dá bhrí sin, go n-áireofaí gach duine aonair, idir bhaill foirne agus chomhaltaí CBAE, i seisiúin oiliúna éigeantacha i réimse chosc an fhoréigin in aghaidh na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, éagsúlacht na n-iarrachtaí agus na ngníomhaíochtaí arna n-imscaradh ag CBAE i measc a foirne, lena n-áirítear ag céim na hearcaíochta, i bhfabhar an chomhionannais, an chuimsithe, na hurraime frithpháirtí agus na héagsúlachta (an éagsúlacht agus an inchuimsitheacht); á thabhairt dá haire go háirithe gur seoladh oiliúint nua in 2024 maidir leis an éagsúlacht agus an inchuimsitheacht ina ndírítear ar mhiocrachasáin a chosc agus, ó 2025 ar aghaidh, dhá oiliúint nua maidir le teorainneacha sláintiúla a leagan síos chun feidhmíocht a fheabhsú agus maidir le timpeallacht atá saor ó chiapadh arna n-eagrú tar éis moltaí ó mheitheal idir-rannach CBAE maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, bhearta tacaíochta pearsantaithe CBAE (maidir le cúraimí, uaireanta oibre agus spásanna oibre), ó 2022 i leith, do bhaill foirne faoi mhíchumas, rannpháirtíocht na hinstitiúide ag an tseachtain feasachta míchumais a eagraíodh in 2024 agus clár píolótach d’oiliúnaithe faoi mhíchumas a fhorbairt ó 2025 ar aghaidh; á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh an chláir dheireanaigh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ionadaíocht ag náisiúntachtaí uile an Aontais ar fhoireann CBAE; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil ionadaíocht níos mó ag náisiúntachtaí áirithe ná a chéile, de bhrí go bhfuil ró-ionadaíocht ag cuid acu den chuid is mó; ag tacú le CBAE dlús a chur lena hiarrachtaí fógraí folúntais a fhógairt chomh forleathan agus is féidir trí shuíomhanna gréasáin idirinstitiúideacha, líonraí meán sóisialta agus EPSO; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil leantach thiomantas CBAE anailís a dhéanamh ar shonraí ábhartha chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a chur chun feidhme arb é is cuspóir dóibh ionadaíocht gheografach a fheabhsú i measc a foirne lena n-áirítear oiliúnaithe; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí CBAE feasacht a mhúscailt maidir leis na cláir oiliúna i measc riaracháin náisiúnta agus buanionadaíochtaí na mBallstát atá faoi ghannionadaíocht;  á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, i gcás tréimhsí oiliúna faoi chuimsiú an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB), go bhfuair CBAE iarratais in 2024 ó thrí Bhallstát nua atá rannpháirteach den chéad uair ina chlár oiliúna fadtéarmach do ghairmithe ceartais náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag moladh ghníomhaíochtaí CBAE i réimse an ilteangachais (dhlíthiúil) in 2024, amhail suíomh gréasáin maidir le hilteangachas a thabhairt chun críche agus a sheoladh, comheagrú an chéad eagráin de scoil samhraidh in éineacht le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, an dlúthchomhar leis na Ballstáit chun linn saineolais sheachtraigh a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe ar mhéideanna aistriúcháin agus chun aon teaglaim teangacha a chumhdach, gníomhaíochtaí múscailte feasachta do mhargadh an tsaoraistriúcháin agus uasghrádú leanúnach ar nósanna imeachta agus scileanna maidir le húsáid uirlisí digiteacha (lena n-áirítear uirlisí a bhaineann le Intleacht Shaorga) le haghaidh aistriúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag moladh CBAE as a gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin earcaíochta foirne agus chun Lucsamburg a chur chun cinn i measc céimithe óga mar áit oibre; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, rannchuidiú CBAE le liúntas tithíochta a bhunú agus a chur chun feidhme, ar liúntas é a íoctar le baill foirne ag gráid níos ísle le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2025, le hullmhú chomórtais EPSO lena ndírítear go sonrach ar bhaill foirne atá le fostú i Lucsamburg, chomh maith le seisiúin faisnéise agus scoileanna samhraidh; ag spreagadh comhar níos dlúithe le EPSO agus le hinstitiúidí eile chun líon na n-iarrthóirí cáilithe a leathnú agus chun na próisis roghnúcháin iomaíocha i sainréimsí a neartú; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go ndearna CBAE tionscadal/suirbhé a phíolótú thar ceann an Ghrúpa Idirinstitiúidigh Ardleibhéil chun a shuí an mbeadh sé indéanta seirbhísí cíosa a chonrú le haghaidh tithíocht shealadach (i.e. ar feadh uastréimhse bliana), ar phraghas an mhargaidh (nó faoina bhun) a d’íocfadh baill foirne go díreach; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur éirigh leis an suirbhé agus, dá bhrí sin, gur chuir an mheitheal comhaontú ar leibhéal seirbhíse faoi bhráid na n-institiúidí rannpháirteacha chun sainordú a thabhairt do CBAE nós imeachta caibidlíochta eastáit réadaigh a sheoladh le heintitis a chuir tionscadail oiriúnacha isteach; á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin obair leantach ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt dá haire gur earcaigh CBAE 201 oiliúnaí faoin scéim ghinearálta oiliúna (íoctha); á thabhairt dá haire, thairis sin, gur dhiúltaigh 34 % de na hiarrthóirí a roghnaíodh ar dtús do thairiscint CBAE tar éis dóibh ardchostas maireachtála Lucsamburg a bhaint amach; ag athdhearbhú a béime gur cheart luach saothair a thabhairt do thréimhsí oiliúna i gcomhréir le rún ón bParlaimint an 14 Meitheamh 2023 maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta san Aontas (2020/2005(INL)), ina n-iarrtar go n-íocfaí gach intéirneacht san Aontas; á chur in iúl gur geal léi go bhfaigheann gach oiliúnaí ag CBAE deontas faoi láthair le linn a bhfanachta, go príomha ó CBAE agus, i gcásanna sonracha áirithe, ó fhoinsí eile; á thabhairt dá haire nach nglacann CBAE ach le cúpla oiliúnaí (seacht n-oiliúnaí in 2024) arna n-íoc ag foinsí eile, agus ar feadh tréimhsí gearra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearnadh 17 gcás traochta a dhoiciméadú in 2024, ar tuairiscíodh ocht gcás nua díobh in 2024 agus naoi gcás in 2023, agus go bhfuair an fhoireann lena mbaineann tacaíocht agus treoir ghairmiúil; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, go raibh CBAE fós ar thús cadhnaíochta in 2024 maidir le tionscnaimh lena gcuirtear dea-bhail fhisiciúil agus mheabhrach na foirne chun cinn agus lena dtugtar aghaidh ar rioscaí traochta agus síceasóisialta, amhail comhairliúcháin le hoibrí sóisialta nó le síceolaí, léachtaí maidir le haireachas agus cothromaíocht dhigiteach, ceardlanna speisialaithe agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le saincheisteanna sláinte, seisiúin oiliúna garchabhrach agus earcú beirt síceolaithe páirtaimseartha; á aithint gur éirigh go maith le socruithe solúbtha oibre a úsáid, lena n-áirítear scéim teilea-oibre CBAE, agus iarracht á déanamh ar deireadh cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach don fhoireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire gur seoladh fiosrúchán riaracháin in 2023 maidir le cás líomhnaithe gnéaschiaptha a bhaineann le ball foirne agus gur dúnadh an cás sin in 2024 le smachtbhanna; á thabhairt dá haire nár osclaíodh aon fhiosrúchán riaracháin nua maidir le ciapadh in 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Creat eiticiúil, trédhearcacht agus rochtain ar cheartas do shaoránaigh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar a iarradh i moltaí maidir le hurscaoileadh roimhe seo, gur glacadh an cód iompair nua d’oifigigh agus seirbhísigh eile CBAE lena léirítear luachanna agus tiomantas CBAE d’ardchaighdeáin eiticiúla i mí an Mhárta 2024 agus ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa Chód Iompair forálacha maidir le coinbhleacht leasa, dualgas dílseachta, dualgas rúndachta agus discréide, gníomhaíochtaí seachtracha, gníomhaíochtaí gairme tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil agus foilseacháin, forálacha i gcoinne ciaptha, agus go bhfuil feidhm aige freisin maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus breithiúna faoi oiliúint arna n-óstáil faoi GEOB; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm ag CBAE chun an Cód Iompair a chur i láthair agus a mhíniú chomh forleathan agus is féidir agus chun go dtuigfidh an fhoireann go hiomlán na rialacha nua agus an creat dlíthiúil níos leithne a bhfuil siad mar chuid de, agus go bhfuil oiliúint ar an gCód Iompair agus cearta agus oibleagáidí na foirne éigeantach do nuatheachtaithe agus go moltar go mór í d’fhoireann uile CBAE, de bhrí gur ghlac 561 dhuine san iomlán (i.e. 24.75 % de líon iomlán oifigeach agus gníomhairí CBAE) páirt in oiliúint den sórt sin in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tairgeadh oiliúint chomhchosúil do chomhaltaí nua CBAE in 2024; ag tabhairt dá haire agus is mór aici líonra CBAE de ‘chomhairleoirí rúnda’ a thugann cúnamh do bhaill foirne i gcás ciaptha, chomh maith leis an gclár bainistithe tallainne a thairgtear do riarthóirí ardacmhainneachta lena gcumhdaítear, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ceannaireacht eiticiúil; ag moladh do CBAE an soláthar oiliúna ar an gCód Iompair do gach ball foirne a neartú de réir a chéile gan eisceacht, chun comhthuiscint ar chaighdeáin eiticiúla a áirithiú ar fud na hinstitiúide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire, tar éis ghlacadh an chóid iompair do chomhaltaí agus d’iarchomhaltaí CBAE, go bhfoilsítear dearbhú leasanna na gcomhaltaí ar líne chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cásanna a láimhseáil a sheachaint; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil leantach gur shínigh CBAE in 2024 an comhaontú lena mbunaítear ‘Comhlacht Eitice AE’ idirinstitiúideach a bhfuil, i measc a chúraimí, íoschaighdeáin choiteanna a tharraingt suas maidir le hiompar chomhaltaí na n-institiúidí is sínitheoirí; á aithint go gcoinníonn CBAE stádas breathnóra laistigh den chomhlacht sin chun neamhspleáchas na mbreithiúna a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire a beartais láidir maidir le coinbhleachtaí leasa laistigh den institiúid agus doirse imrothlacha a bhrath agus a chosc, agus rialacha sonracha agus níos déine á sainiú ag an gCód Iompair nua do bhainisteoirí agus do rúnaithe dlí; á thabhairt dá haire gur próiseáladh trí dhearbhú coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann ó bhaill foirne in 2024, cé nach raibh gníomhaíocht cheartaitheach ag teastáil ó aon cheann acu; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur dhearbhaigh 57 mball foirne in 2024 go raibh sé ar intinn acu oibriú tar éis dóibh CBAE a fhágáil, cé nár cuireadh aon duine i dtréimhse mharana; á thabhairt dá haire, áfach, gur leanadh den tréimhse mharana le haghaidh cás a chuir iarbhall foirne sinsearach isteach in 2023 in 2024; á thabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chás sceithireachta in CBAE in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go bhfuil beartas scaoilte na mBreithiúna i gcásanna coinbhleachta leasa iarbhír nó dealraitheacha éigeantach cheana féin agus go mbraitheann CBAE ar shásra tástáilte chun coinbhleachtaí leasa a chosc, de bhrí go gcumhdaítear leis an sásra sin an próiseas chun comhaltaí CBAE a roghnú agus go mbíonn éifeachtaí iomlána aige nuair a théann siad i mbun a ndualgas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go raibh cónaí ar chomhaltaí uile CBAE i Lucsamburg i gcomhréir le hAirteagal 14 den Reacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire gur foilsíodh liosta na ngníomhaíochtaí seachtracha a rinne comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon ar shuíomh gréasáin CBAE ó 2018 i leith agus nach bhformheastar na gníomhaíochtaí sin ach amháin má tá siad comhoiriúnach le ceanglais chód iompair chomhaltaí CBAE agus lena n-oibleagáidí a bheith ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí breithiúnacha; á chur in iúl gur geal léi, ón tuarascáil leantach, tiomantas CBAE anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht agus inléiteacht na faisnéise foilsithe a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheabhrú gur mhol an Pharlaimint in 2023 d’institiúidí uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le córas aonair i ndáil le húsáid feithiclí oifigiúla a bheidh le cur i bhfeidhm go cothrománach; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin agus sa tuarascáil leantach go ndearna CBAE, an Chúirt, an Pharlaimint agus an Coimisiún meitheal idirinstitiúideach a chur ar bun in 2024 arb é is cuspóir di faisnéis a mhalartú maidir le cleachtais faoi seach agus bealaí a shainaithint chun na rialacha a chomhchuibhiú, agus neamhspleáchas agus sainiúlachtaí gach institiúide á n-urramú ag an am céanna; ag meabhrú thuairim na Parlaiminte nár cheart flít gluaisteán a úsáid lasmuigh d’fheidhmiú docht dhualgais Chomhaltaí CBAE in imthosca ar bith; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil leantach go ndearna an mheitheal tagarmharcáil ar an tsaincheist agus go bhfuil sí ag féachaint ar ábhair eile a bhaineann le bainistiú flíteanna gluaisteán; á iarraidh ar an meitheal gníomhú go pras maidir leis an ábhar sin agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh a cuid oibre agus a chonclúidí a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt dá haire nár thuairiscigh CBAE aon chásanna calaoise, éillithe nó mí-úsáide chistí an Aontais in 2024; á thabhairt dá haire gur dlúthchuid dá creat comhtháite rialaithe inmheánaigh agus bainistithe riosca í straitéis frithchalaoise CBAE, agus béim ar leith á leagan ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh míchuí faisnéise; á thabhairt dá haire go n-áirítear ina creat rialála inmheánach cinneadh maidir le himscrúduithe a bhaineann le calaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach i gcoinne leas an Aontais agus cinneadh agus treoirlínte maidir le sceithireacht lena n-áirítear forálacha maidir le faisnéis agus cosaint do sceithirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE chun trédhearcacht, rochtain ar cheartas agus oscailteacht phoiblí a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le muinín an phobail in institiúidí an Aontais a chothú, agus cothromaíocht á baint amach in ábhair imní bhunúsacha eile amhail suaimhneas breithiúnach, rúndacht imeachtaí agus cosaint sonraí pearsanta; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do thrédhearcacht mhéadaithe fónamh freisin chun muinín an phobail a neartú as dlí-eolaíocht CBAE; ag moladh do CBAE leanúint d’iarrachtaí chun soiléireacht, inrochtaineacht agus intuarthacht a cásdlí a fheabhsú, go háirithe i gcásanna a bhfuil tionchar suntasach bunreachtúil nó sochaíoch acu; á thabhairt dá haire, in 2024, gur chomhdhlúthaigh CBAE an tseirbhís sruthaithe d’éisteachtaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta ar shuíomh gréasáin Curia, rud a d’éascaigh rochtain na saoránach ar ghníomhaíochtaí breithiúnacha CBAE; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, mar thoradh ar an athchóiriú breithiúnach a glacadh in 2024, trédhearcacht mhéadaithe an nós imeachta um réamhrialú trí chead a thabhairt barúlacha i scríbhinn a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin CBAE laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis dhúnadh an cháis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil leantach, tar éis treoirthionscadal rathúil a seoladh in 2022 agus tar éis nuashonrú a dhéanamh ar a Rialacha Nós Imeachta in 2024, gur leathnaigh an Chúirt Bhreithiúnais an tseirbhís sruthaithe chun cásanna tábhachtacha arna n-éisteacht ag Dlísheomra de chúigear Breithiúna a áireamh, chomh maith le sruthú gar-bheo ar éisteachtaí pléadálacha ó bhéal agus craoltaí beo ar thabhairt breithiúnas agus tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón 1 Meán Fómhair 2024, go bhfuil fístaifeadtaí d’éisteachtaí chun breithiúnais agus tuairimí a thabhairt fós ar fáil go buan ar shuíomh gréasáin CBAE agus go bhfuil fístaifeadtaí de phléadálacha ó bhéal inrochtana ar feadh mí amháin tar éis na héisteachta; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil bearta comhchosúla déanta ag an gCúirt Ghinearálta chun rochtain mhéadaithe an phobail ar a himeachtaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chláraigh CBAE 20 iarraidh ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid riaracháin in 2024 agus gur dheonaigh sí rochtain ar dhoiciméid riaracháin i 15 chás; á thabhairt dá haire nár láimhseáil an tOmbudsman Eorpach aon chás a bhaineann le CBAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, i gcomparáid le 2023, gur tháinig laghdú 9 % ar chaiteachas an bhuiséid i gcás tionscadail TF agus laghdú 69 % i gcás tionscadail chibearshlándála, agus gur tháinig méadú 16 % air i gcás trealamh TF, agus laghdú 2 % i gcás seirbhísí, ceadúnais agus trealamh cibearshlándála; ag tabhairt faoi deara gurb é is cúis leis an laghdú suntasach ar thionscadail TF go bhfuil tionscadail chibearshlándála áirithe tar éis dul isteach sa chéim oibríochtúil in 2024 agus, dá bhrí sin, go n-áirítear speansais ghaolmhara sa bhuiséad oibríochtaí caighdeánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag moladh CBAE as an dul chun cinn a rinneadh i dtionscadail dhigiteacha éagsúla in 2024, amhail cur i bhfeidhm chlár uasghrádaithe SIGA le haghaidh bainistiú comhtháite sonraí agus cásanna, úsáid mhéadaithe agus fheabhsaithe fheidhmchlár HAN/Ares (córas leictreonach clárúcháin agus bainistíochta doiciméad CBAE), cur chun feidhme Chomharthaíocht AE (córas sínithe dhigitigh) agus ollchóiriú Shuíomh Curia agus uirlis chuardaigh InfoCuria araon; á aithint a thábhachtaí atá sé cur leis an úsáid a bhaintear as an iarratas e-Curia chun doiciméid nós imeachta a thaisceadh agus a fhógairt trí mheán leictreonach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean CBAE dá phróisis a uathoibriú le húsáid bogearraí róbataice, amhail ó 2024, chun cúraimí atriallacha a phróiseáil amhail tras-scríobh éisteachtaí agus íocaíocht sonrasc; ag dréim leis go gcuideoidh cur i bhfeidhm réiteach uathoibrithe próisis róbataice le hacmhainní a bharrfheabhsú ar fud CBAE; á aithint a thábhachtaí atá an comhar idirinstitiúideach a théann chun tairbhe CBAE a mhéid a bhaineann le héifeachtúlachtaí a ghintear trí úsáid a bhaint as mórchórais TF le haghaidh bainistiú doiciméad agus taifead (HAN/Ares), AD (Cúrsaí Sysper agus Foirne), bainistiú taifead airgeadais (SAP) agus córais eile de chuid an Choimisiúin (Intleacht Shaorga-bhunaithe), mar shampla le haghaidh seirbhísí aistriúcháin (eTranslation);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, gur seoladh treoirthionscadal in 2024 lena dtugtar rochtain do ranna uile CBAE ar chúntóirí Intleacht Shaorga; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcloífear le prionsabail eiticiúla agus uirlisí Intleacht Shaorga á n-úsáid agus go háirithe le Treoirlínte Intleacht Shaorga CBAE a glacadh in 2024, agus ar an gcaoi sin formhaoirseacht dhaonna a áirithiú i ndáil le prionsabal neamhspleáchas na n-imeachtaí dlíthiúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart úsáid uirlisí IS i dtimpeallacht bhreithiúnach teacht in ionad réasúnaíocht dhlíthiúil nó rogha bhreithiúnach an duine riamh, ná an bonn a bhaint de fhreagracht phearsanta na mbreithiúna; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, ról maoirseachta Bhord Bainistíochta Intleacht Shaorga CBAE; ag moladh CBAE as an gclár oiliúna cuimsitheach a chuir sí i bhfeidhm in 2024, ag tosú le ‘mí feasachta Intleacht Shaorga’ lena n-áirítear seisiúin oiliúna, cruinnithe comhchéime arna mbeochan ag saineolaithe Intleacht Shaorga, seimineáir ghréasáin agus bothchampaí, agus ar an gcaoi sin an chéad chéim thábhachtach a ghlacadh i dtreo feasacht a chruthú i measc baill foirne faoi straitéis, treoirlínte agus Intleacht Shaorga CBAE i gcoitinne; á thabhairt dá haire go leanann baill foirne cúrsaí freisin maidir le bainistiú athruithe, aistriú eolais, meantóireacht agus aclaíocht mheabhrach chun tacú le hoiriúnú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; á iarraidh ar CBAE leanúint de chláir oiliúna agus feasachta den sórt sin a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin nua maidir leis an gCibearshlándáil go luath in 2024, gur bhunaigh CBAE plean gníomhaíochta cibearshlándála agus go bhfuil tionscadail bhonneagair TF ghaolmhara á gcur chun feidhme acu; á thabhairt dá haire go ndéanann CBAE trí thástáil bhliantúla athshlánaithe ó thubaistí ar a laghad lena gcumhdaítear córais ar an láthair, seirbhísí teileachumarsáide, agus teip ar sholáthraí idirlín;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire gur neartaíodh cumais oibríochtúla chibearshlándála tuilleadh in 2024 chun Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar líon na gcibearionsaithe; ag tabhairt faoi deara nár tharla aon chibirionsaithe móra in 2024; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndearnadh 142 theagmhas slándála in aghaidh na míosa ar an meán a thaifeadadh agus a anailísiú, agus go raibh idirghabháil dhaonna ag teastáil ó chuid acu; á chur i bhfios go láidir gur infheistíocht straitéiseach í an chibearshlándáil, atá bunriachtanach chun neamhspleáchas breithiúnach, sláine sonraí agus leanúnachas na gníomhaíochta breithiúnaí a chosaint, agus béim á leagan, dá bhrí sin, ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach intuartha i gcumais chibearshlándála, in oiliúint foirne agus i gcomhar idirinstitiúideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur dúnadh an t-imscrúdú a rinne an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ar úsáid néalseirbhísí arna soláthar ag Amazon Web Services agus Microsoft Cloud II faoi chonarthaí ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais in 2025; á thabhairt dá haire, thairis sin, nach bhfuair CBAE aon mholtaí tar éis an imscrúdaithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar chuid dá tionscnamh cuimsitheach chun inrochtaineacht agus cuimsiú a mhéadú do dhaoine atá leochaileach, gur lean CBAE den chur chuige ‘inrochtaineacht trí dhearadh’ a chur chun feidhme maidir le haon athrú agus éabhlóid ar a córais TF; á thabhairt dá haire, tar éis iniúchadh a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Curia in 2023, go bhfuil teicneolaíochtaí á nglacadh ag CBAE chun feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh do raon leathan úsáideoirí, amhail daoine a bhfuil lagú amhairc orthu, laguithe éisteachta nó míchumais foghlama; á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Foirgnimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach gur reáchtáladh roinnt ceardlann in 2024 faoi chuimsiú dhá thionscadal phíolótacha maidir leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as áitreabh CBAE, rud a d’fhág gur forbraíodh dhá leagan amach a bhí saincheaptha do riachtanais gach seirbhíse; á thabhairt dá haire gur cuireadh an obair leantach ar na tionscadail sin ar fionraí chun am a thabhairt ar dtús chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag comhtháthú Intleacht Shaorga ar mhodhanna oibre CBAE agus, ar deireadh, ar úsáid spáis agus oifigí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, gur shaothraigh CBAE a thionscnamh cuimsitheach tuilleadh chun inrochtaineacht agus cuimsiú a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas; á thabhairt dá haire go háirithe go bhfuil plean gníomhaíochta fadtéarmach tarraingthe suas ag CBAE chun a áirithiú go gcomhlíonann a fhoirgnimh na caighdeáin inrochtaineachta dlíthiúla faoin 1 Eanáir 2032 mar a cheanglaítear le dlí Lucsamburg; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil fardal pointí feabhsúcháin bunaithe ag CBAE le haghaidh codanna dá bonneagar agus go bhfuil ailtire coimisiúnaithe aici le haghaidh staidéar féidearthachta lena gcinnfear na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh; á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag moladh CBAE as a hiarrachtaí leanúnacha agus as dul chun cinn suntasach maidir lena lorg comhshaoil a laghdú in 2024, mar a léirítear lena feidhmíocht i gcomparáid le bonnlíne 2015 na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil le laghduithe in aghaidh an Choibhéis Lánaimseartha a baineadh amach in go leor cineálacha tomhaltais/astaíochtaí (téamh: - 37,5 %; leictreachas: -29,3 %; páipéar: -64.2 %, dramhaíl oifige agus ceaintín: -40,4 %; astaíochtaí gás ceaptha teasa: -26,7 %); á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas foriomlán tagtha i gcomparáid leis na laghduithe a tuairiscíodh do 2023; á aithint gur tháinig laghdú 18 % ar chaiteachas fuinnimh i gcomparáid le réamhaisnéisí mar thoradh ar na torthaí sin, in éineacht le dálaí an mhargaidh; ag moladh, sa chomhthéacs sin, comhtháthú láidir na hinbhuanaitheachta i gcreat bainistithe riosca agus cuntasachta CBAE, mar a cheanglaítear lena deimhniú faoi scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí suntasacha in 2024 chun éifeachtúlacht fuinnimh fhoirgnimh CBAE a fheabhsú, lena n-áirítear beagnach EUR 1,5 milliún chun soilsiú LED a shuiteáil go forleathan agus os cionn EUR 0,4 milliún le haghaidh oibreacha inslithe foirgneamh; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ó fhoinsí in-athnuaite a tháinig an leictreachas uile a ceannaíodh agus gur córas ceantair a chumhachtaítear le bithmhais a sholáthraíonn an téamh; á chur in iúl gur geal léi tiomantas CBAE a soláthar fuinnimh ghlais a dhéanamh slán i bhfad na haimsire trí rannpháirtíocht phleanáilte i gComhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (CCCanna);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag moladh CBAE as a cur chuige dian i leith soláthar inbhuanaithe, trí ghlaonna ar thairiscintí a chatagóiriú bunaithe ar thionchar (‘glas éadrom’, ‘meánghlas’, ‘barrghlas’) a gclásal comhshaoil, trí úsáid chórasach a bhaint as uirlisí amhail an féinmheasúnú éigeantach ‘feidhmíocht ghlas’ agus trí chomhairliúchán le Deasc Chabhrach idirinstitiúideach seirbhís urlabhraí an Choimisiúin; á thabhairt dá haire gur ‘ceannacháin ghlasa’ a bhí in ocht mórthairiscint os cionn EUR 60 000 in 2024, agus gur ionchorpraíodh clásail shuntasacha chomhshaoil in sé cinn díobh; á chur in iúl gur geal léi go háirithe cur chun feidhme rathúil an chonartha nua lónadóireachta, lena n-éilítear cleachtais bhia inbhuanaithe agus a bhfuil deimhniú ISO 14001 aige, agus gur baineadh amach an cuspóir tairiscintí ‘glas éadrom’ a theorannú go mór faoi bhun na sprice 50 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag moladh CBAE as a straitéis chuimsitheach agus éifeachtach um shoghluaisteacht inbhuanaithe don fhoireann agus do na comhaltaí; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, na bhfóirdheontas leanúnach d’iompar poiblí le haghaidh comaitéireacht trasteorann agus scéim rothar Vel’Oh!, mar aon le feabhsuithe suntasacha ar an mbonneagar, lena n-áirítear go leor pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha agus hibrideacha a shuiteáil in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire an aistrithe shuntasaigh i dtreo modhanna oibre inbhuanaithe, le méadú suntasach ar an úsáid a bhaineann comhaltaí CBAE as físchomhdháil chun taisteal a sheachaint, arna fhianú ag 131 mhisean den sórt sin in 2024 i gcomparáid le trí cinn in 2019; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, digitiú leanúnach na bpróiseas, a bhí, in éineacht le 80 % de chlódóirí pearsanta a bhaint, ina phríomhspreagadh don laghdú ollmhór ar thomhaltas páipéir CBAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire chomhar CBAE le hinstitiúidí eile agus go háirithe na feidhmchláir chomhroinnte agus na seirbhísí óstála bunaithe ar chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse leis an gCoimisiún chomh maith leis an rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha, rud a chuir ar chumas CBAE costais agus acmhainní a bharrfheabhsú; á aithint a thábhachtaí atá comhar idirinstitiúideach CBAE leis an bhFoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), lena n-áirítear rannpháirtíocht i nGrúpaí Comhairleacha Teicniúla maidir le huirlisí, modheolaíochtaí agus feasacht, agus i dtionscnamh na hIntleachta Saorga giniúnaí de chuid CERT-EU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna CBAE roinnt comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse chun bonneagar TF a chothabháil, uirlisí acmhainní daonna a úsáid, roinnt teidlíochtaí aonair a íoc agus córas bainistíochta doiciméad HAN/Ares a úsáid; á chur in iúl gur geal léi athnuachan an chomhaontaithe maoinithe bhliantúil a tugadh i gcrích le seirbhísí aistriúcháin institiúidí eile de chuid an Aontais; á thabhairt dá haire gur shínigh sí dhá mheabhrán tuisceana (MT) in 2024 leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint: Meabhrán Tuisceana maidir le comhroinnt an ualaigh airgeadais a bhaineann le húsáid uirlise ciantástála le haghaidh tástáil chreidiúnúcháin idirinstitiúideach agus Meabhrán Tuisceana maidir le comhroinnt costas le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha for-rochtana na seirbhísí ateangaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go gcomhoibríonn CBAE go hiomlán leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), leis an gCúirt, le MECS agus leis an Ombudsman Eorpach; ag cur sonrú i gcomhpháirtíocht CBAE le GEOB a chuidíonn le CBAE ina cuid oibre chun cultúr coiteann breithiúnach a chothú ar fud an Aontais, lena n-áirithítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais i ngach Ballstát agus lena neartaítear muinín fhrithpháirteach idir breithiúna náisiúnta agus CBAE; á chur in iúl gur mór aici sa chomhthéacs sin eagrú cruinnithe bliantúla le comhfhreagraithe cúirteanna náisiúnta, grúpaí téamacha, seimineáir ghréasáin agus cuairteanna ionadaithe CBAE ar chúirteanna náisiúnta agus vice versa; ag tabhairt dá haire go háirithe do 2024 chruinniú bliantúil chomhfhreagraithe GEOB a bhí ar siúl sa Bhruiséil, an chuairt a thug toscaireacht ón gCúirt Ghinearálta ar Vársá, chomh maith le cruinniú bliantúil na mBreithiúna ag a raibh comhdháil speisialta a tionóladh ag CBAE chun comóradh 20 bliain a dhéanamh ar mhéadú 2004; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil leantach gur fhreastail líon níos airde Breithiúna ar sheimineáir in 2024 agus gur chuir gairmithe ceartais náisiúnta ó thrí Bhallstát nua a n-iarratais isteach den chéad uair ar chláir oiliúna fhadtéarmacha CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chinn CBAE agus an Pharlaimint cruinnithe bliantúla a thionól, atá ceaptha mar idirphlé ar ábhair leasa choitinn amhail riarachán, an fhéidearthacht feabhas a chur ar an gcóras ceartais nó an dearcadh atá ag saoránaigh ar an smacht reachta; á thabhairt dá haire gur tionóladh an chéad chruinniú den sórt sin i mí an Mhárta 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Cumarsáid</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt dá haire go n-eagraíonn CBAE cuairteanna go rialta agus 16 319 cuairteoir san iomlán cláraithe in 2024; á thabhairt dá haire gur fhreastail thart ar 2 500 de na cuairteoirí sin ar Lá Oscailte CBAE an bhliain sin; á thabhairt dá haire thairis sin, sa bhreis ar chuairteanna rialta, go n-eagraíonn CBAE cuairteanna fíorúla freisin; á thabhairt dá haire go raibh 7 % de chuairteoirí uile CBAE in 2024 fíorúil, de bhrí gur mic léinn iad 43 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt dá haire gur neartaigh CBAE a iarrachtaí in 2024 chun dul i dteagmháil le saoránaigh an Aontais trí fheabhas a chur ar a fhor-rochtain ar na meáin shóisialta; á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, gur tháinig méadú 26 % ar líon na síntiúsóirí le cuntas LinkedIn CBAE agus gur tháinig méadú 2,5 % ar líon na leantóirí ar dhá chuntas CBAE ar X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), agus gur tháinig méadú 137 % ar na tuairimí ar a cainéal YouTube agus gur tháinig méadú níos mó ná 329 % ar líon a síntiúsóirí YouTube i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; á thabhairt dá haire gur feachtas cur chun cinn a d’eagraigh CBAE ba chúis, i bpáirt, leis an méadú parabólach ar dhearcthaí agus ar shíntiúsóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á thabhairt dá haire gur sheol CBAE staidéar in 2024 maidir lena láithreacht ar na meáin shóisialta a leathnú, agus gur glacadh cinneadh ina dhiaidh sin cuntais a oscailt ar Instagram, Bluesky, Threads agus WhatsApp in 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, phríomhghníomhaíochtaí agus phleananna eile CBAE chun trédhearcacht agus inrochtaineacht a fheabhsú agus chun freastal ar riachtanais gairmithe dlí, na meán agus an phobail i gcoitinne (lena n-áirítear na glúnta óga), amhail an t-ollchóiriú ar shuíomh gréasáin CBAE trí inneall cuardaigh (aonair) nua a thabhairt isteach, ardán teilifíse gréasáin ilteangach nua a sheoladh ina mbeidh ábhar maidir le hobair agus cinntí CBAE, físeáin a fhoilsiú ar na meáin shóisialta, simpliú na teanga a úsáidtear i bpreaseisiúintí CBAE agus athbhreithniú ar thuairisciú bliantúil CBAE chun forléargais agus staidreamh cásdlí níos soiléire a sholáthar.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>