<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0129</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - an Chúirt Iniúchóirí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0052/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí (2025/2149(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0149/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí don údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2024, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0052/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ardrúnaí na Cúirte Iniúchóirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí (2025/2149(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0052/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (‘an Chúirt’) iniúchóir seachtrach an Aontais, a gcuirtear mar chúram uirthi, trí obair iniúchóireachta neamhspleách, ghairmiúil agus iarmhartach, measúnú a dhéanamh ar gheilleagar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, dhlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíocht an Aontais chun an chuntasacht, an trédhearcacht agus an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú agus, leis sin, feabhas a chur ar mhuinín na saoránach agus freagairt éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, gan dochar d’fhorálacha Airteagail 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ó bhí deireadh na bliana airgeadais 1987 ann, go ndéanann iniúchóir neamhspleách cuntais ioncaim agus caiteachais na Cúirte a iniúchadh gach bliain agus, ón uair a foilsíodh an tuarascáil ar an mbliain airgeadais 1992, go bhfuil tuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh á bhfoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go soláthraítear cuntasacht bhainistíochta i leith na n-údarás buiséadach trí thuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Ardrúnaí na Cúirte arb é is cuspóir di, i gcomhréir le hAirteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais, faisnéis a sholáthar faoin úsáid a bhaintear as acmhainní, lena n-áirítear córais, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Cúirte;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an Chúirt, trína cúraimí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus neamhspleách, leis an bhformhaoirseacht dhaonlathach, leis an díospóireacht phoiblí agus le bainistíocht fhónta airgeadais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur ghlac an Chúirt an seasamh a deir gurbh é an réiteach ab fhearr, maidir le measúnú a dhéanamh ar rialachas an Aontais, ar a chuntasacht agus a thrédhearcacht agus ar cháilíocht agus iontaofacht na faisnéise agus na sonraí a thuairiscítear maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais, go sainordófaí don Chúirt iniúchóireacht a dhéanamh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a cuireadh ar bun leis na Conarthaí nó fúthu, agus ar na struchtúir idir-rialtasacha uile atá fíorábhartha d’fheidhmiú an Aontais; de bhrí go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go láidir leis an gCúirt agus go gcuirfeadh sí fáilte roimh thionscnaimh a neartódh cumas na Cúirte a sainordú a chomhlíonadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Cúirte faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, a bhí cothrom le EUR 13,3 billiún in 2024 (arbh ionann é agus 6,9 % de bhuiséad iomlán an Aontais); ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad na Cúirte de thart ar EUR 0,2 billiún agus thart ar 1,5 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteideal ‘Riarachán’, an líon céanna agus a rinneadh in 2023; ag tabhairt dá haire go sonraíonn an Chúirt thairis sin go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb é thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán é in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 (23 %) as an 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 3 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách iniúchadh ar ráitis airgeadais na Cúirte chun na prionsabail chéanna maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus neamhspleáchas a áirithiú agus a chuireann an Chúirt i bhfeidhm maidir lena hiniúchaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil Speisialta 24/2024 ón gCúirt agus a torthaí agus a moltaí maidir le creat fostaíochta státseirbhís an Aontais; á athdhearbhú go bhfuil tábhacht le himscrúdú níos doimhne a dhéanamh ar an gcaiteachas riaracháin agus á iarraidh an athuair go ndéanfaí sonraí cuimsitheacha maidir leis na hinstitiúidí uile a áireamh ina cuid oibre chun bonn comhleanúnach a chur ar fáil do nós imeachta comhsheasmhach um urscaoileadh; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thionscnamh ar bith maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire an fógra ón gCúirt an 1 Deireadh Fómhair 2025 maidir le cur chuige iniúchóireachta athbhreithnithe a thabhairt isteach do Chomhghnóthais ag tosú leis an mbliain airgeadais 2025; ag tabhairt dá haire gur spreagadh an t-athrú sin, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, mar gheall ar shrianta ar acmhainneacht foirne agus mar gheall ar scor iniúchtaí ar Chomhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach ag Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, a raibh Comhghnóthais iniúchta aici roimhe sin, rud a chuir teorainn le hinfhaighteacht dearbhaithe iniúchóireachta chomhlántaigh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhforáiltear leis an gcur chuige nua do mhéid leordhóthanach sampla iniúchóireachta, do chomhdhlúthú na hoibre iniúchóireachta ar fud na gComhghnóthas uile agus d’eisiúint dhá ráiteas dearbhaithe ar leithligh, le tacaíocht ó thuarascálacha téamacha agus speisialta breise; á iarraidh ar an gCúirt a áirithiú go gcuirfear an mhodheolaíocht athbhreithnithe chun feidhme go tráthúil agus go leanfaidh sí de na caighdeáin is airde cáilíochta, iontaofachta agus dearbhaithe iniúchóireachta a chomhlíonadh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh buiséad foriomlán (leithreasuithe C1) na Cúirte do 2024 cothrom le EUR 185 655 890, arb é méadú de 6,05 % ó EUR 175 059 922 in 2023; ag tabhairt dá haire gur coigeartuithe tuarastail ba chúis leis an méadú go príomha; ag tabhairt dá haire, le haghaidh 2024, gur dá chomhaltaí agus dá fhoireann a bhí 89,50 % de na leithreasuithe (suas ó 88,50 % in 2023), agus gur le haghaidh foirgneamh, trealaimh agus caiteachas ilghnéitheach a bhí 10,50 % díobh (síos ó 11,60 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh na rátaí cur chun feidhme le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí do 2024 fós ard, beagnach mar an gcéanna le 2023, de bhrí gurbh é an ráta úsáide le haghaidh leithreasuithe 97,30 % agus gurbh ionann íocaíochtaí agus 94,81 % d’iomlán na ngealltanas in 2024; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar na leithreasuithe a cuireadh ar ceal ag deireadh na bliana ó thart ar EUR 3,4 milliún in 2023 go EUR 4,4 milliún in 2024; ag moladh na Cúirte as an meán-am chun sonraisc a íoc in 2024 a choinneáil faoi bhun 11 lá; ag spreagadh na Cúirte diansmacht costais a choinneáil, leanúint de thús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht oibríochtúil, agus cealuithe ag deireadh na bliana a laghdú tuilleadh agus, leis sin, éifeachtúlacht agus luach ar airgead a cuid leithreasuithe a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt athbhreithnithe buiséadacha go rialta le linn na bliana, as ar eascair 29 n-aistriú bhuiséadacha arbh fhiú thart ar EUR 4,5 milliún san iomlán iad in 2024, síos ó thart ar EUR 5,7 milliún in 2023; ag tabhairt dá haire go raibh gá leis na haistrithe sin chun línte buiséid a bhaineann, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, le tionscadail TF (+ 20,28 %), feistiú áitreabh (+ 560,18 %), agus trealamh teicniúil agus suiteálacha teicniúla (73,53 %) a threisiú; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagraí na Cúirte ar an gceistneoir a chuir an Coiste um Rialú Buiséadach isteach maidir le hurscaoileadh buiséadach 2024 (an ‘Ceistneoir’), go raibh gá le hath-leithdháiltí freisin mar gheall ar leibhéal boilscithe níos airde ná an buiséad agus na hinnéacsuithe praghsanna a d’eascair as sin a dhéanann difear do chonarthaí nua agus do chonarthaí atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, go raibh tionchar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine le brath ag an gCúirt trí mhéaduithe bunaithe ar bhoilsciú ar chostas earraí, seirbhísí agus lóistíochta in 2024; á chur in iúl gur díol sásaimh di bearta na Cúirte chun cur in aghaidh na n-éifeachtaí sin trí anailísí réamh-mhargaidh níos mionsonraithe a dhéanamh chun pleanáil réalaíoch agus soláthar éifeachtach a áirithiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig laghdú suntasach ar chostais ídithe fuinnimh na Cúirte (Mír Bhuiséid Uimh. 2024) ó EUR 1 556 671 in 2023 go EUR 887 827 in 2024, go príomha mar gheall ar laghdú ar phraghas seasta an leictreachais, i gcomhréir leis an gconradh idirinstitiúideach leis an soláthraí lena mbaineann; á aithint gur gá d’institiúidí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid, lena n-áirítear trí luaineacht praghsanna a chur san áireamh, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhíse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tugadh gealltanais dar luach thart ar EUR 9,9 milliún san iomlán le haghaidh Theideal Buiséid 1 agus thart ar EUR 8,4 milliún le haghaidh Theideal Buiséid 2 anonn go huathoibríoch ó 2024 go 2025 chun costais a chumhdach do mhisin, d’oiliúint agus d’aistriúchán, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>; ag tabhairt dá haire gur tugadh méid EUR 602 000 anonn le cinneadh, de bhrí go bhfuil an méid sin nasctha le haistriú buiséadach arna fhormheas ag na húdaráis bhuiséadacha chun ardaitheoirí K1 na Cúirte a ionadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh EUR 2 860 000 ann in 2024 (suas ó EUR 2 722 000 in 2023) a mhéid a bhaineann leis na leithreasuithe buiséadaithe (C1) do mhisin chomhaltaí agus fhoireann na Cúirte; ag tabhairt dá haire, as na leithreasuithe sin, gur gealladh méid EUR 2 469 344, ar íocadh EUR 2 184 344 de (i.e. ráta cur chun feidhme 88,46 %) in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig laghdú, de réir an Cheistneora, maidir le mír bhuiséid na Cúirte d’fhoilseacháin, ar leithreasuithe buiséadaithe ó EUR 810 000 in 2014 go EUR 300 000 in 2024 mar gheall ar mhéadú ar tháirgeadh inmheánach tuarascálacha agus ar chur chun cinn fíorúil foilseachán; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú breise tagtha ar mheastacháin na Cúirte don mhír bhuiséid sin sna blianta buiséadacha ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé de nós ag an gCúirt an buiséad le haghaidh ateangaireachta agus seirbhísí saineolaithe (comhairliúcháin, staidéir, etc.) a laghdú agus go bhfuil sé beartaithe aici a teileafónaíocht sheasta a dhíchoimisiúnú chun coigilteas breise a ghiniúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, mar a léirítear i bhfreagairt na Cúirte ar na pointí éagsúla a d’ardaigh an t-údarás um urscaoileadh i gcomhthéacs chleachtadh urscaoilte 2023 (dá ngairtear an ‘Tuarascáil Leantach’ anseo feasta), obair leanúnach na Cúirte chun athbhreithniú a dhéanamh ar a treoir maidir le misin chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach réamhghníomhach (i.e. tráth ullmhúcháin an mhisin), ar ábhair amhail costéifeachtúlacht agus bealaí chun an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú, i measc nithe eile; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh an t-iniúchóir seachtrach gur úsáideadh na hacmhainní a leithdháileadh chun na críche a bhí beartaithe dóibh agus gur chuir na nósanna imeachta rialaithe arna gcur ar bun ag na hoifigigh údarúcháin na ráthaíochtaí is gá ar fáil chun a áirithiú go raibh na hoibríochtaí airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb í an Chúirt iniúchóir seachtrach an Aontais agus bunchloch na cuntasachta airgeadais neamhspleáiche ar bhuiséad an Aontais; á chur i bhfáth, i gcomhthéacs fás nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar chaiteachas an Aontais, ar mhéid na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus ar chastacht ionstraimí airgeadais nua, nach mór acmhainní a chur ar fáil don Chúirt atá i gcomhréir le scála agus castacht a sainordaithe iniúchóireachta; ag tacú le smacht costais leanúnach na Cúirte; á iarraidh ar na húdaráis bhuiséadacha, agus buiséid á nglacadh acu amach anseo, a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an gCúirt chun grinnscrúdú a dhéanamh ar ollstruchtúr airgeadais an Aontais atá ag leathnú go tapa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chaith an Chúirt 3 176 lá san iomlán sna Ballstáit agus lasmuigh den Aontas, i gcomparáid le 4 897 lá in 2023, agus 1 244 lá in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus i ngnólachtaí iniúchóireachta príobháideacha, i gcomparáid le 1 370 in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Chúirt, le linn 2024, 2 thuarascáil bhliantúla, 3 thuarascáil bhliantúla shonracha, 28 dtuarascáil speisialta, 4 athbhreithniú agus 3 thuairim, arb é 40 mír san iomlán (laghdú ó 45 mhír in 2023); á chur in iúl gur geal léi gur dhírigh an Chúirt, trí thuarascálacha agus athbhreithnithe speisialta, in 2024 ar dhúshláin phráinneacha atá os comhair an Aontais ar phríomhábhair amhail ionstraimí airgeadais sa bheartas comhtháthaithe, trédhearcacht an chistithe ón Aontas a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachtaí an Aontais atá ag comhrac na calaoise, slándáil an tsoláthair gáis, infheistíocht san intleacht shaorga (IS), oiriúnú don athrú aeráide, ionsú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), an bóthar i dtreo cártaí astaíochtaí nialasacha, tacaíocht do dhídeanaithe sa Tuirc agus beartas tionsclaíoch an Aontais maidir le hidrigin; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, na tuarascálacha atá beartaithe ag an gCúirt maidir le STA i réimsí amhail trédhearcacht agus inrianaitheacht, chomh maith le hollstruchtúr agus straitéis an Aontais sa chomhrac in aghaidh na calaoise agus tacaíocht an Aontais don Úcráin, don Mholdóiv agus don tSeoirsia; ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha maidir le sástacht na bpáirtithe leasmhara le hobair na Cúirte, agus go léirítear i suirbhé a rinneadh in 2024 gur mheas 89 % de na freagróirí (suas ó 85 % in 2023) go raibh tuarascálacha na Cúirte úsáideach agus gur mheas 82 % (suas ó 78 %) go raibh tionchar ag obair na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt measúnuithe níos mionsonraithe agus níos córasaí a chur ar fáil ar éifeachtaí seach-iarmharta na gclár arna gcistiú ag an Aontas ar na Ballstáit, iad siúd a bhfuil rátaí arda ionsúcháin acu agus iad siúd a bhfuil rátaí ísle ionsúcháin de chistí an Aontais acu araon; á chur i bhfáth go neartódh anailís chuimsitheach ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta, riaracháin agus chríochacha na n-éifeachtaí seach-iarmharta sin, lena n-áirítear éifeachtaí trasteorann agus dáileacháin, an mheastóireacht ar thionchar fadtéarmach, breisluach agus inbhuanaitheacht chaiteachas an Aontais agus go dtacódh sí le ceapadh beartas níos eolasaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sraith príomhtháscairí feidhmíochta (PTFanna) ag an gCúirt chun an dul chun cinn atá déanta i dtreo a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach a thomhas, i gcomhréir le straitéis 2021-2025 na Cúirte; ag tabhairt dá haire spriocanna straitéiseacha na Cúirte do 2024: feabhas a chur ar chuntasacht, ar thrédhearcacht agus ar shocruithe iniúchóireachta, díriú ar réimsí agus ar thopaicí inar féidir le hiniúchtaí an luach is mó a chur leo agus dearbhú láidir iniúchóireachta a sholáthar i dtimpeallacht dhúshlánach atá ag athrú; á iarraidh ar an gCúirt a PTFanna, an méid dul chun cinn atá déanta agus na spriocanna a chur i láthair ar bhealach achoimrithe amach anseo (formáid tábla); á iarraidh ar an gCúirt PTFanna a fhorbairt tuilleadh bunaithe ar fheidhmíocht agus ar thorthaí na mbeartas Eorpach chun tionchar na mbeartas atá á saothrú ag an gCoimisiún a thomhas go soiléir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt a torthaí a chomhdhlúthú in anailís chomparáideach ar fheidhmíocht agus modheolaíocht a fhorbairt le haghaidh ‘compás feidhmíochta’ de chláir an Aontais; á chreidiúint go gcuirfeadh ionstraim den sórt sin, agus éagsúlacht na mbeartas á hurramú, treoir shoiléir ar fáil don údarás um urscaoileadh, do chinnteoirí agus don phobal i gcoitinne maidir leis na cláir a úsáideann acmhainní go héifeachtach agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar fhoirceannadh nó ar athstruchtúrú bunúsach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go ndéanann an Chúirt cur chun fheidhme a moltaí a thomhas bunaithe ar an obair leantach a dhéanann a cuid iniúchóirí; ag tabhairt dá haire, in 2024, go ndearna an Chúirt anailís ar na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún agus chuig institiúidí eile ina tuarascálacha in 2020; ag tabhairt dá haire gur cuireadh 93 % de na 19 moladh a rinneadh i dtuarascáil bhliantúil 2020 na Cúirte agus 88 % de na 186 mholadh i dtuarascálacha speisialta 2020 na Cúirte chun feidhme ina n-iomláine, nó ar roinnt bealaí nó den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir na Tuarascála Leantaí, gur chomhaontaigh an Coimisiún asbhaint sonraí de láimh ón uirlis ARACHNE a chur ar fáil don Chúirt; á chur in iúl gur saoth léi, mar sin féin, go bhfuil rochtain na Cúirte ar FENIX, an uirlis tuairiscithe maidir le STA, fós ina saincheist oscailte, agus nár thug an Coimisiún rochtain pháirteach don Chúirt ach ar chuid de mhodúil FENIX, agus nár tugadh an fhaisnéis atá iontu cothrom le dáta go tráthúil; á chur in iúl gur geal léi méadú tuairiscithe ar líon úsáideoirí na Cúirte a bhfuil rochtain acu ar FENIX; ag tacú, mar sin féin, leis an iarraidh ón gCúirt go dtabharfadh an Coimisiún rochtain iomlán di a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sa Choimisiún iarracht rochtain a thabhairt don Chúirt ar chomhaid FENIX laistigh de 2 sheachtain tar éis iarraidh ar íocaíocht a fhormheas; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, áfach, nach bhfuil an spriocdháta sin á chomhlíonadh go hiarbhír in go leor cásanna agus go raibh moilleanna suas le 2,5 mí i gceist i gcásanna áirithe, rud a chuireann moill shuntasach ar sheachadadh fhionnachtana na Cúirte nó a bhaineann an bonn d’éifeachtacht agus do thráthúlacht obair iniúchóireachta na Cúirte, go háirithe maidir le caiteachas ardriosca amhail STA; á mheabhrú don Choimisiún, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé d’oibleagáid air faoi Airteagal 263 den Rialachán Airgeadais rochtain chuimsitheach a thabhairt don Chúirt ar na córais agus na bunachair sonraí ábhartha uile (ARACHNE, FENIX agus ARES, i measc nithe eile); á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an staid sin a leigheas gan mhoill, lena n-áirítear trí shocrú idirinstitiúideach a thabhairt i gcrích lena n-áiritheofar rochtain iomlán, chórasach agus fíor-ama na Cúirte ar na bunachair sonraí ábhartha uile, lena n-áirítear ARACHNE agus FENIX; á iarraidh ar an gCúirt tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na feabhsuithe nithiúla a baineadh amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 961 bhall foirne ag an gCúirt, ag deireadh 2024 (síos ó 969 in 2023), lena n-áirítear gníomhairí sealadacha (192 in 2024, síos ó 204 in 2023), foireann ar conradh (84 in 2024, síos ó 86 in 2023) agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht (26 in 2024, mar an gcéanna le 2023); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé conarthaí buana a chur ar fáil d’fhostaithe chun scileanna a choinneáil agus leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil agus chobhsaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mná a bhí in 54 % d’fhoireann na Cúirte in 2024 (suas ó 53 % in 2023) agus gur fir a bhí in 46 % d’fhoireann na Cúirte; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil mná ach 30 % d’ardbhainistíocht na Cúirte, mar a bhí in 2023; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, laghdú ar chion na mban i bpoist mheánbhainistíochta ó 40 % go 37,30 % in 2023; á mheabhrú gur prionsabal conradhbhunaithe é an comhionannas inscne ar cheart do na hinstitiúidí uile é a urramú agus á iarraidh ar an gCúirt leanúint dá hiarrachtaí cothromaíocht inscne a chur chun cinn don mheánbhainistíocht agus don bhainistíocht shinsearach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, gur fhostaigh an Chúirt 64 oiliúnaí, a bhfuair 59 díobh liúntas míosúil in 2024; á chur in iúl gur geal léi clár nua na Cúirte, dar teideal TraineEca Career Development, a bhfuil sé d’aidhm aige deiseanna fostaíochta a thairiscint do na hoiliúnaithe is mó a bhfuil tuillte acu; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, plean na Cúirte cúrsaí oiliúna speisialta i réimse na hintleachta saorga a thairiscint do chéimithe ollscoile agus do mhic léinn dochtúireachta nua sa réimse sin; ag athdhearbhú a béime gur cheart luach saothair a thabhairt don seal oiliúna chun é a ailíniú le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 maidir le Tréimhsí Oiliúna Ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005(INL)), ina n-iarrtar go n-íocfaí as gach intéirneacht san Aontas; ag cur béim ar an bhfíoras gur cineál dúshaothraithe ar oibrithe óga iad tréimhsí oiliúna gan íocaíocht agus gur bacainn iad ar chomhionannas deiseanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, gur lean earcú oifigeach de bheith ina dhúshlán don Chúirt in 2024, mar gheall ar easpa tarraingteachta Lucsamburg mar áit oibre nó easpa spéise i bpoist iniúchóireachta agus rialaithe i measc oibrithe óga; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug an Chúirt aghaidh ar an tsaincheist sin trí nósanna imeachta roghnúcháin rialta a eagrú a dhíríonn ar oiliúnaithe na Cúirte, comórtais inmheánacha a eagrú chun na daoine ardtallainne is mó a bhfuil tuillte acu a choinneáil agus gníomhaíochtaí for-rochtana a mhéadú; ag moladh don Chúirt leanúint de na hiarrachtaí sin chun leanúnachas a gníomhaíochta a choimirciú; á aithint, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le clásal iomaíochta d’fhonn comórtais EPSO a eagrú do Lucsamburg amháin; ag moladh na Cúirte as páirt a ghlacadh i gcomhaontú idirinstitiúideach trína bhfaigheann baill foirne arna n-earcú ag institiúidí an Aontais atá lonnaithe i Lucsamburg liúntas tithíochta ó 2025 ar aghaidh chun an t-ardchostas maireachtála i Lucsamburg a chúiteamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di nach bhfuil aon ról ag an gCúirt sa phróiseas roghnúcháin do chomhaltaí faoi Airteagal 286(2) CFAE; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil éagothroime inscne shuntasach fós ann i measc chomhaltaí na Cúirte, agus nach bhfuil ach deichniúr ban as 27 gcomhalta ann; á chur in iúl gur oth léi nár ainmnigh roinnt Ballstát bean chun na Cúirte riamh; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit an gá atá le cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus iarrthóirí á moladh acu, agus é mar aidhm acu comhdhéanamh níos cothroime agus níos ionadaíche na Cúirte a bhaint amach, agus a áirithiú ag an am céanna go leanfaidh ainmniúcháin de bheith bunaithe ar chritéir fiúntais, cháilíochta agus neamhspleáchais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi i gcónaí cleachtas na Comhairle comhaltaí na Cúirte a ainmniú d’ainneoin gur dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh; á athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí athbhreithniú ar an nós imeachta ainmniúcháin, rud a thabharfadh ról ceangailteach don Pharlaimint maidir le meastóireacht a dhéanamh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí don Chúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an córas forleathan teilea-oibre, a chuireann an Chúirt ar fáil chun na dúshláin earcaíochta a mhaolú, suas le 10 lá in aghaidh na míosa, ar féidir 5 lá díobh a chaitheamh ag teilea-obair ó lasmuigh den áit fostaíochta, le huasteorainn 30 lá in aghaidh na bliana; á thabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, go ndearna an Chúirt athbhreithniú ar a rialacha oibre hibrideacha in 2024 chun an t-aiseolas a fuarthas, i measc nithe eile, a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCúirt seiceálacha rialta a dhéanamh chun a áirithiú go gcloífear leis na rialacha sin; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, de réir an Cheistneora, go ndéanann an Chúirt beart ar bhealaí éagsúla chun folláine fhisiciúil agus mheabhrach a foirne a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar na rátaí folúntais agus athraithe lucht saothair araon, ó 6,60 % in 2023 go 7,90 % in 2024 i gcás na rátaí athraithe lucht saothair, agus ó 2,27 % go 2,49 % i gcás na rátaí folúntais, leis an ráta athraithe lucht saothair a sheasann do líon na mball foirne a fhágann mar chion den fhoireann uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt náisiúntachtaí, go háirithe ó Bhallstáit Nordacha, faoi ghannionadaíocht i measc fhoireann na Cúirte; ag tabhairt dá haire go bhfuil baol ann go dtiocfaidh laghdú breise ar an staid mar gheall ar aosú na foirne agus easpa earcaíochta iarrthóirí ó na Ballstáit sin; á mheabhrú iarrachtaí athfhillteacha na Cúirte chun dul i ngleic leis an éagothroime sin trí phoiblíocht a mhéadú d’fhógraí iomaíochta agus folúntais na Cúirte i mBallstáit atá go mór faoi ghannionadaíocht, trí chomhoibriú le comhaltaí na Cúirte chun a fógraí a scaipeadh agus trí theagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí ionchasacha trí fhreastal ar aontaí gairme i mBallstáit áirithe; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, de réir na Tuarascála Leantaí, gur fhorbair an Chúirt plean gníomhaíochta freisin ina bhfuil 10 ngníomhaíocht sna 5 bliana amach romhainn, d’fhonn tearcionadaíocht reatha Ballstát áirithe a aisiompú; á iarraidh ar an gCúirt an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta sin agus faoin toradh a bheidh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú gur líonadh gach ceann de na 29 bpost sa bhreis (gníomhairí sealadacha) a bhí ag teastáil le haghaidh iniúchadh STA de EUR 723,8 billiún ag deireadh 2023; á chur in iúl go dtuigeann sí, áfach, go bhfuil dúshláin fós ag baint le hábharthacht, castacht agus méideanna móra agus tapaidh na n-eisíocaíochtaí ó STA, agus nach leor na hacmhainní atá ann faoi láthair chun a áirithiú go córasach go gcomhlíonann caiteachas STA rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta agus chun freagairt do ghníomhaíochtaí méadaithe an Aontais; ag moladh, mar sin féin, na n-iarrachtaí atá déanta ag an gCúirt chun a dualgais maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh go dtí seo in ainneoin neamhdhóthanacht na n-acmhainní atá ar fáil; ag tacú, sa chomhthéacs sin, leis an iarraidh ón gCúirt na 29 ngníomhaire shealadacha a fostaíodh le haghaidh iniúchtaí a bhaineann le STA a thiontú ina bpoist bhuana; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear leibhéil foirne leormhaithe ar fáil go comhsheasmhach don Chúirt chun a sainordú agus freagrachtaí breise a eascraíonn as ionstraimí maoinithe feidhmíochtbhunaithe amach anseo, lena n-áirítear an Creat Airgeadais Ilbhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur sháraigh an Chúirt an sprioc don oiliúint ghairmiúil atá socraithe ag 5 lá d’oiliúint seachas cúrsaí teanga d’iniúchóirí in 2024 freisin, rud atá de réir mholtaí Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí, agus 2 lá don fhoireann nach iniúchóirí iad (5,8 agus 3,9 faoi seach);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2024, gurbh é 9,9 lá in aghaidh an bhaill foirne an neamhláithreacht ar an meán de dheasca breoiteachta, líon laethanta atá beagnach mar an gcéanna leis an líon in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, in 2024, go raibh 3 ball foirne (4 in 2023) as láthair mar gheall ar bhreoiteacht fhada, a shainmhínítear mar bhreoiteacht a mhaireann níos mó ná 200 lá in aon bhliain amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh 13 chás traochta in 2024, méadú ó 7 gcás in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar chásanna traochta a tuairiscíodh in 2024; á iarraidh ar an gCúirt anailís chríochnúil a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an méadú suntasach sin, lena n-áirítear maidir le dáileadh an ualaigh oibre, spreagthaí eagraíochtúla agus rioscaí struchtúracha, agus na torthaí fianaisebhunaithe a chomhtháthú ina cleachtais pleanála agus bainistithe acmhainní daonna, d’fhonn traochadh a chosc go héifeachtach agus an timpeallacht oibre a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chúirt roinnt céimeanna chun an baol traochta a laghdú trí chlár iomlán dea-bhaile a thabhairt isteach, lena dtairiscítear oiliúint athléimneachta, lena bhfoilsítear treoirlínte cur chun feidhme maidir le filleadh ar an obair tar éis saoire bhreoiteachta fhadtéarmach, lena leantar de gharchabhair mheabhairshláinte a thairiscint, agus lena soláthraítear tacaíocht airgeadais don fhoireann trí chostas 10 seisiún le síceolaí dá rogha féin a chumhdach; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur eagraigh an Chúirt 4 sheisiún oiliúna éigeantacha do bhainisteoirí in 2024, inar díríodh ar fholláine na foirne, ar fheidhmíocht, ar chothromaíocht oibre is saoil agus ar thraochadh a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag moladh ghníomhaíochtaí múscailte feasachta, shuirbhéanna agus sheisiúin oiliúna na Cúirte, a cuireadh ar fáil dá foireann, dá comhaltaí, nó dóibh araon, in 2024, maidir le beartas frithchiaptha agus measúil na Cúirte san ionad oibre; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh imscrúdú riaracháin amháin ann in 2024 maidir le líomhaintí i ndáil le ciapadh gnéasach agus síceolaíoch agus go ndearnadh gníomhaíocht araíonachta ina dhiaidh sin ar bhonn na conclúide go raibh iompar míchuí ann ar thaobh an duine a bhí faoi imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, go ndearna an Chúirt go leor gníomhaíochtaí in 2024, i gcomhréir lena Plean Gníomhaíochta um Éagsúlacht agus Cuimsiú 2021-2025, i réimsí éagsúla amhail earcaíocht, oiliúint, forbairt gairme, dálaí oibre agus feasacht foirne; ag tabhairt dá haire go gcomhtháthaíonn an Chúirt Éagsúlacht agus Cuimsiú ina próisis bainistithe feidhmíochta, mheastóireachta, deimhniúcháin agus cur chun cinn, chomh maith lena cláir oiliúna, agus go ndearna 13 bhainisteoir measúnú deonach um Éagsúlacht agus Cuimsiú in 2024; á chur in iúl gur geal léi an cúrsa oiliúna speisialaithe dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Women managers rise up: skilling for success</STRING>’ [Teacht chun cinn ceannairí baineanna: sciliú le haghaidh ratha] a d’eagraigh an Chúirt chun mná a spreagadh chun róil bhainistíochta a shaothrú; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, cláir ghníomhaíochta dearfaí nua na Cúirte d’oiliúnaithe agus do bhaill foirne ar conradh atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas, agus dhá thréimhse oiliúna in aghaidh na bliana á dtairiscint do dhaoine faoi mhíchumas aitheanta; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh an Chúirt an ceathrú Seachtain Feasachta faoi Mhíchumas sa Chúirt in 2024, inar seoladh Treochlár nua um Míchumas, agus béim á leagan aici ar iarrachtaí na Cúirte i dtreo ionad oibre níos cuimsithí; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfoilsíonn an Chúirt athbhreithnithe meántéarma ar a Plean Gníomhaíochta um Éagsúlacht agus Cuimsiú chun trédhearcacht agus rannpháirtíocht ar fud na heagraíochta a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar ról ríthábhachtach na Cúirte mar iniúchóir seachtrach neamhspleách agus caomhnóir airgeadais an Aontais, lena gceanglaítear ar an gCúirt seasamh leis na caighdeáin is airde ionracais, gairmiúlachta agus cuntasachta, chomh maith le prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh idir institiúidí an Aontais, a fheidhmíonn mar institiúid eiseamláireach chun muinín agus inchreidteacht a spreagadh; á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 285 CFAE, nach mór do chomhaltaí na Cúirte neamhspleáchas iomlán a fheidhmiú agus cloí leis na prionsabail eiticiúla is airde, lena léirítear ionracas, oibiachtúlacht, iompar gairmiúil, dínit, tiomantas agus dílseacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, diúltú na Cúirte díolúine a hiar-Uachtarán a bhaint agus cinneadh na Cúirte diúltú don iarraidh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) cead a thabhairt do roinnt ball foirne den Chúirt fianaise a thabhairt in imscrúdú coiriúil leanúnach; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar an Tuarascáil Leantach, nár bhain an Chúirt an díolúine sin toisc nár chuir OIPE faisnéis leordhóthanach ar fáil don Chúirt lena gcuirfí ar a cumas a thuiscint cé na gníomhaíochtaí a gcuirtear ina leith na daoine lena mbaineann agus a mhéid a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ina n-iompar coiriúil, agus gur bhraith an Chúirt ar chásdlí mar chuid den chreat dlíthiúil is infheidhme chun tacú leis an seasamh sin; ag tabhairt dá haire, an 10 Feabhra 2025, go ndearna OIPE achomharc (cásuimhir T-99/25) le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) faoi Airteagal 263(4) CFAE in aghaidh chinneadh na Cúirte diúltú d’iarraidh OIPE cead a thabhairt do roinnt ball foirne den Chúirt fianaise a thabhairt in imscrúdú coiriúil leanúnach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár chuir an t-achomharc réamhluaite in aghaidh neamhbhaint díolúine na ndaoine lena mbaineann; á chur i bhfáth go gceanglaítear le dualgas institiúidí an Aontais maidir le comhar dílis nach ndiúltófar údaruithe chun éisteacht le baill foirne mar fhinnéithe in imscrúduithe coiriúla ach amháin in imthosca fíoreisceachtúla; ag tathant ar an gCúirt soiléiriú a dhéanamh ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh aici maidir le hiarrataí ó OIPE agus a áirithiú nach féidir a mheas go gcuireann cinntí den sórt sin bac ar imscrúduithe breithiúnacha; ag tathant ar an gCúirt, thairis sin, ardleibhéal trédhearcachta agus cuntasachta a choinneáil ina comhar le OIPE agus le comhlachtaí eile an Aontais atá freagrach as calaois agus mí-iompar a chomhrac agus chun a áirithiú nach ndéanfar díolúine a agairt chun bac a chur ar imeachtaí breithiúnacha dlisteanacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta ag an gCúirt in 2024; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Chúirt freisin, in 2023, an próiseas chun nuashonrú a dhéanamh ar rialacha na Cúirte maidir le himscrúduithe riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta a dhéanamh, a tugadh chun críche go luath in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil creat daingean eiticiúil i bhfeidhm ag an gCúirt lena n-áirítear treoirlínte eiticiúla is infheidhme maidir le comhaltaí agus foireann na Cúirte araon agus cód iompair do chomhaltaí na Cúirte; ag tabhairt dá haire go bhfuil Coiste Eitice ag an gCúirt freisin a thagann le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair eiticiúla ábhartha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachtracha comhaltaí, agus atá comhdhéanta de bheirt chomhaltaí den Chúirt agus comhalta seachtrach amháin; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil bhliantúil ón gCoiste Eitice do 2024 gur thionóil an Coiste Eitice sé chruinniú agus go bhfuair sé 17 ndearbhú ó chomhaltaí reatha na Cúirte (maidir le gníomhaíochtaí seachtracha) agus ó iarchomhaltaí na Cúirte (maidir leis na slite beatha atá beartaithe acu tar éis dóibh scor d’oifig a shealbhú), agus gur eisíodh tuairim dhearfach dóibh uile in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire go líontar dearbhuithe leasa chomhaltaí na Cúirte isteach go bliantúil agus aon uair a bhíonn athrú suntasach ann agus go bhfoilsítear iad ar shuíomhanna gréasáin na Cúirte; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndéantar sonraí maidir le misin chomhaltaí na Cúirte, lena n-áirítear costais, a fhoilsiú ar líne freisin; ag moladh na Cúirte as bailchríoch a chur ar an obair maidir lena rialacha a nuashonrú i ndáil le bearta riaracháin agus araíonachta a dhéanamh in 2024; ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, nár braitheadh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-eagraíonn an Chúirt, de réir an Cheistneora, imeacht oiliúna lae eitice gach bliain; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Chúirt cúrsaí a bhaineann le heitic ar fáil don fhoireann uile, lena n-áirítear daoine nua agus bainisteoirí, lena n-áirítear 3 cheardlann eitice in 2024; ag tabhairt dá haire gur mheall cúrsaí den sórt sin 681 rannpháirtí an bhliain sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2024, nár thionscain an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ná an tOmbudsman aon imscrúduithe a raibh baint ag an gCúirt leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag athdhearbhú a cáinte, a cuireadh in iúl i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo, ar chinneadh na Cúirte ó 2022 maidir le taisteal, misin agus úsáid tiománaithe agus gluaisteán a cuid comhaltaí, rud atá in aghaidh an phrionsabail ghinearálta nár cheart an flít gluaisteán a úsáid, in imthosca ar bith, lasmuigh de chomhlíonadh docht dhualgais chomhaltaí na Cúirte; á iarraidh an athuair ar institiúidí uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le córas aonair i ndáil le húsáid gluaisteán seirbhíse a bheidh le cur i bhfeidhm go cothrománach, lena laghdófaí mearbhall agus lena méadófaí trédhearcacht agus éifeachtúlacht in úsáid airgid phoiblí; á chur in iúl gur geal léi gur iarr an Chúirt, in 2024, i gcomhpháirt le CBAE, ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh in idirphlé idirinstitiúideach d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le rialacha comhchoiteanna i ndáil le gluaisteáin oifigiúla a úsáid; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, de réir an Cheistneora, gur cruthaíodh meitheal <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>, gur tháinig sí le chéile arís agus arís eile agus gur eisigh sí roinnt moltaí; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á mheabhrú go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach na Cúirte iniúchadh ar an gcreat eiticiúil is infheidhme maidir le foireann agus comhaltaí na Cúirte; ag tabhairt dá haire, de réir na Tuarascála Críochnaithí (02/2023) a sheol an Chúirt chuig Uachtarán na Parlaiminte an 9 Iúil 2024 agus de réir an Cheistneora, gur eisigh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach na Cúirte 16 mholadh, a bhfuil 15 díobh curtha i gcrích cheana féin, agus ceann amháin acu, maidir le coinbhleachtaí leasa na foirne, atá fós ar siúl; ag tathant ar an gCúirt an moladh atá fós gan réiteach a thabhairt chun críche gan mhoill agus á iarraidh uirthi an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas go cuí faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, nár sainaithníodh aon chásanna éillithe ná calaoise in oibríochtaí inmheánacha na Cúirte in 2024; á chur in iúl gur mór aici gur eagraigh an Chúirt oiliúint choisctheach maidir le beartais agus nósanna imeachta frithéillithe, ar tionóladh 10 seisiún díobh in 2024 agus 257 nduine san iomlán ag freastal orthu; á chur in iúl gur mór aici, de réir na Tuarascála Leantaí, gur eisigh an Chúirt doiciméad comhdhlúite aonair in 2024 maidir le haghaidh a thabhairt ar ábhair a bhaineann le calaois i gcomhthéacs a gníomhaíochtaí iniúchóireachta, lena gcuirtear treoir chuimsitheach mhionsonraithe ar fáil d’iniúchóirí na Cúirte, agus ar an gcaoi sin comhchuibhiú a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann dlísheomraí iniúchóireachta na Cúirte aghaidh ar chásanna calaoise amhrasta, éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a nochtadh le linn obair iniúchóireachta seachtraí, agus a rannchuidíonn le comhsheasmhacht a áirithiú; ag tabhairt dá haire go ndéantar an riosca calaoise i ndáil le hoibríochtaí inmheánacha na Cúirte a bhainistiú trí chreat rialaithe inmheánaigh na Cúirte atá ceaptha aon neamhrialtachtaí a bhaineann le comhaltaí na Cúirte nó le foireann na Cúirte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath, a cheartú agus obair leantach a dhéanamh ina leith; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tuairim na Cúirte go mbeadh ualach riaracháin díréireach i gceist le straitéis frithchalaoise neamhspleách a cheapadh le haghaidh oibríochtaí inmheánacha, i bhfianaise na rialuithe fairsinge atá i bhfeidhm cheana féin, ach á iarraidh i gcónaí ar an gCúirt straitéis frithchalaoise a ghlacadh lena gcumhdófaí gach cineál oibríochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte, mar a cuireadh in iúl sa Tuarascáil Leantach, go bhfágann a ról mar institiúid iniúchóireachta sheachtrach neamhspleách í lasmuigh de ghnáthraon feidhme na n-eintiteas atá ag iarraidh idirghníomhú le comhlachtaí cinnteoireachta an Aontais agus brústocaireacht a dhéanamh orthu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach bhfuil feidhm iomlán ag an argóint sin toisc go n-eisíonn an Chúirt tuarascálacha speisialta ina scrúdaíonn an Chúirt ar comhlíonadh cuspóirí bheartais agus chláir an Aontais, rud a thugann gné pholaitiúil nó chomhairleach d’obair na Cúirte, fiú mura comhlacht cinnteoireachta í an Chúirt; á mheabhrú, ina theannta sin, go bhfuil comhlachtaí neamhchinnteoireachta agus comhairleacha eile den Aontas ann a chuaigh isteach go foirmiúil i gClár Trédhearcachta an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCúirt dul isteach sa Chlár Trédhearcachta gan mhoill, i gcomhréir le cleachtais chomhlachtaí neamhchinnteoireachta eile an Aontais, chun muinín an phobail a threisiú agus a neamhspleáchas mar iniúchóir seachtrach an Aontais á chaomhnú go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, gur tháinig laghdú 12,10 % ar bhuiséad iomlán TF (crua-earraí, bogearraí, seirbhís TF agus teileachumarsáid) na Cúirte a gealladh, ó thart ar 10,8 milliún in 2023 go dtí thart ar EUR 9,5 milliún in 2024; ag tabhairt dá haire, i measc mhórthionscadail TF na Cúirte a maoiníodh in 2024, go ndearnadh uasghrádú ar a suíomh gréasáin agus ar a hinlíon, go ndearnadh aistriú chuig réiteach cianrochtana níos sláine agus go ndearnadh córas nua bainistithe aistriúcháin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tacú go láidir le hiarrachtaí na Cúirte éiceachóras eolais iniúchóireachta a fhorbairt tríd an digitiú; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, de réir an Cheistneora, gur chuir an Chúirt roinnt tionscnamh chun feidhme in 2024 chun feabhas a chur ar a cumais dhigiteacha agus ar a héifeachtúlacht oibríochtúil, lena n-áirítear córais faisnéise iniúchóireachta a chomhtháthú, an idir-inoibritheacht idir córais agus feidhmchláir a mhéadú, an Cúntóir Léitheoireachta Doiciméad (DORA) a thabhairt isteach chun tacú le bainistiú eolais i ngníomhaíochtaí iniúchóireachta, Seirbhís Bailiúcháin Fionnachtana BibliotECA a sheoladh agus beartas nua um chartlannú digiteach a ghlacadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart torthaí iniúchóireachta níos éifeachtúla agus níos cruinne le líon méadaithe cuairteanna ar an láthair a bheith mar thoradh ar dhigitiú a phéireáil; ag spreagadh tuilleadh infheistíochtaí in uirlisí iniúchóireachta arna gcúnamh ag IS agus in idir-inoibritheacht córas chun beachtas iniúchóireachta a fheabhsú, an t-ualach riaracháin a laghdú, agus luach ar airgead a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur foilsíodh Straitéis tosaigh agus treochlár imscartha na Cúirte maidir leis an intleacht shaorga do 2024-2025; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, de réir an Cheistneora, go ndearna an Chúirt dul chun cinn seasta maidir leis an straitéis sin a chur chun feidhme, ag díriú, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ar thástáil agus ullmhú do leathadh amach uirlisí amhail Microsoft Copilot agus GPT@EC, feasacht na foirne a ardú le hoiliúint spriocdhírithe maidir leis an intleacht shaorga, chomh maith le feidhmchláir na hintleachta saorga a thástáil in obair iniúchóireachta agus réamhthorthaí a chomhroinnt; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, neartú rialachas intleacht shaorga na Cúirte, agus Coiste Comhairleach na hintleachta saorga á bhunú ag an gCúirt agus comhfhreagraí na hintleacht saorga á cheapadh aici in 2024; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil Coiste Comhairleach na hintleachta saorga, arb é an ról atá aige tacú leis an gCúirt agus comhairle a chur uirthi maidir lena hoibleagáidí a eascraíonn as an gcreat dlíthiúil agus eiticiúil lena rialaítear úsáid na hintleachta saorga a chomhlíonadh, comhdhéanta de bhaill foirne a bhfuil meascán saineolais acu chun cur chuige cuimsitheach agus tuiscint chuimsitheach ar thionchar na hintleachta saorga a áirithiú; á iarraidh ar an gCúirt, mar chuid dá straitéis intleachta saorga, táscairí soiléire a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar bhreisluach, rioscaí agus teorainneacha na n-uirlisí iniúchóireachta a fhaigheann tacaíocht ón intleacht shaorga, agus tuairisciú go rialta don Pharlaimint maidir lena dtionchar ar cháilíocht, trédhearcacht agus cuntasacht na hiniúchóireachta; á chur i bhfáth nach mór an intleacht shaorga a úsáid i gcomhréir le dianphrionsabail maidir le húsáid eiticiúil, trédhearcacht, cosaint sonraí, formhaoirseacht dhaonna, agus cosaint ar chlaontacht algartamach nó ar mhí-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, go ndearna an Chúirt dul chun cinn maidir lena plean cibearshlándála a chur chun feidhme, agus roinnt garspriocanna tábhachtacha á mbaint amach aici in 2024, lena n-áirítear córas fíordheimhnithe gan phasfhocal a ghlacadh trí Windows Hello for Business, prionsabail iontaoibhe nialasaigh a chur i bhfeidhm chun slándáil rochtana a neartú do néalchórais agus do chórais atá bunaithe ar EU Login, agus uirlis Bainistíochta Rochtana faoi Phribhléid a chur in úsáid chun riarachán an chórais TF a chosaint ar bhealach níos fearr; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Chúirt feabhas freisin ar a hullmhacht chibearshlándála trí pháirt a ghlacadh sa Fhreachnamh Comhpháirteach maidir le Feasacht agus Ullmhacht Cibearshlándála (JASPER), arna chomheagrú ag an tSeirbhís Chibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), agus gur mhéadaigh sí feasacht na foirne trí chleachtaí ionsamhlúcháin fioscaireachta chun rioscaí innealtóireachta sóisialta a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndearnadh cibirionsaí ar an gCúirt, arna mhaíomh ag grúpa atá ar son na Rúise, a bhain a suíomh gréasáin poiblí anuas, mar chuid de ghníomhaíocht chomhordaithe chun na toghcháin Eorpacha in 2024 a dhíchobhsú; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Cúirte athmheasúnú a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála gach dhá bhliain ar a laghad; á mholadh go leanfaí d’oiliúint rialta foirne maidir le cibearbhagairtí a chur chun feidhme chun athléimneacht institiúideach a fheabhsú; á iarraidh ar an gCúirt an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh aon mheasúnaithe riosca cibearshlándála a d’fhéadfadh an Chúirt a reáchtáil i gcomhthéacs chur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj?eliuri=eli%3Areg%3A2023%3A2841%3Aoj&locale=ga).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh atá beartaithe do 2025 arb é is aidhm dóibh an claochlú digiteach agus an chibearshlándáil a neartú tuilleadh, amhail Microsoft Copilot a chur in úsáid, samhlacha áitiúla na hintleachta saorga giniúnaí a chur chun feidhme agus fíordheimhniú bithmhéadrach a shuiteáil ar ríomhairí glúine; ag tabhairt dá haire freisin plean na Cúirte a bonneagar TF a uasghrádú le freastalaithe nua, cumais nua a shuiteáil chun tacú le cruinnithe hibrideacha agus a comhar leis an gCoiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag dréim leis go ndéanfaidh an beartas athbhreithnithe maidir le ríomhshíniú, a thug an Chúirt isteach in 2025, úsáid ríomhshínithe ardleibhéil a éascú tuilleadh agus spleáchas ar nósanna imeachta páipéarbhunaithe a laghdú, go háirithe i gcás doiciméadacht chonarthach sheachtrach; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le digitiú leanúnach na bpróiseas formheasa agus sínithe; ag aithint thionchar cáilíochtúil dearfach an digitithe ar shreafaí oibre iniúchóireachta, ar chomhar agus ar thrédhearcacht, rud a chuireann le torthaí iniúchóireachta níos sofhreagrúla agus níos iontaofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha na Cúirte scileanna foirne a neartú trína clár oiliúna sonraí agus teicneolaíochta maidir le húsáid iniúchóireachta sonraí agus teicneolaíochta, arna fhorbairt i gcomhar le foireann DATA na Cúirte; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn an tionscnamh seo le claochlú digiteach na hinstitiúide trí chultúr nuálaíochta a chothú agus trí chonair foghlama struchtúrtha a chur ar fáil ó bhunleibhéil go hardleibhéil san eolaíocht sonraí, san intleacht shaorga agus san iniúchadh TF; ag aithint an réimse leathan cúrsaí a cuireadh ar fáil in 2024, lena n-áirítear modúil maidir le meaisínfhoghlaim, cibearshlándáil, an creat dlíthiúil lena rialaítear úsáid na hintleachta saorga, agus léirshamhlú sonraí, chomh maith le hoiliúint phraiticiúil TF maidir le Microsoft Office agus uirlisí a bhaineann go sonrach le hiniúchóireacht, lena bhfeabhsaítear saineolas teicniúil agus éifeachtúlacht oibríochtúil na n-iniúchóirí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais do 2024, gurbh é thart ar EUR 5,7 milliún leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha d’fhoirgnimh na Cúirte agus costais ghaolmhara (mar an gcéanna le 2023), le ráta cur chun feidhme 51,30 % in 2024, síos ó 62,26 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur sheol an Chúirt staidéar nua ar chomharthaíocht foirgneamh in 2024 mar obair leantach ar thorthaí an iniúchta inrochtaineachta ar fhoirgnimh uile na Cúirte a rinneadh in 2023; ag tabhairt dá haire thairis sin, de réir an Cheistneora, gur lean an Chúirt de na hiarrachtaí chun a foirgnimh a fheabhsú trí cheanglais inrochtaineachta a chur san áireamh agus ardaitheoirí agus comhlimistéir á nuachóiriú nó á n-athchóiriú in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire an méid seo a leanas i measc thionscadail na Cúirte a bhaineann le foirgnimh ar cuireadh tús nó bailchríoch leo in 2024: claochlú iar-sheomra an Ionaid Sonraí, an chéad chéim de nuachóiriú an chórais chlosamhairc i seomra comhdhála K2, suiteáil dhá chistinéad agus an obair ar dhíon fhoirgneamh K2;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, agus is mór aici, iarrachtaí leanúnacha na Cúirte a bheith ina hinstitiúid inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt a ceathrú tuarascáil inbhuanaitheachta in 2024 lena dtomhaistear tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil oibríochtaí na Cúirte; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur cumhdaíodh in 91 % de thuarascálacha speisialta agus d’athbhreithnithe speisialta na Cúirte a foilsíodh in 2024 ábhair atá ábhartha do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi gur áiríodh in 40 % de chonarthaí soláthair na Cúirte critéir an gheilleagair ghlais agus an gheilleagair chiorclaigh agus gur ó sholáthróirí áitiúla a tháinig 98 % de cheannacháin earraí agus seirbhísí na Cúirte in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt deimhnithe faoin Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) agus go bhfuil beartas comhshaoil aici ó 2014 i leith, a tugadh cothrom le dáta in 2025; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt a lorg carbóin a thomhas trí úsáid a bhaint as an leagan is déanaí den mhodh ‘Bilan Carbone’, lena gcumhdaítear raonta feidhme ar an leibhéal oibríochtúil (gníomhaíochtaí na Cúirte) agus ar an leibhéal eagraíochtúil (na trí fhoirgneamh i Lucsamburg); ag tabhairt dá haire gurbh é 9 108 dtona CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána na Cúirte in 2024, i.e. laghdú 15 % i gcomparáid leis na hastaíochtaí in 2014, ach méadú 1,60 % i gcomparáid leis na hastaíochtaí in 2023; ag tabhairt dá haire gurbh iad ceannacháin earraí agus seirbhísí agus iompar paisinéirí is mó a chuir le hiomlán astaíochtaí na Cúirte in 2024, i.e. 31 % agus 29 %, faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, an ráiteas ar an gcomhshaol ón gCúirt ina gcuirtear torthaí do 2024 i láthair, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a rinneadh cheana agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe lena gcur chun feidhme, arb é is aidhm dóibh tionchar ghníomhaíochtaí na Cúirte ar an gcomhshaol a laghdú agus a cuspóirí bliantúla feidhmíochta comhshaoil a bhaint amach nó a shárú; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt a feidhmíocht chomhshaoil a thomhas trí úsáid a bhaint as sraith táscairí agus tagarmharcanna barr feabhais; ag tabhairt dá haire go bhfuil sraith cuspóirí ginearálta agus sonracha ag an gCúirt faoina clár comhshaoil do 2023-2025, ar baineadh amach an chuid is mó díobh in 2024, go háirithe maidir le tomhaltas fuinnimh na Cúirte a laghdú (leictreachas: - 24 %; téamh: - 21,80 %), astaíochtaí aeir (- 30 %) agus tomhaltas uisce (- 45 %) agus líon na nósanna imeachta soláthair lena n-áirítear critéir chomhshaoil (níos mó ná 30 %) a mhéadú; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil aisiompú treochta ann maidir le líon na leathanach a phriontáiltear (+ 9,1 %) agus maidir leis an laghdú ar ghiniúint dramhaíola bhliantúil (+ 27,50 %); á chur in iúl gur mór aici gníomhaíochtaí na Cúirte chun a tionchar diúltach ar an mbithéagsúlacht a fhrithchothromú; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt coilíneachtaí beach ina háitreabh ina dtáirgtear mil a bhuaineann saorálaithe foirne agus a ghlacann páirt i dtionscnaimh chun crainn a chur i Lucsamburg agus a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann leis an gcomhshaol mar chuid de rannpháirtíocht na Cúirte ag laethanta idirinstitiúideacha EMAS 2024 an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar líon na mball foirne a úsáideann rothar roinnte na cathrach ó 172 in 2023 go 201 in 2024; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht na Cúirte d’úsáid na soghluaisteachta le haghaidh comaitéireachta, amhail rothaíocht, trí na costais a bhaineann le síntiúis le scéim roinnte rothar Chathair Lucsamburg a chumhdach, nó iompar poiblí, trí thicéid séasúir a aisíoc go páirteach do bhaill foirne trasteorann, agus méadú ag teacht ar líon na mball foirne a bhaineann leas as an gcineál sin scéime aisíocaíochta ó 28 in 2023 go 30 in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur shínigh an Chúirt comhaontú le húdaráis Lucsamburg chun plean soghluaisteachta a bhunú; ag tabhairt dá haire, de réir an Cheistneora, gur cuireadh an plean soghluaisteachta i gcrích go déanach i mí Aibreáin 2025 agus go ndéanfar torthaí na hanailíse ar an bplean a mheas agus clár EMAS á fhorbairt do 2026-2028;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á aithint go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht leis an gcomhar idirinstitiúideach trí úsáid a bhaint as uirlisí agus seirbhísí comhroinnte, lena ngintear coigilteas lena lamháiltear d’ath-imlonnú inmheánach foirne, lena ndaingnítear praghsanna níos fearr mar gheall ar bharainneachtaí scála agus lena soláthraítear rochtain ar shaineolas speisialaithe laistigh de chomhlachtaí eile den Aontas; á thabhairt faoi deara gur lean an Chúirt dá comhar nó gur leathnaigh sí a comhar in 2024 trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse atá ann cheana agus trí chomhaontuithe nua, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le bainistiú pinsean, claochlú acmhainní daonna, agus eisiúint laissez-passer an Aontais, agus trí rannpháirtíocht i gcoistí agus comhpháirtíochtaí idirinstitiúideacha amhail Córais Airgeadais Chomhroinnte agus Cibearshlándáil agus Claochlú Digiteach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur éascaíodh leis an gcomhar sin malartú agus forbairt réiteach TF, as ar eascair coigilteas suntasach buiséadach in 2024 i réimsí, lena n-áirítear TF, bainistiú misean, agus acmhainní daonna, agus gur bhain an Chúirt úsáid as uirlisí arna bhforbairt ag an gCoimisiún le haghaidh acmhainní daonna, oiliúna agus ríomhaistriúcháin ar chostas thart ar EUR 500 000 agus seirbhísí cuntasaíochta SAP arna n-óstáil ag an gComhairle ar chostas thart ar EUR 170 000; á chur in iúl gur geal léi an úsáid leanúnach a bhaineann seirbhísí oiliúna agus deimhniúcháin Chúirt na Scoile Riaracháin Eorpaí as;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á mheabhrú arís eile go leanfaidh comhar éifeachtach idir an Chúirt agus an Coimisiún de bheith teoranta mura nglacfaidh an Coimisiún modheolaíocht na Cúirte chun measúnú a dhéanamh ar rátaí earráide, atá bunaithe ar mheastóireacht neamhspleách agus chuimsitheach ar na sáruithe uile ar rialacha, i gcontrárthacht le fócas an Choimisiúin ar earráidí incheartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcomhoibríonn an Chúirt go dlúth le OLAF agus OIPE araon, lena n-áirítear trí cheardlanna agus imeachtaí múscailte feasachta a eagrú agus trí eolas agus taithí a mhalartú; á chur in iúl gur geal léi gealltanas na Cúirte leanúint d’aon amhras <STRING ITALIC="on">prima facie</STRING> fianaisebhunaithe a tharchur chuig OLAF, OIPE, nó iad araon; ag tabhairt dá haire gur chuir an Chúirt 19 gcás de chalaois amhrasta ar aghaidh chuig OLAF agus 7 gcinn de na cásanna sin chuig OIPE in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí cinnte go bhféadfadh córas comhtháite TF aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a bheith ina fhoinse luachmhar sonraí, lena gcuirfí ar chumas na Cúirte, OLAF agus OIPE a n-iarrachtaí iniúchóireachta agus rialaithe a neartú; á chur i bhfáth gur cheart rochtain neamhtheoranta ar an gcóras sin agus ar a shonraí a chur ar fáil gan aon srianta gan údar agus go bhféadfaí, leis an rochtain sin, uirlisí digiteacha breise agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a fhiosrú agus a úsáid láithreach laistigh d’iniúchtaí na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an gCúirt maidir le hollstruchtúr frithchalaoise an Aontais (OSFC); ag tabhairt dá haire go sainaithnítear go córasach in iniúchtaí agus i dtuarascálacha speisialta na Cúirte laigí, neamhrialtachtaí agus rioscaí, rud a spreagann gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus aisghabhála ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ó ghníomhaithe eile OSFC; ag tabhairt dá haire, tríd an bhfeidhm formhaoirseachta sin, ní hamháin go gcuireann an Chúirt feabhas ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht ach go neartaíonn sí freisin cumas foriomlán díspreagtha agus braite chóras an Aontais, lena n-áirithítear go ndéantar cistí poiblí a bhainistiú go fónta agus go gcosnaítear iad ar chalaois agus ar mhí-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi oscailteacht na Cúirte i leith idirphlé idirinstitiúideach bliantúil a bhunú idir an Chúirt, an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, mar a d’iarr an Pharlaimint ina rúin maidir le hurscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin rochtain fheabhsaithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), nach bhfuil sainordú ag an gCúirt chun iniúchadh a dhéanamh ar oibríochtaí a mhaoinítear le cistí dílse BEI; á iarraidh go dtabharfaí an sainordú sin don Chúirt, i bhfianaise mhisean BEI cuspóirí an Aontais a shaothrú agus a ról méadaitheach i dtimpeallacht eacnamaíoch agus pholaitiúil an Aontais, a théann níos faide ná buiséad an Aontais a úsáid chun a oibríochtaí a ráthú; á thabhairt chun suntais Tuarascáil Speisialta 05/2023 ón gCúirt dar teideal ‘Mór-réimse airgeadais an Aontais – Struchtúr manglaim a bhfuil tuilleadh simplithe agus cuntasachta ag teastáil ina leith’ inar luaigh an Chúirt gur cheart sainordú iniúchóireachta poiblí a bhunú do gach cineál maoinithe i gcás bheartais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, de réir an Cheistneora, go raibh dlúthchomhar idir an Chúirt agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), go príomha trí oifigeach cosanta sonraí na Cúirte; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear leis an gcomhar sin léirmhíniú forálacha sonracha de Rialachán (AE) 2018/1725, gníomhaíochtaí comhroinnte eolais agus malartuithe agus rannchuidithe idirinstitiúideacha eile i réimse na hintleachta saorga; á chur in iúl gur mór aici rannpháirtíocht na Cúirte sa chleachtadh ‘Feasacht ar Shárú Sonraí Pearsanta i láimhseáil teagmhas cibearshlándála’, arna eagrú ag MECS agus ENISA, a raibh sé d’aidhm aige feasacht a mhúscailt maidir le bainistiú ar sháruithe sonraí pearsanta i measc na foirne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 225 000 an buiséad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí cumarsáide agus cur chun cinn na Cúirte in 2024 (an méid céanna le 2023), le ráta úsáide 92,32 % (suas ó 81,13 % in 2023); ag tabhairt dá haire gur caitheadh an chuid is mó den bhuiséad ar sheirbhísí faireacháin na meán (EUR 80 000) agus ar ghníomhaíochtaí preasa (EUR 18 133,91), agus caiteachas ar an gcaidreamh le páirtithe leasmhara ina dhiaidh sin, lenar cuimsíodh go príomha costas ardáin faisnéise beartais (EUR 62 100), gníomhaíochtaí cumarsáide (EUR 32 543,37), na meáin shóisialta (EUR 8 604,66) agus foilseacháin (EUR 6 346,47);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag tacú le straitéis na Cúirte maidir leis na meáin atá ag dul i méid, rud a d’fhág gur foilsíodh níos mó ná 24 000 alt preasa ar líne in 2024, lena gcumhdaítear tuarascálacha iniúchóireachta na Cúirte, foilseacháin eile nó an Chúirt i gcoitinne, rud a dheimhníonn an treocht aníos sa chumhdach a tugadh faoi deara le blianta beaga anuas (2023: 22 000; 2022: 20 000; 2021: 18 000); ag tabhairt dá haire agus is mór aici, de réir thuarascáil na Cúirte, go raibh méadú ar chuairteoirí ar shuíomh gréasáin na Cúirte, a seoladh in 2023, le 780 000 cuairt in 2024 (2023: 700 000), 1 295 025 amharc uathúil leathanaigh agus 56 440 íoslódáil; á chur in iúl gur geal léi gur mheall ceithre phríomhchuntas meán sóisialta na Cúirte (X, LinkedIn, Facebook, Instagram) os cionn 61 500 leantóir faoi dheireadh 2024, suas ó 55 000 in 2023 agus 49 500 in 2022; ag moladh na Cúirte as a céad nuachtlitir mhíosúil LinkedIn (ECA Insights) a sheoladh i mí na Samhna 2024, ina dtugtar príomhphointí de thuarascálacha a rinneadh le déanaí agus réamhamhairc ar iniúchtaí atá ar na bacáin agus a mheall níos mó ná 8 500 rannpháirtí faoi dheireadh na bliana sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil suíomh gréasáin ag an gCúirt a bhfuil rochtain dhigiteach air (leibhéal A++), a ndéanann comhairleoir seachtrach iniúchadh air dhá uair sa bhliain chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an tsuímh gréasáin leis na caighdeáin inrochtaineachta ábhartha agus chun bacainní ar inrochtaineacht d’úsáideoirí faoi mhíchumas a shainaithint; á chur in iúl gur mór aici go meastar, ar an iomlán, go bhfuil cur chun feidhme na hinrochtaineachta an-mhaith, agus ag tabhairt dá haire gur moladh roinnt moltaí chun leanúint d’fheabhas a chur ar scór inrochtaineachta an tsuímh gréasáin agus é a chothabháil mar thoradh ar an iniúchadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt 44 phreasráiteas in 24 theanga den Aontas in 2024, chomh maith le roinnt nótaí faisnéise, treoracha do na meáin agus closráitis (réidh le húsáid) éagsúla i roinnt teangacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thionól an Chúirt 20 sheisiún faisnéise ar líne don phreas agus 14 sheisiún faisnéise tírshonracha breise don tuarascáil bhliantúil sa bhliain sin; á thabhairt chun suntais, ar an iomlán, go raibh 876 iriseoir meallta ag seisiúin faisnéise na Cúirte, a ndéanann a bhformhór ionadaíocht ar mhóreagraíochtaí náisiúnta na meán sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil Speisialta Uimh. 11/2025 ón gCúirt: Trédhearcacht chistiú an Aontais a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na fadhbanna a sainaithníodh ann, lena n-áirítear easnaimh i dtrédhearcacht, in aicmiú agus i bhformhaoirseacht; á chur i bhfios go láidir gur gá don Chúirt leanúint dá faireachán agus dá tuairisciú ar na saincheisteanna sin agus iad a neartú chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha airgeadais, ceanglais trédhearcachta agus bunluachanna an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag spreagadh na Cúirte, sa chomhthéacs sin, tuarascáil speisialta a ullmhú maidir le cistiú ón Aontas a chuirtear ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach i gcomhthéacs Gaza agus d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le téacsleabhair scoile Phalaistíneacha a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil grinnscrúdú den sórt sin ríthábhachtach chun a áirithiú nach ndéanfar cistí an Aontais a atreorú, go díreach nó go hindíreach, chuig eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ná chuig a gcleamhnaithe, ná a úsáid ar bhealach a chuireann fuath, radacú nó gríosú chun foréigin chun cinn, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha airgeadais an Aontais, caighdeáin trédhearcachta, agus croíluachanna an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, chun rannpháirtíocht an phobail a mhéadú, gur thug an Chúirt, ó 2024 i leith, deis do shaoránaigh rannchuidiú lena clár oibre trí mholtaí iniúchóireachta a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go ndéanann an Chúirt measúnú ar an tionchar dóchúil atá ag a cuid oibre agus ar úsáideacht a cuid oibre, de réir mar a fheictear sin do léitheoirí a cuid tuarascálacha i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle, sa Choimisiún, i ngníomhaireachtaí an Aontais, i mbuanionadaíochtaí na mBallstát, i ngníomhaireachtaí agus in uasfhorais iniúchóireachta na mBallstát, in ENRanna, sa saol acadúil, sna meáin agus i measc páirtithe eile; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, ó 2018 i leith, go bhfuil suirbhéanna leictreonacha anaithnidithe déanta ag an gCúirt chun a iarraidh ar a léitheoirí aiseolas cáilíochtúil a thabhairt ar rogha tuarascálacha agus moltaí ginearálta a dhéanamh i dtaobh a cuid oibre; á chur i bhfáth gur mheas 89 % de na freagróirí, in 2024, go raibh tuarascálacha na Cúirte úsáideach dá gcuid oibre agus gur mheas 82 % go raibh tionchar ag na tuarascálacha sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Chúirt, in 2024, torthaí a cuid oibre i láthair 578 n-uaire os comhair páirtithe leasmhara éagsúla (e.g. an Pharlaimint, an Chomhairle, parlaimintí náisiúnta), suas ó 456 in 2023 agus 437 in 2022.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>