<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0130</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0053/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn X – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2025/2150(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0150/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2024, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59 agus 118 agus Airteagail 260 go 263 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59 agus 118 agus Airteagail 266 go 269 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0053/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn X – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2025/2150(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn X – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0053/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú a thuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’) freagrach as caiteachas riaracháin a Ceanncheathrún sa Bhruiséil a bhainistiú agus as an líonra de 145 thoscaireacht agus oifig an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearnadh freagracht SEGS a leathnú chun bainistiú riaracháin fhoireann an Choimisiúin i dtoscaireachtaí an Aontais a chumhdach trí shraith Comhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse (CLSnna);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfeidhmíonn Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an Leas-Uachtarán/An tArdionadaí’) na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne i leith fhoireann SEGS;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go rialaítear cur chun feidhme an bhuiséid leis an Rialachán Airgeadais agus leis na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme an Bhuiséid atá ag SEGS (na ‘Rialacha Inmheánacha’);
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, faoi na Rialacha Inmheánacha, go ngníomhaíonn Ard-Rúnaí SEGS mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean do SEGS agus go bhfuil ról an phríomhoifigigh údarúcháin fho-tharmligthe ag an ard-stiúrthóir um bainistíocht acmhainní;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é ról thoscaireachtaí an Aontais ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a shaoránaigh ar fud an domhain trí líonraí agus comhpháirtíochtaí a thógáil, agus luachanna an Aontais a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil saintréithe SEGS fós, ina chineál agus ina thionscnamh, mar a bhí nuair a bunaíodh é, trí bhaill foirne de chuid iar-ranna caidrimh sheachtraigh na Comhairle agus an Choimisiúin a chumasc, inar comhtháthaíodh taidhleoirí ó na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go mbraitheann éifeachtacht agus cost-éifeachtúlacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar dhlúthchomhordú le bunaíochtaí agus líonraí taidhleoireachta na mBallstát, go háirithe i dtríú tíortha ina gcoinníonn SEGS agus na Ballstáit araon láithreacht bhuan, chun dúbláil struchtúr agus caiteachais a sheachaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad SEGS faoi Cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh é a bhí ann in 2024 EUR 13,3 billiún (arbh ionann é agus 6,9% de bhuiséad iomlán an Aontais); á thabhairt dá haire gurb é atá sa bhuiséad de thart ar EUR 1,239 billiún atá á bhainistiú ag SEGS thart ar 9,54% de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoi riarachán, is líon atá cosúil leis sin a scrúdaíodh in 2023; á thabhairt dá haire, thairis sin, go gcuimsítear le caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arbh é a bhí ann in 2024 thart ar 69% den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise, agus go léiríonn obair na Cúirte thar na blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 cinn (23%) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na trí hearráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur scrúdaigh an Chúirt 15 íocaíocht a rinne SEGS agus ina measc sin gur aimsigh sí dhá earráid inchainníochtaithe; de bhrí gur bhain earráid amháin le leasú substaintiúil amháin ar chonradh gan nós imeachta soláthair bailí agus gan bearta poiblíochta ex post, agus gur bhain an earráid eile le híocaíocht amháin a bhain le ráta malairte mícheart a úsáid agus íocaíocht chíosa á taifeadadh; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne SEGS chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é a bhí i mbuiséad deiridh SEGS do 2024 EUR 880 165 703, méid a léiríonn méadú 7,09% i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire gur chaith SEGS méid EUR 359,1 milliún freisin (lena n-áirítear ioncaim shannta agus méideanna a tugadh anonn) ón gCoimisiún chun costais riaracháin bhaill foirne an Choimisiúin atá ag obair i dtoscaireachtaí an Aontais a chumhdach; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuair SEGS ranníocaíochtaí breise de mhéid seasta chun costais choiteanna fhoireann an Chiste Eorpaigh Forbraíochta i dtoscaireachtaí an Aontais agus i gcomhshuíomhanna a chumhdach, chomh maith le méideanna eile a fuarthas faoi chomhshuí agus faoi chomhaontuithe eile; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, gurbh é a bhí sa mhéid buiséadach iomlán a bhainistigh SEGS in 2024 EUR 1 239,3 milliún (leithreasuithe faoi chomhair gealltanas), arbh ionann é agus méadú 4,43% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, gurbh é 100% a bhí i ráta cur chun feidhme buiséadach leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, ach gurbh é 88,4 % a bhí i ráta cur chun feidhme na n-íocaíochtaí i gcomparáid le 91,9% in 2023; á thabhairt dá haire gurbh é 13,43 lá an meán-am le haghaidh íocaíochta ach gur íocaíochtaí déanacha a bhí in 10,69% de líon iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh in 2024 (a chomhfhreagraíonn do mhéid iomlán EUR 57 357 324), rud as ar eascair méid EUR 37 862,61 in íocaíochtaí úis déanacha in 2024; á iarraidh ar SEGS leanúint dá iarrachtaí feabhas a chur ar líon na n-íocaíochtaí leictreonacha agus ar dhigitiú na sreafaí oibre, go háirithe maidir le ríomhshonraisc i dtoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir SEGS an t-údarás buiséadach ar an eolas faoi dhá aistriú bhuiséadacha i gcomhréir le hAirteagal29(1) den Rialachán Airgeadais agus go ndearna sé 10 n-aistriú uathrialacha i gcomhréir le hAirteagal 29(4), ar luach foriomlán EUR 53,6 milliún; á thabhairt dá haire gurbh é príomhchuspóir na n-aistrithe méadú EUR 33,78 milliún a dhéanamh ar líne bhuiséid 3 0 0 3 maidir le foirgnimh agus costais ghaolmhara i dtoscaireachtaí an Aontais, méadú EUR 1,7 milliún a dhéanamh ar líne bhuiséid 2 0 0 2 maidir le Feistiú agus oibreacha slándála, agus méadú EUR 1,37 milliún a dhéanamh ar líne bhuiséid 1 2 0 5 maidir le saineolaithe náisiúnta míleata ar iasacht; á thabhairt dá haire, de bhreis ar na haistrithe, gurbh é EUR 349,2 milliún a bhí sa bhuiséad deiridh do cheanncheathrú SEGS agus gurbh é EUR 530,9 milliún a bhí sa bhuiséad deiridh do thoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh roinnt dúshlán roimh SEGS maidir le cur chun feidhme a bhuiséid in 2024 mar gheall ar thionchar trom chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, brúnna boilscitheacha, rátaí malairte airgeadra neamhfhabhracha agus uasteorainn 2% ar chaiteachas nach mbaineann le tuarastal as a leanann easnamh EUR 33 mhilliún do thoscaireachtaí an Aontais, rud a chuir srian suaithinseach ar a gcumas oibríochtúil; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug SEGS aghaidh ar na dúshláin sin trí mheascán de choigilteas straitéiseach agus ath-leithdháiltí/aistrithe buiséadacha; á thabhairt dá haire go ndearna laghduithe difear go príomha do na buiséid do mhisin agus d’ionadaíocht, do bhonneagar agus do shlándáil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfaidh tionchar a bheith ag srianta buiséadacha ar dhualgas cúraim SEGS i leith a fhoirne, go háirithe maidir le caighdeáin bhonneagair agus slándála a chothabháil i dtoscaireachtaí; á chur in iúl gur geal léi an pacáiste beart ceartaitheach ach á iarraidh an athuair go mbeadh buiséad ann a bheidh comhsheasmhach le riachtanais agus cuspóirí SEGS; á iarraidh ar SEGS spriocanna bliantúla a leagan síos chun íocaíochtaí déanacha agus costais úis dhéanaigh a laghdú, agus chun ríomhshonrascadh ó cheann go ceann agus sreafaí oibre ríomhsholáthair ar fud toscaireachtaí a chaighdeánú; á aithint gur gá d’institiúidí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid trí luaineacht praghsanna a chur i gcuntas chomh maith, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhísí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire ó éisteacht an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí ag cruinniú Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach (CONT) an 17 Samhain 2025 (an ‘Éisteacht’) go bhfuil srianta buiséadacha suaithinseacha ar SEGS le blianta beaga anuas, agus gur cuireadh sainordú atá ag éirí níos leithne de chúram ar an institiúid agus gur thabhaigh sí costais agus riachtanais mhéadaithe don líonra de 145 thoscaireacht; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aghaidh go struchtúrach ar thearcmhaoiniú SEGS; ag tacú le tuairim SEGS go bhfuil difríocht idir cúraimí agus acmhainní, rud is cúis le dúshlán suaithinseach do chumas SEGS a chuspóirí a bhaint amach go hiomlán agus tacú go héifeachtach le clár oibre bheartas eachtrach agus slándála an Aontais ina mbaintear bonn d’fheidhmíocht bheartas eachtrach an Aontais, i dtréimhse athraithe geopolaitiúil thapa, agus ar chreidiúnacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda; á iarraidh ar SEGS tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a thugann breisluach soiléir don Aontas agus dá shaoránaigh, agus gníomhaíochtaí agus tionscadail a fhéadfaidh an bonn a bhaint d’éifeachtacht agus de dhea-bhail na foirne á seachaint ag an am céanna; á iarraidh ar SEGS ganntanais foirne i dtoscaireachtaí an Aontais a leigheas, go háirithe i bpostuithe a bhfuil dúshláin chasta slándála nó gheopholaitiúla rompu, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht i nósanna imeachta earcaíochta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt iniúchadh feidhmíochta cuimsitheach a dhéanamh ar SEGS chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht a ghníomhaíochtaí i gcomparáid le seirbhísí taidhleoireachta thíortha ECFE; á iarraidh go sainaithneofaí san iniúchadh sin réimsí ina soláthraíonn SEGS breisluach uathúil do-athsholáthraithe agus réimsí ina bhfuil forluí idir a ghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí na mBallstát; á iarraidh ag an am céanna ar SEGS anailís costais is tairbhe a dhéanamh ar a líonra domhanda agus tosaíocht a thabhairt d’acmhainní i dtreo toscaireachtaí i dtíortha a chuireann go soiléir le leasanna láithreacha an Aontais, amhail rathúnas eacnamaíoch, slándáil fuinnimh, cosaint teorainneacha, agus sreabha imirce neamhrialta a chosc; á áitiú go mbunófaí táscairí feidhmíochta soiléire, intomhaiste chun an ‘luach ar airgead’ a thugtar do shaoránaigh an Aontais a léiriú agus á éileamh go scoirfidh SEGS d’aon ghníomhaíochtaí nó misin a mheastar a bheith neamhéifeachtach nó iomarcach tar éis na measúnuithe sin a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire, thairis sin, gur cuireadh infheistíochtaí i dtionscadail réadmhaoine agus TF siar agus gur laghdaíodh líon na n-oiliúnaithe in 2024; á thabhairt dá haire go bhfuil SEGS den tuairim go bhféadfadh tionchar a bheith ag na teorainneacha sin ar láithreacht dhomhanda an Aontais ar deireadh; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go mbainfear an bonn de dhualgas cúraim SEGS má leantar d’infheistíochtaí a chur siar agus de laghduithe foirne, go háirithe maidir le sábháilteacht foirne, meabhairshláinte agus slándáil i bpostuithe ardriosca; á iarraidh ar SEGS píblíne infheistíochta a thíolacadh le haghaidh bonneagar criticiúil TF, cibearshlándála agus dualgais cúraim, lena n-áirítear anailís costais is tairbhe agus an tionchar oibríochtúil ionchais, chun athchur a sheachaint a bhaineann an bonn d’éifeachtúlacht agus de shábháilteacht foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána arna bainistiú faoi údarás an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí ó EUR 12 bhilliún in 2023 go EUR 17 mbilliún in 2024, agus de bhrí go bhfuil an EUR 5 bhilliún breise tiomnaithe do thacaíocht mhíleata don Úcráin; á chur i bhfáth gur gá trédhearcacht neartaithe agus maoirseacht pharlaiminteach mar gheall ar an méadú suaithinseach ar an tSaoráid Eorpach Síochána; á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú rialta, struchtúrtha don údarás um urscaoileadh ar bhainistiú riosca, socruithe faireacháin agus comhlíonadh luachanna an Aontais agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta; á iarraidh ar SEGS comhoibriú le hArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Méadú agus Comharsanacht an Oirthir (AS um Méadú agus Comharsanacht an Oirthir) chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht agus faireachán éifeachtach ar na tionscadail arna gcistiú ag an tSaoráid Eorpach Síochána; ag aithint gur uirlis riachtanach í an tSaoráid Eorpach Síochána chun an tsíocháin a choimeád, i ré d’iomaíocht gheopholaitiúil, arb é is aidhm di cobhsaíocht agus comhar cosanta Eorpach aontaithe a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire ó fhreagraí SEGS ar cheistneoir CONT i gcás urscaoileadh 2024 (an ‘Ceistneoir’) gur sheol SEGS, ag a cheanncheathrú agus i dtoscaireachtaí an Aontais araon, 71 nós imeachta soláthair san iomlán i gcás conarthaí ardluacha, i.e. os cionn na tairsí EU 143 000 i gcás soláthairtí agus seirbhísí a bunaíodh le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire gur éirigh le 63 cinn de na nósanna imeachta sin agus gur síníodh 63 chonradh, agus gur theip ar 8 nós imeachta; á thabhairt dá haire, le teacht i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais nua an 29 Meán Fómhair 2024, go ndearnadh bainistiú nósanna imeachta soláthair do thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha a shimpliú trí shraith uasteorainneacha ar leith a thabhairt isteach do chonarthaí ar luach an-íseal, ar luach íseal agus ar mheánluach, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar shaincheist sheanbhunaithe a bhaineann le cumas teoranta na n-oibreoirí áitiúla ceanglais chasta rialacha soláthair an Aontais a chomhlíonadh; ag dréim leis go bhfreastalóidh na simplithe sin ar shlí níos fearr ar riachtanais na dtíortha óstacha agus thoscaireachtaí an Aontais araon maidir le nósanna imeachta soláthair gan dochar do chomhlíonadh na gcaighdeán is airde coimircí trédhearcachta, iomaíochta agus frithchalaoise; á iarraidh ar SEGS measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe sin ar rátaí earráide agus ar rioscaí sláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bunaíodh Tascfhórsa tiomnaithe in 2024 chun nósanna imeachta soláthair SEGS a fheabhsú sa cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí araon; á chur in iúl gur eol di go ndearna an Rannán Iniúchóireachta Inmheánach rannpháirtíocht chomhairleach in 2024, agus é mar aidhm aige athbhreithniú neamhspleách a chur ar fáil ar an bpróiseas soláthair, a bpléitear a thorthaí faoi láthair leis na seirbhísí freagracha; á iarraidh ar SEGS conclúidí an athbhreithnithe sin agus liosta na mbeart a glacadh chun freagairt do na dúshláin a sainaithníodh a chur ar fáil don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurbh é 137 líon na gcomhshuíomhanna leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile de chuid an Aontais i dtoscaireachtaí an Aontais ag deireadh 2024, 12 cheann níos mó ná in 2023; á thabhairt dá haire, as líon iomlán na gcomhshuíomhanna in 2023, gur tugadh 45 cinn díobh i gcrích leis na Ballstáit agus le Tíortha Comhpháirtíochta, 92 cheann díobh le comhpháirtithe eile an Aontais, agus gur chomhshuíomh a bhí i gceist le 9% den achar oifige iomlán i dtoscaireachtaí an Aontais agus go raibh níos mó ná leath de thoscaireachtaí an Aontais rannpháirteach ann (80), rud is féidir a mheas mar shampla de bharrfheabhsú rathúil bhainistiú foirgneamh SEGS, ach freisin mar tháscaire ar spéis mhéadaithe na gcomhpháirtithe áitreabh a chomhroinnt i dtríú tíortha agus ar ábharthacht an chomhshuímh i ngnóthaí taidhleoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gurbh é EUR 21 582 843 an buiséad do mhisin in 2024, arb ionann é agus méadú thart ar 2,33% i gcomparáid le EUR 21 091 935 (figiúr nuashonraithe) in 2023; á thabhairt dá haire nach bhfuil líne bhuiséid ar leith ag SEGS le haghaidh misean agus taistil don Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus go roinntear costais misean agus taistil an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí idir SEGS agus an Coimisiún ag brath ar chuspóir an mhisin; á thabhairt dá haire, mar sin féin, ó thuarascáil leantach SEGS ar bharúlacha na Parlaiminte sa rún in urscaoileadh do 2023 (an ‘tuarascáil leantach’) go scarann córas bainistíochta inmheánaí SEGS misin an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí agus taisteal comhghleacaithe a bhíonn á dtionlacan laistigh de leithdháileadh speisialta ar phríomhlíne bhuiséid an mhisin; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón gCeistneoir nár thug an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí a bhí ag dul as oifig ná an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí nuacheaptha faoi aon mhiseann arna mhaoiniú ag SEGS in 2024; á chur in iúl go dtuigeann sí ón tuarascáil leantach go bhfágann rannpháirtíochtaí iomaíocha an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí agus sceideal an-docht, a bhíonn ag brath go minic ar an staid gheopholaitiúil, go bhfuil sé dodhéanta uaireanta di taisteal trí úsáid a bhaint as eitiltí rialta nó modhanna eile iompair chun a hoibleagáidí gairmiúla a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, gur cheart do cheannairí institiúidí an Aontais a bheith ina n-eiseamláirí don phobal agus do shaoránaigh, go háirithe agus acmhainní an Aontais á n-úsáid acu i gcomhlíonadh a ndualgas; á chur i bhfáth gur cheart na roghanna eitilte a roghnú bunaithe ar bhainistiú fónta airgeadais, ar choinníoll go bhfuil na roghanna malartacha sin ar fáil agus i gcomhréir le clár oibre agus suíomh na gcruinnithe; á chur i bhfáth, maidir le cistí poiblí an Aontais a úsáid, nach mór trédhearcacht agus bainistiú fónta airgeadais a bheith ina gcroíphrionsabal i gcónaí d’institiúidí uile an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, gur lean SEGS de dhul i ngleic le dúshláin pholaitiúla agus airgeadais a bhí ag dul i méid, chomh maith le dúshláin i leith chearta an duine agus an smacht reachta i dtimpeallacht gheopholaitiúil a bhí ag éirí níos éagobhsaí agus marcáilte ag bagairtí hibrideacha níos déine ar chórais dhaonlathacha; á thabhairt dá haire go raibh cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a iarmhairtí geopholaitiúla fós ina phríomh-shaincheist in 2024; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, a thábhachtaí agus a riachtanaí atá sé go mbeadh ról lárnach agus athneartaithe ag SEGS in uathriail, athléimneacht agus slándáil straitéiseach an Aontais a fhorbairt, rud ba cheart a choimirciú chomh maith tríd an gcomhrac córasach agus láidir i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) agus feachtais bhréagaisnéise; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh SEGS an dara tuarascáil uaidh in 2024 ar bhagairtí FIMI, ina sonraítear 750 teagmhas agus ina nochtar Oibríocht False Façade (scéim sciúrtha faisnéise ag eintitis atá ar son na Creimile), rud a chuireann le sannadh poiblí agus le feasacht straitéiseach ar chur isteach naimhdeach státurraithe, agus gur úsáid sé an Córas Mear-Rabhaidh mar shásra lárnach comhordúcháin maidir le FIMI i gcomhthéacs shláine na dtoghchán Eorpach a chosaint; ag tabhairt dá haire gur eisíodh sraith straitéisí chun FIMI céannachtbhunaithe a bhrath, eagrú chomhdháil bhliantúil ardleibhéil FIMI, forbairt lámhleabhar an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) maidir le FIMI chun cumas mhisin CBSC ionsaithe FIMI a bhrath agus freagairt dóibh a neartú agus an rannchuidiú le hathléimneacht na meán a neartú ag imeacht Pobal na Meán a Nascadh sa Chosaiv, ar ar fhreastail 130 iriseoir agus seiceálaí fíricí; ag moladh SEGS go láidir as a fheachtas EUvsDisinfo ina ndearnadh anailís agus nochtadh ar iarrachtaí FIMI na Rúise in 2024; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur mhó ná 18 000 iontráil cásanna bréagaisnéise ar son na Creimile, ina ndeimhnítear scála, marthanacht agus cineál straitéiseach na bagartha ón Rúis go háirithe, fara gníomhaithe naimhdeacha eile; á thabhairt dá haire go bhfuil Oifigeach Cumarsáide Straitéisí ag roinnt toscaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil sé de chúram air anailís a dhéanamh ar FIMI agus aghaidh a thabhairt air, ach gurb iad na Ballstáit atá freagrach i gcónaí as cumas bailithe faisnéise; á chur i bhfáth, mar sin, go bhfuil gá le comhordú treisithe, comhroinnt struchtúrtha faisnéise agus comhar níos dlúithe leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe iontaofa; ag moladh SEGS as an Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise FIMI a sheoladh chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an bhfeasacht staide chomhroinnte; á aithint gur áirithíodh leis na hiarrachtaí sin, le tacaíocht ó bhuiséad treisithe EUR 6,12 milliún le haghaidh acmhainneacht cumarsáide straitéisí in 2024, freagairt níos láidre, níos comhordaithe agus níos cuimsithí ar fud an Aontais ar bhagairtí FIMI; á mholadh go leanfaí den líonra ‘cosantóirí FIMI’ a fhorbairt agus a leathnú trí thionscnaimh fothaithe acmhainneachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cistiú marthanach agus intuartha bunriachtanach chun leanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú le linn bagairtí hibrideacha agus FIMI a chomhrac; á mheas, mar sin, gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun feachtais bhréagaisnéise frith-AE agus insintí a imscarann réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha go straitéiseach a chomhrac go héifeachtach, is feachtais agus insintí a fhéachann leis an mbonn a bhaint de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i dtríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá líonra Thoscaireachtaí an Aontais a nuachóiriú, go háirithe trí Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) agus Lárionad Freagartha ar Ghéarchéimeanna SEGS a neartú; á thabhairt chun suntais gur gá soláthar foirne leormhaith, slándáil TF atá cothrom le dáta agus acmhainní riaracháin leordhóthanacha ar mhaithe le hacmhainneacht anailíseach agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag meabhrú iarrataí an Chompáis Straitéisigh agus na Parlaiminte chun cumais faisnéise agus feasachta staide an Aontais a neartú; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear le riachtanais anailíseacha agus bainistithe géarchéime an Aontais atá ag dul i méid go dtreiseofaí na hacmhainní a leithdháiltear ar INTCEN AE agus ar Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS, chun a áirithiú go mbeidh siad feistithe go leormhaith chun a sainorduithe a chomhall i dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos casta agus níos déine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag EU INTCEN i measúnuithe anailíseacha comhtháite uilefhoinse a chur ar fáil chun tacú leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus le cinnteoireacht CBSC agus á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht ag líonra tarmligin an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát, mar phríomh-rannchuiditheoir le feasacht staide trí fhaisnéis ábhartha atá ar fáil cheana ar an láthair a chomhtháthú; á mheas go bhféadfaí trédhearcacht fheabhsaithe, grinnscrúdú daonlathach feabhsaithe agus cuntasacht fheabhsaithe a éascú laistigh den nós imeachta um urscaoileadh trí leithdháileadh buiséadach níos soiléire agus níos infheicthe a bhunú i gcomhair EU INTCEN;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Sciath Eorpach don Daonlathas agus gur cruthaíodh Lárionad um Athléimneacht Dhaonlathach mar chéimeanna tábhachtacha chun cumas an Aontais cur i gcoinne FIMI a neartú; á chur in iúl gur geal léi an intinn chun an Sciath Eorpach don Daonlathas atá beartaithe a leathnú chuig na tíortha aontachais, agus sa tslí sin a n-acmhainneacht freagairt do bhagairtí amhail FIMI agus feachtais bhréagaisnéise a threisiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an comhar le tíortha leochaileacha an mhéadaithe a dhoimhniú ar athléimneacht faisnéise, ar an gcibearshlándáil agus ar bhagairtí hibrideacha; ag iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha a n-acmhainneachtaí faoi seach a neartú tuilleadh le linn bréagaisnéis agus bolscaireacht i gcoinne CBES an Aontais a chomhrac, lena n-áirítear trí infheistiú i bhfeachtais chumarsáide chun tionchar eachtrach a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá acmhainní leormhaithe a chur ar fáil do Rannán na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) chun cur i gcoinne feachtais bhréagaisnéise a úsáideann réimis fhorlámhacha, go háirithe an Chreimil; á mheabhrú, sa Mholdóiv agus san Úcráin, go bhfuil ionstraimiú déanta ag gníomhaithe atá nasctha leis an Rúis ar an reiligiún, lena n-áirítear an Eaglais Cheartchreidmheach faoi Phatrarcacht Mhoscó, chun an bonn a bhaint d’athléimneacht dhaonlathach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá taidhleoireacht chreidimh an Aontais a neartú laistigh dá ghníomhaíocht sheachtrach agus á iarraidh go mbeadh líne bhuiséid thiomnaithe SEGS ann chun tacú leis an idirphlé, chun caoinfhulaingt idirchreidimh a chur chun cinn agus mí-úsáid gheopholaitiúil an reiligiúin a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú don Choimisiún gur iarr an Pharlaimint go ndéanfaí foireann SEGS a fheistiú go leormhaith chun dul i mbun idirphlé ar an tsaoirse reiligiúnach agus chun tosaíocht thábhachtach a dhéanamh de sin ina ghníomhaíocht sheachtrach<FOOTNOTE><FIELD> rún P10_TA(2025)0086, mír 83q</FIELD></FOOTNOTE>  á iarraidh ar SEGS freagairt go diongbháilte don iarraidh sin agus a acmhainní a thabhairt go dtí an leibhéal is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí misin agus oibríochtaí CBSC an Aontais a threisiú le pearsanra, acmhainní agus sainorduithe solúbtha leormhaithe chun freagairt go héifeachtach do dhúshláin slándála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá misean faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia a choinneáil ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an staid sna críocha faoi fhorghabháil agus chun luathrabhadh agus tuairisciú a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar SEGS teagmhálacha polaitiúla le húdaráis Aisling na Seoirsia a theorannú d’ábhair a bhfuil géarghá leo, agus rannpháirtíocht le sochaí shibhialta, leis na meáin neamhspleácha agus le hinstitiúidí acadúla na Seoirsia á coinneáil agus á neartú ag an am céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint le noirm Eorpacha, luachanna daonlathacha agus conair na hEorpa a chur chun cinn i measc dhaonra na Seoirsia agus na bhfórsaí polaitiúla atá tiomanta do phrionsabail dhaonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur lean an tAontas in 2024, le tacaíocht láidir ó SEGS, dá thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, mhíleata, airgeadais, taidhleoireachta, dhaonnúil agus eacnamaíoch don Úcráin mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise; á chur i bhfios go láidir gur cloch mhíle thábhachtach a bhí i síniú na ngealltanas comhpháirteach slándála idir an tAontas agus an Úcráin i mí an Mheithimh 2024, agus gur sainaithníodh aontachas leis an Aontas mar an ráthaíocht slándála deiridh chun athléimneacht, díspreagadh agus cobhsaíocht fhadtéarmach na hÚcráine a neartú; á thabhairt dá haire gur oibrigh SEGS go dlúth leis na Ballstáit, le G7, le ECAT agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun aontacht a choinneáil, bearta sriantacha a fhorfheidhmiú i gcoinne na Rúise, teacht timpeall ar smachtbhannaí a chosc, agus tacú le tionscnaimh chuntasachta, agus for-rochtain fhairsing dhomhanda á déanamh ag an am céanna chun tacú le síocháin chóir mharthanach i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear obair leantach ar an gCruinniú Mullaigh Síochána san Eilvéis, tacaíocht d’Fhoirmle Shíochána na hÚcráine, rannpháirtíocht in Ardán Idirnáisiúnta na Crimé, tacaíocht do Bhinse Speisialta um Choir an Fhogha a bhunú, agus aontachas an Aontais i Meitheamh 2024 leis an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Fhilleadh Leanaí na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil tacaíocht leanúnach pholaitiúil, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil an Aontais don Úcráin fós ina tosaíocht straitéiseach agus ina hoibleagáid mhorálta i bhfianaise chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise; á chur i bhfios go láidir, áfach, maidir le scála gan fasach an chúnaimh ón Aontas don Úcráin, nach mór na rialuithe, an inrianaitheacht agus na coimircí frithchalaoise atá gan fasach chomh maith céanna, a bheith ag gabháil le chun tacaíocht fhadtéarmach pholaitiúil agus phoiblí cháiníocóirí an Aontais a choinneáil; á iarraidh ar SEGS, i ndlúthchomhar le OLAF, OIPE agus an Chúirt, rochtain iomlán, fíor-ama ar fhaisnéis a áirithiú maidir le húsáid chistí uile an Aontais arna n-eisíoc chun tacú leis an Úcráin, agus tuairisciú go bliantúil don údarás um urscaoileadh maidir le neamhrialtachtaí, aisghabhálacha agus bearta ceartaitheacha a braitheadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun ár dtacaíocht do chearta an duine, don daonlathas agus don fhorbairt i dtríú tíortha a neartú a thuilleadh tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – Creat airgeadais na hEorpa Domhanda; á thabhairt chun suntais gur féidir seasamh an Aontais ar fud an domhain a neartú agus tacú le luachanna an Aontais trí chistiú sonrach do chearta an duine agus don daonlathas a choinneáil, chomh maith le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine agus trí chearta an duine a phríomhshruthú inár dtacaíocht agus inár gcomhpháirtíochtaí tríú tír; á chur i bhfios go láidir gur cheart acmhainní do Thaidhleoireacht Dhigiteach an Aontais a mhéadú a thuilleadh i bhfianaise chomhthéacs reatha an dul chun cinn mhear sa teicneolaíocht agus na hiomaíochta geopholaitiúla, go háirithe chun dul i ngleic le húdarásachas digiteach, cur isteach eachtrach agus mí-úsáid teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; á iarraidh ar SEGS measúnuithe riosca a dhéanamh go córasach ar shrianta spáis shibhialta i dtíortha comhpháirtíochta agus i dtríú tíortha, chun a chinntiú go bhfaighidh geallsealbhóirí ábhartha cistiú an Aontais; á áitiú gur cheart acmhainní leormhaithe airgeadais agus daonna in SEGS agus i dtoscaireachtaí an Aontais a bheith mar thaca leis an aistriú glas, agus gur cheart iad a chomhtháthú go comhsheasmhach in idirphlé polaitiúil, i gcomhpháirtíochtaí agus i gcaiteachas seachtrach, lena n-áirítear i dtríú tíortha, fad a chinntítear comhleanúnachas le hiomaíochas, slándáil fuinnimh agus athléimneacht eacnamaíoch na dtíortha comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá do SEGS a acmhainneacht riaracháin agus anailíseach a threisiú i réimsí ag a bhfuil tábhacht straitéiseach atá ag fás, lena n-áirítear san Artach; á iarraidh go mbeadh oiliúint foirne neartaithe, comhordú idirsheirbhíse feabhsaithe agus acmhainní leormhaithe ann chun tacú le measúnuithe riosca, feasacht staide agus rannpháirtíocht le comhpháirtithe ábhartha; á chur i bhfios go láidir gur gá don fhothú acmhainneachta sin a bheith go hiomlán ailínithe le bainistiú fónta airgeadais agus srianta buiséadacha atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil leantach ról lárnach agus ghníomhaíochtaí SEGS maidir leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa Mheánoirthear, lena n-áirítear trí rochtain gan bhac agus dáileadh marthanach na cabhrach daonnúla ar scála a iarraidh, i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir nach mór cabhair dhaonnúil a sheachadadh ar shlí shábháilte, éifeachtach agus dhípholaitithe, agus nár cheart do ghrúpaí sceimhlitheoireachta nó armtha í a atreorú ná mí-úsáid a bhaint aisti; ag tabhairt dá haire, ó thús na géarchéime in Gaza, go bhfuil an tAontas tar éis na hionstraimí daonnúla uile atá ar fáil a imscaradh chun fulaingt na bPalaistíneach in Gaza agus sa Bhruach Thiar a mhaolú, lena gcuirtear EUR 450 milliún i gcabhair dhaonnúil ar fáil ó Dheireadh Fómhair 2023, lena n-áirítear pacáiste cabhrach tosaigh EUR 120 milliún do 2025 agus i gcás sonrach thacaíocht an Aontais sa Phalaistín, de réir shásraí an Choimisiúin atá i bhfeidhm ‘tá siad láidir agus oibríonn siad go héifeachtach’ mar a athdhearbhaíodh le linn an athbhreithnithe airgeadais ar chúnamh an Aontais sa Phalaistín a rinneadh i Samhain 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Coimisiún, in Aibreán 2025, clár ilbhliantúil cuimsitheach don Phalaistín ar fiú suas le EUR 1,6 billiún é i gcás 2025-2027 chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch, leis an athléimneacht agus leis an rialachas sa Bhruach Thiar, in Iarúsailéim Thoir agus in Gaza, le suas le EUR 620 milliún den chistiú sin mar thacaíocht dhíreach airgeadais d’Údarás na Palaistíne; ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún pacáiste cúnaimh airgeadais EUR 1 bhilliún i mBealtaine 2024 chun cabhrú leis an Liobáin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin intíre agus réigiúnacha; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tuairim an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí a cuireadh in iúl ag an Éisteacht, inar cheart, mar phrionsabal bunúsach den dlí, do cibé duine is cúis leis an damáiste íoc as chomh maith; á thabhairt dá haire go bhfuil aon mheasúnú cuimsitheach ar dhamáistí fós róluath fad nach féidir rochtain a fháil ar Gaza; á chur i bhfáth, áfach, a thábhachtaí atá sásraí láidre faireacháin agus cuntasachta a bhunú, lena n-áirítear faisnéis iontaofa, neamhspleách agus infhíoraithe, chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar dhamáistí agus ar riachtanais a luaithe a lamhálfar rochtain; á iarraidh ar SEGS leanúint d’úsáid na n-ionstraimí uile atá ar fáil, lena n-áirítear uirlisí daonnúla, taidhleoireachta agus airgeadais, agus, i gcás inarb iomchuí, bearta sriantacha, chun seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus chun síocháin agus slándáil mharthanach a chur chun cinn sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag meabhrú a seasaimh ar Bhuiséad an Aontais do 2026 agus a thábhachtaí atá sé tacú le hathchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta i réigiún Chomharsanacht an Deiscirt, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla atá ag dul i méid, agus é á áirithiú ag an am céanna nach leithdháilfear aon chistí ón Aontas ar institiúidí poiblí, ar dhaoine aonair ná ar chomhlachais atá nasctha le haon chineál gluaiseachtaí sceimhlitheoireachta, agus atá go díreach i gcoinne luachanna bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear gluaiseachtaí Ioslamacha, frithsheimíteacha, frith-Chríostaí agus frith-Ioslamacha; á mheabhrú go bhfuil SEGS freagrach as treoir pholaitiúil agus maoirseacht straitéiseach a chur ar fáil maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus go gcoimeádann an Coimisiún freagracht iomlán as bainistiú, conraitheoireacht agus eisíocaíocht acmhainní buiséadacha an Aontais a chuirtear ar fáil do chomhpháirtithe cur chun feidhme agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta; á mheabhrú go bhfuil líomhaintí ann go raibh baint ag 19 as 13 000 fostaí de chuid UNRWA in Gaza leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha a rinne Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023; ag aithint fhreagairt na Náisiún Aontaithe ar na líomhaintí sin lena n-áirítear na himscrúduithe a sheol Oifig na Náisiún Aontaithe um Sheirbhísí Formhaoirseachta Inmheánaí (OIOS), agus dá éis sin gur foirceannadh fostaíocht 9 mball foirne go foirmiúil chun leas na Gníomhaireachta agus na moltaí a eisíodh trí Thuarascáil Colonna; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún ag obair le UNRWA, chun na próisis neodrachta agus ar na córais rialaithe sa Ghníomhaireacht a fheabhsú, i gcomhréir le torthaí na n-imscrúduithe a rinne OIOS na Náisiún Aontaithe agus chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta a thíolaic UNRWA; ag cur sonrú i measúnú an Choimisiúin go bhfuil UNRWA tiomanta i gcónaí do na moltaí a comhaontaíodh a chur chun feidhme chomh maith le comhlíonadh na gcoinníollacha uile a comhaontaíodh leis an Aontas i gcomhair cistiú leanúnach in 2024; ag spreagadh, ina leith sin, rannpháirtíocht leanúnach agus dlúthfhaireachán an Choimisiúin chun a áirithiú go gcomhallfar cistiú le ráthaíochtaí daingne ar an neodracht, ar antrédhearcacht agus ar an gcuntasacht; ag tabhairt dá haire nach ndéanann an tAontas téacsleabhair Phalaistíneacha a chistiú, agus nach dtagann siad faoi fhreagracht UNRWA, a dhéanann athbhreithniú mar sin féin ar na téacsleabhair eisithe uile chun aghaidh a thabhairt ar aon ábhar achrannach; á mheabhrú gur gá d’Údarás na Palaistíne gach ábhar oideachais agus inneachar nach gcloíonn le caighdeáin UNESCO a bhaint, go háirithe iad siúd a spreagann frithsheimíteachas agus a ghriogann foréigean, nár cheart leanaí Palaistíneacha a nochtadh dóibh; á mheabhrú nach bhfuil aon chistí ón Aontas le leithdháileadh, go díreach nó go hindíreach, ar na hábhair oideachais thuasluaite; á chur i bhfáth gur cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas d’Údarás na Palaistíne i réimse an oideachais a chur ar fáil ar choinníoll go ndéanfar ábhar na dtéacsleabhar a ailíniú le caighdeáin UNESCO i gcomhréir le torthaí thuarascáil Institiúid Georg Eckert a chistigh an tAontas, inar léiríodh léargas casta ar na téacsleabhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tuarascáil, ar dhoiciméid inmheánacha Hamas amhrasta, dar dáta idir 2018 agus 2022, a d’aimsigh Fórsaí Cosanta Iosrael i Stráice Gaza ar dtús agus a scaoileadh ó rúnaicmiú agus a scaipeadh dá éis sin trí NGO Monitor, ina líomhnaítear go léirítear iarrachtaí Hamas insíothlú agus faireachán a dhéanamh trí ‘ráthóirí’ ENRanna idirnáisiúnta, mar a thugtar orthu, lena n-áirítear laistigh de thionscadail dhaonnúla a chistíonn an tAontas i Stráice Gaza; á mheabhrú, mar fhreagairt ar éilimh na Parlaiminte go príomha, gur treisíodh sásraí fíorúcháin tuilleadh ó 2023 i leith, lena n-áirítear iniúchtaí sonracha, anailísí riosca agus faireachán seachtrach breise; á chur i bhfáth gur cheart aon éileamh ar aon mhí-úsáid chistí cháiníocóirí an Aontais a fhíorú go cúramach agus ag tathant ar an gCoimisiún gach líomhain d’aon chineál insíothlaithe agus tionchair mhíchuí laistigh de thionscadail dhaonnúla a chistíonn an tAontas a imscrúdú agus cistiú an Aontais a chur ar fionraí nó a aisghabháil i gcás ina ndeimhnítear sáruithe; á chur i bhfios go láidir go mbaineann aon líomhain de mhí-úsáid chistí an Aontais a atreoraítear go hindíreach chun eagraíochtaí sceimhlitheoireachta an bonn de shláine chúnamh an Aontais; ag tabhairt rabhaidh gur cleachtais choiteanna iad an bhréagaisnéis agus an chogaíocht faisnéise a shaothraítear ar mhaithe le straitéis i gcoinbhleachtaí armtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú go mbíonn ar na milliúin duine ar fud an domhain aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú, ar an ngéarleanúint nó ar an bhforéigean toisc a reiligiúin nó a gcreidimh; ag spreagadh an Choimisiúin agus SEGS, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, leanúint d’aird chothrom bheartais, de chomhordú agus de thrédhearcacht a chinntiú le linn aghaidh a thabhairt ar gach cineál fuatha reiligiúnaigh agus éadulaingthe, lena n-áirítear fuath frith-Chríostaí, frith-Ioslamachais agus frith-Sheimíteachais, agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go rialta faoi na bearta ábhartha a glacadh agus faoi na hacmhainní a slógadh maidir leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag SEGS chun tacú leis an idirphlé maidir leis an staid pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta, an smacht reachta agus an comhrac frith-éillithe agus an daonlathas agus cearta an duine a neartú i dtíortha éagsúla; á chur in iúl gur geal léi go leanann SEGS agus toscaireachtaí an Aontais de bheith i dteagmháil le hionadaithe ó riaracháin agus institiúidí náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, páirtithe leasmhara atá speisialaithe sa rialachas daonlathach, cearta an duine, na meáin, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha; á thabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht do chearta an duine agus do chosantóirí na mban, lena n-áirítear cosantóirí dúchasacha, ar cheann de phríomhthosaíochtaí SEGS i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais um Chearta an Duine agus an Daonlathas 2020-2027, agus go ndéantar í a chur chun cinn trí raon gníomhaíochtaí amhail idirphlé polaitiúil, tuairisciú polaitiúil, taidhleoireacht phoiblí, fóraim iltaobhacha agus tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme chearta an duine; á iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais a gcuid oibre a neartú tuilleadh i gcúnamh a chur ar fáil, chomh maith le tacaíocht lóistíochta agus theicneolaíoch, agus i ndul i dteagmháil le cosantóirí chearta an duine, i gcomhréir le Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil ról tábhachtach ag an tSeirbhís um Rialachas Corparáideach (CGS), a bunaíodh in 2023, maidir le feabhas a chur ar bhainistiú SEGS trí thacú le pleananna bainistíochta bliantúla agus tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí SEGS a ullmhú, trí phróisis bainistithe riosca a neartú, trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna corparáideacha sistéamacha i dtoscaireachtaí an Aontais, agus trí choincheap na ‘Toscaireachta Aonair’ a chur chun feidhme, arb é is aidhm dó bainistiú agus tuairisciú ilroinnte a laghdú agus saincheisteanna athfhillteacha agus dea-chleachtais ag an gCeanncheathrú agus ag toscaireacht an Aontais araon a dhoiciméadú; á iarraidh ar SEGS aghaidh a thabhairt go pras ar na laigí i rialuithe inmheánacha agus i mbainistiú doiciméad ar tharraing an Chúirt aird orthu, d’fhonn sláine an bhainistithe faisnéise a fheabhsú agus tuairisciú comhsheasmhach a chinntiú ar fud thoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil leantach agus ón gCeistneoir, na n-iarrachtaí atá déanta ag SEGS i dtreo taidhleoireacht fheimineach, in ainneoin an phríomhróil atá ag na Ballstáit i dtreoirlínte an Aontais chun gníomhaíochtaí seachtracha a leagan síos; á chur in iúl gur geal léi go háirithe an ghníomhaíocht a rinneadh chun dlús a chur le cur chun feidhme ghealltanais an Aontais faoi Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne (GAP) III; á thabhairt dá haire go raibh Ambasadóir an Aontais um Inscne agus Éagsúlacht i mbun iarrachtaí chun gné na hinscne a chomhtháthú in idirphlé maidir le cearta an duine agus i bpríomhráitis agus príomhrúin iltaobhacha; á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh ceannaireacht inscne-fhreagrúil fós ina príomhghné d’institiúidiú an phríomhshruthaithe inscne; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur ceapadh pointí fócasacha inscne i mí na Samhna 2024; á thabhairt dá haire go rachaidh GAP III in éag in 2027 agus ag tathant ar SEGS, chun na críche sin, GAP IV níos uaillmhianaí a fhorbairt lena n-áiritheofar nasc níos láidre idir cearta agus cumhachtú na mban agus beartas eachtrach agus slándála an Aontais, a bheidh réidh lena chur chun feidhme ó 2028 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas cistiú a mhéadú chun an líne bhuiséid thiomnaithe a threisiú laistigh de ghníomhaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais go sonrach don chomhionannas inscne agus don chlár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS), chun maoiniú comhsheasmhach a áirithiú do thionscnaimh lena gcuirtear ceannaireacht inscne-fhreagrúil chun cinn, lena gcosnaítear cearta na mban, agus lena ndéantar foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe (SGBV) a chomhrac i suíomhanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; á chur i bhfáth go bhfuil an cistiú sin ríthábhachtach chun tacú le heagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta, chun tacaíocht atá dírithe ar mharthanóirí a chur ar fáil, agus chun gnéithe na hinscne a chomhtháthú in iarrachtaí taidhleoireachta agus slándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mheas gur ionstraim phraiticiúil agus éifeachtach beartais eachtraigh iad na misin breathnóireachta toghcháin, atá fós lárnach do bheartais agus do straitéisí an Aontais maidir le tacaíocht don daonlathas; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach nach bhfuil aon ionchas ag SEGS obair bhreathnóireachta a leathnú chun tíortha is iarrthóirí agus tíortha comharsanachta, toisc go gcumhdaítear go leormhaith le misin bhreathnóireachta na tíortha sin faoi stiúir Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine a d’úsáid modheolaíocht a bhí cosúil le modheolaíocht an Aontais agus ar minic a fhaigheann siad saineolaithe ón díorma céanna gairmithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Aontas, áfach, acmhainní leormhaithe a áirithiú, lena n-áirítear saineolas ar shláine na faisnéise ar líne agus rioscaí trasnaíochta i modheolaíochtaí breathnóireachta toghcháin do mhisin breathnóireachta toghcháin an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil leantach, go ndearna an tAontas iarracht leanaí i réigiúin ina bhfuil coinbhleacht a chosaint trína thoscaireachtaí in 2024; á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú ar Threoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha in 2024 lena gcuirtear creat ar fáil chun cosaint a neartú agus sáruithe tromchúiseacha i gcoinne leanaí in aimsir chogaidh a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheabhrú gur mhol an Pharlaimint treoirthionscadal in 2021 ‘I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú’ a bhfuil sé de chuspóir aige mais chriticiúil taidhleoirí Eorpacha a chruthú atá oilte ar chaidreamh eachtrach agus slándáil an Aontais agus cultúr taidhleoireachta Eorpach a chruthú a bhfuil sé d’aidhm aige ról an Aontais mar ghníomhaithe éifeachtacha beartais eachtraigh a fheabhsú; á thabhairt dá haire, sa chéad chéim den treoirthionscadal sin, inar cumhdaíodh an bhliain acadúil 2022-2023, go raibh 42 thaidhleoir óga rannpháirteach, agus sa dara céim, inar cumhdaíodh an bhliain acadúil 2023-2024, go raibh 50 rannpháirtí ann; á thabhairt dá haire gur rith an dara céim thar dhá eagrán chomhionanna de chúrsa 4 mhí, agus socrúchán oiliúna 1 mhí ina dhiaidh sin ag Ceanncheathrú SEGS sa Bhruiséil; á thabhairt dá haire gur cuibhreannas acadúil a bhunaigh Coláiste na hEorpa sa Bheilg (Brugge) agus sa Pholainn (Natolin) a chuir cúrsaí agus cláir oiliúna chun feidhme; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir, i gcomhréir le conradh seirbhíse SEGS/2022/OP/0168-2023, gur chuir Coláiste na hEorpa tuarascáil chríochnaitheach i dtoll a chéile ina raibh an measúnú ar an dara céim den treoirthionscadal; á iarraidh ar SEGS an tuarascáil sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; á thabhairt dá haire ó thuarascáil SEGS ar na cuntais bhliantúla do na blianta 2022, 2023 agus 2024, maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do chéimeanna píolótacha Acadamh Taidhleoireachta AE, gur íoc SEGS EUR 831 000 in 2022, EUR 120 000 in 2023 agus EUR 862 000 in 2024; á iarraidh ar SEGS, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, cóipeanna den doiciméadacht uile a sholáthar don Pharlaimint maidir le nósanna imeachta soláthair a rinneadh, conarthaí a síníodh agus íocaíochtaí a rinneadh i dtaca le céim 1 agus céim 2 de threoirthionscadal Acadamh Taidhleoireachta AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Chomhairle cinneadh, an 21 Bealtaine 2024, ag tógáil ar an taithí agus ar an struchtúr a forbraíodh sna céimeanna píolótacha, Acadamh Taidhleoireachta AE lánfheidhme a bhunú ar feadh 4 bliana acadúla ag tosú le 2024-2025, de bhrí gur sannadh an cúrsa agus na gníomhaíochtaí oiliúna do Choláiste na hEorpa, agus go n-oibreoidh EU faoi fhreagracht an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí a gheobhaidh treoir ó choiste stiúrtha a bheidh comhdhéanta d’ionadaí arna ainmniú ag gach Ballstát, chomh maith le hionadaí ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún; á thabhairt dá haire ón gcinneadh sin go gcumhdófar le méid EUR 1,72 milliún atá beartaithe an tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, de bhrí go ndéanann an Coimisiún bainistiú an chaiteachais i dtaca le hAcadamh Taidhleoireachta AE a mhaoirsiú tríd an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt dá haire, tar éis chruthú CGS in 2023, go ndearna SEGS a Chreat Rialaithe Inmheánaigh (ICF) a nuashonrú in 2024 chun ról an Phríomhoifigigh Rialachais a léiriú agus sásra faireacháin maidir le rialuithe inmheánacha a thabhairt isteach; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil ICF SEGS ailínithe le ICF an Choimisiúin; á thabhairt dá haire, sa bhreis ar an measúnú bliantúil caighdeánach ar a chóras rialaithe inmheánaigh, go ndearna SEGS suirbhé in 2024 i measc 167 bhfreagróir/mball foirne, agus freagrachtaí na nOifigeach Údarúcháin trí Fhotharmligean (AOSD) orthu uile, de bhrí go bpléitear torthaí an tsuirbhé sin ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí i gCoiste um Rialú Inmheánach SEGS; á thabhairt dá haire gur leagadh béim sa suirbhé sin ar 183 réimse ar gá aird a thabhairt orthu, go háirithe maidir leis na dúshláin atá roimh thoscaireachtaí an Aontais amhail feasacht ar rialuithe inmheánacha agus ar bhainistiú riosca, foireann cháilithe agus seirbhísí TF a earcú agus a choinneáil; á chur in iúl gur geal léi gur cheap SEGS plean gníomhaíochta chun na hábhair imní láithreacha a cheartú agus chun aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar rioscaí féideartha; á iarraidh ar SEGS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag spreagadh SEGS rialuithe inmheánacha agus córais bainistíochta doiciméad a neartú, lena dtabharfaí aghaidh ar laigí arna sainaithint ag an gCúirt, go háirithe na laigí sin a bhaineann le bainistiú faisnéise agus tuairisciú ó Thoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire go n-úsáideann SEGS dhá mhodh fíoraithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> maidir le hidirbhearta airgeadais (gealltanais, íocaíochtaí agus orduithe aisghabhála); á thabhairt dá haire go bhfuil fíorú ex ante de chineál amháin díláraithe, i.e. go ndéantar é go neamhspleách ar an oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean atá freagrach, le haghaidh íocaíochtaí atá nasctha le sonraisc a bhfuil a méid (ó 2024) faoi bhun 15 000; á thabhairt dá haire, i gcás gach idirbhirt airgeadais eile, go n-áirithíonn na rannóga oibríochtúla nó toscaireachtaí an Aontais an fíorú <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> go hinmheánach; á thabhairt dá haire, i gcás nósanna imeachta soláthair, go bhfuil dhá mhodh fíorúcháin <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> ann freisin: ritheadh modh amháin le haghaidh conarthaí a bhfuil a luach cothrom le nó níos mó ná tairseacha Threoir 2014/24/AE go neamhspleách ar oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean na roinne atá i gceannas ar an gcomhad soláthair agus modh eile arna áirithiú go hinmheánach, ag an roinn atá i gceannas, le haghaidh conarthaí ar luach (an-)íseal agus ar luach meánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt dá haire, i gcás earráidí airgeadais, go gcomhfhreagraíonn an ráta earráide braite d’earráidí arna mbrath trí rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> (tar éis an íocaíocht/aisghabháil a dhéanamh) a chuireann le hearráid iarmharach a léiríonn freisin earráidí a thoimhdítear a dhéanann difear don chaiteachas neamhrialaithe agus don ioncam neamhrialaithe; á thabhairt dá haire, in 2024, gurbh ionann an ráta earráidí airgeadais iarmharacha do chaiteachas SEGS agus 0,03 % agus d’ioncam 0,05 %; á thabhairt dá haire, maidir le hearráidí soláthair, go ndearna SEGS a mhodheolaíocht rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a nuashonrú in 2024, agus ar an gcaoi sin í a ailíniú le cur chuige an Choimisiúin maidir le hearráidí soláthair a ríomh, ar cur chuige é sin lena gcuirtear coincheap na hearráide iarmharaí i leataobh, de bhrí nach féidir tionchar airgeadais na n-earráidí soláthair a chainníochtú ar an gcaoi chéanna leis na hearráidí airgeadais; á thabhairt dá haire, bunaithe ar an modheolaíocht nua sin, gur EUR 49 774 108 a bhí i luach na n-earráidí soláthair a braitheadh in 2024 (méadú ó EUR 23 392 948 in 2023) nó 4,32% den daonra a ndearnadh iniúchadh air in 2024 (méadú ó 2,07% in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus is mór aici, go ndearna SEGS dul chun cinn nithiúil in 2024 maidir le moltaí atá fós gan réiteach arna ndéanamh ag comhlachtaí éagsúla amhail Rannán Iniúchóireachta Inmheánaí (IAD) SEGS, Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) an Choimisiúin agus an Chúirt a chur chun feidhme; ag aithint ról an Choiste um Athbhreithniú Iniúchtaí de SEGS maidir le neamhspleáchas IAD a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na hoibre iniúchóireachta inmheánaí agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le hobair leantach ar mholtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le hiniúchtaí a rinne IAD, gur laghdaíodh líon na moltaí oscailte ó cheithre mholadh chriticiúla agus 49 moladh an-tábhachtach go trí mholadh chriticiúla agus 32 mholadh an-tábhachtach agus go ndearnadh athbhreithniú ar thrí phlean gníomhaíochta, ar glacadh le ceann amháin acu mar phlean sásúil; á thabhairt dá haire go bhfuil na moltaí criticiúla atá fágtha nasctha leis an iniúchadh ar ‘Bhainistiú fhoirgneamh Thoscaireacht an Aontais in Washington’ ar cuireadh moill air mar gheall ar chúrsaí dlíthiúla agus go bhfuil 13 de na 32 mholadh an-tábhachtach atá fágtha nasctha leis an iniúchadh ar ‘Shreabha faisnéise idir SEGS, AS HR agus PMO’; á thabhairt faoi deara thairis sin gur sheol IAD athbhreithniú comhairleach ar phróisis soláthair sa Cheanncheathrú, gur thionscain sé measúnú riosca straitéiseach, go ndearna sé tagarmharcáil le hinstitiúidí eile an Aontais, gur nuashonraigh sé a Chairt Mhisin, agus ar an gcaoi sin gur chríochnaigh sé plean iniúchóireachta ilbhliantúil 2022-2024, agus go ndearna sé na bearta is gá chun a phlean iniúchóireachta straitéiseach nua a ullmhú ag tosú in 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur chuir IAS bailchríoch ar dhá iniúchadh ar leithdháileadh acmhainní daonna agus ar straitéis frithchalaoise SEGS, agus pleananna gníomhaíochta á gcur chun feidhme, agus gur sheol sé iniúchadh nua ar rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ag deireadh 2024, ar leanadh den obair oibríochtúil ina leith go dtí 2025; á iarraidh ar SEGS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme mholtaí IAS atá fós oscailte mar obair leantach ar an ‘Iniúchadh ar an bpróiseas soláthair agus ar fhaireachán ar chonarthaí in SEGS’ a seoladh in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire ó Thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí SEGS (‘tuarascáil SEGS 2024’) do 2024 go ndéantar meastóireacht thréimhsiúil ar oibríochtaí gach toscaireachta de chuid an Aontais (gach 4-5 bliana) trí mhisin chigireachta agus trí chleachtaí corparáideacha straitéiseacha; á thabhairt dá haire go ndearnadh cigireacht ar 26 thoscaireacht de chuid an Aontais in 2024 as ar eascair foirmliú 1 000 moladh agus comhairle do thoscaireachtaí an Aontais a ndearnadh cigireacht orthu agus do sheirbhísí Ceanncheathrún, lena n-áirítear sé mholadh chriticiúla agus thart ar 100 moladh an-tábhachtach; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón gCeistneoir go bhfuair dhá thoscaireacht de chuid an Aontais moltaí criticiúla maidir le bainistiú inmheánach; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil obair leantach dhian curtha i bhfeidhm ag SEGS sa dá chás agus, cé go bhfuil cigireacht amháin fós oscailte mar gheall ar a chastacht, go bhfuil SEGS ag tacú go gníomhach leis an toscaireacht chun na saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach agus na bearta ceartaitheacha is gá a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil SEGS de réir an sceidil, tríd is tríd, chun spriocdháta na Cúirte a chomhlíonadh chun moltaí Thuarascáil Speisialta 02/2024 ón gCúirt a chur chun feidhme maidir le ‘Ról comhordúcháin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí’ faoi dheireadh 2025; á aithint go bhfuair gach Ceann Toscaireachta nuacheaptha litreacha misin in 2024 agus 2025, agus gur neartaigh sásraí aiseolais feabhsaithe agus próiseas an Phlean Bainistíochta Bhliantúil comhordú idir an Cheanncheathrú agus toscaireachtaí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme leanúnach straitéis bainistithe faisnéise SEGS, lena n-áirítear leathadh amach iomlán ardán comhoibríoch HIVE, a úsáideann níos mó ná 16 500 ball foirne; ag tabhairt dá haire na hoibre leanúnaí leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus leis na Ballstáit maidir le hidir-inoibritheacht a fheabhsú agus dul chun cinn a dhéanamh sa phlé maidir le haicmiú slándála caighdeánaithe; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh chun críche measúnú ar ualach oibre thoscaireachtaí an Aontais i mí Mheán Fómhair 2024, a bhí mar bhonn eolais don chomhaontú polaitiúil ina dhiaidh sin ar líonra thoscaireachtaí an Aontais a nuachóiriú i mí na Bealtaine 2025; ag tabhairt dá haire stádas SEGS mar ‘sheirbhís ghaolmhar’ in iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCúirt, de bhrí gur tugadh ceithre iniúchadh (Tuarascálacha Speisialta 17/2024, 18/2024, 06/2024 agus 04/2025) chun críche in 2024 agus gur seoladh dhá iniúchadh (Tuarascáil Speisialta 17/2025, 20/2025) in 2024 agus gur tugadh chun críche iad in 2025; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil dea-chomhar ann idir SEGS agus ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin a mbaineann na hiniúchtaí sin leo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh 2 902 bhall foirne san iomlán á bhfostú ag SEGS, gan foireann áitiúil a áireamh, lena n-áirítear 1 268 n-oifigeach, 442 ghníomhaire shealadacha, 619 ngníomhaire ar conradh agus 573 shaineolaí náisiúnta ar iasacht in 2024, i gcomparáid le 2 812 bhall foirne, lena n-áirítear 1 245 oifigeach, 450 gníomhaire shealadacha, 603 ghníomhaire ar conradh agus 514 SNI in 2023; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé conarthaí buana a chur ar fáil chun scileanna, leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil a choinneáil ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt dá haire ó thuarascáil SEGS 2024, as 5 355 dhuine san iomlán atá ag obair in SEGS, go raibh 47% ag obair i gceanncheathrú SEGS agus 53% i dtoscaireachtaí an Aontais ag deireadh 2024, agus 1 622 Ghníomhaire Áitiúla i dtoscaireachtaí an Aontais; á thabhairt dá haire, le linn na hÉisteachta, gur chuir na Feisirí ábhair imní in iúl maidir le dífhostú líomhnaithe foirne áitiúla i dtoscaireachtaí áirithe de chuid an Aontais gan urraim chuí a thabhairt don dlí saothair áitiúil; á thabhairt dá haire, tar éis na héisteachta sin, gur thíolaic Comhaltaí CONT ceisteanna breise i scríbhinn; á thabhairt dá haire ó fhreagraí SEGS ar na ceisteanna sin (‘an Dara ceistneoir’), gur fhormhuinigh Grúpa Tionscadail na gCoimisinéirí um Ghníomhaíocht Sheachtrach, an 14 Bealtaine 2025, tionscadal chun líonra thoscaireachtaí an Aontais a nuachóiriú; á thabhairt dá haire gurb é atá i gceist le cur chun feidhme an tionscadail sin, inter alia, airgeadas, conarthaí agus feidhmeanna iniúchóireachta a lárú do shé thoscaireacht an Aontais sna Balcáin Thiar ag ceanncheathrú AS um Méadú agus Comharsanacht an Oirthir, chomh maith le laghdú ar líon na foirne atá ag obair ar airgeadas agus ar chonarthaí sna toscaireachtaí sin de chuid an Aontais, bunaithe ar mheasúnuithe arna ndéanamh i gcomhairle le comhairleoirí dlí; á thabhairt dá haire, i ndáil leis an bpacáiste iomarcaíochta, go maíonn SEGS gur urramaíodh na cearta uile faoin dlí áitiúil agus faoi rialacha inmheánacha an Aontais, agus gurb iad pacáistí airgeadais le haghaidh iomarcaíocht eacnamaíoch na pacáistí is fabhraí idir na pacáistí a shainordaítear leis an dlí áitiúil agus pacáistí airgeadais an Aontais, agus é sin in ainneoin na n-ábhar imní a chuir na gníomhairí áitiúla in iúl i dtoscaireachtaí ábhartha an Aontais; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil SEGS, i gcomhar leis an gCoimisiún, ina dhlúthpháirtí le gnólacht dlí áitiúil a chuireann treoir ar fáil maidir le haon cheanglas dlíthiúil áitiúil, agus sa tslí sin áirithítear go gcuirfear an próiseas iomarcaíochta chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na dlíthe saothair áitiúla is infheidhme; á iarraidh ar SEGS dul i gcomhairle go hiomlán leis an ionadaí foirne áitiúil agus an plean dífhostaithe don fhoireann áitiúil á cheapadh aige; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ó na freagraí ón gCeistneoir, má dhéantar toscaireacht de chuid an Aontais a athlonnú chuig tír eile, amhail i gcás aslonnú (e.g. fo-oifig na Súdáine a aistriú go dtí an Éigipt), go gcuirtear gníomhairí áitiúla atá fostaithe sa tír thionscnaimh ar iomarcaíocht, rud a fhágann iad gan slándáil; á iarraidh ar SEGS teacht ar réitigh inmharthana i gcás shlándáil agus shábháilteacht na foirne áitiúla a bhí ag obair go dílis i dtoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ar idirphlé sóisialta neamhleor agus ionadaithe foirne faoi chosaint a áireamh i measc gníomhairí áitiúla a ndéanann iomarcaíochtaí difear dóibh i dtoscaireachtaí áirithe an Aontais; á mheabhrú gur gnéithe bunriachtanacha den dea-riarachán agus d’inchreidteacht an Aontais mar fhostóir iad urraim don dlí saothair áitiúil, d’oibleagáidí an idirphlé shóisialta agus do chosaint ionadaithe foirne
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór dul i gcomhairle go fóinteach le hionadaithe foirne roimh aon athstruchtúrú, athlonnú nó iomarcaíocht a dhéanann difear don fhoireann áitiúil agus nach mór bearta nithiúla a bheith ag gabháil leo chun cearta, slándáil agus dínit na ngníomhairí áitiúla a choimirciú, go háirithe i gcomhthéacs géarchéime nó aslonnaithe; á iarraidh ar SEGS measúnú agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh ar chost-éifeachtúlacht na laghduithe foirne i gcomparáid le réitigh eagraíochtúla mhalartacha, lena n-áirítear tionchair fhadtéarmacha airgeadais, oibríochtúla agus chlú na n-iomarcaíochtaí a dhéanann difear don fhoireann áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar SEGS slándáil Thoscaireachtaí an Aontais a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear cibearshlándáil, slándáil fhisiceach agus acmhainneachtaí aslonnaithe le linn géarchéimeanna, agus tuairisciú go córasach ar an dul chun cinn agus na leochaileachtaí atá fágtha.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt dá haire in 2024 gur mhná iad 46,60% d’fhoireann uile SEGS in 2024 (i gcomparáid le 46,80% in 2023); á thabhairt dá haire, maidir le hionadaíocht na mban agus na poist a bhí acu in SEGS in 2024, gur riarthóirí iad 40% díobh, gur chúntóirí iad 63,78% díobh, gur rúnaithe cúnta iad 73,25% díobh, gur ghníomhairí ar conradh iad 56,70% díobh agus gur shaineolaithe náisiúnta ar iasacht iad 26,87% díobh; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil SEGS 2024 go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an institiúid ionadaíocht níos fearr ar mhná i bpoist bhainistíochta a bhaint amach; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil treocht aníos ann maidir le poist ardbhainistíochta, le 37,30% de mhná in 2024 (i gcomparáid le 31% in 2023), ach laghdú beag ann maidir le poist mheánbhainistíochta le 38,70% de mhná in 2024 (i gcomparáid le 40,40% in 2023); á chur in iúl gur geal léi méadú ó 35,50% in 2023 go 36,10% in 2024 maidir le hionadaíocht na mban i bpoist mar Chinn Toscaireachta; á chur in iúl gur geal léi an méadú de réir a chéile ar an líon ban i bpoist bhainistíochta laistigh de SEGS, agus ag tabhairt dá haire ag an am céanna go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht ar leibhéal AD agus go bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh orthu ar leibhéal AST, agus nach bhfuil cothromaíocht inscne i bpoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta, sa cheanncheathrú agus i dtoscaireachtaí an Aontais araon, bainte amach go hiomlán go fóill; á chur i bhfáth, cé nach mór comhdheiseanna a chinntiú don fhoireann laistigh de chomhlachtaí na n-institiúidí, nach mór barr feabhais agus gairmiúlacht laistigh de SEGS a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á thabhairt dá haire, ón tuarascáil leantach, go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag SEGS chun iarratais bhreise ó inscne tearcionadaithe a shlógadh; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur eagraíodh ceithre sheisiún oiliúna feidhmiúcháin maidir le ceannaireacht inscne-fhreagrúil (GRL) a shroich 80% de bhainisteoirí sinsearacha SEGS agus clár iomlán 29 n-uair a chloig thar 4 mhí ar GRL do 13 bhainisteoir, lena n-áirítear ceathrar ó thoscaireachtaí an Aontais in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur bhunaigh SEGS a líonra nua Pointe Fócasach Inscne agus gur chruthaigh sé Tascfhórsa maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl a chuir tuarascáil mheántéarma i láthair in 2024 le plean gníomhaíochta; á thabhairt dá haire go bhfuil obair á déanamh ag Ambasadóir an Aontais um Inscne agus Éagsúlacht chun gné na hinscne a chomhtháthú in idirphlé maidir le cearta an duine agus i bpríomhráitis agus príomhrúin iltaobhacha; á iarraidh ar SEGS leanúint de nuashonruithe a chur ar fáil maidir leis na forbairtí is déanaí ar GAP do 2021-2025, agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun rannpháirtíocht na mban san idirphlé taidhleoireachta agus polaitiúil uile a chur chun cinn a thuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire na n-iarrachtaí atá déanta ag SEGS chun lucht saothair éagsúil agus ionadaíoch a bhaint amach; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an tsíoreaspa cothromaíochta geografaí agus éagsúlachta réigiúnaí in SEGS, lena n-áirítear i bpoist bhainistíochta agus i bpríomhfheidhmeanna ceanncheathrún; á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, gur lean trí Bhallstát (Ballstát amháin in 2025) de bheith gan aon Ambasadóir den Aontas, agus go raibh 56% de phoist uile Ambasadóirí den Aontas ag Ambasadóirí ó chúig Bhallstát, méadú ó 54% in 2023; á chur i bhfáth nach mór do sheirbhís taidhleoireachta den Aontas éagsúlacht an Aontais a léiriú chun dlisteanacht, eolas áitiúil agus éifeachtacht a neartú; á iarraidh ar SEGS, i gcomhar leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) agus le seirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as beartas roghnúcháin, cur le for-rochtain spriocdhírithe i mBallstáit atá faoi ghannionadaíocht (lena n-áirítear imeachtaí faisnéise agus earcaíochta ‘fócas tíre’), an phíblíne a leathnú trí chúrsaí oiliúna, scéimeanna gairmiúla sóisearacha agus iasachtaí struchtúrtha, agus cothroime sa roghnú inmheánach a fheabhsú trí phainéil roghnúcháin éagsúla, critéir thrédhearcacha agus meantóireacht/urraíocht do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht; á mheabhrú nach mór don earcaíocht a bheith bunaithe ar fhiúntas agus i gcomhréir le dlí an Aontais i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, go raibh ráta fostaíochta phlean bunaíochta SEGS ag 95,3% (i gcomparáid le 96,7% in 2023); á thabhairt dá haire, thairis sin, gur shroich láimhdeachas foirne SEGS 12,07% in 2024 (10,15% in 2023); á thabhairt faoi deara go léiríonn an méadú sin struchtúr sonrach SEGS mar sheirbhís taidhleoireachta, arb é is príomhthréith dó uainíochtaí rialta foirne ó chór taidhleoireachta na mBallstát agus ó institiúidí eile an Aontais, chomh maith le beartas foirne cobhsaí a chur i bhfeidhm.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil obair ar siúl chun nuashonrú a dhéanamh ar chinneadh 2014 maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus go bhfuil an téacs athbhreithnithe le foilsiú in 2025; á thabhairt faoi deara gur lean SEGS dá chláir intéirneachta trí 62 intéirneach Blue Book a óstáil sa cheanncheathrú agus 566 intéirneach in 106 thoscaireacht de chuid an Aontais in 2024; á thabhairt dá haire gur íoc SEGS nó institiúidí eile 531 intéirneach ón gcatagóir dheireanach sin, agus i gcás 35 mhac léinn nár íocadh deontais oiliúna leo, go raibh an tréimhse oiliúna éigeantach mar chuid dá gclár acadúil; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur lean SEGS freisin leis an seachtú babhta de chlár na nGairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí (JPD) do 2023-2025 agus 67 JPD curtha i dtoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean SEGS de thimpeallacht oibre shábháilte, mheasúil agus eiticiúil a neartú in 2024; á chur in iúl gur geal léi inrochtaineacht leathnaithe na ríomhfhoghlama éigeantaí maidir le hurraim agus dínit ag an obair, agus ciapadh á aithint agus aghaidh á tabhairt air agus an oiliúint curtha i gcrích ag 1 900 ball foirne in 2024; á chur in iúl gur geal léi gur fhreastail 57% de bhainisteoirí ar sheisiún oiliúna éigeantach comhchosúil in 2024; ag moladh SEGS as oiliúint a chur ar fáil maidir le hathléimneacht agus bainistiú tráma don fhoireann i gcriosanna géarchéime agus d’Oifigigh Slándála Réigiúnacha in 2024; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur glacadh Cinneadh lena leathnaítear cosaint i gcoinne ciapadh síceolaíoch agus gnéasach chuig foireann áitiúil i dtoscaireachtaí an Aontais, a bhfuil rochtain acu anois ar nósanna imeachta foirmiúla SEGS i gcás líomhaintí ciaptha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, na ngníomhaíochtaí a rinne SEGS in 2024 faoi chuimsiú a Chláir Oibre um Éagsúlacht agus Cuimsiú do 2023-2025, go háirithe gníomhaíochtaí spriocdhírithe do ghrúpaí inscne, eitneachta, míchumais, aoise agus LADTIA+; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go ndearna SEGS ábhair Éagsúlachta agus Cuimsithe a ionchorprú san oiliúint, gur chuir sé faisnéis ar fáil d’fhoireann LADTIA+ maidir le cásanna dlíthiúla agus cultúrtha i dtíortha postaithe agus gur threisigh sé a iarrachtaí earcaíochta éagsúlachta; ag moladh SEGS, thairis sin, as a Threochlár Gníomhaíochta maidir le Míchumas a thabhairt cothrom le dáta, as suirbhé a dhéanamh ar chúrsaí míchumais, as bileoga eolais inrochtaineachta a chur ar fáil do thoscaireachtaí an Aontais a dhéanann measúnú inrochtaineachta ar a shuíomh gréasáin agus as cabhair airgeadais a chur ar fáil do 26 bhall foirne a bhfuil leanaí faoi mhíchumas acu le haghaidh costais neamhleighis; á iarraidh ar SEGS leanúint d’oiliúint rialta a chur ar bhaill foirne bhainistíochta agus neamhbhainistíochta ar shaincheisteanna éagsúlachta, cothromais, cuimsithe agus muintearais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuair SEGS 16 iarraidh ar chúnamh in 2024 le haghaidh líomhaintí de chiapadh síceolaíoch, lena n-áirítear roinnt iarrataí a bhain leis an mball foirne céanna, as ar eascair oscailt ceithre fhiosrúchán riaracháin, agus gur tarchuireadh cás líomhnaithe amháin a bhain le ball foirne de chuid an Choimisiúin chun údarás inniúil an Choimisiúin; á thabhairt dá haire gur tionscnaíodh ceithre nós imeachta fhoirmiúla freisin do ghníomhairí áitiúla i dtoscaireacht an Aontais, ach nár aimsíodh aon fhianaise <STRING ITALIC="on">prima facie</STRING> chun údar a thabhairt le fiosrúchán riaracháin a oscailt; á thabhairt dá haire gur tugadh sé chás i gcrích le linn na bliana agus gur cuireadh bearta araíonachta nó ceartaitheacha i bhfeidhm i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear smachtbhannaí araíonachta in dhá chás agus rabhadh neamhdhisciplíneach i gcás eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir, de réir an mhínithe arna chur i bhfeidhm ag Seirbhís Liachta an Choimisiúin, go dtagraíonn saoire bhreoiteachta fhadtéarmach d’asláithreachtaí is faide ná 20 lá as a chéile; á thabhairt dá haire go raibh 323 bhall foirne ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach in 2023 agus meánfhad 83 lá acu, agus gur mhéadaigh sé sin go 338 mball foirne in 2024, agus meánfhad laghdaithe 77 lá acu; á thabhairt dá haire, thairis sin, cé nach eol líon beacht na gcásanna traochta, go raibh sciar suntasach de shaoire bhreoiteachta nasctha le hábhair imní mheabhairshláinte amhail dúlagar agus traochadh in 2024; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún chun Straitéis Meabhairshláinte a fhorbairt chun creat struchtúrtha agus inbhuanaithe a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mheabhairshláinte san ionad oibre, lena n-áirítear traochadh a chosc agus athimeascadh chun na hoibre; ag spreagadh SEGS chun sásra foirmiúil measúnaithe ar an ualach oibre a bhunú freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus is mór aici, ó thuarascáil SEGS 2024 gur tugadh an Treochlár Gníomhaíochta maidir le Míchumas cothrom le dáta in 2024 agus gur glacadh cinneadh nua in 2025 chun forálacha SEGS, amhail cóiríocht réasúnta do chomhghleacaithe faoi mhíchumas, a leathnú chuig foireann áitiúil i dtoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur seoladh imscrúdú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) in 2025 ar chás féideartha calaoise soláthair, éillithe, coinbhleachta leasa agus sárú rúndachta gairmiúla, lenar bhain amhras láidir faoi sháruithe ar rialacha iomaíochta i ndáil le dámhachtain nós imeachta tairisceana ag SEGS do Choláiste na hEorpa, sa tréimhse 2021-2022, le haghaidh clár oiliúna 9 mí a bhaineann le treoirthionscadal a chur chun feidhme chun Acadamh Taidhleoireachta AE a chruthú; á chur i bhfios go láidir gur beart straitéiseach é cruthú Acadamh Taidhleoireachta AE i dtreo acmhainneacht taidhleoireachta an Aontais a neartú agus cultúr taidhleoireachta fíor-Eorpach a fhorbairt; á thabhairt dá haire go ndírítear san imscrúdú ar cé acu a cuireadh nó nár cuireadh Coláiste na hEorpa agus/nó a n-ionadaithe ar an eolas roimh ré faoi chritéir roghnúcháin an nós imeachta tairisceana agus go raibh cúis leormhaith acu lena chreidiúint go ndámhfaí cur chun feidhme an tionscadail orthu, sular fhoilsigh SEGS an fógra tairisceana go hoifigiúil; á thabhairt dá haire, thairis sin, tar éis ruathair a rinneadh laistigh de SEGS agus de Choláiste na hEorpa, go ndearna póilíní na Beilge roinnt amhrastach a choinneáil agus a scaoileadh saor ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2025, i.e. iarLeas-Uachtarán/Ardionadaí, Reachtaire Choláiste na hEorpa agus Stiúrthóir Acadamh Taidhleoireachta AE ag an am, chomh maith le hardstiúrthóir ag an am Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um an Meánoirthear, an Afraic Thuaidh agus Murascaill na Peirse, agus iar-Ard-Rúnaí de SEGS; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur éirigh Reachtaire Choláiste na hEorpa agus Stiúrthóir Acadamh Taidhleoireachta an Aontais as oifig i gcomhthéacs an imscrúdaithe leanúnaigh a bhaineann le neamhrialtachtaí soláthair agus le hAcadamh Taidhleoireachta AE; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh cás den sórt sin, ina bhféadfaidh tairiscint phoiblí a bheith rigeáilte i bhfabhar institiúid ardoideachais, an bonn a bhaint den mhuinín as institiúidí an Aontais, ós féidir le líomhaintí de neamhrialtachtaí sa soláthar poiblí amhras a chaitheamh ar thrédhearcacht, cothroime agus cóir chomhionann iarrthóirí; á chur in iúl go dtuigeann sí, mar sin féin, go bhfuil fíorais a bhaineann le himscrúduithe OIPE faoi rialacha dochta rúndachta agus nach féidir iad a nochtadh i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart teacht ar chonclúidí sula dtabharfaí an próiseas breithiúnach chun críche; á chur in iúl gur geal léi gur gheall SEGS na doiciméid ábhartha a chur ar fáil a luaithe a dhúnfaí na himscrúduithe breithiúnacha; á iarraidh go ndéanfaí aon amhras calaoise a imscrúdú go cuí, le lánchomhar ó SEGS; á éileamh ar SEGS, gan dochar d’imscrúduithe leanúnacha, ceachtanna sistéamacha a fhoghlaim ón gcás seo, chun ráthaíochtaí tromaí a sholáthar nach ndéanfar na cásanna sin arís amach anseo; á iarraidh go gcoinneofaí an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas dá réir sin faoi na forbairtí dá éis sin; ag tabhairt dá haire, faoin gcomhaontú deontais lena gcuirtear Acadamh Taidhleoireachta AE de chúram ar Choláiste na hEorpa go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gColáiste tuarascáil fíorúcháin caiteachais a sholáthar lena thuarascáil chríochnaitheach, arna hullmhú ag iniúchóir seachtrach agus atá le cur isteach go luath le haghaidh 2024, lena n-áiritheofar trédhearcacht iomlán thar EUR 1.8 milliún a caitheadh le linn 2022-2024; ag tabhairt dá haire freisin gur thionscain SEGS, ag deireadh mhí na Nollag 2025, an próiseas athbhreithnithe ar Chinneadh (CBES) 2024/1472 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (CBES) 2024/1472 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 maidir le hAcadamh Eorpach Taidhleoireachta  (IO L, 2024/1472, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1472/oj).</FIELD></FOOTNOTE> lena mbunaítear Acadamh Taidhleoireachta AE trí mheastóireacht sheachtrach neamhspleách a sheoladh ar Acadamh Taidhleoireachta AE agus ar fheidhmíocht Choláiste na hEorpa le linn gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna Acadamh Taidhleoireachta AE a chur chun feidhme; á iarraidh ar SEGS an tuarascáil ar fhíorú caiteachais agus an mheastóireacht sheachtrach araon a chomhroinnt leis an údarás um urscaoileadh, chun cuntasacht agus trédhearcacht a chinntiú; á iarraidh ar SEGS faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil don Pharlaimint faoi chur chun feidhme mholtaí na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach a bhaineann le soláthar; á iarraidh ar SEGS torthaí agus moltaí an Tascfhórsa a bunaíodh in 2024 a fhoilsiú chun próisis soláthair a neartú, chun grinnscrúdú poiblí ar a gcur chun feidhme a lamháil agus chun a chumasú d’institiúidí eile an Aontais tairbhe a bhaint as na ceachtanna a d’fhoghlaim SEGS le linn nósanna imeachta soláthair a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chinn Coiste Stiúrtha Acadamh Taidhleoireachta AE ag an gcruinniú a bhí aige an 18 Nollaig 2025 a iarraidh ar Choláiste na hEorpa próiseas earcaíochta trédhearcach agus iomaíoch a áirithiú, bunaithe ar fhógra folúntais a fhoilsiú, chun Stiúrthóir nua ar Acadamh Taidhleoireachta AE a cheapadh; á chur in iúl gur geal léi gur iarr an Coiste Stiúrtha freisin go scarfaí feidhm Stiúrthóir Acadamh Taidhleoireachta AE ó fheidhm Reachtaire Choláiste na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur gá formhaoirseacht pharlaiminteach atá airdeallach agus éifeachtach chun sláine soláthair, caighdeáin eiticiúla, agus cosaint leasanna airgeadais agus chlú an Aontais a choimirciú; á athdhearbhú nach mór trédhearcacht agus bainistíocht fhónta airgeadais in úsáid chistí poiblí an Aontais a bheith ina chroíphrionsabal i gcónaí d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais, lena n-áirítear SEGS, agus gur bunchloch é an prionsabal sin chun muinín na saoránach i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a choinneáil; á chreidiúint nár cheart imscrúdú OIPE a úsáid chun an bonn a bhaint de ról Acadamh Taidhleoireachta AE, a bhfuil a bhreisluach le haithint go hiomlán, go háirithe i bhfianaise an aiseolais atá dearfach i gcónaí a fhaightear ó rannpháirtithe agus ó na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire thuairisciú SEGS trínar eascair ollstruchtúr frithchalaoise níos láidre agus níos comhleanúnaí as an gcéad bhliain iomlán de chur chun feidhme straitéis frithchalaoise 2023, rud a neartaigh sláine agus trédhearcacht fhoriomlán na hinstitiúide; á thabhairt dá haire gur cuireadh an straitéis sin i ngníomh trí oiliúint fheabhsaithe  feasachta ar chalaois agus trí bhearta coisctheacha atá ailínithe níos fearr le freagrachtaí sonracha na ngrúpaí foirne éagsúla ag an gceanncheathrú agus ag na toscaireachtaí, trí threoirlínte inmheánacha a scaipeadh agus trí bhealaí slána tuairiscithe a threisiú; á thabhairt dá haire go bhfuil rochtain ag foireann SEGS ar chonair foghlama maidir le frithchalaois arna forbairt ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), mar chuid de chur chun feidhme ghníomhaíocht straitéis frithchalaoise an Choimisiúin maidir le plean comhpháirteach eitice agus oiliúna frithchalaoise a fhorbairt le SEGS; á chur in iúl gur geal léi cur chun cinn leanúnach na 16 ‘phrionsabal iompair ghairmiúil’ le linn cúrsaí éigeantacha ‘Eitic agus ionracas’ agus ‘Beartas frithchiaptha’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur chláraigh SEGS dhá chás sceithireachta in 2024; á thabhairt dá haire gur scrúdaigh OLAF an dá chás agus gur dúnadh iad gan mholtaí, tar éis imscrúdú a dhéanamh nó ag an gcéim roghnúcháin; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil SEGS 2024 gur thosaigh SEGS ag obair ar a bheartas sceithirí féin a fhorbairt; á iarraidh go gcuirfí an Pharlaimint ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin; á áitiú go bhfolófar i gcreat sceithirí SEGS tuairisciú rúnda, cosaint i gcoinne frithbhirt do gach catagóir foirne lena n-áirítear gníomhairí áitiúla, agus tuairisciú bliantúil anaithnidithe ar chásanna agus ar thorthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur chláraigh SEGS trí dhearbhú coinbhleachtaí leasa in 2024; á thabhairt faoi deara, in dhá chás a bhaineann le nósanna imeachta soláthair, gur sainaithníodh agus gur maolaíodh riosca coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann trí roinnt dualgas a bhaineann le soláthar a bhaint de na baill foirne lena mbaineann; á thabhairt dá haire thairis sin, sa tríú cás maidir le haisíocaíocht speansas, nár aimsíodh aon choinbhleacht leasa, ós rud é nach raibh aon ról lánroghnach ag an mball foirne i ríomh na haisíocaíochta; á thabhairt dá haire go bhfuair SEGS 16 fhógra maidir le gníomhaíochtaí iarsheirbhíse, lena n-áirítear cúig fhógra a bhain le haistrithe chuig an earnáil phríobháideach, agus gur chuir sé cosc ar dhá chás dorais imrothlaigh agus gan aon tréimhse mharana a fhorchur ar iarbhaill foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tarchuireadh 11 chás amhrasta chuig OLAF in 2024, agus go ndearnadh 7 gcinn díobh a dhíbhe ag an gcéim roghnúcháin agus gur dúnadh ceann amháin gan mholtaí; á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh trí chás — maidir le mí-iompar nó neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair, cur chun feidhme conarthaí agus cúrsaí acmhainní daonna — fós faoi imscrúdú; á thabhairt dá haire, thairis sin, as na 13 imscrúdú OLAF a osclaíodh in 2023 a bhaineann le SEGS, go bhfuil deich gcás fós ar siúl, a bhfuil ceann amháin acu nasctha le forchoimeádas a rinne toscaireacht an Aontais chuig Siarra Leon maidir le hamhras faoi chalaois a bhaineann le buiséad riaracháin thoscaireacht sin an Aontais; á iarraidh ar SEGS leanúint de bheith lántiomanta comhoibriú go dlúth le OLAF maidir le cásanna leanúnacha agus obair leantach a dhéanamh ar na moltaí uile atá ar feitheamh ó OLAF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á thabhairt dá haire gur láimhseáil SEGS 19 bhfiosrúchán ón Ombudsman Eorpach in 2024, 10 gcinn díobh a bhain le cúrsaí riaracháin (lena n-áirítear freagraí moillithe), 5 cinn a bhain le rochtain ar dhoiciméid agus ceithre cinn le saincheisteanna acmhainní daonna, chomh maith le roinnt iarrataí neamhfhoirmiúla ar fhaisnéis a bhain go príomha le misin, oibríochtaí agus rochtain ar dhoiciméid; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár aimsigh an tOmbudsman Eorpach aon chás drochriaracháin in aon cheann de na fiosrúcháin a osclaíodh agus a tugadh chun críche in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>a chur in iúl gur saoth léi gur mhainnigh SEGS athbhreithnithe cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme comhaontuithe comhair le tríú tíortha, lena n-áirítear measúnú ar chomhlíonadh a gcoinníollacha agus a gclásal chearta an duine; á chur i bhfáth go bhfuil an mhainneachtain sin le feiceáil go háirithe i gcás an Chomhaontaithe maidir le hIdirphlé Polaitiúil agus Comhar (PDCA) le Cúba, ar theip air, deich mbliana tar éis a shínithe, i ngach réimse, ó urraim do chearta an duine, lena n-áirítear príosúnacht os cionn míle príosúnach polaitiúil faoi dheireadh 2025, go tionchar díobhálach Havana ar shlándáil na hEorpa, lena n-áirítear dlúthchomhar polaitiúil agus míleata leis na réimis i Moscó agus i Mionsc, mar a léiríodh go háirithe ós iad na Cúbaigh anois an grúpa amhas is mó a thacaíonn le fórsaí na Rúise ina bhfogha faoin Úcráin agus trína rannpháirtíocht i ngníomhartha sabaitéireachta ar chríoch an Aontais, mar a léiríodh le déanaí sa Liotuáin; ag tabhairt dá haire, d’ainneoin sáruithe follasacha ar fhorálacha iomadúla an Chomhaontaithe, nár gníomhachtaíodh na clásail fionraí ná na clásail foirceanta, agus gur lean acmhainní airgeadais an Aontais de dhul go dtí Cúba, áit a rialaíonn an réimeas cumannach an geilleagar ina iomláine, ina mbaineann sé mí-úsáid as na cistí sin, agus ina bhfaigheann sé dlisteanacht pholaitiúil ón gcomhar leanúnach faoi PDCA; á mheas nár cheart go leanfadh na réimis sin de thairbhe a bhaint as comhar pribhléideach leis an Aontas Eorpach agus nár cheart go bhfreastalódh airgead cháiníocóirí an Aontais ar na réimis sin; á iarraidh, mar sin, go ngníomhachtófaí Airteagal 86 den Chomhaontú agus go bhfoirceannfaí é; á iarraidh ar an gCúirt scrúdú práinneach a dhéanamh ar thacaíocht uile an Aontais a tugadh do Chúba ó 2016 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á thabhairt dá haire, ina cáil mar Leas-Uachtarán an Choimisiúin, go bhfuil an Leas-Uachtarán/Ardionadaí faoi cheangal ag rialacha an Chláir Trédhearcachta; á chur i bhfáth, cé nach institiúid de réir bhrí Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é SEGS agus nach bhfuil ról díreach aige i ndlí an Aontais, go bhfuil ról tábhachtach aige, áfach, i ndlí an Aontais maidir le cinntí a bhaineann le smachtbhannaí agus le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chaibidliú, a bhfuil tionchar suntasach rialála acu; á iarraidh ar SEGS bearta trédhearcachta inmheánacha a ghlacadh atá ailínithe le caighdeáin an Chláir Trédhearcachta, lena n-áirítear cruinnithe ardleibhéil den ardbhainistíocht ábhartha a fhoilsiú go réamhghníomhach i gcás nach gcuireann sé sin as do thaidhleoireacht atá íogair ó thaobh na slándála de do SEGS; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil leantach gur thionscain an Leas-Uachtarán/Ardionadaí plé níos leithne maidir le haghaidh a thabhairt ar an ábhar sa ghné sheachtrach agus go bhfuiltear ag dréim le moltaí faoi dheireadh 2025; á iarraidh ar SEGS an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig laghdú 6,1% ar chaiteachas a bhain le TF, lena n-áirítear tionscadail, trealamh agus cibearshlándáil, ó EUR 26,04 milliún in 2023 go EUR 24,45 milliún in 2024; á thabhairt faoi deara gur tháinig méadú 37,2 % ar chaiteachas TF don cheanncheathrú in 2024, go príomha mar gheall ar infheistíochtaí móra a thacaíonn le haistriú fheidhmchláir SEGS, agus gur laghdaíodh an caiteachas i dtoscaireachtaí an Aontais go suntasach tar éis infheistíochtaí suntasacha in athnuachan crua-earraí agus nascacht i dtoscaireachtaí an Aontais a rinneadh in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á mheabhrú gur thosaigh SEGS ar a thimpeallacht IS féin a óstáil agus a bhainistiú in 2023, rud a d’fhág gur lamhálach cruthúnais choincheapa a rith amhail seisiúin faisnéise, miontuairiscí cruinnithe agus cúntóir IS; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Straitéis SEGS maidir leis an Intleacht Shaorga in 2024, lena gcuirtear cur chuige duinelárnach i leith IS chun cinn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirithítear córais eiticiúla agus iontaofa agus na Treoirlínte maidir le húsáid IS giniúnach tríú páirtí; á chur in iúl gur geal léi gur leathnaigh SEGS an t-ardán comhoibríoch agus doiciméad-lárnach (HIVE) chuig úsáideoirí seachtracha e.g. ó na Ballstáit agus ón gcóras bainistíochta (HR HUB) do ghníomhairí áitiúla i dtoscaireachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór coimircí dochta maidir le cosaint sonraí, cearta bunúsacha, trédhearcacht agus formhaoirseacht dhaonna a bheith ag gabháil le húsáid uirlisí intleachta saorga sa ghníomhaíocht sheachtrach, lena n-áirítear i dtoscaireachtaí an Aontais agus sa chomhar le comhpháirtithe tríú tír; á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú rialta don Pharlaimint ar chur chun feidhme Straitéis Intleachta Saorga SEGS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag moladh SEGS as a ghníomhaíochtaí chun ullmhacht cibearshlándála a fheabhsú, trí sheisiúin faisnéise slándála rialta lena gcumhdaítear raon leathan foirne agus cleamhnaithe, mar aon le seisiúin oiliúna arna n-eagrú arna iarraidh sin do ghrúpaí úsáideoirí éagsúla, lena n-áirítear Oifigigh Slándála Réigiúnacha agus Comhordaitheoirí Slándála Thoscaireachtaí an Aontais agus cleachtaí fioscaireachta; á iarraidh ar SEGS oiliúint chibearshlándála éigeantach rialta a sholáthar do bhaill foirne uile SEGS; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir na n-uirlisí — amhail Lárionad Oibríochtaí Slándála SEGS — lena bhfuil SEGS in ann faireachán a dhéanamh ar chibearbhagairtí agus leochaileachtaí slándála a shainaithint i bhfíor-am;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag moladh SEGS as na huirlisí agus na córais dhigiteacha a úsáideann sé sa chomhrac i gcoinne FIMI, amhail Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise FIMI nó an Córas Mear-Rabhaidh; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón gCeistneoir, gur seoladh cúrsa ríomhfhoghlama maidir le comhrac na bréagaisnéise, a bhfuil rochtain ag institiúidí uile an Aontais air, agus gur tugadh chun críche lámhleabhar CBSC maidir leis an mbréagaisnéis atá ceaptha chun tacú le foireann allamuigh i misin mhíleata agus shibhialtacha an Aontais; á chur in iúl gur geal léi an fhorbairt leanúnach atá á déanamh ar thionscnamh EUvsDisinfo chun aird a tharraingt agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tuilleadh comhair a dhéanamh leis na Ballstáit chun dul i ngleic ar shlí níos éifeachtúla le bagairtí hibrideacha ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir agus ó thuarascáil SEGS 2024 gur bhraith SEGS thart ar 27 000 foláireamh, ar ghá imscrúdú breise a dhéanamh ar 348 gcinn díobh; á thabhairt faoi deara gur deimhníodh 57 gcinn de na cibirionsaithe sin, agus go raibh tionchar suntasach ag 5 cinn acu ar oibríochtaí SEGS; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur shainaithin SEGS oirbhearta, teicnící agus nósanna imeachta na n-ionsaitheoirí agus gur bhain sé úsáid as an anailís sin chun a fhrithbhearta a neartú; á iarraidh go dtabharfaí soiléiriú maidir lena mhéid a rinne na hionsaithe sin difear do ghníomhaíochtaí na hinstitiúide;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh agus slándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh líonra domhanda 328 bhfoirgneamh toscaireachta de chuid an Aontais ag SEGS in 2024 a úsáidtear mar oifigí agus áiteanna cónaithe do Chinn Toscaireachta agus do thrí fhoirgneamh oifige sa Cheanncheathrú sa Bhruiséil; á thabhairt dá haire, faoi dheireadh 2024, go raibh trí fhoirgneamh sa Bhruiséil ag SEGS a raibh achar dromchla iomlán 87 506 m² acu agus gur bhain sé úsáid as 175 fhoirgneamh oifige do thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha, arb ionann é agus 287 000 m² spáis; á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 23% d’áitribh thoscaireachtaí sin an Aontais faoi úinéireacht an Aontais, agus go raibh an 77% eile ar cíos; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón gCeistneoir go bhfuil ganntanas acmhainní ann lena gcuirtear teorainn le cur chun feidhme bheartas foirgneamh SEGS, de bhrí go mbeadh níos mó saineolaithe bonneagair ag teastáil ó SEGS chun a chumas a mhéadú chun tionscadail réadmhaoine a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á thabhairt dá haire agus í buíoch dá réir gur athdhearbhaigh SEGS a thiomantas do líonra 145 thoscaireacht an Aontais a chaomhnú agus do phrionsabal na Toscaireachta Aonair a threisiú; á thabhairt faoi deara go bhféachann an nuachóiriú leanúnach le héifeachtúlacht a fheabhsú agus an líonra a ailíniú le tosaíochtaí an Aontais agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar shrianta buiséadacha; á chur i bhfios go láidir, go dtí go dtiocfaidh feabhas ar dhálaí airgeadais, go leanfar de dhianbhearta coigiltis, de phlé maidir le comhroinnt costas leis an gCoimisiún, agus d’atreisiú spriocdhírithe phríomhthoscaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar SEGS measúnú tréimhsiúil ar an ualach oibre agus modheolaíocht a ar gá foireann do na toscaireachtaí a chur chun feidhme, a bheidh nasctha leis an leibhéal riosca agus le leathnú an tsainordaithe, chun traochadh a chosc agus chun coinneáil a fheabhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an plean chun idirdhealuithe nua a chur chun feidhme i dtéarmaí catagóirí agus acmhainní i measc na dtoscaireachtaí; á chur in iúl gur saoth léi gur baolach go mbainfí an bonn de ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus de láithreacht an Aontais i dtríú tíortha, agus go mbacfaí cumas SEGS a shainordú a chomhlíonadh agus luachanna an Aontais a chosaint, ag féachaint go háirithe do chaidreamh an Aontais leis an Domhan Theas agus le Comharsanacht an Deiscirt, trí ghné roinnt toscaireachtaí ón Aontas a laghdú agus an fhoireann a laghdú, in aistriú óna fhócas bunaidh ar chabhair um fhorbairt agus ar chomhar eacnamaíoch go roinnt leasanna straitéiseacha; á iarraidh ar SEGS a ról lárnach agus a thosaíocht straitéiseach i réigiún na Meánmhara a choinneáil bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach ar dhúshláin gheopholaitiúla an Aontais, fad a leantar dá rannpháirtíocht leanúnach leis na tíortha comharsanacha san oirthear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á athdhearbhú go bhféadfadh srianta buiséadacha a bheith ina gcúis le dúnadh iomarcach ambasáidí an Aontais agus le cur siar suiteálacha slándála i roinnt toscaireachtaí ón Aontas, rud a chuirfeadh bac ar chumas SEGS a shainordú a chomhlíonadh agus luachanna an Aontais a chosaint agus an dualgas cúraim a áirithiú i leith gach baill foirne i dtoscaireachtaí an Aontais i gceart; ag tathant ar na Ballstáit maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil do SEGS agus don Choimisiún chun a áirithiú go gcoinneoidh an tAontas a líonra toscaireachtaí gan athrú mar chomhartha ar a rannpháirtíocht dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á iarraidh ar SEGS sásraí comhordúcháin praiticiúla a neartú le misin taidhleoireachta na mBallstát i dtríú tíortha, lena n-áirítear trí sheirbhísí comhroinnte, socruithe lóistíochta comhpháirteacha agus comhroinnt faisnéise fheabhsaithe, chun éifeachtúlacht a uasmhéadú agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní an Aontais agus as acmhainní náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur lean SEGS, in 2024, dá spás comhoibríoch agus dá bheartas maidir le bealaí nua oibre a chur chun feidhme, lena n-áirítear brandáil ar fud an Aontais dá cheanncheathrú agus dá thoscaireachtaí; á thabhairt chun suntais go gcuirtear an cur chuige in ionad oifigí aonair a bhfuil réimsí ilchuspóireacha acu chun éifeachtúlacht spáis a fheabhsú, chun tacú le hobair foirne, agus chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bpléitear na tionscadail sin le hionadaithe foirne trí Choiste Foirne SEGS agus gur seoladh suirbhé foirne tiomnaithe d’fhoirgneamh Belmont;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á thabhairt dá haire ó thuarascáil SEGS 2024 gur éirigh le SEGS a phríomhthosaíochtaí réadmhaoine do 2024 a bhaint amach, lena n-áirítear athchóiriú fhoirgneamh NEO a thabhairt chun críche, bainistiú géarchéime agus stiúrthóireachtaí faisnéise a athlonnú chuig suíomh níos sláine agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus dul chun cinn maith a dhéanamh maidir le hathchóiriú fhoirgneamh Schuman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go raibh ar SEGS struchtúir slándála a neartú in 2024 mar gheall ar an laghdú ar leibhéal na slándála ar domhan; á chur in iúl gur geal léi an méadú EUR 10 milliún ar bhuiséad 2025 chun an bonneagar slándála i dtoscaireachtaí an Aontais a neartú; á thabhairt faoi deara go bhfuil sé de chuspóir ag SEGS laghdú thart ar 15% a dhéanamh ar líon na dtoscaireachtaí ón Aontas nach gcomhlíonann caighdeáin slándála trí shuiteálacha nua agus trí chórais atá imithe i léig a athsholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á thabhairt dá haire ó thuarascáil SEGS 2024 gur mhéadaigh socruithe comhshuímh go 137 gcinn faoi dheireadh 2024 (45 cinn leis na Ballstáit agus le tíortha comhpháirtíochta agus 92 cheann le comhpháirtithe eile an Aontais); á thabhairt faoi deara go bhfuil méadú tapa tagtha ar an gcomhshuí, méadú níos mó ná dhá oiread le 6 bliana anuas agus méadú níos mó ná sé oiread ó bhí 2011 ann; á chur i bhfios go láidir gurb ionann an comhshuí anois agus 8% de spás oifige thoscaireachtaí an Aontais agus go bhfuil 80 toscaireacht ón Aontas rannpháirteach ann, agus go gcuirtear prionsabail na hinbhuanaitheachta i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na dtimpeallachtaí oibre comhroinnte uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS dírithe ar a áirithiú go mbeidh a fhoirgnimh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go raibh cruinnithe rialta ann in 2024 le rannóg réadmhaoine, rannóg slándála SEGS agus seirbhísí eile an Choimisiúin chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le hinrochtaineacht agus aslonnú foirgneamh i measc nithe eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag tabhairt chun suntais thionscnaimh éifeachtúlacht fuinnimh agus fhuinneamh in-athnuaite SEGS in 2024, lena n-áirítear athlampáil LED agus athchóirithe ar ‘Bhealaí Nua Oibre’ i bhfoirgneamh Schuman, insliú píopaí uisce agus téimh, barrfheabhsú chórais HVAC, agus pointí socraithe teochta caighdeánaithe; á thabhairt dá haire go ndearnadh stáisiúin lárnacha sórtála dramhaíola a shuiteáil de réir a chéile i bhfoirgneamh Schuman agus a imscaradh go hiomlán i bhfoirgnimh Belmont agus NEO, fara bearta leanúnacha coigilte fuinnimh; ag aithint soláthar leictreachais in-athnuaite 100% (EUR 1,569 milliún) agus giniúint gréine 22,286 kWh ar an láthair, agus conair dícharbónaithe fhoirgneamh Schuman i dtreo 2050 lena gcomhcheanglaítear bearta gearrthéarmacha bainistíochta agus inslithe le huasghráduithe fadtéarmacha amhail suiteálacha fótavoltacha agus téamh gáis a athsholáthar le teaschaidéil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag tabhairt dá haire an chéad mheasúnaithe chuimsithigh ó SEGS ar a lorg carbóin in 2024 i gcomhthéacs chlárú na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); á thabhairt dá haire gur cumhdaíodh foirgnimh cheanncheathrún agus gníomhaíochtaí Raon feidhme 3 a bhainistítear go lárnach sa mheasúnú sin, agus gur léiríodh astaíochtaí nialasacha margadhbhunaithe Raon feidhme 2 mar gheall ar cheannacháin leictreachais 100% in-athnuaite, laghdú ar dhéine carbóin ó 4,6 tCO2e/FTE in 2019 go 3,4 tCO2e/FTE in 2024 (– 28 %), agus gurb ionann an lorg agus thart ar 20% d’astaíochtaí Raon feidhme 1 agus 80% d’astaíochtaí Raon feidhme 3;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas neartaithe SEGS don tsoghluaisteacht inbhuanaithe, lena n-áirítear glacadh an Bheartais nua Comaitéireachta don Cheanncheathrú ag deireadh 2024, lena méadaítear aisíocaíocht iompair phoiblí go 90% amhail ó mhí Eanáir 2025; ag aithint chur chun feidhme na mbeart chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, 64% d’achair aerthaistil a bhaint amach sa ghrád barainne in 2024 (níos mó ná sprioc EMAS de 60% faoi 2030), tús áite a thabhairt don iarnród le haghaidh turais ghearra, laghdú ar an bhfoireann atá ag comaitéireacht i gcarr a réamh-mheas ó 17% in 2024 go 13% in 2027, agus tionscnaimh rothaíochta agus siúil a chur chun cinn trí shaoráidí feabhsaithe agus feachtais feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go bhfuil breithnithe inbhuanaitheachta leabaithe sa soláthar trí chlásail soláthair phoiblí ghlais (SPG) i dteimpléid tairisceana; á thabhairt dá haire gur áiríodh clásail SPG in 2024 in 38% de chonarthaí Ceanncheathrún ardluacha agus in 87% de theimpléid soláthair; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir toscaireachtaí an Aontais critéir ghlasa i bhfeidhm i soláthairtí d’fheithiclí, do threalamh TF agus do sheirbhísí glantacháin, agus go bhfuil iarrachtaí breise beartaithe do 2025, lena n-áirítear mol faisnéise tiomnaithe SPG, do thoscaireachtaí an Aontais, ar ardán HIVE; á thabhairt dá haire gur síníodh 16 thairiscint ardluacha a tugadh i gcrích le táscairí feidhmíochta comhshaoil agus 6 chonradh atá ábhartha le SPG in 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur lean SEGS dá dhlúthchomhar le OLAF agus le hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin le linn straitéis frithchalaoise an Choimisiúin a chur chun feidhme, go háirithe trí oiliúint chomhpháirteach agus conair chomhroinnte oiliúna frithchalaoise a fhorbairt, agus trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha calaoise i dtoscaireachtaí an Aontais; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur neartaigh SEGS a chreat oibríochtúil trí shocruithe oibre a shíniú le OIPE i mí an Mheithimh 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean an Pharlaimint, an Chomhairle agus SEGS dá bpléití teicniúla in 2023 ar Chomhaontú Institiúideach 2002 idir an Pharlaimint agus an Chomhairle i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a ionadú; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón tuarascáil leantach nár tharla aon fhorbairt ar an ábhar sin in 2024 mar gheall ar na Toghcháin Eorpacha agus ar phróiseas ainmniúcháin an Choimisiúin nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhréir leis na Conarthaí, go bhfuil sé beartaithe le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus le SEGS tacú le gníomhaíocht taidhleoireachta na mBallstát, í a chomhordú agus í a chomhlánú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar chun neamhéifeachtúlachtaí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéantar gníomhaíochtaí cumarsáide SEGS a chomhordú agus a chomhchuibhiú le hinstitiúidí eile trí líonra Stiúrthóirí Cumarsáide AE, trí ardáin idirinstitiúideacha leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún agus trí fhoghrúpa RELEX maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha agus leis an gCaidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta a Chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur leithdháil SEGS EUR 1 745 000 — arna fhorlíonadh le EUR 107 968,67 i gcreidmheasanna C5 – le haghaidh faisnéis phoiblí agus imeachtaí poiblí, le ráta cur chun feidhme 99,70% in 2024; á thabhairt chun suntais gur thacaigh an cistiú sin le soláthar seirbhísí digiteacha, táirgí cumarsáide agus grafacha, agus le heagrú imeachtaí poiblí amhail Lá na hEorpa; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur maoiníodh leis an mbuiséad freisin táirgeadh agus scaipeadh ábhair ar líne, bainistiú cuntas meán sóisialta corparáideach, agus cúnamh do thoscaireachtaí an Aontais chun a láithreacht dhigiteach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir agus ó thuarascáil SEGS 2024 go ndearna SEGS a chumarsáid straitéiseach, a fhor-rochtain phoiblí agus a thaidhleoireacht chultúrtha a leathnú go suntasach, lena gcomhcheanglaítear feachtais dhigiteacha dhomhanda, mórimeachtaí poiblí agus gníomhaíochtaí neartaithe um Chaidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta; á thabhairt faoi deara gur shroich feachtais dhigiteacha lucht féachana leathan agus gur chuir siad príomhthosaíochtaí an Aontais chun cinn, lena n-áirítear cearta an duine, gníomhú ar son na haeráide agus tacaíocht don Úcráin, agus gur chuidigh formáidí nuálacha le déimeagrafaic níos óige a mhealladh; á thabhairt dá haire gur rannchuidigh imeachtaí poiblí amhail Lá Oscailte Lá na hEorpa agus Clár Cuairteoirí SEGS le tuiscint níos fearr ar bheartais an Aontais; á thabhairt chun suntais go ndearna SEGS tionscnaimh chultúrtha a chur chun cinn, lena n-áirítear an tIdirphlé leis an Afraic ar Chomhar idir Músaeim, ceardlanna ar éagsúlacht chultúrtha, agus comhdháil oidhreachta cultúrtha arna heagrú le hUachtaránacht rothlach na Comhairle, agus tionscadail shuaitheanta á n-ullmhú ag an am céanna amhail rannpháirtíocht an Aontais in Expo Osaka;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á mholadh go leanfaí den phróiseas chun cumarsáid le náisiúnaigh tríú tír maidir le beartas an Aontais a mhéadú, chomh maith le hiarrachtaí comhordúcháin méadaithe chun próifíl na dtionscadal arna gcistiú ag an Aontas a ardú, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí, chun cur i gcoinne iarrachtaí gníomhaithe atá ag gníomhú de mheon mímhacánta an bonn a bhaint d’iarrachtaí an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata, thairis sin, ar an gCoimisiún infheictheacht iomlán agus feasacht phoiblí a áirithiú ar thacaíocht agus infheistíochtaí an Aontais i dtríú tíortha le comharthaíocht shoiléir agus bratach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir agus ó thuarascáil SEGS 2024 gur threisigh SEGS a thiomantas straitéiseach do shonraí digiteacha agus do cheannasacht dhigiteach an Aontais in 2024 trí chleachtais dhiana na meán sóisialta a chomhlíonann RGCS a áirithiú, rialuithe slándála agus rochtana a neartú, agus spleáchas ar sholáthraithe seachtracha aonair a laghdú; á thabhairt chun suntais go gcuidíonn éagsúlú na n-ardán — lena n-áirítear an leathnú chuig Bluesky agus Threads — mar aon le húsáid uirlisí bainistíochta arna n-óstáil ag an Aontas, oiliúint chórasach foirne, agus measúnuithe rialta riosca agus bréagaisnéise, leis an athléimneacht a mhéadú agus le ceannasacht chumarsáide an Aontais a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig SEGS, trína fheachtas EUvsDisinfo, ar os cionn 38 milliún úsáideoir agus gur dhoiciméadaigh sé níos mó ná 18000 cás, rud a léiríonn scála agus cineál sistéamach na bréagaisnéise atá ar son na Creimile in 2024.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>