<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0131</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0059/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VI - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2025/2151(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais chomhdhlúite bhliantúla an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0150/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir lebuiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhmemaidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0059/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ardrúnaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i leith chur chun feidhme bhuiséad Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2025/2151(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VI - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0059/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur comhlacht comhairleach de chuid an Aontais é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’) a chuireann fóram ar fáil don chomhairliúchán, don idirphlé agus don chomhthoil i measc ionadaithe ó chomhpháirteanna éagsúla eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta na sochaí sibhialta eagraithe ó na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an Coiste le próiseas cinnteoireachta an Aontais agus, trí naisc idir beartais an Aontais agus imthosca eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta a áirithiú, go saothraíonn sé a mhisin maidir le reachtóireacht níos fearr, daonlathas rannpháirteach agus cur chun cinn luachanna an na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis an gCoiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin agus raon leathan tarchuir aige, mar a leagtar amach sna Conarthaí, lena gceadaítear don Pharlaimint dul i gcomhairle leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb é an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha (CAF) comhlacht maoirseachta an Choiste le haghaidh na nósanna imeachta buiséadacha uile agus, go háirithe, bunú na meastachán buiséid, cur chun feidhme an bhuiséid, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, an t-urscaoileadh agus an obair leantach ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’);
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil tionscnaimh glactha ag an gCoiste chun foireann oilte a mhealladh agus a choinneáil, chun a struchtúr eagraíochtúil agus a mhodhanna oibre a bharrfheabhsú agus chun timpeallacht oibre urramach a chur chun cinn, i gcomhthéacs buiséad teoranta;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheap an Coiste Ard-Rúnaí nua in 2024 arb é a shainordú an Coiste a dhéanamh níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos ábhartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur chuir an Coiste tús le próiseas claochlaithe in 2024 agus é mar chuspóir acu a bheith ina eagraíocht thioncharbhunaithe lena gcumhachtaítear dá chomhaltaí guth na sochaí sibhialta eagraithe a mhéadú agus a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>De bhrí, de bhun Airteagail 300 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa arb é a shainordú go príomha tuairimí a eisiúint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi cheannteideal CAI 7 ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 13,3 billiún san iomlán, i.e. 6,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2024; á thabhairt dá haire, in 2024, gurbh ionann buiséad an Choiste agus 1,50 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI, méadú ó 1,29 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteidil ‘Riarachán’, an líon céanna a scrúdaíodh in 2023; á thabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é agus thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas íseal riosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 (23 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na trí earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta; á thabhairt dá haire nár sainaithníodh aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le CBAE sa tuarascáil ón gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 164 945 524 an buiséad críochnaitheach a glacadh don Choiste in 2024, arb ionann é agus méadú foriomlán 3,90 % i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire ó fhreagraí an Choiste ar an gceistneoir a chuir an Coiste um Rialú Buiséadach isteach maidir le hurscaoileadh buiséadach 2024 (an ‘Ceistneoir’) gurb ionann dhá líne bhuiséid de chuid an Choiste, eadhon 1 200 (luach saothair agus liúntais foirne) agus 1 004 (liúntais taistil agus chothaithe na bhFeisirí), agus formhór bhuiséad an Choiste, i.e. 65,80 % in 2024, méadú ó 65,58 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire aistriú an Choiste ó chur chuige atá dírithe ar chaiteachas i dtreo bainistiú acmhainní agus tosaíochtaí, mar a léirítear sa Phacáiste Airgeadais Straitéiseach a d’fhormhuinigh Biúró an Choiste agus tabhairt isteach cleachtaí tosaíochta; ag tabhairt faoi deara go bhfuil sé d’aidhm ag na bearta sin rialachas airgeadais a fheabhsú agus cinntí buiséadacha a ailíniú le cuspóirí straitéiseacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh an t-ualach riaracháin a laghdú agus próisis a chuíchóiriú chun cost-éifeachtúlacht a shaothrú; á iarraidh ar an gCoiste an cur chuige sin a chomhdhlúthú tuilleadh trí tháscairí feidhmíochta agus pleanáil fadbhreathnaitheachta a chomhtháthú ina thimthriall airgeadais bliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag moladh an Choiste as a ardleibhéal cur chun feidhme buiséid maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha a mhéadaigh ó 98,70 % in 2023 go 99,21 % in 2024, a bhuí leis an bhfaireachán rathúil ar a chur chun feidhme buiséid, ach freisin mar gheall ar ráta ard boilscithe a bhfuil tionchar aige ar thuarastail foirne agus ar chostais tógála; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go ndearna an Coiste iarrachtaí ath-leithdháilte trí aistrithe buiséadacha dar luach EUR 2 487 139 san iomlán (arb ionann é agus 1,51 % dá bhuiséad 2024) thar línte buiséid éagsúla, agus go mbaineann na méaduithe is suntasaí le hoibriú agus cothabháil córas bogearraí (+ EUR 519 682) agus foirgneamh (+ EUR 421 880); á thabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú ar ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó 88,12 % in 2022 agus 90,67 % in 2023 go 92,85 % in 2024 agus gur tháinig laghdú ar an meán-am íocaíochta ó 20,14 lá in 2023 go 16,06 lá in 2024, arb é feidhmíocht is fearr an Choiste é ó 2021 i leith; ag spreagadh go leanfaí d’fhaireachán éifeachtúil, srianadh costas, agus ath-leithdháileadh straitéiseach chun luach ar airgead agus trédhearcacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe a thabhairt anonn ó 2023 go 2024 agus EUR 13 827 713 nó 8,38 % de bhuiséad an Choiste do 2024, arb ionann é agus laghdú EUR 15 466 316 ar leibhéal na bliana roimhe sin (i.e. 9,74 % de bhuiséad an Choiste do 2023); á thabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann ráta cur chun feidhme na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2023 go 2024 agus 84,74 % in 2024, níos ísle ná 86,76 % mar a bhí in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire gur ghlac an Chomhairle, an 21 Meitheamh 2024, cinneadh nua maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí an Choiste agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha, ina socraítear an liúntas laethúil do thairbhithe a fhreastalaíonn ar chruinnithe ar an láthair ag EUR 367 (suas ó EUR 290) agus ina socraítear an liúntas laethúil do thairbhithe a fhreastalaíonn go cianda ar chruinnithe trí mheán leictreonach ag EUR 149 (suas ó EUR 145); ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gur aisíoc an Coiste EUR 259 669 (EUR 294 930 in 2023) in 2024 as rannpháirtíocht chianda, arb ionann é agus 1 744 lá cruinnithe (2 006 lá cruinnithe in 2023), agus gurbh é EUR 6 579 196 méid iomlán na liúntas ar ráta comhréidh a íocadh as rannpháirtíocht phearsanta i gcruinnithe in 2024 (suas ó EUR 5 902 963 in 2023); á iarraidh ar an gCoiste trédhearcacht agus comhréireacht córas an liúntais rannpháirtíochta chianda a neartú chun muinín an phobail a threisiú agus á chur i bhfáth nach mór údar maith a bheith le cúiteamh airgeadais as cianfhreastal; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil córas i bhfeidhm ag an gCoiste chun a dheimhniú go bhfreastalaítear iarbhír ar rannpháirtíocht chianda i gcruinnithe trí mhodhanna leictreonacha; measann sí gur uirlis thábhachtach é cianfhreastal agus gur uirlis luachmhar é d’institiúidí nua-aimseartha - costais chuinnithe a laghdú agus rannpháirtíocht níos leithne a chumasú - amhail liúntas chun páirt a ghlacadh go cianda i gcruinnithe; á chur in iúl gur geal léi cur chuige an Choiste maidir le liúntais a leithdháileadh le haghaidh rannpháirtíocht chianda ar bhealach cothrom agus comhréireach, lena léirítear ceanglas freagrachtaí agus ullmhúcháin na gcomhaltaí; á mheabhrú nach bhfaigheann comhaltaí an Choiste tuarastal dá sainordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna seirbhísí an Choiste féin 10 nós imeachta idirbheartaithe ar luach idir EUR 15 000 agus EUR 60 000 agus nós imeachta amháin le tairiscint aonair ar luach sa réimse céanna sin, le haghaidh staidéar den chuid is mó; á thabhairt dá haire gur sheol an Coiste sé nós imeachta soláthair (le haghaidh creatchonarthaí) freisin leis na seirbhísí comhpháirteacha a chomhroinntear le Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) lena gcumhdaítear lónadóireacht, lóistíocht agus cothabháil, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur lean tionchar chogadh foghach na Rúise de bhrú a chur ar bhuiséad an Choiste in 2024, mar gheall ar bhoilsciú agus luaineacht sa mhargadh fuinnimh a chruthaigh costais oibriúcháin níos airde; ag tabhairt dá haire, le linn na tréimhse 2021-2024, méadú measta + 16,53 % ar chostais le cíosanna an Choiste agus + 15 % ar chostais le conarthaí seirbhísí cothabhála agus slándála; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón gCeistneoir gur tháinig méadú 4,7 % ar íocaíocht léasa an Choiste in 2024, atá os cionn uasteorainn 2 % an Choimisiúin le haghaidh speansais nach mbaineann le tuarastal; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig laghdú ar chostais fuinnimh an Choiste ó EUR 1 923 391 in 2023 go EUR 711 608 in 2024; ag moladh an Choiste sa chomhthéacs sin as a iarrachtaí a chuid oibríochtaí a dhéanamh níoscostéifeachtaí, lena n-áirítear trí iarrachtaí treisithe coigilte fuinnimh; á aithint gur gá d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid trí luaineacht praghsanna a chur san áireamh freisin, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhíse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar riarachán an Choiste bearta coigilte costais a shainaithint agus a chur chun feidhme go gníomhach, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as teicneolaíochtaí cruinnithe hibrideacha, trí úsáid foirgneamh a bharrfheabhsú, trí ghníomhaíochtaí riaracháin a chomhdhlúthú agus trí chostais lóistíochta neamhriachtanacha a laghdú; á iarraidh go bhfoilseofar tuarascálacha ar dhul chun cinn go rialta maidir leis na bearta a cuireadh chun feidhme agus an coigilteas a baineadh amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go ndearna foireann an Choiste 415 mhisean (300 in 2023) ar mhéid iomlán EUR 448 655 in 2024 arb ionann é agus méadú 25 % i gcomparáid le 2023, mar gheall ar mhéadú ar líon na misean agus ar chostais iarbhír eitiltí agus cóiríochta óstáin; ag cur sonrú i meastachán an Choiste gur shábháil sé thart ar EUR 40 000 ar chostais mhisin in 2024 agus ráta boilscithe barúlach 21 % á chur i bhfeidhm le linn na tréimhse 2020-2023 ar an méid a d’íoc an Coiste ar mhisin in 2019 (i.e. EUR 402 097), roimh COVID; á chur in iúl gur mór aici beartas an Choiste caiteachas bliantúil misin a choinneáil chomh híseal agus is féidir; ag tabhairt dá haire go ndearna Uachtarán an Choiste misin 88 lá san iomlán in 2024 (suas ó 69 lá in 2023) le costas iomlán de thart ar EUR 113 000 (suas ó thart ar EUR 72 000 in 2023), de bhrí go raibh gá leis na misin sin chun go bhféadfadh Uachtarán an Choiste a bheith rannpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, i dtionscnaimh ar leibhéal an Aontais agus in imeachtaí eile a raibh rannpháirtíocht ghníomhach an Choiste ag teastáil ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go leithdháileann an Chomh-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise (SC.IIT) de chuid an Choiste agus CnaR thart ar 4 % dá bhuiséad TF ar an gcibearshlándáil (suas ó 3 % in 2023) atá fós i bhfad ón sprioc 10 % dá bhforáiltear sa reachtaíocht ábhartha; ath-á iarraidh ar na comhreachtóirí agus ar an gCoimisiún é sin a chur san áireamh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil; á aithint gur gá don Choiste uasghrádú cibearshlándála a imscaradh don dá choiste ar mhéid iomlán thart ar EUR 1,2 milliún, rud a d’fhágfadh go mbeadh caiteachas cibearshlándála cothrom le 10 % de bhuiséad iomlán TF an Choiste;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á aithint go bhfuil ról bunúsach ag an gCoiste maidir le rannchuidiú le forbairt beartais agus próisis chinnteoireachta an Aontais trí ionadaíocht a dhéanamh ar ghuthanna gach réimse den tsochaí shibhialta eagraithe laistigh den Aontas, agus ar an gcaoi sin an tAontas a thabhairt níos gaire dá saoránaigh agus dlisteanacht dhaonlathach reachtaíocht an Aontais a mhéadú; á mheabhrú, mar chuid dá chlár oibre bliantúil, go bhfuil córas faireacháin feidhmíochta ag an gCoiste le táscairí i réimsí éagsúla, amhail TF, acmhainní daonna, aistriúchán agus cumarsáid atá bunaithe ar chúig chroíluach agus ar chúig phríomhchuspóir straitéiseacha, faoi chuimsiú straitéis na hArdrúnaíochta do 2021-2025; á mheas, áfach, go bhfuil breisluach a ghníomhaíochtaí do shaoránaigh an Aontais fós tearcthuairiscithe den chuid is mó;  á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó obair leantach an Choiste ar bharúlacha i rún 2023 ón bParlaimint maidir le hurscaoileadh (an ‘tuarascáil leantach’) agus sa Cheistneoir gur sheol an Coiste, tar éis iniúchta, próiseas struchtúrtha chun feabhas a chur ar a fhaireachán feidhmíochta trína chreat feidhmíochta a ailíniú le cuspóirí straitéiseacha trí phríomhtháscairí feidhmíochta agus táscairí tionchair atá le hailíniú le spriocanna straitéiseacha an Choiste amach anseo; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste tomhas tionchair a chomhtháthú ina chinnteoireacht agus á iarraidh go mbeadh príomhtháscairí feidhmíochta soiléire inchainníochtaithe agus tuairisciú rialta ann chun torthaí intomhaiste agus cuntasacht a áirithiú; á iarraidh ar an gCoiste a chreat measúnaithe tionchair a neartú tuilleadh trí léiriú níos fearr a thabhairt ar an gcaoi a n-eascraíonn torthaí nithiúla beartais agus tairbhí nithiúla do shaoránaigh as a thuairimí agus a thionscnaimh, de bhrí go mbeidh ról lárnach ag bainistíocht shinsearach an Choiste maidir le húsáid na dtáscairí sin; ag dréim leis go gcuirfear ar an eolas í faoi thoradh chur chun feidhme an chreata nua sin trí bhíthin thuairisciú an Choiste amach anseo don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt dá haire go saothraíonn an Coiste a mhisean trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), tuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh, agus tústuairimí, a chuireann le hobair an Choimisiúin maidir lena thionscnaimh atá beartaithe, agus gur féidir seasaimh an Choiste a aibhsiú i rúin nó a áireamh i dtuarascálacha meastóireachta agus faisnéise; ag moladh an Choiste as a fheidhmíocht maidir le cúnamh a thabhairt don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún sa timthriall reachtach in 2024; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur ghlac an Coiste 142 thuairim agus thuarascáil in 2024, laghdú ó 213 in 2023 agus gur eagraigh sé 148 n-éisteacht agus 26 chomhdháil, i gcomparáid le 146 agus 24 in 2023, faoi seach; á aithint gur tháinig laghdú ar líon na dtarchur mar thoradh ar athnuachan an reachtais in 2024 agus, dá bhrí sin, ar líon na dtuairimí a ghlac an Coiste an bhliain sin; á thabhairt dá haire gur ghlac comhaltaí an Choiste páirt i 518 gcruinniú ardleibhéil, cruinniú mullaigh agus comhdháil in 2024 i gcomparáid le 429 in 2023; molann sí go dtabharfaí tús áite do thionscnaimh a thacaíonn leis an bhfás eacnamaíoch, leis an iomaíochas agus le huathriail straitéiseach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag spreagadh an Choiste leanúint dá iarrachtaí a chuid oibre a dhíriú ar réimsí inar féidir leis rannchuidithe soiléire, intomhaiste agus ábhartha ó thaobh beartais de a sholáthar, agus táscairí feidhmíochta agus tioncharbhunaithe a fhorbairt tuilleadh a théann níos faide ná aschuir atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí agus a léiríonn torthaí agus ábharthacht níos fearr do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, ón tuarascáil leantach, tiomantas an Choiste tuairimí a fhoirmiú maidir le cearta saothair, cuimsiú sóisialta agus sáruithe ar chearta an duine, agus raon feidhme a mheastóireachtaí a leathnú maidir le reachtaíocht agus cláir an Aontais, ar choinníoll go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici na gníomhaíochtaí a rinne an Choiste in 2024 chun infheictheacht agus tionchar a chuid oibre sa timthriall polaitiúil agus reachtach a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh go hoifigiúil, tar éis treoirthionscadail, formáid nua tuairimí arna dtarraingt suas mar fhreagairt ar tharchuir éigeantacha ón bParlaimint, ón gComhairle nó ón gCoimisiúin; á thabhairt dá haire go gcuireann an fhormáid nua feabhas ar sholáimhsitheacht agus ar inúsáidteacht an reachtóra, agus go gcuireann sí feabhas ag an am céanna ar thosaíocht a thabhairt d’obair an Choiste; á thabhairt dá haire, thairis sin, a bhuí le hobair leantach threisithe ar thuairimí roghnaithe trí bhíthin seicliosta agus treorach, go bhfuil an Coiste ag dréim leis go leanfaidh siad de bheith ábhartha tar éis a nglactha agus go gcuirfidh siad le próisis reachtacha ilsrathacha; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, comhtháthú thuairimí an Choiste i Rianaire Dlí an Aontais (EULT) amhail ó mhí Aibreáin 2024, trína bhfuil siad le feiceáil anois mar thagairtí i gcomhaid reachtacha; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, gur ghlac an Coiste plean inmheánach freisin chun tosaíochtaí an Aontais a réamh-mheas ar bhealach níos fearr, chun comhordú idirinstitiúideach a fheabhsú, chun scaipeadh agus obair leantach a neartú, agus chun tionchar a thomhas ar bhealach níos córasaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gníomhaíochtaí an Choiste a rinneadh in 2024 chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, soiléireacht agus inúsáidteacht a thuairimí d’institiúidí an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé beartaithe leis na gníomhaíochtaí sin feabhas a chur ar chumas na reachtóirí cinntí eolasacha a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus is mór aici, go ndearna an Coiste roinnt tionscnamh suaitheanta a chur chun cinn lenar neartaíodh rannpháirtíocht, cuimsiú agus tionchar beartais ar fud an Aontais; á thabhairt dá haire go raibh an Coiste ar thús cadhnaíochta ó mhí Mheán Fómhair 2024 maidir le Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur i bhfeidhm ina phróiseas déanta tuairimí, lena mbaineann líonra 73 eagraíocht óige agus tástáil óige thart ar 40 tuairim; á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí le tionscnaimh an Choiste chun rannpháirtíocht daoine óga sa phróiseas ceaptha beartas a neartú; ag tabhairt dá haire gur leathnaigh an Coiste a rannpháirtíocht, le tionscnamh idirphlé cuimsitheach le tíortha is iarrthóirí le haghaidh ullmhú don mhéadú amach anseo, trí thionscnamh Chomhalta na nIarrthóirí um Méadú, lena gcuirtear ar chumas 146 ionadaí ón tsochaí shibhialta rannchuidiú go díreach le tuairimí an Choiste, trí rannpháirtíocht i ngrúpaí staidéir, i gcruinnithe rannóige agus i seisiún iomlánach (a tionóladh i mí Dheireadh Fómhair 2024); ag moladh an Choiste as a Chomhaontú Gorm don Aontas a chur chun cinn, rud a chuidíonn le hathléimneacht uisce a chur ar chlár oibre an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur lean an Coiste d’Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh a stiúradh, agus gur chomheagraigh sé Gradam an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach in 2024, lena dtreisítear naisc le gníomhaithe na sochaí sibhialta san fheirmeoireacht orgánach; ag spreagadh an Choiste raon feidhme na dtuairimí a leathnú chun earraí poiblí breise a bhaineann le reachtaíocht an Aontais, agus torthaí intomhaiste, a chuimsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gCoiste feabhas a chur ar fhorbairt straitéise cuimsithí um chlaochlú digiteach, lena gcumhdaítear an intleacht shaorga (IS), agus aird á tabhairt ar an ngá atá le formhaoirseacht dhaonna ar úsáid IS a áirithiú. Ba cheart uathoibriú, idir-inoibritheacht agus rialachas sonraí a chumhdach leis an straitéis freisin, agus creat láidir ag gabháil léi lena n-áiritheofar úsáid shábháilte, eiticiúil, fhreagrach agus thrédhearcach teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, iarrachtaí an Choiste cur chuige níos straitéisí a ghlacadh maidir le tosaíocht a thabhairt dá chuid oibre a bhaineann le tionchar agus bainistiú tionchair a thabhairt isteach i gcroílár na cinnteoireachta; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur eagraíodh trí sheimineár straitéiseacha ardleibhéil le ceannaireacht pholaitiúil in 2024 agus 2025, ina raibh cleachtaí fadbhreathnaitheacha lárnach maidir le critéir a fhorbairt chun tús áite a thabhairt do thionscnaimh nó chun iad a bhaint de thosaíochtaí agus chun ailíniú téamach a áirithiú le riachtanais fhadtéarmacha na sochaí sibhialta, i measc cuspóirí eile; á thabhairt dá haire go ndéanfar an cleachtadh tosaíochta sin a chomhtháthú i bpríomhghníomhaíochtaí an Choiste, ós rud é go ndéanfar é go bliantúil agus go gcomhlánófar é, gach 2.5 bliain, trí athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlachtaí, ar ghníomhaíochtaí agus ar mhórimeachtaí uile an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le cleachtadh comhlíontachta 2024, go bhfuil ardleibhéal comhlíontachta ann le meánráta 85 % (87 % in 2023); á chur in iúl gur oth léi gur thit éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh ó 78 % in 2023 go 66 % in 2024; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil bearna idir comhlíonadh foirmiúil agus éifeachtacht phraiticiúil in oibríochtaí laethúla; á iarraidh ar an gCoiste aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna struchtúracha atá leis an meath ar éifeachtacht an rialaithe inmheánaigh, go háirithe trí chultúr na feasachta riosca a neartú, trí bhealaí cumarsáide inmheánacha a fheabhsú, agus trí dhlús a chur le nuachóiriú na gcóras bainistithe doiciméad agus faisnéise, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Coiste cinneadh athbhreithnithe in 2024, chun 23 chineál fíoruithe a shimpliú, a bheidh infheidhme ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh; á chur in iúl gur geal léi gur deimhníodh leis na rialuithe ex-post a rinneadh cheana maidir leis na fíoruithe sin nár tugadh isteach rioscaí breise leis an simpliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ón gCoiste do 2024 (‘tuarascáil an Choiste’) go ndearnadh cúig iniúchadh nua in 2024 ar liúntas faid agus achair, bainistiú riosca, tarchuir, príomhtháscairí gníomhaíochta agus feidhmíochta agus speansais taistil – as ar eascair 14 mholadh san iomlán; ag cur sonrú go háirithe i dtorthaí an iniúchóra inmheánaigh maidir le liúntais faid taistil agus achair, amhail easpa sainmhíniú soiléir ar ‘gnátháit chónaithe’ agus ceanglais atá in easnamh maidir le doiciméadacht tacaíochta; á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 13 de na moltaí fós oscailte ag deireadh mhí Eanáir 2025; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil seacht moladh fós oscailte ó iniúchtaí roimhe seo, go háirithe maidir le heitic agus sláine, amanna íocaíochta, údaruithe cruinnithe, toscairí an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha agus timthriall straitéiseach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur ghlac an Coiste rialacha nua maidir le húdaruithe, liúntais agus aisíocaíochtaí cruinnithe; á iarraidh ar an gCoiste a áirithiú go ndúnfar go pras na moltaí iniúchóireachta uile atá fós gan réiteach, go háirithe iad siúd a bhaineann le liúntais, eitic agus ionracas, agus leanúint den údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na moltaí leanúnacha uile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, go raibh 713 bhall foirne á bhfostú ag an gCoiste, i gcomparáid le 707 in 2023; á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 48 ngníomhaire ar conradh agus 144 ghníomhaire shealadacha (ar earcaíodh 42 díobh in 2024) fostaithe in 2024 (i gcomparáid le 49 ngníomhaire ar conradh agus 130 gníomhaire sealadach in 2023); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé conarthaí buana a chur ar fáil chun scileanna, leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil agus chobhsaí a choinneáil, agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne spleáchas iomarcach ar sholáthraithe seirbhíse seachtracha; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 10 soláthraí seirbhíse agus 14 bhall foirne sheachtracha atá ag obair laistigh demuros fostaithe ag an gCoiste, cé is moite díobh siúd i réimsí na lónadóireachta, na cothabhála, na slándála agus na sábháilteachta; á thabhairt dá haire gurbh é 96 % an ráta fostaíochta (95,50 % in 2023) agus gurbh é 5,60 % an ráta athraithe foirne in 2024 (síos ó 7 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag moladh an Choiste as a bheith ina ghlan-allmhaireoir tallainne ó institiúidí eile in 2024 don tríú bliain as a chéile, mar thoradh ar a phlean gníomhaíochta earcaíochta agus coinneála a chur chun feidhme, de bhrí go raibh 42 % d’earcaíochtaí in 2024 nasctha le haistrithe idirinstitiúideacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil leantach, gur tháinig méadú 11,60 % ar líon na n-iarratas a fuair an Coiste ar phoist bhuana agus méadú 41 % ar phoist do ghníomhairí sealadacha agus do phoist do ghníomhairí ar conradh; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Coiste comórtas inmheánach, atá oscailte do bhaill foirne shealadacha agus ar conradh, agus go bhfuiltear ag dréim le liosta ionadaithe faoi dheireadh 2025; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comórtais inmheánacha tábhachtach chun tallann agus saineolas a choinneáil, agus chun acmhainní daonna an Choiste i gcoitinne a chobhsú; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, rannpháirtíocht an Choiste in imeachtaí agus aontaí gairme (lena n-áirítear imeachtaí fíorúla) agus Laethanta Oscailte; á thabhairt dá haire gur eagraigh an Coiste aonach gairme fíorúil in 2024 a bhí tiomnaithe do phróifílí poist sonracha agus do dheiseanna gairme sonracha, a mheall 270 rannpháirtí, agus go ndearna 19 díobh iarratas freisin ar an gcéad fhógra folúntais a bhí ar oscailt tráth an imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCoiste chun feabhas a chur ar a chreat Acmhainní Daonna d’fhonn a bheith ina fhostóir tarraingteach agus ina ionad oibre atá go hiomlán cuimsitheach, áit a bhfuil meas ar gach duine aonair agus inar féidir leo a n-acmhainneacht a fhorbairt go hiomlán; á thabhairt dá haire go ndearna an Coiste anailís ar thorthaí shuirbhé 2023 ar rannpháirtíocht foirne, gur shainaithin sé ábhair imní éagsúla agus, ar deireadh, gur thionscain sé gníomhaíochtaí leantacha spriocdhírithe a rinneadh le linn 2024; ag tabhairt dá haire, i measc na ngníomhaíochtaí sin, chur chun feidhme an chinnidh nua maidir le dálaí oibre (obair hibrideach, ragobair, saoire speisialta), an t-athbhreithniú ar rialacha breithmheasa agus cur chun cinn, glacadh beartais nua maidir le soghluaisteacht agus bainistiú post íogair, cur chun feidhme na Straitéise agus an Phlean Gníomhaíochta nua um Éagsúlacht agus Cuimsiú a glacadh ag deireadh 2023, an t-athbhreithniú ar an mbeartas bainistithe neamhláithreachta atá le glacadh in 2025 agus obair (leanúnach) ar straitéis nua scileanna an Choiste, i measc nithe eile; á chur in iúl gur geal léi an feabhas breise ar scór rannpháirtíochta na foirne, mar a léirítear sa suirbhé is déanaí ón gCoiste, ag ardú ó 70,5 % in 2023 go 75 % in 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go raibh foireann á fostú ag an gCoiste a dhéanann ionadaíocht ar náisiúntachtaí uile an Aontais, agus go raibh ró-ionadaíocht ag cuid acu; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur mná iad 62,70 % den fhoireann agus gur fir iad 37,30 % díobh; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go bhfuil 52 % de na poist bhainistíochta ag mná, rud a fhágann go bhfuil an Coiste ar thús cadhnaíochta ina leith sin; á athdhearbhú gur díol sásaimh di gur ceapadh Ardrúnaí baineann i mí Eanáir 2024 mar chéim dhearfach i dtreo cothromaíocht inscne a bhaint amach; ag aithint an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le comhionannas inscne agus éagsúlacht a leabú mar thosaíochtaí straitéiseacha chun cultúr cuimsitheach agus measúil san ionad oibre a chothú; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme straitéise agus plean gníomhaíochta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú, meantóireacht spriocdhírithe agus cláir forbartha ceannaireachta do mhná agus do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go raibh céatadán na mban sa bhainistíocht shinsearach fós íseal in 2024, agus nach bhfuil ach dhá phost as gach seacht bpost bainistíochta sinsearaí ag mná faoi láthair, mar a bhí in 2023; á aithint go bhfuil an ráta láimhdeachais íseal is gné dhílis de mhéid an Choiste ar cheann de na cúiseanna le sciar íseal na mban sna poist sin; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste feasacht a mhúscailt maidir leis an tsaincheist sin i measc na n-údarás ceapacháin, ceapacháin atá cothrom ó thaobh inscne de a chur chun cinn agus dul i mbun gníomhaíochtaí spriocdhírithe trí Fhóram na mBan agus tríd an bhFóram Bainistíochta lena dtacaítear le forbairt ceannaireachta agus dul chun cinn gairme do mhná sa mheánbhainistíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag meabhrú thionscnamh an Choiste cur chuige nua a thabhairt isteach maidir le pleanáil straitéiseach don lucht saothair agus leithdháileadh foirne, bailiú sonraí maidir le scileanna foirne a ghiaráil, éisteacht ghníomhach ar fud na heagraíochta, agus machnamh ar thosaíochtaí straitéiseacha ag comhlachtaí polaitiúla an Choiste; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go gcuirfear tús leis an gcineál nua pleanála sin trí threoirthionscadal i líon teoranta seirbhísí a roghnófar bunaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn agus faoi fhorbairtí ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá pleanáil straitéiseach don lucht saothair chun leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú agus chun ailíniú le tosaíochtaí ardleibhéil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste timpeallacht oibre shláintiúil a chruthú dá fhoireann; ag moladh go háirithe an aird a thug an Coiste ar mheabhairshláinte agus ar shláinte choirp na foirne, agus na hiarrachtaí a rinneadh maidir le feasacht a mhúscailt i leith saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte; ag cur sonrú i mbearta an Choiste maidir le bainistiú saoire breoiteachta, amhail obair pháirtaimseartha leighis agus cianobair leathnaithe, chun a áirithiú go bhfillfidh baill foirne atá ar neamhláithreacht fhadtéarmach a bhaineann le breoiteacht ar an obair go tráthúil; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú 7,50 % ar líon iomlán na laethanta saoire breoiteachta cláraithe ó 10 552 lá in 2023 go 9 763 lá in 2024, chomh maith le laghdú ar an ráta neamhláithreachta ó 4,08 % in 2024 go 3,75 % in 2023 (an ráta is ísle ó bhí 2021 ann); á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Coiste in ann sonraí a chur ar fáil arís maidir le cásanna traochta; á thabhairt dá haire, i measc argóintí an Choiste, go bhfuil easpa oibleagáide ar an bhfoireann sonraí leighis a chomhroinnt roimh ré, nach diagnóis leighis aitheanta é an traochadh agus go bhféadfadh sé nach mbeadh baint ag na cúiseanna leis an traochadh leis an obair, chomh maith le rúndacht leighis; ag tabhairt dá haire go mbailíonn an Coiste sonraí staidrimh anaithnidithe maidir le saoire bhreoiteachta a bhaineann leis an meabhairshláinte, ach nach gceadaítear leis na sonraí atá ar fáil idirdhealú a dhéanamh idir traochadh a bhaineann leis an obair agus saincheisteanna eile nach mbaineann leis an obair; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, gur féidir traochadh a thomhas gan sonraí leighis freisin, de bhrí go bhfuil uirlisí measúnaithe traochta ann a bhaineann leis an obair is féidir a úsáid agus go dtacaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) le ceistneoirí anaithnide chun strus a bhaineann leis an obair agus tosca traochta a thomhas ar leithligh ó shaincheisteanna meabhairshláinte nach mbaineann leis an obair; ag tathant ar an gCoiste dul i gcomhairle freisin leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) maidir le sonraí traochta a bhailiú trí bhíthin uirlisí leighis nó neamhleighis, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir leis an obair leantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur sheol an Coiste agus CnaR tionscadal SPaCES in 2024 chun a spásanna oibre a nuachóiriú agus a bharrfheabhsú trí phróiseas atá go hiomlán rannpháirteach agus trédhearcach ina bhfuil ionadaithe foirne agus comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach; á chur i bhfios go láidir gur claochlú fadtéarmach é an tionscadal atá dírithe ar éifeachtúlacht, comhar agus solúbthacht a fheabhsú ar fud an dá institiúid, i gcomhréir le hobair hibrideach; á thabhairt dá haire go bhfuil tionscadal SPaCES á chur chun feidhme trí chur chuige lán-rannpháirteach, lena n-áirithítear rannpháirtíocht agus ionadaíocht na foirne ag gach céim; ag tabhairt faoi deara go n-áirítear sa chéad chéim - le tacaíocht ó chonraitheoir seachtrach agus le cur i gcrích i samhradh 2025 ceardlanna le bainistíocht agus le seirbhísí uile an dá Choiste, chomh maith le hanailís oibre mhionsonraithe bunaithe ar ghníomhaíochtaí chun riachtanais spáis oibre amach anseo a shainaithint; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh struchtúr rialachais tiomnaithe, foireann tionscadail agus líonra pointí teagmhála chun an próiseas a threorú, trédhearcacht a áirithiú, agus ionadaíocht a dhéanamh ar na leasanna ábhartha uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire gur fhostaigh an Coiste 52 oiliúnaí ar bhonn fadtéarmach (5 mhí) agus beirt oiliúnaithe ar bhonn gearrthéarmach, a bhfuair gach duine acu liúntas míosúil in 2024, i gcomhréir le rún ón bParlaimint an 14 Meitheamh 2023 maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta san Aontas (2020/2005(INL)), ina n-iarrtar go n-íocfaí intéirneachtaí le gach intéirneacht san Aontas Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé sóisialta láidir agus struchtúrtha i bpróisis athraithe eagraíochtúla le linn 2024; ag spreagadh an Choiste rannpháirtíocht chórasach ionadaithe foirne a choinneáil agus a neartú tuilleadh in athchóirithe a bhaineann, inter alia, le digitiú, atheagrú inmheánach agus modhanna oibre nua;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú, faoi chuimsiú creat eiticiúil treisithe, gur tháinig an Coiste agus an t- iniúchóir inmheánach ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta a bhaineann leis an iniúchadh ar eitic agus ionracas an Choiste, ina bhfuil deich moladh, ar dúnadh ocht gcinn díobh faoi mhí an Mhárta 2025; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach gur thug an Coiste aghaidh ar an dá mholadh oscailte atá fágtha trí athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar an treoir maidir le hoibleagáidí oifigigh an Choiste a léireofar a bhfuil inti freisin ar inlíon an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean an Coiste d’oiliúint a chur ar an bhfoireann agus d’fheasacht a mhúscailt maidir le hábhair a bhaineann le heitic in 2024; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcuireann an Coiste oiliúint ar fáil maidir le heitic agus ionracas atá éigeantach do gach ball foirne, de bhrí gur fhreastail 54 rannpháirtí ar naoi n-oiliúint den sórt sin in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur fhreastail 40 bainisteoir as 47 mbainisteoir ar sheisiúin maidir le hurraim ag an obair agus gur fhreastail ról na mbainisteoirí agus 25 bhall foirne ar oiliúint a chuir Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin ar fáil maidir le cathuithe a d’fhéadfadh a bheith ann a bhfuil iarmhairtí araíonachta ag baint leo i rith 2024; á chur in iúl gur geal léi go léiríonn suirbhéanna ráta ard feasachta i measc fhoireann an Choiste maidir lena luachanna láidre agus lena chaighdeáin eiticiúla, lena nósanna imeachta chun éagóir a thuairisciú agus lena líonra comhairleoirí rúnda, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tuairiscíodh dhá chás ciaptha líomhnaithe in 2024, agus go ndearnadh imscrúdú orthu agus gur dúnadh iad in 2025, de bhrí, i gcás amháin, nach ndearnadh aon chinneadh maidir le ciapadh agus, sa chás eile, gur glacadh leithscéal foirmiúil as iompar míchuí an duine lena mbaineann; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh cinneadh maidir le cás eile, a cuireadh isteach roimh 2024, maidir le ciapadh a bhaineann le nós imeachta araíonachta; á thabhairt dá haire, thairis sin, nár tuairiscíodh aon ghnéaschiapadh in 2024; á athdhearbhú go bhfuil gá le beartas neamhfhulaingthe i leith ciaptha chun cosaint dhea-bhail na foirne a áirithiú agus á mheabhrú gur oibleagáid é sin atá ar aon fhostóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cur sonrú sa tuarascáil leantach ar an bhforbairt maidir le himeachtaí dlíthiúla a thionscain údaráis na Beilge i gcoinne iarchomhalta den Choiste ar cuireadh mí-iompar ina leith a bhaineann le gearán ciaptha laistigh den Choiste a d’oscail agus a dhún an Coiste in 2023; á thabhairt dá haire go bhfuil na himeachtaí sin curtha ar fionraí toisc gur iarr cúirt ábhartha na Beilge soiléiriú ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis an léirmhíniú ar Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí ina dhiaidh sin ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil an Coiste ar thús cadhnaíochta maidir le trédhearcacht, ós rud é gurb é an chéad chomhlacht, lasmuigh de na sínitheoirí tosaigh, a chuaigh isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais; á chur in iúl gur geal léi na bearta trédhearcachta a ghlac an Coiste, lena n-áirítear an moladh nach mbuailfeadh comhaltaí an Choiste ach le páirtithe leasmhara cláraithe, an oibleagáid atá ar a chomhaltaí a gcruinnithe a fhoilsiú ar líne agus an fhéidearthacht atá ag rapóirtéirí an Choiste, lena n-áirítear trí threoirthionscadal a tionscnaíodh in 2025, ‘lorg reachtach’ a chur i gceangal lena dtuairimí; á thabhairt dá haire go bhfuil tuairimí an Choiste le feiceáil faoin am seo mar gharspriocanna laistigh de chomhaid reachtacha in EULT; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir ghníomhaíochtaí trédhearcachta an Choiste maidir lena chroí-oibríochtaí riaracháin i réimsí amhail airgeadas, soláthar, acmhainní daonna agus rochtain ar dhoiciméid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil creat daingean ag an gCoiste chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun cásanna doirse imrothlacha a sheachaint; á thabhairt dá haire, maidir lena fhoireann, go n-áirithíonn an Coiste go bhfuil breithnithe coinbhleachta leasa leabaithe i ngach nós imeachta earcaíochta agus roghnúcháin; á thabhairt dá haire go bhfuil sé d’oibleagáid ar an bhfoireann aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le coinbhleacht leasaa dhearbhú go réamhghníomhach; á thabhairt dá haire maidir le comhaltaí an Choiste, i gcás athrú ar an bhfaisnéis a dhearbhaíonn siad, go ndéanfaidh siad dearbhú nua a thíolacadh laistigh de dhá mhí ar a dhéanaí ón athrú i dtrácht; á thabhairt dá haire, maidir lena chomhaltaí, gur láimhseáil coiste Eitice an Choiste iarraidh amháin ar threoir maidir le coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann; á thabhairt dá haire, maidir le foireann an Choiste, nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachta leasa ná sceithireachta in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil amhras ann faoi chás calaoise a bhaineann le soláthraí seirbhíse seachtrach a dhífhostaigh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus a tarchuireadh chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) ina dhiaidh sin mar gheall ar chionta coiriúla a d’fhéadfadh a bheith ann in 2024; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir go bhfuil an Coiste ag comhoibriú go hiomlán le OIPE sa chás sin; á thabhairt dá haire thairis sin gur íoc an soláthraí seirbhíse na damáistí leachtaithe comhaontaithe leis an gCoiste; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, na bearta a rinne an Coiste chun cásanna den sórt sin a chosc ar bhealach níos fearr amach anseo trí sheiceálacha comhlíontachta níos déine a dhéanamh le linn soláthair agus forghníomhú conarthaí agus trí threoir agus oiliúint maidir leis an ábhar sin a threisiú; á thabhairt dá haire gur tarchuireadh cás OLAF amháin ó 2023 ar ais chuig an gCoiste le haghaidh fiosrúchán riaracháin simplithe inmheánach a seoladh in 2024 agus as ar eascair tuarascáil chríochnaitheach a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Ceapacháin i mí Iúil 2025; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas i dtaobh an ndearnadh cinneadh; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur dúnadh fiosrúchán a d’oscail an tOmbudsman in 2023 in 2024 leis an gcinneadh nach raibh aon drochriarachán ar thaobh an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir gur dhréachtaigh an Coiste, tar éis iarrataí roimhe seo ón bParlaimint, straitéis frithchalaoise lena n-áirítear an plean gníomhaíochta tionlacain le bearta nithiúla atá le cur chun feidhme lena gcumhdaítear beartais oiliúna, chomh maith le feachtais feasachta agus comhaontuithe comhair athbhreithnithe le OLAF agus OIPE, a cuireadh faoi bhráid an phróisis comhairliúcháin agus glactha idirsheirbhíse; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an obair leantach ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Coiste dhá sheisiún oiliúna arna soláthar ag foireann OLAF maidir le feasacht ar chalaois agus cosc ar chalaois sa soláthar poiblí ar fhreastail 21 rannpháirtí orthu agus seisiún múscailte feasachta amháin a eagraíodh i gcomhar le OIPE chun foireann an Choiste a chur ar an eolas faoi shainordú OIPE agus chun treoir a thabhairt maidir le conas cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú do OIPE; á iarraidh ar an gCoiste a nósanna imeachta a neartú maidir le measúnú riosca, cosc, brath agus obair leantach i gcur chun feidhme na straitéise frithchalaoise;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad TF comhcheangailte an Choiste agus CnaR agus EUR 13 700 000 in 2024, i gcomparáid le EUR 12 700 000 in 2023, i.e. méadú 7,87 %, de bhrí gur íocadh EUR 760 000 den bhuiséad sin (thart ar 6 %) as an gcibearshlándáil in 2024; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig méadú EUR 109 000 ar chistiú tionscadal TF i gcomparáid le 2023, arb ionann é agus ardú 4 %, lena dtacaítear go príomha le Clár an Ionaid Oibre M365 agus leis an gClár um Chlaochlú Cibearshlándála; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig méadú EUR 117 000 ar chaiteachas ar threalamh (i.e. méadú 20 %), go príomha mar gheall ar choigeartuithe praghais agus infheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagar teileafónaíochta; ag aithint gur cúis bhuartha don Choiste go bhfuil sé tearcmhaoinithe ó thaobh struchtúir de i réimsí an digitithe agus na cibearshlándála agus ag tabhairt rabhaidh go bhfuil riosca struchtúrach ag baint le tearcinfheistíocht leanúnach sa chibearshlándáil do shláine institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar an gCoiste treochlár struchtúrtha a oiriúnú chun an tagarmharc caiteachais cibearshlándála 10 % a bhaint amach de réir a chéile, lena n-áirítear garspriocanna bliantúla, tosaíocht rioscabhunaithe agus tuairisciú rialta don údarás um urscaoileadh; béim a leagan ar an ngá atá le comhar neartaithe leis an tSeirbhís Chibearshlándála d’Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun staid chibearshlándála chomhleanúnach athléimneach a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, nár chuir an t-údarás buiséadach san áireamh i mbuiséad an Aontais do 2026 an méid EUR 1 176 000 is gá don Choiste (agus do CnaR) chun mór-uasghrádú cibearshlándála a dhéanamh, rud a fhágann nach féidir an sprioc dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a bhaint amach, is é sin thart ar 10 % dá chaiteachas iomlán TF a thiomnú don chibearshlándáil; á iarraidh go mbeadh cistí iomchuí ann chun go mbeidh an Coiste agus CnaR in ann mór-uasghrádú cibearshlándála a oibriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag cur sonrú i bpríomhfheabhsuithe maidir le digitiú agus rialachas TF in 2024 amhail leathnú ar chumhdach Wi-Fi, imscaradh thionscadail phíolótacha Microsoft 365 agus Intleacht Shaorga, imirce néalríomhaireachta agus múscailt feasachta trí Laethanta Cibearshlándála, i measc nithe eile;  á chur in iúl gur geal léi an straitéis dhigiteach ilbhliantúil (DS 2024-2026), a sheol DIIT, atá bunaithe ar cheithre chlár shuaitheanta: M365 (an clár don ionad oibre digiteach), ARES (córas bainistithe doiciméad an Choimisiúin), EdiT (uirlis chomhroinnte i measc institiúidí an Aontais chun doiciméid reachtacha a dhréachtú),agus Cibearshlándáil; á thabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCoiste agus ón gCeistneoir go dtugtar isteach le Straitéis Dhigiteach 2024-2026 ón gCoiste samhail rialachais dhigitigh athbhreithnithe arb é is cuspóir di comhar institiúideach a fheabhsú, sreafaí oibre a chuíchóiriú, próisis a uathoibriú, dréachtú reachtach a fheabhsú agus athléimneacht a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur cuireadh chun feidhme córas HAN (HERMES-ARES- NOMCOM) chun doiciméid a bhainistiú go slán agus chun rialacha cosanta sonraí a chomhlíonadh agus eagarthóir XML EdiT a ghlacadh le haghaidh dréachtú reachtach; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i mbainistiú taifead, agus go bhfuiltear ag súil le cur i bhfeidhm iomlán faoi 2026; ag aithint feabhsuithe ar bhonneagar TF, lena n-áirítear uathoibriú, néalimirce, agus uirlis nua bainistithe acmhainní daonna (HRT a chuirfear in ionad Sysper) a chur in úsáid in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt dá haire go n-úsáideann an Coiste eTranslation, ardán meaisínaistriúcháin néaraigh an Choimisiúin chun aistriúcháin a ghiniúint go huathoibríoch, mar chabhair bhreise d’obair na n-aistritheoirí; á thabhairt dá haire gur éirigh leis an gCoiste, ag an am céanna, treoirthionscadal a chur i gcrích maidir le tras-scríobh bunaithe ar Intleacht Shaorga ó bhéal go téacs trí úsáid a bhaint as bogearraí a d’fhorbair an Eagraíocht Dhomhanda umMaoin Intleachtúil (EDMI) in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol Stiúrthóireacht an Aistriúcháin treoirthionscadal bliana i mí an Mheithimh 2024 chun measúnú a dhéanamh ar úsáid DeepL mar uirlis aistriúcháin mhalartach ar measadh nár chuir sí breisluach ar fáil i gcomparáid leis na córais a cuireadh in úsáid cheana chun doiciméid an Choiste a aistriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil dlúthchomhar ag an gCoiste le CERT-EU agus go n-úsáideann sé uirlisí éagsúla agus faireachán leanúnach chun leochaileachtaí córais a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur thosaigh DIIT ar ‘Riachtanais 8’, Creat Cibearshlándála NIST (CSF), agus OWASP a chur chun feidhme mar shamhlacha tagartha chun bainistiú riosca a neartú, rialachas a fheabhsú, agus slándáil a chomhtháthú ar fud na bpróiseas sainaitheanta, cosanta, braite, freagartha agus téarnaimh; aithníonn sí go bhfuil an obair chun ailíniú iomlán le ceanglais oibríochtúla agus rialála a bhaint amach ar siúl faoi láthair; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go ndearna an Coiste an chibearshlándáil a athstruchtúrú mar fhreagracht chomhroinnte ar fud na foirne uile, le tacaíocht ó phlean ilbhliantúil, oiliúint leanúnach, agus feachtais feasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil bealaí cumarsáide an Choiste inrochtana freisin ag daoine faoi mhíchumas; á thabhairt dá haire go gcuireann an Coiste Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán i bhfeidhm agus, i gcás fhormhór a fheidhmeanna, go ndéantar inrochtaineacht chuimsitheach; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go ndéanann speisialtóirí inrochtaineachta iniúchadh rialta ar shuíomh gréasáin an Choiste agus go n-eisíonn siad moltaí a chuirtear chun feidhme ina dhiaidh sin, cé go bhfuil sé beartaithe go ndéanfar an chéad iniúchadh eile in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag moladh iarrachtaí an Choiste in 2024 chun a áirithiú go sealbhóidh an fhoireann na scileanna digiteacha is gá chun timpeallacht oibre atá ag éirí níos digitithe a bhaint amach agus chun feachtais faisnéise spriocdhírithe a chur chun feidhme, clár cuimsitheach oiliúna agus cóitseála a chur ar fáil, agus bonn eolais TF atá cothrom le dáta a choinneáil le comhéadan atá cumhachtaithe le Intleacht Shaorga chun tacú le forbairt foirne; ag spreagadh oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil agus úsáid shábháilte, eiticiúil agus éifeachtúil IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach nár thionscain MECS aon imscrúduithe in 2024 maidir le rialacha cosanta sonraí a chur i bhfeidhm ag an gCoiste; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil fiosrúchán maidir le hiniúchadh seachtrach a bhainistiú, a seoladh in 2023, fós ar feitheamh; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach ar an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go bhfuil an Coiste ag obair ar straitéis fhadtéarmach tógála i bhfianaise an athchóirithe atá ar na bacáin ar fhoirgneamh SPAAK agus go bhfágfar foirgneamh B-100 i mí Lúnasa 2026; á thabhairt dá haire, thairis sin, go n-áireofar sa straitéis sin toradh na n-iniúchtaí leanúnacha teicniúla agus comhshaoil ar fhoirgnimh an Choiste;  á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur chuir an Coiste nuachóiriú agus uasghráduithe inrochtaineachta i gcrích do gach ceann de na sé ardaitheoirí ar an taobh thiar d’fhoirgneamh JDE, lena n-áirítear ceann a dearadh go sonrach do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe in 2024; á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe suntasacha a tugadh isteach d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí, do dhaoine dalla agus do dhaoine lagamhairc, do dhaoine bodhra, agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil teorainneacha fisiceacha eile acu, lena n-áirítear comharthaíocht fuaime agus físe fheabhsaithe, rialuithe oiriúnaithe, amanna dorais sínte, scátháin agus gnéithe sábháilteachta, agus ráillí láimhe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire na tuarascála ón gCoiste gur cruthaíodh, in 2024, spás cumarsáide comhroinnte nua i bhfoirgneamh JDE i gcomhar le CnaR; á thabhairt chun suntais go n-áirítear sa tsaoráid, atá lonnaithe in iarlimistéar na leabharlainne, stiúideo taifeadta úrscothach, seomra agallaimh ‘seasmhach’, agus spás comhdhála tiomnaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur chuir an Coiste EUR 198 894 i leataobh in 2024 chun a oibríochtaí a ghlasú, agus 55 % tiomnaithe do sheirbhísí sainchomhairleoireachta agus saineolaithe i mbainistiú agus éifeachtúlacht fuinnimh agus 45 % d’fheabhsuithe bonneagair amhail soilsiú LED, páirceáil rothar, agus méadrú fuinnimh; á chur in iúl gur geal léi gur rannchuidigh na hinfheistíochtaí sin, mar aon le tionscnaimh leanúnacha i suiteálacha nuálacha tógála, leictreachas glas 100 %, teicneolaíochtaí cliste coigilte fuinnimh, agus digitiú, le tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil laghdú ar thomhaltas leictreachais (-19 %), gáis (- 13 %) agus uisce (- 12 %), chomh maith le laghdú ar mhéideanna dramhaíola (-12 %) agus méadú ar thomhaltas páipéir (+1 %) in 2024 i gcomparáid le 2023; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, laghdú 4,30 % ar astaíochtaí carbóin in aghaidh FTE (gan astaíochtaí ó thaisteal chomhaltaí an Choiste san áireamh) le linn na tréimhse céanna sin; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir ghníomhaíochtaí an Choiste chun roghanna taistil níos inbhuanaithe a chur chun cinn i measc a fhoirne agus a chomhaltaí agus an t- athbhreithniú leanúnach ar an treoir mhisin don fhoireann lena n-áireofar lorg comhshaoil mar phríomhghné; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil an Coiste ag díriú ar bhainistiú dramhaíola agus ar athchúrsáil chun cultúr laghdaithe dramhaíola agus éifeachtúlachta acmhainní a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-áirítear i nglaonna uile an Choiste ar thairiscintí os cionn EUR 60 000 agus iad sin os cionn EUR 25 000 arna mbainistiú i gcomhpháirt le CnaR clásail inbhuanaitheachta i gcomhréir le caighdeáin an Aontais Fuinnimh, an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh; á thabhairt dá haire go bhfuil ceanglais i gcreatchonradh nua an Choiste maidir le seirbhís lónadóireachta a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa 2024 maidir le táirgí éiceolaíocha agus táirgí a tháirgtear go háitiúil, deonacháin bhia agus torthaí agus glasraí séasúracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an gCoiste chun soghluaisteacht inbhuanaithe a chur chun cinn i measc a fhoirne; á thabhairt dá haire go háirithe go dtairgeann an Coiste ranníocaíochtaí airgeadais le haghaidh pasanna taistil iompair phoiblí, do bhaill foirne a úsáideann rothar chun comaitéireacht a dhéanamh, agus, ó 2024 ar aghaidh, ranníocaíochtaí le síntiúis Flex SNCB chun breithnithe maidir le socruithe oibre hibrideacha a léiriú; á thabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoiste páirt a ghlacadh i gcomhpháirt le CnaR i nglao ar thairiscintí (atá le hathsheoladh in 2026) faoi stiúir an Choimisiúin, chun rothair leictreacha a cheannach agus a chothabháil; á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach le Réigiún na Bruiséile maidir le pleanáil soghluaisteachta agus rannpháirtíocht an Choiste i dtionscnaimh idirinstitiúideacha, a chuireann le cultúr na comaitéireachta inbhuanaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag moladh an dlúthchomhair a bhunaigh an Coiste le CnaR ar an leibhéal riaracháin, ina gcomhroinneann an dá choiste áitribh agus seirbhísí comhpháirteacha i réimsí an aistriúcháin, an bhonneagair, na lóistíochta, na slándála, an tsoláthair, na bainistíochta airgeadais agus TF, agus neamhspleáchas institiúideach iomlán á choinneáil; á thabhairt dá haire gur sheol an dá choiste, chun comhar a leathnú i réimsí eile agus i bhfianaise srianta buiséadacha, dhá phríomhthionscadal go comhpháirteach in 2024, i.e. tionscadal SPaCES chun timpeallacht na hoifige a athrú ó bhonn agus athchóiriú straitéiseach ar Stiúrthóireacht an Aistriúcháin trí atheagrú struchtúrach, úsáid fheabhsaithe teicneolaíochtaí teanga agus laghdú de réir a chéile ar acmhainneacht aistriúcháin dhaonna ar mhaithe le héifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na torthaí dearfacha a baineadh amach le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme chomhaontú an Choiste agus CnaR sa réimse closamhairc, amhail coigilteas buiséadach thart ar EUR 140 000 i gcomparáid le tionscadal a reáchtáladh go neamhspleách agus acmhainneacht táirgeachta mhéadaithe, agus 85 fhíseán curtha ar fáil cheana féin faoi mhí an Mheithimh 2025 i gcomparáid le thart ar 90 don bhliain iomlán 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag moladh an Choiste as an gcoigilteas suntasach a rinneadh a bhuí le cur chun feidhme a Chomhaontaithe Comhair le CnaR, a bhunaigh Seirbhísí Comhpháirteacha a chumhdaíonn cúraimí go príomha i réimsí na teicneolaíochta faisnéise, na lóistíochta agus an tsoláthair phoiblí; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir, choigilteas measta an Choiste in 2024 i réimsí TF (thart ar EUR 16 mhilliún), an bhonneagair (thart ar 8 milliún), na seirbhísí priontála (thart ar EUR 125 000) agus na seirbhísí slándála (thart ar EUR 800 000); á thabhairt dá haire, thairis sin, dá mbeadh seirbhísí aistriúcháin agus soláthair ar leithligh ag an gCoiste agus ag CnaR, go dtiocfadh méadú 30 % ar a laghad ar na costais foirne fhoriomlána; ag athdhearbhú a hiarrata an comhar sin a leathnú a mhéid is féidir, chuig an leibhéal a bhaineann le riarachán aonair a bhunú do na seirbhísí comhpháirteacha, agus na seirbhísí agus an t-aonad atá i gceannas ar a bpríomh-shainorduithe neamhspleácha a choinneáil ar leithligh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, an choigiltis shuntasaigh bhuiséadaigh agus riaracháin a bhain an Coiste amach trí chomhaontuithe ar leibhéal na Seirbhíse, go háirithe leis an gCoimisiún chun uirlisí TF airgeadais agus príomhuirlisí TF bainistithe acmhainní daonna a úsáid; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, rannpháirtíocht an Choiste i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha faoi stiúir institiúidí eile amhail an Pharlaimint agus an Coimisiún i réimsí amhail taisteal corparáideach, árachas, taisteal, TF, aistriúchán agus trealamh closamhairc; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig méadú ar an gcostas iomlán arna thabhú ag an gCoiste as seirbhísí sonracha a sheachfhoinsiú chuig an gCoimisiún ó EUR 793 000 in 2023 go EUR 893 000 in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag cur sonrú i roinnt forbairtí agus sonraí maidir leis an gcomhar idir an Coiste agus an Pharlaimint in 2024: comhaontú nua comhair a ghlacadh, Meabhrán Tuisceana a shíniú maidir le comhar mar ullmhúchán do na toghcháin Eorpacha, rannpháirtíocht 55 Fheisire in 38 n-imeacht Coiste, rannpháirtíocht an Choiste in 32 imeacht de chuid na Parlaiminte chomh maith le freastal ar chruinnithe éagsúla déthaobhacha agus polaitiúla de chuid na ngrúpaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag cur sonrú i roinnt forbairtí agus sonraí maidir leis an gcomhar idir an Coiste agus an Coimisiún in 2024: freastal na gcoimisinéirí ar 10 seisiún iomlánacha de chuid an Choiste agus ar imeachtaí eile arna n-eagrú ag an gCoiste, breis agus 30 comhthionscadal cumarsáide chun an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú, 20 gníomhaíocht chomhpháirteach shonrach, ionchur an Choiste le 17 ngrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin, 6 thústuairim agus trí thuarascáil mheastóireachta arna seachadadh ag an gCoiste arna iarraidh sin don Choimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag cur sonrú i roinnt forbairtí agus sonraí maidir leis an gcomhar idir an Coiste agus an Chomhairle/an Chomhairle Eorpach in 2024: trí chruinniú ardleibhéil le huachtaráin na Comhairle Eorpaí agus 21 tústuairim arna dtabhairt ag an gCoiste arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Beilge agus d’Uachtaránacht na hUngáire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur leanadh de choigilteas buiséadach agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach trí chomhar gníomhach idir an Coiste agus institiúidí an Aontais in 2024, lena n-áirítear trí sheisiúin iomlánacha an Choiste a eagrú ar áitribh an Choimisiúin agus na Parlaiminte, i gcás ina soláthraítear na hionaid agus na seirbhísí gaolmhara saor in aisce nó ar rátaí atá faoi bhun phraghsanna an mhargaidh sheachtraigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCoiste maidir leis na naisc le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta (NESCanna) na mBallstát agus idir na comhairlí sin a threisiú; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur seoladh meitheal théamach nua ina bhfuil 13 NECS, gur foilsíodh 32 alt nuachta agus 26 achoimre feidhmiúcháin ar thuarascálacha arna nglacadh ag NESC, gur eagraíodh cruinniú bliantúil uachtaráin agus ardrúnaithe NESC sa Bhruiséil agus seimineár arna eagrú go comhpháirteach le 100 rannpháirtí ó chomhpháirtithe sóisialta Eorpacha, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó ionadaithe institiúidí an Aontais agus ó acadóirí in 2024; á iarraidh go leanfaí den chomhar maidir le hábhair leasa choitinn agus malartú dea-chleachtas, agus béim á leagan ar ról ríthábhachtach na sochaí sibhialta maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha an Aontais Eorpaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur thart ar EUR 2,5 milliún a bhí i mbuiséad foriomlán an Choiste maidir le cumarsáid, foilseacháin agus fáil doiciméadachta in 2024 (thart ar an méid céanna le 2023), arb ionann é agus 1,4 % de bhuiséad foriomlán an Choiste tar éis aistrithe do 2024; á chur in iúl gur geal léi gur dhírigh an Coiste a acmhainní in 2024 ar líon teoranta tosaíochtaí cumarsáide a bhaineann le tosaíochtaí reachtacha institiúidí an Aontais amhail inacmhainneacht fuinnimh, Intleacht Shaorga, meabhairshláinte, uathriail straitéiseach, athchóiriú eacnamaíoch, comhionannas inscne, an óige, agus méadú, i gcomhréir le cumarsáid thioncharbhunaithe an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir agus ón tuarascáil ón gCoiste gur chuir an Coiste plean cumarsáide cuimsitheach chun feidhme in 2024 faoi chuimsiú fheachtas na dtoghchán Eorpach trí imeachtaí áitiúla for-rochtana agus trí Sheachtain na Sochaí Sibhialta; á chur in iúl gur mór aici, sa chomhthéacs sin, gur fhreastail 104 chomhalta den Choiste ar 122 imeacht for-rochtana a raibh baint dhíreach ag thart ar 350 000 saoránach leo sa bhreis ar an bhfor-rochtain ar na meáin shóisialta; ag moladh, thairis sin, fheidhmíocht thuairiscithe an Choiste maidir le heagrú Sheachtain na Sochaí Sibhialta, i.e. 800 rannpháirtí, níos mó ná 8 000 idirghníomhaíocht, níos mó ná 1 mhilliún imprisean agus thart ar 96 000 fís-radharc, rud a léiríonn láithreacht láidir ar nameáin shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoiste chun infheictheacht a chuid oibre a mhéadú; á mheas, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú go míneofar go soiléir i ngníomhaíochtaí cumarsáide ról an Choiste agus rannchuidiú nithiúil le láithreacht an Aontais ar an láthair, ar bhealach atá inrochtana agus fóinteach do na saoránaigh; á chur in iúl gur mór aici seoladh ardán NaviGate i mí na Bealtaine 2024; á thabhairt dá haire gur chuir an t-ardán sin, a chuireann le naisc ghréasáin EULT, go mór le hinfheictheacht obair an Choiste agus gur chuir sé feabhas ar eispéireas an úsáideora d’Fheisirí, do bhaill foirne, do chuairteoirí ó institiúidí eile, agus don phobal, ag sroicheadh 4 600 cuairteoir uathúil in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á thabhairt dá haire ó thuarascáil an Choiste gur lean a láithreacht ar na meáin shóisialta de bheith ag leathnú, agus gur bhain ceithre phríomhchuntas an Choiste méadú foriomlán níos mó ná 18 % amach i gcomparáid le 2023; á thabhairt chun suntais gur tháinig méadú suntasach ar an rannpháirtíocht, gur tháinig méadú 45 % uirthi agus gur sháraigh sí 416 000 idirghníomhaíocht ar fud na n-ardán; á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 62 868 leantóir bainte amach ag an gCoiste faoi dheireadh 2024 maidir le X, 79647 leantóir maidir le LinkedIn, 49 494 leantóir maidir le Facebook agus 29 987 leantóir maidir le Instagram, rud a léiríonn fás láidir a bhaineann go sonrach le hardáin i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire gur taifeadadh an méadú is airde ar líon na leantóirí ar chuntas Instagram in 2024 (+ 72 %); á thabhairt dá haire, i gcomhréir le cur chuige coiteann institiúidí an Aontais, gur oscail an Coiste a chéad chuntas Bluesky in 2024 chun a láithreacht oifigiúil a áirithiú, agus tús á chur le gníomhaíochtaí i mí Eanáir 2025;
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>