<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0132</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - Coiste na Réigiún</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0056/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VII – Coiste na Réigiún (2025/2152(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj?eliuri=eli%3Abudget%3A2024%3A207%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0152/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eorpach na Réigiún chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2024, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0056/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eorpach na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste na Réigiún don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste na Réigiún, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VII – Coiste na Réigiún (2025/2152(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VII – Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0056/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P> de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, go ndéanann an t-údarás um urscaoileadh, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh, measúnú ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, ach ní hamháin sin, go ndéanann sé meastóireacht ar chaiteachas an Aontais trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme, ar mhaithe le torthaí torthaí intomhaiste do shaoránaigh, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur tionól polaitiúil é Coiste na Réigiún (an ‘Coiste’) ina bhfuil 329 gcomhalta (agus 329 gcomhalta mhalartacha) arna dtoghadh i réigiúin, i gcathracha, i sráidbhailte agus i mbardais 27 mBallstát an Aontais, a bhfuil príomhról institiúideach aige maidir le beartas comhtháthaithe an Aontais trí ionadaíocht a dhéanamh ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus é ag feidhmiú mar chomhlacht comhairleach d’institiúidí an Aontais, agus é de mhisean aige rannchuidiú le próiseas múnlaithe beartais agus cinnteoireachta an Aontais ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de, agus ag an am céanna rannchuidiú leis an Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos gaire do na saoránaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis an gCoiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin ag baint tairbhe as réimse leathan tarchuir, mar a leagtar amach sna Conarthaí, lena gceadaítear don Pharlaimint dul i gcomhairle leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go sainítear gníomhaíochtaí an Choiste ar bhonn a straitéise polaitiúla foriomlán mar a leagtar amach ina rún an 2 Iúil 2020 maidir lena thosaíochtaí do 2020-2025<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 — Eoraip atá níos gaire do na daoine trína sráidbhailte, a cathracha agus a réigiúin (IO C 324, 1.10.2020, lch. 8).</FIELD></FOOTNOTE>, agus de bhrí gur ghlac an Coiste trí thosaíocht pholaitiúla do shainordú 2020-2025, mar aon le 3 fheachtas cumarsáide: An Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine, pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a fhorbairt agus comhtháthú a chur chun cinn mar bhunluach den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P> de bhrí go bhfuil na riaracháin áitiúla agus réigiúnacha freagrach as aon trian den chaiteachas poiblí, leath na hinfheistíochta poiblí agus an ceathrú cuid d’ioncam cánach agus, i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil inniúlachtaí acu i bpríomhréimsí amhail oideachas, forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú, an comhshaol, cosaint shóisialta, sláinte agus seirbhísí leasa ghinearálta, agus dá bhrí sin méadaítear dlisteanacht na reachtaíochta trí chomhordú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, feabhsaítear úinéireacht agus saothraítear leas na saoránach ar bhealach níos éifeachtaí agus rannchuidítear le caiteachas an Aontais lena mbaineann tionchar críochach a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air agus áirithítear ag an am céanna nach bhfágtar aon duine ar lár;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go saothraíonn an Coiste a sprioc pholaitiúil chun a rannpháirtíocht i dtimthriall polaitiúil agus reachtach iomlán an Aontais a neartú agus, ag an am céanna, an nasc le saoránaigh an Aontais a dhéanamh níos inláimhsithe trí úsáid a bhaint as comhaltaí an Choiste mar iolraitheoirí cumhachtacha ina bpobail agus ina gcomhlachais náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur shainaithin an Coiste naoi phríomhréimse tosaíochta chun a ghníomhaíocht a dhéanamh níos straitéisí agus chun go mbeidh tionchar níos mó aici in 2024: Méadú an Aontais agus tacaíocht don Úcráin; Daonlathas agus rialáil níos fearr; Athléimneacht; An Comhaontú Glas ag dul ar an leibhéal áitiúil; Iomaíochas, tionsclaíocht, FBManna, faoiseamh rialála agus cánachas gnó; Cur i gcrích agus cur in iúl bheartas comhtháthaithe an Aontais a bharrfheabhsú; Aghaidh a thabhairt ar na trí ghéarchéim phláinéadacha; Beartais fostaíochta, chomhionannais agus shóisialta; Tacaíocht an Aontais d’éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena rialaítear beartas comhtháthaithe agus cistiú an Aontais idir 2021 agus 2027, agus a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2021, tagairtí do phrionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil, agus tacaíocht á fáil ón gCoiste agus ón bParlaimint agus lena mbaineann rannpháirtíocht réigiúin an Aontais agus a n-údarás áitiúil agus réigiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuirfidh os cionn 400 clár náisiúnta agus réigiúnach, atá i bhfeidhm chun beartas comhtháthaithe an Aontais a sheachadadh i gclárthréimhse 2021-2027, thart ar EUR 380 billiún ar fáil, faoi chistí éagsúla, chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá os comhair réigiúin, cathracha, sráidbhailte agus bardais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, an 19 Feabhra 2021, gur tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i bhfeidhm, lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, lena soláthraítear an bunús dlí chun cistí agus iasachtaí suas le EUR 672,5 bhilliún (i bpraghsanna 2018) a dháileadh ar na Ballstáit idir 2021 agus 2026 agus arb é is aidhm di freisin tacú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí idir réigiúin an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, mar institiúid den Aontas de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, go gceanglaítear ar an gCoiste a chuntais bhliantúla féin a ghlacadh, arna n-ullmhú i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin (Rialacha Cuntasaíochta an Aontais Eorpaigh) bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí a chomhdhlúthaítear ar deireadh le cinn an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi Cheannteideal 7 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’), ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’ (‘Ceannteideal 7’), atá EUR 13,3 billiún san iomlán, i.e., 6,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2024; á thabhairt dá haire go bhfuil buiséad an Choiste 0,92 % de leithreasuithe Cheannteideal 7 CAI in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteidil ‘Riarachán’, an líon céanna a scrúdaíodh in 2023; de bhrí go sonraíonn an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arbh ionann é agus thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, go mbaineann riosca íseal le caiteachas riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 (23 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 3 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta; á thabhairt dá haire nár sainaithníodh sa tuarascáil ón gCúirt aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gCoiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an beartas comhtháthaithe go mór le muinín na saoránach as an Aontas trí thorthaí nithiúla agus infheicthe a bhaint amach trí thionscadail réigiúnacha agus áitiúla, agus ar an gcaoi sin go dtreisítear dlisteanacht ghníomhaíocht an Aontais ar an láthair; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról lárnach ag an gCoiste maidir le saoránaigh an Aontais a thabhairt níos gaire do chinnteoireacht an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur suntas, ó thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Choiste do 2024 (‘an tuarascáil bhliantúil’) gurbh ionann buiséad críochnaitheach an Choiste a glacadh agus EUR 123 178 345 in 2024, lena n-áirítear Buiséad Leasaitheach 5/2024 (a bhaineann le tuarastal), arb ionann é sin agus méadú EUR 6 502 953 (i.e. + 5,60 %) i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh é 99.9 % ráta chur chun feidhme bhuiséad an Choiste maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha in 2024 (mar an gcéanna le 2023), agus gur mhéadaigh ráta forghníomhaithe na bliana reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó 91.20 % in 2023 go 91.90 % in 2024; á chur in iúl gur geal léi freisin méadú ar ráta forghníomhaithe leithreasuithe C8 (a tugadh anonn ó 2023 go 2024) ó 85 % in 2023 go 92.20 % in 2024, cé gurbh ionann na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2023 go 2024, agus EUR 12 578 853 i gcomparáid le EUR 10 540 464 sa bhliain roimhe sin; ag moladh an Choiste as a ráta ard comhsheasmhach cur chun feidhme buiséid thar na blianta mar gheall ar bharrfheabhsú i bpleanáil agus i gcur i bhfeidhm an bhuiséid, i bhfianaise brúnna leanúnacha buiséadacha; ag aithint, sa chomhthéacs sin, tearcmhaoiniú struchtúrach an Choiste, go háirithe i bhfianaise a róil mar cheannródaí nuálach agus mar fhoras tástála do chleachtais a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do riarachán níos leithne an Aontais, agus ag aithint go bhfuil gá le hacmhainní breise chun a chuspóirí a bhaint amach go héifeachtach agus smacht buiséadach á urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go léiríonn rátaí arda forghníomhaithe buiséadacha agus leibhéil ísle earráide an Choiste gur féidir le cur chun feidhme díláraithe, gar d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, bainistíocht fhónta airgeadais agus torthaí nithiúla araon a áirithiú do shaoránaigh, agus an gá atá le hacmhainní breise á aithint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún ról iomlán a thabhairt don Choiste, laistigh dá shainordú institiúideach, maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas an Aontais, lena n-áirítear i gcinntí a bhaineann le buiséad an Aontais tar éis 2027, chun cuntasacht, trédhearcacht agus feidhmíocht na dtionscadal comhtháthaithe a neartú tuilleadh arb é is aidhm dóibh éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar ráta cur chun feidhme leithreasuithe C1 de mhír bhuiséadach 1 0 0 0 ‘Speansais oifige na bhFeisirí’ ó 76.20 % in 2023 go dtí 13.90 % in 2024; á thabhairt dá haire gur mhínigh an Coiste gur forghníomhaíodh liúntais le haghaidh speansais oifige do 2024 ag tús 2025 le leithreasuithe C8; á thabhairt dá haire gur thug an Coiste aghaidh ar ráta íseal cur chun feidhme leithreasuithe C8 de mhír bhuiséadach 2 0 0 7 (‘Áitribh a fheistiú’) in 2023 trí thionscnamh mórthionscadal tógála ag deireadh na bliana a sheachaint agus trí íocaíochtaí idirmheánacha a dhéanamh le haghaidh tionscadal fadtéarmach chun sonraisc dhéanacha a chosc; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil laghdú ar ráta forghníomhaithe leithreasuithe C1 na míre sin ó 99,20 % in 2023 go 51,90 % in 2024 mar gheall ar uainiú athchóiriú roinnt ardaitheoirí áirithe an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil gur chuir an Coiste 42 aistriú chun feidhme le linn 2024 arbh fhiú EUR 2,7 milliún san iomlán iad, ar aistrithe inmheánacha 37 díobh arbh fhiú EUR 1,1 milliún san iomlán iad agus cúig aistriú sheachtracha arbh fhiú EUR 1,6 milliún san iomlán iad, ar aistríodh thart ar EUR 1 mhilliún díobh chuig línte buiséid lena gcumhdaítear nó lena dtreisítear míreanna amhail íocaíochtaí bliantúla léasa, eagrú iomaíochta inmheánaí, caiteachas TF agus feistiú áitribh le haghaidh spás do na meáin lena úsáid ag an gCoiste agus ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘CESE’);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire, i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gur lean costais mhéadaitheacha fuinnimh, iompair, cóiríochta agus sásraí innéacsaithe atá nasctha leis an ráta boilscithe, a raibh tionchar díreach nó indíreach acu ar chaiteachas ar amhábhair, ar chonraitheoirí seachtracha, ar fhuinneamh, ar thaisteal, ar chíosanna, ar léas agus ar chothabháil foirgneamh, i measc nithe eile, de dhifear a dhéanamh don Choiste in 2024; á thabhairt dá haire, ó 2022 go 2025, go raibh an méadú ar chostais charnacha a bhaineann le hinnéacsú + 21.50 % i gcás íocaíochtaí cíosa agus léasa foirgnimh agus +15 % i gcás conarthaí cothabhála agus slándála, agus ó 2022 go 2024 gur mhéadaigh an meánchostas d’Fheisire a bhí ag taisteal chuig an mBruiséil agus uaithi ó EUR 1 200 go EUR 1 620; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil méadú tagtha ar líon aistrithe buiséadacha an Choiste ó 31 in 2023 go 42 in 2024, go páirteach chun conarthaí a bhfuil tionchar ag boilsciú agus innéacsú ard orthu a chumhdach; ag moladh chomhghníomhaíochtaí an Choiste agus CESE chun comhar idirinstitiúideach níos fearr a áirithiú tríd an digitiú agus trí iarrachtaí soláthair chomhpháirtigh; á chur in iúl gur geal léi bearta athnuaite coigilte fuinnimh an Choiste in 2024 atá ríthábhachtach chun éifeachtaí na gcostas fuinnimh atá ag dul i méid a mhaolú; á aithint, áfach, gur gá d’institiúidí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid trí luaineacht praghsanna a chur san áireamh freisin, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu le soláthraithe seirbhíse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar riarachán an Choiste bearta coigilte costais a shainaithint agus a chur chun feidhme go gníomhach, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as teicneolaíochtaí cruinnithe hibrideacha, trí úsáid foirgneamh a bharrfheabhsú, trí ghníomhaíochtaí riaracháin a chomhdhlúthú agus trí chostais lóistíochta neamhriachtanacha a laghdú; á iarraidh go bhfoilseofar tuarascálacha ar dhul chun cinn go rialta maidir leis na bearta a cuireadh chun feidhme agus an coigilteas a baineadh amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar na híocaíochtaí a rinneadh do chomhaltaí an Choiste, ó mhír bhuiséadach 1 0 0 4, ó EUR 7 955 968 in 2023 go EUR 8 036 613 in 2024, arb ionann é agus méadú 1 % (laghdú ó +20 % an bhliain roimhe sin); á thabhairt dá haire go ndearnadh 8 231 íocaíocht le haghaidh speansais taistil, 4 188 n-íocaíocht le haghaidh liúntais taistil, 7 303 íocaíocht le haghaidh liúntais chruinnithe le haghaidh rannpháirtíocht phearsanta agus 164 íocaíocht le haghaidh rannpháirtíocht chianda in 2024; á thabhairt dá haire ó obair leantach an Choiste ar na barúlacha sa rún ón bParlaimint maidir le hurscaoileadh 2023 (‘an tuarascáil leantach’) gur ghlac an Coiste sraith athbhreithnithe rialacha maidir le haisíocaíocht taistil agus íocaíocht liúntais le comhaltaí an Choiste in 2024 le roinnt beart arb é is aidhm dóibh costais neamhriachtanacha agus astaíochtaí carbóin a laghdú, mar a mhol an Pharlaimint i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú 13,60 % ar bhuiséad an mhisin (leithreasuithe na bliana reatha) ó EUR 420 833 in 2023 go EUR 478 050 in 2024 agus gur tháinig méadú thart ar 80 % ar ráta forghníomhaithe an bhuiséid sin in 2024 (cosúil le 2023); á thabhairt dá haire gurbh é ba chúis leis an méadú sin ná méadú ar líon na misean ó 574 in 2023 go 810 in 2024, a raibh 268 misean díobh nasctha le heagrú cruinnithe mullaigh in Mons ag an gCoiste chun comóradh 30 bliain an Choiste in 2024 a cheiliúradh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt faoi deara laghdú thart ar 10 % ar leithreasuithe na bliana reatha le haghaidh seirbhísí ateangaireachta, ó EUR 4,167 milliún in 2023 go EUR 3,737 milliún in 2024 agus ráta cur chun feidhme 64,80 % in 2024, síos ó 67,30 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire go leagtar síos le rialacha reatha an Choiste an liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh ag 50 % den ghnáthliúntas cruinnithe, agus is é EUR 367 an liúntas don dara ceann agus is é EUR 186,50 an liúntas don chéad cheann tar éis innéacsaithe; á thabhairt dá haire go raibh an méid iomlán a íocadh as liúntais chianchruinnithe fós íseal i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, tar éis filleadh suntasach ar chruinnithe ar an láthair a chlárú in 2023; á thabhairt dá haire, mar sin féin, gur tháinig méadú beag ar an méid a íocadh ó EUR 32 632 in 2023 go EUR 38 104 in 2024; á thabhairt dá haire ó fhreagraí an Choiste ar an gceistneoir a thíolaic Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh buiséadach 2024 (an ‘Cheistneoir) nach féidir ach cruinnithe de chomhlachtaí neamhreachtúla an Choiste a reáchtáil ar líne nó i bhformáid hibrideach, de bhrí go ndéantar faireachán ar rannpháirtíocht chianda tríd an ardán Interactio agus trí chomhaid .csv a bhaint as; á iarraidh ar an gCoiste trédhearcacht agus comhréireacht córas an liúntais rannpháirtíochta chianda a neartú chun muinín an phobail a threisiú agus á chur i bhfáth nach mór údar maith a bheith le cúiteamh airgeadais as cianfhreastal; á mheas, cé gur ionstraim thábhachtach d’institiúidí nua-aimseartha é cianfhreastal, ós rud é go laghdaíonn sé costais cruinnithe agus go gcumasaíonn sé rannpháirtíocht níos leithne, go bhféadfadh leithdháileadh liúntais laghdaithe ar chomhlachtaí an Choiste a ghlacann páirt go cianda i gcruinnithe, atá teoranta do chineálacha áirithe imeachtaí, a bheith ina bheart comhréireach agus cothrom d’fhreagracht na gComhaltaí agus dá gceanglais ullmhachta; ag tabhairt dá haire, áfach, a thábhachtaí atá sé trédhearcacht agus comhréireacht a áirithiú maidir le leibhéal na liúntas sin, go príomha i gcás ina bhfuil difríochtaí ann idir comhlachtaí an Aontais maidir le cianfhreastal; á mheas go bhfuil gá le húdar breise maidir le cost-éifeachtacht, comhréireacht agus inghlacthacht phoiblí mar gheall ar leibhéal reatha an liúntais cianchruinnithe; á iarraidh go mbainfí úsáid níos leithne agus níos córasaí as formáidí cruinnithe ar líne agus hibrideacha, i gcás inarb iomchuí, chun caiteachas a bhaineann le taisteal a laghdú, costéifeachtúlacht a fheabhsú, tionchar ar an gcomhshaol a theorannú agus muinín an phobail as úsáid stuama chistí an Aontais a fheabhsú agus measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht rialacha an Choiste a chomhchuibhiú leis na rialacha a chuireann CESE i bhfeidhm, nó réasúnaíocht shoiléir agus thrédhearcach a sholáthar chun córas difreáilte a choinneáil ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir agus ón tuarascáil leantach gur tháinig laghdú ar an meán-am íocaíochta ó 21,88 lá in 2023 go 18,46 lá in 2024, d’ainneoin méadú breise ar líon na sonrasc próiseáilte; ag moladh an Choiste as leibhéal ard céatadáin (83 %) de shonraisc a fuarthas go leictreonach in 2024 a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á aithint go bhfuil ról bunúsach ag an gCoiste maidir le rannchuidiú le próisis forbartha beartais agus chinnteoireachta an Aontais trí ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach laistigh den Aontas, agus ar an gcaoi sin an Eoraip a thabhairt níos gaire dá saoránaigh agus dlisteanacht dhaonlathach reachtaíocht an Aontais a mhéadú; á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil go raibh tuairisciú fheidhmíocht an Choiste bunaithe ar 26 chuspóir le haghaidh 2024, mar chuid dá phlean oibríochtúil bliantúil, a ndearnadh measúnú ar a mbaint amach trí 87 dtáscaire chainníochtúla; á iarraidh ar an gCoiste na táscairí atá dírithe ar thorthaí agus ar thionchar a neartú tuilleadh chun tionchar agus breisluach ghníomhaíochtaí an Choiste ar bheartais an Aontais a léiriú ar bhealach níos fearr; de bhrí gur baineadh amach spriocanna fhormhór na dtáscairí sin (thart ar 74 %) le leibhéal 90 % nó níos mó, gur baineadh sé cinn amach go páirteach le leibhéal níos lú ná 90 % agus nár baineadh sé cinn amach; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur chuir sé timthriall cuimsitheach pleanála agus tuairiscithe chun feidhme, lena n-áirítear clár lárnach riosca a chruthú agus cleachtadh measúnaithe riosca do na cuspóirí uile sa phlean oibríochtúil bliantúil in 2024; ag moladh don Choiste leanúint de bheith ag obair ar an bhfeabhsú feidhmíochta chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtacht; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste réitigh athchóiritheacha agus nuálacha a thabhairt isteach, an riarachán a chuíchóiriú agus róil fhorluiteacha le comhlachtaí eile a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir ábharthacht agus luach straitéiseach na dtáscairí feidhmíochta agus á iarraidh ar an gCoiste a chreat táscairí a chomhdhlúthú tuilleadh, lena n-áiritheofar tuairisciú ar thorthaí agus ar thionchar seachas ar ghníomhaíocht riaracháin amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire go leanann an Coiste dá mhisean trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), tuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh, agus trí rúin, ina gcuirtear béim ar sheasaimh an Choiste maidir le hábhair shonracha; á thabhairt dá haire gur ghlac an Coiste 53 thuairim in 2024 (mar an gcéanna le 2023) agus ceithre rún (sé cinn in 2023); ag aithint éachtaí polaitiúla an Choiste in 2024 agus a róil maidir le dearcthaí áitiúla agus réigiúnacha a chomhtháthú i gceapadh beartas an Aontais, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil tionchair bhliantúil 2024 ón gCoiste (‘an Tuarascáil Tionchair’), an méid atá bainte amach go polaitiúil ag an gCoiste in 2024 maidir lena thrí thosaíocht pholaitiúla do 2020-2025, agus ar an gcaoi sin ról an Choiste a threisiú maidir le beartas an Aontais a mhúnlú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag ionchur an Choiste ó dhearbhuithe agus ó mholtaí ó thuairimí ar phríomhréimsí beartais an Aontais amhail an t-athrú aeráide, an dúlra, an fuinneamh agus an geilleagar glas (trí, e.g., an tuarascáil ‘Comhaontú Glas 2.0’ a raibh tionchar aici ar chonclúidí ón gComhairle agus an tuairim ón gCoiste maidir le Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj).</FIELD></FOOTNOTE>), iompar (trí, e.g., an tuairim ón gCoiste maidir leis an bpacáiste um Iompar Lasta a Ghlasú a raibh tionchar aige ar dhréacht-tuarascálacha ábhartha na Parlaiminte), agus sláinte (trí, e.g., an tuairim ón gCoiste maidir le Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2025 maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847 (IO L, 2025/327, 5.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/327/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a raibh tionchar aige ar an téacs comhréitigh deiridh); á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh tionchar ag na tograí a rinne an Coiste ar chinntí an Choimisiúin treoirthionscadal EUR 23 mhilliún a sheoladh chun réigiúin agus cathracha a chomhaoiniú chun daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a athimeascadh i margadh an tsaothair agus chun an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a sheoladh, an chéad phlean dá leithéid riamh, atá uaillmhianach, lena dtugtar aghaidh ar fhuinneamh, ar bhochtaineacht agus ar thithíocht inbhuanaithe agus á athdhearbhú gur ceart bunúsach é an rochtain ar thithíocht; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an dearbhú a glacadh ag Cruinniú Mullaigh Eorpach na Réigiún agus na gCathracha a tionóladh i mí an Mhárta 2024 in Mons ionchur ar fáil do Chlár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí agus do Threoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>i bhfianaise ról tábhachtach an Choiste maidir le dlisteanacht dhaonlathach reachtaíocht an Aontais a mhéadú trí chomhordú gníomhach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil a chur ar fáil, á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an gCoiste ina iarracht chun tuilleadh measúnuithe tionchair chríochaigh spriocdhírithe, comhréireacha agus fianaisebhunaithe a chur ar fáil i gcás ina gcuireann siad luach le próiseas reachtach; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil sásra lánfheidhme cruthaithe ag an gCoiste le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara chun tuairimí a bhailiú sula n-eiseoidh sé a thuairimí, a bhuí le rannpháirtíocht líonraí, comhghuaillíochtaí agus mol éagsúil áitiúil agus réigiúnach; á chur in iúl gur mór aici go gcuirtear guthanna na gcomhpháirtithe nach comhpháirtithe den Aontas iad san áireamh freisin trí, mar shampla, Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine agus tríd an gComhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an Coiste rannpháirteach ar bhealach níos leithne i dtimthriall polaitiúil agus reachtach an Aontais a bhuí lena chomhaontuithe comhair leis an gCoimisiún, leis an bParlaimint agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cuireadh a thabhairt do chomhaltaí an Choiste agus CESE chuig cruinnithe parlaiminteacha a thagann faoina réimsí inniúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna an Coiste cúig chomhairliúchán leis an Mol Réigiúnach in 2024, dhá chomhairliúchán leis an nGrúpa Saineolaithe um Choimhdeacht agus gur chuir sé dhá mheasúnú i gcrích chomh maith le dhá thuairim ‘Réidh don todhchaí’; á iarraidh ar an gCoiste leanúint d’ionchur úsáideach agus ábhartha a chur ar fáil, amhail sonraí ón láthair agus anailís, d’institiúidí an Aontais agus do thairbhithe eile bheartais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus is mór aici, gur lean an Coiste de bhearta a chur chun feidhme in 2024 chun feabhas a chur ar a bhainistiú inmheánach agus chun a riarachán a nuachóiriú, chun a phróisis a chuíchóiriú agus chun cost-éifeachtúlacht a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi úsáid fheabhsaithe uirlisí digiteacha, go háirithe na hiarrachtaí atá dírithe ar shimpliú, ar éifeachtúlacht riaracháin agus ar nósanna imeachta inmheánacha nach bhfuil gá leo a laghdú; ag cur suntas sa Cheistneoir agus sa Tuarascáil Bhliantúil sa dul chun cinn a rinneadh in 2024 maidir le digitiú agus barrfheabhsú an tsreafa oibre (e.g. meaisínaistriúchán le haghaidh gnáthchúraimí agus leathnú uirlisí Microsoft 365 agus SharePoint), coigilteas costais in oibríochtaí agus i saoráidí (e.g. cian-ateangaireacht, bearta coigilte fuinnimh agus córas oibre hibrideach), feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí (e.g. trí athchaibidlíocht conartha), simpliú rialacha agus nósanna imeachta agus 63 as 73 thionscadal curtha i gcrích agus laghdú 20 % ar líon na nósanna imeachta, chomh maith le roinnt gníomhaíochtaí eile i gcomhthéacs an phlean ‘Going for IMPact!’, ar mhaithe le riarachán an Choiste a nuachóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór measúnú córasach ar na tairbhí nithiúla a baineadh amach a bheith ag gabháil le hiarrachtaí nuachóirithe, lena n-áirítear gnóthachain intomhaiste maidir le héifeachtúlacht, coigilteas costais agus amanna próiseála; á iarraidh ar an gCoiste, dá bhrí sin, modheolaíocht a bhunú chun na feabhsuithe sin a chainníochtú agus chun tuairisciú a dhéanamh orthu go rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir agus ón Tuarascáil Bhliantúil na gníomhaíochtaí agus na bearta atá á ndéanamh ag an gCoiste chun timpeallacht rialaithe inmheánaigh atá simplithe ach láidir a bhaint amach; á thabhairt dá haire gur dhírigh cleachtadh féinmheasúnaithe rialaithe inmheánaigh 2024 ar bhainistiú airgeadais agus ar na gnéithe rialaithe inmheánaigh is ábhartha dóibh sin a chuireann buiséad an Choiste chun feidhme; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Coiste bailchríoch ar scagadh níos mó ná 500 post íogair, agus i ndiaidh an chleachta sin rinneadh bearta maolaitheacha, sásraí rialaithe agus rialacha soghluaisteachta a ghlacadh in 2024; á thabhairt dá haire gur leanadh le plean gníomhaíochta ilbhliantúil an Choiste maidir lena thimpeallacht rialaithe inmheánaigh a athbhreithniú agus a shimpliú trí ‘Cóineasú Tionscadail’ lena mbaineann sraith próiseas lena ndírítear ar fhaireachán agus ar thuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thionchar an Choiste i bhfíor-am; de bhrí gur cuireadh an dá phróiseas dheireanacha maidir le tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus leanúnachas gnó an Choiste chun feidhme go hiomlán in 2024; á thabhairt dá haire, maidir le creat rialaithe inmheánaigh nua an Choiste, gur baineadh garspriocanna eile amach freisin, lena n-áirítear uirlisí inghníomhaithe a chruthú le haghaidh cur chun feidhme tapa i gcás géarchéime, lena gcumhdaítear réimsí éagsúla amhail TF, cumarsáid, ciorcaid airgeadais agus cosaint sonraí, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir an Coiste nós imeachta atá digitithe agus simplithe go páirteach chun feidhme in 2024 le haghaidh sreafaí oibre airgeadais agus ceapadh gníomhaithe airgeadais; á thabhairt dá haire gur diúltaíodh 5,60 % de na hidirbhearta a fíoraíodh ex ante in 2024 lena gceartú nó go raibh siad faoi réir tuairimí diúltacha agus nár léiríodh aon saincheisteanna móra le rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a bhí dírithe ar idirbhearta airgeadais (de réir na modheolaíochta nua); á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig laghdú ar líon na dtuarascálacha ar eisceacht airgeadais i gcomparáid le 2023, gur cláraíodh dhá thuarascáil ar eisceacht riaracháin mar gheall ar neamhchomhlíonadh nósanna imeachta inmheánacha agus nach raibh aon dlíthíocht leanúnach ann a bhain le cinntí soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tionscnaíodh trí iniúchadh nua in 2024: maidir le feidhmíocht na seirbhísí lóistíochta arna seachadadh do chomhaltaí an Choiste, maidir le barrfheabhsú leithdháileadh na n-acmhainní daonna sa stiúrthóireacht aistriúcháin agus maidir le leordhóthanacht an tsoláthair agus na bainistíochta conarthaí; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir an dul chun cinn atá déanta maidir le hiniúchtaí leanúnacha ar phoist fholmha a bhainistiú, ar chosaint sonraí pearsanta agus ar fheidhmíocht na heagraíochta TF i gcomhsheirbhísí; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar na hábhair sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, go raibh 561 mball foirne san iomlán ag an gCoiste (gan saineolaithe náisiúnta ar iasacht, idirlinne, intra muros agus oiliúnaithe san áireamh), i gcomparáid le 559 in 2023; á thabhairt dá haire go raibh 73 ghníomhaire ar conradh, i gcomparáid le 74 ghníomhaire ar conradh in 2023 agus 102 ghníomhaire shealadacha, i gcomparáid le 96 ghníomhaire shealadacha in 2023, fostaithe ag an gCoiste ag deireadh 2024, as a raibh conradh neamhiata ag 22 ghníomhaire ar conradh, go raibh conradh teoranta ó thaobh ama de ag 51 ghníomhaire ar conradh, go raibh 49 ngníomhaire shealadacha ar phoist bhuana le conradh teoranta ó thaobh ama de, go raibh conradh neamhiata ag 50 gníomhaire sealadach agus go raibh post sealadach ag 3 ghníomhaire shealadacha; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 39 soláthraí seirbhíse seachtracha fostaithe ag an gCoiste a bhí ag obair intra muros; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé conarthaí buana a chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, chun scileanna, leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil agus chobhsaí a choinneáil, agus solúbthacht agus earcaíocht fhiúntasbhunaithe á gcaomhnú ag an am céanna i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla; ag tabhairt rabhadh i gcoinne spleáchas iomarcach ar sholáthraithe seirbhíse seachtracha; ag tabhairt dá haire gurbh é 96.40 % ráta líonta na bpost sa phlean bunaíochta in 2024 (laghdú ó 98 % in 2023) agus gurbh é 7.30 % an ráta láimhdeachais (méadú ó 6.60 % in 2023), faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt dá haire gur fhostaigh an Coiste 51 oiliúnaí faoi scéim Cicero in 2024, de bhrí go n-íoctar deontas míosúil le hoiliúnaithe an Choiste agus go bhfuil na dálaí oibre céanna acu agus atá ag an bhfoireann, lena n-áirítear an rogha teilea-obair a dhéanamh; á chur i dtábhacht arís gur cheart luach saothair a thabhairt d’oiliúnuithe i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le Cláir Oiliúna Ardcháilíochta san Aontas (2020/2005(INL), ina iarrtar go n-íocfar as gach intéirneacht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, nár bhain an Coiste paireacht inscne amach go fóill i bpoist cheannaireachta, ach ag aithint an dul chun cinn suntasach a rinneadh faoi straitéis agus plean gníomhaíochta cúig bliana an Choiste maidir le héagsúlacht agus cuimsiú do 2022-2026; á chur in iúl gur geal léi toghadh Uachtarán mná ar an gCoiste in 2025, lena n-athdhearbhaítear tiomantas na hinstitiúide comhionannas inscne a chur chun cinn ar an leibhéal polaitiúil is airde agus ag spreagadh an Choiste leanúint dá iarrachtaí ionadaíocht na mban i bpoist cheannaireachta a mhéadú, agus béim á leagan ag an am céanna gurb iad fiúntas agus cáilíochtaí gairmiúla na príomhchritéir le haghaidh ceapacháin i gcónaí; á thabhairt dá haire, ag deireadh 2024, go raibh 57,2 % de mhná agus 42,8 % d’fhir fostaithe ag an gCoiste, arb iad na cionta céanna agus a bhí ann in 2023; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig laghdú ar chion na mban i bpoist ardbhainistíochta ó 44.4 % in 2023 go 33.3 % in 2024 (tháinig méadú air arís go 44.4 % in 2025) agus gur tháinig laghdú ar chion na mban sa mheánbhainistíocht ó 32.50 % in 2023 go 29.7 % in 2024; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir na bearta chun rannpháirtíocht níos mó na mban i róil bhainistíochta a spreagadh, lena n-áirítear trí dheiseanna oiliúna agus cóitseála spriocdhírithe d’fhoireann na mban atá ag iarraidh poist bhainistíochta a bhaint amach, agus trí shocruithe oibre níos solúbtha a chur chun cinn; á athdhearbhú gur príomhchuspóir institiúideach é cothromaíocht inscne fhadtéarmach a bhaint amach i bpoist bhainistíochta agus ag dréim leis go nglacfaidh an Coiste plean gníomhaíochta nithiúil atá faoi cheangal ama ina mbeidh spriocanna intomhaiste, garspriocanna idirmheánacha agus tuairisciú bliantúil; á iarraidh ar an gCoiste a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na paireachta agus go gcuirfear in iúl go poiblí é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag moladh an Choiste as a chuid gníomhaíochtaí chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn i measc a chomhaltaí freisin, go háirithe trí litreacha a sheoladh chuig an gComhairle maidir le folúntais agus trí thacú leis na buanionadaíochtaí agus le comhlachais náisiúnta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a bhfuil baint acu leis an bpróiseas ainmniúcháin; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach gur tháinig méadú idir an dá linn ar chéatadán na gcomhaltaí ar mná iad ó 23.40 % in 2020 go 28.7 % in 2025; á chur in iúl gur mór aici go n-áirítear i rialacha nós imeachta nua an Choiste, a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa 2024, spriocanna sainráite chun cothromaíocht inscne a fheabhsú, go háirithe i gcomhdhéanamh Bhiúró an Choiste; ag spreagadh an Choiste leanúint den chothromaíocht inscne a chur chun cinn, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh ceapacháin bunaithe ar fhiúntas, ar thaithí ghairmiúil agus ar cháilíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag moladh an Choiste as comórtas inmheánach a eagrú in 2024 chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais earcaíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, chun leanúnachas gnó a áirithiú agus chun foirne a bhfuil taithí acu a choinneáil, agus ar an gcaoi sin an bhearna a líonadh a cruthaíodh mar gheall ar easpa liostaí ionadaithe ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO); á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur cuireadh 72 iarrthóir ar liosta ionadaithe an Choiste, ar earcaíodh 46 iarrthóir díobh cheana féin i ngráid éagsúla, AST agus AD araon, amhail ón 1 Meán Fómhair 2025; ag dréim leis, mar thoradh air sin, go dtiocfaidh laghdú ar líon na ngníomhairí sealadacha agus na ngníomhairí ar conradh atá fostaithe ag an gCoiste ó 2025 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar thoradh ar threoirthionscadal maidir le córas oibre hibrideach agus suirbhé ar shástacht na foirne a seoladh in 2022, gur ghlac an Coiste cinneadh an 1 Eanáir 2024 a bheadh infheidhm ón 1 Feabhra 2024 lena bhforáiltear do chóras oibre hibrideach agus sceideal oibre seachtainiúil pearsantaithe do gach ball foirne, chomh maith leis an bhféidearthacht oibriú ón mbaile ar suas le 60 % d’am oibre an bhaill foirne (seachas catagóirí foirne nach bhfuil comhoiriúnach leis an teilea-obair) agus oibriú ó lasmuigh de chathair na fostaíochta suas le 15 lá in aghaidh na bliana; á aithint go bhfuil sé d’aidhm ag na bearta sin feabhas a chur ar an gcothromaíocht oibre is saoil agus éifeachtúlacht oibríochtúil agus sásamh foirne á gcoinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur léirigh 89 % díobh sin a d’fhreagair suirbhé foirne 2025 go raibh siad sásta le socruithe solúbtha oibre an Choiste; de bhrí go bhféadfadh tionchar aige sin ar líon na laethanta saoire breoiteachta a thógann foireann an Choiste; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go gcoinnítear an treocht laghdaitheach maidir le líon iomlán na laethanta saoire breoiteachta, le 7 303 lá in 2024 i gcomparáid le 7 544 lá in 2023, ach: - tháinig laghdú ar líon na foirne gan saoire bhreoiteachta ó 211 (nó 36 % den fhoireann ar fad) in 2023 go 196 (nó 34 %) in 2024; - mhéadaigh líon na foirne ar shaoire bhreoiteachta ar feadh níos lú ná seacht lá 201 (nó 35 % den fhoireann ar fad) in 2023 go 211 (nó 36 % in 2024) agus; - tháinig méadú ar líon na foirne ar shaoire bhreoiteachta ar feadh tréimhse idir 7,5 agus 21 lá ó 92 (nó 16 % den fhoireann ar fad) in 2023 go 96 (nó 16 % den fhoireann ar fad) in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig laghdú ar líon na gcásanna traochta ó 18 in 2023 go 6 in 2024; ag moladh an Choiste as a chur chuige réamhghníomhach chun traochadh a chosc, trí dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bhfoireann ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach trí bhearta saincheaptha lena mbaineann teagmháil rialta leis an bhfoireann faoi seach agus ionchur ó shaineolaithe leighis; á thabhairt dá haire thairis sin gur éirigh leis an gCoiste triúr bhall foirne a athimeascadh in 2024 tar éis neamhláithreacht fhadtéarmach mar thoradh ar thraochadh, a bhuí le hobair leantach phearsantaithe ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí coisctheacha an Choiste a rinneadh in 2024 chun sláinte agus folláine ag an obair a fheabhsú, amhail seisiúin foirne ar an láthair a thairiscint le speisialtóirí paraimhíochaine (fisiteiripeoir, oistéapait, oiliúnóirí arna bhfostú faoi chreatchonradh) agus comhdhálacha múscailte feasachta maidir leis an tsláinte a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean an Coiste d’fheasacht a mhúscailt in 2024 maidir leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun ciapadh san ionad oibre a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir lena Chinneadh an 26 Aibreán 2021 maidir le dínit a chosaint ag an obair, coinbhleacht a bhainistiú agus ciapadh a chomhrac, go háirithe trí threoir thiomnaithe, cumarsáid inmheánach (nuachtlitir dhésheachtainiúil acmhainní daonna) agus roinnt seisiún faisnéise a eagrú don fhoireann agus do bhainisteoirí, lena n-áirítear oiliúint éigeantach maidir le heitic agus ionracas; á thabhairt dá haire gur chláraigh an Coiste ceithre chás nua de chiapadh líomhnaithe in 2024, ach gur bhain cás amháin le gnéaschiapadh agus gur tugadh cás amháin os comhair phóilíní na Beilge trí ghearán foirmiúil; á thabhairt dá haire gur cuireadh nósanna imeachta bunaithe (réamh-mheasúnú, fiosrúchán riaracháin, bearta réamhchúraim etc.) i bhfeidhm agus á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir le toradh na gcásanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag moladh an Choiste as a áirithiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar aon cheann de tháirgí digiteacha an Choiste nó iad a úsáid trí na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán a chur i bhfeidhm; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go ndearnadh ardán HReForms an Choiste a uasghrádú in 2024 agus inrochtaineacht mar bhunriachtanas, le gnéithe lena n-áirítear codarsnacht datha fheabhsaithe, loingseoireacht mhéarchláir agus téacs malartach, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-eisíocann an Coiste cóiríocht le hiarrthóirí faoi mhíchumas, rud a áirithíonn nósanna imeachta roghnúcháin cothroma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go raibh foireann á fostú ag an gCoiste a dhéanann ionadaíocht ar náisiúntachtaí uile an Aontais (agus ar bhall foirne amháin de náisiúntacht na hÚcráine), agus go raibh ró-ionadaíocht á déanamh ar chuid acu; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste arb é is aidhm dóibh cothromaíocht a bhaint amach idir an dáileadh geografach i measc a fhoirne in 2024, trí thionscnaimh for-rochtana spriocdhírithe lena mealltar iarrthóirí ó thíortha faoi ghannionadaíocht; á thabhairt dá haire gur áiríodh sna tionscnaimh sin úsáid mhéadaithe ardán digiteach agus na meán sóisialta chun borradh a chur faoi infheictheacht folúntas, rannpháirtíocht dhíreach le buanionadaíochtaí na mBallstát, cuir i láthair do spriocphobail chun rannpháirtíocht i nósanna imeachta roghnúcháin an Choiste a spreagadh agus anailís a dhéanamh ar threochtaí iarratais; á thabhairt dá haire go raibh toradh dearfach ar na bearta sin cheana féin in 2024, amhail líon méadaithe iarratas ar phoist a fuarthas, lena n-áirítear ó thíortha faoi ghannionadaíocht; á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, comhoibriú an Choiste le EPSO agus le hinstitiúidí eile an Aontais chun an díorma iarrthóirí a éagsúlú, dea-chleachtais a chomhroinnt agus iarrachtaí a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí ionadaíochta ar fud riarachán an Aontais; á iarraidh ar an gCoiste leanúint de bhearta a dhéanamh lena bhféachtar le dáileadh geografach níos cothroime a bhaint amach, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi threochtaí na n-iarratas ar phoist a fhaigheann an Coiste ó thréimhse amháin go tréimhse eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé sóisialta láidir agus struchtúrtha i bpróisis athraithe eagraíochtúla le linn 2024; ag spreagadh an Choiste rannpháirtíocht chórasach ionadaithe foirne a choinneáil agus a neartú tuilleadh in athchóirithe a bhaineann, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, le digitiú, atheagrú inmheánach agus modhanna oibre nua;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne na Coistí in 2023 chun rialacha agus cleachtais eiticiúla a chomhdhlúthú i gcreat dlíthiúil eiticiúil aonair (Cinneadh Uimh. 157/2023) lena gcumhdaítear nós imeachta araíonachta, dínit ag an obair, bainistiú coinbhleachta, ciapadh a chomhrac, gníomhaíochtaí seachtracha agus sceithireacht i measc nithe eile; á thabhairt dá haire gurb í 2024 an chéad bhliain de chur chun feidhme an chreata nua sin; á thabhairt dá haire gur chuir an Coiste cúrsaí oiliúna éigeantacha ar fáil go minic maidir le heitic agus ionracas, sceithireacht agus coinbhleachtaí leasa a chosc do ghrúpaí éagsúla foirne, ó dhaoine nua, bainisteoirí agus foireann ar an iomlán in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt dá haire nár thuairiscigh an Coiste aon chás don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) ná don Ombudsman Eorpach in 2024, agus nach raibh sé faoi réir aon imscrúdaithe acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheabhrú gur ghlac an Coiste Rialachán Uimh. 6/2023 an 4 Iúil 2023 lena leagtar síos bearta trédhearcachta a dhíríonn ar chomhaltaí i seilbh oifige agus ar rapóirtéirí; de bhrí go dtagraíonn na bearta sin don chuireadh do chomhaltaí atá i seilbh oifige agus don rapóirtéir gan bualadh ach le hionadaithe sainleasa atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta agus aon chruinnithe le hionadaithe sainleasa a thionólann siad ina gcáil mar chomhaltaí den Choiste a nochtadh go poiblí; á thabhairt dá haire gur thuairiscigh comhalta amháin den Choiste cruinniú le hionadaí sainleasa in 2024; ag moladh, sa chomhthéacs sin, an Choiste as dul isteach go foirmiúil i gClár Trédhearcachta an Aontais an 1 Eanáir 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir na prionsabail agus na sásraí a chuir an Coiste chun feidhme in 2024 chun trédhearcacht a chur chun cinn i réimsí éagsúla, amhail bainistiú buiséadach agus airgeadais, tuairisciú, comhar iniúchóireachta, acmhainní daonna, soláthar poiblí, rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus bainistiú taifead;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí athnuaite an Choiste maidir le coinbhleachtaí leasa a bhrath agus a chosc in 2024; á thabhairt dá haire, a bhuí le Cinneadh Uimh. 157/2023 uiadh, gur shainigh an Coiste coincheap na gcoinbhleachtaí leasa agus go bhfuil sásra curtha i bhfeidhm aige chun é a bhrath agus a chosc trína gceanglaítear ar fhoireann a dhearbhú an bhféadfadh coinbhleacht leasa (a d’fhéadfadh nó is féidir) a bheith acu, trí fhoirm a líonadh isteach ag príomhphointí éagsúla dá ngairmréim nó dá ngníomhaíochtaí gairmiúla; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir go ndéantar an fhaisnéis bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí gairme iaroifigeach sinsearach a fhoilsiú ar bhealach trédhearcach ar shuíomh gréasáin an Choiste agus go bhfuil toirmeasc orthu páirt a ghlacadh in aon bhrústocaireacht nó abhcóideacht i leith an Choiste don chéad 12 mhí tar éis dóibh a bpoist sa Choiste a fhágáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir nár braitheadh aon choinbhleachtaí leasa laistigh den Choiste in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir comhalta den Choiste imní in iúl maidir le coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh teacht as íocaíocht a fháil chun staidéar tacaíochta teicniúla a dhréachtú d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa nó do ghrúpa polaitiúil de chuid na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi an deimhniú a fuarthas le linn an nós imeachta um urscaoileadh nár ghlac an comhalta den Choiste atá i gceist leis an bpost atá i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna sceithireachta don Choiste in 2024; ag tabhairt dá haire nár ghlac an Coiste aon bhearta nua maidir le sceithireacht in 2024 agus gur lean sé de bheith ag brath ar na bearta atá i bhfeidhm ó 2015 agus iad a chur chun cinn trí oiliúint eitice agus múscailt feasachta; ag tacú le hoiliúint eitice éigeantach rialta do bhaill foirne agus don leibhéal bainistíochta araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh sraith beart agus gníomhaíochtaí frithchalaoise i bhfeidhm ag an gCoiste, gníomhaíochtaí is infheidhme maidir lena chomhaltaí agus lena fhoireann, ar bearta agus gníomhaíochtaí a bhíonn á gcur chun feidhme ag seirbhísí éagsúla; á chur in iúl gur oth léi nach raibh aon straitéis frithchalaoise i bhfeidhm in 2024; á thabhairt dá haire, mar sin féin, ón gCeistneoir gur ghlac an Coiste in 2025 creat comhdhlúite frithchalaoise atá mar chéim idirmheánach chun straitéis chuimsitheach frithchalaoise a fhorbairt, de bhrí go soláthróidh OLAF an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an cuspóir sin a bhaint amach; ag tathant ar an gCoiste tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus do chur chun feidhme iomlán na straitéise sin, lena n-áirítear measúnú riosca, cosc, brath agus bearta leantacha; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 13,70 milliún buiséad comhcheangailte TF an Choiste agus CESE in 2024, i gcomparáid le EUR 12,70 milliún in 2023, i.e. laghdú thart ar 7,90 %, de bhrí gur íocadh EUR 760 000 den bhuiséad sin (nó thart ar 6 %) ar chibearshlándáil in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur chuir an Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise straitéis dhigiteach ilbhliantúil nua chun feidhme in 2024-2026 lena dtugtar tús áite do bhainistiú taifead digiteach, sreafaí oibre leictreonacha, ríomhshínithe agus réitigh néalbhunaithe agus lena ndírítear ar cheithre chlár shuaitheanta — M365 Ionad Oibre Digiteach, ARES, EdiT, agus Cibearshlándáil — chun comhar, uathoibriú agus athléimneacht institiúideach a fheabhsú; á thabhairt chun suntais dul chun cinn chlár M365, lena n-áirítear pleanáil imirce chuig SharePoint Online, cur in úsáid Windows 11 agus M365 Apps, agus straitéis na hIntleachta Saorga a fhorbairt le treochlár do Copilot píolótach M365 in 2025; á thabhairt dá haire gur thosaigh an Coiste ar chóras bainistithe doiciméad HAN a chur in úsáid agus go ndearna sé dul chun cinn i dtreo eagarthóir XML EdiT a ghlacadh le haghaidh dréachtú reachtach; á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú i dtreo na cibearshlándála mar fhreagracht chomhroinnte, le tionscnaimh oiliúna nua agus plean ilbhliantúil atá ailínithe le caighdeáin an Aontais; ag aithint feabhsuithe ar bhainistiú taifead, ar bhonneagar, agus ar uirlisí cumarsáide slána, lena n-áirítear ríomhphost SECABC, aistriú sonraí SACHA, agus córais bhainistíochta críochphointe; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag an gCoiste sa nuálaíocht dhigiteach, lena n-áirítear an t-aistriú chuig timpeallacht oibre atá go hiomlán gan pháipéar agus slán ó thaobh na cibearshlándála de; ag moladh Phlean Oibre 2025-2027 ‘Teach na Réigiún’ as tús áite a thabhairt don chlaochlú digiteach chun institiúid nua-aimseartha, lúfar agus digiteach a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thug an Coiste treoirthionscadal na hIntleachta Saorga isteach de réir a chéile ar a dtugtar ‘Panoramic AI’ lena gcruthaítear mol lárnach lena gcuíchóirítear rochtain ar ábhar casta ó 2024 ar aghaidh; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil uirlisí na hIntleachta Saorga um an Choimisiúin á n-úsáid go gníomhach ag an gCoiste le haghaidh aistriúcháin, achoimrí etc. agus gur ghlac sé páirt mar úsáideoir píolótach chun réiteach píolótach IS GPT@JRC a thástáil; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur bunaíodh bonnlíne le treoirlínte Intleachta Saorga an Choiste a glacadh in 2023 maidir leis an gcaoi a bhféadfadh baill foirne triail a bhaint as an Intleacht Shaorga, chun Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme, a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa 2024, agus chun roghanna malartacha corparáideacha a fhorbairt atá i gcomhréir le cosaint sonraí agus caighdeáin eiticiúla; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur eagraíodh seisiúin faisnéise do bhaill foirne chun treoirlínte Intleachta Saorga a mhíniú, gur foilsíodh nóta maidir le litearthacht Intleachta Saorga do bhaill foirne agus gur eagraíodh ceardlanna chun feasacht a mhúscailt maidir leis an Intleacht Shaorga in 2024 agus ag moladh go leanfaí den chleachtas sin, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna rialta maidir le húsáid shábháilte, eiticiúil agus éifeachtúil na hIntleachta Saorga agus cúrsaí oiliúna rialta maidir leis an gcibearshlándáil; ag aithint an bhreisluacha a bhaineann le huirlisí Intleachta Saorga lena gcuirtear borradh faoin táirgiúlacht phearsanta amhail M365 Copilot agus cumais Intleachta Saorga a chomhtháthú in uirlisí tacaíochta TF; á chur i bhfáth nach mór an Intleachta Shaorga a úsáid agus dianphrionsabail á ráthú maidir le húsáid eiticiúil, trédhearcacht, cosaint sonraí, formhaoirseacht dhaonna, agus cosaint ar chlaontacht algartamach nó ar mhí-úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir, tar éis neamart nós imeachta a dhéanamh trína oifigeach cosanta sonraí a athrú gan toiliú a fháil roimh ré ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), gur aithin an Coiste an earráid agus go ndearna sé gníomhaíocht cheartaitheach; á aithint go raibh aistriú fheidhm an oifigigh cosanta sonraí chuig an tSeirbhís Dlí bunaithe ar mholadh ó iniúchóir inmheánach; á thabhairt dá haire gur athbhunaigh an Coiste an t-iaroifigeach cosanta sonraí agus gur iarr sé toiliú foirmiúil MECS don cheapachán nua chun comhlíonadh iomlán a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir nach ndearnadh aon chibirionsaithe rathúla ar an gCoiste in 2024, ós rud é go ndearna na bearta braite agus coisctheacha a bhí ann cheana gach iarracht ar bhagairtí a choinneáil faoi smacht go héifeachtach; á thabhairt dá haire go ndearna an Coiste roinnt gníomhaíochtaí chun a chreat cibearshlándála agus cosanta sonraí a neartú trí choinneáil cothrom le dáta leis na forbairtí agus na dea-chleachtais is déanaí sna réimsí sin in 2024; á thabhairt dá haire gur áiríodh ar chuid de na gníomhaíochtaí sin rannpháirtíocht na mball foirne ábhartha sa chleachtadh ‘Feasacht ar Shárú Sonraí Pearsanta i Láimhseáil Teagmhas Cibearshlándála’ arna eagrú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus MECS, rannpháirtíocht i Mí Eorpach na Cibearshlándála 2024 agus sna seisiúin feasachta agus seisiúin oiliúna ionduchtaithe phearsanta don fhoireann, go háirithe do dhaoine nua; á mholadh go leanfaí leis an gcleachtas sin, lena n-áirítear oiliúint rialta maidir leis an gcibearshlándáil a eagrú; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur tugadh isteach fíordheimhniú dhá fhachtóir chun slándáil rochtana a fheabhsú, aistriú chóras bainistithe inneachair shuíomh gréasáin an Choiste chuig ardán nua (Drupal) lena n-áirithítear athléimneacht agus inoiriúnaitheacht fheabhsaithe, agus an dlúthchomhar leanúnach le CERT-EU chun faireachán fíor-ama a dhéanamh ar bhagairtí agus chun cosaint a thabhairt ar ionsaithe DDoS dáilte; á thabhairt dá haire gur thionscain an Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise clár claochlaithe dhigitigh agus cibearshlándála i gcomhréir le caighdeáin an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Creat Cibearshlándála NIST, agus Tionscadal Slándála maidir le Feidhmchláir Oscailte Dhomhanda (OWASP), arb é is aidhm dó athléimneacht, bainistiú riosca, cosaint sonraí agus gnéithe eile rialachais a threisiú ar fud an Choiste;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 18,963 milliún buiséad an Choiste (leithreasuithe na bliana reatha) in 2024 (i gcomparáid le EUR 18,594 milliún in 2023) agus ráta forghníomhaithe íocaíochta 92 % ann (i gcomparáid le 93,70 % in 2023); á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur shábháil an Coiste EUR 108 000 i seirbhísí glantacháin le linn tréimhsí ina raibh níos lú daoine i láthair i bhfoirgnimh an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt dá haire, ón Tuarascáil Bhliantúil, gur tháinig an Coiste ar an gconclúid gur baineadh amach ceann dá phríomhthosaíochtaí a leagadh síos in 2017, i.e. ‘comhchruinniú geografach na bhfoirgneamh’; á thabhairt dá haire go bhfuil an Coiste den tuairim go réitíonn cur chun feidhme rathúil an chórais oibre hibridigh nua an bealach le haghaidh tuilleadh coigilteas costais trí laghdú spáis; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur sheol an Coiste tionscadal SPaCES ag deireadh 2024 chun cleachtais oibre agus spásanna oibre araon laistigh den Choiste a athrú ó bhonn, lena n-áirítear trí fheisteas an áitribh a mhodhnú, de bhrí gurb é an chéad chéim den tionscadal sin foireann atá lonnaithe i bhfoirgneamh B100 a athlonnú; á thabhairt dá haire, tar éis cinneadh comhpháirteach ón gCoiste le CESE, go dtiocfaidh deireadh le léas an fhoirgnimh sin i mí Lúnasa 2026; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á thabhairt dá haire gur leanadh d’oibreacha athchóirithe ar fhoirgneamh VMA in 2024; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go n-áiritheofar le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí cliste a shuiteáiltear in VMA spás oifige solúbtha a sheasfaidh an aimsir agus compord úsáideora optamach ar leibhéil éagsúla, rud a rannchuideoidh le tuilleadh laghduithe thart ar EUR 13 000 in aghaidh na bliana ar thomhaltas fuinnimh (bunaithe ar mheánphraghsanna leictreachais agus gáis 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste agus CESE do phrionsabal ‘dearadh uilíoch’ a chur i bhfeidhm go córasach ar a mbonneagar, lena n-áirithítear inrochtaineacht ar a bhfoirgneamh trí dhearadh; á thabhairt dá haire gur ghlac na Coistí sraith beart éagsúil chun inrochtaineacht a gcuid foirgneamh a áirithiú do dhaoine faoi chineálacha éagsúla míchumais (úsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine dalla agus lagamhairc, daoine bodhra, daoine scothaosta a bhfuil fadhbanna matáin nó soithíocha acu);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean an Coiste de chleachtais ghlasa éagsúla a chur chun feidhme in 2024, amhail infheistíochtaí i gcórais soilsithe nuálacha atá tíosach ar fhuinneamh, méadair fuinnimh, braiteoirí atá suiteáilte i saoráidí criticiúla chun faireachán a dhéanamh ar leibhéil CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING>, rialáil teochtaí tógála (aerchóiriú, téamh) ag brath ar thréimhse na bliana agus leictreachas glas 100 % a cheannach, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire go gcuireann an Coiste critéir chomhshaoil i bhfeidhm i ngach nós imeachta tairisceana agus i ngach clásal inbhuanaitheachta le haghaidh tairiscintí os cionn EUR 25 000, chomh maith le clásail shaincheaptha le haghaidh tairiscintí a bhfuil tionchar mór acu ar an gcomhshaol nó atá os cionn EUR 60 000; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil gnéithe comhshaoil á gcomhtháthú ag an gCoiste ina chóras bainistithe riosca agus ina chroíphróisis ghnó agus go bhfuil pointí teagmhála ón Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) ainmnithe aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici tiomantas an Choiste beartas soghluaisteachta inbhuanaithe a chur chun cinn dá fhoireann; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur thug an Coiste liúntas rothair ar ráta comhréidh EUR 100 isteach in 2024 d’fhostaithe a úsáideann rothar mar phríomh-mhodh comaitéireachta, gur leathnaigh sé a chumas páirceála rothar agus gur eagraigh sé quizeanna bricfeasta agus téamaí soghluaisteachta; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur féidir leis na baill foirne, ó 2024 ar aghaidh, eisíocaíocht 50 % den chostas síntiúis a iarraidh le haghaidh taisteal traenach den dara grád (suas le hachar uasta 60 km);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir, a bhuí lena bhearta coigilte fuinnimh, gur tháinig laghdú measta 3-4 % ar thomhaltas fuinnimh an Choiste in 2024 i gcomparáid le 2022; á thabhairt dá haire gur sháraigh an Coiste cuspóirí EMAS do 2024 i ngach réimse (leictreachas, gás, uisce, dramhaíl, sórtáil dramhaíola, páipéar le haghaidh úsáid oifige, astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING>), agus an bhliain 2019 mar bhonnlíne; á thabhairt dá haire, i gcomparáid le 2023, gur tháinig méadú beag 14 % agus 1 % ar thomhaltas uisce agus páipéir, faoi seach, agus gur tháinig laghdú 4.3 % ar astaíochtaí carbóin ó ghníomhaíochtaí riaracháin an Choiste, agus gur tháinig laghdú 5 % agus 1 % ar úsáid leictreachais agus gáis, faoi seach, agus gur tháinig laghdú 12 % ar tháirgeadh dramhaíola freisin in 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi athnuachan in 2024 ar chomhaontuithe comhair an Choiste leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún lena leagtar síos an bonn do rannpháirtíocht institiúideach níos láidre an Choiste ag gach céim de phróiseas reachtach an Aontais maidir le beartais éagsúla (amhail forbairt réigiúnach, beartas aeráide agus comhtháthú sóisialta) a théann níos faide ná beartais a bhfuil stair sheanbhunaithe comhair ann ina leith; á thabhairt dá haire go n-áirítear forálacha níos láidre sna comhaontuithe sin freisin maidir le comhar i ndáil le measúnuithe tionchair chríochaigh; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir gur bhuail Comhdháil na nUachtarán leis an Leas-Uachtarán den Pharlaimint atá i gceannas ar an gcaidreamh leis an gCoiste an 13 Deireadh Fómhair 2024 chun plé a dhéanamh ar an gcomhar a neartú trí, i measc nithe eile, cleachtas na gcruinnithe comhpháirteacha a spreagadh, go háirithe ar leibhéal an choiste agus ar leibhéal an rapóirtéara, rannpháirtíocht an Choiste i bpléití tríthaobhacha agus comhar lóistíochta le linn oibreacha i bhfoirgneamh SPAAK na Parlaiminte; á thabhairt dá haire gur bhuail comhaltaí an Choiste leis an gComhairle agus leis na Buanionadaíochtaí in 2024 agus gur ghlac siad páirt sna himeachtaí a d’eagraigh Uachtaránacht na Comhairle, chun a áirithiú go léireofar seasaimh an Choiste i reachtaíocht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas buiséadach agus riaracháin a baineadh amach trí chomhar idirinstitiúideach, agus go háirithe an dlúthchomhar a bunaíodh ar an leibhéal riaracháin le CESE, lena gcomhroinneann an Coiste áitribh agus seirbhísí comhpháirteacha i réimsí an aistriúcháin, an bhonneagair, na seirbhísí leighis, na lónadóireachta, na lóistíochta agus TF, chomh maith le clár comhpháirteach cosanta sonraí, ina bhfuil 470 ball foirne agus níos mó ná EUR 68 milliún (EUR 140 milliún má chuirtear costais a bhaineann le tuarastail san áireamh) arna gcomhthiomsú ag an dá institiúid in 2024; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an coigilteas sin a atreorú i dtreo ghníomhaíochtaí polaitiúla an Choiste, rud a neartaigh a chumas a shainordú a chomhlíonadh; á aithint go bhfuil gnóthachain éifeachtúlachta agus coigilteas buiséadach ó chomhoibriú an dá institiúid suntasach, go dtí na deicheanna milliún euro in aghaidh na bliana i gcomparáid le gach coiste a bheith ag oibriú na seirbhísí sin go neamhspleách; ag athdhearbhú a hiarrata an comhar sin a leathnú a mhéid is féidir, a mhéid a bhaineann le riarachán aonair a bhunú do na seirbhísí comhpháirteacha, agus na seirbhísí agus an t-aonad atá i gceannas ar a bpríomh-shainorduithe neamhspleácha a choinneáil ar leithligh; ag moladh don Choiste agus CESE leanúint dá n-iarrachtaí comhar agus sineirgí breise a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuardach an Choiste ar shineirgí trí sheirbhísí a cheannach ó institiúidí eile trí chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus trí pháirt a ghlacadh i gcomhlachtaí comhordaithe idirinstitiúideacha agus i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha; á thabhairt dá haire gur bhain an Coiste sineirgí suntasacha amach i réimse na n-imeachtaí agus na cumarsáide trí Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha a eagrú i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, i measc nithe eile, an chomhdháil bhliantúil do chumarsáidithe poiblí ar a dtugtar ‘EuroPCom’ in 2024; á chur in iúl gur geal léi gur cumascadh Líonra Eorpach na gComhairleoirí Áitiúla agus Réigiúnacha in 2024 agus líonra an Choimisiúin ‘An Eoraip a Thógáil le Comhairleoirí Áitiúla’ ina líonra aonair ‘Comhairleoirí Áitiúla an Aontais’ a bhainistítear go comhpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Coiste leis an gCoimisiún (ar tháille bhliantúil) chun cúrsaí acmhainní daonna a láimhseáil agus chun ardáin TF éagsúla a úsáid le haghaidh bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna agus gur chuir an Coimisiún córas TF an Choiste ar a dtugtar LORDIMAS san áireamh in 2024 mar phríomhuirlis TF chun claochlú digiteach ag cathracha a thomhas; á thabhairt dá haire tuilleadh go ndéanann an Coiste a sheisiúin iomlánacha in áitreabh na Parlaiminte agus an Choimisiúin mar chúiteamh ar an easpa spáis ina sheomraí comhdhála féin agus go gceannaíonn an Coiste seirbhísí ateangaireachta ón dá institiúid sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndíríonn gníomhaíochtaí cumarsáide an Choiste ar an gcaidreamh leis an bpreas, ar imeachtaí agus ábhar digiteach a eagrú agus ar na meáin shóisialta ag a bhfuil buiséad iomlán (leithreasuithe na bliana reatha) de thart ar EUR 2,3 milliún in 2024, i.e., thart ar EUR 500 000 níos lú ná in 2023; á thabhairt dá haire ón tuarascáil leantach go bhfágann tearc-chistiú oibríochtaí cumarsáide go bhfuil an Coiste ag brath ar aistrithe deireadh bliana agus ar leithreasuithe C8, rud a mhíníonn an ráta íseal forghníomhaithe bhuiséadaigh (48.20 %) de leithreasuithe C1 agus an ráta ard forghníomhaithe (98.90 %) de leithreasuithe C8 in 2024 maidir le mír bhuiséadach 2 6 ‘Saineolas agus […] dáileadh’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur suntas, agus é ina dhíol sásaimh di, sa mhéid atá bainte amach ag an gCoiste maidir le beartais agus cláir an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, feabhas a chur ar fhor-rochtain a chuid saothar comhairleach agus feabhas a chur ar a infheictheacht agus ar a thionchar; á thabhairt dá haire go ndearna an Coiste 33 Idirphlé Áitiúil an Aontais, 53 sheisiún Sheachtain Eorpach na Réigiún agus 47 n-imeacht a eagrú, a óstáil nó gur thacaigh sé leo in 2024; á thabhairt dá haire go háirithe an 10ú Cruinniú Mullaigh Eorpach den Réigiún agus na gCathracha chun an clár oibre do thodhchaí an Aontais a mhúnlú, ina mbeidh níos mó ná 7 000 rannpháirteach; - seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha chun aghaidh a thabhairt ar chistí comhtháthaithe sa chéad CAI eile, ina mbeidh níos mó ná 2 500 rannpháirteach; - an 11ú Comhdháil Choimhdeachta chun aghaidh a thabhairt ar rialáil níos fearr agus ar choimhdeacht i gcomhthéacs an chéad CAI eile; - clár 2024 do Pholaiteoirí Tofa Óga (YEP), ina bhfuil níos mó ná 150 rannpháirteach ó na Ballstáit uile agus ó ocht dtír is iarrthóirí agus; - an 15ú heagrán den Chomhdháil Eorpach um Chumarsáid Phoiblí (EuroPCom) chun aghaidh a thabhairt ar an intleacht shaorga agus ar threochtaí nua sa chumarsáid phoiblí, ina bhfuil 3 200 rannpháirteach agus lucht féachana ó 55 thír; á thabhairt dá haire gur chuir an Coiste a chuid oibre agus tuairimí chun cinn freisin 74 huaire ag cruinnithe nó imeachtaí a raibh baint ag institiúidí eile den Aontas leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag moladh an Choiste as a chuid gníomhaíochtaí chun inrochtaineacht agus caomhnú stairiúil a chuid faisnéise a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: - a dhoiciméid agus a fhoilseacháin uile a chur ar fáil in aon suíomh láraithe amháin trí ghiuirléidí Oifig na bhFoilseachán arna gcur chun feidhme ar shuíomh gréasáin seachtrach an Choiste in 2024; - ardán Panoramic-AI cumhachtaithe leis an Intleacht Shaorga a thabhairt isteach in 2024 lenar tairgeadh rochtain sholáimhsithe fheabhsaithe ar ábhar institiúideach (doiciméid ábhartha, cuir i láthair, plé); - cartlann iomlán phreaseisiúintí seachtracha agus nuachta an Choiste a aistriú chuig seomra nuachta Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta agus; cartlanna stairiúla an Choiste a aistriú den chéad uair chuig Cartlann Stairiúil an Aontais i bhFlórans;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag aithint ón Tuarascáil Tionchair agus ón Tuarascáil Bhliantúil rannchuidiú an Choiste le feachtas cumarsáide na Parlaiminte do thoghcháin Eorpacha 2024, trí líonra 750 Polaiteoirí Tofa Óg a rannpháirtiú, trí ábhair na Parlaiminte a chur chun cinn, trí fhíseáin vótála a tháirgeadh le comhaltaí an Choiste, trí leathanach gréasáin a thiomnú ar shuíomh gréasáin an Choiste agus trí ábhar amhairc eile a tháirgeadh a chuirtear chun cinn ar na meáin shóisialta a shroich beagnach 5 mhilliún cuntas; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí sin chun lucht féachana leathan agus éagsúil a mhealladh ar fud an Aontais agus chun feasacht a mhúscailt maidir le toghcháin Eorpacha 2024; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an comhar idirinstitiúideach sin maidir le beartais an Aontais, go háirithe maidir le hobair na Parlaiminte, bunriachtanach chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh i réigiúin uile an Aontais, chun rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú agus chun dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt dá haire, ón Tuarascáil Bhliantúil, gur éirigh leis an gCoiste maidir le for-rochtain ar na meáin mar a léirítear leis na méadrachtaí foriomlána do 2024, amhail: Méadú 28 % ar chuairteoirí gréasáin, méadú 11,60 % ar leantóirí agus méadú 16 % ar rannpháirtíocht dhigiteach orgánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á thabhairt dá haire nár ghlac an Coiste páirt in imeacht Sheachtain na Romach in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’aidhm ag straitéis chumarsáide uile an Choiste a infheictheacht institiúideach agus a sheasamh polaitiúil mar chomhlacht ionadaíoch ar réigiúin, cathracha, bailte agus bardais an Aontais a threisiú, agus ról a chomhaltaí a thaispeáint maidir le beartais an Aontais a nascadh le saoránaigh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>