<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0133</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - an tOmbudsman Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0054/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2025/2153(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024,<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0153/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh don bhliain 2024 agus dá thuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2024, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=OJ:C_202505407.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh iontaofacht na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0054/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh don Ombudsman Eorpach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ombudsman Eorpach don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>Leagtar amach a bharúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an Ombudsman Eorpach, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2025/2153(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0054/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú a thuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta a chur chun feidhme, rud lena n-áiritheofar bainistiú airgeadais fónta, éifeachtúil agus dírithe ar thorthaí agus dea-rialachas acmhainní daonna;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtoghfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) a chumhachtófar chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ag gníomhú di ina ról breithiúnach, agus chun gearáin den sórt sin a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 253, 16.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1163/oj.</FIELD></FOOTNOTE> na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, tar éis don Pharlaimint í a thoghadh an 17 Nollaig 2024, gur cuireadh an tOmbudsman nua faoi mhionn an 27 Feabhra 2025, rud a d’áirithigh leanúnachas agus comhlíonadh éifeachtach shainordú an Ombudsman maidir le trédhearcacht, dea-riarachán agus cearta na saoránach a chur chun cinn laistigh d’institiúidí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>	de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach na caighdeáin is airde neamhspleáchais institiúidigh a choinneáil agus aon dearcadh ar fhabhar i gceapacháin shinsearacha a sheachaint chun muinín an phobail as ról an Ombudsman mar fhairtheoir an Aontais ar dhea-riarachán a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, tar éis Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 a ghlacadh, gur ghlac an tOmbudsman a fhorálacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/161, 10.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/161/oj.</FIELD></FOOTNOTE> cur chun feidhme athbhreithnithe an 21 Meitheamh 2023;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad an Ombudsman faoi cheannteideal CAI 7 ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 13,3 billiún san iomlán, i.e. 6,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2024; á thabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Ombudsman agus 0,10 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteideal ‘Riarachán’, an líon céanna agus a rinneadh in 2023; á thabhairt dá haire go sonraíonn an Chúirt thairis sin go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb é thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán é in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 cinn de na 70 idirbheart (i.e. 23 %) ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 3 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta; á thabhairt dá haire nár sainaithníodh sa tuarascáil ón gCúirt aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an Ombudsman;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Ombudsman agus EUR 13 843 160 in 2024, arb ionann é agus méadú EUR 630 713 (i.e. + 4,77 %) i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire, ó fhreagraí an Ombudsman ar an gceistneoir a thíolaic an Coiste um Rialú Buiséadach d’urscaoileadh buiséadach 2024 (an ‘Ceistneoir’), gur coigeartuithe tuarastail is cúis leis an méadú sin den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 97,55 % mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2024, arb ionann é agus méadú 2,16 % i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire go n-áirítear sa ráta sin leithreasuithe a tugadh anonn ó 2024 go 2025; á thabhairt dá haire gurbh é 97,08 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 0,50 % i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú 29,60 % ar na leithreasuithe a tugadh anonn (creidmheasanna C8), i.e. ó EUR 304 550 in 2023 go EUR 394 667 in 2024; á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar ráta forghníomhaithe na leithreasuithe arna dtabhairt anonn go huathoibríoch ón mbliain roimhe sin, arbh ionann é agus 76,59 % in 2024 i gcomparáid le 73,27 % in 2023; ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh an ráta sin fós íseal i gcomparáid le 2022 (92,59 %), agus á iarraidh an athuair ar an Ombudsman iarrachtaí a mhéadú chun feabhas a chur ar an ráta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire, le linn 2024, go ndearna an tOmbudsman ceithre aistriú bhuiséadacha de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arb ionann iad agus EUR 280 500 san iomlán nó 2,02 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais sin, i gcomparáid le 1,8 % in 2023; á thabhairt dá haire go raibh gá leis na haistrithe sin chun línte buiséid éagsúla a threisiú maidir le, mar shampla, glanadh, cothabháil agus tomhaltas fuinnimh (+ 41 %), speansais mhisin (+ 38,60 %) agus faisnéisíocht (+ 24,80 %) i measc nithe eile; á thabhairt dá haire gur laghdaigh an tOmbudsman a caiteachas ar aistriúchán go suntasach in 2024, tar éis an Intleacht Shaorga a chomhtháthú go rathúil sna próisis aistriúcháin do shuíomh gréasáin an Ombudsman; á thabhairt dá haire gur baineadh úsáid as an gcoigilteas a bhí mar thoradh air sin chun réimsí eile a threisiú trí aistrithe buiséadacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí an Ombudsman do 2024 (an ‘Tuarascáil Bhliantúil’) go ndearnadh gach íocaíocht laistigh den sprioc-am rialála 30 lá in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 13.2 lá an meán-am chun sonraisc a íoc, ar feabhas é ó 2023 (13.5 lá); á thabhairt dá haire, maidir le haistriú an Ombudsman chuig córas nua airgeadais agus cuntasaíochta (SUMMA), go n-iarrtar ar an Ombudsman EUR 200 000 a íoc as cearta rochtana ar an gcóras sin, an méid céanna a iarrtar ar institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais atá i bhfad níos mó a íoc; á thabhairt dá haire go bhfuil an méid sin dhá oiread bhuiséad an Ombudsman don chineál sin seirbhíse; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar réiteach lena gceadófar don Ombudsman rochtain a bheith aige ar SUMMA ar phraghas atá comhréireach le méid na hoibríochta Ombudsman; á iarraidh go mbunófaí samhail chostais thrédhearcach, oibiachtúil agus chomhréireach maidir le rochtain ar chórais airgeadais chorparáideacha chomhroinnte, ina mbeadh táillí lena léireofaí méid agus buiséad agus líon na n-úsáideoirí san institiúid, san oifig, sa chomhlacht nó sa ghníomhaireacht lena mbaineann, chun ualach díréireach orthu siúd atá níos lú a chosc agus chun comhlíonadh na n-oibleagáidí bainistíochta airgeadais a áirithiú gan an bonn a bhaint d’acmhainní atá tiomnaithe dá bpríomh-shainordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean tionchar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bhrú buiséadach a chruthú don Ombudsman in 2024; á thabhairt dá haire gurb é an tOmbudsman is mó a ndearna an méadú ar chostais fuinnimh difear dó; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an mhéadaithe sin ar bhuiséad an Ombudsman, gur ghá an chnapshuim a d’íoc an tOmbudsman leis an bParlaimint as muirir chíosa a athríomh; á thabhairt dá haire, mar thoradh air sin, gur tháinig méadú 75 % ar chaiteachas fuinnimh iarbhír an Ombudsman in 2024, ag ardú ó EUR 168 900 in 2023 go EUR 295 400 in 2024; á thabhairt dá haire, ón méid atá sa Cheistneoir, go bhfuil an tOmbudsman den tuairim go ndéanfaidh éifeacht charnach an bhrú bhoilscithigh agus teorannú an chaiteachais nach mbaineann le tuarastal go dtí uasmhéid 2 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin difear d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach bhuiséad an Ombudsman; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn de chostéifeachtúlacht, d’intuarthacht agus d’inbhuanaitheacht oibríochtaí an Ombudsman mar gheall ar bhrúnna den sórt sin, mura dtugtar aghaidh orthu go leormhaith; á aithint gur gá d’institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid trí luaineacht praghsanna a chur san áireamh freisin, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhíse; á chur i bhfáth nach mór smacht buiséadach a réiteach le measúnuithe costais réalaíocha chun airgead na gcáiníocóirí a chosaint agus leanúnachas oibríochtúil á choinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 120 000 an buiséad do mhisin foirne in 2024 (an méid céanna le 2023); á thabhairt dá haire, mar sin féin, le linn 2024 go ndearnadh an t-airteagal buiséid do mhisin +38,60 % a threisiú trí bhíthin aistrithe inmheánacha; ag cur sonrú i míniú an Ombudsman go raibh gá leis an atreisiú sin mar gheall ar bhoilsciú agus méadú ar chostais chóiríochta, méadú ar líon na misean riachtanach de chuid an Ombudsman agus meastacháin bhuiséadacha bunaithe ar na blianta roimhe sin ina raibh teorainn leis an taisteal mar gheall ar phaindéim COVID-19; á thabhairt dá haire gur fhan buiséad tosaigh na misean don Ombudsman mar an gcéanna in 2024 agus a bhí sna blianta roimhe sin (2022 agus 2023), i.e. EUR 35 000; á thabhairt dá haire, tar éis an buiséad sin a threisiú trí aistrithe inmheánacha, gurbh ionann na speansais iarbhír a tabhaíodh le misin an Ombudsman agus EUR 41 326 san iomlán in 2024<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ombudsman.europa.eu/ga/doc/declarations-and-transparency/ga/196382 agus https://www.ombudsman.europa.eu/ga/doc/declarations-and-transparency/ga/198831.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go ndéanfaí réamhaisnéis bhuiséadach tosaigh níos réadúla ar thaisteal chun spleáchas ar aistrithe móra lár na bliana a íoslaghdú agus chun pleanáil chobhsaí airgeadais a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil naoi n-eochairtháscaire feidhmíochta (PTFnna) nasctha ag an Ombudsman le cuspóirí ardleibhéil a straitéise ‘I dTreo 2024’ ina bhfuil 17 gcomhpháirt, mar a leagtar amach i bPlean Bainistíochta Bliantúil an Ombudsman do 2024; á thabhairt faoi deara gur sroicheadh 13 cheann de chomhpháirteanna sin na nEochairtháscairí Feidhmíochta nó gur sáraíodh iad in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur láimhseáil an tOmbudsman 2 264 ghearán nua in 2024 (2 392 in 2023), gur oscail sí 411 fhiosrúchán (392 in 2023), lena n-áirítear 49 bhfiosrúchán a bhfuil tábhacht phoiblí ag baint leo (56 in 2023), gur dhún sí 421 fhiosrúchán (372 in 2023) agus gur dhéileáil sí le líon ard gearán maidir le rochtain phoiblí a mhéadaigh ó 167 in 2023 go 212 fhiosrúchán (nua) in 2024 (rinneadh obair leantach ar 60 acu le fiosrúcháin agus dúnadh 193 acu);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag moladh an Ombudsman as laghdú a dhéanamh ar an am is gá chun comhaid a phróiseáil ar leibhéil éagsúla den nós imeachta, amhail an meán-am chun déileáil le gearán (ó 39 lá in 2023 go 36 lá in 2024) agus as déileáil le gearán laistigh den sainordú (ó 91 lá in 2023 go 86 lá in 2024); á thabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an meán-am a thógann sé cásanna a dhúnadh i réimse na rochtana poiblí ar dhoiciméid ó 42 lá in 2023 go 85 lá oibre in 2024; á thabhairt dá haire gur sháraigh an tOmbudsman a sprioc (100 %) maidir leis an ráta imréitigh (i.e. cásanna a dúnadh i gcomparáid le cásanna nua a cláraíodh le linn na bliana); á chur in iúl gur oth léi, áfach, go raibh an meán-am (168 lá) chun déileáil le fiosrúchán fós ard in 2024 (suas ó 165 lá in 2023), rud atá i bhfad os cionn na sprice 150 lá; á mholadh go ndéanfadh an tOmbudsman na heochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann le fad láimhseála cásanna a bheachtú tuilleadh trí chastacht éagsúil na gcásanna a léiriú ar bhealach níos fearr, chun measúnú feidhmíochta níos réadúla, níos fónta agus níos dírithe ar éifeachtúlacht a áirithiú; á aithint go bhféadfadh tréimhsí próiseála níos faide a bheith ag teastáil i gcásanna casta, go háirithe iad siúd a bhaineann le roinnt institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí; á chur i bhfáth, áfach, go mbaineann moilleanna iomarcacha maidir le cásanna rochtana ar dhoiciméid a láimhseáil an bonn de chearta na saoránach agus de mhuinín an phobail as riarachán an Aontais ar an iomlán; á iarraidh go mbeadh plean ann chun aghaidh a thabhairt ar na moilleanna sin agus á mholadh go ndéanfaí cuid den choigilteas a bhaintear amach trí aistriúchán IS a atreorú chun foirne fiosrúcháin a threisiú, go háirithe i gcásanna rochtana poiblí; á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil an Ombudsman chuig an bParlaimint maidir leis an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2023 (‘an tuarascáil leantach’) gurb é ceann de phríomhchuspóirí straitéiseacha an Ombudsman nuathofa comhar agus idirphlé le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a threisiú, d’fhonn an t-am is gá chun fiosrúcháin a phróiseáil a laghdú ar deireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le torthaí, go ndearna an tOmbudsman togra le haghaidh réitigh in 2024 in 14 chás agus moltaí i dtrí chás a bhain le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha maidir le freagraí dearfacha ó institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais ar thograí an Ombudsman chun feabhas a chur ar a riarachán, le ráta glactha foriomlán 82 % in 2024 (i gcomparáid le 81 % in 2023), de bhrí go n-áirítear sa ráta sin cásanna a dúnadh in 2023; á iarraidh ar an Ombudsman plean gníomhaíochta spriocdhírithe a fhorbairt a bheidh dírithe ar na cúiseanna is coitianta is bonn leis na tograí eile nár glacadh leo a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu agus á iarraidh ar an Ombudsman leanúint de bheith ag obair i dtreo ardleibhéal comhlíontachta a ghiniúint lena thorthaí, lena mholtaí agus lena thuairimí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur lean an tOmbudsman d’iarrachtaí a dhéanamh in 2024 chun feasacht agus tuiscint na saoránach ar a shainordú a fheabhsú; á thabhairt faoi deara, agus é ina dhíol sásaimh di, sa chomhthéacs sin, gur tháinig méadú ar sciar na ngearán laistigh den sainordú, ó 33 % in 2022 agus 37 % in 2023 go 39 % in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil Leantach gurb é ceann de chuspóirí straitéiseacha nua an Ombudsman gníomhaíochtaí cumarsáide spriocdhírithe a sheoladh chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh a bhfuil an tOmbudsman de dhíth orthu ar an eolas faoina gceart agus faoin úsáid a bhaineann siad as a seirbhísí; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, mar thoradh air sin, go bhfuiltear ag dréim le méadú ar líon na ngearán, rud a spreagfaidh an gá atá leis na modhanna oibre a athbhreithniú agus a oiriúnú, agus le feabhas a chur ar úsáid uirlisí digiteacha, go háirithe Intleacht Shaorga, chun an próiseas láimhseála gearán a chuíchóiriú tuilleadh; á iarraidh ar an Ombudsman measúnú a dhéanamh ar an tionchar buiséadach agus acmhainní daonna a d’fhéadfadh a bheith ag an méadú a mheastar a thiocfaidh ar ghearáin agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag aithint na n-iarrachtaí a rinne an tOmbudsman agus thionchar dearfach an Ombudsman i réimsí na heitice, na trédhearcachta agus na cuntasachta in 2024, go háirithe mar thoradh ar fhiosrúcháin a bhaineann le hinstitiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais; á thabhairt dá haire gur bhain formhór mór na bhfiosrúchán sin (65 %) leis an gCoimisiún in 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire go háirithe fiosrúcháin an Ombudsman maidir leis na nithe seo a leanas: (i) an chaoi a láimhseálann an Chomhairle agus an Coimisiún iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha (go háirithe maidir le heisceachtaí ó rochtain a choinneáil siar), de bhrí gur chinn an tOmbudsman gur chuir an dá institiúid na heisceachtaí faoi dhlí an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid i bhfeidhm go róleathan i mórán cásanna, agus úsáid á baint as réasúnaíocht a dhiúltaigh CBAE cheana féin, (ii) diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar dhoiciméid a bhaineann leis an athbhreithniú ar rialacha an Aontais maidir le faisnéis bhia, agus rochtain a sholáthar do gheallsealbhóirí agus d’ionchur na mBallstát maidir le ‘Dlí um Athbhunú an Dúlra’ an Aontais, agus (iii) mainneachtain an Choimisiúin aon doiciméid a shainaithint lena gcumhdaítear malartuithe leis na Ballstáit nó malartuithe inmheánacha a bhaineann le cruinnithe ardleibhéil a ullmhú ar Mheabhrán Tuisceana maidir le comhpháirtíocht straitéiseach agus dhomhanda idir an tAontas agus an Túinéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi fiosrúcháin an Ombudsman a rinneadh in 2024 i réimse na heitice; ag cur sonrú go háirithe i gcás doirse imrothlacha a bhaineann le beirt iarchomhaltaí foirne de Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), fiosrúchán bunaithe ar ghearán um shárú maidir le coinbhleacht leasa líomhnaithe a bhaineann leis an gCoimisinéir um Thalmhaíocht agus fiosrúchán maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann leis na saineolaithe a chuidíonn leis meastóireacht a dhéanamh ar thograí atá le maoiniú faoin gCiste Eorpach Cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire ón tuarascáil Leantach gur lean an tOmbudsman d’fhaireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le trédhearcacht agus cuntasacht a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), faoi chuimsiú gearáin a láimhseáil i réimse na rochtana poiblí ar dhoiciméid, go príomha maidir le caibidlíocht ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ; ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i measc na saincheisteanna sin, sna moilleanna suntasacha a bhí ar an gCoimisiún agus é ag freagairt d’iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis, agus an leibhéal rochtana a deonaíodh, ar dócha go gcreimfidh siad muinín na saoránach as riarachán an Aontais; á chur in iúl gur mór aici gur thug an Coimisiún, i gcás maidir le plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre, tar éis thogra an Ombudsman le haghaidh réitigh, rochtain níos leithne ar 172 dhoiciméad; ag cáineadh go láidir, áfach, an Choimisiúin as 21 mhí a ghlacadh chun freagra a thabhairt ar iarratas dearbhúcháin (iriseoir) an ghearánaigh, i.e. i mí Iúil 2024 nuair nach raibh an rochtain a deonaíodh ar dhoiciméid úsáideach a thuilleadh chun na críche a bhí beartaithe; ag aontú nár cheart go mbeadh aon mhoill ar rochtain ar dhoiciméid a chur ar fáil in ábhair a bhaineann le leas suntasach an phobail, amhail STA, agus á mheas gurb ionann moilleanna den sórt sin agus easpa trédhearcachta agus grinnscrúdú daonlathach a lagú; ag athdhearbhú thuairim an Ombudsman gur cheart don Choimisiún machnamh cúramach a dhéanamh faoin leas poiblí sáraitheach agus na heisceachtaí maidir le rochtain phoiblí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).</FIELD></FOOTNOTE> á gcur i bhfeidhm; á iarraidh ar an Ombudsman coistí ábhartha na Parlaiminte a chur ar an eolas a luaithe a bheidh moill an Choimisiúin ar dhoiciméid a bhaineann le STA rófhada chun grinnscrúdú polaitiúil tráthúil a cheadú; á iarraidh, thairis sin, ar an Ombudsman leanúint de thosaíocht a thabhairt d’obair shistéamach ar mhoilleanna míchuí i nósanna imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid, lena n-áirítear trí scrogaill riaracháin athfhillteacha agus dea-chleachtais ar fud institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí a shainaithint; ag tacú leis an Ombudsman chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na tástála maidir le ‘leas poiblí sáraitheach’ a chur chun cinn, go háirithe i gcás comhaid ardtionchair, ionas go gcuirfear rochtain ar fáil in am chun go mbeidh sí fóinteach chun críocha grinnscrúdú poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú, de réir an Ombudsman, gur cheart srianta ar rochtain ar dhoiciméid, go háirithe doiciméid reachtacha, a bheith eisceachtúil agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach; á mheabhrú freisin nach mór aon chinneadh lena ndiúltaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bheith bunaithe ar dhíolúintí dlíthiúla atá sainithe go soiléir agus go docht, agus údar réasúnaithe agus sonrach ag gabháil leo, chun a chur ar chumas na saoránach diúltú rochtana a thuiscint agus úsáid éifeachtach a bhaint as na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil; á mheas go gcabhródh cur chuige níos réamhghníomhaí le trédhearcacht éifeachtach a áirithiú agus le díospóidí dlíthiúla costasacha agus troma idir saoránaigh agus institiúidí a chosc<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4014, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4014/oj</FIELD></FOOTNOTE>; ag spreagadh an Ombudsman cleachtais réamhghníomhacha foilsithe a chur chun cinn tuilleadh, go háirithe do dhoiciméid reachtacha agus do dhoiciméid a mhúnlaíonn beartais, chun trédhearcacht trí dhearadh a neartú agus chun an t-ualach riaracháin agus an riosca dlíthíochta a bhaineann le hiarrataí atriallacha ar rochtain ar dhoiciméid a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go ndearna an t-iniúchóir inmheánach athbhreithniú ar chreat bainistithe riosca an Ombudsman, agus gur comhaontaíodh plean gníomhaíochta naoi bpointe lena chur chun feidhme faoi dheireadh 2024; á thabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir agus ón tuarascáil leantach go bhfuil na gníomhaíochtaí uile curtha chun feidhme, lena n-áirítear modheolaíocht nua measúnaithe riosca a ghlacadh; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh athbhreithniú an iniúchóra inmheánaigh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta sin; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas freisin faoin obair leantach ar na moltaí a rinneadh faoi thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí 20/04 (maidir le slándáil TF), 21/03 (maidir leis an gcreat cosanta sonraí) agus 22/03 (maidir leis an gcreat eiticiúil);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú 4.90 % ar líon iomlán fhoireann an Ombudsman ó 82 in 2023 go 78 in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, in 2024, go raibh 46 oifigeach fostaithe ag an Ombudsman, i gcomparáid le 40 oifigeach in 2023 faoi seach, agus 9 ngníomhaire ar conradh, mar a bhí in 2023; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú beag ar an sciar den fhoireann atá dírithe ar phríomhghnó an Ombudsman (gearáin agus fiosrúcháin), ó 42,68 % in 2023 go 42,30 % in 2024; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig méadú ar an ráta fostaíochta foirne ó 95 % in 2023 go 97 % in 2024 agus gur tháinig méadú ar an ráta láimhdeachais ó 5,20 % in 2023 go 6,40 % in 2024; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé conarthaí buana a chur ar fáil chun scileanna, leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil a choinneáil; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an laghdú atá ag teacht ar líon na foirne i bpríomhréimsí oibríochtúla agus an spleáchas suntasach ar chonarthaí sealadacha cuimhne institiúideach agus éifeachtúlacht an Ombudsman a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil post Ard-Rúnaí an Ombudsman folamh le breis agus dhá bhliain, ón 1 Meán Fómhair 2022; á thabhairt dá haire, tar éis roinnt iarrataí ón bParlaimint an folúntas sin a líonadh, gur sheol an tOmbudsman nós imeachta idirinstitiúideach chun a hArd-Rúnaí nua a earcú trí ghlao ar léiriú spéise a fhoilsiú (Uimh.°OMB/2/2025) an 30 Meitheamh 2025, a raibh 14 iarratas incháilithe mar thoradh air; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh an nós imeachta roghnúcháin chun críche in 2025 agus gur roghnaíodh Ardrúnaí nua, chun dul i mbun a phoist an 1 Eanáir 2026; á thabhairt dá haire, sa chás sin, go raibh triúr ar an mBord Roghnúcháin, an tOmbudsman féin agus beirt chomhaltaí neamhspleácha sheachtracha, a raibh baint acu le measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarratas agus ar agallaimh; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tOmbudsman den tuairim go raibh ceapadh an bheirt chomhaltaí sin agus rannpháirtíocht comhaltaí sinsearacha foirne ina gcoimircí suntasacha sa phróiseas iomlán, rud lena n‑áiritheofar sláine agus dlíthiúlacht an phróisis roghnúcháin; á chreidiúint, gan dochar dá thaithí mar oifigeach de chuid an Aontais ar feadh 30 bliain le 10 mbliana de thaithí bhainistíochta, go bhféadfadh braistintí maidir le coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh ar an Ard-Rúnaí roghnaithe a bhí ina cheann comh-aireachta ar an Ombudsman reatha roimhe sin, fiú dá ndéanfaí an próiseas sin i gcomhréir iomlán leis an gcreat is infheidhme; á iarraidh ar an Ombudsman, d’fhonn nósanna imeachta a bheidh ann amach anseo, leanúint de bheith ag machnamh ar bhealaí chun coimircí i nósanna imeachta roghnúcháin a neartú agus cinntí a cheapadh i gcoinne aon choinbhleachtaí leasa nó fabhraíochta a mheastar a bheith ann, rud lena n-áiritheofar ráthaíochtaí iomlána maidir le cothroime agus trédhearcacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire, tar éis éisteacht an Ombudsman i gcruinniú Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach an 6 Samhain 2025, gur thíolaic Feisirí de Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach sraith ceisteanna leantacha i scríbhinn maidir le roghnú an Ard-Rúnaí nua (OMB/2/2025) an 18 Samhain 2025, ar thug an tOmbudsman freagra orthu an 21 Samhain 2025; ag easaontú, sa chomhthéacs sin, le tuairim an Ombudsman go bhfuil cásdlí Meroni (C-9/56 agus C-10/56) infheidhme, toisc nach mbaineann sé le tarmligean cumhachtaí maidir le cúrsaí foirne (amhail ball foirne a roghnú), ach le tarmligean cumhachtaí lánroghnacha chuig comhlachtaí seachtracha / príobháideacha; á chur i bhfáth, thairis sin, nach gceanglaíonn an Pharlaimint ar an Ombudsman a cearta agus a hoibleagáidí mar an tÚdarás Ceapacháin a tharmligean, agus a láithreacht ar an mBord Roghnúcháin á ceistiú aici, ós rud é nach gceanglaítear le dlí an Aontais go mbeidh an tÚdarás Ceapacháin ina chomhalta den Bhord Roghnúcháin; á chur i bhfios go láidir, trí chinneadh críochnaitheach a dhéanamh, ar cúram de chuid an Údaráis Ceapacháin é, go ndeimhníonn an tÚdarás Ceapacháin freisin go raibh an nós imeachta roghnúcháin ar fad dleathach, lena n-áirítear go gcomhlíonann an t-iarrthóir na critéir inghlacthachta agus incháilitheachta uile; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh doiléireacht ag baint leis an ról sin i gcás ina raibh an tÚdarás Ceapacháin ina chathaoirleach ar an mBord Roghnúcháin ag céimeanna áirithe den nós imeachta roghnúcháin freisin, mar a tharla sa phróiseas reatha; á chur in iúl go dtuigeann sí, mar sin féin, go bhféadfadh sé go mbeadh ar an Ombudsman, mar shealbhóir oifige, a bheith rannpháirteach sna céimeanna is déanaí de nósanna imeachta roghnúcháin áirithe; ag cur sonrú i míniú an Ombudsman go gcuireann srianta dlíthiúla a bhaineann le rúndacht, atá dírithe ar neamhspleáchas agus sláine an phróisis roghnúcháin a chosaint, teorainn leis an méid is féidir doiciméid a bhaineann leis an tseiceáil incháilitheachta a chomhroinnt leis an údarás um urscaoileadh; á mheabhrú, mar sin féin, go bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint an fhaisnéis is gá a fháil don urscaoileadh agus á chur i bhfios go láidir nach ionann an fhaisnéis sin a sholáthar agus í a chur ar fáil don phobal, agus á chur i bhfáth go bhfuil coimircí leormhaithe i bhfeidhm ag an bParlaimint chun ábhar íogair a láimhseáil ar bhealach slán; ag tathant, i bhfianaise an mhéid thuas, ar an Ombudsman tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar iarraidh na Parlaiminte agus na doiciméid uile a sholáthar don údarás um urscaoileadh maidir leis na seiceálacha incháilitheachta, measúnú na n-iarratas, agallaimh iarbhír na n-iarrthóirí ar an ngearrliosta leis an mBord Roghnúcháin agus an t-agallamh déthaobhach leis an Ombudsman i ndáil leis an nós imeachta chun Ardrúnaí an Ombudsman a roghnú (OMB/2/2025); ag spreagadh an Ombudsman machnamh inmheánach <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a dhéanamh ar nósanna imeachta ceapacháin a bhfuil grinnscrúdú mór déanta orthu, d’fhonn ceachtanna a foghlaimíodh agus feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar phróisis amach anseo a shainaithint, agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na torthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an Ombudsman maidir le dea-riarachán a chur chun cinn lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil creat eiticiúil institiúidí, oifigí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais láidir agus in ann trédhearcacht agus cuntasacht a ráthú; á chreidiúint go daingean nach mór don Ombudsman na caighdeáin is airde neamhspleáchais, neamhchlaontachta agus ionracais a chomhlíonadh, agus nach mór aon dearcadh ar fhabhar nó ar choinbhleachtaí leasa a sheachaint, ós rud é go bhféadfadh braistintí den sórt sin an bonn a bhaint d’inchreidteacht, de mhisean agus de mhuinín shaoránaigh an Aontais; á mheabhrú, ós rud é go gcuireann an tAontas de chúram ar an Ombudsman caighdeáin eiticiúla agus dea-riarachán a chur chun cinn, go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfidh an tOmbudsman caighdeáin an-dian i bhfeidhm maidir lena rialachas féin agus lena cheapacháin shinsearacha, agus tagarmharc á leagan síos aige d’institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt dá haire, in ainneoin gur institiúid, oifig, comhlacht nó gníomhaireacht bheag de chuid an Aontais í, gur éirigh leis an Ombudsman ionadaíocht a dhéanamh ar 19 náisiúntacht ina fhoireann in 2024, mar a rinneadh in 2023; á thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil ró-ionadaíocht ag roinnt náisiúntachtaí (ceann acu ina bhfuil níos mó ná 30 % d’fhoireann an Ombudsman); á chur i bhfáth, i bhfianaise a mhéide measartha beag, go bhféadfadh tionchar a bheith ag comhchruinniú ard náisiúntachta aonair den sórt sin ar an dearcadh idirinstitiúideach ar éagsúlacht na hoifige; á iarraidh ar an Ombudsman bearta earcaíochta agus for-rochtana spriocdhírithe a ghlacadh a bheidh dírithe go sonrach ar Bhallstáit atá faoi ghannionadaíocht chun a áirithiú go leanfaidh an oifig de bheith ina léiriú ar éagsúlacht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire, ó thaobh cothromaíocht inscne de, go bhfostaíonn an tOmbudsman níos mó ban ná fir i ngach catagóir foirne, go háirithe ar an leibhéal bainistíochta ina bhfuil na poist uile ag mná; á thabhairt dá haire gurb ionann ionadaíocht fhoriomlán na foirne agus 68 % de mhná agus 32 % d’fhir, i gcomparáid le 67 % de mhná agus 33 % d’fhir in 2023; á iarraidh ar an Ombudsman a dhícheall a dhéanamh ionadaíocht inscne níos cothroime a bhaint amach dá fhoireann; ag tathant ar an Ombudsman straitéis a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an bhfíoras nach bhfuil aon fhear i róil bhainistíochta faoi láthair; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go léiríonn an tOmbudsman comhdhéanamh éagsúil shaoránaigh an Aontais ar bhealach níos fearr chun timpeallacht oibre chothrom agus chuimsitheach a choinneáil ar bun ar gach leibhéal den ordlathas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Ombudsman ar dhea-bhail fhisiceach agus mheabhrach a foirne ag an obair a áirithiú agus go bhfuil sí ag díriú ar an gcomhar i measc na foirne a threisiú; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur eagraigh an tOmbudsman oiliúint, agus cuid acu éigeantach, maidir le coinbhleachtaí a réiteach, aiseolas, míchumas agus cuimsiú a thabhairt agus a fháil agus maidir le garchabhair in 2024; á thabhairt dá haire gur ghlac an tOmbudsman beartas maidir le saoire do thuismitheoirí in 2004, lena gcuirtear ar fáil, i gcomhar lena bheartas maidir le ham oibre agus hibrideach a glacadh in 2021, socruithe solúbtha oibre a úsáideann agus a bhfuil meas ag an bhfoireann orthu; á thabhairt dá haire nár chuir seirbhís leighis na Parlaiminte an tOmbudsman ar an eolas in 2024 faoi aon bhreoiteacht fhadtéarmach a d’eascair as traochadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón méid atá sa Cheistneoir nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2024; ag aithint na n-iarrachtaí a rinne an tOmbudsman ar thimpeallacht oibre a chothú a bheadh saor ó chiapadh gnéasach agus síceolaíoch, go háirithe trí mhúscailt feasachta agus trí oiliúint; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tOmbudsman suirbhé a bhí dírithe ar fheasacht na foirne ar ábhair eiticiúla inar léiríodh ardleibhéil feasachta foirne faoi bheartas agus treoirlínte an Ombudsman maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir an tOmbudsman fáilte roimh 18 n-oiliúnaí íoctha in 2024 (an líon céanna agus a bhí in 2023), ar roghnaíodh duine acu faoi chlár oiliúna inmholta an Ombudsman do dhaoine faoi mhíchumas; ag athdhearbhú a béime gur cheart luach saothair a thabhairt do thréimhsí oiliúna i gcomhréir le rún ón bParlaimint an 14 Meitheamh 2023 maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta san Aontas (2020/2005(INL)), ina n-iarrtar go n-íocfaí as gach intéirneacht san Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil tréimhsí oiliúna íoctha bunriachtanach chun comhdheiseanna a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ombudsman chun a chreat eiticiúil a neartú agus feasacht a mhúscailt ina leith; á thabhairt dá haire gur eagraigh an tOmbudsman oiliúint ar ábhair eiticiúla do chomhairleoirí rúnda nuacheaptha an Ombudsman agus do chomhaltaí an choiste idir-réitigh, chomh maith le hoiliúint éigeantach shaincheaptha maidir le réiteach coinbhleachta don fhoireann uile; á thabhairt dá haire go ndearna an tOmbudsman athobair in 2024 agus gur ghlac sí beartas athbhreithnithe maidir le heitic agus dea-iompar in 2025 chun na sreafaí oibre formheasa agus údaraithe a shoiléiriú agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i gcur chun feidhme rialacha a bhaineann le heitic; á chur in iúl gur mór aici gur úsáideadh réiteach TF lena gceadaítear do gach oifigeach fiosrúcháin a dheimhniú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann i gcásanna a shanntar dóibh; á thabhairt dá haire, thairis sin, go n-iarrtar ar fhoireann uile an Ombudsman, lena n-áirítear foireann shinsearach, athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar a ndearbhuithe maidir le gníomhaíochtaí gairmiúla a gcéilí/a bpáirtithe, chomh maith lena ndearbhuithe féin maidir le coinbhleachtaí leasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire maidir leis an iniúchadh inmheánach (tuarascáil 22/03) ar chreat eiticiúil an Ombudsman, as na sé mholadh a eisíodh, gur cuireadh cúig mholadh chun feidhme agus go raibh moladh amháin fós ar siúl ag deireadh 2024; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur bhunaigh an tOmbudsman bord araíonachta agus gur ghlac sí beartas frithchalaoise, atá infheidhme freisin maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht, oiliúnaithe agus conraitheoirí seachtracha, chun creat eiticiúil an Ombudsman a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachtaí leasa ná aon chásanna sceithireachta in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir nár tháinig an tOmbudsman isteach go foirmiúil i gclár trédhearcachta an Aontais (a bunaíodh le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le clár trédhearcachta éigeantach) chun a áirithiú gur féidir leis an Ombudsman gearáin a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rúnaíocht an chláir trédhearcachta sin a fhiosrú freisin; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearna an tOmbudsman a chleachtais ar phrionsabail an chláir trédhearcachta a ailíniú, trína dhearbháil go mbíonn cainteoirí nó comhchainteoirí in imeachtaí nó i gcruinnithe arna n-eagrú ag an Ombudsman cláraithe ann; á chur in iúl gur geal léi an t-ardleibhéal trédhearcachta a bhain an tOmbudsman amach trí fhaisnéis a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin maidir le fiosrúcháin, misin (agus speansais ghaolmhara), cruinnithe agus imeachtaí ina nglacann an tOmbudsman páirt, chomh maith leis an measúnú ar iarrataí ó bhainisteoirí sinsearacha nó ó chomhaltaí comh-aireachta dul i mbun gníomhaíocht ghairmiúil tar éis dóibh an tOmbudsman a fhágáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú thart ar 13.60 % ar bhuiséad deiridh (tar éis aistrithe) an Ombudsman d’fhoirgnimh agus do chostais ghaolmhara, ó EUR 1 373 000 in 2023 go EUR 1 560 709 in 2024; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú thart ar 7 % ar na leithreasuithe faoi chomhair cíosa, ó EUR 866 100 in 2023 go EUR 926 620 in 2024; á thabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe íocaíochta gar do 100 % ann sa dá bhliain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir nach ndearnadh aon athruithe ar choinníollacha oifigí aonair an Ombudsman a cuireadh in iúl don údarás um urscaoileadh roimhe sin; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil foirgneamh Havel in Strasbourg inrochtana go hiomlán do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile; ag tacú leis an Ombudsman agus é ag iarraidh feabhas a chur ar inrochtaineacht an áitribh atá ar cíos sa Bhruiséil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag moladh an Ombudsman as príomhthionscadal a thabhairt chun críche in 2024 maidir lena chartlanna stairiúla a dhigitiú, sula n-aistreofar iad chuig Cartlann Stairiúil an Aontais i bhFlórans; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil cartlanna an Ombudsman caomhnaithe agus inrochtana anois do na glúnta atá le teacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionchar dearfach a bhí ag an úsáid a bhain an tOmbudsman as aistriúcháin uathoibríocha, lenar feabhsaíodh inrochtaineacht shuíomh gréasáin an Ombudsman, leithdháileadh cásanna cuíchóirithe agus lenar cuireadh dlús le próiseáil gearán, rud a d’fhág gur tháinig laghdú os cionn 65 % ar chostais aistriúcháin (ó 2022 go 2024) agus ar an ualach riaracháin; ag spreagadh an Ombudsman leanúint d’uirlisí Intleacht Shaorga a thástáil agus a mheas agus cásanna a úsáid, agus cur chuige stuama á ghlacadh ag an am céanna maidir lena bhforbairt agus lena n-imscaradh; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an Ombudsman na himpleachtaí buiséadacha meántéarmacha a bhaineann le cothabháil, inscálaitheacht, scileanna foirne agus spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann ar uirlisí digiteacha agus ar sholáthraithe seirbhíse a chur san áireamh agus a áirithiú go leanfaidh imscaradh de bheith slán agus faoi réir formhaoirseacht dhaonna iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón méid atá sa Cheistneoir go bhfuil treoirlínte inmheánacha curtha i bhfeidhm ag an Ombudsman maidir le huirlisí Intleacht Shaorga giniúnach tríú páirtí a úsáid ar cheart dóibh soiléireacht agus treoir a sholáthar maidir le huirlisí Intleacht Shaorga a chomhtháthú go sábháilte agus go héifeachtach i sreafaí oibre an Ombudsman; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth leis an leathnú atá beartaithe ar úsáid Intleacht Shaorga lasmuigh den aistriúchán, mar shampla chun ‘stuamacht ombudsman’ a chomhtháthú laistigh de Shamhail Teanga Mhór de chuid an Choimisiúin agus chun cásdlí stairiúil a ghiaráil a chuirfidh le fiosrúcháin a dhéanfar amach anseo; ag spreagadh an Ombudsman leanúint le huirlisí IS a thástáil agus a úsáid i gcás inar léir go gcuireann siad feabhas ar inrochtaineacht agus ar éifeachtúlacht; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá le rialachas soiléir, formhaoirseacht dhaonna, trédhearcacht i leith úsáideoirí, agus coimircí láidre cosanta sonraí, lena n-áirítear measúnuithe riosca doiciméadaithe agus rialuithe cáilíochta le haghaidh aschuir uathoibrithe, go háirithe i gcás ina bhféadfadh IS tionchar a imirt ar láimhseáil cásanna, ar leithdháileadh nó ar chumarsáid sheachtrach; á iarraidh ar an Ombudsman a áirithiú go ndéanfaidh oifigigh fiosrúcháin dhaonna gach léargas dlíthiúil arna ghiniúint ag IS a fhíorú agus tosaíocht a thabhairt d’ateangaireacht arna soláthar ag an duine thar réitigh atá bunaithe ar Intleacht Shaorga; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí tuairisciú ar na bearta teicniúla a glacadh chun deireadh a chur le claontacht algartamach agus chun oibiachtúlacht thorthaí an Ombudsman a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir gur chuir ball foirne amháin dianoiliúint dhá mhí san eolaíocht sonraí agus san intleacht shaorga i gcrích in 2024 d’fhonn saineolas an Ombudsman sa réimse sin a neartú agus go ndéanann an ball foirne sin ionadaíocht anois ar an Ombudsman sa Líonra Comhfhreagraithe Intleacht Shaorga arna bhunú ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 (an ‘Gníomh um an Intleacht Shaorga’)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur sonrú, thairis sin, i dtiomantas an Ombudsman oiliúint a fhorbairt maidir le húsáid shábháilte agus eiticiúil uirlisí Intleacht Shaorga dá fhoireann uile; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur reáchtáil an tOmbudsman oiliúint éigeantach spriocdhírithe go míosúil chun feabhas a chur ar fheasacht na foirne agus ar scileanna i ndea-chleachtais chibearshlándála le linn 2024; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-éilíonn an tOmbudsman ar a fhoireann uile oiliúint rialta cibearshlándála a chur i gcrích; ag spreagadh an Ombudsman leanúint dá straitéis digitithe a fhorbairt, rud lena n-áiritheofar go leanfaidh úsáid uirlisí intleachta saorga de bheith i gcomhréir go hiomlán le prionsabail na húsáide eiticiúla, na trédhearcachta, na cosanta sonraí, na formhaoirseachta daonna, agus na cosanta ar chlaontacht algartamach nó ar mhí-úsáid algartamach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an soláthar mar uirlis chun cuspóirí beartais amhail clár oibre comhshaoil agus sóisialta a chur chun cinn; á iarraidh ar an Ombudsman cuimsiú critéar straitéiseach maidir le freagracht shóisialta agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a neartú ina nósanna imeachta soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó thaobh TF de, a bhíonn an tOmbudsman ag brath ar bhonneagar agus ar chreat cibearshlándála na Parlaiminte agus a bhíonn sé ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún maidir le comhtháthú agus cothabháil uirlisí corparáideacha an Aontais (SYSPER, ABAC, MiPS agus ARES) agus maidir le húsáid creatchonarthaí TF; ag aithint go raibh rath ar chur chuige seanbhunaithe an Ombudsman i leith córais agus acmhainní comhtháite ón dá institiúid sin a ghiaráil, chun úsáid an bhuiséid a bharrfheabhsú agus chun comhordú a fheabhsú, mar shampla i réimse an digitithe; á thabhairt dá haire, i gcás croí-oibríochtaí, go gcoinníonn an tOmbudsman rialú díreach ar fhorbairt agus cothabháil uirlisí laistigh de thimpeallacht shlán na Parlaiminte, lena n-áirithítear solúbthacht, cosaint sonraí, agus cibearshlándáil fheabhsaithe; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon chibirionsaí ar an Ombudsman in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur oscail MECS cás i gcoinne an Ombudsman faoi Airteagal 57(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2018/1725 i mí na Nollag 2024, tar éis gearán a fháil ó ábhar sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire, tar éis don Ombudsman na soiléirithe a iarradh a sholáthar, gur dhún MECS an cás in 2025, agus gur tháinig sé ar an gconclúid go bhfuair an t-ábhar sonraí faisnéis leordhóthanach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil agus ón gCeistneoir gur lean an tOmbudsman dá lorg comhshaoil a laghdú trína phróisis a dhigitiú, trí chlódóirí aonair a bhaint, trí neamh-athsholáthar láraonad próiseála agus deireadh ré á bhaint amach acu, agus tríd an aistriú beagnach iomlán chuig foilseacháin dhigiteacha; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Ombudsman imeachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as cóid QR agus lónadóireacht a fhaightear go háitiúil, agus trí bhearta coiscthe cur amú bia a chur chun feidhme; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil an dá fhoirgneamh ina bhfuil oifigí ag an Ombudsman ag rith ar leictreachas atá 100 % in-athnuaite arna sholáthar faoi chonarthaí na Parlaiminte agus gur thosaigh suiteáil painéil ghréine ag an bParlaimint ar a foirgnimh in Strasbourg, lena n-áirítear foirgneamh Havel, ag giniúint cumhachta in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire, ós rud é go bhfaigheann an tOmbudsman a áitreabh ar cíos ón bParlaimint, go mbaineann sé tairbhe as bainistiú comhshaoil na Parlaiminte faoin scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil, lena n-áirítear bearta amhail socruithe teochta 19 °C sa gheimhreadh, sórtáil roghnaitheach dramhaíola, bailiú bithdhramhaíola a tugadh isteach in 2024, agus earraí boird marthanacha a chur in ionad earraí cistine indiúscartha; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an tOmbudsman prionsabail an tSoláthair Phoiblí Ghlais i bhfeidhm, trína chonarthaí féin agus trí chomhaontuithe comhair le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun cinn leanúnach an Ombudsman ar shoghluaisteacht inbhuanaithe, trí ranníocaíocht ar ráta comhréidh chun modhanna iompair inbhuanaithe a úsáid a fuair 67 % d’fhoireann incháilithe an Ombudsman (suas le grád AST8/AD8) in 2024, seisiúin chothabhála rothar bhliantúla a eagrú, agus rannpháirtíocht rialta a fhoirne sa rothaíocht idirinstitiúideach agus sna dúshláin siúil; á thabhairt dá haire go bhfuil páirceáil gluaisteán fós teoranta agus bonneagar rothar ag dul i bhfeabhas i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, iarrachtaí an Ombudsman astaíochtaí a bhaineann le taisteal a laghdú trí fhíschomhdháil agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn go córasach mar roghanna malartacha ar mhisin, agus trí thaisteal traenach thar aerthaisteal a spreagadh; ag spreagadh an Ombudsman leanúint de bhreithnithe inbhuanaitheachta a chomhtháthú ina ghníomhaíochtaí bainistithe riosca agus múscailte feasachta, i gcomhréir lena chuspóir oibríochtúil do 2024 chun freagracht ghlas agus shóisialta a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas airgeadais agus riaracháin a baineadh amach trí chomhar idirinstitiúideach, go háirithe raon leathan na gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse arna dtabhairt i gcrích ag an Ombudsman leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún i réimsí éagsúla agus an rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an comhar idir an Pharlaimint agus an tOmbudsman i réimse na cibearshlándála a chur ar bhonn foirmiúil i mí Dheireadh Fómhair 2024 i réimse na cibearshlándála trí chomhaontú idirinstitiúideach athbhreithnithe a bhfuil creat ann ar dá réir a fhéadfaidh an Pharlaimint leanúint de thacaíocht chibearshlándála láidir a thabhairt don Ombudsman; á chur i bhfáth go bhfuil comhar den sórt sin bunriachtanach chun dúbláil struchtúr a sheachaint agus chun úsáid éifeachtúil acmhainní an Aontais a áirithiú; ag spreagadh an Ombudsman chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint chibearshlándála rialta agus cothrom le dáta ar fáil do gach ball foirne, chun ardleibhéal feasachta agus athléimneachta a choinneáil i gcoinne cibearbhagairtí atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag moladh an Ombudsman as a dea-chomhar leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus leis an gCúirt a bhí i bhfoirm cruinnithe agus malartuithe tuairimí idir an tOmbudsman, comhaltaí na Cúirte agus Ard-Stiúrthóir OLAF in 2024; ag tabhairt dá haire gur labhair an tOmbudsman freisin ag comhdháil de chuid na Cúirte maidir le trédhearcacht aisghabháil chistí an Aontais; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an tOmbudsman torthaí na bpríomhimscrúduithe faoi bhráid choistí ábhartha na Parlaiminte in 2024 agus gur lean sí dá dea-chomhar leis na hombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha tríd an nós imeachta fiosrúcháin, trínar féidir le comhaltaí Líonra Eorpach na nOmbudsman ceisteanna a chur faoi dhlí an Aontais a thagann chun cinn le linn a bhfiosrúchán agus go bhfaigheann an tOmbudsman freagraí saineolacha ó institiúidí an Aontais; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur eagraigh an tOmbudsman seimineár gréasáin Líonra Eorpach na nOmbudsman in 2024 maidir le hábhair éagsúla, lena n-áirítear cur chun feidhme Threoir an Aontais maidir le Sceithirí agus saincheisteanna a bhaineann le saorghluaiseacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir go mbíonn an tOmbudsman agus MECS ag obair i gcomhar le chéile ar bhonn ad hoc agus neamhfhoirmiúil go príomha d’fhonn comhar tapa agus éifeachtúil a dhéanamh le chéile nuair is gá; á thabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm ag an Ombudsman agus ag MECS chun a n-inniúlachtaí faoi seach maidir le láimhseáil gearán a rialáil agus chun dúbláil nósanna imeachta a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an tOmbudsman in 2024 dá dhlúthchomhar le Coistí ábhartha na Parlaiminte (an Coiste um Achainíocha, an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an Fochoiste um Chearta an Duine) maidir le fiosrúcháin thábhachtacha tríd an obair a chur i láthair go díreach i gcruinnithe Coiste nó trí fhaisnéis a sheoladh chuig Cathaoirligh na gCoistí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na tionscnaimh agus na fiosrúcháin straitéiseacha arna ndéanamh ag an Ombudsman ríthábhachtach chun trédhearcacht agus cuntasacht riarachán an Aontais a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir gur tháinig laghdú thart ar 38 % ar an mbuiséad foriomlán do ghníomhaíochtaí cumarsáide agus cur chun cinn (foilseacháin, eagrú imeachtaí, cumarsáid dhigiteach etc.) ó thart ar EUR 155 200 in 2023 go EUR 96 515 in 2024; á chur i bhfáth, cé nach mór leithdháiltí buiséadacha a bheith straitéiseach agus dírithe ar thorthaí, gur cheart don Ombudsman leanúint de bheith dírithe ar shaoránaigh a chur ar an eolas faoi shainordú an Ombudsman agus acmhainneacht chumarsáide leordhóthanach a choinneáil go háirithe do shaoránaigh a théann i muinín an Ombudsman chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an Ombudsman breithniú a dhéanamh ar choigilteas a ath-leithdháileadh chun a áirithiú go gcoinneoidh an tOmbudsman an infheictheacht agus an fhor-rochtain is gá ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag aithint go ndearna an tOmbudsman iarrachtaí ar fhaisnéis thrédhearcach a sholáthar agus sonraí a fhoilsiú (lena n-áirítear staidreamh ar a líon cásanna) i bhformáid fhaisnéiseach agus sholáimhsithe ar shuíomh gréasáin an Ombudsman; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh amlíne ar an suíomh gréasáin le haghaidh na bhfiosrúchán uile ar ghearáin, trína soláthrófar faisnéis ar gharspriocanna san am a chuaigh thart agus san am atá le teacht i ngach fiosrúchán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir agus ón Tuarascáil Bhliantúil gur leathnaigh an tOmbudsman a iarrachtaí for-rochtana in 2024 trí chuntais a sheoladh ar Threads agus Bluesky, agus ar an gcaoi sin a láithreacht ar na meáin shóisialta a éagsúlú; á thabhairt faoi deara go bhfuil an tOmbudsman fós ag leagan béim ar phríomhréimsí téamacha trí fheachtais thiomnaithe ar na meáin shóisialta agus trí scéalta gréasáin, agus go raibh an chumarsáid dírithe ar chaighdeáin eiticiúla laistigh d’institiúidí an Aontais in 2024; á chur in iúl gur geal léi ón tuarascáil leantach príomhchuspóir straitéiseach an Ombudsman nuathofa, saoránaigh a chumhachtú, lena mbainfidh gníomhaíochtaí cumarsáide spriocdhírithe chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh a bhfuil gá acu leis an Ombudsman ar an eolas faoina gcearta agus go n-úsáidfidh siad seirbhísí an Ombudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi nuachtlitir rialta an Ombudsman (EO express) ina gcoimeádtar síntiúsóirí cothrom le dáta trí chur chun cinn ar fud na n-ardán; á thabhairt chun suntais gur ghlac an tOmbudsman páirt i réimse leathan imeachtaí arna n-eagrú ag an Aontas agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta agus gur thug sí agallaimh go minic leis na meáin chun sainordú an Ombudsman a shoiléiriú, chun míniú a thabhairt ar na cineálacha gearán is féidir léi a láimhseáil, agus chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi cathain a fhéadfaidh siad tacaíocht a lorg ón Ombudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón méid atá sa Cheistneoir go bhfuil suíomh gréasáin an Ombudsman deartha chun caighdeáin agus treoirlínte inrochtaineachta an Aontais a chomhlíonadh agus go gcuireann sé timpeallacht ar líne atá cuimsitheach agus saor ó bhacainní ar fáil d’úsáideoirí a bhfuil gnéithe inrochtaineachta éagsúla aici; á thabhairt dá haire gur thug iniúchadh ar inrochtaineacht agus inúsáidteacht shuíomh gréasáin an Ombudsman a rinneadh in 2025 comhlíonadh beagnach 90 % ar an meán; ag spreagadh an Ombudsman leanúint d’iniúchtaí rialta a dhéanamh ar an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi leibhéal leanúnach aird na meán, agus thart ar 5 000 alt a bhain le hobair an Ombudsman in 2024; á thabhairt dá haire go ndéanann an tOmbudsman rannpháirtíocht an phobail a thomhas go príomha trí fhorbairt na meán sóisialta agus trí thrácht suíomhanna gréasáin, de bhrí gur tháinig méadú seasta ar líon na leantóirí le linn na bliana; á thabhairt faoi deara go bhfuair cuntais Instagram, LinkedIn agus X an Ombudsman 9 186 leantóir breise san iomlán, rud a sháraigh a spriocanna maidir le gníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta in 2024, agus maidir le líon na gcuairteoirí uathúla ar a shuíomh gréasáin. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint de bheith ag tabhairt tús áite don chumarsáid sheachtrach chun feabhas a chur ar fheasacht an phobail ar shainordú an Ombudsman agus ar na seirbhísí a chuireann sé ar fáil do shaoránaigh an Aontais.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>