<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0134</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Buiséad Ginearálta an Aontais - An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0057/2026 -  Rapóirtéir:Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2025/2154(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 – C10‑0154/2025)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don bhliain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2024, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh iontaofacht na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 54 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0057/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2025/2154(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0057/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur ceart bunúsach í an chosaint sonraí, a chosnaítear leis an dlí Eorpach agus a chumhdaítear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le cosaint daoine aonair, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo, faoi réir rialú ag údarás neamhspleách;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le bunú údaráis neamhspleách, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (‘MECS’), atá freagrach as an gceart chun cosanta sonraí agus príobháideachais a chosaint agus a ráthú, agus a bhfuil sé de chúram air a áirithiú go nglacann institiúidí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le cultúr láidir cosanta sonraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcuireann MECS a chuid feidhmeanna i gcrích i ndlúthchomhar leis na comh-Údaráis um chosaint sonraí (DPAnna) mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS), agus go bhfónann sé do leas an phobail agus prionsabail na neamhchlaontachta, na sláine, na trédhearcachta agus an phragmatachais á threorú ag an am céanna agus go n-urramaíonn sé reachtaíocht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go dteastaíonn timpeallacht dhigiteach ó shaoránaigh an Aontais nach bhfuil á rialú ag leasanna doiléire, agus tionscnaimh lena gcuirtear ceannasacht dhigiteach chun cinn lena n-áirithítear go bhfuil daoine aonair, seachas cuideachtaí nó córais neamhchuntasacha, i gcroílár an rialachais sonraí san Aontas;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go dtagann buiséad MECS faoi cheannteideal CAI 7 ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arb ionann é agus EUR 13,3 billiún san iomlán, i.e. 6,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2024; á thabhairt dá haire go raibh buiséad MECS ar comhréir le 0,18 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2024 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteideal ‘Riarachán’, is é sin a líon céanna a scrúdaíodh in 2023; de bhrí go luann an Chúirt thairis sin go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, atá thart ar 69 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2024, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 16 (23 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na trí earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta; á thabhairt dá haire nár sainaithníodh aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le MECS sa tuarascáil ón gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht bhuiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gur EUR 24 329 460 a bhí sa bhuiséad deiridh a glacadh do MECS in 2024, atá mar mhéadú 7,12 % i gcomparáid le 2023 (EUR 22 711 559); á thabhairt dá haire go gcumhdaíonn buiséad MECS obair Rúnaíocht neamhspleách BECS freisin; á thabhairt dá haire ó Thuarascáil Bhliantúil MECS do 2024 (an ‘Tuarascáil Bhliantúil’) go raibh buiséad glactha BECS cothrom le EUR 8,36 milliún in 2024 (i gcomparáid le EUR 7,67 milliún in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb é an toradh a bhí ar iarrachtaí faireacháin agus pleanála buiséid MECS sa bhliain airgeadais 2024 ráta cur chun feidhme buiséid 96 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 2024 (mar an gcéanna le 2023); á thabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla MECS do 2024 gurbh é 84 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (mar an gcéanna le 2023); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, ó fhreagraí MECS ar an gceistneoir a chuir an Coiste um Rialú Buiséadach isteach maidir le hurscaoileadh buiséadach 2023 (an ‘Ceistiúchán’), go raibh ráta forghníomhaithe na leithreasuithe le haghaidh íocaíochtaí 91,88 % ar an bhforiomlán in 2024, níos airde ná 91,33 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh méid na méideanna arna dtabhairt anonn (C8) ó 2024 go 2025 cothrom le EUR 2 649 943 (i.e. 10,89 % den bhuiséad iomlán do 2024) i gcomparáid le EUR 2 517 942 in 2023 (i.e. 11,08 % den bhuiséad iomlán do 2023); á thabhairt dá haire gurbh é 77,37 % ráta forghníomhaithe bhuiséad C8 in 2024 (i gcomparáid le 76,65 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é 20 lá an meánfhad ama le híoc in 2024 i gcomparáid le 19 lá in 2023, agus gur próiseáladh 96,87 % de na híocaíochtaí in am (suas ó 92,73 % in 2023); á thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh méadú suntasach ar líon na n-íocaíochtaí ó 1 335 in 2023 go 1 440 in 2024; á thabhairt dá haire go raibh roinnt deacrachtaí teicniúla ag MECS in 2024 mar gheall ar dhá chóras TF éagsúla a reáchtáil go comhthreomhar (córas SUMMA de chuid an Choimisiúin agus córas ABAC de chuid MECS) lenar gá athiontráil de láimh agus idirghabhálacha eile de láimh; á thabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis go dtabharfar SUMMA isteach ag MECS in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig laghdú 17,86 % ar bhuiséad foriomlán mhisin MECS ó EUR 323 421 in 2023 go EUR 265 630 in 2024 mar gheall ar laghdú ar thaisteal agus ar chostais ghaolmhara mar thoradh ar rannpháirtíocht mhéadaithe i gcruinnithe cianda/hibrideacha; á thabhairt dá haire, ón Tuarascáil Bhliantúil, gur tháinig laghdú freisin ar líon na misean foirne, ó 246 in 2023 go 218 in 2024; á thabhairt dá haire, mar chuid den bhuiséad sin, gur tiomnaíodh méid EUR 38 418 do 23 mhisean den Mhaoirseoir in 2024, a mhéadaigh ó EUR 33 000 do 24 mhisean in 2023, go príomha mar gheall ar shuíomh na gcruinnithe agus na n-imeachtaí tábhachtacha ar ceanglaíodh ar an Maoirseoir freastal orthu, lena n-áirítear roinnt misean sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceo in 2024; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, i dtaca le misin chuig tír thionscnaimh oifigeach ardleibhéil, nár thug an Maoirseoir ach 3 mhisean chuig an bPolainn in 2024 (as 23 mhisean san iomlán), cé go ndearna Ard-Rúnaí an Mhaoirseora (MECS) 9 misean chuig an Spáinn (as 15 mhisean san iomlán); á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach soláthraíonn MECS faisnéis fós maidir leis an líon misean arna maoiniú ag eagraithe nó ag tríú páirtithe eile, rud a laghdaíonn an trédhearcacht i ndáil le costais misean MECS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir, i gcomhthéacs chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gur thug MECS aghaidh ar bhrúnna boilscitheacha ar chonarthaí agus ar sheirbhísí trí athbhreithniú a dhéanamh ar mheastacháin chostais le linn na bliana agus trí acmhainní a ath-leithdháileadh trí aistrithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 29(1) agus (4) den Rialachán Airgeadais, lena bhforáiltear do chorrlaigh theagmhasacha agus trí athmheasúnú a dhéanamh ar thosaíochtaí chun seirbhísiú chroíphróisis MECS a áirithiú; á iarraidh ar MECS leanúint d’athbhreithnithe rialta a dhéanamh chun réimsí tearc-fhorghníomhaithe agus ath-leithdháilte cistí a shainaithint i gcás inar gá le linn na bliana; á aithint gur gá d’institiúidí uile an Aontais feabhas a chur ar a mbainistiú buiséid trí luaineacht praghsanna a chur san áireamh freisin, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhíse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt dá haire gur sheol agus gur dhámh MECS 66 nós imeachta soláthair, a raibh luach an-íseal ag 45 díobh, ar nósanna imeachta idirbheartaithe iad dhá cheann díobh gan foilsiú roimh ré, ar chonarthaí sonracha iad naoi gcinn chun liosta saineolaithe aonair a bhunú agus ar chreatchonradh EUR 200 000 ceann amháin díobh le PricewaterhouseCoopers; á thabhairt dá haire go síníonn MECS formhór na gconarthaí le fiontair bheaga agus mheánmhéide trí nósanna imeachta ar luach an-íseal nó ar luach íseal;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur bhain MECS úsáid as naoi bpríomhtháscaire feidhmíochta (PTFnna) chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht in 2024, ar aon dul le príomhchuspóirí Straitéis MECS 2020-2024 a chuirtear chun feidhme tríd an bPlean Bainistíochta Bliantúil; á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil gur chomhlíon nó gur sháraigh MECS na tacair spriocanna i ngach PTF, seachas PTF amháin (líon leantóirí MECS ar roinnt cuntas meán sóisialta);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú i róil éagsúla MECS amhail an t-údarás um chosaint sonraí agus, amhail ón 1 Lúnasa 2024, mar Chomhlacht faoina dTugtar Fógra, Údarás faoina dTugtar Fógra agus Údarás um Fhaireachas Margaidh atá freagrach as Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, de bhrí, i gcás an róil dheireanaigh sin, nach mbeidh cumhachtaí forfheidhmiúcháin ag MECS ach ón 2 Lúnasa 2026 ar aghaidh; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, sa chomhthéacs sin, go bhfuil MECS ag obair ar na struchtúir rialachais agus ar na creataí nós imeachta is gá chun a chúraimí agus a chumhachtaí nua mar Údarás um Fhaireachas Margaidh a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2024/1689, lena n-áirítear trí Líonra Comhfhreagraithe an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a sheoladh in 2024 lenar mealladh rannpháirtíocht institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile na hEorpa, d’ainneoin rannpháirtíocht dheonach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ról méadaitheach ag MECS i ngníomhartha reachtacha nua, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2024/1689, faoina dtagann MECS chun bheith ina údarás inniúil le haghaidh institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais, agus faoina ndearnadh cúraimí breise a tharmligean chuige; á thabhairt dá haire, an 1 Deireadh Fómhair 2024, chun aghaidh a thabhairt ar a chúraimí maoirseachta nua, gur bhunaigh MECS aonad na hIntleachta Saorga a bhí comhdhéanta de bheirt den fhoireann a athshannadh go hinmheánach in 2024; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir, amhail ó 2025, go bhfuil buiséad ag MECS don aonad sin lena gcumhdaítear dhá phost bhuana agus cúigear gníomhairí ar conradh a bhfuil nósanna imeachta earcaíochta déanta ina leith; á thabhairt dá haire, áfach, ó thaobh an Cheistneora de, nach leor na hacmhainní sin fós chun na cúraimí nua sin a chumhdach, go háirithe maoirseacht a dhéanamh ar chórais na hIntleachta Saorga i réimse an rialaithe teorann, na himirce, an cheartais agus fhorfheidhmiú an dlí nó bosca gainimh rialála IS a bhunú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile na hEorpa, dá bhforáiltear in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2024/1689; á thabhairt dá haire, thairis sin, ó thuarascáil leantach MECS ar rún na Parlaiminte maidir le cur chun feidhme bhuiséad MECS do 2023 (an ‘Tuarascáil Leantach’) nach bhféadfadh MECS an staidéar féidearthachta ar an intleacht shaorga a sheoladh in 2024 mar gheall ar shrianta buiséadacha freisin;  á mheabhrú gur cheart do MECS cloí le hinniúlachtaí a shainordaithe trí chur chuige comhoibríoch a ghlacadh le hinstitiúidí agus le gníomhaireachtaí an Aontais d’fhonn nósanna imeachta dlíthiúla costasacha a sheachaint; á mheabhrú, gur thug an Pharlaimint rabhadh cheana féin, ina rún urscaoilte don bhliain 2023, go raibh baol ann go rachadh leathnú de réir a chéile ar shainordú MECS thar na hacmhainní a bhí ar fáil aige;  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a sholáthar do MECS d’fhonn maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chórais na hIntleachta Saorga (IS) i réimsí a bhfuil go leor i gceist leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le faireachán agus fadbhreathnaitheacht teicneolaíochta, gur dhírigh MECS, trína Aonad Teicneolaíochta agus Príobháideachais, ar an intleacht shaorga in 2024; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin roinnt de na hábhair ar thug MECS aghaidh orthu amhail: - próiseáil néarshonraí ag néartheicneolaíochtaí, a chumhdaítear leis an ‘TechDispatch on neurodata’ arna eisiúint ag MECS in éineacht le húdarás um chosaint sonraí na Spáinne i mí an Mheithimh 2024 agus; - an chinnteoireacht uathoibrithe agus an mhaoirseacht dhaonna a dhéantar uirthi, ar tugadh aghaidh uirthi ag seimineár téamach a eagraíodh i gcomhpháirt le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus Ollscoil Karlstad i mí Mheán Fómhair 2024; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, gur fhoilsigh MECS an 4ú heagrán dá thionscnamh Techsonar i mí na Samhna 2024 a bhí dírithe ar shé threocht na hIntleachta Saorga amhail: giniúint aisghabháil-bhreisithe, an Intleacht Shaorga ar an ngaireas, neamhfhoghlaim meaisín, an intleacht shaorga ilmhódach, formhaoirseacht inscálaithe agus an intleacht shaorga néarshiombalach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach do MECS an t-eolas is gá a charnadh chun a chumhachtaí a fhorfheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2024/1689 a luaithe a thosóidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa ag úsáid teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun sonraí pearsanta a phróiseáil; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur eisigh MECS na chéad treoirlínte do institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa in 2024 chun comhlíonadh cosanta sonraí a áirithiú agus córais na hIntleachta Saorga giniúnaí á n-úsáid aige, chomh maith le trí Thuairim Mhaoirseachta maidir le húsáid uirlisí na hIntleachta Saorga ag Europol agus Eurojust;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á aithint go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngearán ó bhliain amháin go bliain eile, de bhrí go mbaineann formhór na ngearán leis an gCoimisiún agus gurb iad foireann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa a chuireann isteach iad; á thabhairt dá haire go bhfuair MECS 663 gearán, i.e. 202 níos mó ná mar a bhí in 2023, a raibh 108 díobh sin inghlactha agus 555 neamh-inghlactha in 2024; á thabhairt dá haire gur eisigh MECS cinneadh, tuairim nó freagra críochnaitheach in 77 (i.e. méadú 33 % i gcomparáid le 2023) as 108 gcás gearáin a fuarthas in 2024 agus gur fhreagair sé gach gearán neamh-inghlactha a fuarthas; á thabhairt dá haire, as na gearáin inghlactha uile a fuarthas in 2024, gur tugadh 48 gcás chun críche in 2024, ar laghdú é ó 55 chás in 2023; á thabhairt dá haire go raibh 104 ghearán inghlactha (méadú ó 71 chás in 2023), lena n-áirítear iad sin a cuireadh isteach roimh 2024, fós ar siúl ag deireadh 2024; ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag MECS líon ard na ngearán a laghdú agus ag spreagadh dó a láimhseáil gearán a chuíchóiriú tuilleadh trí e.g. comhthuiscint ar an nós imeachta láimhseála gearán a lorg leis na húdaráis um chosaint sonraí náisiúnta, go háirithe i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais ina bhfuil imscrúduithe casta agus fada; á thabhairt dá haire go bhfuair MECS 125 fhógra maidir le sárú ar shonraí pearsanta in 2024, suas ó 77 bhfógra in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tathant ar MECS machnamh a dhéanamh ar a phríomhtháscairí feidhmíochta (KPIanna) agus a áirithiú go gcumhdófar leo láimhseáil gearán, maille le spriocanna a leagan síos maidir le gearáin agus fiosrúcháin a láimhseáil, rud a bheadh cosúil le cleachtas an Ombudsman Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag comhairliúchán agus comhairle MECS i bpróiseas reachtach an Aontais, ní hamháin ag an gcéim luath d’ullmhú thograí reachtacha an Choimisiúin, ach freisin trí bharúlacha nó tuairimí a sholáthar maidir le leasuithe comhréitigh ar chaibidlíocht thríthaobhach arna iarraidh sin don Pharlaimint agus dá Coistí; á thabhairt dá haire, de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, gur fhreagair MECS 97 comhairliúchán reachtach foirmiúil (80 in 2023) agus gur i bhfoirm 25 thuairim a bhí an chomhairle a thug sé (54 in 2023), 45 thuairim fhoirmiúil (26 in 2023) agus 27 thuairim neamhfhoirmiúil (34 in 2023) chuig an gCoimisiún agus chuig na comhreachtóirí mar fhreagra ar iarratais ar chomhairliúchán reachtach in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag BECS maidir le treoraíocht, nós imeachta, próisis forfheidhmiúcháin agus cleachtas na nÚdarás Maoirseachta a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, nach ndearna BECS aon chinneadh ceangailteach in 2024, gur eisigh sé 28 dtuairim chomhsheasmhachta, gur ghlac sé dhá threoirlíne nua, gur eisigh sé ceithre ráiteas maidir le forbairtí reachtacha, gur chuir sé roinnt clár chun feidhme agus gur chomhordaigh sé iad a mhéid a bhaineann le comhar forfheidhmiúcháin; á thabhairt dá haire, thairis sin, go soláthraíonn BECS rúnaíocht an Choiste Maoirseachta Comhordaithe (CSC), arb é atá ann grúpa d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus MECS a áirithíonn maoirseacht chomhordaithe ar chórais mhórscála TF an Aontais, agus in 2024 leathnaíodh an mhaoirseacht sin chuig an gCóras Faisnéise Víosaí, de bhreis ar an obair ullmhúcháin a rinneadh le haghaidh maoirseacht ar an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhorbair MECS uirlisí agus beartais nós imeachta éagsúla chun a phróisis imscrúdaithe a fheabhsú in 2024; ag moladh MECS sa chomhthéacs sin as a Rialacha Nós Imeachta a leasú in 2024, lenar cuireadh ‘réamh-mheasúnú’ in ionad an ‘nós imeachta athbhreithnithe’ chun ceart éisteachta na bpáirtithe uile lena mbaineann a choimirciú; á thabhairt dá haire, amhail ó mhí Iúil 2024, gur féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa a dtuairimí a chomhroinnt maidir leis an réamh-mheasúnú sula ndéanfaidh MECS cinneadh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dóibh; á thabhairt dá haire go rannchuidíonn na coimircí nós imeachta sin le gearáin agus imscrúduithe a láimhseáil go cothrom agus go tráthúil; á thabhairt dá haire go ndearna MECS athbhreithniú freisin in 2024 ar mhodheolaíochtaí imscrúdaithe, gur fhorbair sé lámhleabhar maidir le rochtain ar an gcomhad, ullmhacht fheabhsaithe dlíthíochta, gur nuashonraigh sé an lámhleabhar inmheánach maidir le cásanna gearán agus gur chuir sé feabhas ar thaifeadtaí éisteachta agus ar phróisis tras-scríofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil agus ón Tuarascáil Leantach go bhfuil aird ar leith á tabhairt ag MECS ar phróiseáil sonraí leanaí, go háirithe i gcomhthéacsanna forfheidhmithe dlí; á thabhairt dá haire go raibh ceann de na hiniúchtaí a rinne MECS in 2024 ar phróiseáil sonraí pearsanta leanaí i dtionscadail taighde arna mbainistiú ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin sa Spáinn, go háirithe maidir le hidirghníomhaíocht idir leanaí agus róbait; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhreastail MECS ar Chruinniú Comhchéime DPAnna G7 sa Róimh i mí Dheireadh Fómhair 2024, inar eisigh na húdaráis um chosaint sonraí ‘Ráiteas maidir leis an Intleacht Shaorga agus Leanaí’ inar iarr siad gníomhaíocht chun príobháideachas leanaí a chosaint agus chun a áirithiú go gcothaíonn an Intleacht Shaorga muinín agus na daoine is leochailí á gcosaint ag an am céanna; á mheabhrú go ndearna MECS iniúchadh saincheaptha ar an bpróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí i ndáil le mionaoisigh faoi bhun 15 bliana d’aois arna n-ainmniú mar dhaoine atá faoi amhras; á chur in iúl gur geal léi gur shuigh MECS go bhfuil an próiseas ginearálta maidir le faisnéis arna soláthar ag comhpháirtithe i dtaobh mionaoiseach (lena n-áirítear mionaoisigh faoi bhun 15 bliana d’aois) a mheasúnú soiléir agus go bhfuil forbairt mhaith déanta air; á thabhairt dá haire go n-iarrtar i dtuarascáil iniúchta MECS ar Europol leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na sonraí a fhaightear agus cuireadh in iúl go láidir an gá atá le hEuropol an ‘fíorghá’ le próiseáil sonraí i ndáil le mionaoisigh a bhfuil amhras fúthu i ndáil le cionta a mheasúnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhféadfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa dul i gcomhairle le MECS chun treoir a fháil maidir le hoibríochtaí próiseála atá beartaithe agus cosaint sonraí; á thabhairt dá haire gur eisigh MECS comhairle i 26 chomhairliúchán agus 26 thuairim mhaoirseachta maidir le hábhair éagsúla; á thabhairt dá haire go háirithe gur fhoilsigh MECS tuairim mhaoirseachta i mí na Nollag 2024 maidir le plean na Parlaiminte an bhithmhéadracht a úsáid chun tinreamh na bhFeisirí a fhianú le haghaidh íocaíochtaí liúntais laethúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna MECS ceithre imscrúdú agus dhá réamh-imscrúdú in 2024, ar laghdú é i gcomparáid le 2023; á thabhairt dá haire, i measc na gcásanna is suntasaí, go bhfuil réamh-imscrúdú ann maidir le cinnteoireacht uathoibrithe i roghnú oiliúnaithe, imscrúdú ar an úsáid a bhaineann an Coimisiún as Microsoft 365 agus réamh-imscrúdú amháin maidir le próifíliú in iarratais ar rochtain phoiblí; á thabhairt dá haire maidir leis an úsáid a bhain an Coimisiún as Microsoft 365 gur aimsíodh san imscrúdú go ndearnadh iliomad sáruithe ar Rialachán (AE) 2018/1725, rud a spreag MECS chun ordú a thabhairt don Choimisiún gach sreabhadh sonraí chuig Microsoft agus a chleamhnaithe lasmuigh den Aontas/den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a chur ar fionraí faoin 9 Nollaig 2024; á iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh na hoibre leantaí maidir le comhlíonadh mholtaí MECS ag an gCoimisiún sa chás seo; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur lean MECS de chúig imscrúdú ar chleachtais suímh gréasáin maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa lena ndírítear ar chomhpháirteanna tríú páirtí agus ar iarrataí ar thoiliú in 2024; á thabhairt dá haire go ndearna MECS trí iniúchadh in 2024, le cuairteanna ar an láthair, ar ábhair amhail próiseáil sonraí sláinte, tréimhsí coinneála agus taighde a bhaineann le mionaoisigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú gur thionscain MECS caingean in 2022 chun dhá fhoráil de Rialachán (AE) 2016/794 leasaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a neamhniú os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ar dhiúltaigh CBAE di ina dhiaidh sin, ach a ndearna MECS achomharc ina leith ansin ag rialú na Cúirte Ginearálta i gcás T-578/22<FOOTNOTE><FIELD> Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 6 Meán Fómhair 2023, MECS v an Pharlaimint agus an Chomhairle, T-578/22, ECLI:EU:T:2023:522.</FIELD></FOOTNOTE>, inar chreid sé gur cheart aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh ar an leibhéal is airde; á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Leantach go bhfuil MECS ag staonadh ó bharúil a thabhairt ar an achomharc sin, mar atá ar siúl faoi láthair; á mheabhrú nár cheart a mheas go ndéanfar difear don chomhar dílis agus don dea-chaidreamh idir an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) agus na heintitis a ndéanann sé maoirseacht orthu nuair a thugann MECS ábhair dhlíthiúla os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i bhfeidhmiú a róil mhaoirseachta dó, ach á thabhairt dá haire, áfach, go n-ardaítear amhras leis sin maidir le seasamh MECS i ndáil le ról na Parlaiminte agus na Comhairle mar reachtóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt dá haire gur deimhníodh le cleachtadh 2024 chun measúnú a dhéanamh ar Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh MECS leibhéal sásúil rialaithe inmheánaigh agus gach ceann de na 14 chaighdeán i láthair agus ag feidhmiú; á thabhairt dá haire gur bunaíodh meitheal chun anailís a dhéanamh ar thorthaí agus feabhsuithe a mholadh, amhail feabhsuithe ar oiliúint agus ar fhorbairt agus ar bhainistiú eolais agus doiciméad; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tugadh isteach le creat bainistithe riosca nuashonraithe MECS obair leantach struchtúrtha a chuir ar chumas na heagraíochta a áirithiú go leanfaidh iarrachtaí maolaithe de bheith éifeachtach agus go ndéanfar faireachán comhsheasmhach orthu; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur nuashonraigh MECS a nós imeachta maidir le rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> atá anois ina leanúnachas gnó rioscabhunaithe agus treisithe agus an rian iniúchóireachta trí chóras ARES a chomhtháthú, trí oiliúint, agus trí phróisis fheabhsaithe bainistithe eolais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur sheol Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) an Choimisiúin iniúchadh amháin in 2024, maidir le rialachas do sheirbhísí TF arna soláthar ag an bParlaimint do MECS, as ar eascair dhá mholadh atá á gcur chun feidhme ag MECS faoi láthair; á thabhairt dá haire, maidir le hiniúchadh ó 2023 ar an ‘modheolaíocht chun iniúchtaí MECS a phleanáil’, gur tugadh aghaidh ar cheann den dá mholadh a d’eisigh IAS agus go bhfuil cur chun feidhme an mholta eile (maidir le dearadh na modheolaíochta chun plean iniúchóireachta MECS a bhunú) curtha siar go dtí go gceapfar an Maoirseoir nua; á iarraidh ar MECS an t-údarás urscaoilte a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta san ábhar seo, agus ag tabhairt dá haire gur cheart do MECS dul i gcomhairle leis na heintitis a ndearna sé iniúchadh orthu maidir le féidearthacht agus oiriúnacht na moltaí atá beartaithe, d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh an comhlacht iniúchta na moltaí sin a chur chun feidhme go tapa, go héifeachtach agus go seiftiúil ina dhiaidh sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh 137 mball foirne ag MECS ag deireadh 2024, i gcomparáid le 129 mball foirne in 2023; á thabhairt dá haire gur fhostaigh MECS 55 de sheirbhísigh ar conradh (CAanna) de bhun Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (50 CA in 2023), 9 ngníomhaire shealadacha (TAanna) de bhun phointí (b) agus (c) d’Airteagal 2 (7 dTA in 2023) agus gur bhain sé leas as seirbhísí 10 soláthraí seirbhíse seachtrach (EXTanna) a bhí ag obair laistigh den institiúid in 2023 (12 EXT in 2022); á iarraidh ar MECS machnamh a dhéanamh ar an mbealach chun líon na mball foirne ar conradh a laghdú i bhfabhar conarthaí buana chun coinneáil tallainne agus leanúnachas gnó a áirithiú; á thabhairt dá haire go raibh 23 náisiúntacht as na Ballstáit in 2024 (mar an gcéanna le 2023) i measc na foirne, rud ar scór sármhaith é d’institiúid chomh beag sin, d’ainneoin rómhórfhionntacht 5 náisiúntacht agus tearcionadaíocht náisiúntachtaí eile; á iarraidh ar MECS leanúint dá chuid iarrachtaí ionsar dháileadh geografach cothrom de náisiúnaigh as na Ballstáit uile, go háirithe maidir leis an leibhéal bainistíochta, lena n-áirítear trína bheartas earraíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh ráta ard áitíochta 98,80 % sa phlean bunaíochta (i gcomparáid le 95,65 % in 2023) ach freisin go raibh ráta ard athraithe lucht saothair 12 % ann in 2024 (i gcomparáid le 13 % in 2023); á thabhairt dá haire go raibh formhór na bpost nár líonadh mar thoradh ar iarrthóirí a bheith mí-oiriúnach; ag aithint na ndúshlán a sainaithníodh i nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón Tuarascáil Leantach gur thug MECS aghaidh ar na dúshláin sin trí straitéis chuimsitheach coinneála foirne agus meallta tallainne a fhorbairt a glacadh ag tús 2025, le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha chun foireann a bhfuil taithí acu a choinneáil, rioscaí athraithe lucht saothair a mhaolú agus tarraingteacht MECS mar fhostóir a fheabhsú; ag spreagadh MECS leanúint de na nósanna imeachta earraíochta a fheabhsú, agus prionsabail an fhiúntais, na trédhearcachta agus na córa comhionainne á n-urramú go hiomlán aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le miondealú inscne ar fhoireann MECS, gur mhná iad 63 % agus gur fhir iad 37 % in 2024, ar aon dul leis an treocht chéanna a bhí ann an bhliain roimhe sin, nuair a bhí an dáileadh idir mná agus fir cothrom le 65 % agus 35 % faoi seach; á thabhairt dá haire cothromaíocht inscne i measc meánbhainisteoirí, ina bhfuil triúr fear agus triúr ban, ach á chur in iúl gur oth léi tearcionadaíocht leanúnach na mban i bpoist ardbhainistíochta; á iarraidh go leanfadh MECS dá iarrachtaí chun ionadaíocht foirne atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt dá haire gur fhostaigh MECS 20 oiliúnaí ó chlár Oiliúna Leabhar Gorm an Choimisiúin ar íocadh liúntas míosúil thart ar EUR 1 500 leo agus oiliúnaí amháin gan phá ar bhonn comhaontú intéirneachta acadúil; á chur i dtábhacht gur cheart luach saothair a thabhairt d’oiliúnuithe i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le cláir oiliúna ardcháilíochta san Aontas (2020/2005(INL), ina iarrtar go n-íocfar as gach intéirneacht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt dá haire na gníomhaíochtaí a rinne MECS chun a HR a fhorbairt in 2024; á thabhairt dá haire gur ghlac sé beartas nua maidir le hardáin foghlama ar líne, gur ghlac sé páirt sa chlár nua scáthfhoghlama idirinstitiúideacha le cúigear ball foirne de MECS ag scáthfhoghlaim fhoireann an Choimisiúin, gur eagraigh sé lá allamuigh do bhaill foirne atá tiomnaithe d’ullmhacht na hIntleachta Saorga agus do ghníomhaíochtaí tógála comhtháthaithe eile; á thabhairt dá haire gur seoladh meitheal trasaonad chun tionscnaimh a fhorbairt i bhfabhar an chomhionannais, an chuimsithe agus na héagsúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire, ón gCeistneoir, go gcuireann MECS socruithe oibre solúbtha agus hibrideacha ar fáil, a bhfuil glacadh maith leo ag baill foirne ar féidir leo leas a bhaint, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, as saoire do thuismitheoirí, as creidmheasanna ama, as obair pháirtaimseartha nó as obair ó thar lear ar feadh líon teoranta laethanta in aghaidh na bliana; á thabhairt dá haire go raibh an chéad suirbhé eile ar shástacht na foirne, lena gcumhdaítear teilea-obair, beartaithe do 2025; á mheas go bhféadfaí bonneagar na bhfoirgneamh a bharrfheabhsú, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn socruithe cianoibre agus socruithe oibre hibrideacha a léiriú, d’fhonn costais oibriúcháin a laghdú agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos éifeachtaí as spás oifige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire nach bhfostaíonn MECS baill foirne faoi mhíchumas faoi láthair ach go bhfuil clásal comhdheiseanna san áireamh i ngach fógra folúntais ó MECS agus go spreagann sé go gníomhach iarratais ó iarrthóirí faoi mhíchumas; á thabhairt dá haire go bhfuil suíomh gréasáin corparáideach MECS bunaithe ar chóras bainistithe inneachair atá ailínithe le caighdeáin bhunriachtanacha le haghaidh dearadh gréasáin inrochtana agus go gcruthaítear aon fheidhmiúlachtaí breise a fhorbraítear don suíomh gréasáin sin le hinrochtaineacht mar phríomhcheanglas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir freagra MECS nach bhfuil rochtain ag MECS ar chomhaid leighis a fhoirne agus nach bhfuil sé in ann a bheith ar an eolas faoi bhunchúis na neamhláithreachtaí, ós rud é go ndéanann Seirbhís Liachta an Choimisiúin iad a bhailíochtú; á thabhairt dá haire nach bhfuil rochtain ag MECS ach ar shonraí comhiomlánaithe amhail líon na laethanta saoire breoiteachta agus an bhfuil deimhniú leighis ag gabháil leo; á thabhairt dá haire gur sháraigh an méadú ó 2023 go 2024 ar líon na laethanta saoire breoiteachta, i.e. ó 1 680,50 go 1 946 (+15,80 %) an méadú ar líon na foirne ó 129 go 137 (i.e. +6,20 %); á thabhairt dá haire gur tháinig méadú freisin ar mheánfhad na breoiteachta in aghaidh an duine, ó 14,7 lá in 2023 go 18,30 lá in 2024, agus gur tháinig méadú ar an ráta saoire breoiteachta ó 3,60 % in 2023 go 3,9 % in 2024; á chur in iúl gur cúis imní di an staid reatha agus á iarraidh i gcónaí go ndéanfaí meastóireacht níos soiléire ar fholláine na foirne chun cúiseanna athfhillteacha a d’fhéadfadh a bheith leis an traochadh a shainaithint, ar cheart cásanna díobh a thuairisciú go bliantúil don údarás um urscaoileadh mar gach institiúid eile; á iarraidh ar MECS, i gcomhar le Seirbhís Liachta an Choimisiúin, measúnú spriocdhírithe a dhéanamh ar bhunchúiseanna an mhéadaithe sin, agus béim ar leith á leagan ar an traochadh a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha ag MECS in 2024; á chur in iúl gur mór aici gur lean MECS, in 2024, de chur i láthair frithchiaptha a sholáthar arna thabhairt ag duine de Chomhairleoirí Rúnda MECS, le linn an ionduchtaithe do sheisiún na nuatheachtaithe; ag moladh foilsiú an chinnidh ar fhrithchiapadh agus ról na gcomhairleoirí rúnda ar inlíon MECS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil creat curtha ar bun ag MECS chun coinbhleachtaí leasa a chosc ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus na foirne trí chóid iompair, trí mhúscailt feasachta agus trí dhearbhú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann agus dearbhú maidir le rúndacht; á thabhairt dá haire nach mór don fhoireann uile a théann isteach in MECS dearbhú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann agus dearbhú maidir le rúndacht a shíniú; á thabhairt dá haire nár cláraíodh aon chásanna coinbhleachtaí leasa ná sceithireachta in 2024 ag MECS; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tuairiscíodh cás amháin de chalaois líomhnaithe in MECS in 2024, a ndearna oifig araíonachta an Choimisiúin imscrúdú air; á thabhairt dá haire sa chás sin gur dhún Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin an fiosrúchán in 2025 leis an moladh a rinneadh do MECS imeachtaí araíonachta a thionscnamh i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne; á iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh deiridh an ábhair sin, agus maidir le haon bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun rialuithe inmheánacha frithchalaoise a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean MECS, in 2024, d’oiliúint ionduchtúcháin a eagrú lena gcumhdaítear a chreat eiticiúil (maidir le ciapadh, sceithireacht, coinbhleachtaí leasa) agus a straitéis frithchalaoise do nuatheachtaithe BECS/MECS; á thabhairt dá haire go gcuireann oifigeach eitice MECS tuarascáil eitice faoi bhráid bhainistíocht BECS/MECS gach bliain agus go nglacann sé páirt i meitheal um eitic ‘Comité Paritaire des Questions Statuaries’; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil bosca poist curtha i bhfeidhm ag MECS inar féidir le baill foirne a n-iarrataí maidir le haon fhiosrúcháin a bhaineann le heitic a chur isteach; ag spreagadh MECS leanúint d’fheasacht a mhúscailt agus suirbhéanna a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal feasachta foirne maidir le creat eiticiúil MECS/BECS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-ardleibhéal foriomlán trédhearcachta a bhain MECS amach maidir lena ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear maidir le foilsiú an chláir oibre agus dearbhú leasanna an Mhaoirseora agus an Ardrúnaí; á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gCeistneoir, tar éis measúnú inmheánach ar bhearta trédhearcachta a rinneadh in 2023-2024, gur ghlac MECS cinneadh in 2025 nach mbuailfidh an Maoirseoir, an tArdrúnaí agus foireann MECS a bhfuil freagrachtaí bainistíochta acu le hionadaithe leasa ach amháin má tá siad cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur cuid de Chlár Trédhearcachta an Aontais é MECS mar thoradh ar an gcinneadh sin, ar tugadh fógra cuí dá Bhord Bainistíochta ina leith; á mholadh go bhfoilseodh MECS liosta de na cruinnithe uile a tionóladh le hionadaithe sainleasa ar a shuíomh gréasáin chun cuntasacht agus trédhearcacht an phobail a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh MECS faoi réir fiosrúcháin ón Ombudsman Eorpach maidir le cás a tionscnaíodh in 2023 a dúnadh in 2024 le cinneadh go raibh drochriarachán ann; á thabhairt dá haire gur bhain an toradh leis an am a thóg sé ar MECS a mheasúnú ar ghearán a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gan an gearánach a chur ar an eolas go réamhghníomhach faoi dhul chun cinn an cháis; á chur in iúl gur mór aici, mar thoradh air sin, go ndearna MECS gníomhaíocht chun feabhas a chur ar a nósanna imeachta, trína gceanglaítear ar an bhfoireann anois gearáin a thabhairt cothrom le dáta go réamhghníomhach agus imscrúduithe a chur ar fionraí agus iad ag fanacht le rialuithe cúirte nó cinntí ó chomhlachtaí eile maidir leis an ábhar céanna; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go raibh baint ag MECS le trí imscrúdú de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) in 2024 atá ar siúl faoi láthair; á iarraidh ar MECS urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar ról MECS maidir le maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta EUIBA; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-am a thógann sé ar MECS gearáin a láimhseáil; ag meabhrú Chinneadh an Ombudsman Eorpaigh an 7 Samhain 2024 i gcás 1888/2023/TM, inar shuigh an tOmbudsman Eorpach nach tréimhse réasúnta í sé bliana le go dtabharfadh MECS a mheasúnú ar ghearán chun críche agus gurbh ionann cur chuige MECS agus drochriarachán; ag tabhairt dá haire gur shuigh an tOmbudsman Eorpach freisin gur mhainnigh MECS an duine a rinne an gearán a choimeád ar an eolas faoi dhul chun cinn an cháis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chód Iompair MECS, go bhfuil an Maoirseoir agus an tArdrúnaí faoi cheangal ag dualgas na sláine, na discréide agus na rúndachta ar feadh trí bliana tar éis dóibh scor dá n-oifig; á thabhairt dá haire nár fhág aon oifigeach sinsearach MECS ná nár tháinig sé isteach ann in 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go raibh caiteachas 2024 ar threalamh agus tionscadail TF 10 % níos airde i gcomparáid le 2023 mar gheall ar chomhairleoireacht bhreise chibearshlándála; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur lean gnéithe costais eile de bheith réasúnta seasmhach idir an dá bhliain, lena n-áirítear seirbhísí ginearálta TF agus cothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt dá haire an dul chun cinn atá déanta ag MECS maidir lena aistear i dtreo claochlú digiteach in 2024; á thabhairt dá haire go háirithe gur chomhtháthaigh MECS EU Send (seirbhís/cainéal chun faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa eile), gur ghlac sé ServiceNow le haghaidh tacaíocht TF (lena gcruthaítear tairseach deisce cabhrach aontaithe don fhoireann), gur chuir sé SECABC (creat idirinstitiúideach le haghaidh malartú slán faisnéise) chun feidhme agus gur aistrigh sé chuig Coimeádán mar Sheirbhís ar an áitreabh den Choimisiúin; á thabhairt dá haire go bhfuil oifigeach buan amháin agus ball foirne ar conradh amháin tiomnaithe do chlaochlú digiteach MECS; á aithint ón gCeistneoir agus ón Tuarascáil Leantach srianta buiséadacha MECS a chuireann cosc ar fhoireann de chúigear speisialtóirí TF ar a laghad a bhunú lena gcumhdaítear 7 réimse TF éagsúla a d’fhéadfadh feidhmchláir shonracha a chumhdach a bhaineann le próisis ghnó MECS a théann níos faide ná an bonneagar bunúsach TF agus na seirbhísí bunúsacha TF a thairgeann an Pharlaimint agus an Coimisiún faoi Chomhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéantar an líon teoranta foirne TF inmheánaí atá ag MECS a fhorlíonadh go páirteach le seirbhísí TF a sholáthraíonn an Pharlaimint agus an Coimisiún faoi chomhaontuithe maidir le leibhéal seirbhísí (SLAanna) agus faoi shásra aisíocaíochta; á mheabhrú gur shainaithin an Pharlaimint cheana féin, ina rún urscaoilte don bhliain 2023, bearnaí struchtúracha idir na seirbhísí TF idirinstitiúideacha sin agus sainriachtanais oibríochtúla MECS; á chur i bhfáth go bhféadfadh an tsamhail sin, cé gur féidir léi barainneachtaí scála a ghiniúint, intuarthacht costas a laghdú agus an rialú díreach atá ag institiúidí beaga ar éabhlóid an chaiteachais a bhaineann le TF a lagú, agus cuirtear in iúl go láidir an tábhacht a bhaineann leis na brúnna struchtúracha sin ar chostais a chur san áireamh sa phleanáil bhuiséadach amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag cur béim ar obair MECS i ndáil le réitigh néil chomhoibritheacha de chuid an Aontais atá bunaithe ar fhoinse oscailte, go háirithe tionscadal Nextcloud agus an t-aistriú chuig lárionad sonraí atá á bhainistiú ag an gCoimisiún, d’fhonn an flaitheas ar shonraí a neartú agus an spleáchas ar sholáthraithe nach de chuid an Aontais iad a laghdú;  á iarraidh ar MECS measúnú a sholáthar don údarás urscaoilte ar chostas iomlán úinéireachta an tionscadail, ar na tairbhí slándála a bhaineann leis agus ar a inscálaitheacht i ndáil le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á aithint go mbraitheann MECS go rathúil ar go leor de na córais riaracháin a úsáideann an Coimisiún, go háirithe i réimse na bpróiseas acmhainní daonna agus riarachán gnó, chomh maith le roinnt de sheirbhísí na Parlaiminte, lena n-áirítear soláthar ríomhairí glúine, bonneagar líonra agus físchomhdhála, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire go n-úsáideann MECS an ríomhshíniú cáilithe chun doiciméid leictreonacha a shíniú laistigh agus lasmuigh de chóras ARES le haghaidh doiciméid riaracháin agus airgeadais; ag moladh MECS as an dul chun cinn atá déanta i dtreo uirlisí ríomhsholáthair a ghlacadh, atá beartaithe do 2026 nuair a thabharfar isteach SUMMA, na bogearraí airgeadais nua, ag MECS freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur fhormheas MECS treoirlínte inmheánacha in 2025 maidir le húsáid córas na hIntleachta Saorga giniúnaí ag a fhoireann a dtairgtear conair oiliúna éigeantach Intleachta Saorga dóibh freisin; á chur in iúl gur geal léi obair ullmhúcháin MECS maidir le treoirlínte a eisiúint a d’fhéadfadh a bheith ann chun a áirithiú go n-úsáidfidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa uirlisí na hIntleachta Saorga ar bhealach freagrach, rud a chomhlánódh an treoir a chuir an Coimisiún ar fáil cheana féin trí dhíriú ar shainiúlachtaí riarachán poiblí an Aontais nó ar chásanna úsáide i réimsí sonracha amhail acmhainní daonna/earcaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag aithint ról ceannasach MECS maidir le hullmhacht chibearshlándála um institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa a fheabhsú, agus ag an am céanna oibriú go dlúth le comhlachtaí amhail ENISA agus moil chibearshlándála amhail CERT-EU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur sheol MECS dhá phríomhthionscnamh chun bainistiú sáruithe ar shonraí pearsanta a neartú ar fud institiúidí an Aontais, i.e. an Feachtas um Fheasacht ar Sháruithe ar Shonraí Pearsanta, lenar díríodh ar eintitis nár thuairiscigh sáruithe roimhe sin, lena soláthraítear uirlisí féinmheasúnaithe, comhairliúcháin dhéthaobhacha, agus moltaí saincheaptha, agus cleachtadh cibearshlándála (dá ngairtear PATRICIA), arb é is aidhm dó feabhas a chur ar láimhseáil teagmhas cibearshlándála a bhaineann le sáruithe ar shonraí pearsanta agus comhar idirinstitiúideach a fheabhsú; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, gur bhronn an Tionól Domhanda Príobháideachais an dá thionscnamh in 2025 as a rannchuidiú leis an gcuntasacht; á thabhairt faoi deara gur neartaigh MECS a chreat cibearshlándála trí leochaileacht fíor-ama agus brath bagairtí a thabhairt isteach do shócmhainní atá os comhair an idirlín, trí chomhar feabhsaithe faoina comhaontú ar leibhéal seirbhíse le CERT-EU; ag tréaslú le MECS as comhdháil a óstáil sa Bhruiséil i mí an Mheithimh 2024, ina dtugtar le chéile saineolaithe cosanta sonraí, lucht ceaptha beartas agus speisialtóirí teicneolaíochta chun machnamh a dhéanamh ar ról athraitheach na cosanta sonraí i ndaonlathais nua-aimseartha, go háirithe i bhfianaise mhéadú na bréagaisnéise agus na cúblála ar líne, agus na ndúshlán a bhaineann leis na meáin shóisialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, go raibh gá le haistriú thart ar EUR 55 000 chun slándáil foirgnimh agus costais chíosa a chumhdach, ós rud é go raibh an costas cíosa a dheimhnigh an Pharlaimint do 2024, a bhfuil MECS ag úsáid a fhoirgnimh, níos airde ná na creidmheasanna a leithdháileadh don bhliain sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt dá haire, maidir le hinrochtaineacht ar a fhoirgneamh, go mbraitheann MECS ar na cinntí arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag an bParlaimint, mar chuid dá mbeartas tógála; á iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas an bhfuil sé beartaithe aige freisin oiliúnaithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas a fhostú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfaigheann MECS foirgneamh cliste den Pharlaimint ar cíos, a laghdaítear a lorg comhshaoil trí roinnt beart amhail rialáil na teochta a dhéantar go huathoibríoch agus go lárnach, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire go bhfuil an foirgneamh sin feistithe freisin le painéil fhótavoltacha a ghineann thart ar 20 kWh leictreachais lena gcumhdaítear 6,04 % de thomhaltas iomlán MECS in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt dá haire nár ghlac MECS páirt sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); á thabhairt dá haire, d’fhonn deimhniú EMAS a fháil, gur bhunaigh MECS meitheal trasaonad in 2024 arb iad a chuspóirí na bearta atá curtha chun feidhme cheana ag an bParlaimint a mhapáil, straitéisí laghdaithe carbóin a fhorbairt agus réitigh nuálacha a mholadh; á iarraidh ar MECS clár ama soiléir a leagan síos d’fhonn deimhniú EMAS a fháil agus an t-údarás urscaoilte a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta san ábhar seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go ndéanann MECS formhór mór a sholáthair trí Chreatchonarthaí Idirinstitiúideacha, agus, mar Údarás Conarthach Rannpháirteach, go gcuireann sé na critéir inbhuanaitheachta arna mbunú ag an bPríomhúdarás Conarthach i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir nach mór do gach taisteal gnó laistigh de MECS na rialacha a leagtar amach sa Treoir Mhisin a chomhlíonadh; á thabhairt faoi deara go dtaistealaíonn foireann MECS go príomha i ngrád barainne agus go dtarlaíonn formhór na dturas laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí MECS a lorg carbóin a laghdú tríd an bhfoireann a spreagadh chun físchomhdháil a úsáid, taisteal traenach le haghaidh achair ghearra, agus iompar poiblí agus iad ag taisteal chuig an aerfort nó uaidh nó ag suíomh an mhisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe á cur chun feidhme ag MECS, lena gceadaítear don fhoireann aisíocaíocht 50 % dá dticéid shéasúir mhíosúla nó bhliantúla nó dá bpasanna ilturais le haghaidh iompar poiblí a iarraidh agus lena gcuirtear saoráidí ar fáil atá oiriúnaithe do riachtanais na foirne a úsáideann rothair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas buiséadach agus riaracháin atá bainte amach ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) trí bhíthin an chomhair idirinstitiúidigh, go háirithe maidir le comhaontuithe maidir le leibhéal seirbhísí a thabhairt i gcrích leis an bParlaimint i ndáil le léasú a háitribh agus úsáid feidhmchlár do chórais TF, soláthar crua-earraí agus cothabháil crua-earraí, agus leis an gCoimisiún i ndáil le próisis i réimse na n-acmhainní daonna agus an riaracháin ghnó, chomh maith le bheith rannpháirteach i mórchonarthaí réime idirinstitiúideacha i réimsí amhail an tsainchomhairleoireacht TF, seirbhísí eatramhacha agus soláthairtí oifige, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>; ag moladh MECS, ina theannta sin, as comhar struchtúrtha a choinneáil ar bun leis an Ombudsman Eorpach, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le CERT-EU trí mheamraim tuisceana; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil MECS rannpháirteach freisin sa tionscadal idirinstitiúideach um Chlaochlú Acmhainní Daonna, faoi stiúir an Choimisiúin, arb é is aidhm dó próisis acmhainní daonna a dhigitiú, de bhrí go dtabharfar rolladh amach an tionscadail sin chun críche faoi 2029;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á thabhairt dá haire go nglacann MECS páirt i gcruinnithe de chuid comhlachtaí idirinstitiúideacha éagsúla; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin rannpháirtíocht MECS i gcruinnithe na gCeannairí Riaracháin agus an Choiste Idirinstitiúideach um Chumarsáid ar Líne, arna stiúradh ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Pharlaimint; á aithint sa chomhthéacs sin go bhfuil comhar idirinstitiúideach le MECS, ina ról maoirseachta, ríthábhachtach chun go bhfeabhsódh institiúidí eile an Aontais a leibhéal comhlíontachta leis an gcreat dlíthiúil um chosaint sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil gur sheol BECS a ghníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe in 2024 maidir le ceart rochtana an duine aonair ar a shonraí pearsanta, le 30 údarás um chosaint sonraí rannpháirteacha ar fud an Aontais agus LEE; á thabhairt dá haire ón gCeistneoir gur ghlac MECS páirt sa ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin sin, ach gur lean sé freisin dá chuid oibre ar ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin chomhordaithe BECS ó 2023 ar ról OCS; á thabhairt dá haire rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach MECS i ngníomhaíochtaí um an Coiste Maoirseachta Comhordaithe in 2024 trí ról comhordúcháin um an Coiste Maoirseachta Comhordaithe a ghlacadh air féin ar feadh 2 bhliain, trí nóta treorach a dhréachtú maidir le comhar i ndáil le gearáin Europol a láimhseáil agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairt ETIAS, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire go ndearna MECS, mar chomhalta de BECS, tascfhórsa a chomhordú freisin maidir leis an gcomhar le húdaráis iomaíochta agus cosanta tomhaltóirí a mhéid a bhaineann leis an idirghníomhú idir an Gníomh um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus RGCS<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á thabhairt dá haire ón gCeistneoir agus ón Tuarascáil Leantach nach dtagann gníomhaíochtaí comhpháirteacha le OLAF, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus leis an gCúirt, agus tionscnamh a ghlacadh i réimse an bhraite calaoise, faoi shainordú MECS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 425 000 an buiséad do ghníomhaíochtaí cumarsáide poiblí agus cur chun cinn in 2023, arbh é méadú 9,20 % é i gcomparáid le 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh MECS roinnt imeachtaí cumarsáide ar líne agus go pearsanta in 2024, lena ndírítear ar fheasacht a mhúscailt ar ról agus ar mhisean MECS i measc an phobail i gcoitinne agus ar a thábhachtaí atá sé rialacha cosanta sonraí an Aontais a urramú, amhail an Lá Cosanta Sonraí, comhdháil na nOiliúnaithe MECS (dhá uair sa bhliain), Cruinniú Mullaigh MECS maidir leis an tSochaí Shibhialta agus an Comhthionól Domhanda Príobháideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndéanann MECS cumarsáid ar líne trína shuíomh gréasáin agus trína chuntais meán sóisialta ar X (Twitter roimhe seo) (28 800 leantóir), LinkedIn (82 800 leantóir), YouTube (3 400 leantóir) agus Instagram (300 leantóir);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig deireadh le treoirthionscadal na n-ardán EU Voice agus EU Video (líonraí meán sóisialta saor in aisce agus foinse oscailte, atá dírithe ar phríobháideacht agus bunaithe ar bhogearraí Mastodon agus PeerTube) in 2024; á thabhairt dá haire gur éascaigh MECS aistriú rianúil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na hEorpa ar mhian leo a gcuntais a choinneáil, rud a d’áirithigh leanúnachas d’úsáideoirí; á thabhairt dá haire, ag tógáil ar rath an treoirthionscadail, go ndearnadh ullmhúcháin chun Mastodon a atosú in 2025; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, rannchuidiú MECS le straitéis an Aontais maidir le sonraí agus ceannasacht dhigiteach chun neamhspleáchas an Aontais sa domhan digiteach agus comhlíonadh an chreata dhlíthiúil um chosaint sonraí a chur chun cinn.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>