<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0135</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2024: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0050/2026 -  Rapóirtéir: Pasquale Tridico)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (2025/2155(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5734, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5734/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 2 Márta 2026 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024 (05749/2026 – C10‑0047/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 94 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0050/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>Leagtar amach a bharúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a áirithiú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L);
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (2025/2155(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2024, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5734, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5734/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 2 Márta 2026 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024 (05749/2026 – C10‑0047/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 70 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 94 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 105 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0050/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (2025/2155(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0050/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) oifig neamhspleách ionchúisimh phoiblí an Aontais, atá freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus as déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, a thabhairt chun breithiúnais, mar a fhoráiltear le Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (coireacht a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh) agus mar a léirítear le Rialachán (AE) 2017/1939<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).</FIELD></FOOTNOTE>ón gComhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn inniúlacht OIPE roinnt cineálacha calaoise, lena n-áirítear calaois trasteorann CBL le damáistí os cionn EUR 10 milliún, sciúradh airgid, éilliú agus cionta eile a bhfeidhmíonn OIPE feidhmeanna ionchúisitheora ina leith i gcúirteanna inniúla na mBallstát rannpháirteach, go dtí deireadh na n-imeachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil OIPE ar cheann de na comhpháirteanna d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais agus, dá réir sin, go ndéantar a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí na gcomhpháirteanna eile den ailtireacht agus go gcomhlánaíonn siad iad, chun comhordú cuíchóirithe éifeachtúil a bhaint amach lena bhfeabhsaítear éifeachtacht fhoriomlán na hailtireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil OIPE leabaithe i gcórais bhreithiúnacha náisiúnta na mBallstát rannpháirteach agus go bhfuil inniúlacht tosaíochta aige maidir leis na coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá ag eagraíochtaí eile, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chun na himscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla ábhartha a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil gníomhartha nós imeachta OIPE faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag na cúirteanna náisiúnta i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus go n-áirithíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) – trí bhíthin réamhrialú nó athbhreithnithe breithiúnacha – cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais, go háirithe léirmhíniú aonfhoirmeach Rialachán (AE) 2017/1939 agus Threoir (AE) 2017/1371;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil OIPE comhdhéanta de leibhéal lárnach, agus a cheanncheathrú i Lucsamburg, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, 24 Ionchúisitheoir Eorpacha (ceann amháin in aghaidh an Bhallstáit rannpháirtigh tar éis rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne in OIPE, an 20 Márta agus an 19 Iúil 2024, faoi seach), an Stiúrthóir Riaracháin, chomh maith le leibhéal díláraithe náisiúnta ina bhfuil na hionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha sna 24 Bhallstát rannpháirteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, ar an leibhéal lárnach, gurb iad an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus na 24 Ionchúisitheoir Eorpacha Coláiste OIPE (‘an Coláiste’) agus go leithdháiltear iad ar 15 Sheomra Bhuana a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar na himscrúduithe agus na hionchúisimh a dhéanann ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha ar an leibhéal náisiúnta, a oibríonn le neamhspleáchas iomlán ar a n-údaráis náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/1939, go ndéanfaidh Stiúrthóir Riaracháin OIPE, ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin OIPE, a bhuiséad a chur chun feidhme faoina fhreagracht féin agus laistigh de na teorainneacha a údaraítear sa bhuiséad agus go seolfaidh sé gach bliain chuig údarás buiséadach an Aontais an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí aon nós imeachta meastóireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialacha Airgeadais OIPE, go ngníomhaíonn Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin mar Oifigeach Cuntasaíochta OIPE freisin agus go bhfuil sé freagrach as na cuntais bhliantúla a ullmhú, a chomhdhlúthaítear le cuntais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, faoin gcreat reatha, go ndéanann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) grinnscrúdú ar na cuntais bhliantúla chríochnaitheacha agus go molann an Chomhairle agus go gcinneann an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú do Stiúrthóir Riaracháin OIPE i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais ar leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir le grinnscrúdú ar bhainistiú acmhainní OIPE agus ar chaiteachas gaolmhar neamhaird a thabhairt ar an scrúdú ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla, lena n-áirítear na modhanna lena bhforghníomhú, ar a n-iarmhairtí agus ar a dtionchar agus go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfear san áireamh saintréithe na ngníomhaíochtaí ionchúisimh agus imscrúdaitheacha trí mheastóireacht leanúnach chun a áirithiú go leanfaidh acmhainní de bheith leordhóthanach chun rath oibríochtúil a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nach bhfuil OIPE ag feidhmiú go neamhspleách i gcur chun feidhme a bhuiséid ach amháin ón 24 Meitheamh 2021 agus go bhfuil tús curtha aici lena gníomhaíochtaí oibríochtúla an 1 Meitheamh 2021, arb ionann é freisin agus an <STRING ITALIC="on">dies a quo</STRING> don téarma cúig bliana a léirítear in Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2017/1939 agus a mbeidh ar an gCoimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle agus na bparlaimintí náisiúnta ar chur chun feidhme agus tionchar an Rialacháin sin, agus ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht OIPE agus a chleachtais oibre, mar aon lena chonclúidí;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2017/1939 go bhfuil an Coimisiún le tograí reachtacha a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle má chinneann sé gur gá rialacha breise nó níos mionsonraithe a bheith ann maidir le OIPE, a fheidhmeanna nó an nós imeachta is infheidhme maidir lena ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear a imscrúduithe trasteorann, a chur ar bun;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach féidir aon togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar chreat rialála OIPE a thíolacadh ach amháin tar éis aird chuí a thabhairt ar rúin ón bParlaimint a glacadh ó dháta tosaigh ghníomhaíochtaí oibríochtúla OIPE agus ról OIPE laistigh d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais á chur san áireamh, ar sheol an Coimisiún an t-athbhreithniú orthu i mí Mheán Fómhair 2025, tar éis iarrataí na Parlaiminte déanamh amhlaidh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tuairim dhearfach ón gCúirt maidir le hiontaofacht chuntais OIPE don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2024 agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus na n-íocaíochtaí is bun leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá OIPE maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus, go háirithe, buiséad an Aontais; á mheabhrú go dtacaíonn an Pharlaimint go láidir le bunú OIPE agus á chur in iúl gur mór aici an obair a dhéanann OIPE maidir le coireanna amhail calaois, éilliú agus calaois thromchúiseach trasteorann CBL a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag OIPE maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus á chur i bhfios go láidir gur bunchloch é de chreat frithchalaoise an Aontais agus den chóras rialachais níos leithne atá bunaithe ar shláine, ar chuntasacht, ar thrédhearcacht agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról uathúil ag OIPE maidir le forfheidhmiú dhlí an Aontais mar sheirbhís ionchúisimh agus á chur i bhfios, mar gheall ar a chineál, go bhfuil sé d’oibleagáid ar OIPE gach ábhar a thagann faoina inniúlacht a imscrúdú, nuair a thugtar ar aird di é; á mheabhrú, de réir Thuarascáil Bhliantúil OIPE, gur láimhseáil OIPE 6547 dtuarascáil ar choireacht faoi dheireadh 2024 (56 % níos mó ná in 2023) agus 2666 imscrúdú ghníomhacha (thart ar 38 % níos mó ná in 2023) le damáistí measta EUR 24.8 billiún (EUR 19.27 billiún in 2023 agus EUR 14.1 billiún in 2022) agus gur dheonaigh breithiúna orduithe reo ar fiú EUR 2.42 billiún iad (i gcomparáid le EUR 1.5 billiún in 2023); á chur i bhfáth go ndeimhnítear leis na figiúirí atá ag méadú i gcónaí gur cheart na hacmhainní a ailíniú leis na riachtanais oibríochtúla chun neamhspleáchas OIPE a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún na hacmhainní is gá a leithdháileadh go pras chun a chur ar chumas OIPE a dhualgais a chomhlíonadh agus dul chun cinn agus tabhairt i gcrích tráthúil imscrúduithe a áirithiú, lena n-áirítear an ceann maidir le vacsaín COVID-19 a fháil san Aontas, a tionscnaíodh in 2022 agus atá fós ar siúl faoi rialacha rúndachta gan sonraí a nochtadh go poiblí chun sláine na n-imeachtaí a chosaint; á mheabhrú nach mór an trédhearcacht a chothromú le toimhde na neamhchiontachta agus le hurraim d’imeachtaí breithiúnacha leanúnacha; ag moladh do OIPE cumarsáid phoiblí shoiléir a choinneáil i gcás ina bhfuil sé incheadaithe ó thaobh an dlí de; á chur i bhfáth nach mór d’acmhainní daonna agus airgeadais a leithdháiltear ar OIPE le haghaidh cásanna ardchastachta a bhaineann le mórthionchar buiséadach agus le clú dul chun cinn dícheallach an imscrúdaithe a áirithiú agus a stádas agus a dtabhairt i gcrích a chur in iúl go freagrach, agus lánurraim á tabhairt do shrianta dlíthiúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht bhuiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad deiridh foriomlán a leithdháileadh ar OIPE do 2024 agus EUR 76 382 368, ar méadú suntasach é ón EUR 65,9 milliún a leithdháileadh in 2023 agus ón EUR 51,2 milliún a leithdháileadh in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go raibh buiséad tosaigh 2024 (arb ionann é agus EUR 71 888 321) a d’fhormheas údarás buiséadach an Aontais 24 % níos lú ná an buiséad a d’iarr OIPE ina mheastacháin ar ioncam agus caiteachas do 2024 fiú más airde é faoi 9 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; á thabhairt faoi deara gur glacadh dhá bhuiséad leasaitheacha in 2024 agus, arna iarraidh sin do OIPE i mí Feabhra 2024, gur méadaíodh an buiséad faoi EUR 3 600 000 i mí an Mheithimh 2024, le hacmhainní airgeadais agus daonna chun na costais mhéadaithe a bhaineann le rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne in OIPE a chumhdach; á chur i bhfios go láidir gur ghá go gcumhdófaí leis an méadú tuarastail na hionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha breise a bhí le ceapadh sa Pholainn agus sa tSualainn agus tuarastail na foirne a bhí le fostú agus caiteachas oibríochtúil gaolmhar, ach gur leithdháileadh cuid de na cistí breise sin ar fhoireann na Lároifige chun ullmhú don tionscadal neamhspleáchais TF a forchuireadh trí sheirbhísí an Choimisiúin i réimse TF a scor; á thabhairt dá haire gur mhéadaigh an dara buiséad leasaitheach leibhéal na leithreasuithe faoi EUR 894 047 i mí na Samhna 2024, ar thogra ó údarás buiséadach an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ardleibhéal innéacsaithe tuarastail in 2024 agus toisc go raibh cuid dá chéad bhuiséad leasaitheach leithdháilte cheana féin ag OIPE chun an t-innéacsú tuarastail níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis a réamh-mheas, go ndearnadh an dara hacmhainní breise a deonaíodh a ath-imlonnú chuig caiteachas a bhaineann leis an tslándáil; á mheas go dtugann an spleáchas athfhillteach sin ar bhuiséid leasaitheacha chun suntais go bhfuil gá le cur chuige buiséadaithe ex ante níos réadúla agus le rannpháirtíocht níos luaithe agus níos struchtúrtha le OIPE le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire gur glacadh trí aistriú buiséid in 2024 i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialacha Airgeadais OIPE lena gceadaítear don Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, ar thogra arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Riaracháin, leithreasuithe a aistriú ó theideal amháin go teideal eile suas le huasmhéid 10 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais agus ó chaibidil amháin go caibidil eile nó laistigh de gach caibidil gan teorainn; á thabhairt faoi deara gurbh ionann glanluach iomlán na n-aistrithe sin agus EUR 3,2 milliún, i gcomparáid le EUR 1,2 milliún in 2023, agus go raibh gá leis na haistrithe sin le haghaidh forbairtí ar an gclár neamhspleáchais TF, le haghaidh thabhairt chun rialtachta iarrtha na seirbhísí dlúthchosanta faoin gcomhaontú ar leibhéal seirbhíse le hArd-Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna agus Slándála an Choimisiúin agus leis na hathruithe ar an nuashonrú luacha saothair, chun freastal ar an innéacsú tuarastail níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis a shroich 7,2 % i gcomparáid leis an hipitéis bhuiséadach tosaigh de 3,4 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á aithint go bhfuil an meastachán ar aon riachtanas buiséadach a bhaineann le gníomhaíochtaí OIPE fós an-deacair mar gheall ar shainiúlacht ghníomhaíochtaí OIPE, atá nasctha leis an leibhéal dothuartha braite calaoise agus leis an réimse leathan dá chásanna; á chur in iúl gur eol di nach bhfuil lánrogha ag OIPE maidir le hionchúisimh a shaothrú agus nach bhfuil aon ghiaráil aici i ndáil le hacmhainní agus srianta nós imeachta na gcóras náisiúnta ar a bhfuil sí ag brath le haghaidh gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha; á thabhairt faoi deara go gcuireann an easpa comhghaol seasta idir líon agus costais na n-imscrúduithe bac freisin ar réamhaisnéis caiteachais, ach á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar acmhainní an Aontais atá le cosaint agus go bhfágann castacht an chreata rialála lena rialaítear a n-imscaradh go bhfuil sé níos deacra na himscrúduithe a dhéanamh, ní hamháin maidir leis an méid a bhaineann leis an tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta (STA) agus lena modh cur chun feidhme nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ach freisin maidir leis gcaiteachas ard; á chreidiúint go dtugtar le fios sa chomhthéacs sin go bhfuil gá le leithdháileadh breise acmhainní chun gníomhaíochtaí OIPE a mhaoiniú agus á athdhearbhú gur gá acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do OIPE chun a shainordú a chomhlíonadh go leormhaith; á mheas go bhféadfadh dothuarthacht den sórt sin údar a thabhairt le sásra teagmhasach buiséadach tiomnaithe a bhunú gan dochar don ghá atá le buiséad ex-ante réalaíoch lena léirítear treochtaí an ualaigh oibre, chun go mbeidh OIPE in ann freagairt go héifeachtach do mhéaduithe tobanna ar an ualach oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí gur bhliain dheacair a bhí in 2024 do OIPE, toisc go raibh air déileáil le méadú ar a ualach oibre sna 22 Bhallstát rannpháirteacha, an méadú a bhainistiú chun an Pholainn agus an tSualainn a chur san áireamh agus, ag an am céanna, neamhspleáchas TF a bhaint amach ón gCoimisiún; á thabhairt dá haire gur iarr OIPE 45 phost don phlean bunaíochta in 2024 le haghaidh neamhspleáchas TF, agus 37 bpost ina dhiaidh sin i mbuiséad leasaitheach, ach gur diúltaíodh don dá iarraidh; á thabhairt faoi deara, go háirithe, gurb é an toradh a bhí ar an easpa acmhainní breise a leithdháileadh chun neamhspleáchas TF a bhaint amach gur gá baill foirne a atreorú i dtreo na hearnála TF a bhí ceaptha ar dtús tacú leis na hoibríochtaí agus dul i muinín conraitheoirí intra muros; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí maoiniú a dhámhachtain chun neamhspleáchas iomlán TF OIPE agus cibearshlándáil láidir a áirithiú chun suaitheadh oibríochtúil a chosc; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn d’acmhainneacht imscrúdaitheach OIPE agus d’athléimneacht institiúideach fhadtéarmach mar gheall ar an spleáchas leanúnach ar chonraitheoirí seachtracha agus atreorú foirne oibríochtúla chuig cúraimí TF, mar thoradh ar easpa post sa phlean bunaíochta le haghaidh neamhspleáchas TF; á iarraidh ar an údarás buiséadach foireann thiomnaithe inbhuanaithe a chur ar fáil ar mhaithe le neamhspleáchas digiteach OIPE chun éifeachtacht imscrúdaitheach agus cibearshlándáil a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios gurbh é 98,5 % an ráta cur chun feidhme buiséadach don bhliain airgeadais 2024, thar an táscaire feidhmíochta ionchasach de 95 % agus i gcomhréir leis na blianta roimhe sin (99,6 % in 2023 agus 98,1 % in 2022); á chur in iúl gur mór aici nár thug OIPE aon chistí ar ais d’údarás buiséadach an Aontais don dara bliain as a chéile, rud a léiríonn acmhainneacht láidir ionsúcháin an bhuiséid a deonaíodh; á chur i bhfios, in 2024, gur shroich an ráta foriomlán forghníomhaithe le haghaidh íocaíochtaí 86,4 % de bhuiséad deiridh OIPE, le meán-am íocaíochta 16,7 lá, a bhuí le húsáid fheabhsaithe ríomhshonrasctha, ag feabhsú ó bhlianta roimhe sin (in 2023 ba é 85,3 % an ráta forghníomhaithe, le meán-am íocaíochta 17 lá, agus in 2022 ba é 76,6 % an ráta forghníomhaithe le meán-am íocaíochta 23,8 lá); á thabhairt faoi deara gur fhan céatadán na n-íocaíochtaí déanacha cobhsaí agus an-íseal (0,85 % as líon iomlán na n-íocaíochtaí in 2024, i gcomparáid le 0,86 % in 2023; nó 1,09 % as méid iomlán na n-íocaíochtaí in 2024, i gcomparáid le 1,08 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis na blianta roimhe sin agus leis an straitéis lena dtugtar tús áite don chaiteachas oibríochtúil a bhaineann le bearta imscrúdaithe, ionchúisimh agus slándála, in 2024, gur leithdháil OIPE 44,6 % dá bhuiséad ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla (i gcomparáid le 43 % in 2023 agus 41 % in 2022) i gcás inarb iad na príomhchúiseanna costais luach saothair na hionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha agus gníomhaíochtaí oibríochtúla TFC (19 %) ina dhiaidh sin, amhail cothabháil agus forbairt chóras bainistithe cásanna OIPE agus na seirbhísí teanga (10 %); á thabhairt dá haire gur ionsúdh buiséad OIPE den chuid is mó le caiteachas a bhain le gníomhairí sealadacha (33,6 %, EUR 25 671 160, i gcomparáid le 32,2 % in 2023) agus le luach saothair na hionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha (23,9 %, EUR 18 252 391, i gcomparáid le 22,1 % in 2023) agus costais le haghaidh seirbhísí teanga (4,6 %, EUR 3 491 000, i gcomparáid le 6,2 % in 2023) agus crua-earraí agus bogearraí oibríochtúla TFC (4,5 %, EUR 3 426 711, i gcomparáid le 5,5 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur fógraíodh rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne in 2024 agus nach raibh baint ach go páirteach le buiséad 2024, mar gheall ar iontógáil de réir a chéile beirt Ionchúisitheoirí Eorpacha agus roinnt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha; á thabhairt faoi deara gur deonaíodh 20 post lároifige breise agus Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha breise le méadú 2024 arna fhormheas ag údarás buiséadach an Aontais in oirchill rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne in OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur tháinig méadú beag breise ar chostais do mhisin oibríochtúla in 2024, gur shroich siad EUR 1 292 000 (i gcomparáid le EUR 1 175 000 in 2023 agus EUR 980 000 in 2022) agus gur ionsúigh siad thart ar 3,7 % de na leithreasuithe oibríochtúla foriomlána (EUR 34,1 milliún) ach ar an iomlán i gcomhréir le leibhéal méadaitheach déine na n-imscrúduithe agus go bhfuil siad cobhsaí ó thaobh luacha de; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil laghdú tagtha ar an gcaiteachas taistil foriomlán, go bhfuil úsáid saoráidí físchomhdhála mar rogha mhalartach chostéifeachtach agus shlán ar mhisean foirne á cur chun cinn ag OIPE agus gurb é rannpháirtíocht i gcruinnithe ar líne an gnáthchleachtas le haghaidh comhordú inmheánach agus malartuithe le húdaráis na mBallstát agus le comhpháirtithe an Aontais, ach go bhfuil misin fós riachtanach i gcomhthéacsanna oibríochtúla agus breithiúnacha, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú ar fud OIPE, chun oiliúint a chur ar gheallsealbhóirí nó chun feasacht a mhúscailt ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú, faoi Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2017/1939, gurb é Ionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá d’fheidhmiú riaracháin OIPE ar an leibhéal lárnach, ach go gcuireann ábhair phráinneacha agus cuspóir imscrúdaitheach ar chumas ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha cinneadh a dhéanamh maidir le módúlachtaí an aistriúcháin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme; á thabhairt faoi deara, in 2024, gur tháinig laghdú ar na costais a bhain le seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta go EUR 3 491 000, arb ionann é agus 10 % de na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (i gcomparáid le EUR 4 086 500, arb ionann é agus 14 %, in 2023); á thabhairt dá haire go ndearnadh ríomhaistriúchán ar 88,8 % de dhoiciméid an chórais bainistithe cásanna (8,8 % os cionn an táscaire feidhmíochta) agus á chur in iúl gur mór aici iarrachtaí OIPE feabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht a sheirbhísí aistriúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur sheol OIPE 15 ghlao ar thairiscintí in 2024 agus gur dhámh sé 9 gconradh (4 nós imeachta a cuireadh ar ceal) agus gur nósanna imeachta oscailte iad 2 cheann acu agus gur nósanna imeachta idirbheartaithe iad 12 cheann acu; á thabhairt dá haire go bhfuil dianúsáid á baint as creatchonarthaí OIPE a raibh mar thoradh orthu, in 2024, gur shínigh OIPE 288 gconradh shonracha faoi chreatchonarthaí atá ann cheana (i gcomparáid le 234 in 2023), ar fiú níos mó ná EUR 13 mhilliún san iomlán iad (i gcomparáid le EUR 11 mhilliún in 2023), agus nár tugadh aon chonradh i gcrích trí nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; á thabhairt le fios gur ar FBManna a bhí thart ar 65 % de na conarthaí arna ndámhachtain go díreach ag OIPE in 2024, agus gur ón mBallstát céanna a bhí gach ceann díobh seachas 3 cinn díobh; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil a acmhainneacht ceannaigh féin forbartha ag OIPE, gur bhainistigh sé a chonarthaí sonracha féin i gcur chun feidhme na gcreatchonarthaí atá ann cheana agus gur lean sé, ag an am céanna, de bheith ag oibriú trí comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus trí pháirt a ghlacadh i gconarthaí idirinstitiúideacha le hoibreoirí margaidh éagsúla; á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh nósanna imeachta soláthair agus gníomhaíochtaí bainistithe conarthaí uile OIPE in 2024 trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha TF, atá i gcomhréir le sprioc an táscaire feidhmíochta; á mheabhrú gur féidir barainneachtaí scála a uasmhéadú trí chreatchonarthaí idirinstitiúideacha a úsáid, lena n-áirithítear bainistíocht fhónta airgeadais ar thaobh amháin agus lena gcúitítear an easpa acmhainní daonna atá ar fáil ar an taobh eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an treocht dhearfach i dtabhairt anonn leithreasuithe ón gcleachtadh roimhe seo (2023), arb ionann é agus EUR 9 392 990 nó 14,2 % (i gcomparáid le EUR 10 969 680 nó 24,4 % in 2022) as ar caitheadh 96,9 % (i gcomparáid le 84,8 % in 2023 agus 90,8 % in 2022) agus nár cuireadh ach 3,1 % ar ceal (i gcomparáid le 15,2 % in 2023 agus 9,2 % in 2022); á thabhairt dá haire gurbh ionann tabhairt anonn leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó 2024 go 2025 agus EUR 9 200 802, réasúnta cobhsaí i gcomparáid leis an méid thuas ó 2023 go 2024; á thabhairt faoi deara gur leithreasuithe a gealladh i dtreo dheireadh na bliana le haghaidh infheistíochtaí digiteacha oibríochtúla, agus méideanna gan íoc ar chonarthaí soláthraithe seirbhíse seachtracha, ba chúis leis an tabhairt anonn den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú nach bhfuil ráiteas airgeadais reachtach 2017 oiriúnach don fheidhm a thuilleadh; á chur i bhfáth go gcuireann an ráiteas airgeadais reachtach atá ann faoi láthair cosc ar OIPE athbhreithniú buiséadach meántéarma a reáchtáil lena gcuirtear d’oibleagáid air fanacht go dtí deireadh an phróisis glactha bhuiséadaigh chun soiléireacht a bheith aige maidir le leibhéal na n-acmhainní is féidir leis a chur chun feidhme an bhliain ina dhiaidh sin; á chur i bhfios go láidir go gcuireann sé sin teorainn le cumas OIPE gníomhaíochtaí ullmhúcháin maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a réamh-mheas agus, go háirithe, go ndéanann sé difear do sheoladh luath na hearcaíochta, do mhoill a chur ar an dul chun cinn i dtreo áitíocht iomlán agus d’acmhainneacht ionsúcháin fhoriomlán OIPE, mar ábhar fíorais lena gcuirtear cosc ar straitéis chuimsitheach foirne a fhorbairt nach toradh í ar chaibidlíocht bhuiséadach bhliantúil; á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach an tsolúbthacht is mó is féidir a bhaint amach i bhforbairt samhla eagraíochta nuálaí ós rud é go bhfuil OIPE ríthábhachtach; á chreidiúint go bhfuil an t-athbhreithniú ar ráiteas airgeadais reachtach le déanamh gan beann ar an athrú ar shainordú OIPE, faoi chuimsiú an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2017/1939 ar a dhéanaí, a bhfuil meastóireacht seolta ag an gCoimisiún ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici neartú leanúnach acmhainneacht riaracháin OIPE, lena dtugtar aghaidh de réir a chéile ar laigí tosaigh a eascraíonn as cur chuige OIPE chun an caiteachas neamhoibríochtúil a theorannú do sheirbhísí tacaíochta ar leibhéal fíor-riachtanach; á áitiú go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh na hacmhainní buiséadacha agus daonna a leithdháiltear ar OIPE leormhaith chun go bhféadfar a shainordú a chur i gcrích go héifeachtúil agus go rathúil agus chun go mbeifear in ann gnáthláimhseáil a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin gaolmhara; á mheabhrú go bhfuil cistiú breise agus neartú fhoireann OIPE ríthábhachtach chun cur ar chumas OIPE coireacht CBL a chomhrac go héifeachtach, leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus seasamh leis an smacht reachta, ar príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais iad; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chreat buiséadach OIPE i ndlúthchomhar le OIPE chun bealaí leormhaithe a aimsiú chun tacú leis ina chuid oibre; á mheabhrú gur gheall an Coimisiún, i Litir Leasaitheach 1/2022, measúnú foirne a chur ar fáil don Pharlaimint faoi dheireadh 2023 agus gur cuireadh béim air sin i mír 5 de rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3 a ghabhann le buiséad ginearálta 2024 lena dtreisítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh tar éis aontachas na Polainne agus rannpháirtíocht ionchasach na Sualainne; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Coimisiún measúnú den sórt sin, ná nach ndeachaigh sé i gcomhairle le OIPE ná nach ndearna sé cumarsáid le OIPE maidir leis an measúnú foirne, agus fós nár thacaigh an Coimisiún le hiarrataí OIPE agus nár ghlac sé páirt in idirphlé chun measúnú nuashonraithe a dhéanamh ar na fíor-riachtanais; á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní breise a leithdháileadh, a bhfuil údar cuí leo mar gheall ar líon méadaitheach na gcásanna casta, agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart iad sin a bheith ag brath ar an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2017/1939 ná ar shainordú OIPE, ach ar a thábhachtaí atá an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á athdhearbhú nach leor fós ó thaobh struchtúir de na hacmhainní buiséadacha agus daonna a leithdháiltear ar OIPE i bhfianaise a ualaigh oibre atá ag dul i méid go tapa, go háirithe maidir le cásanna a bhaineann le STA agus calaois CBL trasteorann, rud a dhéanann dochar don mhargadh inmheánach agus don iomaíocht chóir; ag tathant ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé le OIPE chun an measúnú foirne a fógraíodh i Litir Leasaitheach 1/2022 maidir le riachtanais acmhainní atá ailínithe le ceanglais oibríochtúla a chur i gcrích; á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar Ráiteas Airgeadais Reachtach 2017 atá as dáta chun táscairí fíor-ualaigh oibre a léiriú agus nach féidir é a bheith coinníollach ar athrú sainordaithe, i bhfianaise leathnú leasanna airgeadais an Aontais atá i gceist; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú nuashonraithe foirne agus cistiúcháin a thíolacadh, gan mhoill, a ullmhófar i ndlúthchomhar le OIPE agus a bheidh bunaithe ar tháscairí agus cásanna ualaigh oibre intomhaiste; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh tograí buiséid amach anseo bunaithe ar tháscairí ualaigh oibre nuashonraithe seachas ar thoimhdí atá as dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil <STRING ITALIC="on">modus operandi</STRING> na n-eagraíochtaí coiriúla ag éirí níos trasnáisiúnta, bunaithe ar rannpháirtíocht athfhillteach struchtúr corparáideach casta a úsáidtear mar fheithiclí dlíthiúla tosaigh agus teimhneacha arna n-imscaradh ar fud dlínsí iomadúla a bhfuil leibhéil mhíchothroma forfheidhmithe dhlí an Aontais acu; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’aidhm ag straitéis na coireachta eagraithe cistí an Aontais a atreorú go calaoiseach agus fáltais na coireachta a cheilt trí oibríochtaí sciúrtha airgid a dhéanann difear don gheilleagar dlíthiúil agus a thagann chun cinn freisin mar chalaois CBL trasteorann ar mórscála; á chur i bhfios go mbaineann na scéimeanna coiriúla sin leas córasach as ilroinnt rialála agus neamhshiméadrachtaí nós imeachta idir na Ballstáit, chomh maith leis na teorainneacha a bhaineann le fócas náisiúnta an údaráis forfheidhmithe dlí agus an údaráis bhreithiúnaigh; ag cur béim, ina leith sin go sonrach, ar an mbreisluach a bhaineann le gníomhaíochtaí OIPE, lena gceadaítear an bhearna a líonadh atá fágtha trí thionscnaimh náisiúnta nach bhfuil comhordaithe agus arb ionann iad agus an ionstraim is éifeachtaí chun cur isteach ar ghníomhaíochtaí coiriúla trasnáisiúnta agus chun idirghabháil a dhéanamh i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus an mhargaidh inmheánaigh; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun éifeachtacht oibríochtúil imscrúduithe OIPE a neartú, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha a leanann de bhac a chur ar fhiosrúcháin trasteorann; á chur i bhfáth go bhfuil gá le híosleibhéal comhchuibhithe nós imeachta i measc na mBallstát rannpháirteach i réimsí a dhéanann difear díreach d’obair ITEnna, lena n-áirítear rochtain ar fhianaise, amlínte le haghaidh údaruithe breithiúnacha, agus rialacha lena rialaítear bearta imscrúdaitheacha; ag tathant ar na Ballstáit rochtain dhíreach agus shlán a thabhairt do OIPE ar phríomhbhunachar sonraí náisiúnta amhail córais chustaim, cláir chánach, agus clárlanna úinéireachta tairbhiúla, agus comhlíonadh iomlán an cheanglais maidir le cosaint sonraí á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt dá haire na conclúidí agus na moltaí a rinne an Chúirt ina hAthbhreithniú 02/2025 ‘Treoshuíomh feidhmíochta, cuntasacht agus trédhearcacht – ceachtanna atá le foghlaim ó laigí STA’<FOOTNOTE><FIELD> https://www.eca.europa.eu/ECAPublications/RV-2025-02/RV-2025-02_GA.pdf</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go ndéanfaí méadú tiomnaithe ar chistiú laistigh den chéad CAI eile chun a áirithiú gur féidir le OIPE leanúint dá chuspóirí agus dá oibleagáidí a chomhlíonadh i bhfianaise chastacht mhéadaithe na n-ionstraimí maoiniúcháin, a d’fhéadfadh cistí an Aontais a nochtadh do riosca níos airde calaoise agus míbhainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh na costais a bhaineann le forálacha Airteagal 91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 (bearta eisceachtúla costasacha arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta agus arna gcumhdach ag OIPE) fós imeallach in 2024 (0,1 % den bhuiséad oibríochtúil, i gcomparáid le 0,4 % in 2023); á chur in iúl go dtuigeann sí gur síníodh an chéad chomhaontú maoinithe in 2023 faoi chuimsiú treoirthionscadail chun éilimh a rinneadh faoi Airteagal 91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 a aisíoc, chun costas na mbeart a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta thar ceann OIPE a chumhdach agus go ndearna an Chúirt iniúchadh ar an mír in 2023 agus gur mheas sí í a bheith dlíthiúil agus rialta; á chreidiúint go dtugann an fhoráil sin an deis do OIPE idirghabháil éifeachtach a dhéanamh i gcásanna imscrúdaitheacha trasnáisiúnta i gcás ina bhféadfadh drogall a bheith ar Bhallstát a chuid acmhainní a úsáid, agus toradh neamhchothrom ar an anailís costais is tairbhe á chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit agus OIPE dul i muinín na rogha sin ar bhealach níos éifeachtaí ó thaobh straitéise de, agus na hacmhainní is gá a sholáthar do OIPE chuige sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht inmheánach agus rialú inmheánach - feidhmíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go bhfuil an Coláiste freagrach as formhaoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí OIPE agus as cinntí a dhéanamh maidir le hábhair straitéiseacha agus gur tháinig sé le chéile 20 uair in 2024 agus 70 cinneadh á nglacadh aige; á chreidiúint go n-áirithítear le cinntí an Choláiste comhleanúnachas, éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht i mbeartas ionchúisimh OIPE ar fud na mBallstát rannpháirteach; á chur in iúl gur geal léi na cinntí ón gColáiste a glacadh in 2024 maidir leis na socruithe oibre lena mbunaítear na modhanna comhair leis an bParlaimint, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus le hiarscríbhinní athbhreithnithe an chomhaontaithe leis an gCoimisiún; á thabhairt faoi deara gur leasaigh an Coláiste freisin rialacha maidir le Foireann eile a cuireadh ar fáil d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ach nach bhfuil fostaithe aige (Cúntóirí Náisiúnta Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha (NEDPAnna)) agus gur bhunaigh sé liúntas tithíochta do chatagóirí áirithe foirne atá lonnaithe i Lucsamburg; á thabhairt dá haire, mar údarás ceapacháin, gur cheap an Coláiste ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha san Ostair, sa Bheilg, sa Bhulgáir, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Iodáil, san Ísiltír, sa Pholainn agus sa tSualainn, gur roghnaigh sé comhaltaí den Choiste Eitice agus comhaltaí den Bhord Araíonachta i gcomhair ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha chomh maith leis an Stiúrthóir Riaracháin ad interim; á thabhairt dá haire cinntí an Choláiste in 2024 maidir le cúrsaí a bhaineann leis an mbuiséad, amhail glacadh Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair 2024-2026 OIPE, na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais 2023, Tuarascáil Ghníomhaíochta Bhliantúil Chomhdhlúite OIPE 2023, an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair don tréimhse 2025-2027, buiséad 2025 agus an cinneadh maoinithe comhfhreagrach don bhliain 2025 agus leasuithe ar an mbuiséad agus ar an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair; ghlac an Coláiste freisin na Rialacha Slándála is infheidhme maidir le Córais Chumarsáide agus Faisnéise Digiteacha OIPE, agus an Straitéis Slándála 2024-2028.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thionóil na Buan-Dhlísheomraí 491 chruinniú in 2024, chun faireachán agus stiúradh a dhéanamh ar na himscrúduithe agus na hionchúisimh arna ndéanamh ag ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha, arna leithdháileadh go randamach díreach tar éis a gcláraithe, agus chun comhordú imscrúduithe agus ionchúiseamh i gcásanna trasteorann, comhleanúnachas, éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht i mbeartas ionchúisimh OIPE a áirithiú ar fud na mBallstát rannpháirteach trí na cinntí arna nglacadh ag an gColáiste a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheas, ar an iomlán, go bhfuil na córais rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm éifeachtach; á thabhairt dá haire gur bunaíodh príomhtháscairí feidhmíochta (PTFanna) chun faireachán a dhéanamh ar bhonn ráithiúil ar chur chun feidhme na gclár oibre bliantúil agus ilbhliantúil; á thabhairt faoi deara gur deimhníodh i measúnú 2024 ar an gcreat rialaithe inmheánaigh dul chun cinn intomhaiste maidir le rialuithe inmheánacha a chur in úsáid agus go ndearnadh an cleachtadh Measúnaithe Riosca don bhliain 2025 le ceardlanna tiomnaithe ar an leibhéal oibríochtúil agus ar an leibhéal riaracháin, agus ina dhiaidh sin beartas nuashonraithe bainistithe riosca a d’fhormheas an Coláiste an 26 Feabhra 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á áitiú gur cheart do Sheirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin agus do Fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí OIPE a ngníomhaíochtaí a chomhordú d’fhonn comhairle agus cúnamh a thabhairt do OIPE maidir lena phríomhphróisis a bhunú agus a chuspóirí a bhaint amach; á thabhairt faoi deara nach raibh aon tionscnaimh chomhairleacha chomhpháirteacha idir an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin agus an Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí OIPE in 2024; á chur in iúl gur geal léi, tar éis cheapadh Cheann nua an Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí OIPE i mí Mheán Fómhair 2024, gur díríodh iarrachtaí ar obair leantach a dhéanamh ar na moltaí iniúchóireachta a rinneadh roimhe seo, ar nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha Fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí OIPE a dhréachtú, agus ar Phlean Iniúchóireachta Straitéisí 2025-2027 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choláiste lena fhormheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú gur thionscain an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach athbhreithniú teoranta in 2023 ar bhunchlocha dearbhaithe OIPE, a tugadh chun críche in 2024; á thabhairt dá haire gur tugadh aghaidh ar na moltaí uile, as ar eascair feabhsuithe breise ar an gcreat dearbhaithe agus ar na próisis rialachais, lena n-áirítear nósanna imeachta a chur ar bhonn foirmiúil, doiciméadacht fheabhsaithe agus digitiú na bpróiseas pleanála agus clársceidealaithe, mionchoigeartuithe ar an gcreat rialaithe inmheánaigh, agus cur chuige neartaithe maidir le bainistiú riosca; á thabhairt faoi deara, ó mhí na Samhna 2024 go dtí deireadh mhí Eanáir 2025, go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach rannpháirtíocht chomhairleach maidir le TF i bhfianaise neamhspleáchas TF in OIPE agus gur eisíodh an tuarascáil chríochnaitheach chomhairleach ag deireadh na bliana 2024; á thabhairt dá haire gur leanadh d’fhaireachán rialta a dhéanamh ar mholtaí iniúchóireachta seachtraí agus inmheánaí agus ar cheanglais maidir le hurscaoileadh in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean OIPE dá iarrachtaí córas a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar choigilteas costais, agus á thabhairt dá haire gur sheol sé athbhreithniú in 2024 ar na próisis pleanála agus faireacháin straitéiseacha agus oibríochtúla (chun cur leis an gcumas rannchuidiú le fócas straitéiseach ghníomhaíochtaí OIPE agus chun ráta ard marthanach cur chun feidhme nó ionsúcháin na n-acmhainní atá ar fáil a bhaint amach) agus gur bhunaigh sé pleanáil straitéiseach mheántéarmach maidir le hacmhainní daonna, chun gur féidir an plean bunaíochta a chomhlíonadh ar bhealach méadaithe agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí foirne trí fhostú nó trí fhás gairmiúil; á thabhairt faoi deara, i ndáil leis sin, gur thosaigh OIPE ag obair freisin ar chonairí gairme agus creataí níos sonraí maidir le cur síos ar phoist chun an fhoireann a ailíniú leis an straitéis agus chun rannchuidiú le rannpháirtíocht ard foirne a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire gur mapáladh foireann OIPE a ghlac na prionsabail chéanna agus a ghlac eagraíochtaí eile leis an gcleachtadh tagarmharcála a rinne an Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí OIPE le hacmhainní daonna OIPE; á thabhairt faoi deara, trí acmhainní daonna imscartha OIPE a chur i gcomparáid le tacar eintiteas eile de chuid an Aontais agus oifigí ionchúisimh náisiúnta i gcomparáid le sraith chaighdeánaithe colún, go rabhthas in ann bearnaí i leithdháileadh foirne a shainaithint i gcomparáid le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais; á chur in iúl go dtuigeann sí gur úsáideadh an tsamhail sin mar thagairt d’iarrataí buiséid OIPE, ach i leith feidhmeanna riaracháin agus tacaíochta amháin, toisc go gcuireann cineál uathúil chroíghníomhaíochtaí OIPE cosc ar a húsáid mar thagairt shonrach do réimse oibríochtúil OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici iarrachtaí OIPE feabhas a chur ar an timpeallacht rialaithe inmheánaigh; á thabhairt le fios gur bunaíodh sraith caighdeán iompair, próiseas agus struchtúr in 2024; á iarraidh ar OIPE aghaidh a thabhairt a luaithe is féidir ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach, maidir leis an mbeartas coinbhleachta leasa, an beartas foghlama agus forbartha, an beartas soghluaisteachta inmheánaí, an beartas leochaileachta agus bainistithe paistí, pleanáil comharbais agus nósanna imeachta scoir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh féinmheasúnú rialuithe inmheánacha 2024 bunaithe ar an measúnú ar na táscairí rialaithe inmheánaigh agus ar imscaradh Straitéis Frithchalaoise OIPE 2023-2025, ar thorthaí bheartas bainistithe riosca OIPE agus ar na rialuithe ex post; á chur in iúl gur mór aici, maidir leis an méid a bhaineann leis an measúnú ar na comhpháirteanna rialaithe inmheánaigh, as 71 chritéar comhlíontachta, go bhfuil 55 (77 %) curtha chun feidhme go hiomlán, agus go bhfuil 15 (22 %) curtha chun feidhme go páirteach agus go bhfuil gá le tuilleadh forbartha ina leith agus nach bhfuil ach critéar amháin (1 %) nach bhfuil curtha chun feidhme go suntasach go fóill; á thabhairt faoi deara, i measc na 11 thoradh oscailte, gur míreanna leantacha ó mheasúnuithe roimhe seo iad 10 gcinn díobh, agus gur saincheist nua-aitheanta in 2024 é ceann amháin díobh, agus go ndearnadh ceithre easnamh a cuireadh i dtábhacht i measúnú 2023 a leigheas go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag formhuiniú iarrachtaí leanúnacha OIPE rialuithe riosca a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar rioscaí atá ann cheana agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn araon; á chreidiúint go gcuireann gníomhaíochtaí rialaithe OIPE leibhéal leormhaith dearbhaithe ar fáil maidir le maolú rioscaí agus á thabhairt dá haire, in 2024, go raibh an t-oifigeach rialaithe inmheánaigh i gceannas ar shraith ceardlann leis na bainisteoirí ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí, lena n-áirítear rioscaí atá ag teacht chun cinn agus rioscaí a bhaineann le calaois, rud a d’fhág gur sainaithníodh rioscaí nua atá ag teacht chun cinn, go príomha i seirbhísí digiteacha, slándáil agus oibríochtaí, lena léirítear an timpeallacht riosca atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil straitéis frithchalaoise OIPE 2023-2025, a tugadh cothrom le dáta in 2023 de réir na gceanglas a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1939 agus le Rialacha Airgeadais OIPE, nasctha le plean gníomhaíochta atá mar chuid de thimpeallacht rialaithe inmheánaigh OIPE, go ndéantar faireachán bliantúil uirthi agus go ndearnadh athbhreithniú uirthi in 2024; á thabhairt faoi deara gur dhírigh an cur chun feidhme in 2024 ar mhúscailt feasachta le 17 seisiún oiliúna arna n-eagrú i ndáil le creat eiticiúil OIPE, leis an straitéis frithchalaoise agus leis an gcód dea-iompraíochta riaracháin, lena n-áirithítear rannpháirtíocht leathan foirne; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an próiseas sceithireachta go luath in 2025; á thabhairt dá haire, go dtí go nglacfar beartas cuimsitheach coinbhleachtaí leasa, go bhfuil oibleagáidí agus nósanna imeachta dearbhaithe fós i bhfeidhm don bhainistíocht shinsearach agus don fhoireann a bhfuil baint acu le scagchuarda airgeadais, soláthar agus earcaíocht; á iarraidh go nglacfaí go pras beartas cuimsitheach coinbhleachtaí leasa chun muinín an phobail i gcreat sláine OIPE a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire, i ndáil lena feidhmeanna imscrúdaitheacha agus ionchúisimh, go ndearna OIPE na próisis inmheánacha a bhí i bhfeidhm chun tacú lena himscrúduithe a athdhearadh trí, inter alia, uirlisí a fhorbairt chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht a phróiseála faisnéise agus nascachta le comhpháirtithe iomadúla, trí bhogearraí tiomnaithe a fhorbairt, trí cháilíocht na seirbhísí aistriúcháin a fheabhsú agus trí na riachtanais aistriúchán an duine agus na costais ghaolmhara a laghdú, trí fhéachaint ar bhealaí inar féidir intleacht shaorga a úsáid chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an méid ollmhór faisnéise atá á phróiseáil aici, agus measúnú á dhéanamh orthu ó thaobh na teicneolaíochta, an dlí agus na heitice de; á chur in iúl gur mór aici, i ndáil leis sin, iarrachtaí OIPE maidir le PTFanna a bhunú atá nasctha lena shamhail ghnó ar leith; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh chun feabhas a chur ar thuairisciú ar thorthaí agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tuairisciú tráthúil, cruinn agus trédhearcach don Pharlaimint chun tionchar ghníomhaíochtaí OIPE a léiriú maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á áitiú gur gá fós tuairisc a thabhairt ar na méideanna a urghabhadh, a coigistíodh agus a aisghabhadh ar deireadh chuig buiséad an Aontais, arb é a choimirciú ar deireadh <STRING ITALIC="on">raison d'être</STRING> ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a bhfuil OIPE ina chomhpháirt thábhachtach de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí nach bhfuil gníomhaíochtaí faireacháin agus leantacha, lena n-áirítear tuairisciú ar thorthaí an téarnaimh, faoi shainchúram OIPE agus go n-éilítear leo acmhainní agus sainphribhléidí sonracha; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún na gnéithe is iomchuí a leagan amach faoi chuimsiú an athbhreithnithe ar an ailtireacht frithchalaoise chun sreabhadh leanúnach sonraí agus faisnéise a áirithiú chun go bhféadfar anailís chuí a dhéanamh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le córas faireacháin feabhsaithe agus sonraí níos mionsonraithe, a leagtar amach de réir an chineáil mí-iompair, na hearnála leasa nó an limistéir gheografaigh, chun patrúin chalaoise a shainaithint agus go mbeadh tionchar imscrúduithe OIPE níos inláimhsithe dá bharr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil a plean leanúnachais gnó glactha ag OIPE; ag spreagadh OIPE a straitéis dhigiteach agus an beartas bainistithe leochaileachta agus paiste (atá á bhforbairt faoi láthair) a ghlacadh freisin; á thabhairt faoi deara go bhfuil dul chun cinn fós á dhéanamh ag OIPE maidir le forbairt PTFanna, nach bhfuil bunaithe go fóill le haghaidh réimse sonrach, agus maidir le meastóireacht struchtúrtha ar leibhéil lamháltais riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil méadú géar agus leanúnach tagtha ar thuarascálacha coireachta a cuireadh faoi bhráid OIPE, a shroich 6 547 faoin 31 Nollaig 2024 (56 % níos mó ná mar a bhí in 2023 nuair a bhí siad 4 187), rud a d’fhág gur osclaíodh 1 504 imscrúdú (beagnach 10 % níos mó ná mar a bhí in 2023, nuair a d’oscail OIPE 1 371 imscrúdú arb ionann iad agus 58 % níos mó ná mar a bhí in 2022); á thabhairt faoi deara gur tuarascálacha ó pháirtithe príobháideacha (4 623, atá 85 % níos mó ná mar a bhí in 2023 agus i bhfad os cionn raon na dtáscairí feidhmíochta), agus ó údaráis náisiúnta (1 760, atá 12 % níos mó ná mar a bhí in 2023), ba chúis leis an méadú sin den chuid is mó; á chur in iúl gur oth léi, i measc institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, nach bhfuair OIPE in 2024 ach 113 thuarascáil coireachta (108 in 2023), an méid is mó díobh (59) ó OLAF (72 in 2023); á áitiú, i gcomparáid le treocht mhéadaitheach na neamhrialtachtaí agus na gcalaoisí, go bhfuil an leibhéal braite fós fo-optamach, rud a thugann le fios nár baineadh aon fheabhas suntasach amach ó thaobh braite agus tuairiscithe de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go raibh 2 666 imscrúdú ghníomhacha ag OIPE an 31 Nollaig 2024, (thart ar 38 % níos mó ná mar a bhí in 2023 nuair a bhí siad 1 927) agus go raibh céatadán na gcásanna trasteorann, a bhain le roinnt tíortha, cobhsaí (29 % in 2024 agus 28 % in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an meastachán ar dhamáiste, a léiríonn OIPE ag deireadh 2024 gurb ionann é agus EUR 24,8 billiún (EUR 19,27 billiún in 2023 i gcomparáid le EUR 14,1 billiún in 2022 agus EUR 5,4 billiún in 2021) as a mbainfeadh 53 % le calaois CBL (EUR 13,15 billiún);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar leibhéal feidhmíochta OIPE atá ag dul i méid mar a dheimhnítear le líon méadaitheach na ndíotálacha (205 in 2024 i gcomparáid le 139 in 2023, 87 in 2022 agus 5 in 2021) agus na n-orduithe calctha a fuarthas (in 2024 le haghaidh EUR 2,42 billiún i gcomparáid le EUR 1,5 billiún in 2023, EUR 359,1 milliún in 2022 agus EUR 147 milliún in 2021); á chur in iúl gur oth léi go bhfuil easpa creata shoiléir agus infhorfheidhmithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar mhéideanna coigistithe agus aisghafa fós ag cur cosc ar mheasúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar buiséadach imscrúduithe OIPE; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh réitigh reachtacha agus bhuiséadacha ann chun a áirithiú go ndéanfar méideanna a aisghabhtar tar éis imscrúduithe faoi stiúir OIPE a rianú, a thuairisciú agus a thabhairt ar ais go héifeachtach do bhuiséad an Aontais; á thabhairt faoi deara gur tugadh 102 chás choiriúla i gcrích in 2024 le ciontú cúirte (48 gcás in 2023 i gcomparáid le 20 cás in 2022); á chur in iúl gur oth léi gur chuir an easpa creata rialála soiléir cosc ar OIPE sonraí nuashonraithe agus iontaofa a sholáthar maidir le coigistiú don bhliain 2024 (ag meabhrú gur coigistíodh EUR 60 milliún in 2023 i gcomparáid le EUR 2 mhilliún in 2022);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon na n-imscrúduithe a osclaíodh maidir le cur chun feidhme STA; á chur i bhfios go láidir go raibh OIPE ag láimhseáil 311 chás ghníomhacha a bhaineann le NextGenerationEU faoi dheireadh 2024, ar eascair 307 díobh ó STA (233 ag deireadh 2023), arb ionann é agus thart ar 17 % de na himscrúduithe gníomhacha uile ar chalaois chaiteachais agus ar mhéid measta EUR 2,8 billiún i ndamáistí do leasanna airgeadais an Aontais (a chomhfhreagraíonn do 30 % den damáiste measta foriomlán do chalaois chaiteachais, i gcomparáid le 25 % in 2023); á thabhairt faoi deara go léirítear in imscrúduithe OIPE ar chalaois a dhéanann difear do STA éagothromaíochtaí suntasacha ar fud na mBallstát, lena léirítear éagsúlachtaí i leithdháileadh cistí, i gcumais braite coireachta, agus i gcineál éagsúil na scéimeanna calaoise a dhéantar; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa oibleagáide ar na Ballstáit cásanna STA a thuairisciú don Choimisiún tríd an gcóras bainistithe neamhrialtachta (IMS), rud a chuireann cosc ar fhaireachán struchtúrtha agus anailís riosca ar chásanna STA; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar i measc na n-údarás náisiúnta, OIPE agus an Choimisiúin chun feabhas a chur ar thuairisciú struchtúrtha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach ionann tuairisciú cásanna ó institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an Coimisiún, agus 3 % fiú, rud a léiríonn ábhair imní bhreise maidir le cumas formhaoirseachta an Choimisiúin i ndáil le STA; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin mar ábhar práinne agus, i gcomhar le OIPE, idir-inoibritheacht na gcóras tuairiscithe a fheabhsú agus róil a shoiléiriú chun faireachán láidir ar neamhrialtachtaí a bhaineann le STA a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil méadú suntasach tagtha ar ualach oibre OIPE, a ndearnadh gannmheastachán air ar dtús, agus go bhfuiltear ag dréim leis go leanfaidh sé de bheith ag fás go háirithe maidir le cásanna a bhaineann leis an STA; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuireann OIPE na patrúin choiriúla a bhraitear ina imscrúduithe in iúl do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta, agus é mar chuspóir cosc agus brath a fheabhsú agus an riosca calaoise a mhaolú; á thabhairt dá haire, cé go gcuimsítear na cásanna atá faoi imscrúdú in earnálacha éagsúla agus i dtionscnaimh a bhaineann go sonrach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, go bhfuil tréith choiteann ag baint le rannpháirtíocht na coireachta eagraithe gach uair a chuirtear an scéim chalaoiseach ar bun ar mhórscála agus go n-áirithítear léi brabús aindleathach ardluacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur bhain thart ar 6 % de na cionta a ndearna OIPE imscrúdú orthu faoi dheireadh 2024 le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, a dhírigh a gníomhaíocht choiriúil ar dhéanamh gníomhaíochta coiriúla dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 (coireacht a bhaineann le CLA); á athdhearbhú nach féidir ach leis an gcomhar feabhsaithe i measc chomhpháirteanna an ollstruchtúir frithchalaoise an t-iompar calaoiseach sin a chomhrac go héifeachtach agus an méid a baineadh amach le cuspóirí STA agus le beartais an Aontais i gcoitinne a choimirciú; á chreidiúint nach féidir ach le himscaradh comhpháirteach comhordaithe beart breithiúnach agus riaracháin leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún tacaíocht leormhaith a chur ar fáil do OIPE maidir le conas glacadh na mbeart feabhais a chothú a leanann imscrúdú agus ionchúiseamh neamhspleách OIPE ar choireanna a dhéanann difear do STA; á iarraidh go mbeadh creat comhordúcháin treisithe ann a mbeidh OIPE, an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirteach ann, arb é is aidhm dó imscrúdú agus cosc calaoise STA a neartú, obair leantach chórasach ar imscrúduithe OIPE a áirithiú agus malartú faisnéise ábhartha a fheabhsú; ag tathant ar an gCoimisiún údarás buiséadach an Aontais a choinneáil ar an eolas maidir le toradh a ghníomhaíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, folláine na foirne agus comhionannas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt dá haire gur coinníodh an treocht aníos i líon na foirne in 2024 ag sroicheadh 258 san iomlán ag deireadh 2024 (ó 58 in 2020, go 122 in 2021, 217 in 2022 agus 238 faoi dheireadh 2023) le méadú beagán níos airde ná 9,5 %; ag moladh an ráta ard fostaíochta, thart ar 96 % (bhí sé thart ar 93 % ag deireadh 2023) do gach catagóir seachas saineolaithe náisiúnta ar iasacht, áit a bhfuil sé ag 83 %; á thabhairt faoi deara gur fhan líon na soláthraithe seirbhíse seachtracha (32) agus in-muros (10) beagnach gan athrú in 2024 (i gcomparáid le 34 agus 9, faoi seach, in 2023).
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur tháinig feabhas ar acmhainneachtaí riaracháin OIPE sa réimse earcaíochta in 2024 agus go ndearnadh maoirseacht ar 50 nós imeachta roghnúcháin (in 2023 bhí 24 roghnúchán ann), feadh ionduchtú 47 mball foirne nua (i gcomparáid le 45 in 2023), 6 shaineolaí náisiúnta ar iasacht, agus 6 oiliúnaí; ag aithint na ndálaí dúshlánacha earcaíochta i Lucsamburg, a bhaineann leis an gcostas ard maireachtála, go háirithe chun gráid níos ísle a fhostú, a gcuireann OIPE i bhfios go láidir ina leith an líon beag iarratasóirí, ráta ard diúltaithe na dtairiscintí a chuirtear faoi bhráid na n-iarrthóirí rathúla agus díorma tallainne an-teoranta ainsealach ina bhfuil tairiscint bheag scileanna speisialaithe; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé nach mbeadh na poist chomh tarraingteach céanna mar thoradh ar na deiseanna teilea-oibre níos teoranta, i gcomparáid leis an méid a thairgeann fostóirí eile; ag athdhearbhú a hiarrata ar OIPE agus ar an gCoimisiún bearta breise a shainaithint a d’fhéadfadh feabhas a chur ar tharraingteacht OIPE do ghairmithe ardoilte a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur eol di gur iarr OIPE 419 bpost ina phlean bunaíochta faoi dheireadh 2024 agus gur deonaíodh 289 bpost ina ionad sin; á chur i bhfáth gurbh ionann na poist a iarradh agus 513 in 2025 agus, arís, nár deonaíodh ach 307 díobh, rud a mhéadaigh an bhearna idir na hacmhainní is gá agus na hacmhainní a leithdháileadh; ag aontú le OIPE go ndéanfar cumas OIPE a shainordú a chomhlíonadh go héifeachtúil gan an méadú foirne a iarradh, i gcomhréir le hionchais shaoránaigh an Aontais, a laghdú go suntasach, go leanfaidh riaráiste na gcásanna de bheith ag méadú, go gcuirfear moill ar riaradh an cheartais i gcásanna calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus nach mbeidh an comhrac i gcoinne grúpaí coireachta eagraithe, a ghoideann ón airgeadas poiblí agus a dhéanann dochar do gheilleagair na hEorpa, chomh héifeachtúil céanna i bhfad; ag tabhairt dá haire bharúlacha OIPE maidir leis an gclaonadh méadaitheach atá ag baill foirne creidmheas ama oibre a charnadh mar thoradh ar na hacmhainní teoranta agus ar an ualach oibre aonair méadaithe, rud a d’fhéadfadh rioscaí athléimneachta aonair a ghiniúint chomh maith le láimhdeachas méadaithe a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá acmhainní foirne agus buiséadacha leormhaithe a bheith ag OIPE i gcomhréir leis na cúraimí a chuirtear air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go bhfuil leithdháileadh na foirne ar fud OIPE dírithe ar fheidhmíocht a uasmhéadú agus á thabhairt dá haire go raibh 319 bpost, as 412 phost, tiomnaithe do na gníomhaíochtaí oibríochtúla, is é sin os cionn 77 % (i gcomparáid le 80 % in 2023), i gcomparáid le 18 % a bhí tiomnaithe do chúraimí riaracháin (i gcomparáid le 14 % in 2023) i gcomhréir le cur chuige OIPE chun tosaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí oibríochtúla; ag tabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil méadú tagtha ar chéatadán na foirne a leithdháiltear ar chúraimí riaracháin agus tacaíochta; á chur in iúl go dtuigeann sí gur toradh é sin go príomha ar roinnt athruithe a rinneadh le déanaí ar bheartas an Choimisiúin, amhail scor na seirbhísí TF, rud a d’fhág go raibh oibleagáid ar OIPE na cúraimí is tábhachtaí a láimhseáil lena fhoireann féin, a sannadh dá bhrí sin do phoist neamhoibríochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á áitiú go mbeidh tuilleadh acmhainní ag teastáil ó pheirspictíochtaí ualach oibre OIPE; á chur i bhfios go mbeidh ualach oibre méadaitheach ar na feidhmeanna tacaíochta riaracháin agus lárnacha a bhfuil dlúthbhaint acu le hoibríochtaí OIPE mar thoradh ar an méadú leanúnach ar líon na gcásanna a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ar chalaois CBL, agus ar chastacht na n-imscrúduithe a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann na coireachta eagraithe;  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an riosca go ndéanfaí gannmheastachán ar riachtanais OIPE agus ar a acmhainneachtaí freagairt go héifeachtach d’éilimh mhéadaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt le fios, faoi mhí na Nollag 2024, gurbh ionann céatadán na foirne a d’fhág OIPE go deonach (ó thús na bliana) agus 2,8 %, rud a léiríonn láimhdeachas teoranta 6 bhall foirne in 2024 (i gcomparáid le 11 in 2023, nó 4,62 %) a bhain go príomha le rogha na mball foirne leasmhar aistriú chuig eintitis eile de chuid an Aontais, go háitiúil nó thar lear, lena dtairgtear coinníollacha rannpháirtíochta níos fearr; á thabhairt faoi deara go ndeimhnítear aird leordhóthanach ar fholláine na foirne freisin leis an iliomad tionscnamh atá beartaithe in 2024 (agus a cuireadh i gcrích den chuid is mó ansin in 2025) a bhaineann le cur chun feidhme an liúntais tithíochta, le hoiliúint agus le forbairt ghairmiúil lena gceadaítear do OIPE pacáiste níos iomaíche a thairiscint i gcomhréir le tionscnaimh na n-institiúidí eile i Lucsamburg; á thabhairt dá haire go bhfuil líon na saoire breoiteachta fadtéarmaí an-teoranta freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tosaíodh ar bheartas folláine a fhorbairt in 2024 chun sástacht na foirne ag an obair a fheabhsú tuilleadh agus chun tosca cosantacha sláinte a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an comhaontú le seirbhís shíceasóisialta an Choimisiúin chun comhairliúcháin shíceasóisialta saor in aisce le speisialtóirí de chineál éagsúil a éascú d’fhoireann uile OIPE; á chur in iúl gur mór aici tionscnaimh bhreise OIPE chun folláine na foirne a chur chun cinn, amhail na nósanna imeachta roghnúcháin inmheánacha agus seachtracha lenar cuireadh ar chumas 10 mball foirne, in 2024, tairbhe a bhaint as gluaiseachtaí gairme inmheánacha, agus an t-athbhreithniú ar na coinníollacha rannpháirtíochta, a leasaíodh ar deireadh ag deireadh 2024 chun ligean d’fhoireann OIPE tairbhe a bhaint as gairm faoi théarmaí fostaíochta éiginnte níos luaithe ná roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios, go déanach in 2023, go ndearnadh treoirlínte nua maidir le coincheap áit na teilea-oibre a thabhairt cothrom le dáta in OIPE, rud a thug neamhspleáchas méadaithe don fhoireann in 2024; á thabhairt faoi deara go bhfuil idirphlé leis an bhfoireann ag leanúint ar aghaidh ó shin i leith, ach nach ndearnadh aon choigeartú breise in 2024 mar thoradh air; á mheabhrú go bhfeidhmíonn OIPE scéim fleisc-ama agus scéim chaighdeánach oibre ón mbaile, lena ndéantar foráil maidir le lá amháin teilea-oibre in aghaidh na seachtaine mar bhonn agus trí lá ar a mhéad in aghaidh na seachtaine, móide síntí a nglactar leo i bhfianaise srianta tromchúiseacha sláinte nó teaghlaigh; á thabhairt dá haire go n-áirítear sa chreat reatha freisin 10 lá oibre ó lasmuigh den áit fostaíochta i mbliain ar leith, atá le húsáid gan nasc le laethanta saoire eile; á áitiú go gcuireann dálaí oibre reatha OIPE ar chumas na foirne leas a bhaint as réitigh dhigiteacha trí leibhéal maith neamhspleáchais a chomhtháthú i mbainistiú patrún oibre, idir-réiteach an tsaoil phríobháidigh agus an tsaoil oibre a éascú agus meanma agus spiorad foirne a chur chun cinn a ndearnadh a measúnú tionchair trí idirghníomhaíocht leanúnach leis an bhfoireann agus leis an gCoiste Foirne (lena gcuimsítear an faireachán agus na hathbhreithnithe i gcoitinne);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di gur baineadh cothromaíocht inscne leormhaith amach i bpoist bhainistíochta in 2024 agus 2025 (4 bhean, 5 fhear) trí cheapacháin i meánbhainistíocht agus i mbainistíocht shinsearach na hinscne tearcionadaithe; ag tabhairt faoi deara, ag pointe na cothromaíochta geografaí, go ndéantar ionadaíocht ar 26 náisiúntacht an Aontais, ar leibhéil éagsúla, ina fhoireann, agus go bhfuil ionadaíocht níos mó ag roinnt náisiúntachtaí ná a chéile; á iarraidh ar OIPE bailchríoch a chur ar a straitéis maidir le héagsúlacht agus cuimsiú, ar cinneadh a cur chun feidhme in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á aithint go bhfuil líne thosaigh OIPE comhdhéanta de ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha atá ag obair ar an leibhéal díláraithe i 24 Bhallstát éagsúla; á thabhairt dá haire, ón 31 Nollaig 2024, go raibh oifigí ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha lonnaithe i 44 chathair i 22 Bhallstát; á thabhairt faoi deara, faoi dheireadh 2024, go raibh 166 ionchúisitheoir tarmligthe Eorpacha ceaptha ag OIPE, agus é á chur san áireamh gur ceapadh deichniúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ón tSualainn (2) agus ón bPolainn (8) i mí na Nollag 2024 ach nár thosaigh siad ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla go dtí mí Eanáir 2025; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas iomlán honchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha a áirithiú, ar bhonn nós imeachta ceapacháin atá bunaithe ar fhiúntas agus oibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/1939 agus ar bhonn phrionsabal an neamhspleáchais náisiúnta nós imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á cur i bhfios go láidir, de réir OIPE, gurb é an sprioc atá ann 172 Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a cheapadh faoi dheireadh 2024, gan aon ghá breise a eascraíonn as an méadú go dtí an Pholainn agus an tSualainn a chur san áireamh; á chur i bhfios nár chomhaontaigh údarás buiséadach an Aontais líon na hionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a mhéadú ó 140 go 166 ach amháin le leithdháileadh 24 Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha don Pholainn agus 2 don tSualainn; á chur i bhfáth gur lean údarás buiséadach an Aontais d’acmhainní a dheonú chun luach saothair Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a chumhdach a chomhfhreagraíonn d’íocaíocht 80 % de thuarastal AD9, seachas 100 % de thuarastal AD9, mar a chinn OIPE an post a dhéanamh níos tarraingtí d’ionchúisitheoir sinsearach a bhfuil taithí ghairmiúil fhadtéarmach leordhóthanach aige chun cásanna casta OIPE a láimhseáil; á chur in iúl go dtuigeann sí, mar gheall ar an srian airgeadais a d’eascair as an mbearna sin sna hacmhainní a leithdháileadh, nach raibh OIPE in ann, faoi dheireadh 2024, seachas an dá ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha sa tSualainn, ach 8 Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a imscaradh sa Pholainn (seachas na 24 Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a bhí ag teastáil) agus 156 Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a imscaradh sna Ballstáit eile; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar diúltach ag an moilliú ar iontógáil ITEnna breise ar chumas OIPE líon méadaitheach imscrúduithe agus ionchúiseamh a stiúradh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, mar gheall ar an mbearna chistiúcháin, go raibh ar OIPE infheistíochtaí sa Chóras Bainistithe Cásanna a laghdú nó a chur siar freisin, rud a chuir cosc ar OIPE feabhas a chur ar a chumas imscrúduithe trasteorann a stiúradh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an staid, agus an t-ualach oibre atá ag dul i méid agus íogaireacht na gcásanna a láimhseáiltear á gcur san áireamh, agus na torthaí agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun an bhearna airgeadais a chumhdach a thuairisciú don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á áitiú gur freagracht chomhroinnte de chuid OIPE agus na mBallstát é Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a cheapadh, toisc, cé gurb iad na Ballstáit a ainmníonn na hIonchúisitheoirí Eorpacha agus gurb í an Chomhairle a cheapann iad ina dhiaidh sin, gurb iad na Ballstáit a ainmníonn Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus gurb é an Coláiste a cheapann iad; ag spreagadh na mBallstát chun rannchuidiú le neamhspleáchas iomlán ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha agus OIPE; ag tabhairt dá haire go ndearna OIPE a dhícheall stádas oibre EDPanna a fheabhsú chun an seasamh a dhéanamh níos tarraingtí, amhail luach saothair EDPanna a ailíniú le luach saothair oifigigh an Aontais ar leibhéal coibhéiseach freagrachta (AD9), seachas 80 % de thuarastal oifigigh an Aontais, mar a chinn an Coimisiún ar dtús, agus é á chur san áireamh go bhfuil dul chun cinn gairme EDPanna ina gcórais náisiúnta fós doiléir agus, i roinnt cásanna, go raibh tuarastal náisiúnta na n-ionchúisitheoirí náisiúnta is mó taithí níos airde ná an tuarastal a tairgeadh do phost EDP, rud a chuir d’oibleagáid ar OIPE idirghabháil a dhéanamh chun Airteagal 16(1) de Choinníollacha Fostaíochta EDPanna a chur chun feidhme, lena bhforáiltear, i gcás glanluach saothair iomlán níos ísle ná an tuarastal náisiúnta, go gcuirfear méid breisiúcháin ar fáil chun a áirithiú go mbeidh an luach saothair ag teacht leis an leibhéal a bhí ann roimhe sin; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí foráil do chonair shoiléir dul chun cinn gairme i gcomhair na hionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus do smacht riaracháin níos fabhraí maidir le slándáil shóisialta agus cumhdach árachais sláinte; á áitiú go gcruthófaí stádas sonrach ionchúisitheoir tarmligthe Eorpach, i gcomhréir le cineál a bhfeidhme breithiúnaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún, dá réir sin, leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1939 a mholadh, i gcás ina ndéanfar athbhreithniú isteach air, lena gcumhdófar freisin saincheist bhearna cumhdaigh slándála sóisialta agus árachais sláinte na hionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha nach bhfuil réitithe go fóill ag na Ballstáit uile trí shocruithe reachtacha nó riaracháin, fiú má tá sé éigeantach iad a ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1939;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí gurbh fhearr le OIPE suirbhé inmheánach ar shástacht na foirne a reáchtáil in 2024 seachas dul i muinín soláthraí costas seachtrach faoin gcreatchonradh atá ann cheana, ach á chur in iúl gur oth léi easpa rannpháirtíochta an Choiste Foirne, a bheadh níos iomchuí; á thabhairt dá haire gur tharraing an fhoireann aird arís agus arís eile sa suirbhé ar eisiúintí athfhillteacha, a bhí dírithe go príomha ar chothromaíocht oibre is saoil agus ar léirmhíniú ar inrochtaineacht na teilea-oibre ón gcoigríoch ar chúiseanna teaghlaigh nó pearsanta; á thabhairt dá haire go léiríonn OIPE go bhfuil a smacht docht teilea-oibre ar cheann de na dídhreasachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don earcaíocht agus ag spreagadh OIPE chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar roghanna eile a d’fhéadfadh, gan dochar a dhéanamh d’éifeachtacht a mhodhanna oibre agus an cultúr corparáideach a cheistiú, leibhéal méadaithe neamhspleáchais a chur ar fáil, rud a d’fhéadfadh leibhéal níos airde sástachta a thabhairt i measc na foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt dá haire, le linn 2024, gur thaifead OIPE 1 504 léiriú spéise do chláir oiliúna, agus 851 léiriú spéise curtha i gcrích go rathúil, arb ionann é agus 13 984 uair oiliúna san iomlán, arb ionann é agus 1 865 lá oiliúna do chúrsaí inmheánacha agus seachtracha araon; á thabhairt faoi deara, i gcás oiliúint sheachtrach speisialaithe in ábhair dhlíthiúla agus riaracháin, gur thaifead OIPE 42 léiriú spéise le haghaidh cláir oiliúna, agus 22 léiriú spéise idir lámha agus 17 léiriú spéise curtha i gcrích go rathúil, arbh ionann é agus 992 uair oiliúna, arb ionann é agus 132 lá oiliúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á thabhairt dá haire freisin go raibh straitéisí oiliúna OIPE in 2024 i gcomhréir le misean OIPE, agus ábhartha dó, ós rud é gur dhírigh siad ar na réimsí oibríochtúla (ceardlanna oibríochtúla agus oiliúint eile) agus riaracháin (oiliúint faoi chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, laistigh de réimse na seirbhísí digiteacha, i réimse na slándála, agus go leor réimsí eile de chineál éagsúil), de réir riachtanais na heagraíochta; á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh an oiliúint dírithe in 2024 ar réimsí amhail sábháilteacht, slándáil (slándáil faisnéise agus feasacht ghinearálta slándála TFC), eitic, inbhuanaitheacht (soláthar poiblí glas agus riosca aeráide) agus chun feabhas a chur ar scileanna digiteacha (ábhartha freisin i gcomhthéacs an ullmhúcháin do thionscadal neamhspleáchais TF OIPE a baineadh amach ar deireadh in 2025); á chur in iúl gur geal léi cur chuige OIPE chun ábhar na tairisceana oiliúna a chur in oiriúint go docht do ról, freagrachtaí agus gráid an spriocdhaonra, agus seisiúin bheaga faisnéise á gcur ar fáil d’fhoirne sonracha tar éis iarrataí ad hoc agus béim á leagan ar phointí sainithe (e.g. ról na gcomhairleoirí rúnda);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur cuireadh an fhoireann ar an eolas go cuí maidir leis na deiseanna oiliúna trí inlíon OIPE, lena gcuirtear ábhar ar fáil freisin do dhaoine nua a tháinig isteach agus d’acmhainní soláimhsithe eile; á chur in iúl gur mór aici gur glacadh go maith leis an tairiscint oiliúna in 2024 agus, mar shampla, faoi dheireadh 2024, gur fhreastail 86,2 % d’fhoireann OIPE (foireann reachtúil, saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus conraitheoirí ion-muros) ar an oiliúint maidir leis an mbeartas frithchalaoise agus, i gcás na ngníomhaíochtaí frithchiaptha agus sceithireachta, gur díríodh in 2024 ar fhoireann ghinearálta (34 agus 16 rannpháirtí dá réir sin) in dhá sheisiún ghinearálta maidir leis an ábhar gaolmhar agus gur reáchtáladh ceann amháin do bhainisteoirí (9 rannpháirtí) agus do chomhaltaí an Choláiste (6 rannpháirtí);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chás traochta in 2024; á thabhairt dá haire gur mhol OIPE bearta lena bhféachtar leis an ualach oibre atá ag dul i méid go leanúnach a fhritháireamh chun an riosca traochta a laghdú; á thabhairt faoi deara, áfach, nach ndearnadh aon mheasúnú in 2024 ar dháileadh an ualaigh oibre ar fhoirne éagsúla agus ar bhaill foirne éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt dá haire gur eagraigh OIPE seisiúin faisnéise in 2024 maidir le frithchiapadh don fhoireann, do bhainisteoirí agus don Choláiste, agus gur eagraíodh na seisiúin sin d’fhoirne sonracha agus d’Aonaid shonracha arna iarraidh sin, ar bhonn ad hoc, le hinneachar curtha in oiriúint do riachtanais gach daonra; á chur in iúl gur mór aici gur seoladh nós imeachta um léiriú spéise na gcomhairleoirí rúnda in 2024, as ar eascair toghadh na gComhairleoirí (i gcomhar leis an gCoiste Foirne) in R1 2025; ag cur sonrú sa chéad chás ciaptha a tuairiscíodh laistigh de OIPE in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á thabhairt faoi deara, tar éis chonclúidí dearfacha an treoirthionscadail a rinneadh in 2023, gur dréachtaíodh beartas maidir le tréimhsí oiliúna agus gur formheasadh é in 2024, agus ina dhiaidh sin an chéad timthriall d’oiliúnaithe éifeachtacha an bhliain chéanna; á thabhairt dá haire go ndearnadh ochtar oiliúnaithe a óstáil ag OIPE le linn 2024, ag obair - mar a shainmhínítear i mbeartas na dtréimhsí oiliúna - ag córas ama atá fite fuaite leis an gceann sin d’fhoireann reachtúil OIPE, sa chás seo, faoi fhorálacha Chinneadh C(2022)1788 ón gCoimisiún an 24.3.2022 maidir le ham oibre agus obair hibrideach; á chur in iúl gur mór aici go bhfaigheann oiliúnaithe uile OIPE figiúr ioncaim míosúil (mar dheontas); á chur i bhfáth gur bac mór an costas ard maireachtála i Lucsamburg roimh oiliúnaithe féideartha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eiticiúil agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>	á chur in iúl gur eol di, ar an iomlán, go bhfuil creat eiticiúil OIPE á fhorbairt de réir a chéile; á chur in iúl go dtuigeann sí nár cheadaigh na hacmhainní daonna teoranta é a thabhairt chun críche in 2024; ag tathant go gcuirfí an obair ullmhúcháin i gcrích chun beartas cuimsitheach coinbhleachtaí leasa a ghlacadh a bhfuil gá leis chun na rialacha atá ann cheana a chomhdhlúthú agus a fheabhsú agus chun na cásanna ábhartha uile a chumhdach ar bhealach níos fearr in aon doiciméad comhleanúnach amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici, tar éis iarrataí ón bParlaimint, go bhfuil an clár oiliúna tiomnaithe maidir le creat eitice OIPE éigeantach do shealbhóirí poist uile OIPE, lena n-áirítear Ionchúisitheoirí Eorpacha agus ITEnna agus go bhfuil an ráta rannpháirtíochta ard a bhfuiltear ag súil leis bainte amach aige in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, gur eagraíodh 17 seisiún feasachta ar an iomlán ar chreat eiticiúil OIPE, ar an straitéis frithchalaoise agus ar an gcód dea-iompair riaracháin, lena n-áirithítear rannpháirtíocht leathan foirne, faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis frithchalaoise 2023-2025, a glacadh an 1 Márta 2023, arb é is aidhm dóibh calaois a chomhrac ar gach leibhéal den eagraíocht, fiú go hinmheánach, le cuspóirí atá nasctha le plean gníomhaíochta tiomnaithe agus le PTFanna mar chomhpháirteanna de thimpeallacht rialaithe inmheánaigh OIPE a ndéanann an t-oifigeach rialaithe inmheánaigh faireachán orthu ar bhonn bliantúil; á thabhairt dá haire go bhfuil rialacha coinbhleachta leasa agus nósanna imeachta dearbhaithe i bhfeidhm don ardbhainistíocht agus don fhoireann a bhfuil baint acu le scagchuarda airgeadais, soláthar agus earcaíocht; á thabhairt faoi deara go ndéantar measúnú riosca tiomnaithe calaoise ar bhonn bliantúil, chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear coinbhleacht leasa; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil feidhm ag na Treoirlínte d’Fhoireann OIPE maidir le Gníomhaíochtaí agus Sannacháin Sheachtracha maidir le gníomhaíochtaí uile na foirne nach mbaineann le caitheamh aimsire ná fóillíocht ach atá ábhartha, áfach, agus lasmuigh de shainchúram OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh an athuair go dtabharfaí isteach beartas dorais imrothlaigh níos láidre ar cheart go n-áireofaí leis tréimhse mharana fhadaithe 2 bhliain ar a laghad d’oifigigh shinsearacha OIPE sular féidir leo páirt a ghlacadh i bhfostaíocht san earnáil phríobháideach, go háirithe i gcás ina mbaineann sé le réimsí imscrúdaithe OIPE; á áitiú go ndéanfaidh OIPE athbhreithniú bliantúil ar chomhlíonadh na srianta iarfhostaíochta sin; á mheabhrú go bhfuil cosc ar dhoirse imrothlacha le cur san áireamh i gcreat eitice foriomlán OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair leantach OIPE maidir leis an rún is déanaí ón bParlaimint maidir le hurscaoileadh inar iarradh go nglacfaí nós imeachta tiomnaithe sceithireachta agus frith-fhrithbheartaíochta chun na rialacha cur chun feidhme a chomhtháthú leis na Rialacháin Foirne arna nglacadh ag an gColáiste (Cinneadh 077/2021 ón gColáiste lena leagtar síos treoirlínte maidir le sceithireacht is infheidhme laistigh de OIPE) agus a bheith ag gabháil le hAirteagal 45.12 de Rialacha Airgeadais OIPE (lena mbunaítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh sna himthosca) chun ionad oibre sábháilte agus cosanta a áirithiú; á chur in iúl go dtuigeann sí gur ullmhaíodh nós imeachta sonrach sceithireachta agus frith-fhrithbheartaíochta le linn 2024 agus gur formheasadh é go luath in 2025; ag spreagadh OIPE chun leanúint d’idirphlé inmheánach dian maidir le sceithireacht leis na comhairleoirí rúnda agus ról a thabhairt do Chúntóirí Náisiúnta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha maidir leis na hábhair bhunúsacha; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach nósanna imeachta sceithireachta agus frith-fhrithbheartaíochta bunriachtanach chun sláine agus inchreidteacht inmheánach OIPE a chosaint; á iarraidh ar OIPE tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le feidhmiú praiticiúil na gcoimircí sin, lena n-áirítear feasacht foirne agus muinín sa chóras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á áitiú go bhfuil creat ionracais inmheánach OIPE ríthábhachtach don dearcadh seachtrach ar neamhspleáchas agus neamhspleáchas OIPE; á chreidiúint, trí shainordú a thabhairt maidir le nochtadh poiblí leasanna airgeadais agus gníomhaíochtaí seachtracha uile na n-oifigeach sinsearach, lena n-áirítear comhaltaí an Choláiste, go maolófar an riosca go mbeidh tionchar míchuí ann agus go mbeifear in ann aon riosca neamhbhraite a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint roimh ré trí athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na dearbhuithe sin; á chur in iúl gur mór aici toil OIPE féachaint ar bhealaí éifeachtacha chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus íogaireacht agus sainiúlacht na feidhme ionchúisimh á gcur san áireamh go cuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil trédhearcacht ríthábhachtach in idirghníomhaíochtaí OIPE le gníomhaithe seachtracha; á chur in iúl gur mór aici oscailteacht OIPE chun féachaint ar bhealaí chun trédhearcacht a idirghníomhaíochtaí le gníomhaithe seachtracha a mhéadú tuilleadh, agus aird chuí á tabhairt ar íogaireacht agus sainiúlacht na feidhme ionchúisimh, lena n-áirítear maoirseacht ag na cúirteanna, agus ar an ngá atá le neamhspleáchas OIPE a chosaint; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go rannchuideodh bunú cláir phoiblí éigeantaigh de na cruinnithe uile idir oifigigh OIPE agus ionadaithe tríú páirtithe, lena n-áirítear brústocairí, fiú agus iad i mbun gníomhaíochtaí abhcóideachta a bhaineann le tosaíochtaí beartais, agus ionadaithe rialtais náisiúnta le muinín an phobail as neamhspleáchas OIPE a threisiú agus lena chumas imscrúduithe láithreacha a sheoladh ar aon chás ina mbaintear mí-úsáid as cistí poiblí, ar bhealach chun aon dearcadh ar thionchar míchuí a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh obair leantach ar iarrataí na Parlaiminte ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh ó Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha sa Choimisiún (‘AS na Seirbhísí Digiteacha’, DIGIT roimhe seo) deireadh a chur le soláthar seirbhísí san ionad oibre digiteach do OIPE; á chur in iúl gur mór aici an cinneadh ón gCoimisiún síneadh sealadach a chur le soláthar seirbhísí TF go dtí mí an Mheithimh 2025, chun an t-aistriú a éascú, ach á chur in iúl gur saoth léi gur cás é an toradh deiridh a bhfuil a inmharthanacht airgeadais amhrasach ar an mbealach is fearr, agus atá fo-optamach ó thaobh feidhmíochta de; ag athdhearbhú a breithnithe maidir leis na hargóintí a bhaineann le slándáil agus rúndacht, agus maidir leis na gnéithe airgeadais amháin, toisc go ndealraíonn sé go mbeadh an seachfhoinsiú i bhfad níos costasaí ná an réiteach inmheánach i gcás ina gcuirfí le chéile na hacmhainní is gá chun na gnéithe casta riaracháin a réiteach agus chun oiriúnú do chumraíocht dhíláraithe OIPE i gcomhthéacs ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha agus Cúntóirí Náisiúnta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i roinnt suíomhanna ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, cé nár bhain OIPE neamhspleáchas leormhaith TF amach go dtí 2025, gur fhág an obair ullmhúcháin in 2024 go raibh sé inbhraite na hinfheistíochtaí digitithe is suntasaí i stair OIPE agus, chun neamhspleáchas TF a bhaint amach agus chun drochthionchar ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chosc, go raibh ar OIPE go leor gníomhaíochtaí a sheoladh; á mheabhrú, fiú dá mbeadh tacaíocht theicniúil curtha ar fáil ag an gCoimisiún do OIPE le linn an aistrithe chuig neamhspleáchas TF, ó thaobh an bhuiséid de, go raibh ar OIPE acmhainní a aistriú ó ghníomhaíocht oibríochtúil go TF in aon chás, agus nár chomhaontaigh an Coimisiún iad a chúiteamh; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur diúltaíodh d’iarraidh OIPE ag deireadh mhí Feabhra 2024 ar bhuiséad leasaitheach 2024 (thart ar EUR 3 mhilliún agus 37 bpost don phlean bunaithe) agus gur diúltaíodh don diúltú sin tar éis don Choimisiún diúltú roimhe sin 45 phost bhreise don phlean bunaíochta a dheonú chun an bhearna a eascraíonn as scor AS na Seirbhísí Digiteacha, a tíolacadh i mí Eanáir 2023, a líonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur i bhfios gurbh ionann buiséad oibríochtúil TFC OIPE in 2024 agus EUR 6,61 milliún, arb ionann é agus 19 % den bhuiséad oibríochtúil foriomlán (i gcomparáid le EUR 4,7 milliún in 2023 agus EUR 5,6 milliún in 2022); á thabhairt faoi deara go léiríonn an méadú i ndearbhthéarmaí an obair ullmhúcháin shuntasach a rinneadh le haghaidh neamhspleáchas TF, lena n-áirítear acmhainneachtaí inmheánacha sa chibearshlándáil, i mbainistiú seirbhísí TF, agus i bhfaireachán ar bhonneagar a threisiú, chomh maith le haistriú teicniúil na seirbhísí a sholáthair Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha roimhe seo; á thabhairt dá haire go raibh na hinfheistíochtaí sin spriocdhírithe go straitéiseach chun leanúnachas, neamhspleáchas agus slándáil thimpeallacht dhigiteach OIPE a áirithiú agus chun an bunús is gá a leagan síos chun neamhspleáchas TF a bhaint amach go rathúil i mí an Mheithimh 2025; á chur i bhfios go láidir, cé gur fhan sciar an chaiteachais TF laistigh den bhuiséad oibríochtúil cobhsaí, go raibh comhchruinniú cinntitheach iarrachta agus acmhainní mar shaintréith de 2024 chun aistriú OIPE chuig neamhspleáchas digiteach iomlán a ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí, fiú tar éis di é a bhaint amach, in 2025, go gcuireann OIPE i bhfios go láidir go bhfuil gá le hacmhainní breise daonna agus airgeadais chun tacú le neamhspleáchas TF, ar acmhainní iad nár deonaíodh go dtí seo mar gheall ar an teorainn a fhorchuirtear leis na hacmhainní buiséadacha foriomlána atá ar fáil sna línte lena mbaineann; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh agus acmhainní breise a leithdháileadh chun a áirithiú nach mbeidh éifeachtacht agus fóntacht dhlíthiúil oibríochtaí OIPE i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á thabhairt dá haire, in 2024, i réimse TF, gur ghníomhaigh OIPE go leanúnach ar dhá mhórthionscadal an chláir neamhspleáchais TF agus an chláir córas bainistithe cásanna, an chéad cheann chun catalóg iomlán de sheirbhísí TF riaracháin arna mbainistiú go hinmheánach a sholáthar, agus an dara ceann chun dul chun cinn a dhéanamh i bhforbairt an digitithe i bpríomhréimse gnó na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh; á chreidiúint go dtairgtear leanúnachas oibríochtúil láithreach leis an réiteach maidir le conraitheoirí ion-muros a earcú chun na tionscadail sin a láimhseáil ach nár cheart é a cheapadh mar réiteach cinntitheach do OIPE, agus cineál thar a bheith íogair a ghníomhaíochtaí agus an gá atá le leanúnachas agus iontaofacht a sheirbhísí digiteacha a áirithiú á gcur san áireamh, chomh maith leis an leibhéal is airde slándála dá bhonneagar, dá chórais agus dá threalamh TF; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an riosca a bhaineann le heaspa braistinte ag an gCoimisiún maidir le híogaireacht na saincheiste, arna léiriú le measúnú dromchlach ar an bhfadhb a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla OIPE agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca féideartha do chlú an Aontais i gcás ina ndéanfaí cumas oibríochtúil OIPE a lagú mar thoradh uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á mheabhrú go n-eascraíonn castacht bhonneagar TF OIPE as struchtúr díláraithe OIPE, lena gcuirtear d’oibleagáid ar gach ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpach córas bainistithe cásanna náisiúnta agus córas bainistithe cásanna OIPE araon a úsáid, ar bunachair sonraí éagsúla iad arna rialú ag cearta rochtana éagsúla; á chur i bhfios go gceanglaítear le próiseáil agus malartú faisnéise idir seirbhísí lárnacha ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha agus OIPE go ndéanfaidh ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha an cáschomhad a dhigitiú, a bhfuil sé d’oibleagáid orthu uirlisí digiteacha náisiúnta a úsáid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ach go bhfuil sé d’oibleagáid orthu freisin machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le doiciméid dhigiteacha den sórt sin a bheith i bhformáidí atá comhoiriúnach le lárchóras OIPE agus leis na córais a úsáideann ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha eile ar comhpháirtithe iad sna cásanna imscrúdaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á áitiú gur gá córas bainistithe cásanna OIPE agus córais náisiúnta bainistithe cásanna OIPE a chomhtháthú chun éifeachtacht na n-imscrúduithe a mhéadú agus go bhfuil sé le saothrú in imthosca an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2017/1939; ag dréim leis go n-éileodh comhtháthú den sórt sin leibhéal comhchoiteann comhsheasmhach digitithe ar fud na mBallstát rannpháirteach chun timpeallacht oibre dhigiteach a shocrú atá slán de réir an chaighdeáin chéanna le lároifig OIPE agus creataí dlíthiúla náisiúnta á n-urramú ag an am céanna; á mheabhrú gur cheart na costais chomhroinnte bhunúsacha, ar na Ballstáit agus ar an Aontas, a chur san áireamh sa mheastachán agus réamhaisnéis bhuiséadach; á chur in iúl gur mór aici ról agus rannchuidiú Cúntóirí Náisiúnta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha maidir leis na córais a úsáid agus a bheathú go héifeachtach agus á mholadh go ndéanfaí machnamh a dhéanamh ar stádas sonrach a shannadh dóibh tráth an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2017/1939; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh aon lánpháirtiú amach anseo bunaithe ar chomhroinnt chothrom freagrachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach maolú a dhéanamh ar na rioscaí do shláine struchtúrach TF OIPE a eascraíonn as cleachtais ionsaitheacha chomhlachais na gcoirpeach eagraithe arna n-imscrúdú agus arna n-ionchúiseamh ag OIPE atá i mbaol freagairt go hionsaitheach d’idirghabhálacha OIPE chun cur isteach ar a ngníomhaíochtaí coiriúla; á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh an straitéis slándála fheabhsaithe fhoriomlán agus an creat beartais domhanda um shlándáil faisnéise a moladh in 2023 a fhormheas agus a ghlacadh go foirmiúil in 2024; á chur i bhfios go láidir gur cumasóirí bunriachtanacha neamhspleáchas agus éifeachtacht oibríochtúil OIPE iad an tslándáil fhisiciúil agus dhigiteach agus a rialachas agus go bhfuil gá le hacmhainní ina leith, amhail na hacmhainní sin a imscartar chun aonad tiomnaithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar an gcibearshlándáil agus ar an tslándáil fhisiciúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur i bhfáth go n-iarrtar ar OIPE déileáil le líon méadaitheach cásanna a bhaineann le comhpháirteanna ardteicneolaíochta agus modheolaíochtaí coiriúla digiteacha, agus dá bhrí sin go bhfuil trealamh agus córais TF atá cothrom le dáta de dhíth air chun a bheith in ann na hardteicneolaíochtaí a úsáideann líonraí coiriúla ardoilte go minic a chomhtháthú sna próisis imscrúdaitheacha agus anailís a dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á thabhairt dá haire, i réimsí oibríochtúla, go bhfuil OIPE an-chúramach maidir le húsáid na hintleachta saorga agus ag aontú, cé gur féidir le intleacht shaorga cabhrú le próiseáil sonraí, go bhfuil an mheastóireacht ar fhianaise agus ar chinnteoireacht ionchúisimh fós faoi lánfhreagracht an duine; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige sin mar chur chuige bunriachtanach chun cearta bunúsacha, deimhneacht dhlíthiúil agus cuntasacht a choimirciú; á chur i bhfios go láidir nach measann OIPE go bhfuil intleacht shaorga in ann riachtanais foirne a laghdú, ach mar uirlis tacaíochta chun déileáil leis an ualach oibre atá ag dul i méid; ag spreagadh infheistíocht spriocdhírithe in uirlisí IS - ar choinníoll go mbeidh a n-úsáid comhréireach agus fo-ordaithe i gcónaí maidir le formhaoirseacht dhaonna - agus in oiliúint IS ar cheart a himpleachtaí buiséadacha a fhritháireamh le gnóthachain éifeachtúlachta i bpróisis aistriúcháin agus i bpróisis tacaíochta eile; á iarraidh ar OIPE treoirlínte a chur ar fáil don fhoireann maidir le conas na hionstraimí sin a úsáid, lena ndíreofar go sonrach ar na gnáthphróisis a bhaineann le sainordú sonrach OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go ndéantar cásanna OIPE agus cáschomhaid agus fianaise ghaolmhar a tharchur chuig OIPE agus a chlárú in aon teanga de chuid an Aontais agus go bhféadfadh sé go mbeadh na céadta go mílte doiciméad ag gach cás, a fhaightear ar an mórchóir, nach mór a aistriú go teangacha oibre le haghaidh anailís agus imscrúdú cásanna, agus nach mór tuarascálacha agus cinntí OIPE, arna n-eisiúint i mBéarla, a aistriú ar ais go teanga an Bhallstáit tuairiscithe lena dtarchur chuig cúirteanna náisiúnta; á chur in iúl go dtuigeann sí gur seirbhísí meaisínaistriúcháin arna soláthar ag CDT - Centre De Traduction a dhéanann an próiseas sin; á thabhairt faoi deara gurbh ionann costas sheirbhísí eTranslation in 2024 agus EUR 1 051 000 le haghaidh na n-uirlisí meaisínaistriúcháin, agus EUR 2 308 452 le haghaidh le haghaidh aistriúcháin an duine<FOOTNOTE><FIELD> Ní chumhdaítear leis an bhfigiúr seirbhísí ateangaireachta a chuirtear ar fáil faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse le hArd-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin (SCIC) nó, nuair a dhiúltaíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta an tseirbhís a iarradh a sholáthar nó nuair nach bhfuil sí in ann í a sholáthar, trí shaoroibrithe atá ar fáil ar an margadh a fhostú (eisceachtaí ad hoc ar na rialacha Airgeadais). Is é EUR 22 536 agus EUR 9 360 san iomlán na costais a íocfar in 2024 faoi chomhaontú leibhéal seirbhíse Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus an chuid eile le ceannacháin seirbhíse <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar OIPE féachaint ar úsáid níos fearr a d’fhéadfaí a bhaint as na seirbhísí meaisínaistriúcháin sin nach bhfuil cúnamh intleacht shaorga bunaithe go dtí seo ach atá bunaithe ar thacair sonraí stór focal, arna soláthar ó sheirbhís eTranslation Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha, agus arna nuashonrú ar bhonn bliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le hiarrataí OIPE ar acmhainní chun a chibearshlándáil a chosaint agus á iarraidh go ndéanfaí straitéis láidir chibearshlándála a chur chun feidhme go pras chun oibríochtaí agus sláine sonraí OIPE a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil straitéis dhigiteach agus beartas bainistithe leochaileachta agus paiste OIPE á bhforbairt faoi láthair agus go bhfuil measúnú leochaileachta agus uirlis scanadh uathoibrithe agus fógra don timpeallacht ríthábhachtach córas bainistithe cásanna á n-áirithiú leis na seirbhísí atá ann cheana; á iarraidh ar OIPE tosaíocht a thabhairt do na bearta sin atá ábhartha chun timpeallacht oibre shábháilte, leanúnachas na ngníomhaíochtaí agus cosaint na faisnéise ábhartha a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé leanúnach idir oifigeach cosanta sonraí OIPE agus pointe teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí do OIPE agus a gcruinnithe déthaobhacha rialta; ag spreagadh an Choláiste, a gcomhlánaíonn a chinntí an creat dlíthiúil iarbhír<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/1939 (Rialachán OIPE mar a thugtar air) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na cleachtais agus na nósanna imeachta atá ann cheana i bhfianaise an ghá atá le hinúsáidteacht sonraí pearsanta a áirithiú le haghaidh imscrúdaithe agus ionchúisimh agus idir an dá linn chun a gcosaint a choimirciú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh agus slándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á thabhairt faoi deara nár leasaíodh an comhaontú léasa lena gcuireann údaráis Lucsamburg an foirgneamh ina bhfuil ceanncheathrú OIPE faoi láthair ar fáil saor ó chíos in 2024 agus gur íoc OIPE an táille bhliantúil chéanna muirir seirbhíse EUR 716 724 in 2024 agus a d’íoc sé in 2023, gan costais bhreise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil deich n-urlár sa túr agus ceithre urlár in iarscríbhinn fhoirgneamh Thúr B (TOB) OIPE faoi láthair; á chur in iúl gur eol di go bhfuil seacht n-urlár breise á n-athchóiriú ag an stát óstach ó thús 2025 agus go ndéanfar iad a sheachadadh de réir a chéile chuig OIPE le linn R4 2025; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuideoidh na hurláir nua leis an nganntanas spáis atá ann faoi láthair a shárú agus go dtabharfaidh siad deis seirbhísí OIPE a aontú agus a athdháileadh go héifeachtúil laistigh den áitreabh; á mheabhrú cineál ghníomhaíochtaí OIPE agus a rúndacht bhunúsach, agus á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur sannadh spás oibre aonair do gach ball foirne in oifig aonair, in oifig dhúbailte nó in oifig thríthaobhach; á chur in iúl gur mór aici na bearta atá ann cheana chun inrochtaineacht na n-oifigí a áirithiú do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>	á chur in iúl gur eol di go bhfuil OIPE ina chuid d’fhoirgneamh a sholáthraíonn an stát óstach saor ó chíos agus gurb iad na húdaráis náisiúnta a bhainistíonn na paraiméadair chomhshaoil, i gcomhréir le ceanglais chomhshaoil áitiúla; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a sheol údaráis Lucsamburg chun tacú le OIPE bainistiú comhshaoil a chur chun cinn, rud a fhágann go ndéantar 20 stáisiún luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil i gcarrchlós faoi thalamh agus soilsiú inmheánach coigilte fuinnimh agus dallóga aghaidhe a athsholáthar in áitreabh iomlán lároifig OIPE chun éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a fheabhsú; á thabhairt dá haire gur suiteáladh meaisíní scagtha uisce ar gach urlár agus go laghdaíonn sé sin úsáid buidéal plaisteach; á thabhairt faoi deara go bhfuil lároifig OIPE comhtháite i líonra iompair phoiblí saor in aisce Lucsamburg, rud a fhágann go bhfuil sé inrochtana go héasca trí mhodhanna a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol gan aon chostas don fhoireann agus do chuairteoirí agus go gcuireann an carrchlós faoi thalamh crios tiomnaithe ar fáil do pháirceáil rothar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á thabhairt dá haire go leanann OIPE Cinneadh C(2025) 2495 ón gCoimisiún – Treoir maidir le Misin agus Taisteal Údaraithe, agus machnamh á dhéanamh ní hamháin ar réitigh taistil ghlais don fhoireann atá i mbun misin ach freisin ar mheasúnú córasach a dhéanamh ar an ngá atá le misin i gcoinne indéantacht cruinnithe ar líne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>	á athdhearbhú, laistigh den struchtúr atá ceaptha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, nach féidir príomhról OIPE a shaothrú go héifeachtach ach amháin trí dhianchomhar agus trí dhianchomhordú leis na heintitis eile a bhfuil cúraimí comhlántacha acu; á chur i bhfáth go ngníomhaíonn OIPE i dtimpeallacht chasta ilchineálach ina bhfuil a neamhspleáchas ríthábhachtach a mhéid a bhaineann lena chumas sineirgí a chruthú lena chomhpháirtithe agus lena thoil cumarsáid a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi iarrachtaí OIPE i dtreo comhar éifeachtach le Europol, OLAF agus Eurojust, a tharlaíonn i gcomhréir le sainordú gach eagraíochta, trí chruinniú rialta ar an leibhéal bainistíochta agus ar an leibhéal teicniúil, agus trí na próisis ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ a úsáidtear le haghaidh malartuithe déthreocha faisnéise agus chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint; á chur in iúl gur oth léi, áfach, líon teoranta an chomhair oibríochtúil idir OLAF agus OIPE, arna dheimhniú leis an líon íseal cásanna OIPE a fhaigheann tacaíocht ó OLAF (4 chás in 2023 agus 5 chás in 2024) i gcomparáid le líon na gcásanna a bhfuair OIPE tacaíocht ina leith in 2024 ó Eurojust (25) agus Europol (83); á thabhairt dá haire go bhfuil teorainneacha ag baint leis an gcomhar le Europol a eascraíonn as an dlí náisiúnta nós imeachta coiriúil agus as inrochtaineacht shonraí OIPE atá faoi úinéireacht; á mheas go gceadófaí sineirgí agus barrfheabhsú acmhainní dá bhfeabhsófaí tuilleadh an comhar le Europol, d’ainneoin an ghá phráinnigh atá ann do OIPE a ardán anailíseach inmheánach a fhorbairt, rud atá ríthábhachtach chun léirmhíniú tapa a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear le linn a chuid imscrúduithe agus chun straitéisí oibríochtúla a shocrú i gcásanna trasteorann lena n-éilítear rochtain ar chóras bainistithe cásanna iomlán OIPE; á iarraidh ar na páirtithe uile féachaint ar bhealaí leormhaithe chun sineirgí a chruthú, an comhar ar an leibhéal oibríochtúil a neartú, dúbailt cúraimí a sheachaint agus úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainneachtaí anailíseacha atá ann cheana; á chur in iúl gur geal léi gur socraíodh meithleacha tiomnaithe don athbhreithniú a d’fhógair an Coimisiún ar an ailtireacht frithchalaoise agus ag dréim leis go mbainfear amach leis na díospóireachtaí, lena mbaineann comhpháirteanna uile na hailtireachta frithchalaoise, feabhsuithe nithiúla ar an gcaoi a gcomhoibríonn siad agus a gcomhordaíonn siad na gníomhaíochtaí, a chuirfidh an Coimisiún i láthair faoi dheireadh 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh dea-chomhar idir OIPE agus an Chúirt, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an tOmbudsman Eorpach in 2024; á thabhairt faoi deara gur oscail an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán amháin tar éis do shaoránach gearán a thaisceadh tar éis dó páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin 2024, ar cinneadh ina dhiaidh sin nár bhain aon fhianaise nó cásanna drochriaracháin le OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chreidiúint go dtugann an t-athbhreithniú ar chreataí rialála OLAF agus OIPE an deis athmhachnamh a dhéanamh ar go leor gnéithe dá gcuid oibre le chéile i bhfianaise na taithí a fuarthas sna blianta sin de ghníomhaíocht oibríochtúil; á chur i bhfáth go bhfuil tacar maith faisnéise curtha ar fáil ag na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le himscaradh na n-imscrúduithe comhlántacha (arna moladh ag OLAF) agus na n-imscrúduithe tacaíochta (arna moladh ag OIPE), ar cheart tógáil orthu chun a módúlachtaí comhair a athmhúnlú; á chur i bhfios go láidir gur léiríodh leis an taithí oibríochtúil chéanna go bhfuil gá le brath méadaithe agus tuairisciú níos fearr; ag tabhairt dá haire go raibh an chéad chruinniú idirnáisiúnta idir ionchúisitheoirí OIPE agus imscrúdaitheoirí OLAF sa Pharlaimint in 2024; á chreidiúint gur féidir a mheas gur cleachtas píolótach é maidir le cleachtas malartaithe ar cheart é a bheith tréimhsiúil, ar choinníoll go bhfuil acmhainní airgeadais ar fáil; á athdhearbhú nach féidir idirphlé agus comhar leormhaith i measc na gcomhpháirteanna d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a bhaint amach ach amháin trí fhóram idirinstitiúideach éigeantach a leagan síos inar féidir dul i ngleic le saincheisteanna straitéiseacha agus iad a phlé chun acmhainní a bharrfheabhsú agus torthaí a dhéanamh inláimhsithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil calaois CBL anois ina leochaileacht struchtúrach sa mhargadh inmheánach agus, in ainneoin go dtarlóidh scéimeanna caighdeánaithe rothlacha arís, nach bhfuil na húdaráis chánach náisiúnta in ann ach codanna beaga de na líonraí coiriúla a bhrath agus a chomhrac; á chur i bhfáth go bhfuil luach uathúil ag oibríochtaí OIPE, atá in ann idirbhearta coiriúla casta agus sreafaí aindleathacha airgeadais a athchruthú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh trí na sócmhainní lena mbaineann a urghabháil agus a reo; á iarraidh ar an gCoimisiún na leasuithe rialála uile is gá a mholadh tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar chás a chuireann bac ar éifeachtacht an chomhraic i gcoinne calaois CBL agus a chuireann teorainn leis an acmhainneacht do shineirgí idir údaráis náisiúnta agus údaráis an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gurb iad rochtain ar shonraí agus comhroinnt faisnéise na gnéithe ríthábhachtacha d’aon ghníomhaíocht frithchalaoise agus, ar iad a bhaint amach go sásúil, go mbraitheann siad ar rath chosaint bhuiséad an Aontais; ag meabhrú na moltaí ón gCúirt a cuireadh in iúl i dTuarascáil Speisialta 24/2015 uaithi maidir le dul i ngleic le calaois CBL agus i dTuarascáil Speisialta 08/2025 ón gCúirt dar teideal ‘Calaois Cánach Breisluacha ar allmhairí – Níl leasanna airgeadais an Aontais cosanta go leordhóthanach faoi nósanna imeachta custaim allmhairiúcháin simplithe’ agus is díol sásaimh di, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann le rochtain Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) ar fhaisnéis faoi cháin bhreisluacha ar leibhéal an Aontais a rinneadh an 14 Samhain 2025<FOOTNOTE><FIELD> https://www.eca.europa.eu/ECAPublications/RV-2025-02/RV-2025-02_GA.pdf</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir, ar an gcaoi chéanna, a thábhachtaí atá sé sonraí a chomhroinnt go hiomlán agus go héifeachtach idir OIPE, OLAF, Eurojust agus Europol agus go bhféadfaí maoirseacht a dhéanamh ar chomhtháthú sonraí agus ar éifeachtúlacht bainistithe cásanna i measc na gcomhlachtaí sin trí mheitheal chomhpháirteach a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag formhuiniú iarraidh OIPE go ndéanfaí iarrachtaí feabhsaithe chun acmhainneacht anailíseach sonraí i bhfad níos mó agus níos fearr a áirithiú ar leibhéal an Aontais, chun leas iomlán a bhaint as na méideanna ollmhóra sonraí a bhailítear in imscrúduithe OIPE agus ag aontú go gcuirfeadh dul chun cinn sa treo sin feabhas mór ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe san Aontas; á thabhairt dá haire go dtagann méadú as cuimse ar líon na fianaise bailithe atá faoi anailís i gcomhthráth leis an méadú atá ag teacht ar líon na gcásanna arna n-imscrúdú ag OIPE; á chur i bhfios go mbaineann cuid mhór den fhaisnéis sin leis an gcoireacht eagraithe agus le sciúradh airgid, agus le raon leathan gníomhaíochtaí aindleathacha atá nasctha leo mar chionta foluiteacha atá lasmuigh de shainchúram agus d’inniúlacht OIPE imscrúdú a dhéanamh; á thabhairt faoi deara gur tharla staid chomhchosúil tar éis an Imscrúdaithe Admiral, nuair a léirigh an anailís ar chuid den 638 teiribheart ar a laghad de shonraí digiteacha urghafa naisc le gáinneáil ar dhrugaí, cearrbhachas neamhdhleathach, striapachas agus go leor eile, rud a d’fhág gur thionscain na hoifigí ionchúisimh náisiúnta níos mó imeachtaí coiriúla maidir leis an gcoireacht neamh-CLA; á thabhairt dá haire gur tharla staid chomhchosúil leis an Imscrúdaithe Midas, as ar eascair éiceachóras coiriúil casta a bhrath, a bhfuil cuideachtaí caocha, fir tuí, céannachtaí samhailteacha, agus cripteachumarsáidí mar thoradh air chun gníomhaíochtaí coiriúla eile a eagrú, lena n-áirítear gáinneáil ar dhrugaí agus ar airm agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ar cuireadh trí thuarascáil coireachta déag faoi bhráid na n-údarás náisiúnta atá freagrach as na coireanna neamh-CLA sin a imscrúdú mar thoradh ar an anailís ar chuid den 418 teiribheart ar a laghad de shonraí digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh sásra inmheánach chun a áirithiú go ndéanfar fógraí OIPE atá tíosach ar acmhainní, tráthúil agus comhsheasmhach a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 103(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ar fógraí iad atá ábhartha do bhearta téarnaimh agus réamhchúraim riaracháin agus don athbhreithniú ar an gComhaontú Oibre leis an gCoimisiún tráth an tríú hathbhreithniú ardleibhéil bliantúil ar an gcomhar idir OIPE agus an Coimisiún, i mí Dheireadh Fómhair 2024; á chreidiúint go mbeidh gníomhaíochtaí níos éifeachtaí maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar thoradh ar na socruithe sin; á chur i bhfios go láidir, go deimhin, gur tháinig méadú mór ar an bhfógra don Choimisiún a lean na socruithe nua in 2024 agus 2025 (+ 147 % agus + 85 % faoi seach i gcomparáid le 2022); á chur i bhfios, áfach, chun a bheith in ann obair leantach éifeachtach a dhéanamh ar a chásanna, agus sreabhadh leanúnach faisnéise chuig an gCoimisiún a áirithiú chun cur le glacadh na mbeart riaracháin, gur gá córas bainistithe cásanna agus acmhainneacht anailíseach sonraí OIPE a fhorbairt tuilleadh, rud nach féidir a dhéanamh i gcás tearcmhaoinithe struchtúraigh; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin tásca soiléire OIPE maidir leis na riachtanais airgeadais, nár sholáthair an Coimisiún ach trí phost don phlean bunaíochta agus gníomhaire amháin ar conradh ina litir leasaitheach 1/2024, nach leor iad; ag formhuiniú iarrataí OIPE amach anseo ar acmhainní atá bunriachtanach chun na méideanna a ndéanann calaois difear dóibh a thabhairt ar ais chuig buiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an téarnamh riaracháin chuig buiséad an Aontais a uasmhéadú, agus rúndacht agus seoladh cuí na ngníomhaíochtaí imscrúdaitheacha á gcomhlíonadh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á chur in iúl gur eol di go bhfuil aisghabháil cistí ag údaráis náisiúnta fós faoi fhreagracht an Choimisiúin, mar a luaitear sa Litir Mhisin chuig an gCoimisinéir um an mBuiséad, um Fhrith-Chalaoise agus um Riarachán Poiblí, agus á chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon sainordú ag OIPE go dtí seo obair leantach a dhéanamh ar an bpróiseas téarnaimh; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit an comhar maidir leis an bpróiseas téarnaimh a neartú agus an Coimisiún agus OIPE araon a chur ar an eolas go tráthúil faoi choigistithe deiridh; á áitiú go bhfuil gá leis an athbhreithniú ar na Rialacháin ábhartha chun ról OIPE sa phróiseas téarnaimh a shoiléiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á aithint nach féidir imscrúduithe OIPE a sheoladh ach amháin má shroich faisnéis na hionchúisitheoirí agus má tá sí ag dréim leis go gcomhlíonfaidh na Ballstáit oibleagáidí dlíthiúla trí gach cás ábhartha a thuairisciú do OIPE; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh coinbhleachtaí inniúlachta agus bacainní sistéamacha ar imscrúduithe OIPE fós ann in 2024, lena n-áirítear cásanna ar cúis imní iad maidir leis an smacht reachta; ag mheabhrú, i ndáil leis sin, ráiteas poiblí OIPE maidir le cinneadh easaontachta inniúlachta sa Chróit; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach chórasach a dhéanamh ar bhacainní den sórt sin mar chuid dá fhreagracht comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil roinnt Ballstát ag dearbhú cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais amhail is gur cásanna náisiúnta iad agus gur dhiúltaigh siad inniúlacht OIPE a aithint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar imscrúdú na gcoinbhleachtaí inniúlachta sin, ar chailliúint fianaise nó ar bhailiú déanach fianaise; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis maidir le cásanna coinbhleachtaí inniúlachta a bhailiú agus a mheasúnú d’fhonn sonraí ábhartha a bheith ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/1939;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á thabhairt dá haire, in ainneoin inniúlacht OIPE a bheith leagtha amach go soiléir in Airteagal 22(1) agus (2), agus in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/1939, gur ardaíodh ceisteanna inniúlachta arís idir na húdaráis náisiúnta agus ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha in 2024; á chur i bhfios go láidir gur cheart na cásanna sin a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2017/1939, lena dtarchuirtear iad chuig an údarás breithiúnach náisiúnta atá inniúil chun cásanna coinbhleachta inniúlachtaí idir ionchúisitheoirí náisiúnta a chinneadh, ar choinníoll gur féidir a chinneadh a bheith faoi réir réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais mar a fhoráiltear in Airteagal 42(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/1939 lena n-áirítear Airteagal 267 den CFAE; á athdhearbhú, toisc nach féidir cinneadh an údaráis náisiúnta maidir leis an gcoinbhleacht inniúlachta a bheith faoi réir réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil easpa soiléireachta dlíthiúla sa staid reatha; ag spreagadh na mBallstát atá in amhras faoi inniúlacht OIPE réamhcheist a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE agus Airteagal 42(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/1939;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir OIPE costais ábhartha ‘Acadamh OIPE’ chun feidhme agus gur chumhdaigh sé iad in 2024, a eagraíodh in éineacht leis an Guardia di Finanza san Iodáil, le dhá chúrsa idirnáisiúnta ar an láthair de choicís do 49 imscrúdaitheoir; á thabhairt faoi deara go ndearnadh oiliúint thiomnaithe ar oifigigh forfheidhmithe dlí i roinnt Ballstát maidir le réimsí coireachta laistigh de shainordú OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an tionscadal oiliúna luachmhar sin agus maoiniú a áirithiú dó; á thabhairt dá haire gur sheol na hIonchúisitheoirí Eorpacha agus EDPanna tuilleadh gníomhaíochtaí feasachta in 2024 ar leibhéal díláraithe agus lárnach do pháirtithe leasmhara náisiúnta, agus toscaireachtaí ó na breithiúna, ó ionchúiseamh agus ó fhorfheidhmiú an dlí á n-óstáil acu go mion minic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na gcásanna a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nach ndáiltear ar bhealach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát a bhfuil eisíocaíochtaí tábhachtacha faighte acu cheana féin; á chur i bhfáth go bhféadfadh dáileadh neamhchothrom cásanna a bheith mar thoradh ar leordhóthanacht mhíchothrom chórais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát, nó ar éifeachtacht fho-optamach na n-iarrachtaí braite agus na gcleachtas tuairiscithe teimhneach; á chur i bhfios go n-eascraíonn acmhainní STA as buiséad an Aontais agus go bhfuil a gcosaint faoi shainchúram OIPE, agus dá bhrí sin ag spreagadh an Choimisiúin agus comhlachtaí agus údaráis eile de chuid an Aontais chun na hiarrachtaí braite a mhéadú agus gach cás ábhartha ina leith sin a thuairisciú do OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á chur i bhfios gur dócha go dtiocfaidh méadú ar an líon mór cásanna gníomhacha a bhaineann le cistí STA amach anseo le méadú ar dhéine na n-eisíocaíochtaí ag druidim le dáta na conclúide, agus á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach comhar agus comhordú a threisiú i measc na n-údarás ábhartha, go háirithe leis an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta, chun an sásra faireacháin agus rialaithe a neartú trí anailís a dhéanamh ar na cásanna calaoise arna n-imscrúdú ag OIPE agus chun aon bhearnaí rialaithe nó patrúin chalaoise a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar mhaoirseacht nó ar easnamh agus chun aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin na mbeart laghdaithe agus téarnaimh a tugadh isteach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir ón gCoimisiún maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh an 22 Iúil 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici comhaontú an Choláiste maidir leis na socruithe oibre i ndáil le comhar le coimisiún frithéillithe na Séiséal agus le hOifig an Ionchúisitheora Ghinearálta i bPrionsacht Andóra agus tabhairt i gcrích na Meabhrán Tuisceana le Leas-Uachtaránacht Sláine an Bhainc Dhomhanda agus le Comhlachas Ibéir-Mheiriceánach na nIonchúisitheoirí Poiblí; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an Socrú Oibre leis an bParlaimint i mí na Samhna 2024, lena mbunaítear socruithe soiléire le haghaidh comhair chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus comhaontú an Choláiste maidir leis na socruithe oibre le SEGS agus maidir leis an athbhreithniú ar iarscríbhinní an chomhaontaithe leis an gCoimisiún agus tús a chur, in 2024 freisin, leis an gcaibidlíocht le haghaidh socrú oibre leis an mBanc Ceannais Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>ag tabhairt dá haire na dianghníomhaíochta a rinne OIPE chun éifeachtacht a cuid imscrúduithe a áirithiú sa chás idirnáisiúnta agus a bhaineann le tríú tíortha; á chur in iúl gur eol di go bhfuil OIPE ina chomhalta nó ina bhreathnóir ar roinnt líonraí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail grúpa Egmont, Líonra GlobE, meitheal ECFE maidir le breabaireacht, Líonra Carin, Líonra Nadal, líonra EACN/Comhpháirtithe Eorpacha in aghaidh na hÉillitheachta, líonra breithiúnach Eorpach, Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le hOibriú na gCoinbhinsiún Eorpach um Chomhar in Ábhair Choiriúla (PC-OC) agus tuilleadh; á thabhairt faoi deara go bhfuil socruithe oibre sínithe ag OIPE le go leor comhpháirtithe; ag aithint dheacrachtaí OIPE idirghabháil éifeachtúil a dhéanamh in éagmais bunús dlí soiléir agus á chur in iúl gur mór aici gur tarchuireadh chuig an gCoimisiún i mí Lúnasa 2023 liosta de thríú tíortha a mheastar a bheith ina dtosaíochtaí chun comhaontuithe a shocrú lena bhféadfaí an comhar a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar iarrataí OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á thabhairt dá haire gur lean OIPE de bheith ag brath ar chonarthaí idirinstitiúideacha agus ar chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse déthaobhacha agus ag deireadh 2024, go raibh 86 chomhaltas ghníomhacha ag OIPE i gcreatchonarthaí idirinstitiúideacha agus 23 chomhaontuithe leibhéal seirbhíse nó comhaontuithe eile le riarachán poiblí an Aontais, d’fhonn earraí agus seirbhísí a cheannach ar chostas níos ísle nó coigilteas buiséadach ó na hionstraimí conarthacha atá i bhfeidhm a uasmhéadú, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne in OIPE; á thabhairt dá haire go leanann an Danmhairg de rogha an diúltaithe ó OIPE a fheidhmiú faoi Phrótacail Uimh. 21 agus 22 CFAE; á chur in iúl gur eol di, tar éis léiriú tosaigh ó rialtas na hÉireann maidir lena rannpháirtíocht fhéideartha sa chomhar feabhsaithe, gur bhunaigh OIPE meitheal thiomnaithe ina bhfuil ionadaithe ó sheirbhísí ábhartha OIPE chun gach gné den rannpháirtíocht a chumhdach agus chun gabháil leis na húdaráis náisiúnta sa phróiseas; á thabhairt faoi deara gur eagraíodh roinnt cruinnithe neamhfhoirmiúla cheana féin arna iarraidh sin don Bhallstát chun feidhmiú OIPE a mhíniú; á thabhairt dá haire, áfach, nár tharla aon mhalartuithe oifigiúla in 2024 le meitheal idirghníomhaireachta na hÉireann a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhéideartha na hÉireann in OIPE amach anseo; ag tathant ar an gCoimisiún, ar OIPE agus ar údaráis na hÉireann idirphlé cuiditheach a athsheoladh agus teacht ar bhealach éifeachtach chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gurb í an Ungáir an t-aon Bhallstát eile nár tháinig isteach in OIPE go fóill, in ainneoin nach bhfuil aon bhac dlíthiúil ná bunreachtúil ann; ag tathant go láidir ar rialtas na hUngáire a bheith rannpháirteach in OIPE gan a thuilleadh moille; á mheas nach féidir neamh-rannpháirtíocht leanúnach a léirmhíniú ach amháin mar iarracht d’aon ghnó chun éilliú agus mí-úsáid chistí an Aontais a chosaint ar ghrinnscrúdú neamhspleách Eorpach; á chreidiúint go bhfreagródh aontachas na tíre le OIPE ar deireadh d’éilimh sheanbhunaithe dhlisteanacha na sochaí sibhialta agus na saoránach chun feabhas a chur ar na coimircí dlíthiúla i gcoinne na calaoise, an éillithe agus mí-iompar tromchúiseach eile, agus chun muinín a athbhunú i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, a bhfuil an bonn á bhaint díobh faoi láthair ag easnaimh leanúnacha san fhorfheidhmiú agus a lagaíonn tionchar dearfach bheartais an Aontais atá beartaithe chun tacú leis an bhfás, leis an gcomhtháthú agus leis an bhfolláine i measc shaoránaigh na hUngáire, FBManna, údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag meabhrú na n-iarrachtaí éagsúla atá déanta ag rialtas na hUngáire spiaireacht chórasach a dhéanamh i gcoinne fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh agus OLAF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á chur i bhfáth go gcruthaíonn aon easpa comhair le OIPE ó aon cheann de na Ballstáit nideoga díolúine agus pribhléide a lagaíonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud a fhágann go bhfuil sé míchothrom agus neamhéifeachtúil agus ag tathant ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcoinne aon Bhallstáit a chuireann bac córasach ar imscrúduithe faoi stiúir OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas, agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1). http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, á chur i bhfeidhm, go bhféadfadh neamh-rannpháirtíocht in OIPE a bheith ina bhagairt ar leasanna airgeadais an Aontais agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéil chomhair na mBallstát le OIPE; ar an gcaoi sin, á chur in iúl gur oth léi na cásanna, a tuairiscíodh in 2024, ina raibh imscrúdaitheoirí OLAF agus OIPE neamhchosanta ar bhagairtí ó rialtais Ballstát agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu ar an láthair; á chur i bhfáth go mbaineann cásanna den sórt sin an bonn den smacht reachta, gur sárú tromchúiseach iad ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhar dílis i measc na mBallstát agus institiúidí an Aontais, agus go lagaíonn siad gníomhaíochtaí an Aontais, agus á iarraidh go mbunófaí bearta láidre coisctheacha agus cosanta chun foireann a chosaint i gcás ina n-imscartar iad i gcásanna a chuireann i mbaol iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do ghníomhaíochtaí OIPE rannchuidiú le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus go bhfuiltear ag dréim leis go n-aisghabhfar méideanna arna n-eisíoc ó bhuiséad an Aontais nár úsáideadh chun na críche a beartaíodh dóibh mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla mar thoradh orthu; á thabhairt faoi deara gur faoi na húdaráis náisiúnta atá an próiseas coigistíochta, lena gceadaítear na méideanna sin a aisghabháil, agus gur cheart na méideanna coigistithe ábhartha, nó luach na sócmhainní ábhartha, a eascraíonn as bearta arna nglacadh ag ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha sna Ballstáit, a fháil ar ais i mbuiséad an Aontais, tar éis asbhaint na gcostas arna dtabhú ag údaráis na mBallstát chun na bearta sin a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 2017/1939 ina dtagraítear do shócmhainní nó d’fháltais atá le diúscairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme gan dochar do chearta an Aontais nó d’íospartaigh eile atá le cúiteamh as damáiste a d’fhulaing siad; á mheabhrú gur mhol an Coiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint go ndéanfaí an t-ioncam a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhearta a urghabháil agus a choigistiú a chur san áireamh i mbuiséad an Aontais mar ioncam neamhshannta, faoi líne bhuiséid ar leithligh arna cruthú le leasú buiséadach; á chur in iúl gur mór aici tiomantas OIPE dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun tacú le haon iarrachtaí arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme an mhéid thuas a áirithiú; á mheas gur gá Airteagal 38 a leasú chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go héifeachtach agus faireachán a dhéanamh air, chun cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú agus á iarraidh ar an gCoimisiún na socruithe is gá a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha chun go mbeidh na méideanna sin in ann teacht isteach i mbuiséad an Aontais agus na réitigh reachtacha is gá a mholadh chun é a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faireachán agus tuairisciú córasach a dhéanamh ar an obair leantach ar an imscrúdú agus ar an ionchúiseamh agus aird ar leith á tabhairt ar na bearta airgeadais arna nglacadh (coigistiú agus téarnamh) chun tuiscint níos soiléire a fháil ar thionchar ghníomhaíochtaí OIPE; á thabhairt faoi deara go ndeachaigh OIPE agus an Coimisiún i mbun a dteachtaireachtaí a chuíchóiriú agus iad a dhéanamh leormhaith i ndáil leis an bhféidearthacht bearta a ghlacadh chun buiséad an Aontais a ndéanann coireanna airgeadais difear dó a athbhunú; á áitiú go bhfuil an Coimisiún le cúnamh a thabhairt do OIPE faireachán agus obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí OIPE, chun cosc a chur ar acmhainní teoranta OIPE a atreorú ó chúraimí imscrúdaitheacha agus ionchúisimh; á chreidiúint gur rannchuidiú bunriachtanach é grinnscrúdú na Parlaiminte ar an obair leantach riaracháin ar a himscrúduithe coiriúla chun éifeachtúlacht ailtireacht frithchalaoise an Aontais a fheabhsú; ag spreagadh an Choimisiúin, chomh maith le comhpháirteanna uile an ollstruchtúir frithchalaoise, teacht ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéantar agus tuairisciú a dhéanamh ar a dtoradh deiridh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag aisghabháil sócmhainní agus a éifeacht dhíspreagthach ar an gcoireacht eagraithe; á thabhairt faoi deara gur cheart go bhfeabhsódh rannpháirtíocht OIPE i líonraí idirnáisiúnta éifeachtacht na n-oibríochtaí aisghabhála sócmhainní; á athdhearbhú gur cheart coigilteas suntasach do bhuiséid an Aontais agus na mBallstát a bheith mar thoradh ar choireanna airgeadais a imscrúdú agus a ionchúiseamh go tráthúil agus go héifeachtach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an iliomad feabhsuithe ar chumarsáid inmheánach agus sheachtrach OIPE in 2024, go háirithe na seisiúin faisnéise maidir le frithchiapadh agus sceithireacht agus tionscnaimh múscailte feasachta eile maidir le creat eiticiúil OIPE, atá fós á bhforbairt; á chur in iúl gur geal léi an rannchuidiú le malartuithe tuairimí na Parlaiminte a rinneadh ag díospóireachtaí éagsúla Choiste na Parlaiminte, go príomha ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach (an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an Coiste um Rialú Buiséadach, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, an Fochoiste um Chúrsaí Cánach);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil teorainn le leibhéal acmhainní OIPE atá dírithe ar chumarsáid, agus, i bhfianaise an ghá atá le neamhspleáchas digiteach OIPE a bhunú, gur tugadh bainistiú shuíomh gréasáin OIPE go hinmheánach, lena n-éilítear acmhainní breise, tar éis d’Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha scor den tseirbhís sin a sholáthar; á thabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad do ghníomhaíochtaí cumarsáide poiblí agus cur chun cinn in 2024 agus EUR 235 382 agus gur úsáideadh é go léir, go háirithe chun ceadúnais faireacháin ar na meáin a fháil agus le haghaidh tionscnaimh chumarsáide eile agus chun foilseacháin a aistriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil straitéis OIPE maidir leis na meáin shóisialta ceaptha chun díriú go héifeachtach ar phobail éagsúla, lena n-áirítear iriseoirí, páirtithe institiúideacha leasmhara, gairmithe dlí agus forfheidhmithe dlí, an saol acadúil agus an pobal i gcoitinne trí theachtaireachtaí a chur in oiriúint dá riachtanais; á thabhairt faoi deara gurb é príomhsprioc láithreacht OIPE ar na meáin shóisialta muinín a chothú trí infheictheacht a fheabhsú; ag athdhearbhú a hiarrata ar OIPE an chothromaíocht is fearr is féidir a bhaint amach go soiléir idir trédhearcacht agus leas an phobail ar thaobh amháin agus rúndacht agus seoladh cuí an imscrúdaithe ar an taobh eile, agus neodracht a chuid teachtaireachtaí faoina ghníomhaíochtaí a áirithiú; ag spreagadh OIPE teachtaireacht shuaimhneach a thabhairt maidir le gné oibríochtúil luachanna agus phrionsabail an Aontais, atá leabaithe sa neamhspleáchas agus i gcomhlíonadh an dlí, arna gcur i bhfeidhm le trédhearcacht agus breithniú; á thabhairt faoi deara go rannchuidíonn cumarsáid éifeachtach OIPE le clú na n-institiúidí i measc na saoránach a threisiú agus le feasacht a mhúscailt i gcáiníocóirí maidir le castacht agus tábhacht chosaint leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir le hiarrachtaí OIPE faisnéis cheart agus intuigthe a chur in iúl maidir leis na cásanna casta a ionchúisítear a bheith ina ndreasacht láidir do shaoránaigh an Aontais mí-iompar a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú do OIPE agus rannchuidiú le rannpháirtíocht mhéadaitheach na sochaí sibhialta a chothú; á chur in iúl gur mór aici tiomantas OIPE feabhas a chur ar an tuiscint ar a chuid oibre i measc iriseoirí, saoránach agus an lucht acadúil trí sheisiúin faisnéise do na meáin i mBallstáit éagsúla, trí chuairteanna staidéir, trí chomhdhálacha, agus trí nuashonruithe rialta agus tuarascálacha garsprice lena gcoimeádtar gach lucht féachana ar an eolas faoi obair agus tionchar OIPE; á chur in iúl go dtuigeann sí nach n-éilítear le híogaireacht na n-ábhar atá faoi imscrúdú, agus leis an ngá atá le toimhde neamhchiontachta an iliomad páirtithe a bhfuil baint acu le cásanna OIPE a chomhlíonadh, preaseisiúintí cruinne agus scaipeadh faisnéise ach amháin nuair a fhíoraítear roimhe sin agus roimh ré le hionchúisitheoirí iad agus in aghaidh ceanglais dhlíthiúla, a d’fhéadfaí a dháileadh trí ríomhphost, trí ardáin ar líne agus trí na meáin shóisialta; á thabhairt faoi deara go gcuireann cumarsáid dhíreach trí na meáin shóisialta deireadh le hateangaireacht tríú páirtí, agus go n-éascaíonn sí teachtaireachtaí OIPE a chur in iúl go cruinn agus go trédhearcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go rachadh cumarsáid straitéiseach fheabhsaithe trí inrochtaineacht fheabhsaithe ar na roghanna tuairiscithe agus á chur in iúl gur geal léi cur chun cinn na rogha tuairiscithe ag OIPE i mbith-chuntais uile chuntais meán sóisialta OIPE agus iarrataí OIPE í a ionchorprú i ngach cur i láthair caighdeánach do lucht féachana seachtrach, do chuairteoirí, agus ag comhdhálacha nó óráidí, nuair is iomchuí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeacht chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh gan an reachtaíocht a vótáladh i bParlaimint na hÚcráine, Verkhovna Rada, a ghlacadh i mí Iúil 2025, rud a lagódh éifeachtacht ghníomhaíochtaí oifig ionchúisitheora speisialaithe frithéillithe na hÚcráine (SAPO) agus an bhiúró náisiúnta frithéillithe (NABU), go háirithe i bhfianaise na gcásanna éillithe ardleibhéil a thuairiscigh na meáin le déanaí ina gcuirtear i bhfios go láidir an gá atá le cur chuige réamhchúraim agus stuama agus iad ag déileáil le cionta éillithe agus a thábhachtaí atá iarrachtaí na hÚcráine chun spriocanna trédhearcachta a shaothrú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chur in iúl gur eol di gur shínigh OIPE trí shocrú oibre le hoifig Ard-Ionchúisitheoir na hÚcráine - PGO, an biúró náisiúnta frith-éillithe - Oifig Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh an Éillithe agus Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe Frith-Éillithe, d’fhonn comhar a éascú in imscrúduithe faoi seach bunaithe ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana; á thabhairt dá haire gur eagraigh OIPE ceithre oiliúint d’ionchúisitheoirí agus d’imscrúdaitheoirí na hÚcráine ó Oifig Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh an Éillithe ina áitreabh in 2024; á mheabhrú, faoi imthosca sonracha, gur féidir le sainchúram OIPE cistí an Aontais a chumhdach fiú nuair a úsáidtear iad i dtríú tíortha agus gur féidir leis freisin imchéimniú smachtbhannaí an Aontais a chumhdach a mhéid a thagann siad faoi shainordú reatha OIPE lena mbaineann dochar a d’fhéadfadh a bheith ann do leasanna airgeadais an Aontais trí chustaim nó dleachtanna a sheachaint; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil brath agus tuairisciú calaoise ag na húdaráis ábhartha fós ina réamhriachtanas ríthábhachtach d’aon chomhar breise agus go dtabharfaidh an malartú saineolais a sheolfar leis an tairiscint oiliúna tuilleadh cúnaimh d’údaráis na hÚcráine ina n-iarrachtaí braite maidir le calaois a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le cistí an Aontais; á chur in iúl gur mór aici infhaighteacht OIPE chun dlús a chur leis an gcomhar trí thascfhórsaí tiomnaithe a bhunú le húdaráis na hÚcráine chun imscrúduithe a chomhordú i gcás inar gá i bhfianaise mhéid agus raon feidhme na coireachta a tuairiscíodh.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dócha go nginfidh méid méadaitheach thacaíocht airgeadais an Aontais don Úcráin, lena n-áirítear faoin tSaoráid don Úcráin, éilimh imscrúdaitheacha bhreise ar OIPE sna blianta amach romhainn; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na dúshláin sin a réamh-mheas trí fhoireann leordhóthanach, bonneagar digiteach slán agus creataí comhair treisithe, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus tacaíocht éifeachtach á tabhairt don Úcráin ag an am céanna.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>