<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0145</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha: iarratas EGF/2025/008 BE/Liberty - an Bheilg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0084/2026 -  Rapóirtéir: Matthias Ecke)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/008 BE/Liberty (COM(2026)0004 – C10-0062/2026 – 2026/0066(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0004 – C10‑0062/20266),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (‘Rialachán CAI’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0084/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórimeachtaí agus mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart an tacaíocht a dhíriú ar athimeascadh tapa oibrithe agus a áirithiú go dtabharfaidh oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint scileanna níos fearr d’oibrithe atá ailínithe le riachtanais mhargadh an tsaothair;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Bheilg iarratas EGF/2025/008 BE/Liberty chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED i ndiaidh 507 n-iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> in Liberty Galaţi Belgian Branch (Liberty), san earnáil eacnamaíoch arna rangú faoi rannán 24 den Dara hAthbhreithniú ar NACE (Monarú miotal bunúsach) i réigiún Chúige Liège (BE33), an Vallúin, laistigh de thréimhse thagartha ón 24 Aibreán 2025 go dtí an 24 Lúnasa 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfí de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó daoine féinfhostaithe ar a laghad le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur dhearbhaigh Cúirt Tráchtála Liège Liberty a bheith ina fhéimheach an 22 Aibreán 2025; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar fhéimheachtaí sa Bheilg ó bhí 2022 ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú náisiúnta na mbeart á soláthar ag Réigiún na Vallúine agus ag Le Forem;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa sa mhargadh saothair agus oiliúint scileanna á tairiscint dóibh chun an rochtain atá acu ar an margadh saothair a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018)<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán CAI.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CED agus go háirithe in Airteagal 4(2), pointe (a) de, comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 2 033 869 a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 2 392 788, a chuimsíonn EUR 2 358 922 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 33 866 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 13 Samhain 2025, agus, tar éis faisnéis bhreise a fháil ón mBeilg, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an 2 Márta 2026; á chur i bhfáth gur gá an t-am idir iarratas CED a dhéanamh agus an cinneadh maoiniúcháin a ghiorrú, agus cearta buiséadacha Pharlaimint na hEorpa á gcosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 507 dtairbhí spriocdhírithe, ar chuir an chuideachta Liberty ar iomarcaíocht iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh blianta de dheacrachtaí airgeadais ag Liberty sular dearbhaíodh féimheacht mar gheall ar dhálaí díobhálacha sa mhargadh cruach, suaitheadh sa slabhra soláthair a bhain le COVID-19, agus praghsanna arda fuinnimh tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine chomh maith le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus imscaradh neamhleor foinsí fuinnimh níos saoire; ag tabhairt dá haire go bhfuil línte galbhánaithe Liberty Steel Liège díomhaoin ó mhí na Nollag 2021, go príomha mar gheall ar easpa amhábhar, rud a spreag oibríocht athstruchtúraithe as ar eascair a aistriú dlíthiúil chuig Liberty Galaţi in 2023; á chur in iúl gur oth léi nár atosaíodh an ghníomhaíocht táirgthe in ainneoin an táthcheangail agus gurbh í an fhéimheacht an toradh a bhí uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil na deacrachtaí a bhí os comhair Liberty Steel nasctha freisin le tosca cuideachta-shonracha i ndiaidh a éadála ag GFG Alliance ó ArcelorMittal; á chur i bhfáth gur cúis mhór bhuartha di inbhuanaitheacht airgeadais na samhla gnó agus an mhainneachtain gealltanais infheistíochta a chomhlíonadh, rud a chuir le meathlú staid eacnamaíoch an ghléasra agus leis na hiomarcaíochtaí a d’eascair as sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhulaing réigiún na Vallúine próiseas díthionsclaithe agus claochlaithe eacnamaíoch<FOOTNOTE><FIELD> Banc Náisiúnta na Beilge. Athbhreithniú Eacnamaíoch 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire go bhfuil féimheacht Liberty ina mórshuaitheadh sóisialta don Vallúin, réigiún a bhfuil a mhargadh saothair lagaithe cheana féin ag teagmhais athstruchtúrúcháin eile; á chur i bhfáth go bhfuil an earnáil cruach fós ina hearnáil eacnamaíoch thábhachtach don Bheilg, agus go bhfuil cóimheas na bpost cruach in aghaidh an áitritheora fós ard; á iarraidh ar údaráis na Beilge tacaíocht shonrach a sholáthar do na próifílí sin chun cuidiú le hoibrithe scileanna riachtanacha a fhorbairt tuilleadh chun poist nua ardcháilíochta a aimsiú, agus bearta á nglacadh chun féimheachtaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sóisialta as a dtagann eisiamh lucht saothair; ag cur béim ar an bhfíoras go gcoinníonn an tAontas timpeallacht atá fabhrach do lucht gnó, lena ndéantar fás eacnamaíoch a ghiaráil, nuálaíocht a chur chun cinn, tacú le forbairt theicneolaíoch, iomaíochas a neartú agus ualaí rialála nach bhfuil gá leo a laghdú agus nósanna imeachta maorlathacha a shimpliú agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartais lena gcothaítear iomaíochas tionsclaíoch, comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta agus forbairt réigiúnach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá earnáil cruach Eorpach iomaíoch agus athléimneach mar bhonn do thionscal láidir ardcháilíochta agus do cholún lárnach d’uathriail straitéiseach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil duine as gach ceathrar cuardaitheoirí poist cláraithe sa Vallúin os cionn 50 bliain d’aois agus go bhfuil bacainní níos mó rompu maidir le dul isteach arís sa mhargadh saothair; ag tabhairt dá haire, in ainneoin a n-ardspeisialtóireachta, go bhfuil dúshláin roimh aistrithe poist oibrithe Liberty mar gheall ar a n-aois níos sine (tá 52 % de na hoibrithe 55 bliana d’aois nó níos sine); ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéal íseal oideachais ag 69 % de na hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na ceardchumainn agus le húdaráis réigiúnacha, gurb iad na bearta seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: socrúchán seachtrach agus gairmthreoir; oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, lena n-áirítear scileanna TF; tacaíocht maidir le gnólacht a chruthú; rannchuidiú le gnólachtaí nuathionscanta; dreasachtaí agus liúntais eile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé infheistíocht sa nuálaíocht, i scileanna agus i nuachóiriú tionsclaíoch a neartú chun iomaíochas thionscal na hEorpa a threisiú agus chun a áirithiú go mbeidh oibrithe ullamh do riachtanais athraitheacha mhargadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú, lena neartaítear iomaíochas, lena gcothaítear claochlú digiteach, agus lena gcomhlíontar éilimh mhargadh an tsaothair, chun athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú; á mheas, dá bhrí sin, gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó ar gach leibhéal polaitiúil chun a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a ndéantar difear dóibh deiseanna leormhaithe i gcomhréir lena gcáilíochtaí agus lena scileanna; á thabhairt chun suntais thairis sin gur ionstraim dlúthpháirtíochta agus aistrithe chóir é CED agus nach mór gurb é príomhchúram an Aontais ná dúnadh mar sin a chosc i dtosach báire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a neartú agus infheistíocht in earnálacha straitéiseacha tionsclaíocha a chur chun cinn, chun tuilleadh díthionsclaithe agus leagan as foirne a chosc, agus chun tacú le cruthú post; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le haistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, in éineacht le bearta eile chun praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áiritheoidh údaráis na Beilge infheictheacht an chistithe ón Aontas agus go leagfaidh siad béim ar a bhreisluach trí fhaisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a chur ar fáil do thairbhithe, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus don phobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireachtaí deiridh críochnúla in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir agus thrédhearcach faoin gcaoi ar úsáideadh cistí, ath-imeascadh oibrithe sa mhargadh saothair, agus cibé ar baineadh amach nó nár baineadh amach cuspóirí CED; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé faireachán rialta a dhéanamh ar na bearta arna maoiniú ag CED chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Meitheamh 2025 agus gurb ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 22 Aibreán 2025 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug údaráis na Beilge dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar údaráis phoiblí nó ar chuideachtaí faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna; á mheabhrú gur sásra teoranta, spriocdhírithe agus comhlántach é CED agus nach féidir é a chur in ionad beartais eacnamaíocha struchtúracha, a thagann go príomha faoi inniúlachtaí na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/008 BE/Liberty</STRING></STI>
<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2026/1134)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>