<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0146</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2024 agus 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0042/2026 -  Rapóirtéir: Anna Strolenberg)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2024 agus 2025 (2025/2135(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Cearta Íospartach), don togra ón gCoimisiún an 12 Iúil 2023 le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach (COM(2023)0424) agus an comhaontú ar thángthas air maidir leis an gcomhaontú sealadach a d’eascair as an gcaibidlíocht idirinstitiúideach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(an Treoir Frith-SLAPP),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 138, 17.5.2022, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/758/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 6.12.2008, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2008/913/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 2 Iúil 2008 le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh (COM(2008)0426) (an Treoir Chothrománach maidir le Frith-Idirdhealú), mar a d’athdhearbhaigh an Coimisiún i mí Iúil 2025 tar éis an fhógra níos luaithe uaidh maidir le tarraingt siar, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil stádas ar feitheamh aige sa Chomhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar bhunús ciníoch nó eitneach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 180, 19.7.2000, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis an Aontais um chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 (COM(2020)0698), do straitéis um chomhionannas inscne 2020-2025 (COM(2020)0152), don straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 (COM(2021)0101), do phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025 (COM(2020)0565), do chreat straitéiseach an Aontais le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030 (COM(2020)0620), agus don fhógra ón gCoimisiún iad a nuashonrú agus a neartú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas LGBTIQ, 2026-2030,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis AE chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha (COM(2020)0711) agus tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin a neartú, go háirithe Tuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Cistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú (COM(2024)0456),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021‑2030) (COM(2021)0615),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis nua an Aontais maidir le frithchiníochas 2026-2030,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireachtaí ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 dar teideal ‘Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024 – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2024)0800) agus an 8 Iúil 2025 dar teideal ‘Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2025 – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2025)0900), agus do na 27 gCaibidil Tíre atá i gceangal leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097), ina leagtar amach fís fhadtéarmach chun comhionannas inscne a bhaint amach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonarthaí agus ionstraimí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, go háirithe an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, do mholtaí agus tuarascálacha Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe agus do chásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine, lena n-áirítear sainordú Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh (A/HRC/RES/49/5),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh Rec(2006)2 ó Choiste na nAirí chuig Ballstáit Chomhairle na hEorpa maidir le Rialacha Phríosúin na hEorpa an 11 Eanáir 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 34ú Tuarascáil Ghinearálta ó Choiste Eorpach Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc ó mhí Aibreáin 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD) a dhaingnigh an tAontas Eorpach an 23 Nollaig 2010 agus a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann, don Phrótacal Roghnach a ghabhann le CRPD atá daingnithe ag 22 Bhallstát, chomh maith leis na Barúlacha Ginearálta maidir le CRPD agus barúlacha Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí agus do na tuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí um Shaoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR), lena n-áirítear cásdlí maidir le coinneáil réamhthrialach, amhail <STRING ITALIC="on">Letellier v. an Fhrainc </STRING>(1991), <STRING ITALIC="on">Ilijkov v. an Bhulgáir</STRING> (2001) agus <STRING ITALIC="on">Buzadji v. an Mholdóiv </STRING>(2016), agus do thuarascálacha bliantúla Choiste na nAirí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar a bhforghníomhú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí, na tuairimí, na tuarascálacha agus na rúin ó Chomhairle na hEorpa, go háirithe ó Choimisiún na Veinéise, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI), ón nGrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (GREVIO), ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO), ón gCoiste Stiúrthaar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choiste Eorpach ar Chearta Sóisialta agus ó chomhlachtaí eile de chuid Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis, na moltaí, na tuarascálacha agus na cuairteanna tíre ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, lena n-áirítear a thuarascáil an 4 Meán Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Externalised asylum and migration policies and human rights law’</STRING> [Beartais sheachtracha tearmainn agus imirce agus an dlí um chearta an duine],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Ardán Chomhairle na hEorpa um Shábháilteacht Iriseoirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), a dhaingnigh an tAontas Eorpach an 28 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa de chuid Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus dá Phlean Gníomhaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/480 uaithi an 10 Márta 2022 maidir le coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, agus lena sainítear ábhar an fhiosrúcháin, mar aon le freagrachtaí, líon comhaltaí agus téarma oifige an choiste<FOOTNOTE><FIELD> IO L 98, 25.3.2022, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/480/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, na rúin agus na moltaí a ghlac sí ar bhonn obair an Choiste maidir le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (PEGA), agus go háirithe a mholadh an 15 Meitheamh 2023 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/494, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha, tuairimí agus moltaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha, suirbhéanna agus tuairimí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), go háirithe a Tuarascáil maidir le Cearta Bunúsacha 2024 agus a Tuarascáil maidir le Cearta Bunúsacha 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi maidir le tuarascálacha an Choimisiúin ar an smacht reachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi maidir le Ballstáit shonracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme Straitéis AE um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6340, 7.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6340/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 i dtreo cearta comhionanna do dhaoine faoi mhíchumas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Samhain 2022 maidir le ceartas ciníoch, neamh-idirdhealú agus frithchiníochas san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 161, 5.5.2023, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Nollaig 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a chomhrac: cibearfhoréigean<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le liosta choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chumhdach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5733, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5733/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra an Aontais um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0042/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil cúlú daonlathach á thabhairt faoi deara i roinnt Ballstát, agus go bhfuil dúshláin roimh Bhallstáit eile freisin, ar dúshláin iad a dhéanann difear do chaighdeáin dhaonlathacha; de bhrí gur saintréithe imníocha den treocht sin iad meath an smachta reachta, an easpa neamhspleáchais bhreithiúnaigh, an easpa iarrachtaí frithéillithe agus an easpa cosanta ar chearta bunúsacha, lagú na srianta agus na gceartúchán daonlathach, agus ionstraimiú na norm bunreachtúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na comhluachanna, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, maidir le hurraim do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus don urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad; de bhrí gur luachanna iad sin atá leabaithe sa Chairt agus i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine; de bhrí gur cuid de dhlí príomha an Aontais í an Chairt; de bhrí gur oibleagáid leanúnach í urraim do na luachanna sin do na Ballstáit uile tar éis aontachas AE, agus gur réamhchoinníoll é chun leas a bhaint as cearta agus tairbhí uile an Chonartha a eascraíonn as ballraíocht AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur luachanna a threisíonn a chéile iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, ar bagairt shistéamach iad, nuair a bhaintear an bonn díobh, ar chearta agus ar shaoirsí na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas; de bhrí gur tacar tábhachtach ionstraimí é bosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta atá ann cheana chun luachanna an Aontais in Airteagal 2 CAE a chaomhnú; de bhrí go bhfuil gá i gcónaí lena gcur chun feidhme iomlán agus comhsheasmhach, mar aon le faireachán rialta agus gníomhaíochtaí leantacha, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin shistéamacha don smacht reachta ar fud an Aontais agus chun iad a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur gné bhunriachtanach é cur chun feidhme éifeachtach bhreithiúnais CBAE agus ECtHR chun cearta bunúsacha a choimirciú agus chun an smacht reachta a chaomhnú laistigh den Aontas; de bhrí go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn den mhuinín as an gcóras Eorpach um chearta an duine mar gheall ar mhoilleanna nó mainneachtainí athfhillteacha breithiúnais dá leithéid a chur chun feidhme; de bhrí go bhféadfadh an breithiúnas atá ar feitheamh i gcás C-769/22, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Ungáir</STRING>, Airteagal 2 CAE a bhunú mar bhunús dlí uathrialach, rud a neartódh nósanna imeachta um shárú ina leith sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, de bharr an dul chun cinn teoranta sa nós imeachta leanúnach maidir le hAirteagal 7(1) CAE i gcoinne na hUngáire, go gcuirtear i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis na próisis atá ann cheana agus iad a neartú; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach torthaí nithiúla agus tráthúla a bhaint amach chun cosaint na gceart bunúsach agus inchreidteacht thiomantas an Aontais do na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur cúis mhór imní i gcónaí é an t-éilliú, ós rud é go lagaíonn sé an chuntasacht dhaonlathach, gur bagairt thromchúiseach é ar an dea-rialachas agus go gcreimtear muinín na saoránach as institiúidí dá bharr, rud a bhaineann an bonn de luachanna AE a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, mar a chuirtear i dtábhacht go comhsheasmhach i dtuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn an t-éilliú nasctha le creimeadh institiúidí daonlathacha agus go mbaineann an choireacht eagraithe leas as chun dul i gcion ar an bpolaitíocht agus ar an geilleagar agus chun na próisis dhaonlathacha a shaobhadh agus airgead aindleathach a sciúradh; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha frithéillithe, ceannaireacht pholaitiúil eiticiúil, maoirseacht neamhspleách láidir agus tiomantas láidir don trédhearcacht, don chuntasacht agus do chosaint na gcroíluachanna daonlathacha chun muinín a athbhunú ar gach leibhéal den tsochaí, lena n-áirítear sa bhreithiúnacht agus i bhforfheidhmiú an dlí;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur bagairt thromchúiseach í an choireacht eagraithe ar chearta bunúsacha agus ar fheidhmiú an smachta reachta i roinnt Ballstát; de bhrí gur léirigh taithí roinnt Ballstát a éifeachtaí atá sásraí coisctheacha sonracha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar an gcoireacht eagraithe a bheith á hinsíothlú isteach sa soláthar poiblí agus bainistiú cistí Eorpacha tríd an oibleagáid maidir le réamhsheiceálacha coisctheacha frith-mhaifia a dhéanamh roimh rochtain a fháil ar dheontais phoiblí agus ar lamháltais; de bhrí go gcabhródh tabhairt isteach sásraí coisctheacha den sórt sin ar an leibhéal Eorpach le sláine chistí an Aontais a chosaint, le cearta bunúsacha na bpobal a ndéanann an choireacht eagraithe difear dóibh a chaomhnú agus le muinín na saoránach as institiúidí poiblí a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, ina thuarascáil bhliantúil, gur leag GRECO béim ar ábhair imní atá i roinnt Ballstát, go háirithe maidir le heaspa trédhearcachta sa phróiseas reachtóireachta, creat láidir chun coinbhleachtaí leasa a chosc, cód iompair do chomhaltaí rialtais agus d’oifigigh phoiblí, rochtain ar fhaisnéis maidir le hathchóirithe dlí, agus creataí frithéillithe agus ionracais a neartú laistigh de ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí; de bhrí, ina staidéar ar scrúdú ar dhaoine a bhfuil príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí acu, gur chuir GRECO i bhfios go láidir go bhfuil fadhbanna fós ag baint leis an easpa seiceálacha ionracais maidir leis na príomhfheidhmeannaigh i rialtais agus le saincheisteanna a bhaineann le hearcú agus gairm pearsanra forfheidhmithe dlí, go háirithe i gcás poist ardbhainistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil easpa cosanta leordhóthanaí ann do sceithirí ar fud an Aontais; de bhrí nach ndearna roinnt Ballstát an Treoir maidir le Sceithirí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj).</FIELD></FOOTNOTE><FOOTNOTE><FIELD> https://commission.europa.eu/document/download/7cc63350-88c9-4c0b-a46e-04fc11e673e7_en?filename=COM_2024_269_1_EN_ACT_part1_v6.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> a thrasuí go hiomlán ná i gceart go fóill; de bhrí, le linn 2024 agus 2025, gur chuir CBAE smachtbhannaí ar shé Bhallstát<FOOTNOTE><FIELD> an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, Lucsamburg, an Ungáir agus an Pholainn; Breithiúnais CBAE i gcásanna C-147/23, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pholainn</STRING>; C-149/23, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Ghearmáin</STRING>; C-150/23, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">Lucsamburg</STRING>; C-152/23, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">Poblacht na Seice</STRING>; C-154/23, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Eastóin</STRING>; agus C-155/23, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Ungáir</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE> as mainneachtain an Treoir maidir le Sceithirí a thrasuí; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag sceithirí maidir le héagóir a bhrath agus a thuairisciú agus maidir le cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht a neartú, agus gur cheart cosaint na sceithirí a ráthú agus a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine nach mór coinneáil réamhthrialach a bheith ina beart eisceachtúil i gcónaí agus nach gcuirfear i bhfeidhm í ach amháin nuair a bheidh géarghá léi agus nuair a bheidh údar cuí léi ar fhorais ábhartha agus leordhóthanacha; de bhrí go mbaineann mí-úsáid coinneála réamhthrialaí an bonn den cheart chun saoirse, de thoimhde na neamhchiontachta agus de chothroime fhoriomlán na gcóras ceartais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil saoirse na meán ar fud an Aontais fós faoi bhagairt i roinnt Ballstát, mar a léirítear sa Tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, ina n-eisítear moltaí do roinnt Ballstát i ndáil le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le neamhspleáchas na meán, brú polaitiúil agus marthanacht na n-ionsaithe i gcoinne shaoirse an phreasa, lena n-áirítear SLAPPanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go léiríonn an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin (MPM) go bhfuil meath tagtha ar dhálaí oibre d’iriseoirí, lena n-áirítear foréigean, ciapadh agus imeaglú, comhchruinniú méadaitheach d’úinéireacht na meán agus tionchar na n-ardán digiteach agus srianta buiséid; de bhrí go bhfuil gá fós le coimircí breise, lena n-áirítear rialtóirí neamhspleácha, trédhearcacht úinéireacht na meán, cosaint ar chur isteach polaitiúil agus rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis agus ar shlándáil d’iriseoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go léirítear i measúnú bliantúil 2025 Chomhairle na hEorpa ar shaoirse an phreasa san Eoraip gur bagairtí atá ag dul i méid ar fud an Aontais iad gabháil na meán, easpa neamhspleáchais na meán seirbhíse poiblí agus feachtais bhréagaisnéise arna nginiúint ag IS, rud atá ina riosca díreach don daonlathas<FOOTNOTE><FIELD> https://edoc.coe.int/en/media/12123-europe-press-freedom-report-2024-confronting-political-pressure-disinformation-and-the-erosion-of-media-independence.html#.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil caomhnú shaoirse an phreasa agus rochtain an phobail ar iriseoireacht neamhspleách ardcháilíochta a áirithiú ar cheann de phríomhcholúin na sochaí daonlathaí; de bhrí go bhfuil SLAPPanna fós ina mbagairt ar shaoirse na meán; de bhrí gur cheart na coimircí dá bhforáiltear i dTreoir Frith-SLAPP a leathnú chuig cásanna intíre agus coiriúla; de bhrí gur tháinig an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán i bhfeidhm go hiomlán an 8 Lúnasa 2025; de bhrí, i roinnt Ballstát, go raibh iriseoirí agus oibrithe sna meáin faoi réir feachtais chlúmhillte pholaitiúla, díspeagadh poiblí agus iarrachtaí réamhbheartaithe chun míchlú a tharraingt ar a gcuid oibre, agus gur minic a bhíonn caingne agus bagairtí dlí mí-úsáideacha, brú, ciapadh agus foréigean ag gabháil leo, rud a chruthaíonn eagla agus féinchinsireacht a bhaineann an bonn de cheart an phobail chun faisnéise;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt iriseoirí agus oibrithe sna meáin i roinnt tíortha thíos le dálaí contúirteacha, easpa acmhainní agus timpeallacht neamhshábháilte, lena n-áirítear ciapadh agus dúshláin dhlíthiúla atá ag dul i méid, agus nach mór dóibh déileáil freisin le dúshláin bhreise lena n-áirítear imeaglú, bagairtí dlíthiúla, cur isteach polaitiúil, rochtain theoranta ar chistiú iontaofa agus laghdú ar iolrachas na meán; de bhrí go mbíonn ar go leor acu aghaidh a thabhairt ar bhagairtí, ionsaithe agus imeaglú le linn a n-imscrúduithe, agus go gcuirtear iallach ar chuid acu maireachtáil faoi chosaint na bpóilíní mar gheall ar bhagairtí leanúnacha báis; de bhrí, de réir thuarascáil MPM 2024, go raibh tionchar díreach ag éiginnteacht na hoibre iriseoireachta ar neamhspleáchas agus ar cháilíocht an tuairiscithe ar fud na hEorpa; de bhrí nach mór d’iriseoirí agus do ghairmithe sna meáin na cearta a theachtadh agus na dualgais a thugtar dóibh de réir a bhfeidhme a ghlacadh orthu féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn bréagaisnéis mar chuid de raon níos leithne bagairtí hibrideacha arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint de rialtais, tíortha nó comhghuaillíochtaí atá bunaithe go daonlathach nó dochar a dhéanamh dóibh; de bhrí go gcuireann scaipeadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, lena n-áirítear feachtais státurraithe agus chomhordaithe ar líne, le polarú, go gcreimeann sé an mhuinín in institiúidí daonlathacha, go gcuireann sé sláine na bpróiseas toghcháin agus na díospóireachta poiblí i mbaol, go bhfuil sé ina bhagairt ar phríomhphrionsabail toghcháin amhail saoirse vótálaithe a dtuairim a fhoirmiú, ar thrédhearcacht, ar chomhionannas deiseanna agus cothroime, agus go méadaítear é le teacht chun cinn na meán sóisialta agus na n-ardán digiteach, rud a chuireann dlús le scaipeadh ábhair bhréagaigh agus chúbláilte;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil cúbláil algartamach ag múnlú tuairimí an phobail níos mó agus níos mó trí insintí bréagacha nó antoisceacha a mhéadú; de bhrí go bhfuil athruithe ar bheartais modhnóireachta inneachair agus ar chleachtais forfheidhmiúcháin ar ardáin mhóra áirithe tar éis an treocht sin a dhoimhniú agus gur léirigh siad imní faoi scaipeadh méadaithe ábhair dhíobhálaigh agus cúblála ar líne; de bhrí gur oscail an Coimisiún imscrúduithe ar roinnt ardán faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> toisc nár rialaigh sé an bhréagaisnéis ná nár chosain sé úsáideoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil grúpaí leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar líne, go bhfuil cúbláil spriocdhírithe, insintí díobhálacha agus litearthacht theoranta sna meáin os a gcomhair; de bhrí go bhfuil daoine óga fós neamhchosanta go háirithe ar chlaontacht algartamach agus ar bholscaireacht gan uirlisí litearthachta digití leormhaithe; de bhrí gur féidir ról dearfach a bheith ag ardáin dhigiteacha freisin maidir le rochtain ar eolas, rannpháirtíocht shibhialta, tógáil pobail, nuálaíocht agus cur chun cinn na gceart bunúsach; de bhrí go bhfuil ról ag claontacht in algartaim agus i samhail ghnó ardáin na meán sóisialta, bunaithe ar fhógraíocht mhicri-spriocdhírithe, maidir leis an bhfuathchaint a scaipeadh agus a mhéadú agus maidir le hidirdhealú a spreagadh, lena n-áirítear ciníochas, fuath ban agus foréigean;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach mór do thionscnaimh AE atá ar na bacáin arb é is aidhm dóibh an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear an Sciath Eorpach don Daonlathas, a bheith go hiomlán comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go gcuireann teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear córais IS, deiseanna suntasacha ar fáil don nuálaíocht, don fhás eacnamaíoch agus do sheirbhísí poiblí feabhsaithe, ach go bhféadfaidís freisin an t-idirdhealú a dhéanamh níos measa agus go gcuiridís leis na neamhionannais atá ann cheana agus go gcruthóidís cineálacha nua claontachta; de bhrí go bhféadfadh ábhair imní a bheith ag baint leo maidir le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus gur cheart go mbeidís faoi réir coimircí dochta agus creataí dlíthiúla soiléire;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil ar leanaí ar fud an Aontais aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim mheabhairshláinte atá ag dul i méid, arb é an tionchar atá ag na teicnící algartamacha nach ndearnadh a sheiceáil is cúis léi, amhail dearadh andúileach agus ionramhála, ‘patrúin dhorcha’ lena mbrúitear leanaí isteach in am scáileáin sínte, agus ábhar díobhálach a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil éifeachtaí diúltacha aige sin ar fhorbairt shláintiúil, ar fholláine mheabhrach agus ar shábháilteacht leanaí; de bhrí nach dtugtar aghaidh leordhóthanach ar chosaint mheabhairshláinte leanaí ar líne le creataí dlíthiúla reatha AE lena rialaítear an timpeallacht ar líne;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le coimircí dochta, trédhearcacht agus maoirseacht dhaonlathach nuair a úsáidtear earraí spiaireachta, teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta agus faireachais chun mí-úsáidí a chosc, cearta bunúsacha a chosaint agus urraim iomlán don phríobháideachas a áirithiú; de bhrí go bhfuil teicneolaíochtaí nua á n-úsáid chun tuartha, próifílí agus measúnuithe riosca a chruthú a dhéanann difear do shaol daoine agus ar féidir leo claontachtaí sóisialta a atáirgeadh; de bhrí go bhféadfadh éifeacht dhiúltach a bheith ag úsáid teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta ar an gceart chun comhthionóil shíochánta agus go bhféadfadh éifeachtaí idirdhealaitheacha a bheith aici; de bhrí go bhfuil an baol ann go mbainfidh cleachtais ollfhaireachais bhithmhéadraigh an bonn de chearta bunúsacha; de bhrí gur sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun príobháideachais agus chun saoirse tuairimí a nochtadh iad na cleachtais sin; de bhrí gur cheart rialáil níos fearr a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nua chun cearta bunúsacha a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí, i gcás iriseoirí, ní hamháin go gcuireann faireachas a sábháilteacht i mbaol ach go scriosann sé rúndacht a bhfoinsí freisin, rud a chuireann cosc orthu i ndáiríre a gcuid oibre a dhéanamh; de bhrí, i gcás fianaise mhéadaitheach agus i gcás foláirimh ag teacht ó chuideachtaí maidir le hoibríochtaí faireachais, gur cheart do na húdaráis náisiúnta faisnéis a sholáthar maidir le raon feidhme, údarú agus cuntasacht na n-oibríochtaí sin, agus gan íospartaigh a fhágáil gan soiléireacht ná sásamh éifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil úsáid fhorleathan á baint, lena n-áirítear ag rialtais, as teicneolaíochtaí spiaireachta i roinnt Ballstát<FOOTNOTE><FIELD> Mar shampla, an Ghréig, an Chipir, an Iodáil, an Ungáir, an Pholainn agus an Spáinn.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur cleachtas mí-úsáideach agus neamhdhaonlathach í úsáid earraí spiaireachta a bhaineann an bonn den smacht reachta agus de chearta bunúsacha inár sochaí, nach bhfuil aon sásamh éifeachtach ann ina leith; de bhrí go bhfuil sé níos deacra ionfhabhtuithe ar earraí spiaireachta a bhrath de bharr an dul chun cinn sa teicneolaíocht agus go bhfuil na hionfhabhtuithe sin i bhfad níos forleithne;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur aimsigh Coiste Fiosrúcháin na Parlaiminte, a rinne imscrúdú ar úsáid Pegasus agus ar earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (PEGA), gur úsáideadh earraí spiaireachta amhail Pegasus, Predator agus Graphite go neamhdhleathach i roinnt Ballstát i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe na sochaí sibhialta, dlíodóirí, pearsana freasúra agus oifigeach; de bhrí gur shainaithin sé sáruithe tromchúiseacha ar phríobháideachas, ar chosaint sonraí agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus gur thug sé rabhadh go bhfuil na cleachtais sin ina mbagairt shistéamach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha san Aontas; de bhrí go bhfuil cur chun feidhme iomlán mholtaí PEGA bunriachtanach chun tuilleadh mí-úsáidí a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur léirigh imscrúduithe iriseoireachta a rinneadh le déanaí go bhféadfadh sé gur leithdháileadh cistí áirithe de chuid an Aontais ar chuideachtaí a fhorbraíonn nó a mhargaíonn teicneolaíochtaí faireachais chunóraigh, lena n-áirítear earraí spiaireachta<FOOTNOTE><FIELD> https://media.business-humanrights.org/media/documents/MEP_letter.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú nach rannchuideoidh aon chistí AE le forbairt, onnmhairiú ná imscaradh earraí spiaireachta ná uirlisí faireachais eile a d’fhéadfaí a úsáid chun cearta bunúsacha agus an smacht reachta a shárú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, de réir Choimisiún na Veinéise, go bhféadfaí teicneolaíochtaí spiaireachta a iompú ina n-arm faireachais a d’fhéadfaí a úsáid chun srian a chur le cearta bunúsacha agus chun cinsireacht a dhéanamh ar cháineadh agus easaontú, agus iad a choiriúlú, agus chun iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine, lucht freasúra polaitiúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chiapadh, nó a chur faoi chois fiú, mar a léirítear leis na líomhaintí agus nochtadh iomadúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil go leor cásanna d’úsáid dhíréireach fornirt i gcoinne léirsitheoirí fós á dtuairisciú ar fud an Aontais, lena n-áirítear foréigean agus úsáid arm nach bhfuil chomh marfach céanna chun sluaite a rialú nó a scaipeadh<FOOTNOTE><FIELD> https://www.amnesty.org/en/latest/news/2024/07/europe-sweeping-pattern-of-systematic-attacks-and-restrictions-undermine-peaceful-protest/?utm.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil fianaise ann gur úsáideadh roinnt cistí AE, lena n-áirítear cistí áirithe Gnóthaí Baile AE, ar bhealach as a n-eascraíonn sáruithe ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear idirdhealú; de bhrí gur cheart cistí AE a úsáid ar bhealach lena ndéantar cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a urramú agus nach mbíonn aon sáruithe den sórt sin mar thoradh orthu; de bhrí gur réamhriachtanas bunúsach é comhlíonadh luachanna an Aontais a leagtar síos in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear urraim don smacht reachta, don daonlathas agus do chearta bunúsacha, chun rochtain a fháil ar chistí AE agus chun iad a chur chun feidhme, mar a léirítear sa Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; de bhrí nach mór do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha agus go gcomhlíonfar an Chairt maidir le rochtain a fháil ar chistí AE agus iad a chur chun feidhme; de bhrí go bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe agus maoirseacht éifeachtach i leithdháileadh agus in úsáid chistí AE agus i measúnú na gclár ábhartha ríthábhachtach chun comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin cothrománacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí gur tuairiscíodh go forleathan sáruithe ar chearta bunúsacha ag teorainneacha, lena n-áirítear drochíde, brú siar agus foréigean ó bhéal agus fisiciúil; de bhrí gur tháinig na cleachtais sin chun cinn i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas; de bhrí go n-áirítear orthu sin cásanna ina dtugann gardaí teorann nó oifigigh eile drochíde d’imircigh; de bhrí go sáraíonn na cleachtais sin cearta bunúsacha, dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus um dhídeanaithe, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement agus an toirmeasc ar ionnarbadh comhchoiteann; de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit agus ar an Aontas imscrúduithe críochnúla agus éifeachtacha a dhéanamh ar sháruithe ar chearta bunúsacha agus ar chearta an duine ag teorainneacha; de bhrí gur minic nach ndéantar sáruithe ar chearta bunúsacha a thuairisciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí, de réir na tuarascála dar teideal <STRING ITALIC="on">Externalised asylum and migration policies and human rights law</STRING> [Beartais sheachtraithe tearmainn agus imirce agus an dlí um chearta an duine] ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, go bhféadfadh freagracht na mBallstát a bheith i gceist le beartais seachtraithe, go háirithe maidir le prionsabal an non-refoulement, an ceart chun na beatha, saoirse ó chéasadh agus ó íde atá mídhaonna nó táireach, an toirmeasc ar dhíbirt chomhchoiteann agus ar choinneáil threallach, agus an ceart chun rochtain a fháil ar leigheasanna éifeachtacha, mar a ráthaítear le conarthaí an Aontais agus na Náisiún Aontaithe, leis an gCairt agus le ECHR; de bhrí go sainaithnítear sa tuarascáil próiseáil sheachtrach na n-éileamh ar thearmann, nósanna imeachta seachtracha um fhilleadh agus seachfhoinsiú rialuithe teorann, a bhfuil stair dhoiciméadaithe ag cuid acu de sháruithe tromchúiseacha i gcoinne daoine ar a slí, mar cheann de na príomhréimsí ina bhfuil na rioscaí an-ghéar;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go molann Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine go ndéanfaí measúnuithe riosca cuimsitheacha ar chearta an duine sula rachfar i mbun comhar seachtrach, go ndéanfaí athbhreithniú ar thionchar na ngníomhaíochtaí leanúnacha ar chearta an duine, go saineofaí prionsabail shoiléire agus dhoshannta lena n-eisiatar aon chomhar ar dócha go gcuirfidh sé daoine i mbaol de sháruithe ar chearta bunúsacha, lena n-áiritheofar réamhchoinníollacha agus coimircí leormhaithe maidir le cearta an duine, agus lena neartófar trédhearcacht, faireachán agus cuntasacht; de bhrí nár cheart bearnaí cuntasachta a bheith mar thoradh riamh ar roinnt na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí AE<FOOTNOTE><FIELD> https://rm.coe.int/report-on-externalisation-of-migration-by-michael-o-flaherty-council-o/488028300a.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí, de réir Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, gur sárú ar chearta an linbh é aon leanbh a choinneáil mar gheall ar stádas imirce a thuismitheoirí amháin agus gur sárú é ar an bprionsabal maidir le leas an linbh a áirithiú; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i rún ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa dar teideal <STRING ITALIC="on">Artificial Intelligence and Migration</STRING> [an Intleacht Shaorga agus an Imirce] gur cheart go mbeadh sé de cheart ag iarrthóirí tearmainn agóid a dhéanamh i gcoinne fianaise arna giniúint ag IS, amhail achoimrí agallaimh lochtacha nó anailísí claonta, gur cheart cúnamh dlíthiúil a leathnú chun tacú leis na hagóidí sin, nach mór cúiteamh a bheith ar fáil i gcás ina n-eascraíonn díobháil as earráidí algartamacha, agus nár cheart cearta bunúsacha a bheith thíos leis an nuálaíocht theicneolaíoch<FOOTNOTE><FIELD> https://pace.coe.int/en/files/35698/html?utm.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil baol ann go mbainfear an bonn de chearta bunúsacha de bharr freagairtí Ballstát áirithe ar an imirce neamhrialta agus go bhféadfaidís insintí ciniúlaithe a bhuanú; de bhrí gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit cosaint shaol na ndídeanaithe agus na n-imirceach a áirithiú agus céimeanna inchreidte a ghlacadh chun cuntasacht as sáruithe a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gur ábhar mór imní iad na hiarrachtaí chun clárú iarratas ar thearmann a chur ar fionraí; de bhrí nach mór cearta daonna na ndaoine lena mbaineann a urramú agus measúnú a dhéanamh ar a riachtanais chosanta, agus nach mór rochtain ar bhearta cosanta fóinteacha a thabhairt dóibh siúd atá incháilithe do chosaint idirnáisiúnta; de bhrí go mbunaítear, sa chreat reachtach nua faoi Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann, rialacha athbhreithnithe le haghaidh nósanna imeachta tearmainn, bainistiú teorainneacha agus na dlúthpháirtíochta; de bhrí gur gá cearta bunúsacha a urramú go hiomlán agus oibleagáidí AE agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh chun é a chur i bhfeidhm go héifeachtach; de bhrí go bhfuil brú suntasach oibríochtúil fós ar roinnt Ballstát ar a dteorainneacha seachtracha; de bhrí go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe Eorpach mar gheall ar na dúshláin sin, lena n-áirítear nósanna imeachta cuíchóirithe éifeachtacha, i gcomhréir iomlán leis an gcreat dlíthiúil de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta is infheidhme; de bhrí go bhfuil an gá atá le cosc a chur ar mhí-úsáid an chórais Eorpaigh tearmainn ag smuigléirí agus an gá atá le gach cineál coireachta eagraithe trasnáisiúnta a chomhrac bunriachtanach chun an imirce a bhainistiú go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go mbíonn ar mhná agus ar chailíní aghaidh a thabhairt ar fhoréigean ar líne, fuathchaint agus fuathchoireacht atá ag dul i méid agus go forleathan, agus go mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha ar leith acu ar a saol laethúil, ar a rannpháirtíocht sa saol poiblí, agus, mar thoradh air sin, ar an ionadaíocht chomhionann; de bhrí gur díol sásaimh iad Treochlár AE um Chearta na mBan agus an dearbhú prionsabal le haghaidh sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de, cé nach bhfuil aon chumhacht fhorfheidhmithe acu; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí práinneacha chun comhionannas inscne, agus, dá bhrí sin, Aontas Comhionannais, a chosaint agus a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar thionchar domhanda  as a n-eascraíonn pobail ar líne agus tionchairí fir a chuireann an insint bhréagach chun cinn go ndéanann feimineachas agus comhionannas inscne dochar d’fhir, a scaipeann ábhar atá fuafar ar mhná, a dhéanann an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a normalú, agus a bhfuil ag forluí níos mó agus níos mó le gluaiseachtaí antoisceacha agus radacacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an bhfreasúra i gcoinne an chomhionannais inscne le blianta beaga anuas; de bhrí go bhfuil leibhéal an fhoréigin inscnebhunaithe, go háirithe i gcoinne na mban agus na gcailíní, agus i gcoinne daoine LADTIA+ chomh maith, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus éigniú, fós ard ar fud an Aontais, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe á ndéanamh orthu; de bhrí gurb ionann cibearfhoréigean inscnebhunaithe agus leanúint den fhoréigean inscnebhunaithe as líne sa timpeallacht ar líne; de bhrí gur minic a bhíonn féinchinsireacht mar thoradh ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe agus gur féidir iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar shaol pearsanta agus gairmiúil na n-íospartach; de bhrí nach leor fós na freagairtí ón gcóras ceartais choiriúil chun aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan sin; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach oiliúint a chur ar phóilíní maidir leis na scileanna boga is gá chun éisteacht le híospartaigh uile an fhoréigin inscnebhunaithe, chun iad a thuiscint agus chun urraim a thabhairt dóibh chun tearcthuairisciú agus athíospairt a chomhrac; de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach sásraí tuairiscithe inrochtana agus leigheasanna éifeachtacha a áirithiú chun timpeallacht níos sábháilte a chruthú d’íospartaigh uile an fhoréigin inscnebhunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go mbíonn mná neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha mar gheall ar dhiúltú rochtana ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus, dá bhrí sin, gur cineál foréigin inscnebhunaithe é, ós rud é go séanann sé neamhspleáchas na mban agus saoirse rogha atáirgthe na mban freisin; de bhrí gur seirbhísí cúraim sláinte bunriachtanacha iad seirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe; de bhrí nach bhfuil rochtain fós ag níos mó ná 20 milliún bean san Aontas ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus ar sheirbhísí eile sláinte agus ceart gnéis agus atáirgthe (SRHR), rud a chuireann mná agus cailíní i mbaol díobhála fisiciúla agus struis mhíchuí eacnamaíoch agus mheabhraigh; de bhrí go n-áirítear freisin i ndiúltú seirbhísí cúraim sláinte bunriachtanacha amhail seirbhísí SRHR i roinnt Ballstát mná agus cailíní ar íospartaigh foréigin ghnéasaigh iad, rud a chuireann bac ar phróiseas a dtéarnaimh ón gcion atá i gceist; de bhrí go n-iarrtar leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ ar an Aontas rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil a áirithiú do chách agus roinnt na n-inniúlachtaí faoi na Conarthaí á hurramú; de bhrí gur rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go sárú ar cheart na mban chun neamhspleáchais agus sláine coirp iad dlíthe sriantacha maidir le ginmhilleadh agus an easpa cur chun feidhme comhsheasmhach sa chur i bhfeidhm;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí go bhfuil toirmeasc ann faoi Airteagal 21 den Chairt ar idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar inscne agus ar fhorais eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí, mar pháirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), go bhfuil na Ballstáit faoi cheangal ag a ngealltanais, lena n-áirítear Airteagal 12 maidir le hidirdhealú in aghaidh na mban a dhíothú i réimse an chúraim sláinte, d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag fir agus mná ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le pleanáil teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí go ndéantar idirdhealú in aghaidh na mban ar fhorais inscne trí rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil sa dlí agus sa chleachtas a dhiúltú trí thoirmeasc a chur ar chineál cúraim sláinte nach bhfuil ag teastáil ach ag mná; de bhrí nach ann d’aon srianta comhchosúla ar sheirbhísí sláinte nach bhfuil ag teastáil ach ó fhir<FOOTNOTE><FIELD> Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, <STRING ITALIC="on">Fiosrúchán maidir leis an bPolainn arna dhéanamh faoi Airteagal 8 den Phrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún:</STRING>tuarascáil ón gCoiste.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí gur tháinig méadú ar an gcistiú bliantúil iomlán frithinscne san Eoraip ó USD 220 milliún in 2019 go USD 271 mhilliún in 2023, arb ionann é agus méadú 23 %; de bhrí gur ó ghníomhaithe eachtracha a thagann cuid shuntasach den chistiú a spreagann fás gluaiseachtaí frithinscne ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go léirítear i dtuarascálacha ó na meáin gur bronnadh cistiú AE roimhe seo ar eagraíochtaí a chuireann mná ar míthreoir faoina sláinte ghnéis agus atáirgthe; de bhrí nach mór cistiú uile an Aontais a ailíniú le luachanna coiteanna an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt, lena n-áirithítear go dtreisíonn tacaíocht airgeadais luachanna daonlathacha an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionsaí gan fasach agus treisithe á fheiceáil againn ar an spás sibhialta ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí shrianta dlíthiúla agus airgeadais, fionraíocht cistiúcháin, feachtais chlúmhillte, imeaglú agus coiriúlú, agus ar an gceart chun comhthionóil shíochánta; de bhrí go bhfuil an ceart chun comhthionóil shíochánta ríthábhachtach i sochaí dhaonlathach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí gur chuir Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i bhfios go láidir go bhfuil an treocht dhomhanda maidir le cúlú ar an daonlathas agus ar an smacht reachta agus urrúsú clár oibre tar éis srianta ar an gceart chun comhthionóil shíochánta a dhéanamh níos measa agus a dhoimhniú<FOOTNOTE><FIELD> https://digitallibrary.un.org/record/4086729?ln=en&v=pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar ionsaithe ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus ar chosantóirí chearta an duine (HRDanna) amhail iad siúd atá ag obair chun cearta an duine agus an chomhshaoil a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear comhionannas inscne, imirce, daonlathas agus abhcóideacht, agus go bhfuil siad fós ina n-ábhar mór imní; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag ESSanna agus CCDanna atá i mbun cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn maidir le luachanna an Aontais a chosaint; de bhrí gur cheart a gcumas oibriú gan bhac agus go neamhspleách a áirithiú agus gur cheart tacú leo ar fud na mBallstát uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí gur spriocanna athfhillteacha fuathchainte agus insintí maolaitheacha iad daoine aonair atá i staideanna leochaileacha, amhail leanaí, mná, pobail chiniúlaithe agus eitneacha, daoine LADTIA+, imircigh agus iarrthóirí tearmainn, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta; de bhrí, i roinnt Ballstát, go bhfuil insintí frith-LADTIA+ á scaipeadh ag polaiteoirí agus ag eagraíochtaí meán, agus go bhfuil reachtaíocht frith-LADTIA curtha síos agus glactha fiú i gcásanna áirithe; de bhrí go bhfuil na cásanna sin contrártha le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus go mbaineann siad an bonn de cheart na ngrúpaí sin go gcaithfí leo mar shaoránaigh chomhionanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ar chistiú ríthábhachtach chun go mbeidh an tsochaí shibhialta faoi bhláth agus chun a ról maoirseachta a chomhlíonadh; de bhrí gur colúin bhunriachtanacha den daonlathas iad sochaí shibhialta bhríomhar agus spás sibhialta gníomhach; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag ESSanna freisin, go háirithe do phobail imeallaithe, lena n-áirítear i soláthar seirbhísí sóisialta; de bhrí, ina threoirlínte polaitiúla, gur gheall an Coimisiún dlús a chur lena rannpháirtíocht le ESSanna a bhfuil saineolas acu agus a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le saincheisteanna sochaíocha sonracha a chosaint agus cearta bunúsacha a chaomhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí gur dlúth-chomhpháirtithe de chuid na mBallstát iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina n-iarrachtaí cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil an chabhair dhaonnúil fós á coiriúlú go treallach; de bhrí go bhfuil srianta agus bacainní a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála (ag na Ballstáit) ag cur le bás leanúnach daoine; de bhrí gur iarr Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ar Bhallstáit AE deireadh a chur leis an gcos ar bolg atá á déanamh acu ar CCDanna a chuidíonn le dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, agus staonadh ó reitric mhaolaitheach, ghríosaitheach nó stiogmataithe a úsáid ina leith agus ina ról<FOOTNOTE><FIELD> https://rm.coe.int/recommendation-protecting-the-defenders-ending-repression-of-human-rig/1680ae9b1c.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag straitéis sochaí sibhialta AE atá ar na bacáin a áirithiú go ndéanfar beartais AE a mhúnlú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt; de bhrí gur cheart go n-áireofaí sa straitéis tionscnaimh agus tagarmharcanna uaillmhianacha chun dul chun cinn a thomhas; de bhrí gur fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige ardán na sochaí sibhialta a chruthú lenar féidir rannpháirtíocht reatha ghníomhaithe na sochaí sibhialta i gceapadh beartais AE a lárú agus a chomhchuibhiú: de bhrí gur cheart an t-ardán a chomhdhearadh agus a chur chun feidhme leis an tsochaí shibhialta eagraithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí gur cheart leanúint de chistiú fadtéarmach iomchuí, intuartha agus inbhuanaithe AE don tsochaí shibhialta a áirithiú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile, agus aird chuí á tabhairt ar thrédhearcacht airgeadais, ar bhainistiú fónta agus ar oibleagáidí conarthacha soiléire, mar ba cheart a bheith amhlaidh i gcás na gcistí agus na gclár uile; de bhrí go bhfuil cistiú d’eagraíochtaí um chearta an duine fós teoranta, ilroinnte agus neamhréireach; de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag ciorruithe ar an gcistiú sin, lena n-áirítear reo chistí Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID), ar an tsochaí shibhialta ar fud an Aontais, ós rud é go bhfuil siad ag lagú go mór cumas na sochaí sibhialta íospartaigh an idirdhealaithe a chosaint, comhionannas a chur chun cinn, cuntasacht a áirithiú agus an smacht reachta agus cearta bunúsacha a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí, i gcásanna áirithe, gur thacaigh cistí AE le tionscnaimh a rannchuidíonn le hidirdheighilt nó le cleachtais idirdhealaitheacha, agus gur bhain siad an bonn de chuspóirí comhionannais dá bhrí sin; de bhrí gur iarr Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine go n-áiritheofaí go mbeadh cistiú do ghníomhaithe na sochaí sibhialta i gcomhréir le hoibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta na mBallstát maidir le cearta an duine agus nach mbainfí mí-úsáid as chun bac a chur ar an obair nó chun sábháilteacht ghníomhaithe na sochaí sibhialta a chur i mbaol<FOOTNOTE><FIELD> https://digitallibrary.un.org/record/4086729?ln=en&v=pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí gur cúis mhór imní iad na hiarrachtaí géaraitheacha san Aontas chun cearta bunúsacha na mban agus daoine LADTIA+ a theorannú nó a chur ar gcúl; de bhrí go ndíríonn na hiarrachtaí sin den chuid is mó ar réimse an chúraim sláinte atáirgthe agus na gceart atáirgthe, ar fhéiniúlacht inscne agus ar aitheantas dlíthiúil inscne nó ar rochtain ar oideachas cuimsitheach gnéasachta; de bhrí nach amháin go ndéanann ionsaithe ar na réimsí sin dochar do na daoine is leochailí sa tsochaí ach go bhfuil siad ar neamhréir freisin le luachanna AE agus leis an gcreat idirnáisiúnta um chearta an duine, agus, dá bhrí sin, gur sáruithe ar dhlí an Aontais iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí, faoi láthair, go bhfuil bearnaí i reachtaíocht frith-idirdhealaithe an Aontais, agus nach gcumhdaítear roinnt foras idirdhealaithe ach amháin i réimse na fostaíochta agus na gairme; de bhrí go bhfuil meascán cosanta agus cruthú ‘ordlathas foras’ saorga mar thoradh air sin; de bhrí go dtugann na Conarthaí agus an Chairt sainordú agus freagracht don Aontas chun idirdhealú a chomhrac i ndáil le gach foras cosanta;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit uile gníomhú chun leasa an linbh, lena n-áirítear trí cheart bunúsach gach linbh chun saol an teaghlaigh a choimirciú agus trí thoirmeasc a chur ar idirdhealú a dhéanamh ar an leanbh ar bhonn stádas pósta nó ghnéaschlaonadh a thuismitheoirí, nó ar bhonn na slí ar gineadh an leanbh. de bhrí go bhféadfadh thart ar 2 mhilliún leanbh fós a bheith i staid nach n-aithnítear a dtuismitheoirí amhlaidh i mBallstát eile; de bhrí gur mhol an Coimisiún in 2022 rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas do chinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú (COM(2022)0695) (Rialachán maidir le Tuismíocht), atá fós ar feitheamh cinneadh críochnaitheach sa Chomhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí gur cuireadh ábhair imní in iúl maidir leis an bhfíoras go bhfuil idirdhealú agus ciníochas fós forleathan ar fud an Aontais, lena n-áirítear i ndlíthe agus i mbeartais, agus in institiúidí poiblí amhail forfheidhmiú dlí agus an córas ceartais; de bhrí go bhfuil cleachtais idirdhealaitheacha forfheidhmithe dlí fós ina n-ábhar mór imní; de bhrí go ndírítear go díréireach ar ghrúpaí ciniúlaithe le nósanna imeachta stad agus cuardaigh, úsáid iomarcach fornirt agus ciapadh; de bhrí go bhfuil sásraí maoirseachta agus cuntasachta fós lag agus go gcuirtear bac orthu de bharr easpa imscrúduithe neamhspleácha; de bhrí, ag an am céanna, nach mór aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar fhoréigean i gcoinne oifigigh phoiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>BE.</NO.P>de bhrí, in ainneoin aitheantas foirmiúil a thabhairt don chiníochas struchtúrach ar leibhéal AE, go leanann sé de bheith sofheicthe i bpríomhréimsí den saol sna Ballstáit; de bhrí go ndéanann leithscaradh, lena n-áirítear san oideachas, agus cásanna leanúnacha fuathchainte agus fuathchoireachta difear díréireach do phobail chiníochaithe agus do ghrúpaí imeallaithe eile, amhail daoine LADTIA+;  de bhrí gur bacainní struchtúracha agus sáruithe ar chearta bunúsacha iad sin a chuireann bac ar rochtain chomhionann ar chearta, ar dheiseanna agus ar cheartas ar fud an Aontais; de bhrí go mbíonn tionchar diúltach aige sin ar mhuinín an phobail as institiúidí agus ar an gcomhtháthú sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>BF.</NO.P>de bhrí go leanann an tUileloscadh agus éagóracha stairiúla, lena n-áirítear coilíneachas agus sclábhaíocht agus an tUileloscadh, de chiníochas struchtúrach a mhúnlú san Eoraip sa lá atá inniu ann; de bhrí go bhfuil aitheantas, cuimhneachán agus oideachas fúthu sin bunriachtanach chun ciníochas a chomhrac agus chun comhionannas agus cearta bunúsacha a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>BG.</NO.P>de bhrí nach dtugtar aghaidh den chuid is mó ar idirdhealú trasnach i mbeartas agus i gcleachtas; de bhrí go bhfuil neamhaird á tabhairt i gcónaí ar thionchar géaraithe an chiníochais agus na hinscne, an mhíchumais, an ghnéaschlaonta, na féiniúlachta inscne, an léirithe inscne agus na saintréithe gnéis, an stádais shocheacnamaíoch, an chúlra imirce agus forais eile, rud a fhágann go bhfuil go leor íospartach ann nach bhfuil cosaint, tacaíocht ná rochtain leormhaith acu ar leigheasanna éifeachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>BH.</NO.P>de bhrí go léirítear i suirbhéanna a rinne Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha (FRA) le déanaí i measc daoine Dubha, Giúdaigh, Moslamaigh agus daoine LADTIA+ san Aontas go bhfuil cásanna forleathana fuatha agus idirdhealaithe fós á bhfulaingt ag na grúpaí sin san Aontas, rud a léiríonn idirdhealú ciníoch sistéamach; de bhrí go gcothaítear idirdhealú agus éadulaingt le heagla, míthuiscintí agus coimhthiú<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Tuarascáil 2025 maidir le Cearta Bunúsacha.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur chuir ECRI ábhair imní in iúl maidir le hóráid sheineafóbach, homafóbach agus thrasfóbach, lena n-áirítear ó pholaiteoirí agus ó oifigigh phoiblí;  de bhrí go bhfuil an ceart céanna ag gach duine san Aontas a bheith ina bhall iomlán agus gníomhach den tsochaí agus go gcaithfí go cothrom leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>BI.</NO.P>de bhrí go n-ardaíonn athchóirithe reachtacha agus institiúideacha a rinneadh le déanaí i roinnt Ballstát ceisteanna tromchúiseacha maidir le comhlíonadh an chirt bhunúsaigh chun triail chóir a fháil agus chun binse neamhspleách neamhchlaonta, mar a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt; de bhrí gur cuid fhíor-riachtanach den smacht reachta é neamhspleáchas na mbreithiúna agus gur réamhriachtanas é chun gach ceart bunúsach eile a chosaint go héifeachtach; de bhrí gur chuir Coimisiún Idirnáisiúnta na nGiúróirí (ICJ) i dtábhacht nach mór do chomhairlí breithiúnacha fanacht neamhspleách ar thionchar parlaiminteach agus feidhmiúcháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>BJ.</NO.P>de bhrí go ndeonaítear le dlí na hUngáire maidir le féiniúlacht áitiúil a chosaint, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2025, an chumhacht d’údaráis bhardasacha cead cónaithe a shrianadh bunaithe ar chritéir threallacha amhail leibhéal oideachais, inniúlacht teanga agus cruthúnas fostaíochta; de bhrí go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh bearta den sórt sin gnás a dhéanamh d’idirdheighilt chiníoch sa tithíocht agus go ndéanfaidh siad difear díréireach don phobal Romach, rud a chuireann imní mhór in iúl maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais agus cearta bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>BK.</NO.P>de bhrí go bhfuil idirdhealú sistéamach, leithscaradh, eisiamh sóisialta agus foréigean póilíneachta fós roimh an bpobal Romach<FOOTNOTE><FIELD> https://www.coe.int/en/web/commissioner/-/the-unheard-12-million.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go léirítear i dtuarascálacha FRA easnaimh shuntasacha i gcur chun feidhme chreat straitéiseach AE maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, agus go gcuirtear chun suntais iontu an dóchúlacht íseal go mbainfí amach a spriocanna do 2030<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Rights of Roma and Travellers in 13 European countries – Perspectives from the Roma Survey 2024 </STRING>[Cearta na Romach agus an Lucht Siúil i 13 thír Eorpacha — Peirspictíochtaí ó Shuirbhé 2024 maidir leis na Romaigh].</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur easáitíodh na céadta duine le déanaí, lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, mar thoradh ar dhíshealbhú éigeantach i gcoinne na Romach; de bhrí gur iarr Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine go gcuirfí breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine chun feidhme maidir le cearta na Romach<FOOTNOTE><FIELD> https://www.coe.int/en/web/commissioner/-/greece-should-ensure-that-roma-have-access-to-adequate-housing-and-are-not-subject-to-discriminatory-treatment-or-violence-by-law-enforcement-authorities.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BL.</NO.P>de bhrí go bhfuil fós ar dhaoine faoi mhíchumais atá ina gcónaí san Aontas aghaidh a thabhairt ar chiapadh agus cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe i ngach réimse den saol, lena n-áirítear cóiríocht réasúnta a bheith á diúltú, míbhuntáistí socheacnamaíocha, leithlisiú sóisialta, foréigean inscnebhunaithe amhail steiriliú éigeantach, easpa rochtana ar sheirbhísí pobail, tithíocht ar chaighdeán íseal, institiúidiú, cúram sláinte neamhleor agus an deis rannchuidiú a dhéanamh agus a bheith rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí á séanadh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>BM.</NO.P>de bhrí gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit nach bhfuil an Prótacal Roghnach a ghabhann le UNCRPD daingnithe go fóill acu, amhlaidh a dhéanamh gan mhoill;
</CONS><CONS>
<NO.P>BN.</NO.P>de bhrí gur iarr ECRI ar rialtais cuimsiú imirceach a chur chun cinn go gníomhach agus aon idirdhealú ina gcoinne a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> https://www.coe.int/en/web/european-commission-against-racism-and-intolerance/-/ecri-s-recommendations-on-integration-and-inclusion-of-migrants-new-factsheet.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil ciníochas agus idirdhealú ciníoch fós ann, lena n-áirítear i réimse na himirce agus an tearmainn; de bhrí go bhfuil imircigh chiniúlaithe neamhchosanta go díréireach ar sháruithe ar chearta ar theorainneacha an Aontais agus laistigh de chórais tearmainn agus ghlactha; de bhrí go bhfuil easpa coimircí follasacha frithchiníochais ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>BO.</NO.P>de bhrí nach eol don phobal san Aontas den chuid is mó staid na ndaoine idirghnéasacha san Aontas; de bhrí, i mí Aibreáin 2024, go ndearna roinnt Ballstát de Chomhairle na hEorpa urraíocht ar an gcéad Rún ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le hidirdhealú, foréigean agus cleachtais dhíobhálacha i gcoinne daoine idirghnéasacha a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>BP.</NO.P>de bhrí nach bhfuil an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch curtha i bhfeidhm go leordhóthanach ag formhór na mBallstát; de bhrí nach ndearna roinnt Ballstát Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle maidir le ciníochas agus seineafóibe a thrasuí go hiomlán nó i gceart; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí níos láidre chun ciníochas struchtúrach a chomhrac, lena n-áirítear tionchar insintí antoisceacha foréigneacha na heite deise sa díospóireacht shóisialta<FOOTNOTE><FIELD> https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52024DC0419.</FIELD></FOOTNOTE>, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit reachtaíocht frith-idirdhealaithe AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>BQ.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ar cheartas d’íospartaigh coireanna fuatha ciníocha agus cineálacha eile fuathchoireachta agus idirdhealaithe fós an-teoranta i roinnt Ballstát mar gheall ar sheirbhísí tacaíochta neamhleora, bacainní ar spreagadh ciníoch agus fuatha a aithint, agus forfheidhmiú lag na reachtaíochta frith-idirdhealaithe; de bhrí, mar thoradh air sin, go bhfuil sáruithe ar chearta fós á ndéanamh ar phobail chiniúlaithe agus ar ghrúpaí imeallaithe eile gan rochtain ar leigheasanna éifeachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>BR.</NO.P>de bhrí go ndearna roinnt Ballstát neamhaird go comhsheasmhach ar bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>BS.</NO.P>de bhrí go dtagraítear in Airteagal 151 CFAE do chearta sóisialta bunúsacha, amhail na cearta sin a leagtar amach i gCairt Shóisialta na hEorpa; de bhrí go bhfuil neamhionannais shocheacnamaíocha, lena n-áirítear an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta, ag dul i méid ar fud an Aontais agus gur ábhar mór imní é sin; de bhrí go bhfuil siad fós ciniúlaithe go mór, le héagothromaíochtaí leanúnacha agus struchtúracha maidir le rochtain ar oideachas, ar chúram sláinte, ar thithíocht, ar fhostaíocht agus ar charnadh rachmais, a leanann de ghrúpaí ciniúlaithe a eisiamh ó rannpháirtíocht chomhionann sa tsochaí agus de thimthriallta idirghlúine na bochtaineachta agus an imeallaithe a bhuanú; de bhrí go bhfuil méadú scanrúil tagtha ar neamhionannas tithíochta agus ar líon na ndaoine gan dídean araon i roinnt Ballstát<FOOTNOTE><FIELD> https://pace.coe.int/en/files/3%204542/html.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BT.</NO.P>de bhrí gur cheart don Choimisiún féachaint ar na céimeanna is gá le haghaidh aontachas an Aontais le Cairt Shóisialta na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>BU.</NO.P>de bhrí go raibh tograí ann go nglacfadh Comhairle na hEorpa agus a Ballstáit prótacal a ghabhann le ECHR, lena n-áirítear an ceart chun  comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>BV.</NO.P>de bhrí, ina breithiúnas <STRING ITALIC="on">KlimaSeniorinnen v. an Eilvéis</STRING>, gur aithin an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhféadfadh mainneachtain na stát bearta leormhaithe a dhéanamh i gcoinne an athraithe aeráide a bheith ina shárú ar an gceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh faoi Airteagal 8 de ECHR; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir sa bhreithiúnas go bhfuil géarghá le ceart in-fhorfheidhmithe a chur ar fáil chun  comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe faoi chuimsiú ECHR, agus ar an gcaoi sin comhsheasmhacht, intuarthacht agus cosaint a áirithiú don phobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>BW.</NO.P>de bhrí gur fhoilsigh roinnt Ballstát litir maidir le léirmhíniú ar chearta bunúsacha faoi chuimsiú ECHR;
</CONS><CONS>
<NO.P>BX.</NO.P>de bhrí gurb iad caighdeáin Eorpacha maidir le cearta an duine na cearta, na prionsabail agus na hoibleagáidí a bhunaítear i gConarthaí, coinbhinsiúin agus dlí an Aontais, lena léirítear comhthuiscint ar íosleibhéil chosanta; de bhrí gurb iad caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine na noirm íosta chun cearta an duine a chosaint atá formhuinithe go foirmiúil ag an gcomhphobal idirnáisiúnta trí chonarthaí uilíocha, trí dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus trí phrionsabail arna nglacadh go huilíoch; de bhrí go gcuireann caighdeáin den sórt sin ceangal ar stáit nó go dtreoraíonn siad stáit maidir leis an gcaoi a gcaitheann siad le daoine aonair;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha idir chamáin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit luachanna AE a urramú agus a chur chun cinn mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, a oibleagáidí a chomhlíonadh, amhail measúnuithe tionchair críochnúla ar chearta bunúsacha a dhéanamh go córasach agus togra reachtach á ullmhú agus á thíolacadh aige, mar aon le nósanna imeachta um shárú a sheoladh i gcás inar gá agus gan nósanna imeachta meara a úsáid ach amháin nuair atá géarghá leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na tuarascálacha bliantúla maidir le cur i bhfeidhm na Cairte a neartú trí fhorléargas uile-Aontais a thabhairt ar a cur i bhfeidhm ar fud an Aontais, lena n-áirítear measúnú ar chomhlíonadh fhorálacha na Cairte, moltaí do na Ballstáit, agus obair leantach níos soiléire maidir le dúshláin shainaitheanta i ndáil le cearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go n-eascraíonn cur i bhfeidhm neamhleor forálacha áirithe den Chairt as léirmhínithe náisiúnta éagsúla, mar a léiríodh i dTuarascáil 2025 ó FRA maidir le Cearta Bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta éifeachtacha a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear an Chairt i bhfeidhm go hiomlán agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus ar na Ballstáit nach bhfuil sé sin déanta acu go fóill pointí fócasacha náisiúnta a ainmniú chun a áirithiú go mbeidh reachtaíocht, beartais agus tionscadail náisiúnta arna gcistiú ag an Aontas go hiomlán comhlíontach leis an gCairt; á chreidiúint gur cheart d’institiúidí an Aontais a bheith níos glóraí maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha a cháineadh agus maidir le hiarraidh ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt orthu; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar fheachtais múscailte feasachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear i gcomhar le FRA, arb é is aidhm dóibh a chur ar chumas daoine aonair a gcearta a thuiscint agus a fheidhmiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag moladh ról FRA maidir le faireachán a dhéanamh ar staid na gceart bunúsach san Aontas, maidir le tacú le lucht ceaptha beartas trí shonraí, anailís agus comhairle a chur ar fáil, agus maidir lena áirithiú go n-urramófaí cearta bunúsacha agus go gcuirfí chun cinn iad i reachtaíocht agus i mbeartas an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfáth gur gá acmhainní daonna agus airgeadais feabhsaithe a chur ar fáil do FRA chun a áirithiú gur féidir leis na dualgais a chuirtear de chúram air a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fheabhas a chur ar éifeachtacht agus ar chomhleanúnachas na n-ionstraimí atá ann cheana, lena n-áirítear sásraí faireacháin agus meastóireachta; á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha i Rialachán na bhForálacha Coiteanna<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (EU) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir lena áirithiú go gcuirfí an Chairt i bhfeidhm go córasach agus go ndéanfí cláir an Aontais a ailíniú leis an gCairt agus le luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE araon; á chur i bhfios go láidir gur gá trédhearcacht fheabhsaithe agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas faoi strus</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú nach teagmhais aonair iad cúlú daonlathach, ionsaithe ar neamhspleáchas breithiúnach agus bagairtí ar spás sibhialta ach go bhfuil siad mar chuid de chreimeadh sistéamach an smachta reachta i roinnt Ballstát, mar a deimhníodh i dTuarascáil 2025 ó FRA maidir le Cearta Bunúsacha agus i dTuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta; á chur i bhfáth go mbaineann na treochtaí sin an bonn den mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar an gcur isteach polaitiúil ar an mbreithiúnacht, go bhfuil breithiúna agus ionchúisitheoirí á gciapadh, agus go bhfuil imeachtaí araíonachta á n-úsáid chun guthanna breithiúnacha neamhspleácha a chur ina dtost, mar atá doiciméadaithe ag FRA agus ag Comhairle na hEorpa; á mheabhrú nach féidir athchóirithe páirteacha nó siombalacha i roinnt Ballstát, amhail an Ungáir, a chur in ionad fíor-chomhlíonadh an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, ráthaíochtaí éifeachtacha frithéillithe agus urraim don tsochaí shibhialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthbhaint ag na gnéithe sin le cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, comhionannas os comhair an dlí agus rochtain ar cheartas, mar a chumhdaítear in Airteagail 20 agus 47 den Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochta láithreach leis an bParlaimint maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha i bhfoirm comhaontú idirinstitiúideach lena gcuimseofar luachanna uile an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear timthriall beartais buan i measc institiúidí AE lena gcomhtháthófar na huirlisí uile atá ann cheana, lena n-áirítear nós imeachta Airteagal 7 CAE, Creat agus Tuarascáil an Smachta Reachta, an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus na nósanna imeachta um shárú, i gcreat aonair in-fhorfheidhmithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a úsáid go córasach agus a fhorfheidhmiú go dian chun a áirithiú nach rannchuideoidh cistí AE le sáruithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE dul i mbun idirphlé le Comhairle na hEorpa agus le rialtais náisiúnta chun a áirithiú go leanfaidh cosaint chearta bunúsacha an duine de bheith éifeachtach; á mheabhrú nach mór foráil a dhéanamh sa dlí maidir le haon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt agus nach mór bunbhrí na gceart agus na saoirsí sin a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit, go háirithe iad siúd a bhfuil líon suntasach breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine acu nár cuireadh chun feidhme, dlús a chur lena gcur chun feidhme agus sásraí faireacháin náisiúnta trédhearcacha a bhunú chun comhlíonadh a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an comhar le Comhairle na hEorpa a neartú chun forghníomhú éifeachtach na mbreithiúnas sin a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na sáruithe córasacha leanúnacha ag an Ungáir ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, atá fós faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE ó 2018 gan aon dul chun cinn inbhraite a bheith déanta ina leith; á chur i bhfáth go bhfuil creimeadh leanúnach den sórt sin ar chaighdeáin dhaonlathacha agus ar chearta bunúsacha ina bhagairt d’inchreidteacht an Aontais mar chomhphobal luachanna; á chur in iúl gur saoth léi lagú d’aon ghnó ar neamhspleáchas breithiúnach, ar iolrachas na meán agus ar shaoirse acadúil, mí-úsáid cumhachtaí éigeandála, agus spriocdhíriú na sochaí sibhialta agus daoine LADTIA+; ag tabhairt dá haire go ndeimhnítear i dTuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta agus i dTuarascáil 2025 ó FRA maidir le Cearta Bunúsacha go bhfuil meath breise tagtha ar shrianta agus ceartúcháin, agus ar éilliú forleathan agus ar neamhchomhlíonadh bhreithiúnais CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús a chur leis an nós imeachta faoi Airteagal 7(2) CAE; á iarraidh ar an gComhairle moltaí tírshonracha a ghlacadh le spriocdhátaí soiléire agus tagarmharcanna intomhaiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú gur cheart úsáid cumhachta lánroghnaí a rialú le hathbhreithnithe breithiúnacha nó le hathbhreithnithe neamhspleácha eile; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí a bhunú chun mí-úsáid cumhachtaí lánroghnacha a chosc, a cheartú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, agus cúiseanna fónta a thabhairt lena gcinntí, go háirithe nuair a dhéanann siad difear do chearta daoine aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú, de réir chaighdeáin na Náisiún Aontaithe maidir le forfheidhmiú an dlí, go ndéanfaidh údaráis forfheidhmithe dlí iarracht ar dtús<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ohchr.org/sites/default/files/Documents/Publications/training5Add1en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> modhanna neamhfhoréigneacha a úsáid; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar na Ballstáit caighdeáin na Náisiún Aontaithe maidir le forfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh; á mheabhrú go bhfuil údaráis forfheidhmithe dlí cuntasach go hiomlán as a ndualgais a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh imscrúduithe ar aon chásanna líomhnaithe d’úsáid iomarcach fornirt agus cóireáil idirdhealaitheach ag údaráis forfheidhmithe dlí trédhearcach, neamhspleách agus éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte uile-Aontais a thabhairt isteach maidir le roghnú, tástáil agus triail na n-arm a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí, bunaithe ar chaighdeáin, ar mholtaí agus ar threoirphrionsabail na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le gach úsáid a bhaintear as forneart, agus maidir leis na cúiseanna atá leo agus na hiarmhairtí a bhaineann leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an leibhéal méadaitheach éillithe a tugadh faoi deara i mBallstáit áirithe agus an teacht chun cinn de chásanna um éilliú a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil agus polaiteoirí; ag tathant ar na Ballstáit an t-éilliú a chomhrac agus moltaí GRECO a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear iad siúd ina chúigiú babhta meastóireachta maidir le daoine a bhfuil príomhfheidhmeanna feidhmiúcháin agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí acu, agus moltaí arna n-eisiúint ag comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha eile a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), chomh maith leo siúd a eascraíonn as coinbhinsiúin frithéillithe na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Treoir maidir leis an Éilliú a Chomhrac agus á iarraidh go n-áiritheofaí cur chun feidhme éifeachtach, tráthúil agus uaillmhianach chun an comhrac i gcoinne an éillithe a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit trédhearcacht a áirithiú sa chaiteachas poiblí agus sa mhaoiniú polaitiúil, agus cosaint a thabhairt do sceithirí a nochtann éilliú in institiúidí poiblí agus san earnáil phríobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Sceithirí agus na bearta is gá a dhéanamh chun a trasuí iomlán agus ceart a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an meath ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe sna meáin i roinnt Ballstát, go háirithe iad siúd a rangaíodh is ísle in Innéacs Domhanda Shaoirse an Phreasa 2025, agus an brú agus na hionsaithe méadaitheacha ar neamhspleáchas eagarthóireachta agus ar shláine iriseoireachta, agus an cur isteach polaitiúil orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú gur bunchloch de shochaí dhaonlathach, coimirce i gcoinne mhí-úsáid na cumhachta agus frithnimh i gcoinne na bréagaisnéise iad saoirse agus iolrachas na meán, lena n-áirítear meáin nuachta atá ar ardchaighdeán, a mhaoinítear go hinbhuanaithe agus go trédhearcach agus atá neamhspleách, idir iriseoirí traidisiúnta agus digiteacha, iriseoirí neamhspleácha agus iniúchta, seiceálaithe fíorais agus taighdeoirí, agus meáin láidre neamhspleácha seirbhíse poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cáineadh na straitéisí leatromacha a úsáideann rialtais roinnt Ballstát, amhail úsáid SLAPPanna agus feachtais chlúmhillte, tionchar méadaitheach olagarcaí atá ailínithe leis an rialtas, comhchruinniú méadaitheach úinéireacht na meán a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta ar fud an Aontais, agus rialú stáit ar na meáin phoiblí, ar an tsochaí shibhialta agus ar institiúidí acadúla, a bhfuil gach ceann acu ag cur leis an meath méadaitheach ar shaoirse na meán agus ar shaoirse acadúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an cleachtas, atá ag méadú, ag oifigigh ardleibhéil i roinnt Ballstát maidir le cumarsáid le heagraíochtaí tábhachtacha meán a theorannú; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis na bearta sin srian a chur le saoirse agus trédhearcacht na meán agus gur féidir leo cur le scaipeadh na bréagaisnéise sa spás poiblí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht speisialta ar oifigigh phoiblí agus cumarsáid a déanamh acu leis an bpobal; á chur i bhfáth gur fadhbanna iad scaipeadh na bréagaisnéise agus ionsaithe poiblí ar iriseoirí ag oifigigh phoiblí atá ag dul i méid agus a chothaíonn timpeallacht lena gceadaítear bolscaireacht, polarú, an fhuathchaint agus fiú coireanna fuatha; ag tathant ar na pearsana poiblí uile a bhfreagrachtaí sa chumarsáid phoiblí a aithint agus cloí leo, lena n-áiritheofar go leanfaidh a bplé de bheith ómósach, fíorasach agus gairmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi na teipeanna sistéamacha maidir le coireanna i gcoinne iriseoirí i roinnt Ballstát a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le coimircí níos láidre agus creataí dlíthiúla láidre chun iriseoirí a chosaint; á chur i bhfios go láidir go gcuirtear iriseoirí i mbaol níos mó bagairtí agus foréigin le mainneachtain coireanna a ionchúiseamh a nochtann siad; ag tathant ar na húdaráis náisiúnta deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós trí imscrúduithe agus ionchúisimh chuimsitheacha thrédhearcacha; ag tabhairt aitheantas do Ján Kuciak, Daphne Caruana Galizia agus Giorgos Karaivaz, agus ag aithint a n-oibre bunriachtanaí mar iriseoirí imscrúdaitheacha; á iarraidh ar na húdaráis inniúla a áirithiú go mbaintear an ceartas amach faoi dheireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cáineadh go láidir gach cineál foréigin, bagairtí, imeaglaithe agus faireachais in aghaidh iriseoirí, chomh maith le ciapadh agus coiriúlú iriseoirí as a gcuid oibre; á iarraidh go ndéanfaí clúmhilleadh a dhíchoiriúlú; á thabhairt chun suntais go ndírítear ar iriseoirí mná go háirithe agus gur cúis imní é sin; á chur i bhfáth go bhféadfadh féinchinsireacht a bheith mar thoradh ar thimpeallacht dhoicheallach don obair iriseoireachta nó bhféadfadh sí daoine aonair a dhíspreagadh ó ghairmeacha iriseoireachta a roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha sábháilteacht agus cosaint láithreach agus éifeachtach iriseoirí agus gairmithe meán a áirithiú, lena n-áirítear na daoine sin a throideann in aghaidh an éillithe ar na leibhéil rialtais is airde;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá cosaintí láidre dlíthiúla a áirithiú do na meáin seirbhíse poiblí, lena ráthaítear a neamhspleáchas eagarthóireachta agus cistiú cobhsaí agus lena gcosnaítear iad ar thionchar agus trasnaíocht pholaitiúil, chun iad a chumasú le freastal ar leas an phobail go héifeachtach agus go neamhchlaonta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin ar fud an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag meabhrú roinnt cásanna inar coinníodh iriseoirí a bhfuil saoránacht AE acu ar chúisimh bhréige agus a ndualgais ghairmiúla á gcomhlíonadh acu i dtíortha nach tíortha den Aontas iad, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhréir le Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún, a n-iarrachtaí a mhéadú chun cabhrú leis na hiriseoirí sin atá á gcoinneáil go treallach a scaoileadh saor agus a thabhairt abhaile go sábháilte; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar chásanna ina gcoinnítear iriseoirí gan údar i dtíortha is iarrthóirí, lena n-áirítear an Tuirc, agus ar na himeachtaí dlíthiúla i gcoinne an iriseora Shualannaigh Joakim Medin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún cur chun feidhme iomlán agus ceart an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán a áirithiú; ag tathant thairis sin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme tapa agus cuí na Treorach in aghaidh Cásanna Dlí Straitéiseacha i gcoinne na Rannpháirtíochta Poiblí (SLAPP) a ráthú agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun deireadh a chur le gach cás SLAPP ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit an moladh a leanúint ó Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Sábháilteacht Iriseoirí maidir leis na cosaintí d’iriseoirí ar deoraíocht a neartú, lena n-áirítear coimircí i gcoinne mhí-úsáid fhógraí dearga INTERPOL;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheabhrú gur gheall 16 Bhallstát de chuid an Aontais le déanaí tacaíocht a neartú d’iomláine na faisnéise agus na meán neamhspleách; á aithint gur ghlac roinnt Ballstát pleananna gníomhaíochta tiomnaithe agus gur ghlac siad céimeanna chun struchtúir thacaíochta thiomnaithe a chur ar bun lena gcuirtear sábháilteacht iriseoirí chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trasnú na gceart bunúsach, an daonlathais agus na teicneolaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil treocht na hionramhála toghchán ag fás san Aontas ag gníomhaithe inmheánacha agus eachtracha araon; á iarraidh ar an gCoimisiún anailísí rialta sonracha a dhéanamh ar na huirlisí atá ar fáil do Bhallstáit agus a úsáideann siad chun an bhréagaisnéis agus an trasnaíocht eachtrach atá nasctha le próisis thoghchánacha a chomhrac, agus a aithint go mbaineann na bagairtí sin an bonn ó chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun faisnéis a fháil agus a scaipeadh, chun rannpháirtíocht dhaonlathach, agus chun saorthoghcháin chóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar coimircí láidre agus daingne do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, i ngach beart a dhéantar chun an tAontas a chosaint ar thrasnaíocht eachtrach agus ar ionramháil ar fhaisnéis; á thabhairt dá haire gur mhol an Coimisiún an sásra nua ‘Sciath Eorpach don Daonlathas’ agus á chur in iúl go bhfuil sé i gceist aici a bheith rannpháirteach go tairbheach ina fhorbairt bhreise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais, a fhorchuirtear ar roinnt daoine den lucht acadúil, eolaithe agus anailísithe, na riachtanais chomhréireachta agus gá faoi dhlí an Aontais agus Airteagal 11 den Chairt, agus an bhfuil siad deartha chun a dtionchar ar chearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a íoslaghdú; á mheabhrú nach mór an ceart éisteachta a ráthú<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ohchr.org/en/press-releases/2026/01/european-union-restrictive-measures-against-academics-negatively-impact.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach GSD, an Ghnímh um an Intleacht Shaorga<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Rialacháin maidir le Trédhearcacht agus Spriocdhíriú na Fógraíochta Polaitiúla<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear trí acmhainní leormhaithe daonna agus teicniúla a áirithiú chun sláine na dtoghchán san Aontas amach anseo a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag teicneolaíochtaí digiteacha maidir le rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú; á chur i bhfáth gur féidir le samhail ghnó na n-ardán meán sóisialta atá bunaithe ar mhicri-spriocdhíriú iompar andúile a spreagadh, agus gur féidir léi a bheith ina cúis le fás inneachair dheighiltigh, ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha do chearta bunúsacha, amhail cearta an linbh, an ceart chun sonraí pearsanta a chosc, comhionannas agus neamh-idirdhealú; á chur i bhfios go láidir gur minic a úsáidtear ardáin meán sóisialta mar uirlis don trasnaíocht eachtrach agus d’ionsaithe hibrideacha mar gheall ar a n-éifeachtaí méadaitheacha ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar phróisis dhaonlathacha; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin mar chuid d’éiceachóras athléimneachta forleathan an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na hoibleagáidí maidir le measúnú agus maolú riosca a threisiú d’ardáin agus innill chuardaigh ar líne atá an-mhór, agus obair leantach éifeachtach a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún fanacht daingean in aghaidh iarrachtaí chun an bonn a bhaint ó GSD agus imscrúduithe leantacha ar ardáin ar líne an-mhór a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin ann mar gheall ar botaí comhrá le IS giniúnach, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeidh na córais sin ina gcúis le dochar cognaíoch trína n-idirghníomhaíochtaí; á mheas nach mór go mbeidh teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear córais IS, treoraithe le prionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime agus na cuntasachta agus le coimircí iomchuí i gcórais algartamacha, amhail measúnuithe tionchair neamhspleácha a dhéanamh chun iad a chosc ón idirdhealú agus éagothromaíochtaí atá ann cheana a dhéanamh níos measa; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim chéanna le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe nár cheart go gcinnfeadh algartaim go heisiach an fhaisnéis a mbíonn rochtain ag daoine uirthi, agus gur cheart do chuideachtaí teicneolaíochta a áirithiú go ndéanfaí a n-algartaim agus a gcórais lena moltar ábhar a dhearadh agus a úsáid ar bhealaí nach mbaineann an bonn ó chearta bunúsacha agus ó luachanna daonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 27 de GSD, nach mór go leagfaidh soláthróirí ardán ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha na príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais moltaí, aon rogha atá ar fáil d’úsáideoirí chun na paraiméadair sin a mhodhnú nó tionchar a imirt orthu agus míniú ar an gcúis a mholtar ábhair áirithe don úsáideoir; ag tathant ar idirghabhálaithe ar líne deireadh a cur le cleachtais lena ndéantar dúshaothrú ar an bpolarú d’aon ghnó ar mhaithe le brabús a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur féidir éifeachtaí diúltacha a bheith ag ardáin ar líne ar chearta bunúsacha agus ar mheabhairshláinte leanaí; á chur i bhfáth gur gá leanaí a chosaint ar líne, agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh chun a fháil amach an féidir leis na creataí dlíthiúla atá ann cheana aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hábhair imní sin, agus díriú go sonrach ar dhearcadh láidir a áirithiú maidir le cearta an linbh agus cearta bunúsacha sna measúnuithe sin; á chur i bhfios go láidir nach mór don Ghníomh um Chothroime Dhigiteach atá ar na bacáin leanaí a chosaint go héifeachtach ar líne agus a gcearta a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, leibhéal ard príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do leanaí, agus iad a chosaint ar bhealach níos fearr ar ábhar dochrach agus neamhdhleathach agus ar fhógraíocht atá bunaithe ar phróifíliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh an chéad fhiosrúchán uile-Aontais ar éifeachtaí na meán sóisialta ar an bhfolláine, agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht níos láidre i litearthacht sna meáin agus sa litearthacht dhigiteach mar an coimirce is éifeachtaí in aghaidh na hionramhála; ag tathant ar na Ballstáit litearthacht sna meáin agus an litearthacht dhigiteach, oideachas sibhialta, stair na hEorpa, urraim do chearta bunúsach, machnamh criticiúil agus cur chun cinn rannpháirtíocht an phobail i gcuraclaim scoile agus ollscoile a áireamh, toisc go n-aithnítear iad mar ghnéithe ríthábhachtacha do rannpháirtíocht fhónta sa saol daonlathach agus d’fheidhmiú éifeachtach na gceart bunúsach, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun fhaisnéis a fháil; á thabhairt chun suntais gur gá obair chomhthreomhar a dhéanamh maidir le feasacht a mhúscailt ar an mbealach chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh straitéis chomhbheartaithe de chuid an Aontais ann maidir le litearthacht sna meáin agus an litearthacht dhigiteach le tionscadail a chruthaíonn torthaí nithiúla ar scála suntasach ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an cleachtas faireachais rialtais, atá ag fás, ar eagraíochtaí meán agus iriseoirí neamhspleácha ag seirbhísí faisnéise; ag cáineadh go láidir iarrachtaí ag rialtais áirithe na meáin agus iriseoirí neamhspleácha a chur i láthair mar spreagthóirí an radacaithe nó chun a n-obair a shrianadh trí lipéad na bagartha ar an tslándáil shochaíoch nó náisiúnta a bhualadh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag athdhearbhú nach mór faireachas a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí, aidhm dhlisteanach a bheith aige agus go mbeidh sé riachtanach agus comhréireach i bhfianaise na bagartha a dhéanann sé ar chearta bunúsach agus ar an daonlathas; á chur in iúl gur oth léi nach soláthraíonn an creat dlíthiúil i roinnt Ballstát coimircí beachta, éifeachtacha agus cuimsitheacha maidir le húdarú agus forghníomhú na mbeart faireachais agus maidir leis na sásraí sásaimh a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinne na mbeart sin; á chur i bhfios go láidir nach mór do gach beart faireachais a bheith faoi réir athbhreithniú iomchuí breithiúnach agus maoirseacht éifeachtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cásanna nua ina ndéantar ‘slándáil náisiúnta’ a agairt gan údar chun údar a thabhairt le himscaradh agus úsáid earraí spiaireachta agus chun rúndacht iomlán agus easpa cuntasachta a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ón gCoimisiún, i gcomhréir le dlí-eolaíocht CBAE, nach féidir tagairt don tslándáil náisiúnta a léirmhíniú mar eisceacht gan teorainn ar dhlí an Aontais agus gur cheart go gceanglófaí údar soiléir a bheith ann ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an ráiteas sin i gcásanna inarb ann do tháscairí mí-úsáide; á mheabhrú, i sochaí thrédhearcach dhaonlathach a chloíonn leis an smacht reachta, gur eisceacht seachas an riail a bheidh san fhaireachas in ainm na slándála náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit<FOOTNOTE><FIELD> Go háirithe an Ghréig, an Chipir, an Iodáil, an Ungáir, an Pholainn agus an Spáinn.</FIELD></FOOTNOTE> na moltaí uile ó PEGA agus ó Choimisiún na Veinéise a leanúint, a sholáthraíonn treoraíocht thábhachtach maidir le comhlíonadh ceart bunúsach, an smacht reachta agus an mhaoirseacht dhaonlathach a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cuntasacht agus trédhearcacht iomlán i ngach cás faireachais chunóirigh; ag tathant ar an gCoimisiún freagairt do na bagairtí atá ann agus atá ag fás mar gheall ar theicneolaíochtaí le hearraí spiaireachta; á iarraidh go mbeadh maoirseacht éifeachtach bhreithiúnach ann chun a áirithiú nach n-úsáidtear faireachas riamh in aghaidh iriseoirí, gníomhaithe ná freasúróirí polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tathant go dtabharfaí aontachas an Aontais le ECHR chun críche; á mheabhrú gur shainaithin CBAE, i dTuairim 2/13 uaidh, roinnt bacainní dlíthiúla ar an aontachas, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin chun aontachas tráthúil rathúil an Aontais a chumasú; á chur i bhfáth go bhfuil an chéim sin bunriachtanach chun creat dlíthiúil an Aontais a ailíniú leis na caighdeáin is airde maidir le cosaint chearta an duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha ag teorainneacha agus beartas imirce</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mheabhrú go mbunaítear, sa chreat reachtach nua faoi Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann, rialacha athbhreithnithe le haghaidh nósanna imeachta tearmainn, bainistiú teorainneacha agus na dlúthpháirtíochta; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear urraim iomlán do chearta bunúsacha dá chur chun feidhme éifeachtach; á thabhairt chun suntais nach mór leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an urraim do chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit, go háirithe ar a n-údaráis inniúla, cloí leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta um chearta an duine agus le gealltanais ina mbeartais imirce, imscrúduithe prasa a chur chun cinn, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeartas sin ar chearta bunúsacha, sna creataí dlíthiúla atá ann cheana agus i bhforbairt na reachtaíochta amach anseo araon, agus staonadh ó bheartais imirce a ghlacadh lena ndéantar an éagothromaíocht agus an t-eisiamh níos measa; ag spreagadh an Aontais agus na mBallstát cás agus riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha a chur san áireamh; á iarraidh go mbunófaí sásra chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme ina iomláine agus go tráthúil; á thabhairt chun suntais gur gá cloí leis an spriocdháta cur chun feidhme; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa ullmhachta ag roinnt Ballstát chun an spriocdháta cur chun feidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le forálacha a bhaineann le cearta bunúsacha, agus ag spreagadh tacaíocht agus comhar leantach chun a chur chun fheidhme iomláin a áirithiú; á thabhairt chun suntais go n-aithnítear sa dlí idirnáisiúnta gur gníomh dleathach é tearmann a iarraidh agus, dá bhrí sin, nach féidir iarrthóir tearmainn a choinneáil gan chúis bunaithe amháin ar an bhforas gur iarrthóir tearmainn an duine sin; á mheabhrú nach mór rogha dheireanach a bheith i gceist le hiarrthóirí tearmainn a choinneáil murar féidir bearta malartacha nach bhfuil chomh comhéigneach sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach; á chur i bhfáth nach mór aon choinneáil iarrthóirí tearmainn a bheith eisceachtúil, riachtanach agus comhréireach, agus nach bhféadfar í a ordú ach amháin ar bhonn measúnú aonair do na cúiseanna sonracha a thugtar faoi dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag cáineadh go láidir sáruithe ar chearta an duine ag teorainneacha, drochíde agus úsáid an fhoréigin ag údaráis náisiúnta amhail údaráis forfheidhmithe dlí agus gardaí teorann; á thabhairt dá haire gur minic nach ndéantar tuairisciú ná imscrúdú ar na cleachtais sin; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil brú suntasach oibríochtúil fós ar roinnt Ballstát ag a dteorainneacha seachtracha; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn na dúshláin sin freagairt chomhordaithe Eorpach, lena n-áirítear nósanna imeachta cuíchóirithe éifeachtacha, i gcomhréir iomlán leis an gcreat dlíthiúil de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag athdhearbhú na hoibleagáide faoi Dhlí Idirnáisiúnta na Farraige chun cabhrú le daoine atá i nguais, agus á iarraidh go práinneach ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibríochtaí buana comhordaithe cuardaigh agus tarrthála a bhunú le díbhordálacha tapa; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit gach beart is féidir a dhéanamh chun saol daoine atá i nguais ar farraige a shábháil; á iarraidh, thairis sin, go n-áiritheofaí gur féidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (SAR) oibriú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanfaí na hiarrachtaí sin a chomhordú, i gcás inar féidir, idir gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear údaráis na mBallstát, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus gníomhaithe neamhrialtasacha ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á mheabhrú gur féidir Airteagal 46 den Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a ghníomhú i gcásanna sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha; á iarraidh ar an ngníomhaireacht úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil di go réamhghníomhach, go háirithe an fhéidearthacht Airteagal 46 a ghníomhú i gcásanna sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit go gcuirfidís san áireamh na moltaí a rinne Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ina thuarascáil dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Protecting the Defenders: Ending repression of human rights defenders assisting refugees, asylum seekers and migrants in Europe’</STRING> [Na Cosantóirí a Chosaint: Deireadh a chur le cur faoi chois chosantóirí chearta an duine atá ag tabhairt cúnaimh do dhídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus imircigh san Eoraip]<FOOTNOTE><FIELD> https://rm.coe.int/recommendation-protecting-the-defenders-ending-repression-of-human-rig/1680ae9b1c.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé plé poiblí a chothú atá bunaithe ar urraim do dhínit an duine, agus an tábhacht a bhaineann le hidirphlé poiblí atá bunaithe ar fhírinní agus freagrach maidir leis an imirce agus tearmann á chur i bhfios go láidir; ag cáineadh go láidir reitric fhrithdhídeanaithe agus fhrith-imirceach a tharlaíonn arís agus arís eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foréigean inscnebhunaithe, cearta na mban agus cearta daoine LADTIA+</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag cáineadh go láidir go bhfuil cúlú ag tarlú ar chearta na mban agus cearta LADTIA+ i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhionannas inscne agus cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar fheachtais eagraithe a bhfuil i gceist leo na cearta sin a theorannú, agus na bearta is gá a dhéanamh chun an ionadaíocht inscne a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun gluaiseachtaí frithinscne agus frithchearta a chomhrac, lena n-áirítear gluaiseachtaí frith-LADTIA+, agus taighde, faireachán agus anailís dhomhain a dhéanamh ar thionchar na ngluaiseachtaí sin chun tuiscint níos soiléire a fháil ar a n-oibríochtaí, a gcomhordú agus a straitéisí maoiniúcháin; á chur i bhfáth gur ríthábhachtach an tuiscint sin chun Eoraip chuimsitheach chaoinfhulangach a choimirciú atá bunaithe ar na luachanna atá cuimsithe in Airteagal 2 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú, sa CAI nua, nach gcuirfear aon chistiú ón Aontas ar fáil do ghrúpaí frithinscne ná frithchearta arb é is aidhm leo an dul chun cinn i gcearta na mban agus cearta daoine LADTIA+ a tharraingt siar, ná d’aon ghrúpa ná tionscadal nach n-urramaíonn luachanna an Aontais ná na cearta bunúsacha a leagtar amach sa Chairt; ag tathant ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit arb é is aidhm dóibh comhionannas inscne a chur chun cinn agus tacú leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha do mhná, chun a áirithiú nach ndéanfar glaonna ar thograí chun cistí den sórt sin a fháil a chur ar sos nó a choinneáil siar d’aon ghnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe, atá ag éirí níos tromchúisí agus níos tromchúisí, ar an bpobal LADTIA+ agus ar a gcearta bunúsacha i roinnt Ballstát; ag cur béim ar an bhfíoras go sáraítear, leis na hionsaithe sin, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun comhionannas faoin dlí agus an ceart chun cosaint chomhionann gan idirdhealú faoin dlí; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit gach cineál foréigin agus idirdhealaithe in aghaidh daoine LADTIA+ a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí i ndáil le cosaint a eascraíonn as cur chun feidhme neamhleanúnach beart cosanta ar fud na mBallstát; á chur in iúl gur geal léi Straitéis nua um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a cur chun feidhme pras a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta nó straitéisí náisiúnta nua LADTIA+ a athnuachan nó a ghlacadh chun tionscnaimh an Aontais a chomhlánú le bearta náisiúnta éifeachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb ionann an easpa nósanna imeachta dlíthiúla maidir le haitheantas inscne agus sárú ar chearta bunúsacha; ag cáineadh cleachtais tiontúcháin, amhail cleachtais atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne duine a athrú nó a chur faoi chois, mar sháruithe ar chearta bunúsacha, agus ag tathant ar an gCoimisiún dul i ngleic leo trí ghníomhaíochtaí nithiúla; ag tathant thairis sin ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, togra a chur i láthair le haghaidh gníomh dlíthiúil lena leagtar amach toirmeasc de chuid an Aontais ar chleachtais tiontúcháin i ngach Ballstát mar ghníomh leantach don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na cleachtais idirdhealaitheacha a tugadh isteach i roinnt Ballstát faoin leithscéal ‘bolscaireacht LADTIA+’ a chomhrac, lena bhfuiltear ag cur le méadú imníoch ar choireanna fuatha agus ar an bhfuathchaint atá dírithe ar dhaoine LADTIA+; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar diúltach ag na bearta sin ar an tsaoirse cainte agus an tsaoirse chomhthionóil; ag cur béim ar an bhfíoras go spreagann na bearta seo idirdhealú agus go sáraíonn siad dlí an Aontais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an ceart féinchinntiúcháin atá ag daoine LADTIA+ agus an cásdlí ábhartha i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile cearta LADTIA+ a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais, leis an gCairt, agus le cásdlí CBAE agus ECtHR; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mainneachtain leantach breithiúnais CBAE a chur chun feidhme i ndáil le cearta bunúsacha daoine LADTIA+, agus úsáid á baint aige as gach sásra atá ar fáil dó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mheabhrú go leanann bacainní dlíthiúla de bheith ar aitheantas a thabhairt do pháirtnéireachtaí, tuismíocht agus póstaí comhghnéis thar teorainneacha i roinnt Ballstát; ag tabhairt rabhaidh go gcuireann na cleachtais sin bac ar shaorghluaiseacht teaghlach LADTIA+ laistigh den Aontas, go sáraíonn siad prionsabal an neamh-idirdhealaithe faoin dlí agus go leagann siad béim ar easpa na cosanta aonfhoirmí do dhaoine LADTIA+ ar fud na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit nach bhfuil sin déanta fós acu aitheantas dlíthiúil a thabhairt isteach do pháirtnéireachtaí comhghnéis; á iarraidh ar an gCoimisiún Treoir 2004/38/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a athmhúnlú chun aitheantas follasach trasteorann do chearta príobháideacha agus teaghlaigh a chur san áireamh; á chur i bhfáth go bhfuil gach leanbh mar a chéile faoin dlí agus nach mór do gach Ballstát gníomhú ar mhaithe le leas an linbh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sainordú ag an bParlaimint maidir leis an Rialachán maidir le Tuismíocht, a thacaíonn le haithint na tuismíochta ar fud an Aontais gan beann ar chineál an teaghlaigh; á iarraidh ar na Ballstáit an Rialachán maidir le Tuismíocht a ghlacadh go pras chun cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do thuismitheoirí agus leanaí ar fud an Aontais agus a áirithiú go n-aithnítear tuismíocht a bhunaítear i mBallstát amháin de chuid an Aontais ar fud an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún urraim iomlán a áirithiú don tsaoirse gluaiseachta, do chearta an linbh, don cheart cónaithe agus don cheart chun athaontú teaghlach laistigh den Aontas, lena gceadaítear do gach saoránach tairbhiú as cearta comhionanna agus iad a fheidhmiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Treochlár an Aontais um Chearta na mBan agus an Dearbhú prionsabal le haghaidh sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de atá i gceangal leis sin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa gealltanas láidir airgeadais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an leibhéal neamh-leordhóthanach uaillmhéine chun Aontas an Chomhionannais a chosaint agus a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cion mór agus rábach é an foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon, chomh maith le sárú ar chearta bunúsacha agus ar phrionsabal an chomhionannais faoin dlí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh in aghaidh gach cineáil foréigin inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go leanann cineálacha agus pátrúin cibearfhoréigin inscnebhunaithe d’fhás; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhroinnt ábhair dhlúthphearsanta agus fuathchainte i measc na gcineálacha is forleithne cibearfhoréigin; á thabhairt chun suntais gur gá bearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar fhás luachanna frithbhanda agus luachanna a mhéid a bhaineann leis an gcomhionannas inscne agus cearta na mban, agus dul i ngleic leis na luachanna sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuiscint níos doimhne ar fheiniméan an <STRING ITALIC="on">incel</STRING> agus an idé-eolaíocht a bhaineann leis, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá cosc trí bhearta níos gníomhaí chun na feiniméin agus a n-insintí a fhritháireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an dochar féideartha, atá ag méadú, agus ar an éifeacht drochmhisnigh is féidir a bheith ag teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear an intleacht shaorga, ar íospartaigh, agus bearta coisctheacha agus tacaíochta a chur in áit; ag tathant thairis sin ar an gCoimisiún beart a dhéanamh in aghaidh an fhoréigin rábaigh ar líne a dhíríonn ar mhná, atá ina bhacainn mhéadaitheach ar rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí agus ar an rannpháirtíocht chomhionann; ag tathant i ndáil leis sin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an reachtaíocht ábhartha a chur chun feidhme go hiomlán agus go cuí, go háirithe an Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus GSD;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mór agus ag cáineadh scaipeadh na coire fuatha agus na fuathchainte, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta; á chur i bhfios go láidir gur bagairt thromchúiseach iad ar urraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rioscaí ann don idirphlé daonlathach agus do chearta bunúsach nuair a dhéantar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a mhí-úsáid ag gluaiseachtaí agus polaiteoirí frithdhaonlathacha chun an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus imeaglú iriseoirí agus mionlach a dhlisteanú, agus ag cáineadh na rioscaí sin; á chur i bhfios go láidir nach mór an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú laistigh den dlí agus i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chairt agus nach féidir úsáid a bhaint aisti mar leithscéal as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ó chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac, as líne agus ar líne araon, go háirithe i gcás inar féidir an t-iompar sin a ghéarú go pointe an fhoréigin, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé reachtaíocht de chuid an Aontais a chur in áit chun coireanna fuatha agus an fhuathchaint a chomhrac, lena n-áirítear ar fhorais amhail an fhéiniúlacht inscne agus an gnéaschlaonadh; ag spreagadh an Choimisiúin obair leantach a dhéanamh ar an Straitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún chun liosta na gcoireanna san Aontas faoi Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a áireamh, agus béim á leagan ar an ngá atá le freagairt láidir ón Aontas, ó thaobh dlí coiriúil de, i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle an liosta reatha ‘coireanna san Aontas’ faoi Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a áireamh; á iarraidh ar an gComhairle an ‘clásal <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING>’ a ghníomhú i ndáil leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith réidh tús a chur leis an dara céime den nós imeachta agus treoir a mholadh a mbeadh sé mar aidhm léi an fhuathchaint agus coireanna fuatha a chomhrac as líne agus ar líne araon, agus seasamh na Parlaiminte i ndáil leis sin a chur san áireamh<FOOTNOTE><FIELD> https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2024-0044_EN.html.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gurb ionann easpa rochtana ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, nó diúltú rochtana ar an tsláinte agus na cearta sin, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, agus cineál foréigin inscnebhunaithe agus sárú ar chearta an duine agus ar chearta bunúsacha; ag tathant ar an gCoimisiún obair a dhéanamh go gníomhach i dtreo inrochtaineacht fhorleathan a áirithiú ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe; ag athdhearbhú a hiarrata go n-áireofaí an ceart chun ginmhillte shábháilte agus dhlíthiúil sa Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún obair leantach cuí a áirithiú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Mo Ghuth Mo Rogha: Ar Mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte Inrochtana’ agus togra a chur isteach le haghaidh sásra maoiniúcháin chun tacú leis na Ballstáit atá toilteanach seirbhísí sábhailte cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe a sholáthar, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte dlíthiúil, dóibh sin san Aontas a bhfuil easpa rochtana fós acu ar na seirbhísí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil aon sainmhíniú uile-Aontais fós ann ar éigniú bunaithe ar an easpa toilithe; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach nglactar leis sa dlí ná sa chleachtas go dtugtar toiliú i gcás ina bhfuil easpa diúltaithe d’iompar gnéis, gan beann ar má d’úsáid an ciontaí foréigean ná má bhagair an ciontaí foréigean, nó má tá an t-íospartach i ndlúthchaidreamh, ná pósta, leis an gciontaí; ag tathant ar na Ballstáit nach ndearna amhlaidh go fóill sainmhíniú a áireamh ina reachtaíocht náisiúnta ar an éigniú bunaithe ar easpa toilithe a thugtar go saor, i gcomhréir le Coinbhinsiún Iostanbúl agus le caighdeáin idirnáisiúnta atá ag forbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh an tsainmhínithe sin ar leibhéal an Aontais; ag athdhearbhú gur sárú tromchúiseach ar chearta agus ar dhínit an duine é an foréigean gnéis, lena n-áirítear éigniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag meabhrú chorpas na ndoiciméad a foilsíodh i ndáil leis an gciontóir gnéis ciontaithe Jeffrey Epstein, lena léirítear go ndearnadh an iliomad coireanna agus, dá bhrí sin, go bhfuil grúpa mór déantóirí coire faoi cheilt; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé dea-doiciméadaithe go raibh líonra domhain ag Epstein i measc na maithe agus na móruaisle ar fud na hEorpa, lena n-áirítear ríchíosanna, ardtaidhleoirí agus polaiteoirí; ag cáineadh an fhíorais nár suíodh go fóill cé mhéad acu, agus cé na baill den líonra sin, a bhí ar an eolas faoi gháinneáil ar dhaoine, faoi theacht i dtír gnéasach ar leanaí, faoi chalaois agus faoi choireacht airgeadais nó a raibh baint acu leo; á chur i bhfáth ní hamháin gur cúis mhór imní é nár gabhadh na daoine aonair sin fós, ach freisin go mbaineann an easpa cuntasachta iomláine an bonn den smacht reachta agus de mhuinín an phobail as institiúidí daonlathacha; á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar leibhéal an Aontais ar chásanna a bhaineann le gnéithe trasteorann laistigh den Aontas; ag ceistiú chumas an Aontais coireacht chasta trasteorann arna déanamh ag scothaicmí na sochaí a imscrúdú, a chosc agus a chomhrac; ag tathant ar an gCoimisiún a chur de chúram go pras ar lárionad saineolaithe AE um chosc na coireachta (Europol), in éineacht leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus leis na húdaráis náisiúnta, imscrúdú agus anailís a dhéanamh ar chineál na gníomhaíochta coiriúla sin, mar aon leis na daoine is féidir a thabhairt chun cuntais a shainaithint.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit aitheantas foirmiúil a thabhairt don fheimeamharú mar choir shonrach inscnebhunaithe sa reachtaíocht náisiúnta, straitéisí cuimsitheacha a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú chun é a chosc agus a chomhrac, chun a áirithiú go ndéanfar gach cás a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, agus chun tearmainn, comhairleoireacht agus sásraí cúitimh speisialta a sholáthar do ghaolta na n-íospartach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag cáineadh, gan fiacail a chur ann, úsáid an éignithe agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh go láidir agus á mheabhrú go bhféadfadh an t-iompar sin a bheith ina choir chogaidh nó ina choir in aghaidh an chine dhaonna faoin dlí idirnáisiúnta; ag tathant go neartófaí iarrachtaí idirnáisiúnta chun na coireanna sin a dhoiciméadú, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain a áirithiú ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil d’íospartaigh an fhoréigin gnéis, lena n-áirítear íospartaigh éignithe i gcomhthéacs cogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar gach Ballstát Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na Ballstáit nár dhaingnigh go fóill é agus aon tarraingt siar ó Choinbhinsiún Iostanbúl; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na hathruithe sin mar gheall ar fheachtas faidréiseach bréagaisnéise maidir le raon feidhme agus aidhm an Choinbhinsiúin ag fórsaí frithdhaonlathacha ar fud an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príosúnaigh agus dálaí coinneála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an toirmeasc ar chéasadh agus íde neamhdhaonna nó tháireach, arna leagan amach in Airteagal 4 den Chairt agus Airteagal 3 ECHR, dearbh agus domhaolaithe, agus go bhfuil feidhm acu maidir le gach duine uile, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil saoirse glactha uathu; ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an gCoiste Eorpach chun Céastóireacht a Chosc agus sásraí coisctheacha náisiúnta cuairteanna neamhtheoranta a thabhairt ar gach ionad coinneála agus go gcuirfí a moltaí chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go n-úsáidtear coinneáil réamhthrialach i roinnt Ballstát go hiomarcach nó gan údar leordhóthanach; ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú nach n-úsáidfear baint na saoire roimh thriail ach amháin mar rogha dheiridh, i gcomhréir iomlán le caighdeáin ECHR agus le toimhde na neamhchiontachta, agus chun maoirseacht bhreithiúnach agus athbhreithniú tréimhsiúil ar chinntí coinneála a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag cáineadh an phlódaithe chórasaigh, na heaspa cúraim sláinte agus fadú neamhdhleathach na coinneála réamhthrialach go láidir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar Rialacha Nelson Mandela, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus a Phrótacal Roghnach agus Rialacha Príosúnachta na hEorpa go hiomlán trí dhálaí coinneála a fheabhsú i ngach príosún agus bearta coisctheacha athshlánúcháin, lena n-áirítear i saoráidí óige, chomh maith le dul i ngleic leis an plódú, lena n-áiritheofaí rochtain ar chúram sláinte agus tacaíocht shíceolaíoch agus neartú beart lena gcoisctear féinmharú; á chur i bhfáth gur léiriú ar neart sochaí daonlathaí í cosaint dhínit an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha i bpríosúin, i gcomhréir leis an oibleagáid atá ar an Aontas seasamh leis na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tsochaí shibhialta faoi bhagairt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á mheabhrú, de réir Airteagal 11(2) CAE, nach mór d’institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le ESSanna agus le comhlachais ionadaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit próisis éifeachtacha chomhairliúcháin a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin dea-rialachais, chun rannpháirtíocht agus rannpháirteachas éifeachtach na saoránach agus ESSanna sa cheapadh beartais a áirithiú, lena n-áirítear maidir le hábhair a bhaineann le cosaint agus cur chun cinn ceart bunúsach, agus tacú lena n-acmhainneacht chun bheith rannpháirteach i mbeartais an Aontais, agus trédhearcacht agus comhlíonadh iomlán na rialacha is infheidhme á n-áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú inbhuanaithe, solúbtha agus inrochtana do ESSanna, agus rochtain ar an gceartas, a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún, i gcomhthéacs an chéad CAI eile, chun ath-leithdháileadh cistí reoite ar ESSanna a chumasú, agus á chur i bhfáth gur gá a ráthú gur féidir le cion de na hacmhainní sin tacú le heagraíochtaí a oibríonn chun cearta bunúsacha agus luachanna eile de chuid an Aontais a chur chun cinn i mBallstáit ina leanann cistí de bheith reoite; á mheabhrú a thábhachtaí atá an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) maidir le cearta agus luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí, sa Chairt agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe trí thacú le ESSanna agus trí rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach a spreagadh, chun sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha a chothú agus a fhorbairt tuilleadh; á mheas nach mór don chlár nua AgoraEU an leibhéal uaillmhéine céanna le clár CERV a choimirciú ar a laghad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>a chur in iúl gur geal léi straitéis an Aontais don tsochaí shibhialta ón gCoimisiún; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil an straitéis dírithe ar ESSanna agus cosantóirí chearta an duine, agus go n-áirítear inti gníomhaíochtaí amhail rannpháirtíocht éifeachtach agus fhóinteach leis an tsochaí shibhialta a neartú, spás sibhialta oscailte, sábháilte agus cumasúcháin a áirithiú trí thacaíocht agus cosaint a thabhairt, lena n-áirítear laghdú ar ualaí riaracháin do ESSanna ar an láthair, agus tacú le ESSanna le cistiú leormhaith, inbhuanaithe agus trédhearcach; ag tathant ar an gCoimisiún cur chun feidhme iomlán na straitéise a áirithiú agus faireachán córasach a dhéanamh ar chás an spáis shibhialta ina thuarascálacha ar an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an spás sibhialta atá ag laghdú agus an méadú atá ag teacht ar ionchúiseamh ESSanna agus chosantóirí chearta an duine i roinnt Ballstát, go háirithe iad siúd atá ag obair sna réimsí maidir le frithchiníochas, cosaint na haeráide, cearta LADTIA+, cearta na mban agus imirce; ag tabhairt dá haire go bhfuil raon bagairtí roimh na grúpaí sin, srianta dlíthiúla agus airgeadais, fionraíochtaí cistiúcháin, feachtais chlúmhillte, imeaglú agus coiriúlú san áireamh; á chur in iúl gur oth léi gur minic go dtéann srianta ar na saoirsí cainte, chun tuairimí a nochtadh, agus comhlachais i bhfeidhm go neamhréireach ar ghrúpaí nó cúiseanna sonracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur i bhfáth gur cearta bunúsacha iad an ceart chun comhthionól síochánta, saoirse comhlachais agus tuairimí a nochtadh, agus saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, a chosnaítear leis an dlí idirnáisiúnta, agus go bhfuil siad bunriachtanach don daonlathas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tsaoirse comhlachais, mar a ráthaítear le hAirteagal 12 den Chairt agus Airteagal 11 ECHR, ina cloch choirnéil do shochaí dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag cáineadh choiriúlú oibrithe daonnúla agus gníomhaithe daonnúla; ag spreagadh na mBallstát a áirithiú nach ndéanfar cúnamh daonnúil a thugtar do dhaoine leochaileacha a choiriúlú; á mheabhrú nach mór do reachtaíocht an Aontais a bheith ailínithe le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na cásanna ina bhfuil an t-ailíniú sin in easnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil bearta díréireacha curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát agus tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha ar oibrithe agus gníomhaithe daonnúla; ag cáineadh go láidir úsáid ‘dlíthe na ngníomhairí eachtracha’, a shrianann easaontú, a dhíríonn ESSanna agus a shrianann a n-oibríochtaí, lena gcruthaítear éifeacht drochmhisnigh ar an tsochaí shibhialta agus ar chosantóirí chearta an duine; ag cáineadh na mbeart díréireach i roinnt Ballstát in aghaidh agóidí síochánta, lena n-áirítear toirmisc réamhchoisctheacha, úsáid an fhórsa iomarcaigh agus coinneáil agóideoirí, a bhfuil éifeachtaí drochmhisnigh ag gabháil leo; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó ghníomh dlíthiúil díréireach in aghaidh na ndaoine sin a bhfuil páirt á glacadh acu in agóidí síochánta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir an ceart chun comhthionól síochánta a fheidhmiú, staonadh ó bhearta a mholadh ná a chur chun feidhme a bhféadfadh éifeacht drochmhisnigh a bheith acu ar an spás sibhialta, agus imní á chur in iúl go bhfacthas iarrachtaí mar sin i roinnt Ballstát, agus idirphlé sláintiúil a éascú maidir le haon ábhar imní poiblí; ag cáineadh cleachtas ar bith a bhfuil éifeacht drochmhisnigh aige ar agóidí síochánta, amhail úsáid an fhórsa iomarcaigh, faireachas agus ciapadh breithiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sásra mearfhreagartha a chur ar bun san Aontas chun tacú le ESSanna agus cosantóirí chearta an duine a chosnaíonn luachanna an Aontais agus a chuireann chun cinn iad; á iarraidh ar an gCoimisiún innéacs a bhunú don spás sibhialta Eorpach agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh go bliantúil ar an timpeallacht chumasaithe don tsochaí shibhialta; á iarraidh thairis sin go mbeadh trédhearcacht ann do chistiú gach gníomhaí i gClár Trédhearcachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/758/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ciníochas struchtúrach agus idirdhealú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á mheabhrú go gcumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus sa Chairt sainordú agus freagracht an Aontais maidir le hidirdhealú a chomhrac agus cóir chomhionann do chách a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i gcreat frith-idirdhealaithe an Aontais agus ag tathant ar na Ballstáit reachtaíocht frith-idirdhealaithe reatha an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus i gceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin tarraingt siar na Treorach Cothrománaí Frith-Idirdhealaithe a bhí beartaithe a aisiompú; ag athdhearbhú a hiarrataí chun deireadh a chur leis an mbac ar phléití sa Chomhairle maidir leis an Treoir gan mhoill agus ag tathant ar na Ballstáit comhaontú ina leith a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag aithint agus ag cáineadh an chiníochais struchtúraigh san Aontas a spreagtar le steiréitíopaí a chothaítear le dioscúrsa poiblí, a ndéantar idirdhealú ar mhionlaigh eitneacha de thoradh air sin i ngach réimse dá saol; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cineálacha aonair, struchtúracha agus institiúideacha ciníochais agus seineafóibe san Aontas agus an t-idirdhealú atá ag dul i méid in aghaidh na nArabach<FOOTNOTE><FIELD> https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2017-eu-midis-ii-main-results_en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>, na nEorpach Dubh<FOOTNOTE><FIELD> https://fra.europa.eu/en/publication/2026/antisemitism-overview.</FIELD></FOOTNOTE>, daoine de bhunadh na hÁise<FOOTNOTE><FIELD> https://fra.europa.eu/en/publication/2024/being-muslim-eu.</FIELD></FOOTNOTE>, daoine Giúdacha<FOOTNOTE><FIELD> https://fra.europa.eu/en/publication/2025/roma-survey-2024.</FIELD></FOOTNOTE>, Moslamacha<FOOTNOTE><FIELD> https://infocuria.curia.europa.eu/tabs/document?source=document&text=&docid=300973&pageIndex=0&doclang=EN&mode=req&dir=&occ=first∂=1&cid=900537.</FIELD></FOOTNOTE> agus Romaigh<FOOTNOTE><FIELD> https://fra.europa.eu/en/publication/2025/roma-survey-2024.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar na Ballstáit idirdhealú a chomhrac ar gach leibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá gach cineál idirdhealaithe a chomhrac faoin dlí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa dul chun cinn sa reachtaíocht chomhionannais agus frith-idirdhealaithe agus ina cur chun feidhme i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin reachtaíocht reatha an Aontais amhail Treoir 2000/78/CE maidir le cóir chomhionann<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/78/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go bhfuil bearnaí fós sa chreat dlíthiúil, ina chur chun feidhme agus ina fhorfheidhmiú, rud a fhágann íospartaigh gan cúiteamh dlíthiúil leormhaith; á mheabhrú nach mór do chreataí dlíthiúla na mBallstát prionsabal na córa comhionainne a chumhdach laistigh dá gcórais dhlíthiúla agus rochtain éifeachtach a áirithiú ar cheartas do gach duine; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i gcásanna nach gcomhlíontar na prionsabail sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh rochtain ar chistí an Aontais choinníollach ar chomhlíonadh iomlán na gceart bunúsach, lena n-áirítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus á iarraidh go mbeadh comharthú trédhearcach ann chun tacaíocht fhadtéarmach a ráthú do chearta an duine agus ESSanna atá dírithe ar an gcomhionannas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit, go háirithe an Ungáir, athbhreithniú a dhéanamh ar aon dlí nó beartas lena ndéantar idirdhealú ar dhaoine LADTIA+ agus ar theaghlaigh bogha ceatha; á iarraidh ar an Ungáir a áirithiú nach féidir creataí náisiúnta bunreachtúla agus reachtaíochta a mhí-úsáid chun an bonn a bhaint ó thosaíocht dhlí an Aontais ná chun mionlaigh a stiogmatú trí ‘aitheantas náisiúnta’ a úsáid mar leithscéal; ag cáineadh chur chun feidhme leantach an dlí um chosaint leanaí, mar a thugtar air, san Ungáir go láidir, arb ionann é agus idirdhealú díreach atá i gcodarsnacht le hAirteagail 7, 11, 21 agus 24 den Chairt<FOOTNOTE><FIELD> https://infocuria.curia.europa.eu/tabs/document?source=document&text=&docid=300973&pageIndex=0&doclang=EN&mode=req&dir=&occ=first&part=1&cid=900537.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú práinneach a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí na hUngáire maidir le cosaint an aitheantais áitiúil le dlí an Aontais, go háirithe an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch agus an Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú a sheoladh, i gcás ina sainaithnítear sáruithe; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann beartais áitiúla tithíochta agus chónaithe prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe agus nach dtarlaíonn leithscaradh eitneach ná socheacnamaíoch de thoradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb í tosaíocht dhlí an Aontais an chloch choirnéil d’fheidhmiú an Aontais agus d’urramú an smachta reachta ar fud na mBallstát, a dtugann gach Ballstát gealltanas ina leith tráth an aontachas; ag tathant ar na Ballstáit uile cloí le cásdlí reatha CBAE agus ECtHR; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme ag na Ballstáit maidir le breithiúnais arna dtabhairt ag CBAE agus ECtHR, agus aird ar leith á tabhairt ar bhreithiúnais lena mbaineann neamh-idirdhealú, chomhionannas inscne agus cearta na mionlach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí nua uaillmhianacha comhionannais agus frithchiníochais a chur i láthair do na blianta atá amach romhainn, ina n-áireofar moltaí na Parlaiminte freisin, chun aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú go cuimsitheach ar fud gach forais agus réimse saoil; á chur i bhfios go láidir gur gá cur chuige cuimsitheach agus comhordaithe a áirithiú ar fud na straitéisí, creataí, agus pleananna gníomhaíochta uile atá ann cheana agus atá ar na bacáin, chun sineirgí a uasmhéadú agus comhleanúnachas a áirithiú ina gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochtaí náisiúnta in aghaidh an chiníochais nó straitéisí le caighdeáin uaillmhianacha, lena n-áirítear spriocanna, amlínte agus buiséid shoiléire a ghlacadh agus a chur chun feidhme go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí faireacháin rialta a áirithiú, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór caitheamh le náisiúnaigh tríú tíortha san Aontas ar bhealach neamh-idirdhealaitheach; á thabhairt dá haire go bhfuil an ceart ag náisiúnaigh tríú tíortha iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear i gcomhréir le prionsabal an <STRING ITALIC="on">non-refoulement</STRING>; á iarraidh ar na Ballstáit le linn an smacht reachta agus na cearta bunúsacha a chlúdaítear sa Chairt a chaomhnú agus le linn an reachtaíocht arna glacadh ag na comhreachtóirí a chur chun feidhme; á chur i bhfáth go bhfuil rialuithe CBAE agus ECtHR ceangailteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit próifíliú ciníoch agus cleachtais idirdhealaitheacha eile a thoirmeasc, lena n-áirítear ag teorainneacha, acmhainní suntasacha a leithdháileadh ar thionscnaimh atá bunaithe ar chuimsiú agus cearta agus sásraí neamhspleácha faireacháin, cuntasachta agus gearán a bhunú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ceangailteacha maidir le cearta an duine agus comhionannas a bhunú chun idirdhealú algartamach a chosc; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar nochtach díréireach na bpobal radacaithe ar an truailliú, ar an díghrádú comhshaoil agus ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit institiúidí náisiúnta um chearta an duine a bhunú, i gcomhréir le Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe, chun a neamhspleáchas agus a n-acmhainneacht chun a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach a ráthú, agus chun coimircí in aghaidh na trasnaíochta polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit Treoir (AE) 2024/1500<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE (IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Treoir (AE) 2024/1499<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme go hiomlán, lena mbunaítear íoschaighdeáin do Chomhlachtaí Comhionannais; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais a ráthú agus chun a n-éifeachtacht a áirithiú le linn comhionannas a chur chun cinn; ag spreagadh tacaíocht do ESSanna maidir le tionscnaimh oideachais a fhorbairt agus a scaipeadh chun an comhionannas a chur chun cinn agus for-rochtain agus inrochtaineacht fhorleathan a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beart éifeachtach a dhéanamh in aghaidh an fhrith-Sheimíteachais, an chiníochais, an fhuatha ban, na homafóibe, na trasfhóibe agus in aghaidh aon chineáil eile claontachta, éadulaingthe, idirdhealaithe agus coireachta fuatha ar bhealach iomlánaíoch; á iarraidh thairis sin go mbeadh iarrachtaí marthanacha ann ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar choireanna fuatha agus chun iad a chosc agus a ionchúiseamh agus chun mionlaigh a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, fionnachtana FRA, ina léirítear ardú suntasach ar an bhfrith-Sheimíteachas ar fud an Aontais, lena n-áirítear ar líne, i spásanna poiblí agus laistigh de phobail áitiúla; á chur i bhfáth go dtuairiscíonn go leor daoine Giúdacha bacainní ar a gcéannachtaí a chur in iúl go hoscailte agus go leanann ábhair imní maidir leis an tsláinte de bheith rompu; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí coisc, tuairiscithe agus tacaíochta d’íospartaigh a neartú, dlús a chur le cur chun feidhme straitéis an Aontais maidir leis an bhfrith-Sheimíteachas a chomhrac agus forfheidhmiú iomlán dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a áirithiú, agus bearta oideachais, múscailte feasachta agus slándála a fheabhsú i gcás inar gá; ag cáineadh leibhéal an fhrith-Sheimíteachais, atá ag dul i méid ar fud an Aontais, go láidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha go bhfuil roinnt beartas arna nglacadh i roinnt Ballstát ina gcúis le hidirdhealú in aghaidh grúpaí áirithe, lena n-áirítear iad sin a shainítear de réir cine, datha, bunadh eitneach, teanga, reiligiúin, míchumais nó gnéaschlaonta; ag cáineadh go n-áirítear in éifeachtaí na mbeartas sin cleachtais idirdhealaitheacha dhlíthiúla agus forfheidhmithe dlí, chomh maith le dídhlisteanú – agus i gcásanna áirithe coiriúlú nó iarracht ar choiriúlú – dioscúrsaí polaitiúla, reiligiúnacha agus cineálacha eile dioscúrsa; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó chleachtais den chineál sin nó ó bheartais agus reachtaíocht a ghlacadh a bhféadfadh na hiarmhairtí sin ar na grúpaí sin a bheith de thoradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>ag cáineadh aon chineáil idirdhealaithe agus naimhdis in aghaidh pobail reiligiúnacha go láidir, lena n-áirítear Ioslamafóibe, agus gach cineáil idirdhealaithe agus ciníochais eile ar fud an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíochta foréigneacha, imeaglú, fuathchaint agus taispeáint comharthaí fuatha i spásanna poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar thíortha is iarrthóirí a chinntiú go gcaithfear le baill de gach mionlach go comhionann faoin dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú agus ar an eisiamh sóisialta a bhíonn os comhair grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear Romaigh, agus cur chun feidhme éifeachtach chreat straitéiseach an Aontais le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach a áirithiú; ag tathant ar na Ballstáit breithiúnais ECtHR a chur chun feidhme a mhéid a bhaineanna le cearta na Romach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit idirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas a chomhrac agus a gcuimsiú agus rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a chur chun cinn; á iarraidh, thairis sin, ar an Aontas agus ar na Ballstáit moltaí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a leanúint maidir le deireadh a chur le hidirdhealú in aghaidh gach duine faoi mhíchumas agus a áirithiú go dtairbhíonn siad ar bhonn comhionann de na cearta bunúsacha agus de rannpháirtíocht iomlán i ngach réimse den tsochaí<FOOTNOTE><FIELD> https://tbinternet.ohchr.org/_layouts/15/treatybodyexternal/Download.aspx?symbolno=CRPD%2FC%2FEUR%2FCO%2F2-3&Lang=en.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>ag cáineadh gach cineáil foréigin agus comhéigin in aghaidh daoine faoi mhíchumas, go háirithe aimridiú éigeantais, arb ionann é agus sárú tromchúiseach ar dhínit an duine agus ar shláine an choirp; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aimridiú éigeantais bunaithe ar mhíchumas nó acmhainneacht dhlíthiúil a choiriúlú gan eisceacht agus cúiteamh a sholáthar do mharthanóirí; á iarraidh go mbeadh plean gníomhaíochta de chuid an Aontais ann maidir le comhionannas agus trasnachas; ag tathant go n-aithneofaí agus go n-áireofaí teangacha comharthaíochta náisiúnta mar chuid d’éagsúlacht teanga an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á iarraidh go dtreiseofaí Ardán an Aontais do Dhaoine faoi Mhíchumas mar shásra buan rannpháirtíochta le haghaidh idirphlé maidir le beartais le heagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas; á iarraidh go gcoinneodh an Coimisiún creat trédhearcach faireacháin do straitéis an Aontais maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, le tuairisciú poiblí bliantúil agus rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth nach mór d’institiúidí an Aontais ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla trí inrochtaineacht, earcú cuimsitheach agus méadú suntasach ar líon na mball foirne faoi mhíchumas laistigh de riarachán an Aontais; ag tacú le cur chun feidhme plean gníomhaíochta do dhaoine faoi mhíchumas i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áiritheofaí go ndéanfadh cláir forbartha agus dhaonnúla an Aontais cearta daoine faoi mhíchumas a chomhtháthú go hiomlán, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta sóisialta agus eacnamaíocha a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar thionchair chomhshaoil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaí cistí an Aontais arna dtiomnú don chuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú – lena n-áirítear rochtain ar thithíocht inacmhainne, oideachas ardcháilíochta, slándáil shóisialta agus cúram sláinte – a úsáid go héifeachtach agus go trédhearcach; á chur i bhfáth gur cúis bhuartha di na cásanna mí-úsáide cistí a bhí ann le déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún faireachán, iniúchóireacht agus rannpháirtíocht dhíreach ón bpobal a neartú chun a ráthú go sroichfidh gach euro an tairbhí beartaithe agus go gcuirfidh gach euro le feabhas dílis ar dhálaí maireachtála grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí imeallaithe, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus daoine a ndearnadh an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach difear dóibh; á iarraidh ar na Ballstáit urraim a áirithiú do Chairt Shóisialta na hEorpa agus do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus beart a dhéanamh i gcásanna cur chun feidhme neamhleor;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gcaitear leis an tithíocht mar thráchtearra; á iarraidh go mbeadh rochtain mhéadaitheach ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne agus go nglacfaí straitéisí tithíochta fadtéarmacha ceartbhunaithe atá dírithe freisin ar chosc na heaspa dídine; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar tosaíocht, i bplean gníomhaíochta an Aontais atá ar na bacáin don tithíocht inacmhainne, don inrochtaineacht, don inacmhainneacht, agus don éifeachtúlacht fuinnimh, agus machnamh a dhéanamh ar chiste tiomnaithe a chur ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain a thabhairt ar cheartas, trédhearcacht agus rannpháirtíocht in ábhair chomhshaoil; á iarraidh go ndéanfaí bearta arb é is aidhm leo leibhéal ard cosanta comhshaoil a bhaint amach agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú, mar atá cumhdaithe in Airteagal 37 den Chairt, a chomhtháthú i mbeartais an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata go n-aithneofaí an ceart chun comhshaol sláintiúil sa Chairt; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit beart láithreach a dhéanamh chun an t-athrú aeráide a chomhrac; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún sainordú OIPE a fhairsingiú chun coireanna comhshaoil a áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á mheabhrú gurb ionann an bochtaineacht agus sárú ar dhínit an duine, a bhaineann an bonn ó réadú iomlán na gceart bunúsach mar a aithníonn an Chairt agus Airteagal 9 CFAE; á chur i bhfáth nach mór don chomhrac in aghaidh na bochtaineachta a bheith ina thosaíocht lárnach don Aontas agus do na Ballstáit uile; á iarraidh go ndéanfaí cuspóirí um dhíothú na bochtaineachta a chomhtháthú i mbeartais ábhartha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an Aontais trí chur chuige cuíchóirithe atá ailínithe le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFI 1); ag tathant ar an gCoimisiún díothú na bochtaineachta a chumhdach mar chuspóir cothrománach sa chéad timthriall straitéiseach eile de chuid an Aontais agus sásraí soiléire rialachais agus faireacháin a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á athdhearbhú gur réamhriachtanas í rochtain ar ioncam leormhaith chun saol le dínit a bhaint amach; á thabhairt dá haire, mar obair leantach ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leormhaith lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach, go bhféadfadh Treoir de chuid an Aontais maidir le hioncam íosta leormhaith rannchuidiú leis an sprioc an bhochtaineacht a laghdú faoi leath ar a laghad i ngach Ballstát faoi 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis Eorpach frithbhochtaineachta a fhorbairt leis an aidhm chun an bhochtaineacht a dhíothú faoi 2035, ina n-áireofaí spriocanna intomhaiste idirmheánach; ag tathant ar an gCoimisiún tascfhórsa frithbhochtaineachta de chuid an Aontais a chruthú, agus é mar aidhm leis faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhordú straitéis frithbhochtaineachta an Aontais atá ar na bacáin agus bochtaineacht agus éagothromaíocht ilghnéitheach a rianú ar fud na mBallstát; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht struchtúrtha ann ó dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbíonn baint idir an bhochtaineacht agus inscne, aois, míchumas, bunadh eitneach, stádas imirce agus míbhuntáiste tuaithe nó réigiúnach; á iarraidh go ndéanfaí bearta frithbhochtaineachta spriocdhírithe; á chur i bhfáth, chun an bhochtaineacht trasnach a chomhrac, go bhfuil gá le meascán beart, lena n-áirítear beartas frith-idirdhealaithe, fostaíocht ardcháilíochta, seirbhísí inacmhainne, agus bearta lena bhfeabhsaítear an infhostaitheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>ag aithint go bhfuil rannpháirtíocht fhóinteach daoine atá buailte ag an mbochtaineacht bunriachtanach don dlisteanacht dhaonlathach agus d’éifeachtacht beartas frithbhochtaineachta; á iarraidh go mbeadh struchtúir bhuana idirphlé ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le ESSanna agus comhpháirtithe sóisialta chun an cuimsiú sóisialta a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Níos faide ar aghaidh ná 2025</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á mheabhrú gur áiríodh i mbunchlocha thionscadal an Aontais folláine daoine mar cholún agus á mheas, gan beann ar aon dúshlán geopholaitiúil, slándála ná socheacnamaíoch, nach féidir leis an Aontas neamhaird a thabhairt ar gnéithe na gceart sóisialta agus bunúsach ar ar tógadh é; á iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún folláine daoine san áireamh go cuí, lena n-áirítear na daoine is leochailí, i ngach beartas de chuid an Aontais atá ann cheana agus atá ar na bacáin, agus slándáil bia agus sláinte a áireamh ina chlár oibre slándála polaitiúla;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>