<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0147</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0091/2026 -  Rapóirtéir: Konstantinos Arvanitis)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (2025/2239(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2, 3(1), 3(3), an dara fomhír, 4(3), 5, 6, 7, 11, 19 agus 49 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe do na hairteagail de a bhaineann le hurraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263, 265 agus 267,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2025 dar teideal Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2025)0900), agus don iarscríbhinn a ghabhann leis an teachtaireacht seo ina bhfuil moltaí do na Ballstáit,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 5.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/692/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phacáiste tograí ón gCoimisiún le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’ionstraimí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR), an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (CERD), an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) agus an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD), an Dearbhú maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga, Moltaí Fhóram na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna Mionlaigh, agus do mholtaí agus tuarascálacha Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabail na Náisiún Aontaithe a bhaineann le Stádas na nInstitiúidí Náisiúnta (Prionsabail Pháras), arna nglacadh le Rún 48/134 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Nollaig 1993,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le cosantóirí chearta an duine, a glacadh in 1998, agus do Threoirlínte an Aontais maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh i mí an Mheithimh 2004,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR), don Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, agus do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile i gComhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus do Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 34ú Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí 2024 an Choiste Eorpaigh chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc de chuid Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 25ú Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí (2024) ó Ghrúpa Stát Chomhairle na hEorpa in aghaidh an éillithe (GRECO),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mheabhrán tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach agus do chonclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2024 maidir le tosaíochtaí an Aontais le haghaidh comhar le Comhairle na hEorpa in 2025-2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gairm an Dlíodóra a Chosaint, a glacadh an 12 Márta 2025 agus a osclaíodh lena shíniú an 13 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla<FOOTNOTE><FIELD> IO L 65, 11.3.2016, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/dir/2016/343/oj.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le sásra an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta (COM(2017)0835), arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Feabhra 2018 ar chosaint agus neamh-idirdhealú i ndáil le mionlaigh i mBallstáit AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 463, 21.12.2018, lch. 21.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn<FOOTNOTE><FIELD> IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra lena n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) CAE, an ann do riosca soiléir go bhfuil shárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach an Aontais chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Further strengthening the Rule of Law within the Union – State of play and possible next steps’</STRING> [An Smacht Reachta a neartú a thuilleadh laistigh den Aontas – Staid na himeartha agus na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann] (COM(2019)0163),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Iúil 2019 dar teideal ‘An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú – Treoirphlean gníomhaíochta’ (COM(2019)0343),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra an Aontais um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 maidir le tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 415, 13.10.2021, lch. 36.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún an 17 Nollaig 2020 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó Shaoránaigh ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh – milliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 70.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir leis an dearbhú gur Limistéar Saoirse LADTIA atá san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 474, 24.11.2021, lch. 140</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le staid an smachta reachta san Aontas Eorpach agus cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht (AE, Euratom) 2020/2092<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 86.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 81, 18.2.2022, lch. 27.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le treoirlínte a chruthú chun an córas ginearálta coinníollachta a chur i bhfeidhm chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 146.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 dar teideal ‘an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas: an úsáid mhíchuí a bhaintear as caingne faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 205, 20.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis an meastóireacht ar bhearta coisctheacha chun éilliú, caiteachas neamhrialta agus mí-úsáid cistí an Aontais agus náisiúnta a sheachaint i gcás cistí éigeandála agus réimsí caiteachais a bhaineann le géarchéimeanna<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir leis an smacht reachta agus iarmhairtí an rialaithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 168.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus formheas féideartha phlean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 108.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2020 agus 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 80.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil riosca soiléir ann go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 463.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir le coireanna fuatha in aghaidh daoine LADTIA+ atá ag dul i méid ar fud na hEorpa i bhfianaise an dúnmharaithe homafóbaigh a tharla le déanaí sa tSlóvaic<FOOTNOTE><FIELD> IO C 149, 28.4.2023, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Samhain 2022 maidir le ceartas ciníoch, neamh-idirdhealú agus frithchiníochas san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 161, 5.5.2023, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 maidir leis an measúnú ar chomhlíonadh choinníollacha an smachta reachta ag an Ungáir faoin Rialachán maidir le Coinníollacht agus ar staid na himeartha maidir le plean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 74.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 30 Márta 2023 maidir le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 341, 27.9.2023, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Aibreán 2023 maidir leis an gcaidreamh institiúideach idir an tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/442, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/442/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1223, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1223/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil óna Coiste Fiosrúcháin maidir le himscrúdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as Pegasus agus as earraí spiaireachta faireachais comhchosúla agus do mholadh uaithi an 15 Meitheamh 2023 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/494, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Iúil 2023 maidir leis an dlí toghcháin, an coiste imscrúdaitheach agus an smacht reachta sa Pholainn<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3995, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3995/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 6 Nollaig 2023 dar teideal ‘Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile in aghaidh an fhuatha’ (JOIN(2023)0051),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2022 agus 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5739, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5739/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le liosta choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú ann<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5733, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5733/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Feabhra 2024 maidir le ‘Tuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6743, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6743/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi am 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Aibreán 2024 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an Ungáir chun an smacht reachta agus a himpleachtaí buiséadacha a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3705, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3705/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thabhairt i gcrích nós imeachta Airteagal 7(1) CAE i ndáil leis an bPolainn, mar a d’fhógair an Coimisiún an 29 Bealtaine 2024, tar éis bearta a rinne an Pholainn chun comhlíonadh chaighdeáin an Aontais maidir leis an smacht reachta a athbhunú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024, lena n-áirítear treochlár don obair a dhéanfar amach anseo ar athchóirithe inmheánacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 (JOIN(2020)0005), ar cuireadh síneadh leis go dtí 2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Cistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú – Tuarascáil bhliantúil 2024 maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh’ (COM(2024)0456),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2028 go 2034 (COM(2025)0571),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2026-2030’</STRING> [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA+ 2026-2030],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Communication on EU enlargement policy’</STRING> [Teachtaireacht maidir le beartas an Aontais um méadú] (COM(2025)0690) agus na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann leis (Pacáiste um Méadú an 4 Samhain 2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 12 Samhain 2025 dar teideal ‘An Sciath Eorpach don Daonlathas: Daonlathais Láidre Athléimneacha a Chumhachtú’ (JOIN(2025)0791),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 dar teideal ‘Straitéis an Aontais don tSochaí Shibhialta’ (COM(2025)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) CAE, go bhfuil riosca soiléir ann go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0283.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2025 maidir le cur chun feidhme chóras coinníollachta an smachta reachta<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0343.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Union of Equality’:</STRING> [Straitéis Frithchiníochais 2026-2030] (COM(2026)0012),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 17 Nollaig 2024 maidir le Dlí an Aontais a Fhorfheidhmiú (28/2024), an 22 Feabhra 2024 maidir leis an Smacht Reachta san Aontas Eorpach (03/2024), agus an 10 Eanáir 2022 maidir le tacaíocht an Aontais don smacht reachta sna Balcáin Thiar (01/2022), dá hathbhreithniú an 28 Feabhra 2024 ar thuairisciú an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta (02/2024), agus don tuarascáil speisialta maidir le Trédhearcacht chistiú an Aontais a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (11/2025) agus don agus dá moltaí faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029, arna gcur faoi bhráid na Parlaiminte an 18 Iúil 2024 ag Ursula von der Leyen, a bhí ina hiarrthóir an tráth sin ar Uachtaránacht an Choimisiúin, d’aitheasc Uachtarán an Choimisiúin ar Staid an Aontais an 10 Meán Fómhair 2025 i bParlaimint na hEorpa agus do theachtaireacht 2026 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiúin 2026’ (COM(2025)0870),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do shuirbhéanna Eorabharaiméadair 2024 agus 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí shuirbhé Flais-Eorabharaiméadair 569 i mí Mheán Fómhair 2025 maidir le dúshláin agus tosaíochtaí an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil, suirbhéanna agus tuairimí ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don aighneacht ó FRA chuig an gCoimisiún i gcomhthéacs ullmhú Thuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 2 Aibreán 2025 dar teideal ‘An dearcadh áitiúil agus réigiúnach i gcur chun feidhme an Smachta Reachta san Aontas Eorpach’
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Chlinic Smachta Reachta Institiúid Daonlathais Lár na hEorpa dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Rule of Law beyond the EU Member States – Assessing the Union’s Performance 2025’</STRING> [An Smacht Reachta lasmuigh de Bhallstáit AE – Measúnú a dhéanamh ar Fheidhmíocht an Aontais 2025]
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a d’iarr a Coiste um Buiséid dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The tools for protecting the EU budget from breaches of the rule of law: the Conditionality Regulation in context’</STRING> [Na huirlisí chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta: an Rialachán maidir le Coinníollacht i gcomhthéacs]<FOOTNOTE><FIELD> Rubio E. et al., <STRING ITALIC="on">The tools for protecting the EU budget from breaches of the rule of law: the Conditionality Regulation in context</STRING> [Na huirlisí chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta: an Rialachán maidir le Coinníollacht i gcomhthéacs], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, mí Aibreáin 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi maidir le sáruithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha sna Ballstáit,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha aiseolais, na tuarascálacha misin, na ceisteanna agus na freagraí i scríbhinn óna Grúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha (DRFMG)<FOOTNOTE><FIELD> Maidir le gníomhaíochtaí uile faireacháin DRFMG, féach: don téarma deireanach: https://www.europarl.europa.eu/committees/ga/libe-democracy-rule-of-law-and-fundament/product-details/20190103CDT02662, agus don téarma seo: https://www.europarl.europa.eu/committees/ga/working-group-democracy-rule-of-law-and-/product-details/20241205CDT13884.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Buiséid agus don tuairim ón bhFochoiste um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0091/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna seo a leanas: urraim do dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE agus mar a léirítear sa Chairt agus mar a chumhdaítear i gconarthaí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; de bhrí gur cuid de dhlí príomha an Aontais í an Chairt; de bhrí go bhfuil na luachanna sin i gcoiteann ag na Ballstáit uile agus gur cheart don Aontas agus do gach Ballstát, ar bhonn aonair, seasamh leo agus iad a chur chun cinn go gníomhach ina gcuid beartas go léir, go hinmheánach agus go seachtrach ar bhealach comhsheasmhach; de bhrí gur cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar aon chúlú i dtaca le cosaint na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; de bhrí gur bagairt shistéamach ar chearta agus ar shaoirsí na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas é aon bhonn a bhaint de na luachanna sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 49 CAE nach mór d’aon stát Eorpach atá ag cur isteach ar bhallraíocht san Aontas na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE a urramú agus gealltanas a thabhairt iad a chur chun cinn; de bhrí nach mór an t-aontachas a leanúint de bheith ina phróiseas atá bunaithe go docht ar fhiúntas agus atá bunaithe ar chomhlíonadh chritéir Chóbanhávan, go háirithe na critéir sin a bhaineann leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta an duine; de bhrí go sonraítear i gcritéir Chóbanhávan nach féidir neamhaird a thabhairt ar na prionsabail sin ná iad a athléiriú tar éis an aontachais; de bhrí go n-éilíonn an comhlíonadh sin freisin ailíniú forásach le beartais agus seasaimh an Aontais, lena n-áirítear an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála, agus go háirithe a chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb iad an smacht reachta, cearta bunúsacha, feidhmiú institiúidí daonlathacha agus athchóiriú ar an riarachán poiblí agus na critéir eacnamaíocha bunghnéithe phróiseas aontachais an Aontais; de bhrí go bhfuil athchóirithe inchreidte agus éachtaí do-aisiompaithe sna réimsí sin fíor-riachtanach chun comhionannas faoin dlí agus teachtadh praiticiúil na gceart bunúsach a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024, gur cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe inmheánacha i gcomhthráth le próiseas an mhéadaithe chun a áirithiú go mbeidh beartais an Aontais oiriúnach don todhchaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur cheart faireachán rialta a dhéanamh ar staid na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus gur cheart é sin a léiriú sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur cheart don Aontas seasamh leis na cearta sóisialta agus bunúsacha ar a bhfuil sé fothaithe agus iad a chosaint go gníomhach, laistigh dá inniúlachtaí; de bhrí nach mór easnaimh leanúnacha i gcosaint na gceart eacnamaíoch agus sóisialta – lena n-áirítear an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa, slándáil agus cosaint shóisialta, rochtain ar chúram sláinte agus ar oideachas, tacaíocht do rochtain ar thithíocht leormhaith, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe – a mheas mar bhagairt thromchúiseach ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh ar an Aontas aghaidh a thabhairt in 2025 ar dhúshláin thromchúiseacha agus cúlú daonlathach ina Bhallstáit maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint, ar dúshláin iad uile a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile; de bhrí go sainaithnítear i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta laigí struchtúracha i gcórais bhreithiúnacha, i bhforfheidhmiú frithéillithe, sa tseirbhís phoiblí, i rialachas na meán agus i gcórais srianta agus ceartúchán, agus deimhnítear inti an chonair dhearfach i roinnt Ballstát ag an am céanna agus léirítear go leanann timthriall bliantúil an smachta reachta de dhul chun cinn a spreagadh agus de thacú leis an dul chun cinn sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go gcuireann FRA i bhfáth ina Thuarascáil ar Chearta Bunúsacha 2025<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Fundamental Rights Report 2025</STRING> [Tuarascáil ar Chearta Bunúsacha 2025], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025.</FIELD></FOOTNOTE> go gcuireann athruithe geopholaitiúla agus forbairtí reachtacha agus sochaíocha araon brú ar chearta bunúsacha san Aontas, agus go bhfuil ról ag polaitíocht na féiniúlachta deighilteaí maidir le leibhéil mhéadaitheacha ciníochais agus fuatha, rud a fhágann go mbíonn daoine ó chúlraí eitneacha éagsúla agus pobail reiligiúnacha éagsúla ag fulaingt; de bhrí go dtugtar faoi deara sa tuarascáil freisin go bhfuil an fhuathchaint agus ábhar díobhálach fós á scaipeadh ar líne gan seiceáil, go bhfuil an baol ann go gcuirfidh athruithe digiteacha tapa agus forbairtí intleachta saorga (IS) leis na neamhionannais atá ann cheana, agus go bhfuil na mílte duine a chailltear ar muir agus líomhaintí maidir le drochíde fhisiciúil ag teorainneacha ina n-ábhar imní maidir leis an gcaoi a gcaitear le hiarrthóirí tearmainn agus le himircigh; de bhrí go gcuireann na treochtaí sin luachanna daonlathacha agus comhionannas i mbaol, rud a chuireann cearta bunúsacha daoine i mbaol, agus go leanann roinnt daoine ar fud an Aontais de bheith ag streachailt ó thaobh airgeadais de sna dálaí socheacnamaíocha dúshlánacha leanúnacha a dhéanann difear díréireach dóibh siúd atá i mbaol bochtaineachta cheana féin agus a chuireann leis na neamhionannais atá ann cheana do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; de bhrí, in ainneoin na ndúshlán a bhí ann in 2024, go bhfuil forbairtí dearfacha ann, amhail reachtaíocht an Aontais chun spásanna ar líne agus IS a rialáil, rud lena bhféachtar le timpeallacht dhigiteach a áirithiú lena n-urramaítear cearta bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil ábhair imní sheanbhunaithe fós ann i mBallstát atá faoi réir imeachtaí Airteagal 7(1) CAE maidir le comhchruinniú sistéamach na cumhachta polaitiúla, creimeadh na srianta agus na gceartúchán institiúideach agus lagú na n-údarás maoirseachta neamhspleách, in ainneoin gur iarradh arís agus arís eile go ndéanfaí gníomhaíocht cheartaitheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, in ainneoin an bhrú mhéadaithigh ar an spás sibhialta ar fud an Aontais, nach léirítear go leormhaith i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta a thromchúisí atá an brú sin agus na bagairtí struchtúracha lena mbaineann, agus gur eisíodh moltaí teoranta; de bhrí nach dtugtar aghaidh go leormhaith sa tuarascáil ar ábhair imní leanúnacha maidir le neamhspleáchas breithiúnach, saoirse na meán, éilliú, agus srianta agus ceartúcháin i mBallstáit áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nár thug an Coimisiún aghaidh go cuimsitheach i roinnt Ballstát ar shrianta ar shaoirse comhthionóil, ar rochtain ar fhaisnéis, ar shláine toghcháin agus ar idirdhealú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur chinn CBAE, i gCás C-713/23, nach mór do Bhallstát aitheantas a thabhairt, chun críocha na gceart a thugtar le dlí an Aontais, do phósadh idir beirt saoránach AE den ghnéas céanna a tugadh i gcrích go dleathach i mBallstát eile inar fheidhmigh siad a saoirse gluaiseachta agus cónaithe; de bhrí gur chinn CBAE go bhfuil diúltú an aitheantais sin contrártha le dlí an Aontais toisc go sáraíonn sé an tsaoirse chun gluaiseacht agus cónaí agus an ceart bunúsach go dtabharfaí meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, de réir innéacsanna shaoirse na meán, laistigh den Aontas, go dtiteann an ghaireacht chontúirteach idir na meáin nuachta agus iad siúd atá i gcumhacht amach trí dháileadh teimhneach éagothrom na fógraíochta stáit; de bhrí go sainítear timpeallacht na meán le coinbhleachtaí leasa, agus nuair a chuireann eagraíochtaí meán réigiúnacha in aghaidh brú, go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chásanna dlí straitéiseacha in aghaidh na rannpháirtíochta poiblí (SLAPPanna) a ídíonn a gcuid airgeadais; de bhrí go bhfuil comharthaí dóchais ag teacht chun cinn, agus roinnt earnálacha meán ag teacht chucu féin tar éis laghduithe ar bhrúnna dlíthiúla, go bhfuil móiminteam dearfach eacnamaíoch le feiceáil in earnálacha eile, agus go bhfuil ardleibhéil saoirse an phreasa á mbaint amach i roinnt earnálacha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go leanann iriseoirí i roinnt Ballstát de bheith ag dul i ngleic le feachtais chlúmhillte, imeachtaí cúirte mí-úsáideacha, imeaglú agus bagairtí, as a n-eascraíonn eagla agus féinchinsireacht agus a lagaíonn ceart an phobail chun faisnéise; de bhrí go gcuirtear iallach ar roinnt iriseoirí maireachtáil faoi chosaint na bpóilíní;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur chinn a Coiste Fiosrúcháin maidir le Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (PEGA) go ndearnadh na huirlisí sin a chur chun úsáide go neamhdhleathach i roinnt Ballstát in aghaidh iriseoirí, na sochaí sibhialta, dlíodóirí, daoine de chuid an fhreasúra agus oifigigh phoiblí; de bhrí go ndearna sé taifead ar sháruithe tromchúiseacha ar phríobháideachas, ar chosaint sonraí agus ar shaoirse cainte, ag tabhairt rabhaidh gur bagairt chórasach ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha san Aontas iad cleachtais den sórt sin; de bhrí gur ábhar mór imní fós é úsáid teicneolaíochtaí faireachais spiaireachta, amhail Predator, Pegasus agus Paragon Graphite, in aghaidh iriseoirí san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh baint a bheith ag sáruithe áirithe ar chearta bunúsacha le húsáid roinnt cistí ón Aontas, go háirithe i réimsí na ndálaí glactha d’iarrthóirí tearmainn, institiúidiú daoine faoi mhíchumas agus leanaí, agus tionscadail áirithe tithíochta agus oideachais um athghiniúint uirbeach<FOOTNOTE><FIELD> Bridge EU, <STRING ITALIC="on">1.1 Billion Euros, 63 Projects, Six Countries, One Pattern: How EU Funds Violate Fundamental Rights</STRING>, (Bridge EU 2025).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhféadfadh sé gur cuireadh cistí áirithe de chuid an Aontais i dtreo cuideachtaí atá nasctha le teicneolaíochtaí faireachais chunóraigh<FOOTNOTE><FIELD> Ionad Acmhainní Gnó agus Ceart Daonna, <STRING ITALIC="on">EU: 39 Members of the European Parliament from 4 political groups call for answers regarding taxpayer funding fuelling spyware</STRING>, suíomh gréasáin an Ionaid Acmhainní Gnó agus Ceart Daonna, (an 1 Deireadh Fómhair 2025).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur cheart bainistiú agus formhaoirseacht cistí de chuid an Aontais a neartú chun sáruithe den sórt sin a chosc agus chun comhlíonadh iomlán na gcoimircí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur cuireadh ábhair imní in iúl<FOOTNOTE><FIELD> Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR), <STRING ITALIC="on">European Union: Restrictive measures against academics negatively impact human rights, say UN experts</STRING>, suíomh gréasáin Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, an 26 Eanáir 2026.</FIELD></FOOTNOTE> maidir le bearta sriantacha AE a tugadh isteach faoi Chinneadh (CBES) 2024/2643<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle agus faoi Rialachán (AE) 2024/2642<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta daoine aonair, lena n-áirítear iriseoirí, agus an gá atá lena áirithiú go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcomhréir le ceanglas na comhréireachta faoi dhlí an Aontais, urraim do phróisis chuí, maoirseacht bhreithiúnach agus coimircí dlíthiúla leormhaithe, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-éilliú fós ina ábhar mór imní do shaoránaigh AE, mar a léirítear i suirbhé Eorabharaiméadair 2025 maidir leis an éilliú<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Eorabharaiméadar Speisialta 561: Dearcadh na saoránach i leith an éillithe san Aontas in 2025’, mí Iúil 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, go háirithe, go measann 69 % díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil an t-éilliú forleathan ina dtír féin agus go gcreideann 51 % go bhfuil sé forleathan laistigh de pháirtithe polaitiúla; de bhrí go ndiúltaíonn freagróirí an tsuirbhé go mór do chleachtais éillitheacha, agus go measann 71 % díobh nach bhfuil sé inghlactha riamh garanna a dhéanamh mar mhalairt ar bhuntáistí ó údaráis phoiblí, gur dhiúltaigh 74 % do bhronntanais a thabhairt agus gur dhiúltaigh 80 % d’airgead a thabhairt chun buntáistí den sórt sin a fháil; de bhrí gur thuairiscigh 5 % de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu go raibh siad thíos leis an éilliú nó go raibh éilliú feicthe acu le 12 mhí anuas ach nár thuairiscigh ach duine amháin as gach cúigear é, agus go bhfuil a fhios ag níos lú ná leath de na freagróirí cá háit ar cheart cás éillithe a thuairisciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go gcuireann GRECO Chomhairle na hEorpa i bhfios go láidir ina 25ú Tuarascáil Ghinearalta ar Ghníomhaíochtaí go bhfuil athchóirithe bunúsacha fós fíor-riachtanach chun neamhspleáchas na mbreithiúna, an t-ionchúiseamh agus forfheidhmiú an dlí a neartú, agus chun muinín as institiúidí poiblí, ceannaireacht pholaitiúil, na breithiúna agus forfheidhmiú an dlí a athbhunú, rud lena n-éilítear iarrachtaí leanúnacha frithéillithe, maoirseacht níos láidre agus maoirseacht neamhspleách, creat láidir cothrom chun idirghníomhaíochtaí idir daoine a bhainistiú leis na hardfheidhmeanna feidhmiúcháin agus brústocairí agus tríú páirtithe a mbíonn tionchar acu ar chinnteoireacht phoiblí, chomh maith le cur i bhfeidhm chaighdeáin an dorais imrothlaigh, agus tiomantas buanseasmhach don trédhearcacht, don chuntasacht, don cheartas agus don ionracas; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar dhlíthe faisnéise cuimsitheach, go bhforfheidhmeofar go héifeachtach iad agus go gcuirfear chun feidhme go réamhghníomhach iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur comhpháirteanna riachtanacha de na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE iad sláine toghcháin, an ceart comhionann vótála agus fíoriomaíocht pholaitiúil agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu go córasach san fhaireachán ar an smacht reachta ar na Ballstáit, agus ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go gcuirtear in iúl sa 34ú Tuarascáil Ghinearálta ón gCoiste Eorpach chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc (CPT) de chuid Chomhairle na hEorpa gur cúis mhór imní é an méadú suntasach atá tagtha ar phlódú i bpríosúin, go háirithe i roinnt Ballstát, rud a bhaineann an bonn go hiomlán ó fheidhmiú na bpríosún agus a d’fhéadfadh daoine aonair a nochtadh d’íde mhídhaonna agus tháireach, toisc go bhfágann sé sin go mbíonn dálaí maireachtála níos boichte ann, go dtagann méadú ar an teannas agus ar an bhforéigean, agus go dtagann laghdú ar ghníomhaíochtaí fiúntacha agus ar ullmhú príosúnach don fhilleadh ar an bpobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, de réir sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Criminal Detention Database 2015-2022</STRING> [Bunachar Sonraí Coinneála Coiriúla 2015-2022], suíomh gréasáin FRA; Aebi, M.F. agus Cocco, E. <STRING ITALIC="on">SPACE I – 2024 – Council of Europe Annual Penal Statistics: Prison populations</STRING> [SPACE I – 2024 – Staitisticí Bliantúla Chomhairle na hEorpa i ndáil le Pionós: An líon daoine i bpríosúin], Comhairle na hEorpa, 2025; An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, <STRING ITALIC="on">Status report on prison health in the WHO European Region 2022</STRING>, Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip, Cóbanhávan, 2023.</FIELD></FOOTNOTE> ó FRA agus ó Chomhairle na hEorpa, go bhfuil cúram sláinte neamhleor, rochtain theoranta ar thacaíocht mheabhairshláinte, agus líon méadaitheach féinmharuithe fós ina n-ábhar mór imní i bpríosúin i roinnt Ballstát; de bhrí go gcuireann féinmharuithe agus gníomhartha féindíobhála béim ar fhadhbanna leanúnacha agus tromchúiseacha i gcórais choinneála; de bhrí go bhfuil gá le haird ar leith i saoráidí d’ógánaigh, i mar a nochtar mionaoisigh do thuilleadh tráma agus eisiaimh mar gheall ar easpa bearta leordhóthanacha cúraim shíceolaíoch, oideachais agus ath-imeasctha;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí nach cásanna aonair iad cásanna nach ndéantar breithiúnais CBAE agus ECtHR a chur chun feidhme nó cásanna ina ndéantar iad a chur chun feidhme go páirteach agus moilleanna leanúnacha ar bhreithiúnais CBAE agus ECtHR a fhorghníomhú ach go léiríonn na cásanna sin fadhbanna leanúnacha i roinnt Ballstát agus saincheisteanna athfhillteacha i mBallstáit eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go dtugann an Líonra Eorpach um Chur Chun Feidhme agus Democracy Reporting International chun suntais, ar fud CBAE agus ECtHR araon, go mbaineann na bearnaí cur chun feidhme den chuid is mó leis na réimsí céanna, is é sin neamhspleáchas breithiúnach agus rochtain ar cheartas, tearmann agus imirce, dálaí coinneála, comhionannas agus sonraí/faireachas; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil forbairtí dearfacha trasearnálacha tagtha chun cinn i mBallstáit áirithe, rud a léiríonn gur féidir comhlíonadh agus feabhsú a dhéanamh i gcás ina bhfuil toil pholaitiúil shoiléir agus fíorthiomantas ann cloí le rialuithe na gcúirteanna idirnáisiúnta maidir leis an smacht reachta a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> An Líonra Eorpach um Chur Chun Feidhme agus Democracy Reporting International, <STRING ITALIC="on">Justice Delayed and Justice Denied – Non-implementation of European Courts Judgments and the Rule of Law</STRING>, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go mbaineann bréagaisnéis, ionramháil algartamach agus trédhearcacht neamhleor ardán ar líne an bonn ó dhíospóireacht dhaonlathach, agus go bhféachann forfheidhmiú faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur cúis imní bhreise é an aird theoranta a thugtar ar mholtaí faoi ‘Shaincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin’, ós rud é go bhfuil an réimse téamach sin an-leathan agus go gcumhdaítear raon leathan saincheisteanna leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil feabhas tagtha ar mhodheolaíocht na tuarascála bliantúla ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta le himeacht ama, nach n-úsáidtear mar chuid di tagarmharcanna soiléire agus oibríochtúla i gcónaí chun measúnú a dhéanamh ar na Ballstáit faoi gach colún, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra coinníollacha a chur i gcomparáid ar fud na mBallstát agus caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú, agus go bhféadfadh lagú ar iontaofacht na tuarascála maidir leis an smacht reachta mar shásra luathrabhaidh agus coisctheach a bheith mar thoradh air;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí, de réir anailís 2025 ar an smacht reachta arna déanamh ag Liberties EU<FOOTNOTE><FIELD> An tAontas um Shaoirsí Sibhialta don Eoraip, <STRING ITALIC="on">European Commission’s Rule of Law Report 2025 – Gap Analysis</STRING> [Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Smacht Reachta – Anailís ar Bhearnaí].</FIELD></FOOTNOTE>, gur beag dul chun cinn atá déanta ó bhí 2022 ann ag thart ar aon trian de na Ballstáit uile maidir le moltaí an Choimisiúin a chur chun feidhme; de bhrí go mbíonn idir cúig agus ocht moladh ag naoi dtír i gcónaí nach bhfuil curtha chun feidhme go fóill; de bhrí gur beag dul chun cinn atá déanta i leith 61 % de na moltaí a ndearnadh measúnú orthu in 2025 nó nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ina leith ó bhí 2022 ann; de bhrí gur moltaí a tugadh i mblianta roimhe seo iad 93 % de mholtaí uile 2025 ón gCoimisiún (agus 71 % a théann siar go 2022) agus nár tugadh isteach ach naoi moladh nua in 2025; de bhrí, in 2025, nach bhféadfaí ach 6 % de na moltaí a mheas mar mholtaí atá curtha chun feidhme go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil sainordú ag DRFMG laistigh de Choiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faireachán a dhéanamh ar sháruithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha, agus ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe laistigh den Aontas; de bhrí, le breis agus 7 mbliana anuas, go bhfuil measúnú déanta ag DRFMG ar staid an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach ar fud an Aontais trí sheisiúin thiomnaithe maidir leis na Ballstáit agus ábhair chothrománacha, agus toscaireachtaí <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>; de bhrí gur cleachtadh teicniúil é an faireachán lena neartaítear córais ionracais agus lena bhfeabhsaítear athléimneacht institiúideach agus gur cheart go bhfanfadh sé neamhspleách ar thionchar polaitiúil; de bhrí, cé go bhfuil sé leabaithe sa chreat parlaiminteach, go bhfuil gealltanas seanbhunaithe ag DRFMG staonadh ó bhreithnithe páirtípholaitiúla agus a mheasúnuithe a bhunú ar chaighdeáin sheanbhunaithe agus ar bhreithiúnas fianaisebhunaithe, agus go bhfuil ionchur luachmhar táirgthe aige in obair an Aontais ar an smacht reachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go dtugtar aird i gclár oibre 2026 an Choimisiúin ar an ngá atá le timthriall bliantúil comhtháite maidir leis an smacht reachta le luas coiteann, garspriocanna soiléire agus rannchuidiú gníomhach institiúidí uile AE; de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta ríthábhachtach i gcónaí chun cistí uile AE a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go mbeadh nasc níos láidre idir urraim don smacht reachta agus rochtain ar chistí an Aontais, lena n-áirítear tríd an nasc idir na moltaí atá ina rún bliantúil maidir leis an smacht reachta agus tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais a neartú; de bhrí gur gheall an Coimisiún féin, roinnt uaireanta, go neartódh sé na naisc sin, lena n-áirítear san aitheasc ar Staid an Aontais a thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen an 10 Meán Fómhair 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí nach mór úsáid ionstraimí an smachta reachta a leanúint de bheith neamhchlaonta agus bunaithe go heisiach ar aimsiú fíoras infhíoraithe agus ar réasúnaíocht dhlíthiúil, saor ó ionstraimiú nó ó mhargáil pholaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí, ina tuairim an 5 Meitheamh 2025 i gCás C-769/22, gur tháinig an tAbhcóide Ginearálta Ćapeta ar an gconclúid gur féidir le hAirteagal 2 CAE a bheith ina bhunús dlí ar leithligh le haghaidh imeachtaí um shárú i gcásanna inarb é an diúltú luacha is bunchúis le sáruithe eile ar dhlí an Aontais, agus gur mhol sí go ndearbhódh CBAE, trí Dhlí LXXIX 2021 a ghlacadh, gur sháraigh an Ungáir an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/31/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Treoir um Sheirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/123/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/13/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Airteagal 56 CFAE, Airteagail 1, 7, 8(2), 11 agus 21 den Chairt agus Airteagal 2 CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí gur cheart an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta a leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar na Ballstáit agus ar na tíortha is iarrthóirí; de bhrí gur cheart leanúint de chomhlíonadh an smachta reachta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE a áirithiú trí chóras breithiúnach an Aontais agus trí mhaoirseacht an Ombudsman Eorpaigh; de bhrí gur cheart measúnú trédhearcach a dhéanamh sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta ar chomhlíonadh chaighdeáin an smachta reachta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar easnaimh laistigh d’institiúidí AE ar bhealach níos éifeachtaí agus creidiúnacht an Aontais a fheabhsú trína institiúidí féin a chur faoi réir grinnscrúdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a n-institiúidí náisiúnta um chearta an duine bunaithe agus creidiúnaithe agus go n-oibríonn siad i gcomhréir iomlán le Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil neamhspleáchas, iolrachas, slándáil airgeadais, acmhainní iomchuí, sainordú éifeachtach agus údarás reachtúil na n-institiúidí náisiúnta um chearta an duine fíor-riachtanach dá misean cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint go héifeachtach agus faireachán a dhéanamh ar chaighdeáin an smachta reachta agus ar fheidhmiú srianta agus ceartúchán daonlathach; de bhrí gur cheart a iarraidh ar na Ballstáit na hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine a chosaint ar chur isteach polaitiúil;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Córais cheartais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil an smacht reachta bunaithe ar chineál ceangailteach an dlí ar na húdaráis phoiblí uile agus ar cheart éifeachtach gach duine rochtain a bheith acu ar bhinse neamhspleách neamhchlaonta, agus go bhfuil an dá ghné sin doscartha agus go dtreisíonn siad a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur prionsabal bunúsach den smacht reachta é ceartas cothrom agus inrochtana a éilíonn breithiúnacht neamhspleách; á athdhearbhú go bhfuil rochtain chomhionann ar cheartas do gach saoránach fíor-riachtanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá córais bhreithiúnacha neamhspleácha agus rochtain ar chúnamh dlíthiúil saor in aisce chun rochtain chomhionann ar cheartas a áirithiú; á athdhearbhú go bhfuil acmhainní leormhaithe, lena n-áirítear bonneagar agus pearsanra, ríthábhachtach chun córais cheartais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha na bearta is gá a dhéanamh chun córais bhreithiúnacha atá neamhspleách ó thaobh struchtúir de, éifeachtúil agus neamhchlaonta a áirithiú, chomh maith le rochtain ar chúnamh dlíthiúil saor in aisce, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, agus ar an gcaoi sin rochtain chomhionann ar cheartas a ráthú do chách, rud atá fíor-riachtanach do shaoránaigh chun a gcearta a fheidhmiú, dúshlán a thabhairt don idirdhealú, agus cinnteoirí a thabhairt chun cuntais; á athdhearbhú go bhfuil gá le gníomhaíochtaí nithiúla chun rochtain a fheabhsú, go háirithe do ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá – ar a laghad – le córais uathoibrithe agus randamacha leithdháilte cásanna chun neamhspleáchas breithiúnach agus rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú, le forais mhaolaithe atá sainithe go cúng agus atá in-athbhreithnithe; nósanna imeachta ceapacháin agus ardaithe céime atá trédhearcach, atá bunaithe ar an dlí agus atá dípholaitithe, lena n-áirithítear go bhfuil tromlach substaintiúil de chomhaltaí breithiúnacha arna dtoghadh ag a bpiaraí ag comhairlí breithiúnacha nó ag comhlachtaí coibhéiseacha, i gcomhréir le caighdeáin Choimisiún na Veinéise, agus nach féidir leis an bhfeidhmeannas rialú lánroghnach a fheidhmiú ar cheapacháin, lena n-áirítear ceapacháin chuig uachtaránachtaí cúirte agus cúirteanna uachtaracha; rialacha cobhsaí oibiachtúla maidir le luach saothair breithiúnach leordhóthanach; acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear cistiú, bonneagar agus foireann cháilithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil córais dlí náisiúnta láidre fíor-riachtanach sna Ballstáit, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, ós rud é go mbraitheann an Coimisiún ar údaráis bhreithiúnacha náisiúnta chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, agus go bhfuil siad bunriachtanach don chomhar breithiúnach ar fud an Aontais agus chun muinín fhrithpháirteach a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhionn an Coimisiún go bhfuil dúshláin struchtúracha ann maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht, inrochtaineacht agus cáilíocht bhreithiúnacht roinnt Ballstát agus na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an bhfaireachán ar na dúshláin sin, go háirithe i dtíortha atá níos faide chun cinn sa phróiseas aontachais; á chreidiúint go láidir gur príomhthoisc í an oiliúint maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna, chomh maith le cáilíocht agus éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh, a ráthú; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in oiliúint bhreithiúnach, digitiú, cúnamh dlíthiúil, agus rochtain ar cheartas do ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha; ag moladh do na Ballstáit deiseanna oiliúna a áirithiú do bhreithiúna; á chreidiúint go láidir gur cheart go mbeadh an oiliúint ildisciplíneach; á athdhearbhú go bhfuil acmhainní leormhaithe, lena n-áirítear cistiú, bonneagar agus pearsanra cáilithe, ríthábhachtach d’éifeachtúlacht agus d’inrochtaineacht an chórais ceartais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tacaíocht láidir AE sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an digitiú a thapú chun simpliú, éifeachtúlacht agus inrochtaineacht fheabhsaithe, coigilteas ama agus costais laghdaithe stórála sonraí a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cúis mhór imní di an tionchar polaitiúil iomarcach ar cheapacháin bhreithiúnacha, ar phainéil araíonachta, ar arduithe céime agus ar leithdháileadh cásanna, lena n-áirítear trí struchtúir bhreithiúnacha nuachruthaithe lena seachnaítear coimircí atá ann cheana agus lena n-éascaítear cur isteach feidhmiúcháin, go háirithe san Ungáir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú go léirítear i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil go leor de na heasnaimh sheanbhunaithe a sainaithníodh sna blianta roimhe seo fós ann san Ungáir, cuir i gcás an fíoras go bhfuil amhras fós ann faoi neamhspleáchas breithiúnach, nach bhfuil coimircí láidre fós ag an tseirbhís ionchúisimh in aghaidh tionchar polaitiúil, go bhfuil próisis reachtacha fós doiléir agus go mbíonn comhairliúchán poiblí teoranta ag baint leo, agus nár tháinig torthaí fóinteacha as iarrachtaí chun saoirse na meán, iolrachas agus spás sibhialta a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le neamhchlaontacht na mbreithiúna; á mheabhrú nach mór ceapadh agus ardú céime breithiúna a chinneadh de réir a gcáilíochtaí amháin, ós rud é go bhfuil na breithiúna fíor-riachtanach chun neamhspleáchas breithiúnach a choimirciú; á mheabhrú nach mór na critéir maidir le hainmniúcháin agus ceapacháin chuig poist bhreithiúnacha ardleibhéil a bheith go hiomlán trédhearcach agus gan cur isteach polaitiúil nó seachtrach míchuí; á mheabhrú nach mór feidhm a bheith ag nósanna imeachta trédhearcacha agus neamhchlaonta freisin maidir le breithiúna a dhífhostú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh agus a áirithiú go n-urramóidh na Ballstáit prionsabal an neamh-chúlchéimnithe, mar a shoiléirítear le cásdlí CBAE, go hiomlán, go háirithe maidir le breithiúna a cheapadh, chun aon chúlú i réimse an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú gur gá neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh a ráthú, agus ar an gcaoi sin aon chur isteach polaitiúil ina cuid oibre a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit coimircí a neartú a thuilleadh chun neamhchlaontacht ionchúisitheoirí a áirithiú, i bhfianaise struchtúir éagsúla na seirbhísí ionchúisimh náisiúnta; ag tathant orthu athchóirithe a chur chun cinn i gcomhréir leis na moltaí i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta, lena n-áirítear cosaintí feabhsaithe le haghaidh neamhspleáchas breithiúnach agus le haghaidh neamhspleáchas ionchúisitheoirí i gcomhthéacs fiosrúcháin pharlaiminteacha, chomh maith le bearta amhail téarma oifige an Phríomh-Ionchúisitheora a dhíchúpláil ó théarma oifige an Rialtais; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na hathchóirithe a cuireadh chun feidhme i ndáil leis sin agus faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtacht; á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar nósanna imeachta araíonachta do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí chun cosc a chur ar údaráis pholaitiúla iad a úsáid chun rialú a dhéanamh ar na breithiúna, agus chun a áirithiú go láimhseálann comhlachtaí neamhspleácha iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cáineadh mhí-úsáid an chórais bhreithiúnaigh chun críoch polaitiúil, lena n-áirítear géarleanúint ar lucht freasúra polaitiúil agus cur isteach ar imscrúduithe éillithe; á chur i bhfáth go mbaineann ionchúisimh arb í an pholaitíocht is cúis leo an bonn ó mhuinín an phobail i bprionsabail bhunreachtúla agus i gcaighdeáin an Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé uathriail agus neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh a ráthú, lena gcuirtear cosc, dá bhrí sin, ar aon chur isteach polaitiúil ina cuid oibre, go háirithe ón rialtas; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról na bpróiseas ceapacháin trédhearcach ina phríomhthoisc d’ionchúisitheoirí chun muinín an phobail as an gceartas coiriúil a choimeád; ag cáineadh mí-úsáid maithiúnais agus pardún ar mhaithe le polaiteoirí, ós rud é go gcuireann sé prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí i mbaol, á thabhairt chun suntais gur cúis bhuartha di na hionsaithe leanúnacha ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí atá i mbun imscrúduithe polaitiúla ardphróifíle a bhaineann le cásanna éillithe agus mí-úsáide cumhachta a dhéantar in aghaidh freasúraí polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag comhairlí náisiúnta na mbreithiúna maidir le neamhspleáchas breithiúnach a chosaint, ós rud é go bhfeidhmíonn siad mar eadránaithe idir na breithiúna agus brainsí eile cumhachta, lena n-áirítear in ábhair amhail ceapacháin, forbairt gairme, agus bainistiú an chórais ceartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, i gcás inarb ann do Chomhairlí um na Breithiúna, gur cheart a gcomhdhéanamh agus a bhfeidhmiú i gcomhréir a bheith leis na caighdeáin arna mbunú ag Coimisiún na Veinéise agus ag Comhairle na hEorpa, lena n-áirítear go bhfuil an Chomhairle le bheith comhdhéanta go heisiach de bhreithiúna nó, nuair a bhíonn meascán de bhreithiúna agus de chomhaltaí nach breithiúna iad, go bhfuil tromlach suntasach de na comhaltaí le bheith ina mbreithiúna arna dtoghadh ag a bpiaraí, agus go bhféadfar comhaltaí neamhbhreithiúnacha a cheapadh trí nósanna imeachta daonlathacha trédhearcacha chun iolrachas agus dlisteanacht a áirithiú, agus nach féidir leis an bhfeidhmeannas rialú lánroghnach a fheidhmiú ar cheapacháin, chun neamhspleáchas a áirithiú agus chun tionchar míchuí a chosc, rud atá formhuinithe ag CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di measúnú an Choimisiúin ina thuarascáil ar na hathchóirithe a rinneadh, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag roinnt Ballstát agus go bhfuil tionscnaimh reachtacha á ndéanamh acu chun neamhspleáchas agus éifeachtacht na gComhairlí um na Breithiúna a neartú i gcás inarb ann dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éilíonn córas ceartais atá éifeachtach agus a fheidhmíonn go cuí sna Ballstáit barraí agus dlíodóirí neamhspleácha ar féidir leo a ndualgais a dhéanamh gan bhac agus gan brú ná cur isteach míchuí, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu maidir leis an smacht reachta a choimirciú agus cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, go bhfuil sé fíor-riachtanach croíphrionsabail ghairm an dlí a urramú go hiomlán, lena n-áirítear rúndacht idir dlíodóirí agus cliaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil imní fós ann faoi leibhéil luacha saothair na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí i roinnt Ballstát, rud a fhágann nach bhfuil poist tarraingteach agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé deacair iad a líonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an treocht atá ag dul i méid maidir le ról agus dlisteanacht breithiúnachta neamhspleáiche a cheistiú ó thaobh struchtúir de, agus ar an gcaoi sin dúshlán a thabhairt d’fheidhmiú cuí an chórais ceartais ann féin agus á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas é neamhspleáchas breithiúnach do dhlisteanacht an údaráis bhreithiúnaigh, d’in-fhorfheidhmitheacht cinntí cúirte agus do mhuinín an phobail as an gceartas; á mheabhrú go dtugtar le tuiscint le prionsabal chothromaíocht na gcumhachtaí nach bhféadfaidh aon údarás poiblí éalú ó athbhreithniú breithiúnach, agus á chur in iúl gur saoth léi insintí a fhéachann le dí-dlisteanú a dhéanamh uirthi; á mheabhrú go bhfuil cáineadh breithiúna do-ghlactha nuair a fhéachann sé le bac a chur ar fheidhmiú na feidhme bunreachtúla sin nó an bonn a bhaint uaithi; á idirdhealú go soiléir idir cáineadh dlisteanach ar chinntí breithiúnacha agus ionsaithe atá dírithe ar dhlisteanacht na gcúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta mar institiúidí; ag cáineadh aon iarracht, bíodh sí díreach nó indíreach, tionchar a imirt ar bhreithiúna, iad a imeaglú nó bac a chur orthu agus iad i mbun a ndualgas, lena n-áirítear trí bhrú araíonachta nó ionsaithe poiblí lena mbaintear an bonn óna n-údarás; á athdhearbhú go bhfaigheann cúirteanna idirnáisiúnta a ndlisteanacht ó thoil cheannasach na stát a bhunaigh iad agus ó na nósanna imeachta daonlathacha lena rialaítear toghadh a mbreithiúna, agus go bhfuil a ról fíor-riachtanach chun cearta bunúsacha a chosaint go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar ionsaithe polaitiúla ar bhreithiúna agus ar imeaglú breithiúnach, chun córais bhreithiúnacha neamhspleácha a áirithiú, lena n-áirítear cosaint ar chur isteach polaitiúil; á chur i bhfáth go bhfuil líon suntasach na mbagairtí agus na n-ionsaithe a fhulaingíonn gairmithe ceartais agus go háirithe dlíodóirí<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa, <STRING ITALIC="on">CCBE report on threatening behaviour and aggression towards lawyers</STRING> [Tuarascáil CCBE maidir le hiompraíocht bhagrach agus fogha faoi dhlíodóirí], 2024.</FIELD></FOOTNOTE> ina mbagairt dhíreach ar an daonlathas agus ar an smacht reachta; á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gairm an Dlíodóra a Chosaint a shíniú agus a dhaingniú agus gach modh iomchuí a úsáid chun cosaint agus saoirse cainte dlíodóirí a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún dréachtchinneadh ón gComhairle a chur ar aghaidh, gan mhoill, lena gcuirfear ar chumas an Aontais an Coinbhinsiún a shíniú agus a thabhairt i gcrích, agus á thabhairt chun suntais gur gá teacht ar chomhaontú go pras maidir leis an gcinneadh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag comhlachais ghairmiúla breithiúna agus ionchúisitheoirí, mar aon le gníomhaithe na sochaí sibhialta, maidir leis an smacht reachta a chothú ar an láthair, maidir le neamhspleáchas breithiúnach a chosaint agus maidir le cur le díospóireacht phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó úsáid iomarcach a bhaint as nósanna imeachta brostaithe nó as foraitheanta éigeandála, ós rud é go mbíonn tionchar diúltach acu sin ar chobhsaíocht agus ar cháilíocht na reachtóireachta agus an daonlathais; á iarraidh ar na Ballstáit próisis reachtóireachta thrédhearcacha a chur ar bun tar éis dul i gcomhairle go córasach le geallsealbhóirí éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hathchóirithe náisiúnta a rinneadh i roinnt Ballstát chun neamhspleáchas breithiúnach a neartú, agus á iarraidh ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha leanúint de na bearta is gá a dhéanamh chun córais bhreithiúnacha neamhspleácha agus rochtain ar chúnamh dlíthiúil saor in aisce a áirithiú, agus ar an gcaoi sin rochtain chomhionann ar cheartas a ráthú do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról Líonra Eorpach na nOmbudsman agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go rachadh an comhar níos faide ná malartú faisnéise amháin, go háirithe trí úsáid chórasach a bhaint as nósanna imeachta fiosrúcháin, rud a chuirfeadh ar chumas oifigí na n-ombudsman náisiúnta freagraí údarásacha a lorg ar leibhéal an Aontais agus aghaidh á tabhairt acu ar bhacainní ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais, agus ar an gcaoi sin a dtionchar i leith na n-údarás náisiúnta a neartú; á chur in iúl gur oth léi nach dtéitear i gcomhairle le hoifigí na n-ombudsman ar bhealach córasach i gcónaí agus an tuarascáil maidir leis an smacht reachta á hullmhú, in ainneoin an róil lárnaigh atá acu maidir le heasnaimh i gcur chun feidhme dhlí an Aontais a bhrath; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh na hombudsmain náisiúnta rannpháirteach ar bhealach níos struchtúrtha agus níos comhsheasmhaí i bpróisis ar leibhéal an Aontais, chun saincheisteanna sistéamacha a dhéanann difear do roinnt Ballstát a shainaithint ar bhealach níos fearr agus chun tacú leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar easnaimh i gcur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas na gcomhlachtaí formhaoirseachta náisiúnta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint dá dtacaíocht d’institiúidí ceartais Eorpacha agus idirnáisiúnta a neartú, ag tosú le treisiú sásraí inmheánacha comhair bhreithiúnaigh bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach idir córais bhreithiúnacha na mBallstát éagsúil agus na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun bearnaí dlíthiúla a dhúnadh, lena n-áirithítear gur féidir le híospartaigh rochtain a fháil ar cheartas agus tacaíocht a fháil, lena n-áirítear bealaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí in imeachtaí coiriúla a bhaineann le híospartaigh, forálacha maidir le tacaíocht agus cosaint íospartach, rochtain ar chúiteamh, chomh maith le bailiú éifeachtach sonraí, leithdháileadh níos fearr acmhainní chun cearta íospartaigh na coireachta a chaomhnú, agus urraim do phríobháideachas na n-íospartach agus do chosaint a sonraí pearsanta agus coir á tuairisciú acu, gan beann ar stádas cónaithe, agus nach roinntear sonraí pearsanta leis an gciontóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil neamhchur chun feidhme breithiúnas intíre agus idirnáisiúnta fós ina ábhar imní sistéamach i roinnt Ballstát, mar a léiríodh le torthaí FRA agus le haighneachtaí ó gheallsealbhóirí le déanaí; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil riaráiste ag dul i méid agus go bhfuil moill á cur ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme phríomhbhreithiúnais ECtHR ar fud an Aontais, mar is léir ón bhfíoras go raibh 650 príomhbhreithiúnas ó ECtHR, amhail ón 1 Eanáir 2025, fós ar feitheamh lena gcur chun feidhme go hiomlán i mBallstáit an Aontais, i gcomparáid le 624 i mí Eanáir 2024 agus 616 sa bhliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil 45,7 % de na príomhbhreithiúnais a tugadh i leith Bhallstáit an Aontais le 10 mbliana anuas fós ar feitheamh lena gcur chun feidhme, i gcomparáid le 44 % ag deireadh 2023 agus 40 % ag deireadh 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é a bhí sa mheán-am cur chun feidhme le haghaidh príomhbhreithiúnais ó ECtHR a bhaineann le Ballstáit den Aontas Eorpach, faoi dheireadh 2024, 5 bliana agus 4 mhí, i gcomparáid le 5 bliana agus 2 mhí in 2023 agus 5 bliana agus 1 mhí in 2022, rud a léiríonn easnamh comhlíontachta struchtúrach atá ag dul in olcas<FOOTNOTE><FIELD> An Líonra Eorpach um Chur Chun Feidhme, Tuarascáil 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún caitheamh le neamhchur chun feidhme tromchúiseach mar ábhar tosaíochta san idirphlé polaitiúil le rialtais agus parlaimintí náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i dtábhacht go bhfuil ról lárnach ag CBAE maidir leis an smacht reachta a chaomhnú ar fud an Aontais; ag tacú le tionscnaimh bhreise chun acmhainní agus cumais CBAE a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin bhreise maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit breithiúnais CBAE agus ECtHR atá ar feitheamh a chur chun feidhme go pras; á mholadh go mbunódh institiúidí AE aonad faireacháin, lena gcuirfear le struchtúir agus acmhainní ábhartha institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais atá ann cheana agus, i gcás inar gá, lena dtreiseofar iad, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bhreithiúnais CBAE agus ECtHR a bhaineann leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí, agus á iarraidh ar an gCoimisiún scórchlár poiblí nó uirlis choibhéiseach a fhorbairt chun an cur chun feidhme sin a rianú, na torthaí ábhartha a chomhtháthú go hiomlán sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta, agus moltaí saincheaptha tírshonracha a eisiúint go córasach, agus béim ar leith á leagan ar na Ballstáit a mhainníonn go leanúnach breithiúnais CBAE agus ECtHR a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar shonraí maidir le neamhchomhlíonadh tuairimí tírshonracha chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe, agus leas á bhaint as sonraí arna mbailiú ag gníomhaireachtaí AE, go háirithe an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha; á athdhearbhú go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach breithiúnas fíor-riachtanach chun cosaint na gceart bunúsach a chumhdaítear in CAE, in CFAE, sa Chairt agus in ECHR a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún uirlisí forfheidhmiúcháin a úsáid ar bhealach níos cinntithí i gcásanna de neamhchur chun feidhme leanúnach, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil gá le himeachtaí faoi Airteagal 258 CFAE, Airteagal 260 CFAE, agus, i gcás inarb ábhartha, coinníollacht bhuiséadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun tacú le cur chun feidhme le hamlínte, freagrachtaí agus formhaoirseacht pharlaiminteach shoiléir, agus chun neamhspleáchas breithiúnach a choimirciú agus chun a áirithiú nach gcuirfear bac ar chúirteanna náisiúnta cásdlí ECtHR agus CBAE a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú go mbaintear an bonn ón smacht reachta nuair a bhíonn bac institiúideach nó frithbhearta institiúideacha roimh dhlíthe a ghlactar go daonlathach ó earnálacha breithiúnacha nó riaracháin áirithe a théann níos faide ná athbhreithniú nó grinnscrúdú dlisteanach, rud a chuireann cosc ar a gcur chun feidhme cuí; á chur i bhfios go láidir nach mór do stáit dhaonlathacha sásraí le haghaidh athmhuintearas polaitiúil agus sóisialta a áirithiú, cosc a chur ar bhreithiúnacht iomarcach coinbhleachtaí polaitiúla, agus an t-idirphlé daonlathach a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil nasc soiléir idir cúlú an smachta reachta agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear easpa próisis chuí do dhaoine atá á gcoinneáil, mí-úsáid coinneála réamhthrialach, gríosú chun fuatha sa dioscúrsa polaitiúil nó institiúideach, agus bearta sriantacha atá dírithe ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chreidiúint go daingean gur cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann na Ballstáit aghaidh ar na sáruithe sin ar phrionsabail an smachta reachta agus ar chearta bunúsacha, agus a iarrachtaí a mhéadú chun córas ceartais inrochtana, éifeachtach agus neamhchlaonta a áirithiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go n-úsáidtear nósanna imeachta dlíthiúla urghnácha agus foraitheanta feidhmiúcháin chun an timpeallacht bhreithiúnach a athmhúnlú thar raon feidhme an ghnáth-ghrinnscrúdaithe pharlaimintigh, rud atá ar aon dul le patrúin a sainaithníodh roimhe seo mar phatrúin nach bhfuil ag luí le scaradh na gcumhachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar dhálaí príosúin mar ábhar imní maidir leis an smacht reachta, i bhfianaise plódú forleathan, dálaí maireachtála neamhleora agus rátaí féinmharaithe atá ag dul i méid, rud a bhaineann an bonn de chearta bunúsacha na ndaoine atá á gcoinneáil ar fud chórais pheannaideacha na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh dálaí coinneála i bpríosúin, lena n-áirítear saoráidí d’ógánaigh, i gcomhréir le caighdeáin maidir le cearta bunúsacha, trí aghaidh a thabhairt ar phlódú, rochtain ar chúram sláinte agus ar thacaíocht shíceolaíoch a áirithiú, agus bearta lena gcoisctear féinmharú a neartú; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a rinne roinnt Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar phlódú, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh bearta struchtúracha, lena n-áirítear straitéisí comhleanúnacha chun an líon daoine i bpríosúin a laghdú agus chun tús áite a thabhairt do bhearta neamhchoinneála agus do roghanna malartacha eile ar phríosúnacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An creat frithéillithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á athdhearbhú gur bagairt thromchúiseach é an t-éilliú ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chóir chothrom na saoránach uile, go gcuireann sé bac ar fhorbairt eacnamaíoch, go gcreimeann sé muinín an phobail as institiúidí, agus go gcruthaíonn sé leochaileachtaí a bhféadfadh gníomhaithe seachtracha teacht i dtír orthu ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil muinín an phobail as an gcomhrac in aghaidh an éillithe fós íseal, ós rud é go gcreideann dhá thrian de mhuintir na hEorpa nach ndéantar cásanna éillithe ardleibhéil a shaothrú go leordhóthanach, go measann níos mó ná a leath go bhfuil gníomhaíocht rialtais neamhéifeachtach agus go bhfuil amhras ar bheagnach leath acu faoi chur i bhfeidhm neamhchlaonta beart frithéillithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil bearnaí suntasacha ann maidir le sásraí tuairiscithe agus maidir le feasacht an phobail; á mheas gur iarraidh soiléir é sin ar an Aontas a chuid oibre a dhianú chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur chúis mhór imní di cásanna éillithe atá tagtha chun cinn laistigh d’institiúidí Eorpacha agus á chur i bhfáth go gceanglaítear leis an smacht reachta nach féidir le daoine a shealbhaíonn oifig phoiblí gníomhú go treallach ná mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht chun sochair phearsanta; á iarraidh ar institiúidí AE prionsabail an dea-rialachais a chur i bhfeidhm go hiomlán, lena n-áirítear trédhearcacht, cuntasacht agus ionracas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le ballraíocht iomlán an Aontais in GRECO, sa bhreis ar an stádas breathnóra atá aige faoi láthair, chun aghaidh a thabhairt ar an neamhshiméadracht atá ann cheana ina ndéanann GRECO meastóireacht ar Bhallstáit uile an Aontais cé nach ndéanann institiúidí AE iad féin meastóireacht, rud a chuireann teorainn le comhleanúnachas ar fud chreat sláine an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfaidh an Coimisiún féinmheasúnú i gcúrsaí ionracais agus frithéillithe, agus go bhfuil sé ríthábhachtach dul i muinín faireachán seachtrach aitheanta neamhspleách chun inchreidteacht, trédhearcacht agus muinín an phobail a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhartha soiléir polaitiúil a thabhairt go bhfuil institiúidí an Aontais faoi réir an leibhéil chéanna grinnscrúdaithe agus caighdeán agus atá na húdaráis náisiúnta; á mheabhrú go neartófaí le ballraíocht an Aontais in GRECO ailíniú na rialacha, go n-áiritheofaí comhsheasmhacht mhodheolaíoch, go bhfeabhsófaí trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht i mbainistiú chistí an Aontais, sa phróiseas reachtach agus in obair institiúidí an Aontais, agus go bhfeabhsófaí comhar leis na Ballstáit, le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha comharsanachta sa chomhrac in aghaidh an éillithe ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidlíocht maidir le ballraíocht iomlán an Aontais in GRECO a thabhairt chun críche go pras; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh aontachas an Aontais dhá bhealach dhlíthiúla a leanúint, trí iarraidh dhíreach ar aontachas le Comhaontú GRECO nó, ar bhealach níos simplí, trí aontachas le coinbhinsiún frith-éillithe amháin nó leis an dá choinbhinsiún frith-éillithe de chuid Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 173 agus/nó 174), a mbeadh ballraíocht in GRECO i gceist leo go huathoibríoch; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an bealach dlíthiúil is éifeachtúla a shaothrú gan mhoill chun ballraíocht iomlán in GRECO a bhaint amach agus a áirithiú go gcumhdófar institiúidí AE freisin leis an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit moltaí uile GRECO ó Chomhairle na hEorpa a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a straitéis náisiúnta maidir leis an éilliú a chosc agus a chomhrac a fhoilsiú, a ghlacadh, a thabhairt cothrom le dáta, faireachán a dhéanamh uirthi, í a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi, ar straitéis é lena leagfar amach cuspóirí, tosaíochtaí agus bearta comhfhreagracha agus na modhanna chun na cuspóirí sin a bhaint amach, chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht in aghaidh an éillithe a phríomhshruthú i ngach earnáil beartais ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á aithint go bhfuil ról lárnach ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis an smacht reachta a choimirciú agus maidir leis an éilliú a chomhrac san Aontas, chomh maith le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach ar ghníomhaíocht choiriúil; ag spreagadh an Choimisiúin chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát rannpháirteach le OIPE i dtuarascálacha ina dhiaidh sin, agus leas iomlán a bhaint as a uirlisí i gcás ina bhfuil comhar easnamhach; ag tacú le cumhachtaí faireacháin, comhordaithe agus oibríochtúla OIPE a threisiú d’fhonn a acmhainneacht chun éilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh sna Ballstáit a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an athbhreithniú ar Rialachán OIPE chun feabhas a chur ar chomhar oibríochtúil agus ar thacaíocht anailíse sonraí idir OIPE agus Europol; ag tathant ar na Ballstáit uile nach ndearna fós é dul isteach in OIPE chun éifeachtacht an chomhraic in aghaidh an éillithe a fheabhsú, go háirithe i ndáil le cistí AE a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha, chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE, bearta coisctheacha in aghaidh an éillithe a bhunú nó a neartú, amhail institiúidí frithéillithe speisialaithe agus neamhspleácha, bainistiú trédhearcach cistí de chuid an Aontais, ceanglais trédhearcachta sa chinnteoireacht a neartú nó a fhorfheidhmiú go cuí, amhail cláir brústocairí agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le cistiú polaitiúil, ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i réimsí beartais ábhartha AE, cóid iompair d’oifigigh phoiblí, dearbhuithe éigeantacha sócmhainní agus fíorú orthu, córais luathrabhaidh, agus rialacha soiléire maidir le coinbhleacht leasa agus cleachtais dorais imrothlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí, ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí uile an Aontais a mbearta frithéillithe a neartú maidir le coinbhleachtaí leasa a nochtadh agus a bhainistiú, maidir le rochtain oscailte ar fhaisnéis, agus maidir le rialacha lena rialaítear idirghníomhaíocht institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais leis an earnáil phríobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar ghníomhaireachtaí, oifigí agus institiúidí AE, amhail Europol, Eurojust, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, OIPE agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) feabhas a chur ar a gcomhar, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais agus an t-ollstruchtúr sin a neartú, lena n-áirítear a áirithiú go mbeidh acmhainní leormhaithe ag OLAF, chun a áirithiú go ndéanfar sáruithe ar an smacht reachta a bhrath, a chosc agus a ionchúiseamh ar bhealach níos éifeachtaí i gcás ina bhfuil iarmhairtí díreacha nó indíreacha acu sin ar leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta coisctheacha a threisiú in aghaidh cleachtais dorais imrothlaigh sa chórais bhreithiúnacha, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, chun cosc a chur ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí dul i mbun seasaimh rialtais agus pholaitiúla a bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh orthu agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’iomláine agus do neamhchlaontacht an chórais bhreithiúnaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid i roinnt Ballstát ina ndearnadh comhlachtaí speisialaithe frithéillithe a dhíchóimeáil, a ionsú i struchtúir nach bhfuil chomh neamhspleách céanna, nó ina ndearnadh a n-inniúlachtaí a ath-leithdháileadh ar bhealaí lena laghdaítear a neamhspleáchas nó lena gceadaítear cumhachtaí ionchúisimh nó póilíneachta a úsáid chun críoch polaitiúil; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú géar tagtha ar imscrúduithe agus ionchúisimh cásanna éillithe mar thoradh ar na forbairtí sin, lena n-áirítear cásanna ardleibhéil, agus go mbaineann siad an bonn ó éifeachtacht na gcreataí náisiúnta frithéillithe, mar a léirítear le hanailísí saineolaithe a rinneadh le déanaí; á chur i bhfios gur príomhghné í an tseirbhís ionchúisimh d’acmhainneacht Ballstáit chun an choireacht agus an t-éilliú a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi aon chur isteach rialtais nó polaitiúil ar imscrúduithe coiriúla, lena n-áirítear éilliú agus cionta gaolmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas, neamhchlaontacht, speisialtóireacht agus acmhainní leormhaithe a ráthú do bhoird araíonachta, do sheirbhísí ionchúisimh, do ghníomhaireachtaí frithéillithe agus do na breithiúna, i gcomhréir le moltaí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (CNAÉ) agus GRECO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Treoir nua maidir leis an éilliú a chomhrac, lena ndéantar creat dlíthiúil an Aontais a nuashonrú agus a neartú i gcomhréir le CNAÉ; á chur in iúl gur geal léi go háirithe comhchuibhiú an tsainmhínithe ar chroí-chionta éillithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear breabaireacht san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, míleithreasú, mangaireacht tionchair, bac ar cheartas, saibhriú aindleathach, ceilt agus mí-úsáidí tromchúiseacha as feidhm phoiblí; á mheabhrú go dtagann cion na drochúsáide oifige agus cionta comhchosúla eile faoi raon feidhme na Treorach, gur dlúthchuid den chreat rialála maidir le frithéilliú agus trédhearcacht iad, agus go bhfuil siad ag teacht salach ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le dul i ngleic leis an éilliú; á chur in iúl gur geal léi neartú na smachtbhannaí coiriúla do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha araon, lena n-áirítear pianbhreitheanna coimeádta 3 go 5 bliana ar a laghad, dícháiliú ó oifig phoiblí agus eisiamh ó rochtain ar chistí poiblí, chomh maith le fíneálacha atá bunaithe ar láimhdeachas do chuideachtaí; ag cur sonrú sna rialacha treisithe maidir le dlínse, lena gcuirtear ar chumas na mBallstát cionta áirithe a dhéantar ar an gcoigríoch a ionchúiseamh; á chur in iúl gur geal léi an creat coisctheach feabhsaithe, lena n-áirítear an oibleagáid comhlachtaí speisialaithe frithéillithe nó aonaid eagraíochtúla a bheith i bhfeidhm, measúnuithe riosca rialta a dhéanamh agus cosaint a áirithiú do sceithirí agus do dhaoine comhoibríocha; á chur i bhfáth go gcuirtear i bhfios go láidir sa Treoir maidir leis an éilliú a chomhrac, agus lánurraim á tabhairt do na rialacha ábhartha uile i mbunreachtanna náisiúnta, i bprionsabail bhunreachtúla agus i ndlíthe náisiúnta, go bhféadfadh cosaint mhíchuí daoine aonair, go háirithe sealbhóirí oifige poiblí, ar chuntasacht as cionta éillithe an bonn a bhaint ó mhuinín an phobail ar bhealach atá ar neamhréir le cuspóirí na Treorach sin; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart córas a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun sonraí staidrimh anaithnidithe a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar maidir le líon na bpardún a bhaineann le ciontuithe maidir le hAirteagail 7, 8, 9 agus 10 den Treoir; ag tathant ar na Ballstáit uile an Treoir maidir le hÉilliú a Chomhrac a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth go gceanglaítear leis an smacht reachta ar oifigigh phoiblí, in institiúidí an Aontais agus sna Ballstáit araon, gníomhú go trédhearcach agus ar mhaithe le leas an phobail, gan drochúsáid a bhaint as cumhacht ná cinnteoireacht threallach a dhéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha cultúr ionracais a chur chun cinn trí oiliúint frithéillithe rialta a chur ar oifigigh phoiblí, ar údaráis forfheidhmithe an dlí agus ar na breithiúna, agus trí pháirt ghníomhach a thabhairt don tsochaí shibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur ceart bunúsach agus comhpháirteach riachtanach den trédhearcacht, den chuntasacht dhaonlathach agus den chomhrac in aghaidh an éillithe í an tsaoráil faisnéise agus an rochtain ar fhaisnéis ar mhaithe le leas an phobail; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear an réimse sin go córasach sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, lena n-áirítear srianta, moilleanna nó bacainní gan údar ar rochtain a fháil ar fhaisnéis phoiblí; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain thráthúil, éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis atá i seilbh na n-údarás poiblí a ráthú, agus staonadh ó bhearta reachtacha nó riaracháin lena dteorannaítear trédhearcacht nó lena gcuirtear bac ar ghrinnscrúdú poiblí, i gcás ina bhfuil siad ar neamhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur cuireadh deireadh leis na céadta cás a bhaineann leis an éilliú mar thoradh ar athchóirithe a rinneadh le déanaí ar an dlí coiriúil lena laghdaítear smachtbhannaí agus tréimhsí teorann le haghaidh cionta frithéillithe, lena n-áirítear na cásanna sin a bhaineann le cionta tromchúiseacha, díspreagadh a lagú, timpeallacht saoirse ó phionós a chothú agus muinín as institiúidí poiblí a chreimeadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire, san Ungáir, go bhfuil comhchruinniú an tionchair feidhmiúcháin ar ionchúisitheoirí, mar aon le hathchóirithe reachtacha lena gcumasaítear cásanna éillithe a dhúnadh nó pionóis a lagú, ar aon dul le patrúin cúlaithe chórasaigh a shainaithin an Pharlaimint roimhe seo i gcomhthéacs imeachtaí Airteagal 7 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha imscrúduithe prasa, críochnúla agus neamhchlaonta ar chásanna éillithe a áirithiú, agus tosaíocht ar leith á tabhairt do chásanna a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil, chun an smacht reachta a choimirciú, muinín an phobail a chaomhnú agus cuntasacht a áirithiú ar gach leibhéal rialtais; á iarraidh, ina theannta sin, ar na Ballstáit obair leantach a dhéanamh ar chásanna den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta ama chun nach gcothófar braistint saoirse ó phionós i measc na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a bhforálacha dlíthiúla maidir le dliteanas coiriúil oifigeach ardleibhéil a ailíniú, mar a shainítear sa Treoir maidir leis an éilliú a chomhrac, agus bacainní dlíthiúla agus nós imeachta a chuireann bac ar údaráis bhreithiúnacha scrúdú tapa a dhéanamh ar chásanna ábhartha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cuntas teiste na n-imscrúduithe, na ndíotálacha agus na gciontuithe deiridh i gcásanna éillithe ardleibhéil i ngach Ballstát a thuairisciú go córasach agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, cásanna de shaoirse leanúnach ó phionós a shainaithint mar leochaileachtaí struchtúracha a bhfuil impleachtaí suntasacha acu do chosaint bhuiséad an Aontais, agus na torthaí sin a áireamh sa chaibidil frith-éillithe den tuarascáil maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag aithint ról ríthábhachtach na sceithirí i dtaca le héilliú a nochtadh agus trédhearcacht a chur chun cinn sna hearnálacha poiblí agus príobháidí araon; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go ndéanfar iad a chosaint go héifeachtach ar fhrithbheart agus ar chiapadh; á iarraidh go ndéanfaí údaráis neamhspleácha agus fhéinrialaitheacha cosanta do sceithirí a neartú a thuilleadh agus go ndéanfaí iad a chomhtháthú i gcreataí náisiúnta frithéillithe níos leithne; á mholadh go láidir do na Ballstáit agus do thíortha is iarrthóirí sceithirí agus iriseoirí a thuairiscíonn éilliú nó míbhainistiú cistí de chuid an Aontais a chosaint agus an chosaint a neartú a thuilleadh dóibh, trí bhealaí tuairiscithe rúnda, leigheasanna éifeachtacha in aghaidh frithbheartaíochta, agus cosaint na hiriseoireachta iniúchaí agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh a áirithiú; á iarraidh go dtabharfaí isteach imthosca géaraitheacha sonracha sa dlí coiriúil i gcás cionta a dhéantar in aghaidh iriseoirí nuair a spreagann a ngníomhaíochtaí gairmiúla na gníomhartha sin nó nuair a bhaineann siad leo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint iriseoirí, agus iolrachas agus saoirse na meán</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur ionsaí díreach ar an smacht reachta é feallmharú iriseoirí iniúchacha, ós rud é nach amháin go mbaineann sé an bonn ó chumas na saoránach agus na n-institiúidí iad siúd atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais, ach go bhfuil sé ar cheann de na cineálacha cinsireachta is foircní freisin, ar bagairt dhíreach é ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; á chur i bhfáth, maidir le bagairtí, ciapadh agus feachtais in aghaidh iriseoirí, lena n-áirítear na bagairtí, an ciapadh agus na feachtais sin ag a bhfuil cuspóir polaitiúil, go gcruthaíonn siad éifeacht mhór dhiúltach ar an iriseoireacht iniúchach agus nach mór imscrúduithe prasa, críochnúla, neamhspleácha agus éifeachtacha a thionscnamh mar fhreagairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag cáineadh go láidir faireachas ar iriseoirí, go háirithe trí earraí spiaireachta, lena n-áirítear cás Paragon Graphite, chomh maith leis an díriú ar iriseoirí agus ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta i roinnt Ballstát, ar sárú é ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar shaoirse na meán, agus a bhaineann an bonn ó phrionsabail an daonlathais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé iriseoirí agus rúndacht a gcumarsáide a chosaint ar aon chineál faireachais neamhdhleathaigh nó threallaigh; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá dírithe ar choimircí in aghaidh na gcleachtas sin a neartú; á chur i bhfáth gur gá na coimircí atá ann cheana a neartú, lena n-áirítear athbhreithniú breithiúnach, measúnuithe riachtanais agus comhréireachta agus sásraí éifeachtacha sásaimh, chomh maith le forfheidhmiú dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di fós an obair leantach theoranta a rinne an Coimisiún ar na moltaí ó Choiste Fiosrúcháin na Parlaiminte maidir le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta coibhéiseacha; á mheas go neartódh a gcur chun feidhme iomlán agus tráthúil cumas an Aontais mí-úsáidí a chosc agus cearta bunúsacha a chaomhnú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú go rialta don Pharlaimint, go háirithe dá Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE), maidir le staid chur chun feidhme na moltaí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar úsáid earraí spiaireachta in aghaidh iriseoirí sa tuarascáil uaidh maidir leis an smacht reachta a fhoilseofar amach anseo, ós rud é go bhfuil tionchar díreach aige ar shaoirse na meán, ar iolrachas na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí; á aithint, i bhfianaise na n-ábhar imní a cuireadh in iúl ar leibhéal an Aontais, go bhfuil athchóirithe tugtha isteach ag Ballstáit áirithe arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fhormhaoirseacht, ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht maidir le húsáid teicneolaíochtaí faireachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil úsáid á baint as teicneolaíochtaí faireachais atá ag éirí níos cunóraí, lena n-áirítear uirlisí atá bunaithe ar IS, go háirithe i gcás ina bhféadfadh a gcur chun úsáide cur isteach go díréireach ar chearta bunúsacha, amhail príobháideachas, saoirse comhthionóil nó saoirse na meán; á chur i bhfáth go bhfuil ardriosca ag baint le teicneolaíochtaí faireachais atá bunaithe ar IS, lena n-áirítear córais bhithmhéadracha amhail aghaidh-aithint, d’urramú na gceart bunúsach, agus, i gcás ina n-úsáidtear iad, nach mór iad a bheith faoi réir réamhúdarú breithiúnach agus formhaoirseacht thrédhearcach; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an mbaineann rioscaí sistéamacha don smacht reachta le cleachtais náisiúnta a bhaineann le faireachas bithmhéadrach nó bailiú sonraí ar mórscála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na líomhaintí maidir le faireachas agus spiaireacht neamhdhleathach atá dírithe ar institiúidí AE, ar líomhaintí iad atá ag éirí níos dea-dhoiciméadaithe; á chur i bhfáth go mbeadh cleachtais den sórt sin, dá ndeimhneofaí iad, ina mbagairt thromchúiseach ar an smacht reachta, ar scaradh na gcumhachtaí, ar fhormhaoirseacht dhaonlathach agus ar shláine phróisis chinnteoireachta an Aontais:
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á mheabhrú gur cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha atá i gcur chun úsáide earraí spiaireachta, i bhfianaise a chineáil an-chunórach, go mbaineann sé an bonn ón muinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát agus go bhféadfadh sé feidhmiú an mhargaidh aonair agus bheartais an Aontais a shaobhadh; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán ann, go ndéanfaí grinnscrúdú éifeachtach agus neamhspleách ar na cleachtais sin, agus go dtabharfaí isteach bearta ceartaitheacha nithiúla, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais, chun cuntasacht a áirithiú; á athdhearbhú nach mór faireachas a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí, nach mór aidhm dhlisteanach a shaothrú leis agus nach mór é a bheith fíor-riachtanach agus comhréireach, agus faoi réir coimircí láidre; á chur i bhfios go láidir nach mór iarmhairtí nithiúla a bheith ann i gcás aon mhí-úsáid a bhaintear as uirlisí faireachais a shuitear go cuí tar éis próisis chuí faoi ionstraimí dlíthiúla agus buiséadacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí go bhfuil úinéireacht na meán, bíodh sí i lámha poiblí nó príobháideacha, fós an-chomhchruinnithe i roinnt mhaith Ballstát, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, rud a chuireann éagsúlacht faisnéise agus dearcthaí i mbaol; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cur isteach polaitiúil atá ag dul i méid ar rialachas, ar bhainistiú agus ar fhoireann na meán seirbhíse poiblí, rud a bhaineann an bonn óna neamhspleáchas; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht dhaonlathach ag baint le meáin seirbhíse poiblí atá neamhspleách agus dea-mhaoinithe; á iarraidh ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha creataí reachtacha a ghlacadh chun comhchruinniú cothrománach a chosc, trédhearcacht úinéireachta agus bainistíochta a áirithiú, lena n-áirítear trí chlárlanna úinéireachta poiblí, leithdháileadh trédhearcach cistí poinlí a ráthú, agus sásraí formhaoirseachta agus comhlíontachta neamhspleácha a bhunú chun neamhspleáchas eagarthóireachta agus iriseoireachta agus ról na meán mar fhoras faire poiblí a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag cáineadh aon chur isteach polaitiúil míchuí ar bhainistiú na meán poiblí agus ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, in athchóirithe struchtúracha i mBallstáit áirithe lena méadaítear an tionchar polaitiúil ar nósanna imeachta ceapacháin agus dífhostaithe, chomh maith le húsáid fógraíochta atá faoi rialú an stáit, comhlachtaí rialála a bhfuil tionchar polaitiúil acu agus comhdhlúthú na meán in ilchuideachtaí atá ar son an rialtais, ar nithe iad lena gcreimtear iolrachas na meán agus lena gcuirtear srian ar rochtain ar fhaisnéis neamhspleách nuair a chuirtear le chéile iad; á iarraidh ar na Ballstáit nósanna imeachta ceapacháin trédhearcacha, oscailte, éifeachtacha agus neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú do chomhlachtaí rialaithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus chomhréireacha a leagtar síos roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán agus ag tathant ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar athchóirithe náisiúnta a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó iolrachas na meán agus ó neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí; á chur i bhfáth go bhfuil meáin neamhspleácha agus iontaofa, lena n-áirítear meáin seirbhíse poiblí atá saor ó rialú polaitiúil, fíor-riachtanach don chuntasacht dhaonlathach, toisc go gcuireann siad ar chumas na saoránach grinnscrúdú a dhéanamh orthu siúd atá i gcumhacht agus éilliú agus mí-úsáid oifige a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á mheabhrú gur foinsí móra nuachta iad ardáin ar líne amhail Instagram, TikTok agus X, go háirithe do lucht féachana níos óige; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh córais moltaí ábhar deighilteach a scaipeadh agus ‘bothanna macalla’ faisnéise a chruthú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina riosca tromchúiseach don díospóireacht dhaonlathach agus d’iolrachas na meán; á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú éifeachtach an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe maidir le hoibleagáidí na n-ardán rioscaí sistéamacha d’iolrachas na meán agus don dioscúrsa sibhialta a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh chun meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha a chur chun cinn, amhail an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM); á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil GESM fós i bhfad ó bheith á chur chun feidhme go héifeachtach i bhformhór na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh láithreach chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go pras agus go hiomlán é, lena n-áirítear trédhearcacht i leithdháileadh fógraíochta stáit ar líne agus as líne, agus iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun GESM a thrasuí sa dlí náisiúnta, faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme, agus breithniú a dhéanamh ar imeachtaí um shárú i gcás nach gcomhlíontar oibleagáidí; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh gníomhach a thabhairt do na Ballstáit agus GESM á chur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear trí threoirlínte léirmhínitheacha a ghlacadh i gcás inar gá, agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a fhorfheidhmiú éifeachtach, go háirithe sna Ballstáit inar léirigh foinsí neamhspleácha ábhair imní maidir le saoirse na meán; á chur i bhfáth, i bhfianaise infheidhmeacht dhíreach an Rialacháin, go bhfuil iriseoirí agus geallsealbhóirí i dteideal é a agairt cheana féin os comhair cúirteanna náisiúnta agus chúirteanna an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na tíortha is iarrthóirí cosaint iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas a áirithiú i gcomhréir le moltaí (AE) 2021/1534<FOOTNOTE><FIELD> Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (IO L 331, 20.9.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1534/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus (AE) 2022/758<FOOTNOTE><FIELD> Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/758/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún; á chur i bhfios go láidir nach mór bearta éifeachtacha sábháilteachta fisiciúla, mar aon le coimircí in aghaidh bagairtí ar líne, ciapadh agus ionsaithe digiteacha freisin, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis gan bacainní míchuí, a chuimsiú faoi chosaint iriseoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag cáineadh na fuathchainte, ar líne agus as líne araon, lena n-áirítear sna meáin phríomhshrutha, ar na meáin shóisialta agus i spásanna poiblí, ós rud é gur bagairt thromchúiseach í ar an daonlathas agus ar an smacht reachta; á iarraidh go ndéanfaí rialacháin na meán a fhorfheidhmiú ar bhealach níos láidre chun timpeallacht éagsúil agus chuimsitheach na meán a choimirciú; á chur i bhfios go láidir nach mór do phearsana poiblí dea-shampla a thabhairt maidir le díospóireacht mheasúil a áirithiú; á mheabhrú gur ceart bunúsach í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus nár cheart srian a chur uirthi gan údar cuí; á chur i bhfáth nár cheart an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a úsáid chun údar a thabhairt leis an bhfuathchaint ná leis an bhfuathchoireacht; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcás reachtaíocht nach bhfuil i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an díospóireacht phoiblí, an reachtaíocht sin a aisghairm nó a leasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á mheabhrú gur bunchloch de shochaithe daonlathacha í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus gur gné shár-riachtanach den smacht reachta í; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú tagtha ar bhearta riaracháin agus coiriúla atá dírithe ar an lucht acadúil, ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir Frith-SLAPP a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh na rannpháirtíochta poiblí’) (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; agus Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún; ag tathant ar na Ballstáit dul níos faide ná trasuí íosta agus bearta cuimsitheacha intíre frith-SLAPP a ghlacadh chun iriseoirí agus spriocanna eile a chosaint ar imeaglú, ar chlúmhilleadh nó ar shrianta ar fheidhmiú a ngairme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á mholadh, agus an treoir á trasuí, go leathnódh na Ballstáit a feidhm chun cásanna náisiúnta a áireamh freisin, ós rud é go dtarlaíonn formhór na SLAPPanna ar an leibhéal náisiúnta; á mholadh go nglacfaí sásraí um dhífhostú luath, rialacha éifeachtacha maidir le haistriú costais, smachtbhannaí athchomhairleacha in aghaidh dlíthithe mí-úsáideacha, agus bearta láidre tacaíochta d’iriseoirí a ndéantar difear dóibh agus spriocanna eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú práinneach a dhéanamh ar thograí nó ar ionstraimí comhlántacha chun aghaidh a thabhairt ar SLAPPanna nach gcumhdaítear faoi chreat reatha an Aontais, agus féachaint ar leasuithe lena leathnaítear raon feidhme na treorach thar chásanna trasteorann, rud lena n-áiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an gcomhlíonann smachtbhannaí AE chun an bhréagaisnéis a chomhrac an ceanglas comhréireachta faoi dhlí an Aontais agus Airteagal 11 den Chairt, agus aitheantas iomlán á thabhairt ag an am céanna don chuspóir dlisteanach beartais a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis agus ar ionramháil ar fhaisnéis; á mheas go láidir nach mór an ceart chun éisteacht a fháil agus coimircí dlíthiúla leordhóthanacha a ráthú sula gcuirfidh an Chomhairle na bearta sin i bhfeidhm, go háirithe i gcás ina bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn ó chearta shaoránaigh an Aontais, go háirithe iriseoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú gur féidir le mionlaigh páirt éifeachtach a ghlacadh sna meáin agus rochtain a fháil orthu agus a áirithiú nach mbeidh gríosú chun foréigin nó fuatha in aghaidh mionlach le feiceáil ar sheirbhísí meán closamhairc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit creataí a bhunú lena ráthófar saoirse daoine chun faisnéis a lorg, a fháil agus a thabhairt, agus a áirithiú gur féidir le comhordaitheoirí náisiúnta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) a ról a chomhlíonadh go hiomlán maidir le malartú faisnéise agus comhar a éascú ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé GSD a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach chun timpeallacht shábháilte, thrédhearcach agus chuntasach ar líne a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar go hiomlán, le trasuí Threoir (AE) 2016/343 maidir le toimhde na neamhchiontachta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar a ráthaítear le hAirteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus le hAirteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus nach dtabharfar isteach srianta ar thuairisciú ar ábhair a bhaineann le leas an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar ardáin mhóra ar líne agus GSD a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear imscrúduithe ar chúbláil algartamach, méadú na fuathchainte, bolscaireacht pholaitiúil, nó easpa formhaoirseachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá trédhearcacht in algartaim ardáin, in iniúchtaí neamhspleácha agus i sásraí seiceála fíricí chun an bhréagaisnéis a chomhrac, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart na bearta sin a chomhlánú le rochtain ráthaithe ar fhaisnéis agus le litearthacht sna meáin a chur chun cinn i measc na saoránach uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rioscaí tromchúiseacha don smacht reachta agus do phróisis dhaonlathacha ag baint le bréagaisnéis agus ionramháil ar fhaisnéis ar mórscála, ar nithe iad a mhéadaítear níos mó agus níos mó le hardchórais IS; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit GSD agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a fhorfheidhmiú go hiomlán chun trédhearcacht, cuntasacht agus maolú éifeachtach rioscaí sistéamacha don smacht reachta atá faoi thionchar IS a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacsanna toghcháin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Spás na Sochaí Sibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach atá ag sochaí shibhialta láidir gan bhac, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla agus pobail, ceardchumainn, grúpaí gníomhaithe, cosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), chomh maith le húdaráis neamhspleácha agus ombudsmain maidir leis an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chaomhnú agus maidir le cuntasacht a áirithiú as gníomhaíochtaí stáit agus príobháideacha araon trína ról mar fhoras faire; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil bacainní fós ann i roinnt Ballstát maidir le timpeallacht a chruthú atá fabhrach d’obair ghníomhaithe na sochaí sibhialta, chomh maith leis an ngá atá le bearta breise dóibh, amhail oiliúint thiomnaithe, múscailt feasachta agus sásraí cosanta; ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí chun cosaint na ngníomhaithe sin uile a neartú agus chun na dálaí is gá a ráthú chun a ngníomhaíochtaí a shaothrú go héifeachtach; á mheabhrú go bhfuil gá le timpeallacht shábháilte, thacúil agus chumasúcháin dóibh; ag spreagadh rannpháirtíocht shibhialta agus rannpháirtíocht i bpróisis dhaonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag aithint ról na sochaí sibhialta agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le mionlaigh a chosaint agus idirdhealú a chomhrac, agus á iarraidh go mbeadh rochtain chóir agus chothrom ar thacaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá comhairliúchán leathan agus an tuarascáil maidir leis an smacht reachta á dréachtú; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do chuairteanna ar an láthair ar na Ballstáit, ós rud é go bhfágann siad gur féidir measúnú níos cuimsithí agus níos comhthéacsúla a dhéanamh ar an staid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá spás sibhialta bríomhar agus na cearta chun comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar fud an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil na cearta sin, a chosnaítear leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an gCairt, fíor-riachtanach maidir leis an daonlathas agus an chuntasacht rialtais; ag tabhairt dá haire gur gá na saoirsí sin a neartú a thuilleadh i roinnt Ballstát; á iarraidh ar na Ballstáit cosaint na saoirse comhthionóil a áirithiú do chách agus timpeallacht shábháilte, chumasúcháin agus shlán ó thaobh an dlí de a ráthú dá fheidhmiú, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar na srianta a dhéanann difear don spás sibhialta i roinnt Ballstát, lena n-áirítear ualaí riaracháin iomarcacha, feachtais chlúmhillte agus teorainneacha ar rochtain ar acmhainní, rud a chruthaíonn éifeacht athchomhairleach agus a bhaineann an bonn ó ról faire na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na srianta leanúnacha ar shaoirse comhthionóil; ag leagan béim ar an gcáineadh a rinne Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le dlíthe áirithe, lena n-áirítear reachtaíocht ábhartha i réimse na slándála, nach gcomhlíonann ceanglas na comhréireachta, rud a d’fhéadfadh coimircí dlíthiúla a lagú agus a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó dhlíthe nó cleachtais a ghlacadh lena gcuirtear srian coisctheach leis an gceart chun comhthionóil shíochánta, lena n-áirítear smachtbhannaí nó pionóis a fhorchur ar rannpháirtithe i léirsithe síochánta gan formhaoirseacht bhreithiúnach; á mheabhrú do na Ballstáit nach mór dlíthe agus cleachtais a bhaineann le tionóil agus agóidí a bheith i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine i gcónaí, lena n-áirítear trí oiliúint leormhaith maidir le cearta an duine agus bainistíocht sluaite a chur ar oifigigh forfheidhmithe dlí; ag spreagadh na mBallstát chun nósanna imeachta nó sásraí iomchuí a thabhairt isteach chun seiceálacha céannachta a thaifeadadh, agus á iarraidh ar na Ballstáit sonraí maidir le gortuithe agus básanna le linn agóidí a fhoilsiú chun trédhearcacht agus cuntasacht na n-údarás forfheidhmithe dlí a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag aithint Straitéis an Aontais um an tSochaí Shibhialta agus na beart chun cosaint, rannpháirtíocht agus cistiú inbhuanaithe a neartú, lena n-áirítear Ardán na Sochaí Sibhialta, an Mol Eolais maidir leis an Spás Sibhialta agus uirlisí cosanta breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leanúint d’fheabhas a chur ar an timpeallacht dhlíthiúil agus rialála don tsochaí shibhialta, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh údar soiléir le haon srianta ar chistiú agus ar ghníomhaíochtaí comhlachas, go mbeidh siad comhréireach, go saothróidh siad spriocanna dlisteanacha maidir le leas an phobail agus go gcomhlíonfaidh siad dlí an Aontais agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine go hiomlán, lena n-áirítear ECHR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an laghdú atá ag teacht ar an spás sibhialta agus an ghéarleanúint mhéadaitheach ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus ar chosantóirí chearta an duine san Aontas, go háirithe iad siúd atá ag obair ar an bhfrithchiníochas, ar cheartas aeráide, ar chearta LADTIA+, ar chearta na mban, ar an imirce, lena n-áirítear cúnamh daonnúil agus cabhair do dhaoine atá i nguais ar muir, chomh maith leis an bhfrithéilliú; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán córasach a dhéanamh ar staid na n-eagraíochtaí sin ina thuarascálacha maidir leis an smacht reachta, ós rud é gur ábhar imní struchtúrach maidir leis an smacht reachta é spás sibhialta atá ag laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit cosaint éifeachtach a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear sásraí mearfhreagartha ar bhagairtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na leasuithe bunreachtúla a bhaineann an bonn ón deimhneacht dhlíthiúil agus ó thosaíocht dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag cáineadh na húsáide iomarcaí agus tráthrialta a bhaintear as nósanna imeachta reachtacha brostaithe san Ungáir, agus cion suntasach de na dlíthe á nglacadh gan comhairliúchán leormhaith, rud a bhaineann an bonn ó phrionsabail na reachtóireachta níos fearr, na trédhearcachta, na cuimsitheachta agus na formhaoirseachta daonlathaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát chun creat cothrom a áirithiú lena dtacaítear le cuntasacht agus trédhearcacht do na heintitis uile atá ag iarraidh tionchar a imirt ar an mbeartas poiblí, agus ag an am céanna ligean don tsochaí shibhialta oibriú gan bhac, go sábháilte agus go héifeachtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na srianta dlíthiúla agus airgeadais, feachtais chlúmhillte, agus coiriúlú eagraíochtaí sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, ar nithe iad atá ag dul i méid, lena n-áirítear coiriúlú neamhúdaraithe ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó shrianta díréireacha ar shaoirse comhthionóil agus comhlachais a fhorchur; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an Treoir Frith-SLAPP agus Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún a chur chun feidhme go hiomlán chun ESSanna a chosaint; á chur i bhfáth nár cheart go rachadh na ceanglais tuairiscithe do ENRanna thar na ceanglais sin atá fíor-riachtanach agus comhréireach leis na haidhmeanna sonracha atá á saothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur i bhfáth gur comhpháirteanna ríthábhachtacha den smacht reachta iad trédhearcacht agus cuntasacht maidir le húsáid chistí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart oibleagáidí tuairiscithe agus trédhearcacht a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go gcaithfear airgead an Aontais go maith, agus ualaí neamhriachtanacha ar eagraíochtaí a sheachaint ag an am céanna; á mheas gur bonn láidir í reachtaíocht reatha an Aontais maidir le grinnscrúdú, dícheall cuí agus trédhearcacht, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas leanúint de bheith réidh chun an creat a athbhreithniú agus a threisiú i gcás ina sainaithneofaí easnaimh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go leithdháilfear acmhainní airgeadais leormhaithe agus inbhuanaithe d’eagraíochtaí sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine, i gcomhréir le critéir shoiléire incháilitheachta agus sásraí formhaoirseachta a chomhlíonfadh go hiomlán na rialacha trédhearcachta, cuntasachta agus caiteachais atá ann cheana, go háirithe i gcomhthéacs an spáis shibhialta atá ag laghdú agus ualaí riaracháin atá ag méadú; á mheas, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cistiú leordhóthanach agus comhsheasmhach a chur ar fáil, i gcomhréir lena chuspóirí, do ghníomhaithe atá ag obair chun cearta bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn, agus á chur i bhfios go láidir nach mór rochtain ar chistiú ón Aontas a bheith cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach; á mheabhrú nach mór cinntí cistiúcháin a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an Rialachán Airgeadais, rud lena n-áiritheofar bainistíocht fhónta airgeadais agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tsaoirse acadúil mar ghné lárnach den smacht reachta agus ag tathant ar na Ballstáit ollscoileanna a chosaint ar thionchar nó rialú polaitiúil míchuí ar rialachas acadúil, agus uathriail institiúideach a áirithiú; ag spreagadh na mBallstát cultúr an smachta reachta a chothú trí fheachtais feasachta, tionscnaimh for-rochtana agus gníomhaíocht lena gcuirtear luachanna agus prionsabail dhaonlathacha chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha, comhionannas agus neamh-idirdhealú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur i bhfáth gur colún fíor-riachtanach den smacht reachta iad cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn agus gur oibleagáid lárnach iad do na Ballstáit uile faoi Airteagal 2 CAE; á chur i bhfios go láidir nach mór na cearta sin a chosaint go cothrom do gach duine aonair gan idirdhealú trí phróisis reachtacha thrédhearcacha, leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha agus sásraí formhaoirseachta neamhspleácha; á thabhairt chun suntais go dtreisíonn an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chéile, agus go mbaineann sáruithe ar an smacht reachta an bonn go díreach ó theachtadh na gceart bunúsach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór aon srian ar chearta agus saoirsí bunúsacha a bheith i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus ag cáineadh cleachtais reachtacha as a n-eascraíonn castacht iomarcach, éiginnteacht dhlíthiúil nó easpa intuigtheachta do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór comhionannas faoin dlí agus an ceart nach ndéanfar idirdhealú ar dhuine, lena n-áirítear le linn imeachtaí breithiúnacha, a ráthú faoi chreataí dlíthiúla na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú go cinntitheach i gcásanna neamhchomhlíonta; á chur i bhfáth nach mór d’aon bheart a dhéanann difear do shaorghluaiseacht daoine, do chearta cónaithe nó d’athaontú teaghlaigh dlí an Aontais is infheidhme agus an Chairt a chomhlíonadh, lena n-áirítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos in Airteagal 21 di;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil rochtain éifeachtach ar chosaint shóisialta, ar ioncam íosta leormhaith agus ar sheirbhísí poiblí neamh-idirdhealaitheacha ríthábhachtach chun cearta a fheidhmiú go cothrom; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann eisiamh sóisialta, fíorbhochtaineacht agus easpa tithíochta bac ar rochtain éifeachtach ar cheartas agus ar theachtadh praiticiúil ceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an straitéis um chomhionannas LADTIA+ 2026-2030 mar phríomhchreat chun comhionannas agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn ar fud an Aontais, go háirithe trí chur chun feidhme feabhsaithe dhlí comhionannais an Aontais, cosaint agus sábháilteacht daoine agus gníomhaithe LADTIA+, sásraí faireacháin agus cuntasachta a neartú, múscailt feasachta agus oiliúint a chur ar phríomhghairmithe; ag tathant ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh toirmeasc ceangailteach AE ar chleachtais tiontaithe i ngach Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na bearta idirdhealaitheacha a tugadh isteach i roinnt Ballstát faoi scáth an chomhraic in aghaidh ‘bolscaireacht LADTIA’ agus ‘idé-eolaíocht inscne’ mar a thugtar orthu; ag meabhrú Thuairim an Abhcóide Ghinearálta i gCás C-769/22<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Ćapeta a tugadh an 5 Meitheamh 2025, ECLI:EU:C:2025:408.</FIELD></FOOTNOTE> lena gcinntear go bhfuil reachtaíocht den sórt sin, i gcás nach bhfuil údar oibiachtúil, eolaíoch agus comhréireach léi, ar neamhréir le dlí an Aontais agus leis an gCairt; á chur i bhfios go láidir go dtreisíonn na bearta sin stiogmatú, go gcuireann siad isteach ar an toirmeasc ar idirdhealú, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus go sáraíonn siad an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus dínit an duine, agus nach féidir údar a thabhairt leo ar na cúiseanna a chuir an Ballstát chun cinn; á chur i bhfáth go gcaitheann an t-idirdhealú córasach a dhéantar ar dhaoine LADTIA+ amhras ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus go ndéanann sé difear do dhlíchóras an Aontais ina iomláine; á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún gníomhú go pras agus go cinntitheach nuair a thagann na Ballstáit timpeall ar dhlí an Aontais, go háirithe an Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear trí nósanna imeachta brostaithe um shárú agus trí bhearta eatramhacha; ag cáineadh athchóirithe bunreachtúla idirdhealaitheacha a dhéanann difear don chomhionannas inscne agus do chearta LADTIA+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa dul chun cinn atá déanta i ndáil le beartais chomhionannais agus neamh-idirdhealaithe i roinnt Ballstát agus na bearnaí leanúnacha i gcur chun feidhme reachtaíocht frith-idirdhealaithe an Aontais atá ann cheana féin; á thabhairt chun suntais go bhfuil idirdhealú trasnach in aghaidh daoine aonair a bhaineann le grúpaí leochaileacha iomadúla fós ina fhadhb i roinnt Ballstát, agus gur ann do leibhéil éagsúla aitheantais dhlíthiúil agus cosanta dlíthiúla, agus nach dtugtar aghaidh air go leordhóthanach faoi chreataí comhionannais agus neamh-idirdhealaithe reatha an Aontais; ag tathant ar an gComhairle teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir leis an treoir chothrománach frith-idirdhealaithe; á iarraidh go leanfadh an tAontas de ghníomhaíocht leanúnach a dhéanamh chun idirdhealú agus coireanna fuatha atá dírithe ar dhaoine LADTIA+, ar mhná, ar mhionaoisigh, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine scothaosta, ar imircigh, agus ar dhaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a chomhrac chun rochtain éifeachtach ar cheartas agus ar leigheasanna dlíthiúla a áirithiú d’íospartaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile cearta LADTIA+ a chosaint i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais, leis an gCairt, agus le cásdlí ábhartha CBAE agus ECtHR; á mheabhrú go bhfuil bacainní dlíthiúla fós ann i roinnt Ballstát maidir le comhpháirtíochtaí comhghnéis nó tuismíocht thar teorainneacha a aithint, rud a sháraíonn prionsabail na saorghluaiseachta agus an neamh-idirdhealaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh chásdlí CBAE ag na Ballstáit, go háirithe na breithiúnais i gCásanna C-673/16<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 5 Meitheamh 2018, Relu Adrian Coman agus Páirtithe eile v Inspectoratul General pentru Imigrări and Ministerul Afacerilor Interne, ECLI:EU:C:2018:385.</FIELD></FOOTNOTE> agus C-713/23<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte (An Mór-Dhlísheomra) an 25 Samhain 2025, Jakub Cupriak-Trojan agus Mateusz Trojan v Wojewoda Mazowiecki, ECLI:EU:C:2025:917.</FIELD></FOOTNOTE>, agus nósanna imeachta um shárú a sheoladh i gcás inar gá; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le tuismíocht a aithint agus á iarraidh ar an gComhairle é a ghlacadh go pras, ar mhaithe le leas an linbh agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile aitheantas dlíthiúil a thabhairt isteach do lánúnacha comhghnéis, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur sárú ar chearta bunúsacha í an easpa nósanna imeachta dlíthiúla inrochtana maidir le haitheantas inscne; á iarraidh ar na Ballstáit uile aitheantas dlíthiúil d’fhéiniúlacht inscne a ráthú bunaithe ar fhéinchinntiúchán, aitheantas frithpháirteach thar theorainneacha a áirithiú agus sonraí pearsanta a chosaint, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di an borradh atá tagtha faoi gach cineál fuatha reiligiúnaigh, ciníochais, seineafóibe agus cineálacha eile idirdhealaithe ar fud an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit cosaint chomhionann faoin dlí a áirithiú do gach mionlach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leibhéil mhéadaitheacha an fhrithsheimíteachais san Aontas, agus ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn go leor daoine Giúdacha go mbíonn naimhdeas frithsheimíteach rompu ar líne agus as líne araon, rud a dhéanann difear dá saol laethúil agus dá mbraistint sábháilteachta; á iarraidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha frithsheimíteacha agus ar reitric fhrithsheimíteach agus chun iad a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leibhéil mhéadaitheacha na Ioslamafóibe agus an fhuatha i leith Ioslamach san Aontas, agus ag tabhairt dá haire go bhfulaingíonn go leor Moslamach ciníochas, coireanna fuatha, ciapadh agus cleachtais idirdhealaitheacha ina saol laethúil; á iarraidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a ghlacadh chun gníomhartha agus reitric den sórt sin a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag cáineadh eachtraí fuathchoireachta agus fuathchainte ar líne agus as líne, arna spreagadh ag aon fhoras idirdhealaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun gach cineál ciníochais a chomhrac, le cuimsiú iomlán na sochaí sibhialta agus le rannchuidiú na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha; á iarraidh go neartófaí cosc, imscrúdú, ionchúiseamh agus tacaíocht d’íospartaigh, le rannpháirtíocht iomlán na sochaí sibhialta agus na gcomhlachtaí comhionannais; á thabhairt chun suntais go bhfuil easpa reachtaíocht chuimsitheach AE ann agus á iarraidh go n-áireofaí an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht i measc choireanna an Aontais faoi Airteagal 83(1) CFAE, lena n-áirítear nuair atá siad bunaithe ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne nó ar léiriú inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di an riaráiste maidir le cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a chosaint, ar cearta iad a ndéantar neamhaird orthu níos mó agus níos mó; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh idirdhealú ann mar thoradh ar a gcreataí dlíthiúla agus ar a mbeartais dhlíthiúla; ag meabhrú an togra ón bParlaimint chun cosaint na gceart mionlaigh a áireamh sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta AE a mholadh chun cearta mionlaigh agus teanga a choimirciú, lena n-áirítear trí aontachas an Aontais leis an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint agus leis an gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á thabhairt chun suntais an t-idirdhealú forleathan a bhíonn roimh phobail Romacha, lena n-áirítear frithghiofógachas, deighilt i dtithíocht, oideachas agus rochtain ar sheirbhísí, agus cleachtais urrúsúcháin; á iarraidh go mbeadh bearta spriocdhírithe, sásraí faireacháin agus cuntasachta níos láidre, agus rannpháirtíocht fhóinteach shochaí shibhialta na Romach ann, lena n-áirítear i bpróisis aontachais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar idirdhealú ciníoch agus eitneach, lena n-áirítear próifíliú ciníoch, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear trí imscrúduithe éifeachtacha, bailiú agus foilsiú sonraí imdhealaithe i gcomhréir le caighdeáin um chearta bunúsacha, agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá sé aghaidh a thabhairt ar idirdhealú ar fhorais thrasnacha laistigh de chreat cuimsitheach um chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á iarraidh go mbeadh coimircí éifeachtacha ann chun spás sábháilte ar líne a áirithiú, agus chun fuath, idirdhealú agus bréagaisnéis a chomhrac; á chur i bhfáth gur gá GSD, an Gníomh um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Treoir Frith-SLAPP agus GESM a chur i bhfeidhm go hiomlán agus ar bhealach cearta-bhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cúis mhór imní í an easpa dul chun cinn i dtreo seirbhísí pobalbhunaithe do dhaoine faoi mhíchumas maidir le comhlíonadh oibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a urramú i réimse na himirce agus an tearmainn ar tír agus ar muir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar beartais imirce agus tearmainn, lena n-áirítear an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis an gCairt, le prionsabal an <STRING ITALIC="on">non-refoulement</STRING> agus le prionsabal na comhroinnte freagrachta chun a áirithiú go seasfar le cearta daoine chun tearmainn agus chun cosanta idirnáisiúnta; á athdhearbhú,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit beartais imirce agus tearmainn a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na Conarthaí, leis an gCairt agus leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme; á chur i bhfáth go bhfuil gach duine ar chríoch an Aontais i dteideal measa ar a ndínit dhaonna, nár cheart íde mhídhaonna ná tháireach a thabhairt dóibh, agus go bhfuil siad comhionann faoin dlí gan idirdhealú ar aon fhoras, lena n-áirítear náisiúntacht nó stádas imirce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á mheas go gcuireann torthaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus cásdlí CBAE bonn iontaofa ar fáil chun Airteagal 2 CAE agus raon feidhme chearta na Cairte a léirmhíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún a thogra le haghaidh treoir maidir le cóir chomhionann<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach (COM(2008)0426).</FIELD></FOOTNOTE> a choinneáil ar bun agus ag tathant ar an gComhairle bailchríoch a chur air agus é a ghlacadh gan a thuilleadh moille agus é á thabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach chun bearnaí i gcosaint frith-idirdhealaithe an Aontas a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh in aghaidh foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne, lena n-áirítear é a chur ar ‘liosta choireanna an Aontais’; ag tathant go mbeadh togra reachtach AE ann maidir le héigniú a chomhrac mar a shainítear leis an easpa toilithe, le cur chun feidhme iomlán rialacha an Aontais maidir le foréigean in aghaidh na mban, agus le daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag na Ballstáit uile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gluaiseachtaí frith-inscne agus bréagaisnéis a bhaineann an bonn ón gcomhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndéanfaí rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil a chumhdach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir gur dlúthchuid den chomhionannas agus den chomhrac in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe iad sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta agus buiséad an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuarascálacha ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina léirítear go bhféadfadh sé go raibh nasc idir sáruithe áirithe ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha agus úsáid roinnt cistí de chuid an Aontais i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú críochnúil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sáruithe den sórt sin ag tarlú i gcláir nó i dtionscadail arna gcistiú ag an Aontas agus, i gcásanna ina mbunaítear sáruithe den sórt sin, a mheas nach bhfuil na coinníollacha cumasúcháin ábhartha agus garspriocanna na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta comhlíonta; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, moltaí lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe sin a áireamh ina thuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta, agus, i gcás ina bhfuil easnaimh fós ann, tuilleadh íocaíochtaí a chur ar fionraí go dtí go leigheasfar na heasnaimh a sainaithníodh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit socruithe faireacháin neamhspleácha a neartú le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear trí mheasúnuithe tionchair dlíthiúla agus bunúsacha agus meastóireachtaí neamhspleácha le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, agus rochtain éifeachtach ar cheartas á cosaint ag an am céanna, chun comhlíonadh dhlí an Aontais agus na Cairte a áirithiú; á mholadh go ndéanfaí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun tacú leis an bhfaireachán sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cosaint an smachta reachta fíor-riachtanach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á chur i bhfios go láidir go bhfuil córais bhreithiúnacha neamhspleácha, creataí éifeachtacha frithéillithe agus nósanna imeachta riaracháin trédhearcacha fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar cistí an Aontais a bhainistiú, a leithdháileadh agus a chaitheamh i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais; á iarraidh go mbeadh cistiú cuí ann do chomhlachtaí amhail OIPE agus OLAF chun a áirithiú go mbeidh siad in ann cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt faoi réim an cheartais go héifeachtach, i bhfianaise a dtionchair ar an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar shineirgí idir na huirlisí éagsúla maidir leis an smacht reachta agus a nasc le buiséad an Aontais, agus na naisc idir na moltaí lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe is leanúnaí sa tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta agus in uirlisí buiséadacha a neartú; á chur in iúl gur saoth léi an easpa mionsonraí i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta i ndáil leis an gcaoi a ndéantar an nasc sin, go háirithe ina moltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á áitiú nach mór na bearta is gá chun cistiú an Aontais a scaoileadh, mar a shainítear sna cinntí ábhartha arna ndéanamh faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus faoin an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, a mheasúnú go comhsheasmhach mar chuid den bhosca uirlisí comhleanúnach comhtháite céanna agus nár cheart aon íocaíochtaí a dhéanamh fad a bheidh easnaimh fós ann; á áitiú gur cheart aon chúlú a chur san áireamh freisin agus aghaidh a thabhairt air chun cosc a chur ar chásanna comhchosúla nó ar chúlú breise amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh na measúnuithe sin de bheith neamhchlaonta go docht, saor ó ionstraimiú, agus bunaithe go hiomlán ar chomhlíonadh chaighdeáin an smachta reachta; á mheabhrú gur cheart aon togra chun deireadh a chur le bearta buiséadacha a bheith bunaithe ar fhaisnéis dhaingean, chuimsitheach agus cothrom le dáta i gcomhréir le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta i gCás C-225/24<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Ćapeta a tugadh an 12 Feabhra 2026, Cás C-225/24 Parlaimint na hEorpa v An Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:C:2026:88.</FIELD></FOOTNOTE>, inar cuireadh i bhfios go láidir gur cheart gach coinníoll maidir le heisíocaíocht a chur ar fáil go poiblí chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú; ag tabhairt dá haire go gcuirtear bonn fíor-riachtanach fíorasach ar fáil sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta chun dúshláin shistéamacha a shainaithint a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme cuí bhuiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún critéir shoiléire agus mhionsonraithe a leagan amach agus a fhoilsiú chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí buiséadacha na n-easnamh sa smacht reachta, lena n-áirítear maidir le briseadh, fionraí agus athchlárú chistí AE, agus cinnteoireacht thráthúil agus neamhroghnach a áirithiú ar fud na mBallstát uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á athdhearbhú gur dlúthchuid de bhosca uirlisí rialachais airgeadais an Aontais é an Sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta; á mheabhrú go raibh an Rialachán maidir le Coinníollacht ina phríomhuirlis maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta, agus gur cheart é a chur i bhfeidhm aon uair a chomhlíontar a choinníollacha dlíthiúla ar fud bhuiséad iomlán an Aontais; á iarraidh go gcuirfí an Rialachán maidir le Coinníollacht i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtach, go tráthúil agus go neamhchlaonta, lena n-áirítear úsáid réamhghníomhach Airteagal 6(4) de i gcás ina bhfuil údar leis, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna; á chur in iúl gur oth léi léirmhíniú an Choimisiúin nár cheart an Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta a úsáid ach amháin mar rogha dheiridh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh ar cad is nasc sách díreach ann idir sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus leasanna airgeadais an Aontais, chomh maith le critéir shoiléire, oibiachtúla agus intuartha a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart buiséadach agus feabhais, mar a d’iarr Cúirt Iniúchóirí na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún a léiriú ina thuarascáil maidir leis an smacht reachta an bhfuil gá leis an Rialachán maidir le Coinníollacht a chur i bhfeidhm mar gheall ar rioscaí tromchúiseacha nó sáruithe a sainaithníodh sna Ballstáit agus moltaí tírshonracha lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe is leanúnaí sna Ballstáit a aistriú ina ngarspriocanna nithiúla a mbeidh ar na Ballstáit gníomhú ina leith agus, i gcás inarb iomchuí, a bheith ina bhfianaise chun údar a thabhairt le gníomhachtú an Rialacháin maidir le Coinníollacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle gníomhú go gasta agus ar bhealach lán-trédhearcach i gcás ina mbunaítear nasc idir sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, nó rioscaí tromchúiseacha a bhaineann leo, agus rioscaí do bhuiséad an Aontais, agus i gcás nach ndéanann an Ballstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an staid go héifeachtach, go hinbhuanaithe agus go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht bhreise a dhéanamh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta i gcás na hUngaire maidir le sáruithe eile ar an smacht reachta, amhail na sáruithe sin a bhaineann leis na breithiúna; á thabhairt chun suntais gurb ionann lagú an chórais bhreithiúnaigh agus neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an riaracháin phoiblí agus comhchruinniú soláthróirí míchuí i nósanna imeachta soláthair agus rioscaí sistéamacha maidir leis an smacht reachta a chuireann bainistíocht fhónta airgeadais i mbaol; á chur i bhfáth gur rioscaí díreacha do bhuiséad an Aontais iad sáruithe ar rialacha, cúbláil ar ghlaonna ar thairiscintí agus ar iarratais lena mbaineann cistiú ón Aontas, nó fabhraíocht mhíchuí sna glaonna agus sna hiarratais sin, chomh maith le ciapadh riaracháin lena sáraítear cóir chomhionann na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, cuideachtaí nó faighteoirí nó tairbhithe deiridh eile, agus a rochtain ar chistí de chuid an Aontais chomh maith le soláthar, comhlachtaí iniúchóireachta, coimircí frithéillithe nó córais rialaithe agus gur gá coinníollacht a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go dian i leith na rioscaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>á mheabhrú nár cheart go bhfulaingeodh faighteoirí nó tairbhithe deiridh cistithe ón Aontas nach eintitis rialtais iad iarmhairtí diúltacha mar thoradh ar fhadhbanna arb iad na húdaráis náisiúnta is cúis leo i gcásanna ina ndéantar bearta buiséadacha; ag iarraidh an athuair ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbainfear na cistí sin d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh chistí an Aontais, mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit atá faoi réir bearta faoin Rialachán maidir le Coinníollacht Ghinearálta leanúint de na gealltanais uile i leith faighteoirí nó tairbhithe deiridh a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun a áirithiú go sroichfidh cistí de chuid an Aontais rialtais áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mura gcomhoibríonn an rialtas lena mbaineann maidir leis na heasnaimh; á chur in iúl gur réiteach féideartha é na leithreasuithe a chur ar fáil a chomhfhreagraíonn do shaoradh faoi chórais choinníollachta lena n-úsáid faoi ionstraimí nó cláir eile de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, go háirithe iad siúd a rannchuidíonn le tacaíocht a thabhairt do dhaonlathas, don tsochaí shibhialta, do luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 nó don chomhrac in aghaidh an éillithe; á chur i bhfios go láidir nach mór prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na córa comhionainne a urramú go hiomlán leis an ath-leithdháileadh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór a mheas gur réamhchoinníoll fíor-riachtanach é go gcloífeadh na Ballstáit go infhíoraithe leis an smacht reachta agus leis an gCairt araon chun aon chistí de chuid an Aontais a fháil; á chur i bhfios go láidir nach mór na coinníollachtaí sin a chomhlíonadh go hiomlán sula bhformheasfar na cláir agus na tionscadail uile arna gcistiú ag an Aontas a chuireann údaráis phoiblí isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh aon chinneadh maidir le gach íocaíocht nó cuid de na híocaíochtaí a chur ar fionraí, a laghdú nó a bhlocáil bunaithe ar thráthanna measúnaithe atá sainithe go soiléir, trédhearcach agus intuartha le linn chur chun feidhme cistí de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus cineál, fad, tromchúis agus raon feidhme an tsáraithe arna shainaithint á gcur san áireamh; á chur i bhfáth nach mór faireachán leanúnach a chomhlánú, ar a laghad, le hathbhreithnithe tréimhsiúla atá tráthrialta agus bunaithe go foirmiúil, lena n-áirítear measúnú bliantúil ar chomhlíonadh atá nasctha go sainráite le torthaí thuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta, chun deimhneacht dhlíthiúil, cuntasacht agus freagracht éifeachtach as gníomhaíocht cheartaitheach a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an moladh sa togra ón gCoimisiún maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 go mbeadh beagnach leath na gcistí coinníollach ar chomhlíonadh an smachta reachta agus na Cairte sula bhformheasfaí iad toisc go neartaíonn sé cumas an Aontas a áirithiú go dtacaíonn cistiú ón Aontas le beartais atá bunaithe ar chearta bunúsacha agus ar phrionsabail dhaonlathacha; á thabhairt dá haire go gcoinnítear ar bun agus go dtugtar isteach leis an togra coinníollacha cothrománacha maidir le prionsabail an smachta reachta agus na Cairte a urramú ar fud na gclár ábhartha; á chreidiúint go bhféadfadh cur chuige den sórt sin i leith coinníollachta aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le faighteoirí nó tairbhithe deiridh a chosaint, go háirithe trí chead a thabhairt cistí a chur ar fáil arís faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, go háirithe na hionstraimí agus na cláir a rannchuidíonn le tacú leis an daonlathas, leis an tsochaí shibhialta, leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE nó leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe go príomha sa Bhallstát inar tharla na sáruithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an forluí a d’fheadfadh a bheith ann idir an choinníollacht nua atá beartaithe sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá ar na bacáin agus an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta atá ann cheanna; á chreidiúint, áfach, gur cheart go gcumhdófaí leis na coinníollacha cothrománacha na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus gur cheart go mbeadh an nós imeachta cinnteoireachta comhionann, a mbeadh cinntí an Choimisiúin mar thoradh air; á iarraidh go mbeadh creat aontaithe, comhleanúnach agus cuimsitheach ann ar fud chláir uile an Aontais, agus á iarraidh ar an gCoimisiún critéir shoiléire, oibiachtúla agus thrédhearcacha a áirithiú chun coinníollacht an smachta reachta a chur i bhfeidhm, chomh maith le comhordú éifeachtach idir na hionstraimí éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á iarraidh nár cheart cistí arna gcur ar fionraí nó arna reo mar gheall ar sháruithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chur ar fáil arís d’údaráis na mBallstát lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>ag tabhairt dá haire, leis na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (Pleananna CNR) atá beartaithe, go ndéanfaí mórchistí an Aontais a chomhdhlúthú i gcreat straitéiseach aonair in aghaidh an Bhallstáit agus go mbeadh eisíocaíochtaí bunaithe níos mó ar fheidhmíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, critéir shoiléire, thrédhearcacha agus infhíoraithe a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na ‘sásraí leordhóthanacha’ is gá chun pleananna náisiúnta agus réigiúnacha a fhormheas, mar réamhriachtanas chun iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh an smachta reachta agus na Cairte a áirithiú agus cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cosaint éifeachtach bhuiséad AE ag brath freisin ar chórais láidre bainistithe agus rialaithe airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE, agus ó údaráis iniúchóireachta náisiúnta a chur san áireamh ina thuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta, chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann leis an smacht reachta do chistí de chuid an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur cheart easnaimh shistéamacha arna sainaithint ag na comhlachtaí formhaoirseachta sin a léiriú go cuí san úsáid a bhaineann an Coimisiún as uirlisí cosanta buiséid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta agus gné an mhargaidh aonair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh gné an mhargaidh aonair san áireamh sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta, ós rud é go gcuireann sí i bhfios go láidir an nasc idir caighdeáin an smachta reachta agus sláinte fhoriomlán thimpeallacht eacnamaíoch an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuidíonn an cur chuige sin le bacainní struchtúracha a dhéanann difear do chuideachtaí, d’oibrithe agus do ghníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann a shainaithint, rud a chuireann le timpeallacht mhargaidh intuartha, thrédhearcach agus chothrom, agus é d’aidhm aige sin a áirithiú go gcosnófar cearta, go ngearrfar pionóis mar thoradh ar éilliú, agus go bhforfheidhmeofar conarthaí; ag tabhairt dá haire go mbaineann éiginnteacht dhlíthiúil, cinnteoireacht riaracháin threallach agus cosaint bhreithiúnach neamhréireach an bonn ón intuarthacht eacnamaíoch agus go ndéanann siad difear do chumas na ngníomhaithe eacnamaíocha oibriú laistigh den mhargadh inmheánach, mar a léirigh na geallsealbhóirí ábhartha a ndeachthas i gcomhairle leo i ndáil le Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta; á chur i bhfáth, maidir le córas ceartais feidhmiúil, creat láidir frithéillithe, iolrachas na meán, agus srianta agus ceartúcháin éifeachtach, gur nithe iad atá ríthabhachtach i dtaca le feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil deimhneacht dhlíthiúil, rialacha soláthair cothroma agus trédhearcacha, bearta éifeachtacha frithéillithe, saoirse na meán, cumhachtaí daonlathacha cothroma agus cosaintí láidre saothair agus sóisialta ina bpríomhspreagthaí don iomaíochas inbhuanaithe, don chomhtháthú sóisialta agus do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á mholadh go leanfadh an Coimisiún de ghné an mhargaidh aonair a chothú, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach margadh aonair dea-fheidhmiúil agus córas daonlathach athléimneach araon a áirithiú, agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhoimhniú, lena n-áirítear ceardchumainn, comhlachais bhreithiúnacha, eagraíochtaí iriseoirí, comhlachais bharra agus grúpaí gairmiúla eile a bhfuil a saineolas ríthábhachtach chun rioscaí sistéamacha don smacht reachta a shainaithint go luath i measúnuithe amach anseo; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Choimisiún iarrachtaí spriocdhírithe a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt faoi na tuarascálacha maidir leis an smacht reachta agus chun rannchuidiú ó na gníomhaithe sin a spreagadh sna Ballstáit uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún gur réamhriachtanas é urraim don smacht reachta chun timpeallacht infheistíochta chobhsaí agus iontaofa a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go gcuireann creataí dlíthiúla intuartha, cúirteanna neamhchlaonta agus sásraí forfheidhmithe éifeachtacha le muinín infheisteoirí agus go gcuireann siad le fás eacnamaíoch inbhuanaithe ar fud an mhargaidh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na heasnaimh a sainaithníodh i roinnt Ballstát, lena n-áirítear maidir le comhionannas agus cothroime sa soláthar poiblí agus i ndámhachtainí díreacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar easnaimh arna sainaithint faoin ngné sin a léiriú go leormhaith i moltaí nithiúla agus spriocdhírithe ina thuarascáil maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>137.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, nuair a dhéanann sé measúnú ar ghné an mhargaidh aonair sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta, agus á iarraidh ar na Ballstáit, dul i ngleic le saobhadh struchtúrach sa soláthar poiblí agus in úsáid cistí de chuid an Aontais agus cistí náisiúnta; á chur i bhfios go láidir gur gá rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht, Státchabhair agus soláthar poiblí a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach, mar aon le tacaíocht do gheilleagair áitiúla níos éagsúlaithe agus rochtain chothrom ar chistiú, chun Fáinne Óir a chruthú ina mbeidh margaí oscailte agus iomaíocha mar bhonn taca leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>138.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá an úsáid a bhaineann an Coimisiún as anailís shonraíbhunaithe a neartú agus measúnú á dhéanamh aige ar thionchar choinníollacha an smachta reachta ar an margadh aonair; ag tabhairt dá haire go bhfuil táscairí láidre agus inchomparáide maidir le héifeachtúlacht bhreithiúnach, rioscaí éillithe, feidhmíocht riaracháin agus cobhsaíocht rialála fíor-riachtanach chun laigí struchtúracha a chuireann bac ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a shainaithint; ag spreagadh an Choimisiúin chun modheolaíochtaí fianaisebhunaithe a fhorbairt a thuilleadh agus infhaighteacht tacar sonraí ardcháilíochta a leathnú chun doimhneacht anailíseach agus ábharthacht beartais tuarascálacha maidir leis an smacht reachta a fhoilseofar amach anseo a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>139.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis na Ballstáit sin ina gcruthaíonn moilleanna breithiúnacha, forfheidhmiú lag conarthaí, nó éilliú sistéamach bacainní éifeachtacha neamhtharaife do chuideachtaí ó Bhallstáit eile, na Ballstáit sin a shainaithint, ina chaibidlí tíre, agus an dul chun cinn a thagarmharcáil i gcomparáid le táscairí feidhmíochta seanbhunaithe; á chur i bhfáth nach mór sainaithint den sórt sin a bheith bunaithe ar shonraí agus modheolaíochtaí trédhearcacha agus gur cheart easnaimh sa smacht reachta a nascadh go sainráite le linn na sainaitheanta sin le hinfheistíocht chaillte, costais idirbhirt níos airde agus rannpháirtíocht laghdaithe fiontar beag agus meánmhéide sa mhargadh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>140.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil gné an mhargaidh aonair ina bonn agus ina taca ag an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, agus go n-aithnítear an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saoirse na meán, agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin, mar phríomhcholúin sa tuarascáil; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar thionchar an neamhionannais eacnamaíoch agus an eisiaimh shóisialta ar rannpháirtíocht dhaonlathach agus ar fheidhmiú an smachta reachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta i gcroílár phróiseas an mhéadaithe agus ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>141.</NO.P>á athdhearbhú nach mór do na Ballstáit reatha, agus do thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha freisin, na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE a urramú go hiomlán agus go cinnte, ar feadh an phróisis aontachais ina iomláine, agus ar bhonn leanúnach ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth go mbraitheann inchreidteacht agus dlisteanacht an Aontais i bpróiseas an mhéadaithe ar a áirithiú go gcoimeádfar Ballstáit an Aontais agus na tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha araon ar na hardchaighdeáin chéanna maidir le daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta, agus á chur i bhfios go láidir gur féidir dochar a dhéanamh don inchreidteacht, don dlisteanacht agus don mhuinín sin as gealltanais an Aontais de bharr caighdeáin dhúbailte sna réimsí sin; á chur i bhfáth gur tráth cinntitheach agus doshannta í an chéim aontachais chun bunchlocha láidre, do-aisiompaithe agus inbhuanaithe a bhunú chun an smacht reachta, cearta bunúsacha agus caighdeáin dhaonlathacha a chosaint, arb iad na bunphrionsabail d’aontachas leis an Aontas iad; ag tabhairt dá haire go bhfuil saincheisteanna suntasacha fós ann maidir le faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha mionlach náisiúnta i dtíortha is iarrthóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>142.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí dianmheastóireacht leanúnach dhomhain ar an smacht reachta i ngach tír atá i mbun próiseas aontachais; ag spreagadh an Choimisiúin chun moltaí soiléire, nithiúla agus intomhaiste a chur ar fáil lena dtabharfar aghaidh ar easnaimh a bhaineann leis an smacht reachta agus le dul chun cinn, agus á áitiú go mbeidh comhsheasmhacht iomlán, comhlántacht agus atreisiú frithpháirteach ann i ndáil leis an tuarascáil maidir leis an smacht reachta agus an Tuarascáil maidir le Méadú chun measúnuithe éagsúla a sheachaint agus chun beartas comhleanúnach inchreidte um méadú a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>143.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil caibidlí sonracha sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta i ndáil leis an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia; á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme geografach na dtuarascálacha a bheidh ann amach anseo a leathnú chun gach tír is iarrthóir agus gach tír is iarrthóir ionchasach a chumhdach agus moltaí nithiúla intomhaiste a chur ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus chun a áirithiú go gcloífear le hardchaighdeáin tar éis an aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>144.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacaíocht láidir a chur ar fáil do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha chun dlús a chur le hathchóirithe maidir leis an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>145.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a urramú freisin nuair a leithdháiltear cistí de chuid an Aontais ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad atá rannpháirteach i gcláir AE agus le linn aon mhonatóireacht leantach ar úsáid cistí; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach na luachanna sin a chosaint chun bainistíocht airgeadais chomhleanúnach agus fhónta a áirithiú ar chaiteachas uile an Aontais, laistigh den Aontas agus i gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas iad araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>146.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí prionsabal an smachta reachta i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le caiteachas uile an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíocht sheachtrach i gcoitinne, agus maidir le cúnamh réamhaontachais do tíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha go háirithe faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) III agus sa tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar; á chur i bhfáth nach mór an caiteachas sin a bheith trédhearcach, nach mór é a bheith bunaithe ar fhianaise agus ar fheidhmíocht, nach mór coimircí éifeachtacha faireacháin agus breithiúnacha a bheith ag gabháil léi, i gcomhréir le luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á iarraidh go mbeadh eisíocaíochtaí faoi IPA III ceangailte le torthaí nithiúla, agus go ndéanfaí cistiú a ath-leithdháileadh, a chur ar fionraí nó a laghdú i gcásanna ina ndéantar cúlú leanúnach ar neamhspleáchas breithiúnach, ar iarrachtaí frithéillithe agus ar chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>147.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a choinneáil ar bun chun seasamh leis na luachanna uilíocha ar a bhfuil an tAontas bunaithe; ag tabhairt rabhaidh gur bagairt thromchúiseach ar an ord domhanda riailbhunaithe iad na bagairtí méadaitheacha ar institiúidí iltaobhacha, lena n-áirítear iarrachtaí chun an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) a dhídhlisteanú, agus an neamhaird níos leithne atá á tabhairt ar an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur saoth léi na bagairtí a mbíonn ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta dul i ngleic leo, ar bagairtí iad nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, lena n-áirítear smachtbhannaí a fhorchuirtear ar a breithiúna agus ar oifigigh eile; á iarraidh go ndéanfaí Reacht Blocála an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear in aghaidh éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as (IO L 309, 29.11.1996, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2271/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a ghníomhachtú chun cosaint a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus dóibh siúd a chomhoibríonn leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus a thacaíonn léi, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, agus ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha, leanúint de thacaíocht a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus úsáid a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil chun an comhrac in aghaidh saoirse ó phionós ar fud an domhain a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>148.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas go láidir le CBI agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta mar institiúidí fíor-riachtanacha neamhspleácha agus neamhchlaonta; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar Bhallstáit an Aontais cinntí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear barántais ghabhála a fhorghníomhú; á iarraidh ar an gCoimisiún cásanna de neamhfhorghníomhú barántas gabhála ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a léiriú ina thuarascálacha maidir leis an smacht reachta; ag tathant ar na Ballstáit rialuithe na gcúirteanna idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán agus dlínse uilíoch a chur i bhfeidhm chun saoirse ó phionós a chomhrac; á iarraidh ar an Aontas na tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, lena n-áirítear comhpháirtithe móra agus tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, a spreagadh chun bheith ina bpáirtithe i Reacht na Róimhe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feabhsú phróiseas tuairiscithe an Choimisiúin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>149.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin feabhas a chur ar a mhodheolaíocht sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, in eagráin a bheidh ann amach anseo, tagarmharcanna agus táscairí soiléire agus oibríochtúla a shainiú agus a fhoilsiú faoi gach colún, agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go trédhearcach ar fud na mBallstát uile, ar bhealach lenar féidir comparáid fhóinteach a dhéanamh agus lena dtugtar soiléireacht maidir leis na caighdeáin atá á gcur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>150.</NO.P>á aithint go bhfuil an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta tar éis éirí níos cuimsithí ó bunaíodh í in 2020; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, nár cuireadh san áireamh go hiomlán eilimintí sár-riachtanacha ó rúin na Parlaiminte, lena n-áirítear moltaí, atá dírithe ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle i gcomhthéacs an tuairiscithe ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>151.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos trédhearcaí maidir leis na critéir a úsáideann sé chun faisnéis a roghnú ón tsochaí shibhialta, ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, ó údaráis náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí eile sa phróiseas tuairiscithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhsheasmhacht agus soiléireacht a áirithiú maidir leis an gcaoi a ndéantar an fhaisnéis sin a mheasúnú agus a léiriú sna caibidlí deiridh tíre; ag tabhairt dá haire, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, gur cheart aiseolas agus obair leantach iomchuí a chur ar fáil do na rannpháirtithe uile maidir le húsáid a n-ionchuir, agus á áitiú go mbeadh an próiseas tuairiscithe fianaisebhunaithe, trédhearcach agus neamhpháirtíneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>152.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht chun saincheisteanna a roghnú sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta trédhearcach trí phríomhchritéir a shainiú go soiléir, lena n-áirítear cad is ‘forbairt shuntasach’ ann, agus trína áirithiú go ndéanfar dúshláin nua atá ag teacht chun cinn a mheas go córasach; ag moladh don Choimisiúin teanga níos soiléire a úsáid agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>153.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, agus an tuarascáil maidir leis an smacht reachta á dréachtú aige, comhoibriú níos láidre a lorg agus dul i mbun comhairliúchán roimh ré leis an bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>154.</NO.P>á chur i bhfáth gur reáchtáil an Grúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha (DRFMG) de chuid Choiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile roinnt toscaireachtaí <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> le blianta beaga anuas, agus gur measadh, i roinnt cásanna, go raibh easnaimh níos mó ná na heasnaimh sin a tugadh chun solais i dtuarascálacha an Choimisiúin i staid an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach; á chreidiúint gur cheart breithniú cuí a dhéanamh ar chleachtadh faireacháin DRFMG faoi chuimsiú an nós imeachta comhairliúcháin agus i ndréachtú na tuarascála ina dhiaidh sin; á iarraidh go mbeadh caidreamh idirinstitiúideach níos láidre agus níos struchtúrtha ann idir an Pharlaimint agus an Coimisiún, lena n-áirítear trí mhalartuithe rialta, sásraí aiseolais trédhearcacha agus comhtháthú tráthúil measúnuithe parlaiminteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>155.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le sásra idirinstitiúideach cuimsitheach maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a bhunú lena gcumhdaítear na luachanna uile a leagtar amach in Airteagal 2 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>156.</NO.P>á chreidiúint gur cheart don Choimisiún a bheith níos soiléire maidir leis an gconair ar a bhfuil gach Ballstát agus gach tír is iarrthóir a shainaithint agus a chur in iúl, lena n-áirítear comharthaí luathrabhaidh agus saincheisteanna tromchúiseacha agus sistéamacha a shainaithint, agus á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún comhleanúnachas idir na saincheisteanna a sainaithníodh agus na moltaí a eisíodh a áirithiú, chomh maith le soiléireacht agus trédhearcacht níos fearr maidir leis an gcaoi a ndéantar na measúnuithe sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú go mbaineann sáruithe sistéamacha tromchúiseacha a dhéantar d’aon ghnó ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE thar thréimhse leanúnach an bonn ó choinníollacha struchtúracha ballraíochta in Aontas atá bunaithe ar an smacht reachta; á chur i bhfáth, in imthosca den sórt sin, go bhfuil baol ann nach ndéanfaidh na Ballstáit na gealltanais is gné dhílis dá stádas faoi na Conarthaí a chomhlíonadh; á mheabhrú go gceanglaítear ar na hinstitiúidí na sásraí dá bhforáiltear sna Conarthaí a ghníomhachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>157.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach gan an measúnú a theorannú d’easnaimh a sainaithníodh roimhe seo, ach an anailís a thabhairt cothrom le dáta go córasach chun forbairtí nua, rioscaí atá ag teacht chun cinn agus cineálacha cúlaithe atá ag athrú a léiriú; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é sin go díreach an cás ina bhfuil beachtas agus soiléireacht mhodheolaíoch níos fearr fíor-riachtanach, chun a áirithiú go leanfaidh na moltaí de bheith ábhartha, freagrúil agus ailínithe le conair iarbhír an smachta reachta i ngach Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>158.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a eisiúint atá níos oibríochtúla, lena ndéanfar idirdhealú soiléir idir na moltaí sin a bhaineann le saincheisteanna tromchúiseacha agus sistéamacha agus na moltaí sin a bhaineann le saincheisteanna nach bhfuil chomh suntasach céanna, chun an baol a sheachaint go ndéanfaí beag is fiú de na sáruithe is tromchúisí ar an smacht reachta, agus bearta, amlínte agus tagarmharcanna nithiúla maidir lena gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag na tíortha is iarrthóirí a leagan amach; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart tagairt chomhionann a dhéanamh sna moltaí do na Ballstáit uile, ach gur cheart iad a bheith comhréireach le staid shonrach an smachta reachta i ngach tír; á chur in iúl gur cheart go léireodh na moltaí torthaí diúltacha ar bhealach níos fearr sa tuarascáil agus go mbeidís ní ba mhionsonraithe; á chreidiúint gur cheart an measúnú ar chomhlíonadh na moltaí a bhí ann roimhe sin a bheith ní ba bheaichte agus ní ba cháilíochtúla, gan a bheith ag brath ar athruithe reachtacha amháin ach freisin ar fhianaise infhíoraithe ar a gcur chun feidhme sa chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>159.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar an aird chéanna ar cholúin uile na tuarascála maidir leis an smacht reachta agus moltaí á n-eisiúint aige, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha agus dhea-dhoiciméadaithe agus chun gnéithe struchtúracha atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú cuí na gcóras daonlathach, lena n-áirítear spás sibhialta agus cearta bunúsacha, a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>160.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na hábhair imní a shainaithnítear sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta a aistriú go comhsheasmhach ina moltaí; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún a áirithiú go gcaithfear le saincheisteanna comhchosúla ar an mbealach céanna ar fud na mBallstát, ionas nach bhfágfar aon Bhallstát a bhfuil easnaimh inchomparáide nó níos tromchúisí ann gan moltaí iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>161.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an sásra leantach le haghaidh moltaí nár cuireadh chun feidhme a neartú trí thagarmharcanna intomhaiste a thabhairt isteach, agus é á thabhairt dá haire go ndéantar 93 % de na moltaí arís agus arís eile ó bhlianta roimhe sin agus nár cuireadh ach 6 % díobh chun feidhme go hiomlán in 2025<FOOTNOTE><FIELD> An tAontas um Shaoirsí Sibhialta don Eoraip, <STRING ITALIC="on">European Commission’s Rule of Law Report 2025 – Gap Analysis</STRING> [Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Smacht Reachta – Anailís ar Bhearnaí].</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go neartófaí úsáid na n-uirlisí forfheidhmiúcháin uile atá ar fáil, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear imeachtaí um shárú agus coinníollacht bhuiséadach, dá bhforáiltear leis an Rialachán Airgeadais, leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta agus le Rialachán na bhForálacha Coiteanna; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i muinín nósanna imeachta brostaithe agus iarratais ar bhearta eatramhacha go sistéamach os comhair CBAE i gcásanna um shárú, agus gníomhartha a spreagadh maidir le neamhchur i bhfeidhm bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuair ach dhá Bhallstát moladh breise sa tuarascáil is déanaí i gcomparáid leis an timthriall tuairiscithe roimhe sin, in ainneoin go n-éilíonn staid an smachta reachta i roinnt Ballstát gníomhaíocht phráinneach agus gur gá do Bhallstáit eile moltaí a chur chun feidhme go práinneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>162.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur theip go leanúnach ar an Ungáir aghaidh a thabhairt ar na moltaí ón gCoimisiún, agus nár tugadh aghaidh go hiomlán ar shé mholadh ó bhí 2022 ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>163.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuireann an beartas a leagtar amach i dteachtaireacht 2022 ón gCoimisiún maidir le dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, lena soiléirítear nach bhfuil imeachtaí um shárú ceaptha chun feidhmiú mar shásraí le haghaidh sásamh aonair, go gcuireann sé teorainn le rochtain ar leigheasanna éifeachtacha i gcásanna nach gcomhlíonann Ballstáit dlí an Aontais ar bhonn leanúnach nó sistéamach, lena n-áirítear an rochtain ar bhreithiúnais CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a thabhairt ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtacht na n-ionstraimí atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit; ag meabhrú na tuairime a thug an tAbhcóide Ginearálta Ćapeta le déanaí i gCás C-769/22 lena ndeimhnítear gur féidir le hAirteagal 2 CAE a bheith ina bhunús dlí ar leithligh le haghaidh imeachtaí um shárú i gcásanna inarb é an diúltú luacha is bunchúis le sáruithe eile ar dhlí an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an breithiúnas atá le teacht sa chás sin a bheith ina dheis thábhachtach ar cheart don Choimisiún í a thapú chun dul i mbun imeachtaí um shárú níos córasaí agus níos láidre, faoi réir chinneadh deiridh CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>164.</NO.P>á chur i bhfáth nach leor an tuarascáil maidir leis an smacht reachta a eisiúint chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a threisiú, ach gur cheart gníomhaíocht nithiúil a bheith mar thoradh ar an tuarascáil; á chur i bhfáth gur cheart obair leantach chórasach a dhéanamh ar thorthaí na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta, i gcás inarb iomchuí, trí úsáid a bhaint as na hionstraimí forfheidhmithe atá ar fáil, i gcomhréir le sainchumais an Choimisiúin; á iarraidh go ndéanfaí faireachán trédhearcach ar chomhlíonadh bhreithiúnais CBAE agus, i gcás inarb ábhartha, bhreithiúnais ECtHR ag na Ballstáit, lena n-áirítear trí chásanna de neamhchomhlíonadh leanúnach a chur san áireamh agus na hionstraimí sin á gcur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>165.</NO.P>á mheas gur cheart neamhspleáchas agus feidhmiú éifeachtach na bpríomhúdarás neamhspleách agus rialála a chumhdach freisin le tagarmharcanna na tuarascála maidir leis an smacht reachta; á chur i bhfáth gur cheart do na húdaráis sin nósanna imeachta atá trédhearcach, oscailte agus bunaithe ar fhiúntas a áirithiú chun a gceannaireacht a cheapadh agus a dhífhostú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>166.</NO.P>ag meabhrú na dTeachtaireachtaí ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Further strengthening the Rule of Law within the Union – State of play and possible next steps’</STRING> [An Smacht Reachta laistigh den Aontas a neartú a thuilleadh – Staid na himeartha agus na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann] agus an 7 Lúnasa 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Strengthening the rule of law within the Union – A blueprint for action’</STRING> [An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú – Treoirphlean gníomhaíochta]; á iarraidh go ndéanfaí iad a thabhairt cothrom le dáta chun na dúshláin atá ann faoi láthair a léiriú agus chun oibríochtú iomlán a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>167.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá measúnú a dhéanamh ar acmhainní daonna agus ar cheanglais acmhainneachta, i bhfianaise na hiarrata go ndéanfaí faireachán níos réamhghníomhaí ar an smacht reachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhordú idir-rannach ar fud na n-nArd-Stiúrthóireachtaí inniúla ábhartha sa Choimisiún;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí cothrománacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>168.</NO.P>á chreidiúint gur cheart an t-idirphlé idirinstitiúideach ar leibhéal an Aontais agus an comhar maidir leis an smacht reachta a neartú; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle go dtí seo dá tairiscint comhaontú idirinstitiúideach a dhéanamh maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha; á athdhearbhú go bhfuil sí toilteanach dul i mbun cainteanna arís maidir leis an gcomhaontú sin, agus béim á leagan aici ar an mbreisluach a bhaineann le creat struchtúrtha intuartha; á chur i bhfáth nach féidir leis an argóint go mbeadh comhaontú den sórt sin ródhocht údar a thabhairt le neamhghníomhaíocht; á iarraidh go mbeadh réitigh phragmatacha ann chun feabhas a chur ar an gcomhar cheana féin; á iarraidh ar an gComhairle a hidirphlé maidir leis an smacht reachta a dhéanamh níos cuimsithí trí chuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó institiúidí eile amhail Coimisiún na Veinéise agus Parlaimint na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann éifeachtacht bhosca uirlisí leathnaithe an Aontais ar chur i bhfeidhm comhleanúnach agus comhsheasmhach ar fud na n-institiúidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>169.</NO.P>á mholadh, go dtí go mbunófar sásra AE maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha trí chomhaontú idirinstitiúideach, go ndéanfaidh institiúidí AE sásraí comhair a fhorbairt a thuilleadh sa chomhthéacs sin trí thimthriall bliantúil maidir leis an smacht reachta a thabhairt isteach atá struchtúrtha i gcéimeanna éagsúla, lena bhfeabhsófar leanúnachas, comhordú agus tionchar ar fud na n-institiúidí, agus a cheapfar ar bhealach lenar féidir é a leathnú de réir a chéile chun na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chumhdach, lena n-áiritheofar cur chuige cuimsitheach agus comhleanúnach maidir lena gcosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>170.</NO.P>á mheabhrú gur cheart moltaí a bheith comhréireach leis na dúshláin arna sainaithint, gur cheart iad a bheith sonrach go leor chun go bhféadfaidh na Ballstáit obair leantach nithiúil agus inghníomhaithe a dhéanamh agus gur cheart iad a mheasúnú go córasach in eagráin a bheidh ann amach anseo; á iarraidh go mbeadh cur chuige níos cothroime, níos trédhearcaí agus níos inchreidte ann chun cóir chomhionann agus obair leantach éifeachtach a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht, ar chruinneas agus ar inchreidteacht an chreata faireacháin dá gcuirfí cur chuige an Choimisiúin i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí, go háirithe trí mholtaí a chur in iúl atá fós gan réiteach thar roinnt timthriallta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>171.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt amach anseo ar na Ballstáit sin inar shainaithin an Coimisiún sáruithe tromchúiseacha agus sistéamacha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na cásanna sin ina mholtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>172.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún raon feidhme na tuarascála a leathnú chun gach gné d’Airteagal 2 CAE a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>173.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún colún maidir leis an tsochaí shibhialta a áireamh ina thuarascálacha maidir leis an smacht reachta a fhoilseofar amach anseo, agus colún maidir le gach cineál fuatha agus idirdhealaithe a chomhrac mar a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>174.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cosaint na saoirse acadúla agus ealaíonta a áireamh ina thuarascálacha maidir leis an smacht reachta a fhoilseofar amach anseo, agus bearta in aghaidh na bréagaisnéise ar ardáin ar líne arna scaipeadh ag gníomhaithe intíre nó seachtracha a áireamh faoi cholún shaoirse na meán; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún taifeadadh agus faireachán ar choireanna fuatha a áireamh faoi cholún na gcóras ceartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>175.</NO.P>á iarraidh an athuair go mbeadh táscairí níos leithne ann, amhail cearta bunúsacha, comhionannas inscne, cosaint mionlach agus grúpaí leochaileacha, agus urraim don dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>176.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil cosaint mionlach mar chuid de chritéir aontachais Chóbanhávan; á chur i bhfios go láidir go bhfuil easpa ráthaíochtaí dlíthiúla ann ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go seasfaidh na Ballstáit leis na gealltanais a tugadh le linn an phróisis aontachais maidir le cosaint mionlach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>177.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar measúnú níos comhsheasmhaí agus níos cuimsithí ar shláine toghcháin faoi cholún na srianta agus na gceartúchán agus ar fud chaibidlí na dtíortha, lena gcumhdófar an creat dlíthiúil agus institiúideach, a chur chun feidhme praiticiúil agus na príomhrioscaí; á chur i bhfáth gur gá grinnscrúdú a dhéanamh ar éilliú, ar mhí-úsáid acmhainní stáit agus ar chúbláil toghcháin; á iarraidh go mbeadh comhar córasach ann le Coimisiún na Veinéise, le ESCE/an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus go léireofaí a moltaí go cuí sna measúnuithe agus sna moltaí tírshonracha sna tuarascálacha maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>178.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-aithnítear i Seicliosta nuashonraithe Choimisiún na Veinéise maidir leis an Smacht Reachta go bhféadfadh IS agus teicneolaíochtaí digiteacha éifeachtúlacht agus inrochtaineacht sa riarachán poiblí agus i gcórais bhreithiúnacha a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras, ag an am céanna, go bhféadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag baint lena n-úsáid ag údaráis phoiblí do dheimhneacht dhlíthiúil, do chomhionannas faoin dlí, do thrédhearcacht agus do chosaint dlí éifeachtach, in éagmais bunús dlí soiléir, formhaoirseacht dhaonna agus coimircí láidre; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus a áirithiú go n-úsáidfear córais IS i gcomhréir iomlán le ceanglais an smachta reachta, lena n-áirítear trédhearcacht, cuntasacht, neamh-idirdhealú, comhréireacht agus leigheasanna éifeachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>179.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé struchtúrtha agus comhairliúchán leathan leis an tsochaí shibhialta agus le comhlachtaí agus institiúidí formhaoirseachta neamhspleácha atá gníomhach i réimsí an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach, agus an tuarascáil maidir leis an smacht reachta á dréachtú aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>180.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit ar an láthair nuair is féidir, seachas go fíorúil, ó d’fhéadfadh cuairteanna ar an láthair léargas níos iomláine agus níos comhthéacsúla a thabhairt ar an staid áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>181.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhfeidhmiú an daonlathais agus mar chuid den chóras srianta agus ceartúchán atá ina bhonn taca faoin smacht reachta; á aithint go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an líne tosaigh, agus aghaidh á tabhairt acu go díreach ar dhúshláin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don smacht reachta agus d’in-fhorfheidhmitheacht na gceart bunúsach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur isteach míchuí ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chosc agus a neamhspleáchas a chosaint, mar a chosnaítear faoi Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(3) CAE, lena n-aithnítear féinrialtas réigiúnach agus áitiúil mar chuid d’fhéiniúlacht bhunreachtúil na mBallstát, agus faoi Airteagal 41 den Chairt, maidir leis an gceart chun dea-riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>182.</NO.P>á chreidiúint go láidir nach mór d’institiúidí an Aontais a n-oibleagáidí maidir leis an smacht reachta a chomhlíonadh, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh institiúidí an Aontais leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear comhsheasmhacht inmheánach an Aontais maidir leis na luachanna sin a chaomhnú ar fud a bheartas agus a ghníomhaíochtaí seachtracha, chun inchreidteacht agus dlisteanacht an Aontais a chosaint; á chreidiúint nach mór d’institiúidí AE dea-shampla a thabhairt maidir leis na caighdeáin is airde maidir leis an smacht reachta a chaomhnú; ag cáineadh eisiamh staid an smachta reachta laistigh d’institiúidí an Aontais ó raon feidhme Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta; á iarraidh go ndéanfaí caibidil thiomanta maidir le comhlíontacht an Aontais le caighdeáin an smachta reachta, bunaithe ar shásra athbhreithnithe neamhspleách, a áireamh i dtuarascálacha maidir leis an smacht reachta a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>183.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a hidirphlé maidir leis an smacht reachta, próiseas Airteagal 7, agus cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a dhéanamh go hiomlán trédhearcach, níos idirghníomhaí agus níos dírithe ar thorthaí, lena n-áirítear trí chonclúidí mionsonraithe a eisiúint agus aiseolas a sholáthar maidir le torthaí an Choimisiúin agus na Parlaiminte; á chur in iúl gur saoth léi neamhábaltacht na Comhairle dul chun cinn fóinteach a dhéanamh i nós imeachta Airteagal 7(1) CAE atá ar siúl faoi láthair agus á chreidiúint gurb ionann aon mhoill bhreise ar ghníomhaíocht na Comhairle agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>184.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle a áirithiú go dtionólfar na héisteachtaí faoi Airteagal 7(1) CAE uair amháin ar a laghad in aghaidh na huachtaránachta; á cur i bhfáth, áfach, nach mór an mhinicíocht íosta seo a léirmhíniú mar uasteorainn, agus níor cheart éisteachtaí den sórt sin a laghdú go cleachtadh ticeála boscaí amháin a ligeann d’uachtaránacht a freagrachtaí a chomhlíonadh trí chruinniú foirmiúil aonair a reáchtáil gan obair leantach fhónta a dhéanamh; á iarraidh ar an gComhairle miontuairiscí cuimsitheacha a fhoilsiú tar éis gach éisteachta, agus moltaí nithiúla agus spriocdhátaí a chur ar fáil dá gcur chun feidhme; á áitiú gur cheart don Pharlaimint a bheith rannpháirteach go hiomlán sna himeachtaí uile a bhaineann le hAirteagal 7 CAE; á chur i bhfios go láidir, fiú in éagmais na haontoilíochta, nach gcuirtear cosc ar an gComhairle an nós imeachta a chur chun cinn, go háirithe trí mholtaí nithiúla a ghlacadh atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann, go háirithe an Ungáir, agus á chur i bhfáth nár cheart an próiseas a laghdú go héisteachtaí tréimhsiúla gan obair leantach shubstainteach ná torthaí nithiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>185.</NO.P>ag athdhearbhú thorthaí agus mholtaí an rúin uaithi an 25 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil riosca soiléir ann go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe; ag tabhairt dá haire gur thionscain an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh na hUngáire toisc nár chomhlíon sí roinnt forálacha de GESM, chomh maith le ceanglais áirithe faoi Threoracha Sheirbhísí na Meán Closamhairc; á chur i bhfios go láidir gur mheas an tAbhcóide Ginearálta Juliane Kokott, ina Tuairim i gCás C-829/24, an Coimisiún v an Ungáir, gur sháraigh an Ungáir dlí an Aontais trí reachtaíocht a ghlacadh maidir le ceannasacht náisiúnta a chosaint, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó phrionsabail bhunúsacha an Aontais, go háirithe maidir le cosaint ar chur isteach polaitiúil eachtrach; á chur i bhfios go láidir, ina Tuairim i gCás C-225/24, an Pharlaimint v an Coimisiún, gur mhol an tAbhcóide Ginearálta Tamara Ćapeta go ndéanfadh CBAE an cinneadh ón gCoimisiún maidir le deireadh a chur le fionraí cistí de chuid an Aontais ar an Ungáir a neamhniú, rud a ardaíonn ábhair imní maidir le comhlíonadh choinníollacht an smachta reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>186.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir ionstraimí coisctheacha agus frithghníomhacha a neartú agus úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a bhaineann leis an smacht reachta, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú, Airteagal 7 CAE, an sásra coinníollachta ginearálta, agus na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha sa Chairt
</ACTION><ACTION>
<NO.P>187.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Seicliosta nuashonraithe maidir leis an Smacht Reachta a ghlac Coimisiún na Veinéise agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle é a chomhtháthú go hiomlán ina bpróisis chinnteoireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar chomhar níos dlúithe le Comhairle na hEorpa chun <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> Chomhairle na hEorpa agus an Aontais maidir leis an smacht reachta a chur chun cinn leis na Ballstáit agus laistigh díobh, ar fud na gceithre chaibidil den tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>188.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhleanúnachas agus comhsheasmhacht iomlán a áirithiú ar fud na n-ionstraimí tuairiscithe uile maidir leis an smacht reachta, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta, na tuarascálacha maidir le méadú, agus na moltaí tírshonracha faoin Seimeastar Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le modheolaíocht aontaithe agus dlúthchomhar i measc na nArd-Stiúrthóireachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>189.</NO.P>ag moladh do na Ballstáit cultúr smachta reachta a chothú trí fheachtais feasachta, tionscnaimh for-rochtana agus cláir oideachais shibhialta maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar a bheith ag an mífhaisnéis agus ag an mbréagaisnéis ar fheidhmiú an daonlathais agus ar chosaint na gceart bunúsach; ag spreagadh na mBallstát chun cláir chuimsitheacha oideachais shibhialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena gcothófar i measc saoránach de gach aois tuiscint ar institiúidí daonlathacha, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>190.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí na tuarascálacha uile a bhaineann leis an smacht reachta nó le cearta bunúsacha a scaoileadh, ag an am céanna, amhail na tuarascálacha bliantúla maidir le comhlíonadh na Cairte nó an tuarascáil ó FRA, chun díospóireacht chomhuaineach ar na saincheisteanna sin a chumasú; á athdhearbhú go bhfuil gá le cleachtadh comhchosúil maidir leis an daonlathas; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go scaipfear a thorthaí go forleathan sna Ballstáit uile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An timthriall bliantúil maidir leis an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>191.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sraith chuimsitheach ionstraimí forbartha ag an Aontas chun an smacht reachta a choimirciú; á áitiú go bhfuil comhlántacht níos fearr idir obair gach institiúide de chuid an Aontais agus cuntasacht fheabhsaithe maidir le cur chun feidhme na n-ionstraimí sin fíor-riachtanach; á chur i bhfios go láidir, maidir leis an ngá atá le huirlisí nua nó le heilimintí breise nós imeachta a agairt arís agus arís eile, nár cheart é sin a bheith ina chúis le neamhghníomhaíocht ná le haird a tharraingt ó na hionstraimí atá ar fáil cheana a chur chun úsáide go hiomlán; ag cur béim ar an bhfíoras nach mbraitheann inchreidteacht chreat smachta reachta an Aontais ar iomadú na sásraí, ach ar an toil pholaitiúil agus ar an gcumas oibríochtúil chun leas iomlán a bhaint as na sásraí atá ann cheana, agus ar institiúidí an Aontais iad féin an smacht reachta a chomhlíonadh agus a chaomhnú go hiomlán ina ngníomhaíochtaí féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>192.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an togra le haghaidh timthriall bliantúil comhtháite maidir leis an smacht reachta, a luaigh Uachtarán an Choimisiúin in aitheasc 2025 ar Staid an Aontais, agus treisiú an naisc idir uirlisí buiséadacha agus an smacht reachta i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 an Choimisiúin ina ngnéithe atá ailínithe le tograí na Parlaiminte féin agus atá comhsheasmhach leis an ngá atá le dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme éifeachtach agus comhleanúnach na n-ionstraimí uile atá ann cheana, agus an comhar a neartú ar fud institiúidí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>193.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfaí sraith feabhsuithe, bunaithe ar an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, chun leanúnachas, comhordú agus tionchar thimthriall bliantúil an smachta reachta a fheabhsú:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>dáta sonrach a leagan síos le haghaidh fhoilsiú bliantúil na tuarascála ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, i mí an Mheithimh más féidir, d’fhonn intuarthacht níos fearr a áirithiú agus pleanáil éifeachtach obair an Choimisiúin agus na ngeallsealbhóirí ábhartha araon a chumasú, agus foráil á déanamh ag an am céanna d’idirthréimhse iomchuí ionas nach gcuirfear isteach ar amlíne inmheánach an timthrialla atá ann cheana agus chun a áirithiú go gcaomhnófar am leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>a chur san áireamh ina anailís ar an smacht reachta, a chumarsáid ghinearálta agus a mheasúnuithe tírshonracha araon, tagairtí do tháscairí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus d’fhoinsí údarásacha inchomparáide lena gcumasaítear meastóireacht níos cainníochtúla agus níos sonraíbhunaithe agus lena rannchuidítear le trédhearcacht, inchomparáideacht agus comhsheasmhacht mhodheolaíoch níos fearr ar fud ionstraimí faireacháin an Aontais maidir leis an smacht reachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>ag cur sonrú in ábharthacht Scórchlár Ceartais an Aontais mar fhoinse sonraí comparáideacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>neamhchlaontacht a chosaint i measúnú an Choimisiúin agus sa ghníomhaíocht a dhéanfar ina dhiaidh sin agus aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit; a áirithiú go mbeidh próiseas measúnaithe neamhchlaonta ann laistigh den Choimisiún, ina mbeidh an Ard-Stiúrthóireacht ábhartha rannpháirteach in ullmhú na tuarascála; comhar an Choimisiúin le comhlachtaí an Aontais agus le comhlachtaí idirnáisiúnta a neartú, chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta agus ar chaomhnú an smachta reachta laistigh d’institiúidí an Aontais iad féin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>a áirithiú go ndéanfar moltaí a fhoirmliú i bhfoclaíocht shoiléir bheacht;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>soiléiriú a dhéanamh ar an modheolaíocht lena rialaítear foirmliú a moltaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>idirdhealú a dhéanamh idir moltaí a bhaineann le hábhair imní thromchúiseacha agus shistéamacha, ar thaobh amháin, agus na barúlacha eile, ar an taobh eile, agus ar an gcaoi sin na cásanna sin a thabhairt chun suntais ina bhféadfadh baol a bheith ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach agus sistéamach ar an smacht reachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>moltaí a shainaithnítear a bheith tromchúiseach agus sistéamach a nascadh le scaoileadh cistí, agus eisíocaíocht ag brath ar dhul chun cinn inléirithe arna fíorú trí shásraí faireacháin iomchuí; moltaí a shainaithint go soiléir a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais agus faireachán cuí a dhéanamh orthu sin faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta agus faoi uirlisí buiséadacha eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>measúnú a dhéanamh nach amháin ar a mhéid a cuireadh moltaí roimhe seo chun feidhme ach, i gcás inar gá, moltaí nua a eisiúint freisin; gan an mheastóireacht a theorannú do dhul chun cinn a thomhas i ndáil leis an mbliain tuairiscithe roimhe sin amháin ach, ina ionad sin, meastóireacht a sholáthar lena léirítear an éabhlóid fhoriomlán ó foilsíodh an moladh tosaigh, chun bonnlíne shoiléir a sholáthar don chur chun feidhme;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>cuid thiomnaithe a áireamh i ngach caibidil tíre den tuarascáil maidir leis an smacht reachta, ar cuid í atá tiomnaithe do chur chun feidhme bhreithiúnais CBAE agus ECtHR araon;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>roinn thiomnaithe a áireamh san anailís maidir le trasuí agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais nuair a bhaineann sí leis an smacht reachta a chosaint;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>194.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á chur i bhfáth, ag pointe níos déanaí sa timthriall, nach mór don Pharlaimint a cumhachtaí agus a sainchumais a eascraíonn as na Conarthaí a fheidhmiú go hiomlán trína rún mar fhreagairt ar thuarascáil an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta, rud a d’fhéadfadh breisluach inláimhsithe a sholáthar agus, chun na críche sin, á mholadh go ndéanfaí an méid seo a leanas i dtaca le rún na Parlaiminte:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>go glacfar é faoi mhí an Mhárta ar a dhéanaí, chun a áirithiú gur féidir aird chuí a thabhairt ar a ionchur;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>go mbainfí úsáid níos iomláine as na struchtúir atá ann cheana sa rún, go háirithe DRFMG, chun éisteachtaí agus misin a eagrú bunaithe ar na saincheisteanna a shainaithin an Coimisiún, a d’fhéadfadh rannchuidiú ansin le dréachtú na tuarascála ón gCoimisiún;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>go ndéanfaí na torthaí is ábhartha a eascraíonn as tuarascáil an Choimisiúin, as gníomhaíochtaí faireacháin DRFMG, as idirphlé bliantúil na Comhairle agus as rannchuidiú na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile ann;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>go dtarraingeofaí aird ann ar dhea-chleachtais a sainaithníodh le linn Chruinniú bliantúil an Choiste Idirpharlaimintigh maidir leis an smacht reachta, d’fhonn tacú leis na Ballstáit moltaí sonracha a chur chun feidhme;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>go ndéanfaí measúnú ann ar chur chun feidhme na moltaí bliantúla ón gCoimisiún roimhe seo thar bhlianta i ndiaidh a chéile, agus treochtaí agus forbairtí dearfacha nó diúltacha á sainaithint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>go n-áireofaí anailís dhomhain ann ar na tíortha uile ar gníomhachtaíodh nós imeachta Airteagal 7 ina leith nó ar sainaithníodh ábhair imní thromchúiseacha shistéamacha maidir leis an smacht reachta ina leith i dtuairisciú an Choimisiúin;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>195.</NO.P>á iarraidh, i gcéim dheiridh an timthrialla, go ndéanfadh an Coimisiún, sa bhreis ar an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta a tíolacadh i seisiún iomlánach mhí an Mheithimh, obair leantach struchtúrtha a chur ar fáil, ag am eile, ar an gcaoi ar cuireadh rún agus moltaí na Parlaiminte san áireamh; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh malartú tiomnaithe ann lena Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile maidir leis an obair leantach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>196.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle aird chuí a thabhairt ar na torthaí agus ar na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, agus ar an rún ón bParlaimint arna ghlacadh mar fhreagairt air sin; á chur i bhfáth gur cheart na conclúidí agus na moltaí sin a léiriú go cuí i bplé agus i ngníomhaíochtaí leantacha na Comhairle agus gur cheart iad a chomhtháthú go córasach ina measúnú ar nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 CAE;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>197.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>