<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0148</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Dhlí an Aontais Eorpaigh in 2023, 2024 agus 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0037/2026 -  Rapóirtéir: Dainius Žalimas)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Dhlí an Aontais Eorpaigh in 2023, 2024 agus 2025 (2025/2016(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2 agus 3 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 18 Nollaig 2000,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an 17 Samhain 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 25 Iúil 2024 dar teideal ‘Faireachán ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh Tuarascáil bhliantúil 2023’ (COM(2024)0358),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Tuarascáil Forléargais Bhliantúil 2025 maidir le Simpliú, Cur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú’ (COM(2025)0871), agus do ‘Tuarascálacha Bliantúla 2025 ar Dhul Chun Cinn maidir le Simpliú, Cur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú’ ó na Coimisinéirí Eorpacha ó mhí Mheán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh in 2020, 2021 agus 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4229, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4229/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2016 maidir le riarachán de chuid an Aontais Eorpaigh atá oscailte, éifeachtúil agus neamhspleách<FOOTNOTE><FIELD> IO C 86, 6.3.2018, lch. 126.</FIELD></FOOTNOTE>  agus don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riarachán de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh oscailte, éifeachtúil agus neamhspleách,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 22 Samhain 2023 uaithi le moltaí don Choimisiún maidir le Digitiú agus Dlí Riaracháin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4215, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4215/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr<FOOTNOTE><FIELD> IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 dar teideal ‘An Margadh Aonair: ár margadh baile Eorpach i ndomhan éiginnte – Straitéis chun an Margadh Aonair a dhéanamh simplí, saoráideach agus láidir’ (COM(2025)0500),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’ (COM(2025)0045),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’ (COM(2025)0047),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 14 Iúil 2023 dar teideal ‘Tuarascáil mheasúnaithe maidir le modhanna oibre an Choimisiúin chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais’ (SWD(2023)0254),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 28/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Dlí an Aontais a fhorfheidhmiú’
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 28 Lúnasa 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4414, 29.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4414/oj.</FIELD></FOOTNOTE>’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Mario Draghi ó mhí Mheán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European Competitiveness – A Competitiveness Strategy for Europe’</STRING>[Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Straitéis iomaíochais don Eoraip]
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta ó mhí Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a Market</STRING>’ [Margadh thar an gCoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0037/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil reachtóireacht AE tiomáinte ag luachanna agus ceanglais an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, mar atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE; de bhrí go bhfuil gá le dlí AE a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go comhsheasmhach agus go héifeachtach ar fud na mBallstát uile chun cuspóirí AE a bhaint amach, chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a áirithiú agus chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a choinneáil ar bun; de bhrí go mbraitheann creidiúnacht sheachtrach AE ar a chumas comhlíonadh iomlán na luachanna agus na bprionsabal sin a áirithiú go hinmheánach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 4(3) CAE agus Airteagail 288 agus 291(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as dlí an Aontais a thrasuí, a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme i gceart, go comhchuí agus laistigh de na teorainneacha ama a socraíodh; de bhrí gurb é atá i gceist le prionsabal an chomhair dhílis freagracht as cur i gcrích chúraimí AE a éascú agus staonadh ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí AE a chur i mbaol; de bhrí nach bhfuil reachtaíocht AE éifeachtach ach sa mhéid is go ndéantar, ar thaobh amháin, í a thrasuí in am, ar bhealach iomlán cruinn agus, ar an taobh eile, í a bheith á cur i bhfeidhm go cuí ag na Ballstáit laistigh de na creataí dlíthiúla náisiúnta, rud atá riachtanach chun tairbhí bheartais AE do shaoránaigh uile an Aontais, lena n-áirítear cosaint a gceart bunúsach agus cothrom iomaíochta do ghnólachtaí ar fud an mhargaidh inmheánaigh a ráthú; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil forfheidhmiú dhlí AE ríthábhachtach chun machaire comhréidh a choinneáil idir na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur réamhchoinníollacha bunriachtanacha iad cáilíocht, soiléireacht, comhleanúnachas agus inrochtaineacht reachtaíocht AE chun í a thrasuí agus a chur i bhfeidhm i gceart, go héifeachtach, go tráthúil agus go hiomlán; de bhrí go bhfágann castacht, gníomhartha forluiteacha, sainmhínithe éagsúla agus dréachtú débhríoch go mbíonn baol níos mó ann go mbeidh moilleanna, léirmhíniú éagsúil agus mí-chomhlíonadh ann; de bhrí gur cheart reachtaíocht AE a dhréachtú ar bhealach soiléir, réasúnach agus inaistrithe go teicniúil, lena gcuirfear ar chumas na mBallstát, na saoránach agus na ngnólachtaí a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi dhlí AE a thuiscint, a chur i bhfeidhm agus a agairt; de bhrí go gcruthaíonn dul chun cinn teicneolaíoch, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS), deiseanna nua chun feabhas a chur ar dhréachtú reachtach, ar fhaireachán, ar mheasúnú comhlíontachta agus ar chumarsáid le saoránaigh agus le gnólachtaí, ar choinníoll go rialaítear a n-úsáid le creataí trédhearcacha, eiticiúla agus slán ó thaobh sonraí de;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ráthaítear le nósanna imeachta um shárú, mar aon le sásraí eile cur chun feidhme agus cur chun cinn comhlíontachta, nach mbeidh drochthionchar ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí AE trí dhlí an Aontais a bheith á thrasuí go déanach nó go neamhiomlán nó á chur i bhfeidhm go mícheart ag na Ballstáit; de bhrí gur ionstraim chomhlántach é tionscnamh tráthúil agus comhsheasmhach nósanna imeachta um shárú ag an gCoimisiún chun comhlíonadh dhlí AE a ráthú; de bhrí gur cosúil gurb é an t-idirphlé leis na húdaráis náisiúnta an bealach is fearr leis an gCoimisiún chun nósanna imeachta um shárú a réiteach, seachas na Ballstáit a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), a mheasann sé a bheith ina rogha dheiridh; de bhrí gur leag an Coimisiún tosaíochtaí síos in 2016 maidir lena chuid oibre ar chásanna um shárú agus ar ghearáin maidir le sáruithe trí dhíriú ar na sáruithe is tromchúisí ar dhlí AE a dhéanann difear go suntasach do leasanna saoránach agus gnólachtaí; de bhrí gurbh é 2017 an chéad bhliain inar chuir an Coimisiún an cur chuige nua níos spriocdhírithe sin i bhfeidhm;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhairliúcháin phoiblí agus measúnuithe tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ina n-uirlisí bunriachtanacha le haghaidh reachtóireacht eolasach, éifeachtúil, chuntasach agus thrédhearcach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur foinse luachmhar faisnéise iad achainíocha agus gearáin a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte maidir le heasnaimh agus bearnaí i gcur chun feidhme dhlí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta, agus gur féidir leo rannchuidiú le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus trasuí ceart reachtaíocht AE ag na Ballstáit ar fud na réimsí beartais uile; de bhrí go mbaineann líon suntasach achainíocha le cur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil AE, le cosaint na gceart bunúsach, agus le hurraim don smacht reachta agus don daonlathas; de bhrí go dtugann ionchur na saoránach den sórt sin léargas luachmhar ar chur i bhfeidhm dhlí AE san fhíorshaol agus gur cheart go mbeadh sé mar bhonn eolais córasach do chleachtais faireacháin agus forfheidhmithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go dtugann líon méadaitheach achainíocha a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte aghaidh ar chearta agus sábháilteacht leanaí agus déagóirí i dtimpeallachtaí digiteacha, go háirithe na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach; de bhrí go mbaineann achainíocha le heasnaimh i gcosaint leanaí ar bhonn níos leithne, lena n-áirítear sábháilteacht ar líne agus rochtain ar sheirbhísí cosanta leanaí; de bhrí gur minic a tharraingíonn achainígh aird ar easnaimh leanúnacha agus ar sháruithe leantacha i gcur chun feidhme dhlí an Aontais ag na Ballstáit sna réimsí sin, rud a léiríonn an gá atá le maoirseacht neartaithe agus obair leantach thráthúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ar an drochuair, nár fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí AE do 2024, rud a bhris cleachtas atá i bhfeidhm le breis agus 40 bliain, ó 1983 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuirtear béim láidir ar thionscnaimh simpliúcháin i dTuarascáil Forléargais 2025 ón gCoimisiún maidir le Simpliú, Cur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú; de bhrí gur cheart an bhéim sin a fhrithchothromú le hanailís ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú atá chomh mionsonraithe céanna; de bhrí, gan maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil ag an gCoimisiún, go bhféadfaí bac mór a chur ar ghnó trasteorann agus ar shaorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí san Aontas; de bhrí gur cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh chun na cearta uile faoi dhlí AE a ráthú, go háirithe cearta an duine; de bhrí go mbraitheann éifeachtacht agus inchreidteacht dhlí AE ar a chumas tairbhí inláimhsithe sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha a sholáthar do gach saoránach agus réigiún, lena n-áirithítear nach bhfágfar aon duine ar lár agus rialacha AE á gcur i bhfeidhm; de bhrí go bhfuil prionsabal an ghrinnscrúdaithe pharlaimintigh ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, lena n-áirítear faireachán an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm dhlí AE, bunriachtanach chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do shaoránaigh AE agus chun muinín an phobail as institiúidí AE a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcásanna um shárú ar dúnadh iad ó 1030 in 2023 go 535 in 2024; de bhrí gur tháinig méadú ar líon na gcásanna oscailte ó 1461 in 2023 go 1493 in 2024; de bhrí gur tháinig méadú ar líon na gcásanna nua um shárú ó 528 gcás in 2023 go 567 gcás in 2024; de bhrí, in 2025, go léiríonn réamhfhigiúirí lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Iúil 2025 gur dúnadh 345 chás agus go raibh 1559 gcás gníomhach; de bhrí go bhfuil sonraí neamhiomlán, nach bhfuil siad ar fáil go fóill, nó nach dtuairiscítear iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin; de bhrí, in 2023, 2024 agus 2025, gurbh é an comhshaol an réimse beartais ba mhó ina raibh na himeachtaí um shárú gníomhach ar bhonn comhsheasmhach; de bhrí, in 2023, gur lean réimse beartais an fhuinnimh agus an iompair an réimse beartais sin; de bhrí gur tháinig ceartas agus tomhaltóirí agus soghluaisteacht agus iompar ina dhiaidh sin in 2024; de bhrí gur tháinig ceartas agus tomhaltóirí agus fuinneamh ina dhiaidh sin in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil cásanna ann de sháruithe leanúnacha ar dhlí AE agus de neamhchur chun feidhme córasach bhreithiúnais CBAE ag Ballstáit áirithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faireachán agus forfheidhmiú dhlí an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur sonrú sna tuarascálacha 2023 ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí AE do 2024, rud a bhris cleachtas a bunaíodh 40 bliain ó shin in 1983; á chur i bhfáth gur ionstraim bhunriachtanach é faireachán rialta bliantúil ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais trína gcomhlíonann an Coimisiún a ról mar chaomhnóir na gConarthaí, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE, toisc go gcuidíonn sé lena áirithiú go ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gceart ar fud na mBallstát uile agus chun an dul chun cinn a dhéantar sa réimse sin a rianú ar bhealach trédhearcach atá inrochtana do chách; á chreidiúint gur uirlis ríthábhachtach í an tuarascáil bhliantúil maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais chun grinnscrúdú a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ceart dhlí an Aontais, agus chun an chothromaíocht institiúideach dá bhforáiltear sna Conarthaí a choimirciú; á chur i bhfáth nach mór an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas de shíor agus go mbraitheann sí ar an tuairisciú sin, mar chomhreachtóir agus i bhfeidhmiú a grinnscrúdaithe pholaitiúil, faoi Airteagal 14(1) CAE, ar tuairisciú é a dhéanann Coimisiún chun a áirithiú go bhfeidhmíonn sé a shainchumais ar bhealach leormhaith; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faireachán bliantúil a áirithiú ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais de réir tíre, chun sáruithe ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta a chosc mar thoradh ar easpa comhlíonta; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar iolrachas na meán, ar chomhionannas agus ar neamh-idirdhealú, a bhféadfadh a sárú tionchar díreach a imirt ar mhuinín na saoránach as AE; á mheas go rannchuidíonn tuairisciú trédhearcach agus inrochtana le saoránaigh a choinneáil ar an eolas faoi chur chun feidhme dhlí an Aontais agus go laghdaíonn sé an spás le haghaidh mífhaisnéis maidir le feidhmiú an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta i roinnt Ballstát ag baint an bhoinn ó fhoirceadal seanbhunaithe thosaíocht dhlí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin tapa ag an gCoimisiún, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú, mar thoradh ar fhorbairtí den sórt sin i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún ag aistriú i dtreo timthriall tuairiscithe nua i ndáil le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais le tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn i dtaca le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú ag gach Coimisinéir, agus le tuarascáil forléargais bhliantúil maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú; á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil Forléargais Bhliantúil 2025, agus Tuarascálacha Bliantúla 2025 na gCoimisinéirí ar Dhul Chun Cinn, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Iúil 2025, mar fhoinse luachmhar faisnéise fíorasaí maidir le staid chur chun feidhme dhlí an Aontais ar fud earnálacha agus na mBallstát; ag tabhairt dá haire go gcuirtear na tuarascálacha i láthair go soiléir; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, go bhfuil an anailís fós ródhírithe ar éachtaí, agus nach dtugtar aird leordhóthanach ar dhúshláin leanúnacha agus ar bhearnaí san fhorfheidhmiú sistéamach; ag tabhairt dá haire go gcuireann sonraí comparáideacha neamhleora agus táscairí atá dírithe ar thorthaí teorainn leis an measúnú ar fhíordhul chun cinn le himeacht ama; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart don tuarascáil forléargais bhliantúil a bheith ina cleachtadh tuairisciúil amháin gur cheart go soláthrófaí léi measúnú substainteach criticiúil ar dhúshláin shistéamacha agus ar easnaimh i gcur i bhfeidhm agus i bhforfheidhmiú reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear sainaithint shoiléir thrédhearcach na n-easnamh agus céimeanna atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún, i dtuarascálacha forléargais amach anseo, cur chuige comhleanúnach a áirithiú, agus go ndéanfar caibidlí maidir le simpliú a fhrithchothromú trí anailís ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú; á iarraidh ar an gCoimisiún dul níos faide ná faireachán foirmiúil nós imeachta atá dírithe ar threoracha a thrasuí, agus air sin amháin; á chur i bhfáth gur cheart go ngabhfadh an faireachán éifeachtacht shubstainteach dhlí AE maidir lena chuspóirí a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm in ullmhú na dtuarascálacha forléargais a fhoilsiú chun trédhearcacht agus grinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach a áirithiú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dea-chomhar i measc na n-institiúidí, go háirithe tríd an Idirphlé Struchtúrtha leanúnach idir an Coimisiún agus an Pharlaimint, chun trédhearcacht agus inrochtaineacht iomlán a áirithiú, agus chun inchreidteacht agus úsáideacht na dtuarascálacha do lucht ceaptha beartas agus do shaoránaigh a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh go mbeadh trédhearcacht fheabhsaithe ann sa chomhar idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí idirphlé struchtúrtha rialta, trí chomhroinnt chórasach sonraí, agus trí dhoiciméid ábhartha a tharchur go tráthúil chuig an bParlaimint i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise maidir le tosaíochtaí beartais bunriachtanacha an Aontais sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais in 2023, agus ina thuarascáil forléargais maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá sásraí<STRING ITALIC="on"> ex ante</STRING> a neartú lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh tograí reachtacha dáileadh na n-inniúlachtaí a leagtar síos sna Conarthaí go hiomlán, chun cásanna a sheachaint ina bhféadfaí gníomhartha arna nglacadh tríd an ngnáthnós imeachta reachtach iomlán agus arna bhformhuiniú ag na Ballstáit a neamhniú ina dhiaidh sin, fiú go páirteach, ar fhorais an bhunúis dlí nó na hinniúlachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil grinnscrúdú dlíthiúil feabhsaithe ag gach céim den phróiseas reachtach bunriachtanach chun cobhsaíocht, intuarthacht agus inchreidteacht reachtaíocht AE a choimirciú; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún seiceálacha córasacha ar chomhlíonadh a áirithiú chun nach mbeidh reachtaíocht AE ag cur isteach ar réimsí atá eisiata ó inniúlacht AE, go háirithe i réimsí íogaire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil trédhearcachta a fhoilsiú a bheidh dírithe go sonrach ar thimthriall an fhaireacháin, an tsimplithe agus an fhorfheidhmithe, ina sonrófar athruithe modheolaíochta, foinsí sonraí, dúshláin a tháinig chun cinn agus comhairliúcháin a rinneadh le geallsealbhóirí agus le riaracháin náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur sonrú sna tagairtí i dtuarascáil forléagais 2025 ón gCoimisiún agus sna tuarascálacha earnála ar dhul chun cinn atá ar fáil don réamh-idirphlé maidir le tionscnamh imeachta um shárú (ar a dtugtaí EU Pilot roimhe seo), dá fheidhmiú reatha nó dá ról maidir le luathréiteach fadhbanna a éascú sula gcuirfear tús le himeachtaí foirmiúla um shárú; á mheas, áfach, gur cheart na tagairtí sin a bheith níos mionsonraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur ionstraim ríthábhachtach iad achainíocha a fhaigheann an Pharlaimint chun easnaimh i gcur chun feidhme dhlí an Aontais a shainaithint, lena n-áirítear sáruithe sistéamacha nó struchtúracha orthu sna Ballstáit; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfar faisnéis agus torthaí a eascraíonn as achainíocha a chur i gcuntas agus a chomhtháthú ina phróisis forfheidhmithe agus faireacháin; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, sonraí staidrimh mionsonraithe a chur ar fáil maidir le líon na n-achainíocha a ndearna an Coimisiún obair leantach orthu, lena n-áirítear iad siúd as ar eascair imscrúdú breise trí phróisis EU Pilot nó trí nósanna imeachta um shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur minic a bhíonn measúnuithe tionchair a ghabhann le tograí reachtacha in easnamh, go háirithe tograí reachtacha a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar chearta bunúsacha; á chur i bhfáth go gcuireann measúnuithe tionchair le cáilíocht reachtaíocht AE agus, dá bhrí sin, go n-éascaíonn siad a cur chun feidhme agus go ndéanann siad trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí AE a fheabhsú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus measúnuithe tionchair á ndréachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mholadh don Choimisiún ról forleathan a thabhairt do gheallsealbhóirí, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do shaineolaithe neamhspleácha agus faireachán á dhéanamh aige ar chur chun feidhme dhlí an Aontais, agus leas iomlán á bhaint as a gcuid saineolais agus as a gcuid eolais maidir le cur chun feidhme áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á athdhearbhú gur réamhchoinníoll bunúsach é urraim don smacht reachta chun dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát uile agus ag aithint ról ríthábhachtach fhorfheidhmiú an dlí maidir le cearta bunúsacha a chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil cur i bhfeidhm cuí agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais i réimsí na saoirse, na slándála agus an cheartais bunriachtanach chun cearta bunúsacha, muinín fhrithpháirteach agus an smacht reachta a choimirciú ar fud an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easnaimh leanúnacha ann i dtrasuí agus i gcur chun feidhme príomhionstraimí dlí; á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir leis an Sásra Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus ar bhealach oibiachtúil agus trédhearcach; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le grinnscrúdú méadaithe ar chomhlíonadh luachanna bunúsacha AE ag na Ballstáit, eadhon an smacht reachta, an daonlathas agus urraim do chearta an duine, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á chur i bhfios go láidir gur uirlis forfheidhmiúcháin bhunriachtanach é an sásra a chumhdaítear in Airteagal 7 CAE i gcás riosca soiléir go ndéanfar sárú tromchúiseach; á chur i bhfáth go mbaineann urraim don smacht reachta ní hamháin leis na Ballstáit ach le hinstitiúidí AE freisin, ar cheart iad a thabhairt chun cuntais as na Conarthaí a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 328, 6.12.2008, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2008/913/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, chomh maith leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, chun cosaint láidir dhlíthiúil agus institiúideach a áirithiú i gcoinne na fuathchainte, an idirdhealaithe agus an fhoréigin, i dtimpeallachtaí fisiciúla agus digiteacha araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar trasteorann níos láidre ann i measc na n-údarás breithiúnach agus forfheidhmithe dlí chun an choireacht thromchúiseach, an t-éilliú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtach; á chur in iúl go dtacaíonn sí le digitiú breise na n-uirlisí ceartais, lena n-áirítear r-fhianaise agus e-CODEX a úsáid go hiomlán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ról agus acmhainneacht oibríochtúil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, nuair a fhorfheidhmíonn an Coimisiún cosaintí ar chearta bunúsacha faoin gCairt um Chearta Bunúsacha a chomhfhreagraíonn do chearta arna ráthú ag an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, gur cheart dó aird chuí a thabhairt ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl go bhformhuiníonn sí na moltaí straitéiseacha a leagtar amach i dtuarascálacha Draghi agus Letta, agus á chur chun suntais a ábhartha atá siad chun acmhainneacht cur chun feidhme an Aontais a neartú, chun an Margadh Aonair a nuachóiriú agus chun rialachas níos comhleanúnaí agus níos dírithe ar thorthaí ar dhlí an Aontais a áirithiú ar fud na réimsí beartais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nósanna imeachta um shárú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an drogall atá ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, fiú i gcásanna a bhaineann le sáruithe soiléire agus leanúnacha ar dhlí an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, leas iomlán a bhaint as na huirlisí forfheidhmiúcháin uile atá ar fail agus gan fanacht glan ar dhlíthíocht a úsáid mar uirlis forfheidhmiúcháin bhunriachtanach chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú agus chun údarás dhlí an Aontais a chaomhnú; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil tionscnamh nósanna imeachta um shárú fós roghnaitheach, i bhfianaise chur chuige an Choimisiúin maidir le tosaíocht a thabhairt do sháruithe a mheasann sé a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar leasanna poiblí agus gnó<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’ (COM(2025)0047),</FIELD></FOOTNOTE>, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach n-eascraíonn gníomhaíocht forfheidhmiúcháin as sáruithe féideartha ar dhlí an Aontais ar bhealach córasach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá faireachán éifeachtach agus gníomhaíocht choisctheach chun a áirithiú nach n-iompróidh saoránaigh an costas a bhaineann le dlí an Aontais a bheith trasuite go neamhiomlán nó a bheith curtha i bhfeidhm go mícheart ag na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cáineadh na heaspa trédhearcachta maidir leis na critéir a úsáideann an Coimisiún chun tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin áirithe thar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile; á iarraidh ar an gCoimisiún critéir thrédhearcacha, oibiachtúla is infheidhme maidir le cásanna sáraithe a ghlacadh agus a fhoilsiú, go háirithe maidir le roghnú agus cur in ord tosaíochta díobh siúd lena mbaineann sáruithe tromchúiseacha nó sistéamacha ar chearta bunúsacha, ar phrionsabail an smachta reachta nó ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh; á áitiú go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr le linn an phróisis ar fad, lena n-áirítear rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le stádas, cineál agus raon feidhme nósanna imeachta oscailte, maidir le torthaí na nósanna imeachta, agus maidir le hionchur poiblí, a fhaightear agus a chuirtear san áireamh araon, go háirithe i gcéim thionscnaimh na nósanna imeachta um shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú go réamhghníomhach agus ar bhonn leanúnach maidir le cásanna inar ghníomhaigh sé mar fhreagairt ar shárú tromchúiseach amhrasta agus maidir le cásanna inar chinn sé gan gníomhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa nósanna imeachta um shárú a thionscnaítear go minic i gcás neamhchomhlíonadh rialuithe CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta den sórt sin a thionscnamh go comhsheasmhach i gcásanna ina mainnítear rialú CBAE a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí iarrataí ar chnapshuimeanna nó ar íocaíochtaí pionósacha a eisiúint, go háirithe i gcásanna sáruithe sistéamacha ar dhlí AE nó neamhchomhlíonadh leanúnach rialuithe CBAE ag an mBallstát atá i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur foinse thábhachtach faisnéise a bhaineann le forfheidhmiú dhlí an Aontais iad gearáin a bhaineann le sáruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais ag na Ballstáit arna dtíolacadh ag saoránaigh, gairmithe dlí nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag tathant ar an gCoimisiún, nuair a chuirtear gearáin faoina bhráid, a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí ar na gearáin sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, nósanna imeachta um shárú a thionscnamh go tráthúil nó cumarsáid shoiléir a dhéanamh leis an iarratasóir maidir leis na cúiseanna nach dtionscnófar aon nós imeachta um shárú; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, a thábhachtaí atá bealaí eile lena gcuirtear ar chumas saoránach drochriarachán ag institiúid AE nó calaois a thuairisciú, agus an gá atá le hacmhainní airgeadais agus pearsanra an Ombudsman Eorpaigh agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise a neartú, chomh maith leis an sásra chun achainíocha a chomhdú chuig Parlaimint na hEorpa a dhéanamh níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt achainíocha faighte ag an bParlaimint lena léirítear ábhair imní thromchúiseacha maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, go háirithe ar líne, agus ar bhonn níos leithne maidir le heasnaimh leanúnacha nó shistéamacha i gcur chun feidhme dhlí an Aontais a bhaineann le cosaint leanaí; á thabhairt chun suntais go ndearna an Coimisiún, in 2023 agus 2025, fiosrú ar nósanna imeachta um shárú in aghaidh 18 mBallstát as trasuí mícheart Threoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/93/oj).</FIELD></FOOTNOTE>1a, agus gur dúnadh 8 gcinn de na cásanna sin; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt don fhorfheidhmiú sa réimse sin agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach mhear agus éifeachtach ar achainíocha lena n-ardaítear líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, i bhfianaise leochaileacht ar leith leanaí; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as gach modh nós imeachta agus dlíthiúil atá ar fáil a úsáid chun cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach dhlí AE a áirithiú, arb é is aidhm dó mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil cur i bhfeidhm an nós imeachta um réamhrialú faoi bhagairt i mBallstáit áirithe, lena n-áirítear cumhachtaí na mbreithiúna réamhrialuithe a iarraidh; á chur i bhfáth go mbaineann bacainní den sórt sin an bonn ó chur chun feidhme cuí dhlí AE sna Ballstáit sin; ag tathant ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as na hionstraimí ábhartha chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an nós imeachta um réamhrialú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún úsáid éifeachtach a bhaint as an gcéim réamhdhlíthíochta, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí AE chomh tapa agus is féidir; ag tathant ar an gCoimisiún teorainn ama a thabhairt isteach don idirphlé réamhsháraithe, ar a dtugtaí nós imeachta EU Pilot roimhe seo, chun réiteach pras agus forfheidhmiú a áirithiú; á mholadh go gcuirfí faisnéis níos mionsonraithe agus níos inrochtana ar fáil faoi na hidirphléití neamhfhoirmiúla sin, lena n-áirítear amlínte agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo, chun cuntasacht agus réiteach tráthúil a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dlí an Aontais a chur chun feidhme</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát comhar struchtúrtha agus sásraí luathrabhaidh a neartú a chuidíonn le fadhbanna maidir le trasuí nó cur chun feidhme a bhrath sula mbeidh gá le nósanna imeachta foirmiúla um shárú; ag tathant ar na Ballstáit cloí go docht le spriocdhátaí trasuímh, na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún a leanúint agus páirt ghníomhach agus iomlán a ghlacadh san idirphlé maidir le cur chun feidhme, agus fógra a thabhairt don Choimisiún go tráthúil faoi bhacainní agus saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le trasuí agus cur chun feidhme, chun moilleanna, earráidí agus pionóis a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint; á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta chun acmhainneacht riaracháin agus theicniúil na mBallstát a fhorbairt i ndáil leis sin; á chur in iúl gur oth léi go dtuairiscíonn roinnt Ballstát saincheisteanna maidir le trasuí agus/nó cur chun feidhme ródhéanach nó nach dtuairiscíonn siad iad ar chor ar bith, rud a fhágann go mbíonn moilleanna ann a mbíonn tionchar diúltach acu ar shaoránaigh den Aontas agus ar ghnólachtaí AE; á mheabhrú go bhfuil na Ballstáit rannpháirteach sa nós imeachta reachtach tríd an gComhairle mar chomhreachtóir; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn de dhearcadh na saoránach ar an Aontas agus dá chumas torthaí a bhaint amach de bharr an easpa forfheidhmithe de dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach idirphlé maidir le cur chun feidhme mar ionstraim nua chun tacú leis na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé próiseas soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach a bhunú chun geallsealbhóirí a shainaithint, a roghnú agus a rannpháirtiú san idirphlé sin ar fud Bhallstáit uile an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus na n-údarás áitiúil san idirphlé maidir le cur chun feidhme teoranta i gcónaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil rannpháirtíocht fhóinteach na ngeallsealbhóirí bunriachtanach chun cáilíocht, dlisteanacht agus éifeachtacht na n-iarrachtaí cur chun feidhme a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir Scórchlár an Mhargaidh Aonair, gurb é 11.9 mí an mheánmhoill trasuite faoi láthair i gcás threoracha an Mhargaidh Aonair san Aontas, rud a chiallaíonn, ar an meán, go bhfuil na Ballstáit ag glacadh beagnach bliain níos faide ná an sprioc-am a leagadh síos chun treoracha an Aontais a ionchorprú ina ndlíthe náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go n-áirítear in go leor gníomhartha reachtacha Eorpacha tagairtí do chaighdeáin theicniúla agus do ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá fós ag céim an dréachtaithe nuair a ghlactar na bunghníomhartha, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do na Ballstáit iad a thrasuí go hiomlán laistigh den tréimhse fhorordaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, sna teorainneacha a bhaineann le hardán nua cur chun feidhme Europa, a seoladh i mí Aibreáin 2025, arb é is aidhm dó faisnéis a lárú maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin, cásanna um shárú, trasuí treoracha agus idirphlé réamhsháraithe, ar a dtugtaí nós imeachta EU Pilot roimhe seo; á chur i bhfios, in ainneoin na hacmhainneachta a bhaineann leis, gur táblaí sonraí atá san ardán go príomha agus gur cheart é a fheabhsú d’fhonn faisnéis bhunriachtanach a sholáthar, ar bhealach trédhearcach, maidir le nósanna imeachta atá ar siúl nó atá tugtha i gcrích, agus d’fhonn anailísí cáilíochtúla uileghabhálacha ar na sonraí a chuirtear i láthair a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire gurb iad na Ballstáit go príomha a eagraíonn an fhaisnéis a chuirtear i láthair ar an ardán, lena dtugtar forléargas ginearálta ar iarrachtaí náisiúnta cur chun feidhme; á chur in iúl gur oth léi nach ann do struchtúr atá bunaithe ar dhlí lena bhféadfaí tuiscint níos soiléire a fháil ar chéim an chur chun feidhme, ar dhúshláin ghaolmhara, agus ar na dúshláin atá os comhair na mBallstát maidir le gníomhartha reachtacha a chur chun feidhme; á mheas go gcuirfí feabhas suntasach ar thrédhearcacht dá bhforbrófaí cur chuige anailíseach den sórt sin agus go n-éascófaí measúnú níos fianaise-bhunaithe ar chur chun feidhme ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún éifeachtúlacht an ardáin agus a ábhair a fheabhsú ionas gur féidir é a úsáid chun raon oibríochtaí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus inrochtana go héasca, lena n-áirítear comparáidí agus conclúidí i gcásanna áirithe, agus ionas go mbeidh sé ina ionstraim úsáideach do reachtóirí, do chleachtóirí dlí agus do shaoránaigh atá ag iarraidh léargas a fháil ar an gcaoi a gcloítear le dlí an Aontais sa chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil foilsiú trédhearcach agus tráthúil sonraí maidir le cásanna trasuímh agus sáraithe bunriachtanach don chuntasacht agus do mhuinín an phobail; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a chur ar fáil i bhformáid oscailte agus sholáimhsithe agus comparáidí a éascú ar fud na mBallstát agus na réimsí beartais; á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht riachtanach na n-uirlisí agus na mbunachar sonraí uile a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí AE a áirithiú, lena n-áirítear trí nótaí modheolaíochta, critéir maidir le bailiú sonraí, agus mínithe ar tháscairí a chur ar fáil go poiblí; á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht bunriachtanach chun go ndéanfaidh saoránaigh, taighdeoirí agus institiúidí AE grinnscrúdú fóinteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá trédhearcacht a neartú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí maidir leis na cearta atá acu faoi dhlí AE agus maidir leis na sásraí atá ar fáil nuair a sháraítear na cearta sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar infheictheacht agus inrochtaineacht na nósanna imeachta gearáin, lena n-áirítear trí uirlisí digiteacha nuachóirithe agus trí thairseacha faisnéise ilteangacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún an faireachán a dhéanann sé ar chur i bhfeidhm rialachán a neartú agus a nuachóiriú, mar aitheantas ar a dtábhacht mhéadaitheach mar phríomhionstraim reachtach an Aontais; ag cur sonrú sna dúshláin a bhaineann le rialacháin a chur i bhfeidhm, mar is léir ó bhearnaí sna sonraí a chuir an Coimisiún ar fáil, go háirithe ó thaobh iomláine, inrochtaineachta agus comhsheasmhachta de; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear a ghníomhaíochtaí agus a chleachtais faireacháin in oiriúint do chur i bhfeidhm rialachán agus do na moltaí a rinneadh ina leith sin ina thuarascáil mheasúnaithe maidir le modhanna oibre an Choimisiúin chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí reachtaíocht ar leibhéal 2 a úsáid ar bhealach níos smachtaithe agus níos teoranta, eadhon gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, trí eilimintí neamhriachtanacha den reachtaíocht a shonrú nó trína raon feidhme a theorannú d’ábhair fhíortheicniúla atá riachtanach chun reachtaíocht ar leibhéal 1 a chur i bhfeidhm, faoi seach; á chur i bhfáth nach mór gníomhartha ar leibhéal 2 a bheith faoi réir nósanna imeachta trédhearcacha, amlínte soiléire a áireamh iontu, dóthain ama a thabhairt do na comhreachtóirí grinnscrúdú fóinteach agus éifeachtach a dhéanamh, agus iad a fhoilsiú le haga tionscanta leordhóthanach chun go mbeidh geallsealbhóirí in ann ullmhú do chomhlíonadh, agus gur cheart na bearta sin a chur ar fáil, i gcás inarb indéanta, roimh theacht i bhfeidhm reachtaíocht ar leibhéal 1 nó i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm na reachtaíochta sin chun deimhneacht dhlíthiúil agus in-fhorfheidhmitheacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á áitiú go bhfuil ról bunúsach ag údaráis bhreithiúnacha na mBallstát agus an Aontais cásdlí láidir a thógáil, agus ar an gcaoi sin slándáil dhlíthiúil a choinneáil ar fud shochaí an Aontais agus mhargadh an Aontais; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas na mbreithiúna a chaomhnú, ach freisin acmhainní láidre airgeadais agus daonna a leithdháileadh ar údaráis bhreithiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i mBallstáit áirithe a bhfuil córais chónaidhme nó réigiúnacha acu, go bhféadfadh próisis reachtacha iomadúla agus leibhéil éagsúla rialtais a bheith i gceist leis an trasuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar trasteorann níos láidre i measc na n-údarás breithiúnach agus forfheidhmithe dlí chun an choireacht thromchúiseach, an t-éilliú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtach, go háirithe trí ról agus acmhainneacht oibríochtúil OIPE a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tacú le digitiú breise na n-uirlisí ceartais, go háirithe i nósanna imeachta trasteorann, amhail na córais r-fhianaise agus e-CODEX, agus é mar aidhm leis sin dlús a chur leis an gcinnteoireacht bhreithiúnach ar bhealach iontaofa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Simpliú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart simpliú dhlí an Aontais a mheascadh suas le dírialáil; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart iarrachtaí simplithe an Choimisiúin, arb é atá i gceist leo sin gníomhartha reachtacha éagsúla a ghrúpáil le chéile, a bheith uathoibríoch ar aon bhealach agus nach mór iad, i gcás inar gá, a bheith faoi réir measúnuithe tionchair críochnúla agus comhairliúcháin fhóinteacha le geallsealbhóirí; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir soiléireacht, deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht riaracháin a fheabhsú trí théacsanna agus nósanna imeachta dlíthiúla a chuíchóiriú; á athdhearbhú gur coinníoll bunriachtanach í reachtaíocht ardcháilíochta, shoiléir agus chomhtháite AE chun go ndéanfaidh na Ballstáit í a thrasuí go héifeachtach, go ceart agus go haonfhoirmeach, ar reachtaíocht í lena gcaomhnaítear cuspóirí beartais agus cosaintí bunriachtanacha; á thabhairt chun suntais nach mór é a bheith d’aidhm ag próiseas simplithe den sórt sin castacht theicniúil a laghdú, deireadh a chur le forluí rialála, na sainmhínithe agus na nósanna imeachta a leagtar síos le gníomhartha lena rialaítear réimsí gaolmhara a chomhchuibhiú agus indéantacht theicniúil an chur chun feidhme sa dlí náisiúnta a ráthú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá comhleanúnachas ar fud na n-ionstraimí reachtacha chun dúbláil agus contrárthachtaí a chuireann le castacht agus a chuireann bac ar chur chun feidhme éifeachtach a sheachaint; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ualaí riaracháin a laghdú fite fuaite le hinrochtaineacht a áirithiú, rud is féidir a bhaint amach go héifeachtach trí uirlisí digiteacha dea-dheartha atá simplí agus cuimsitheach do gach úsáideoir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur foilsíodh 59 as 130 Gnáthnós Imeachta Reachtacha in 2023 gan measúnú tionchair, agus in 2024, gur foilsíodh 26 as 31 Ghnáthnós Imeachta Reachtacha gan aon cheann acu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina ábhar imní di, gur fhoilsigh an Coimisiún 80 Gnáthnós Imeachta Reachtacha idir an 1 Nollaig 2024 agus an 26 Meán Fómhair 2025, nár thacaigh ach 12 mheasúnú tionchair san iomlán le 18 gcinn díobh; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe tionchair ar na gníomhartha uile; á chur in iúl gur oth léi nárbh amhlaidh an cás i gcás roinnt tograí a bhí íogair ó thaobh na polaitíochta de san am a chuaigh thart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag aithint na gcuspóirí maidir leis an ualach a laghdú atá leagtha amach ag an gCoimisiún ina chlár oibre do 2025; á chur in iúl gur geal léi pleananna an Choimisiúin tástálacha struis agus seiceálacha réaltachta a dhéanamh ar reachtaíocht AE chun a áirithiú go mbainfidh sé a chuspóirí beartais amach go héifeachtach; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé meastóireacht chórasach a dhéanamh ar reachtaíocht le haghaidh ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, dá bhforáiltear i mBosca Uirlisí an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr; ag tathant go gcumhachtófaí Coimisinéir ainmnithe leis an údarás, na hacmhainní agus na huirlisí anailíseacha is gá chun an iarracht sin a stiúradh agus chun a áirithiú go mbeidh na gníomhartha reachtacha uile comhréireach, in-fhorfheidhmithe agus oiriúnach don fheidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil cásanna gníomhartha reachtacha ann nár cuireadh i bhfeidhm riamh; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar chásanna den sórt sin, measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an easpa cur i bhfeidhm sin, cinneadh a dhéanamh an gá iad a shimpliú agus tograí a chur i dtoll a chéile chun iad a mhodhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil reachtóireacht AE bunaithe ar chothromaíocht idirinstitiúideach i measc na gcomhreachtóirí agus ar thiomantas comhroinnte do chomhar trédhearcach ar feadh an timthrialla reachtaigh; ag tabhairt dá haire nach mór é sin léiriú i socrú nó in athbhreithniú tosaíochtaí ilbhliantúla agus sa dearbhú comhpháirteach bliantúil ar thosaíochtaí idirinstitiúideacha bliantúla; ag cáineadh go láidir an chleachtais a bhí ag an gCoimisiún le déanaí tograí reachtacha a tharraingt siar, go háirithe iad siúd atá faoi chaibidlíocht thríthaobhach cheana féin, gan údar leordhóthanach, ós rud é go mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin an bonn d’inchreidteacht an chomhair idirinstitiúidigh agus na cuntasachta daonlathaí; á mheabhrú gur gá d’aon rún atá ag an gCoimisiún gníomhartha reachtacha atá ar feitheamh a tharraingt siar arna bhfógairt ina chláir oibre bhliantúla a bheith cuíréasúnaithe agus cuíchruthaithe, lena lamháiltear dul i gcomhairle go cuí le comhreachtóirí AE; á thabhairt faoi deara go gcuireann easpa comhairliúchán cuí feidhmiú cothrom shainchumais institiúidí an Aontais i mbaol, go gcruthaíonn sé éiginnteacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus go mbaineann sé an bonn ón muinín atá ag gnáthdhaoine as reachtóireacht an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a rannpháirtiú go hiomlán ag céim luath agus le linn aon nós imeachta um tharraingt siar, agus measúnuithe tionchair críochnúla, fianaise-bhunaithe a dhéanamh sula ndéanfar aon aisghairm a d’fhéadfadh a bheith ann, agus tairbhí agus costais á gcur san áireamh ar bhealach cuimsitheach, lena n-áirítear na costais a bhaineann le neamhchomhlíonadh agus neamhghníomhaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún reachtaíocht a thabhairt ar aghaidh chun íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta riaracháin a chódú ar fud na mBallstát, i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2023 le moltaí don Choimisiún maidir le Digitiú agus Dlí Riaracháin; á chur i bhfáth gur cheart don reachtaíocht sin cothroime, trédhearcacht agus digitiú a chur chun cinn i riarachán poiblí AE, lena n-áirítear coimircí maidir le húsáid fhreagrach IS sa chinnteoireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí simpliú suntasach ar oibleagáidí riaracháin do thairbhithe chistí an Aontais chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais i gceart agus go héifeachtach, go háirithe trí úsáid níos leithne a bhaint as samhlacha tuairiscithe atá bunaithe ar thorthaí, trí dhúbláil laghdaithe i nósanna imeachta iniúchóireachta, agus trí idirdhealú dlíthiúil soiléir idir earráidí neamhbheartaithe agus calaois d’aon ghnó; á chur in iúl gur oth léi nach raibh ach thart ar aon trian de chistí iomlána na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) eisíoctha leis na Ballstáit faoi dheireadh 2023, agus nach raibh aon chistí faighte ag seacht mBallstát chun garspriocanna agus spriocanna ó STA a chomhlíonadh go sásúil faoi dheireadh 2023, mar gheall ar gharspriocanna comhaontaithe a bheith in easnamh ag rialtais<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Speisialta 13/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí RRF a bhaint amach’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais go mbaineann ualaí iomarcacha riaracháin, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le hacmhainneacht riaracháin agus rialacha casta ar an leibhéal náisiúnta, an bonn de rochtain ar chistiú ón Aontas agus d’inchreidteacht bheartais tacaíochta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé an reachtaíocht dhigiteach atá ann faoi láthair agus atá ar na bacáin, lena n-áirítear creataí cibearshlándála, a chumasc in aon Leabhar Rialacha Digiteacha comhleanúnach amháin; á mholadh go mbeadh sainmhínithe comhchuibhithe, oibleagáidí tuairiscithe aontaithe, agus treoir shoiléir in ionstraim den sórt sin do ghníomhaithe poiblí agus do ghníomhaithe príobháideacha araon chun comhleanúnachas agus comhlíonadh dlíthiúil a fheabhsú ar fud an Mhargaidh Aonair Dhigitigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe earnáilsonracha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i réimse na trádála, i gcás gníomhartha reachtacha a bhfuil dátaí cur i bhfeidhm iarchurtha acu, go bhfuil sé ríthábhachtach dátaí soiléire cur i bhfeidhm a leagan amach; á mheabhrú gur cheart go leanfadh soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil as na treoirlínte ón gCoimisiún is gá chun na gníomhartha sin a chur chun feidhme go héifeachtach agus go haonfhoirmeach, agus nár cheart go mbainfí an bonn de bhunbhrí agus de chuspóir an bhunghnímh leo; á chur in iúl gur oth léi go mór, sa chomhthéacs sin, an tionchar diúltach ar oibreoirí an Aontais agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais de dheasca moilleanna leanúnacha agus easpa soiléireachta maidir leis na dátaí cur i bhfeidhm agus na tréimhsí céimnithe isteach faoi reachtaíocht an Aontais agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint d’inchreidteacht an Aontais ar an ardán domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i réimse na fostaíochta, breithiúnas CBAE<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Samhain 2025, <STRING ITALIC="on">An Danmhairg</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint agus an Chomhairle</STRING>, Cás C-19/23, ECLI:EU:C:2025:865.</FIELD></FOOTNOTE> lenar deimhníodh den chuid is mó bailíocht na Treorach maidir le pá íosta leordhóthanach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar na Ballstáit sin nach ndearna an Treoir a thrasuí go fóill ina gcórais dlí náisiúnta laistigh den sprioc-am a leagadh síos é sin a dhéanamh gan mhoill; ag tathant ar an gCoimisiún leanúint de bheith ar an airdeall agus gach beart iomchuí a dhéanamh chun trasuí iomlán agus tráthúil agus cur chun feidhme éifeachtach na Treorach a áirithiú; ag tacú le rannpháirtíocht an Choimisiúin in idirphlé réamhsháraithe i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ceirde, lena n-éascaítear athruithe reachtacha náisiúnta arb é is aidhm dóibh íosleibhéil chosanta d’oibrithe a neartú agus a chomhchuibhiú, agus ar an gcaoi sin cearta oibrithe a chosaint agus rannchuidiú le cothrom iomaíochta ar fud an Aontais; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna roinnt Ballstát ach treoracha áirithe a thrasuí go páirteach ina reachtaíocht náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i réimse an chomhshaoil, an tAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil (EIR); á iarraidh ar an gCoimisiún deaiseanna cur chun feidhme bliantúla a fhoilsiú do gach Ballstát agus do gach réimse beartais le táscairí meaisín-inléite, inchomparáide agus meiteashonraí um stádas cásanna lena gcomhtháthófar tacair sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus lena gcumasófar anailís ar threochtaí agus tagarmharcáil; á chur i bhfios, de réir EIR 2025, gurb ionann an costas a bhaineann le neamhchur chun feidhme dhlí comhshaoil an Aontais agus EUR 180 billiún in aghaidh na bliana, agus go mbeadh EUR 122 bhilliún in aghaidh na bliana ag teastáil chun an bhearna cur chun feidhme a dhúnadh, rud a léiríonn gur infheistíocht fhónta seachas costas é cur chun feidhme éifeachtach; á thabhairt chun suntais, an 2 Aibreán 2025, go raibh 309 n-imeacht um shárú ar siúl i réimse na reachtaíochta comhshaoil, ar bhain 45 % díobh le truailliú agus uisce, 24 % le bainistiú dramhaíola, 24 % leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, agus 7 % leis an rialachas; á iarraidh ar na Ballstáit a n-acmhainneacht riaracháin a neartú maidir le ceadú, cigireachtaí agus faireachán, uirlisí digiteacha ceadaithe agus forfheidhmiúcháin a ghlacadh, agus sonraí oscailte comhshaoil a áirithiú le haghaidh ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus formhaoirseacht shibhialta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur féidir le leathadh agus srathú gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe an bonn a bhaint de shoiléireacht dhlíthiúil agus de chomhlíonadh tráthúil do riaracháin agus do shealbhóirí dualgais; á chur i bhfios go láidir gur cheart go bhfeabhsódh simpliú soiléireacht agus cinnteacht gan caighdeáin cosanta comhshaoil a ísliú; á iarraidh ar an gCoimisiún go mbeidh measúnuithe tionchair ar chomhlíonadh agus treoir do chleachtóirí ag gabháil le tionscnaimh simpliúcháin; ag tathant go ndéanfar cistiú an Aontais a ailíniú le tosaíochtaí cur chun feidhme trí thacaíocht a imfhálú chun bearnaí comhlíontachta comhshaoil a shainaithnítear in EIR a dhúnadh agus trí dheireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar choinníollachtaí comhréireacha spriocdhírithe i gcás ina mbaineann neamhchomhlíonadh leanúnach an bonn de chuspóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thionscain an Coimisiún idirphlé réamhsháraithe leis na Ballstáit, go háirithe leo siúd nár thíolaic na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe don tréimhse 2021-2030 in am, ach á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon amchláir mhionsonraithe ann maidir le comhlíonadh agus gníomhaíocht leantach ag na Ballstáit; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais a chuíchóiriú, lena n-áirítear an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus an Comhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh go ndéanfar faireachán comhtháite, go mbeidh sásraí forfheidhmithe níos fearr ann agus go ndéanfar ailíniú níos dlúithe idir spriocanna aeráide an Aontais agus straitéisí náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais chomhshaoil an Aontais go tráthúil agus go comhleanúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach na reachtaíochta a glacadh le déanaí, lena n-áirítear an Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1. ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an pacáiste maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais, agus an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, bunriachtanach chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach, agus chun a áirithiú go gcuirfear Aontas Fuinnimh atá go hiomlán comhtháite agus idirnasctha i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear an t-athbhreithniú a dhéanfar air go luath, agus Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth go bhfuil bacainní leanúnacha amhail nósanna imeachta riaracháin fada agus casta, digitiú neamhleor, easpa acmhainneachta riaracháin in údaráis cheadaithe agus rialála, agus trasuí neamhréireach nó moillithe ag na Ballstáit fós ag cur bac ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí fuinnimh an Aontais, ag cur moill ar nuachóiriú an bhonneagair fuinnimh agus ar idirnaisc, agus ag cur bac ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go leanann forfheidhmiú i réimse an fhuinnimh de bheith ina chúis le sciar suntasach d’imeachtaí um shárú, go príomha mar gheall ar thrasuí neamhiomlán nó mícheart reachtaíocht AE; á chur i bhfáth go gcuireann easnaimh i gcur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le bonneagar fuinnimh agus idirnaisc faoi Rialachán (AE) 2022/869 agus Rialachán (AE) 2018/1999 moill bhreise ar chomhtháthú na gcóras náisiúnta fuinnimh agus go mbaineann siad an bonn de bhaint amach chuspóirí fuinnimh agus aeráide AE; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige níos comhleanúnaí a áirithiú idir nósanna imeachta um shárú, faireachán faoi Rialachán (AE) 2018/1999, agus tacaíocht theicniúil a chuirtear ar fáil tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna neamhchomhlíonta a eascraíonn as acmhainneacht riaracháin neamhleor nó as easpa soiléireachta dlíthiúla; ag moladh don Choimisiún tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus treorach lena n-éascaítear cur i gcrích tráthúil tionscadal leasa choitinn agus bonneagair trasteorann eile atá riachtanach chun an margadh inmheánach fuinnimh agus an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán agus i gceart, agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de nósanna imeachta um shárú a shaothrú i gcásanna neamhchomhlíonta shistéamaigh; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur bunaíodh Aonad nua sa Choimisiún a dhéileálann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, lenar cheart go bhféadfaí gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh i ndáil le hardáin an-mhór nach n-urramaíonn an dlí, chomh maith le hobair leantach chuí maidir le comhar idir an Coimisiún agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i réimse na talmhaíochta, gurb ionann an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an sciar is mó de bhuiséad an Aontais, le 31 % den chaiteachas iomlán don tréimhse 2021-2027; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach reachtaíocht AE agus córais rialaithe CBT a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais AE agus a shaoránach a chosaint go héifeachtach ar aon mhí-úsáid a bhaintear as cistí AE, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fheirmeoirí agus d’íomhá phoiblí an bheartais sin; á chur i bhfios gur tharla grabáil talún agus mí-úsáid fóirdheontas i mBallstáit áirithe mar gheall ar sháruithe ar dhlí AE, cleachtais éillitheacha, nó rannpháirtíocht na coireachta eagraithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlí AE a chur chun feidhme i gceart, mar aon le bearta éifeachtacha faireacháin agus rialaithe, chun mí-úsáidí den sórt sin a chomhrac; ag cur sonrú, sa chomhthéacs sin, san easpa trédhearcachta agus rochtana poiblí ar shonraí maidir le dáileadh fóirdheontas talmhaíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil bac fós ar an gcomhar breithiúnach, in ainneoin an iliomad ionstraimí dlí a bunaíodh i réimse na haisghabhála sócmhainní, mar gheall ar dhifríochtaí suntasacha idir córais dlí náisiúnta agus easpa rialachán comhchuibhithe; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór Rialachán Airgeadais an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe Airteagal 61 de, a urramú agus a chur chun feidhme i ngach Ballstát agus a chur i bhfeidhm ar gach íocaíocht faoi chistí AE, lena n-áirítear íocaíochtaí díreacha le haghaidh talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á mheabhrú, i réimse bheartas agus chultúr an chlosamhairc agus na meán, a thábhachtaí atá sé ionstraimí rialála a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach, go háirithe an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, mar bhealach chun éiceachóras meán inbhuanaithe, iolraíoch agus athléimneach a áirithiú, atá in ann an bhréagaisnéis a chomhrac; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme laistigh dá gclárthréimhsí bliantúla ar bhealach atá comhsheasmhach leis na critéir a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/818<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/818/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021–2027, arb é a phríomh-mhisean tacú le hearnáil an chultúir agus neamhspleáchas agus saoirse ealaíne cruthaitheoirí a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chuimsitheach agus chothrom a dhéanamh ar Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69) http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1808/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, mar an phríomhionstraim lena rialaítear ábhar closamhairc agus meán in AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus forfheidhmiú éifeachtach rialacha an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú ar fud na n-earnálacha uile; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cleachtais chomhéigneacha ceannaigh thar barr amach a fhorchuirtear ar chruthaitheoirí Eorpacha, go háirithe faoi chonarthaí atá bunaithe ar dhlíthe eachtracha agus ar dhlínsí eachtracha a d’fhéadfadh dul timpeall ar chaighdeáin an Aontais maidir le luach saothair iomchuí agus comhréireach; ag tathant ar an gCoimisiún togra reachtach tiomnaithe a thabhairt isteach lena mbunaítear coimircí chun teacht timpeall den sórt sin a chosc agus chun a áirithiú gur féidir le cruthaitheoirí Eorpacha brath go héifeachtach ar a gcearta faoi dhlí an Aontais agus iad a fhorfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easnaimh leanúnacha ann i dtrasuí agus i gcur chun feidhme príomhionstraimí dlí a bhaineann le tearmann, imirce, cosaint sonraí, comhar breithiúnach agus forfheidhmiú an dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach ndearnadh tuairisciú ar chur i bhfeidhm straitéis AE um chomhionannas inscne 2020-2025, ar a ghníomhaíochtaí chun an t-idirdhealú a chomhrac, lena n-áirítear trí Ionstraim Inrochtaineachta AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus ar a straitéis óige AE; ag meabhrú a tiomantais spriocanna Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach faoi 2030 le haghaidh Eoraip shóisialta láidir atá cothrom, cuimsitheach agus lán deiseanna; á iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí sonracha a thiomnú maidir le cur chun feidhme na réimsí tábhachtacha beartais sin sa tuairisciú a dhéanfaidh sé amach anseo; á mholadh go n-áireofaí ann faisnéis mhionsonraithe maidir le coireanna fuatha a chomhrac, maidir le príomhshruthú inscne agus maidir le tástálacha óige a chur i bhfeidhm go córasach ina cheapadh beartais;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>