<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0155</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Meastacháin ar ioncam agus ar caiteachas don bhliain airgeadais 2027 – Roinn I – Parlaimint na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0124/2026 - Rapóirtéir: Michalis Hadjipantela)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Aibreán 2026 maidir le meastacháin na Parlaiminte ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2027 (2025/2247(BUI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj<STRING UNDERLINE="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (an ‘Rialachán Airgeadais’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos  an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE> , agus na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 252.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2496/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Athbhreithniú CAI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún reachtach uaithi an 16 Nollaig 2020 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1195, 23.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1195/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6751, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6751/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2026, arna ghlacadh go cinntitheach an 26 Samhain 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2026/72, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2026/72/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na ráitis chomhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá i gceangal leis seo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Ardrúnaí chuig an mBiúró maidir le réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2027 a tharraingt suas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don réamhdhréacht de na meastacháin arna dtarraingt suas ag an mBiúró an 9 Márta 2026 de bhun Rialacha 25(7) agus 104(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dréachtmheastacháin arna dtarraingt suas ag an gCoiste um Buiséid de bhun Riail 104(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 104 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0124/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb ionann an buiséad a mhol an tArdrúnaí an 9 Feabhra 2026 do réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa do 2027 agus EUR 2 665 474 853 agus gurb ionann é sin agus méadú 2,33 % nó EUR 60 618 266 i gcomparáid le buiséad 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é méadú 2,01 % ar oibleagáidí airgeadais reachtúla agus 2,89 % ar chaiteachas neamhreachtúil is cúis leis an méadú 2,33 % atá molta ag an Ard-Rúnaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurbh ionann boilsciú bliantúil an Aontais agus 2,3 % i mí Eanáir 2025 de réir Eurostat, lagdú ó 2,7 % i mí na Nollag 2024; de bhrí go bhfuil leibhéal an chaiteachais i gCeannteideal 7 de chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 bunaithe ar mhéadú bliantúil 2 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbraitheann creidiúnacht Pharlaimint na hEorpa ar a cumas díriú ar a croí-obair bhuiséadach, reachtach agus ghrinnscrúdaithe ar an gcaighdeán is airde, agus sampla á leagan síos <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> institiúidí eile de chuid an Aontais chun a caiteachas a phleanáil agus a dhéanamh go stuama agus go héifeachtúil agus chun na réaltachtaí eacnamaíochta forleathana a léiriú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid Cheannteideal 7 sa CAI reatha; á mheabhrú go bhfuil na srianta sin mar thoradh ar na laghduithe a chuir an Chomhairle i bhfeidhm ar an togra tosaigh ón gCoimisiún a bhí an-íseal cheana féin nuair a tháinig sí ar chomhaontú maidir le CAI 2021-2027, chomh maith le tionchar carntha den bhoilsciú atá níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis thar roinnt blianta; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Chomhairle i gcoinne an togra ón gCoimisiún chun uasteorainn Cheannteideal 7 san athbhreithniú ar CAI a mhéadú ó 2024 ar aghaidh; á chur i bhfios nár tugadh aghaidh ar shaincheist uasteorainn Cheannteideal 7 in athbhreithniú CAI; á thabhairt chun suntais go nglactar leis sa chorrlach diúltach réamh-mheasta do 2027 go n-úsáidfear ionstraimí speisialta i gCeannteideal 7 chun na críche sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh úsáid ionstraimí speisialta de bheith eisceachtúil, go mbeadh údar cuí leis agus go mbeadh sé teoranta d’imthosca gan choinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formhuiniú an chomhaontaithe ar thángthas air san Idir-réiteach idir an Biúró agus an Coiste um Buiséid an 15 Aibreán 2026 chun an méadú ar bhuiséad 2026 a shocrú ag 1,98 %, arb ionann é agus leibhéal foriomlán meastachán de EUR 2 656 435 753 do 2027, agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a laghdú dá réir le haghaidh iomlán EUR 10 554 000:
</ACTION><ACTION>
1 0 0 6 — Liúntas caiteachais ghinearálta, 1 4 0 5 01 — Caiteachas ar ateangaireacht: ateangaireacht sheachtrach, 1 4 2 — Seirbhísí aistriúcháin seachtracha, 1 6 1 2 07 — Foghlaim agus forbairt: oiliúint sheachtrach do AS ITEC 2 0 0 7 04 — Foirgnimh a thógáil agus áitribh a fheistiú: Oifigí Idirchaidrimh/Europa Experience, 2 1 0 0 02 — Rialachas TF agus cibearshlándáil — slándáil, rioscaí agus comhlíonadh TFC, 2 1 0 0 03 — Rialachas TF agus cibearshlándáil — Teicneolaíocht teorann, 2 1 0 1 02 — Bainistiú feidhmchlár gnó — Seachadadh Réiteach TF, 2 1 0 1 13 — Bainistiú feidhmchlár gnó — AS FINS, 2 1 0 2 03 — Bainistiú bonneagair agus oibríochtaí — Teileachumarsáid, 2 1 0 2 04 — Bainistiú bonneagair agus oibríochtaí — Bonneagar Corparáideach, 2 1 0 2 05 — Bainistiú bonneagair agus oibríochtaí — Bogearraí — Bonneagar, 2 1 0 2 07 — Bainistiú bonneagair agus oibríochtaí — Bainistiú clódóireachta, 2 1 0 3 01 — Seirbhísí agus trealamh san ionad oibre digiteach — Trealamh TF aonair, 2 1 2 2 2 0 01 — Troscán: troscán a cheannach, a fháil ar cíos, a athnuachan, a chothabháil agus a dheisiú, 2 1 6 0 01 — Iompar do na Feisirí, do dhaoine eile agus iompar earraí: iompar do na feisirí (fruiliú agus úsáid), 3 0 0 0 02 — Speansais le haghaidh misin foirne agus taisteal dualgais idir na trí áit oibre misin lasmuigh de na trí áit oibre 3 0 0 0 03 — Speansais le haghaidh misin foirne agus taisteal dualgais idir na trí áit oibre: foghlaim agus forbairt 3 2 1 0 01 — Caiteachas ar sheirbhísí taighde pharlaimintigh, lena n-áirítear an leabharlann, an chartlann stairiúil, measúnú na roghanna eolaíocha agus teicneolaíocha (STOA) agus Mol Eorpach na Meán Eolaíochta; measúnú tionchair agus breisluach Eorpach, 3 2 2 0 09 — Caiteachas doiciméadúcháin: síntiúis agus faireachán ar na meáin, 3 2 4 2 01 — Caiteachas ar fhoilseacháin, faisnéis agus an rannpháirtíocht in imeachtaí poiblí feachtais faisnéis, 3 2 4 3 01 — Ionaid cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa Parlamentarium agus ‘Europa Experience’, 3 2 4 3 02 — Ionaid cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa Áras Stair na hEorpa, 101 — Cúlchiste Teagmhais.
</ACTION><ACTION>
Thairis sin, cinneadh leibhéal caiteachais an réamhdhréachta den mheastachán a d’fhormheas an Biúró an 9 Márta 2026 a mhéadú EUR 1 514 900 agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a mhéadú dá réir:
</ACTION><ACTION>
4 0 3 — Cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus 4 4 0 — Costas chruinnithe agus ghníomhaíochtaí eile na nIar-Fheisirí
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil beagnach dhá thrian den bhuiséad socraithe ag oibleagáidí reachtúla; á mheabhrú go bhfuil réamhaisnéisiú déanta faoi láthair ag an gCoimisiún ar an innéacsú tuarastail, i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, do mhí Iúil 2026 ag 2,2 % agus do mhí Iúil 2024 ag 2,3 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, as an méadú EUR 51,6 milliún i gcomparáid le buiséad 2026, gur oibleagáidí airgeadais reachtúla is cúis le méadú EUR 32,6 milliún, go príomha le haghaidh nuashonruithe tuarastail oifigeach agus foirne sealadaí (EUR 16,2 milliún) agus gníomhairí ar conradh (EUR 1,7 milliún); á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil cabhair dhíreach eisceachtúil beartaithe ó 2027 ar aghaidh do gach oiliúnaí atá lonnaithe i Lucsamburg (suas le EUR 500 in aghaidh na míosa den tréimhse oiliúna) chun cabhrú leo déileáil le costais tithíochta atá ag dul i méid; á iarraidh go n-áiritheofaí inrochtaineacht do thréimhsí oiliúna do dhaoine óga i gcomhthéacs an chostais mhaireachtála atá ag dul i méid gan beann ar an áit oibre; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón mBiúró gan innéacsú an Liúntais Caiteachais Ghinearálta do 2026 a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>	ag tabhairt dá haire go ndéantar an méid dá bhforáiltear maidir le Liúntas Cúnaimh Pharlaimintigh a mheas bunaithe ar threochtaí stairiúla; á chur i bhfáth nach féidir, in imthosca ar bith, a gceart chun úsáid iomlán a bhaint as an liúntas sin a bhaint d’Fheisirí, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha, toisc nach bhfuil sé ar fáil sa líne bhuiséid sin; á iarraidh ar an Ardrúnaí dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid, an Coiste um Buiséid a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme na líne buiséid agus gníomhaíocht ábhartha a dhéanamh nuair atá baol ann nach mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach n-iarrann an Pharlaimint aon phoist bhreise do 2027, an ceathrú bliain as a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann an méadú ar chaiteachas neamhreachtúil idir 2026 agus 2027 agus 2 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair leanúnach an Ardrúnaí i gcomhréir leis na hathchóirithe a mhol an tUachtarán Metsola an 16 Meitheamh 2025 maidir le comhar riaracháin, pleanáil agus simpliú atá dírithe ar éifeachtúlacht a fheabhsú, úsáid éifeachtúil acmhainní agus coigilteas a bhaint amach i gcás inar féidir; á iarraidh go mbeadh sásraí tuairiscithe neartaithe ann chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú; á iarraidh ar an Ardrúnaí nuashonruithe rialta a chur ar fáil don Choiste um Buiséid i ndáil le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le simpliú riaracháin agus a thionchar ó thaobh buiséid agus foirne de;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhfheidhmeanna Pharlaimint na hEorpa a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur sonrú sna ceithre Ard-Stiúrthóireacht théamacha nua (ASanna), atá ag feidhmiú ó mhí Eanáir 2025 agus atá freagrach as gníomhaíochtaí reachtacha, buiséadacha agus grinnscrúdaithe, chun feabhas a chur ar fheidhmiú na Parlaiminte mar chomhreachtóir, mar bhrainse amháin den údarás buiséadach agus mar údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh acmhainní inmheánacha a ath-imlonnú a mhéid a bhaineann le líon na bpost leithdháilte (+15 % ó 2024 go 2026), an t-imchlúdach buiséadach d’fhoireann sheachtrach (mír 1400, ó EUR 3,2 milliún in 2024 go EUR 8 milliún in 2027) agus an buiséad do shaineolas seachtrach (mír 3200, ó EUR 3,2 milliún in 2024 go EUR 7,7 milliún in 2027) chun an saineolas a chuirtear ar fáil do na Feisirí a threisiú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh údar cuí fós leis na méaduithe sin, go mbeidh siad comhréireach agus go soláthrófar breisluach soiléir leo; á iarraidh ar an Ardrúnaí nuashonruithe rialta a chur ar fáil don Choiste um Buiséid maidir le forbairt agus úsáid acmhainní sna ceithre Ard-Stiúrthóireacht nua sin; á chur i bhfios go láidir gur gá an cuspóir tábhachtach a áirithiú maidir le hacmhainneacht Pharlaimint na hEorpa a neartú chun tacú le hobair na bhFeisirí; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag grúpaí polaitiúla maidir le saineolas agus tacaíocht pholaitiúil a chur ar fáil d’Fheisirí ina gcuid oibre reachtaí agus parlaimintí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil feidhm chomhionann ag an dualgas leasanna airgeadais an Aontais a chosaint maidir le tairbhithe uile chistí an Aontais, lena n-áirítear grúpaí polaitiúla a oibríonn laistigh den Pharlaimint; ag tabhairt dá haire go dtugtar chun suntais le himscrúduithe agus gníomhaíochtaí aisghabhála a bhaineann le mí-úsáid amhrasta chistí an Aontais ag iar-Ghrúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais, atá cumraithe sa lá atá inniu ann mar an Grúpa ‘Tírghráthóirí don Eoraip’, a thábhachtaí atá rialuithe inmheánacha láidre, fíorú <STRING ITALIC="on">ex-post</STRING> éifeachtach agus sásraí aisghabhála tapa laistigh de riarachán na Parlaiminte; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte gach imeacht aisghabhála atá fós gan réiteach a thabhairt chun críche gan mhoill agus aon fhianaise ar chaiteachas neamhrialta a tharchur chuig OLAF agus OIPE; á chur i bhfáth go mbraitheann inchreidteacht ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais ar a chur i bhfeidhm comhsheasmhach maidir leis na tairbhithe uile, lena n-áirítear iad siúd laistigh den Pharlaimint féin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aistriú digiteach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann an buiséad foriomlán TF agus 7,6 % den bhuiséad iomlán i meastacháin 2027 agus gurb ionann é agus EUR 202.4 mhilliún; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bonneagar fónta cibearshlándála in amanna atá suaite ó thaobh na geopholaitíochta de; á mheabhrú go bhfuil sé beartaithe na leithreasuithe airgeadais cibearshlándála a mhéadú de réir a chéile go 10 % de bhuiséad TFC na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gur cheart an méadú sin atá beartaithe a chur chun feidhme a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur príomhthosaíocht í cibearshlándáil na Parlaiminte tráth na héiginnteachta geopholaitiúla; ag tabhairt dá haire gurb é EUR 16,9 milliún an méid iomlán a leithdháiltear ar an gcibearshlándáil, lena n-áirítear méadú 54 % ar an líne láraithe chibearshlándála i gcomparáid le 2026; á mheabhrú go bhfuil infheistíochtaí sa chibearshlándáil ríthábhachtach chun guth daonlathach Pharlaimint na hEorpa agus an Aontais a chosaint agus feidhmiú cuí na Parlaiminte a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá don Pharlaimint a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le níos mó modhanna oibre digiteacha a ghlacadh; á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí EUR 1 mhilliún san intleacht shaorga (IS); á iarraidh go méadófaí úsáid IS chun éifeachtúlachtaí a bhaint amach agus chun ceannasacht sa réimse sin a neartú, agus na rioscaí gaolmhara á gcur san áireamh, lena n-áirítear eitic agus cosaint sonraí; á chur i bhfáth nach mór d’úsáid IS cothromaíocht a bhaint amach idir an nuálaíocht agus na coimircí is gá; ag cur béim ar acmhainneacht IS próisis riaracháin a chuíchóiriú; ag spreagadh treoirlínte agus coimircí soiléire a fhorbairt chun cur chun feidhme freagrach agus trédhearcach IS a áirithiú, lena gcothófar nuálaíocht agus cearta bunúsacha, slándáil agus cuntasacht á gcaomhnú; ag tabhairt dá haire go ndéanfar dlúthfhaireachán ar fhorbairt IS i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBiúró; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh infheistíochtaí IS ní hamháin ar éifeachtúlacht riaracháin ach freisin ar thrédhearcacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil agus na n-infheistíochtaí a bheidh ar an Aontas Eorpach a dhéanamh dá uathriail straitéiseach, nach mór do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla; ag cur sonrú sna hullmhúcháin do phlean gníomhaíochta comhdhlúite atá dírithe ar sheasamh na Parlaiminte maidir le Ceannasacht Dhigiteach a neartú; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le nuashonruithe rialta a fháil ar an dul chun cinn atá déanta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ardleibhéal cibearshlándála, cosanta sonraí agus athléimneachta a áirithiú i mbonneagar digiteach na Parlaiminte; á chur i bhfáth gur gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le spleáchas ar sholáthraithe neamh-Eorpacha, lena n-áirítear trí mheasúnuithe riosca; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé réitigh shlána, iomaíocha agus iontaofa a choinneáil ar bun, lena n-áirítear, i gcás inarb indéanta, trí thosaíocht a thabhairt do sholáthraithe Eorpacha; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht rialta ar bhealaí cumarsáide agus ar uirlisí digiteacha na Parlaiminte ar bhonn slándála agus chomhlíonadh dhlí AE, ar bhealach comhordaithe le hinstitiúidí eile AE, d’fhonn cosaint sonraí parlaiminteacha agus sláine a cumarsáide a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bonneagar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á aithint go bhfuil cur chuige nua glactha a bhaineann le foirgnimh, a chuaigh isteach i réimse comhdhlúthaithe seachas foirgnimh nua a fháil, agus inbhuanaitheacht, inrochtaineacht agus soghluaisteacht na bhFeisirí agus na foirne á gcur i gcuntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuirfear tús le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK ó 2027 ar aghaidh; ag tabhairt dá haire gur socraíodh an buiséad foriomlán don athchóiriú ag EUR 455 mhilliún agus go bhfuil EUR 77,67 milliún beartaithe do 2027; á chur i bhfios go láidir nach n-áirítear na costais sin i mbuiséad 2027; á chur i bhfáth gur gá dianrialú costais, trédhearcacht agus comhlíonadh an bhuiséid atá beartaithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an bParlaimint iasachtaí a fháil ar conradh, lena n-áirítear leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, chun tionscadal athchóirithe SPAAK a mhaoiniú; ag tabhairt dá haire, sa bhuiséad do 2027, go n-áirítear costais a bhaineann le hús (EUR 3,17 milliún) agus le haisíoc an chaipitil (EUR 0,65 milliún); á áitiú gur cheart, i gcás inarb iomchuí costais nach bhfuil nasctha go díreach leis na hoibreacha athchóirithe a liostú go soiléir agus a bhuiséadú freisin; á iarraidh ar an riarachán an Coiste um Buiséid a choinneáil ar an eolas go dlúth maidir leis na rátaí úis is infheidhme do na hiasachtaí agus maidir le pleanáil fhadtéarmach aisíocaíocht na príomhshuime; á chur i bhfáth gur gá bainistiú stuama fiachais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na moilleanna maidir le Europa Experiences a bhunú i ngach Ballstát; á chur in iúl gur geal léi an coincheap nua, a d’fhormhuinigh an Biúró an 31 Márta 2025, chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as spásanna Europa Experience, agus na cásanna éagsúla ar fud na mBallstát á gcur san áireamh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur cheart go dtairgfeadh Europa Experience eispéireas tarraingteach do chuairteoirí chun saoránaigh a mhealladh; á iarraidh go mbunófaí Europa Experiences agus tosaíocht á tabhairt do na Ballstáit is faide ó na trí ionad oibre agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh a bhforbairt agus a n-oibriú costéifeachtach i gcónaí; á mheabhrú gur cheart go gcuirfeadh Europa Experiences ar chumas na saoránach uile tuiscint níos fearr a bheith acu ar fheidhmiú institiúidí an Aontais agus ar ár luachanna comhroinnte; á chur i bhfáth gur gá úsáid éifeachtúil a bhaint as na leithreasuithe buiséadacha arna leithdháileadh ar na hionaid sin chun a áirithiú go soláthróidh siad cumarsáid agus for-rochtain ardtionchair go háirithe do dhaoine óga agus do ghrúpaí leochaileacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart, leis an gcistiú, tús áite a thabhairt d’fhaisnéis fhíorasach agus inrochtana a scaipeadh maidir le tionchar áitiúil bheartais an Aontais, ar uirlis chostéifeachtach í chun sláine dhaonlathach an Aontais a chosaint ar an mbréagaisnéis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá clár Scoileanna Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa chun rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn i measc Eorpaigh óga agus an chláir oiliúna d’iriseoirí óga a ainmnítear in onóir David Sassoli chun an tuiscint ar an Aontas agus ar a fheidhmiú i measc iriseoirí a neartú, mar an frithnimh is fearr i gcoinne na bréagaisnéise, i bhfianaise na dtreochtaí a bhí ann le déanaí lena léirítear meath, ar ábhar imní é, ar shaoirse agus neamhspleáchas na meán ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le cuimhneachán uile-Eorpach a thógáil sa Bhruiséil d’íospartaigh réimis ollsmachtacha an 20ú haois, lena léirítear éagsúlacht na n-eispéireas stairiúil; á iarraidh ar an mBiúró an t-ábhar sin a mheas d’fhonn cinneadh a ghlacadh, agus aird chuí á tabhairt ar shrianta buiséadacha bhlianta deiridh CAI reatha agus ar an gcruatan eacnamaíoch atá os comhair shaoránaigh na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh an fíoras de shuíomh aonair a bheith ag Parlaimint na hEorpa na costais airgeadais agus chomhshaoil a laghdú; á mheabhrú, de réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach, go mbeidh suíomh na Parlaiminte in Strasbourg; ag tabhairt dá haire go n-éileodh athbhreithniú ar an gConradh chun athruithe buana a dhéanamh, a mbeadh gá le haontoilíocht ina leith;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Parlaimint Ghlas </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi spriocanna chóras bainistíochta comhshaoil (EMAS) Pharlaimint na hEorpa do 2025-2029; á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí i mbonneagar mar chuid de na gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe comhshaoil atá beartaithe idir 2025 agus 2029, ar modh maith é chun luach ar airgead a bhaint amach; ag cur sonrú sa bhuiséad EUR 8,97 milliún le haghaidh infheistíochtaí ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an gcomhshaol i meastacháin 2027 chun feidhmíocht chomhshaoil a foirgneamh a fheabhsú tuilleadh; ag tabhairt dá haire go gcomhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 6,1 % i gcomparáid le buiséad 2026; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil grianphainéil fhótavoltacha suiteáilte ag an bParlaimint agus go bhfuil siad fós á suiteáil aici chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair a mhéadú tuilleadh; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbainfear gnóthachain éifeachtúlachta intomhaiste amach leis na hinfheistíochtaí sin, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil freisin agus chun coigilteas costais fadtéarmach a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag meabhrú gurb é iompar daoine is siocair le beagnach dhá thrian de lorg carbóin Pharlaiminte na hEorpa; ag tabhairt dá haire go gcaitear sciar suntasach de bhuiséad na Parlaiminte, EUR 162,1 milliún in 2027, chun speansais mhisin na bhFeisirí agus na foirne a chumhdach; á iarraidh go ndéanfaí machnamh ar chomhlachtaí na Parlaiminte maidir le cleachtais mhisin lasmuigh de na trí áit oibre agus go ndéanfaí athbhreithniú ar rialacha agus cleachtais mhisin agus é mar aidhm fhoriomlán leo líon na misean, agus na costais airgeadais agus chomhshaoil a bhaineann leo, a laghdú; ag spreagadh na bhFeisirí chun roghanna malartacha iompair ísealcharbóin agus roghanna eitilte ar an luach is fearr a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a bhaintear as iompar poiblí don chomaitéireacht agus ag an am céanna ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar an gcóras fóirdheontais airgeadais do thicéid séasúir iompair phoiblí, go háirithe sa Bhruiséil, as a n-eascraíonn méadú ar leithreasuithe; á mheas go gcaithfidh an Pharlaimint dea-shampla a thabhairt trí bhearta féideartha a spreagadh chun úsáid éifeachtúil acmhainní a áirithiú trí mhodhanna inbhuanaithe iompair don chomaitéireacht a fheabhsú agus trí dhreasachtaí breise a chruthú don chomaitéireacht rothar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur sonrú sna méaduithe suntasacha ar na praghsanna creidmheasa carbóin a mbeadh EUR 950 000 measta ag teastáil uathu do 2027 ar na leibhéil astaíochtaí atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an riarachán tosaíocht a thabhairt d’astaíochtaí na Parlaiminte a laghdú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí méadaithe i gcórais téimh ghlain, aerála agus aerchóirithe, go háirithe suiteálacha teaschaidéil sa Bhruiséil agus bearta comhréireacha agus costéifeachtacha eile chun astaíochtaí a laghdú, i gcás inar réasúnta, in ionad creidmheasanna carbóin a cheannach; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach tairiscint fheabhsaithe traenach do mhisin go Strasbourg amhail ó mhí an Mheithimh 2025, mar chéim dhearfach i dtreo astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar Chomhdháil na nUachtarán teacht suas le cinneadh gan a thuilleadh moille maidir le hAirteagail ábhartha a rialacha inmheánacha maidir le rannpháirtíocht cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe chun Feisirí a thionlacan i misin oifigiúla agus toscaireachtaí lasmuigh de thrí áit oibre na Parlaiminte i gcás nár tugadh fógra oifigiúil do Rúnaíocht na Parlaiminte faoi aon bhall foirne dá ngrúpa polaitiúil a bhfuil ionadaíocht déanta orthu sa mhisean;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, mar fhostóir agus mar institiúid phoiblí araon; á chur in iúl gur geal léi beartas Pharlaimint na hEorpa arb é is aidhm dó a áirithiú go mbainfidh daoine faoi mhíchumas úsáid iomlán neamhspleách as foirgnimh Pharlaimint na hEorpa agus go dtacóidh sé le bearta agus le hoiriúnuithe breise atá riachtanach i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire go bhforáiltear leis an mbuiséad do EUR 2,07 milliún chun na críche sin dá foirgnimh in Strasbourg; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh inrochtaineacht ina príomhchritéar in athchóiriú fhoirgneamh SPAAK agus i bhforbairt na n-ardán digiteach uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a d’fhormhuinigh Comhdháil na nUachtarán agus an Biúró le déanaí chun a chur ar chumas na bhFeisirí vótáil trí sheachvótálaí le linn na tréimhse imbhreithe, agus á aithint gur céim dhearfach é sin i dtreo cuimsitheacht níos fearr in obair pharlaiminteach, agus á iarraidh ar na páirtithe uile an beart a chur chun feidhme go pras; á áitiú, áfach, nach gcomhlíonann an beart na hiarrataí atá déanta ag an bParlaimint arís agus arís eile chun cearta vótála a áirithiú ní hamháin d’Fheisirí sa tréimhse imbhreithe, ach freisin d’Fheisirí atá ar shaoire tuismitheora nó ar shaoire atharthachta nó a bhfuil breoiteacht fhadtéarmach dheimhnithe orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil tionchar ag athruithe rialta ar sholáthraithe seirbhíse ó 2020 i leith ar cháilíocht agus ar leanúnachas na seirbhísí a sholáthraíonn Naíolann Wayenberg na Parlaiminte, mar aon le dúshláin a bhaineann le ganntanas foirne, neamhláithreacht ard foirne agus láimhdeachas foirne ag an naíolann; ag tabhairt dá haire dámhachtain an chonartha reatha do sheirbhísí cúraim leanaí na Parlaiminte sa Bhruiséil do chuideachta nua a bunaíodh go gairid tar éis fhoilsiú na tairisceana agus a bhfuil nasc aici, de réir tuairiscí, leis an iarsholáthraí, Esedra; ag meabhrú an fhoirceanta luaith ag an bParlaimint den chonradh le soláthraí Naíolann Wayenberg a bhí ann roimhe seo, Esedra, tar éis roinnt líomhaintí tromchúiseacha i gcoinne an chonraitheora sin; á athdhearbhú gur cheart dálaí oibre cuibhiúla agus pá leormhaith don fhoireann sheachtrach, lena n-áirítear oiliúint, forbairt scileanna, bearta i gcoinne foréigin agus ciaptha, idirphlé sóisialta fóinteach agus infheistíocht i bhfolláine na foirne, i gcás inarb ábhartha, a bheith ina n-ábhar tosaíochta i soláthar poiblí na Parlaiminte mar ábhar prionsabail; á iarraidh go ndéanfaí iniúchadh seachtrach neamhspleách ar an nós imeachta tairisceana agus ar chur chun feidhme an chonartha reatha, lena n-áirítear measúnú seachtrach neamhspleách ar dhálaí oibre agus ar fholláine na foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an seomra teaghlaigh in Strasbourg mar thacaíocht luachmhar d’Fheisirí agus do bhaill foirne a bhfuil leanaí óga acu le linn a ngníomhaíochtaí parlaiminteacha; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an spás teoranta ann chun freastal ar 30 leanbh; ag tabhairt faoi deara go bhfuil laghdú tagtha ar mheánaois Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus na foirne parlaimintí le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil líon níos airde teaghlach óg agus éileamh méadaithe ar shaoráidí cúraim leanaí; á iarraidh ar an mBiúró agus ar an Ardrúnaí réitigh a shainaithint agus a chur chun feidhme chun cúram leanaí in Strasbourg a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an Ardrúnaí béim a leagan ar an mbunphrionsabal gur cheart gach earcaíocht a bheith bunaithe ar inniúlacht, agus cothromaíocht gheografach i measc na mBallstát uile á háirithiú ar gach leibhéal foirne; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach ionadaíocht gheografach chothrom a bhaint amach ar gach leibhéal den riarachán, agus aois agus inscne á gcur san áireamh freisin, chun fíorsheirbhís phoiblí Eorpach a chothú; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta déanta ag an bParlaimint chun tacú leis an gcuspóir sin, lena n-áirítear comórtais a bhaineann go sonrach le náisiúntacht a eagrú; á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur le próisis na gcomórtas agus cur chuige roghnúcháin dian atá bunaithe ar fhiúntas á choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur príomhphrionsabal é an t-ilteangachas ar a bhfuil obair Pharlaimint na hEorpa bunaithe; á iarraidh, i gcás inarb iomchuí, go mbainfeadh Parlaimint na hEorpa leas as éabhlóidí móra teicneolaíochta i seirbhísí a bhaineann leis an ilteangachas, lena n-áirítear forbairt agus úsáid IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire breithiúnas an 17 Nollaig 2025 ó Chúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena ndeimhnítear dlíthiúlacht na mbeart arna nglacadh ag an mBiúró in 2023 maidir leis an gCiste Pinsin Deonach do na Feisirí<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ginearálta an 17 Nollaig 2025, <STRING ITALIC="on">FE</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T‑208/24, ECLI:EU:C:2025:1121.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais, cé gur laghdaigh na bearta sin an oibleagáid sochair 63 %, go bhfuil an ciste fós i staid airgeadais an-leochaileach; ag dréim le nuashonrú a fháil ar fhorbairtí breise maidir leis an Scéim Pinsean Dheonach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt chun suntais, gur cheart iarrataí a ndearnadh vótáil orthu sa Seisiún Iomlánach a chur chun feidhme mar ábhar ardtosaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag glacadh na meastachán don bhliain airgeadais 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na meastacháin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>