<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0156</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Litearthacht airgeadais agus méadú na dtionchairí airgeadais i gcomhthéacs an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0082/2026 - Rapóirtéir: Lídia Pereira)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Aibreán 2026 ar litearthacht airgeadais agus méadú na dtionchairí airgeadais i gcomhthéacs an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta (2025/2209(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil G20/an Líonra Idirnáisiúnta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le hOideachas Airgeadais (OECD INFE) ar litearthacht airgeadais aosach i dtíortha G20, a foilsíodh an 8 Iúil 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO L 303, 28.11.2018, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1808/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat inniúlachta airgeadais AE/ECFE do dhaoine fásta san Aontas Eorpach, a foilsíodh an 11 Eanáir 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil théamach ó Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach ar thionscnaimh oideachais airgeadais náisiúnta i ndáil leis an digitiú, agus béim á leagan ar an gcibearshlándáil, ar chamscéimeanna agus ar chalaois, a foilsíodh an 12 Eanáir 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad ón meitheal mhachnaimh Bruegel dar teideal ‘The state of financial knowledge in the European Union’ [Staid an eolais airgeadais san Aontas Eorpach], a foilsíodh i mí Feabhra 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhlais-Eorabharaiméadar 525 ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar leibhéal na litearthachta airgeadais san Aontas, a foilsíodh i mí Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat inniúlachta airgeadais AE/ECFE do leanaí agus don óige san Aontas Eorpach, a foilsíodh an 2 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad a d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 6 Feabhra 2024 dar teideal ‘Warning – For people posting Investment Recommendation on social media’[Rabhadh ­– Do dhaoine a phostálann Moladh Infheistíochta ar na meáin shóisialta’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí an 14 Bealtaine 2024 ón gComhairle maidir le litearthacht airgeadais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó ECFE an 27 Meitheamh 2024 dar teideal ‘PISA 2022 Results (Volume IV): How Financially Smart Are Students?’ [Torthaí PISA 2022 (Imleabhar IV): Cé chomh cliste  atá mic léinn ó thaobh airgeadais de?],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha críochnaitheacha Bhord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) ó mhí na Bealtaine 2025 dar teideal ‘finflursrs’ [tionchairí airgeadais], ‘Online Imitative Trading Practices: Copy Trading, Mirror Trading, Social Trading’ [Cleachtais Trádála Astaíochtaí Ar Líne: Trádáil Cóipeanna, Trádáil Scoránach, Trádáil Shóisialta] agus ‘Digital Engagement Practices (DEPs)’ [Cleachtais Rannpháirtíochta Digití],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le litearthacht airgeadais agus oideachas do mhuintir na hEorpa, a glacadh an 17 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le Straitéis um Litearthacht Airgeadais don Aontas (COM(2025)0681),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0082/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur scil saoil riachtanach agus ionstraim bhunúsach í an litearthacht airgeadais a chuireann ar chumas na saoránach a mbuiséad pearsanta agus teaghlaigh a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus dul i mbun infheistíocht tháirgiúil agus fiontraíochta, as a dtiocfaidh cinntí eolasacha agus iomchuí maidir le coigilteas, pleananna scoir agus spriocanna agus infheistíochtaí eile; de bhrí go bhfuil litearthacht airgeadais bunriachtanach chun calaois, mífhaisnéis agus rófhéichiúnas a chosc agus nach mór, dá bhrí sin, eolas láidir ar an airgeadas digiteach, ar an gcibearshlándáil agus ar chamscéimeanna airgeadais ar líne a shainaithint a chuimsiú inti; de bhrí gur cheart go mbeadh ról bunúsach ag institiúidí poiblí, go háirithe rialtóirí neamhspleácha, agus ag an tsochaí shibhialta i ndáil leis sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuirfí feabhas ar a inrochtaineacht dá laghdófaí castacht iomarcach an chreata dhlíthiúil lena rialaítear an córas airgeadais in AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuireann litearthacht airgeadais ar chumas daoine fiachas, margaí airgeadais, cánachas agus árachas a thuiscint mar uirlis bainistithe riosca, rud a chuidíonn leo rioscaí airgeadais a bhainistiú, cinntí eolasacha a dhéanamh agus pleanáil don scor; de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin, nár cheart go mbeadh tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn airgead ina rud urghnách, ach ina rud atá riachtanach don tsaoirse airgeadais phearsanta; de bhrí go léiríonn fianaise go bhfuil nasc idir leibhéil níos airde litearthachta airgeadais agus cuimsiú airgeadais níos fearr; de bhrí gur coincheap í an litearthacht airgeadais atá dírithe ar thorthaí lena dtomhaistear an fheasacht airgeadais, an t-eolas, scileanna, dearcthaí agus an iompraíocht is gá chun cinntí fónta airgeadais a dhéanamh agus chun folláine airgeadais a bhaint amach ar deireadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur féidir le leibhéil níos airde litearthachta airgeadais saoránaigh a spreagadh chun coigilteas níos éifeachtaí a dhéanamh, infheistíocht níos stuama a dhéanamh agus páirt ghníomhach a ghlacadh i margaí caipitil, agus ar an gcaoi sin fás cuimsitheach agus nuálaíocht chuimsitheach a chur chun cinn ar fud na mBallstát, rud a rannchuideoidh le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus a laghdóidh neamhionannais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcruthaítear le Flais-Eorabharaiméadar 2023 ón gCoimisiún maidir le litearthacht airgeadais san Aontas gur gá feabhas a chur ar litearthacht airgeadais san Eoraip, ós rud é go gcuireann na torthaí in iúl nach léiríonn ach 18 % de shaoránaigh an Aontais ardleibhéal litearthachta airgeadais, agus éagothromaíochtaí móra ann ina leith sin idir na Ballstáit aonair — tá céatadán na saoránach a léiríonn ardleibhéal litearthachta airgeadais idir 11 % in dhá thír agus níos mó ná 25 % i gceithre thír amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir shuirbhé Eorabharaiméadair, nach bhfuil an coigilteas éigeandála ag beagnach 50 % de dhaoine fásta in AE a bheadh ag teastáil uathu chun costais mhaireachtála ar fiú 3 mhí iad a chumhdach, agus nach bhfuil coigilteas éigeandála ar bith ag 16 % díobh; de bhrí go méadaíonn tosca den sórt sin, mar aon le húsáid shuntasach creidmheasa do thomhaltóirí i roinnt réigiún, an riosca rófhéichiúnais, go bhfágann siad go bhfuil sé níos deacra do theaghlaigh freagairt d’imeachtaí gan choinne, go bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus go bhféadfadh siad teorainn a chur le coigilteas a bheith á dhíriú ar infheistíochtaí táirgiúla san fhíorgheilleagar;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir shuirbhé Eorabharaiméadair 2023, nach bhfuil ach 38 % de fhreagróirí AE muiníneach go bhfuil an chomhairle infheistíochta a fhaigheann siad óna mbanc, óna n-árachóir nó óna gcomhairleoir airgeadais chun a leasa go príomha, agus nach bhfuil muinín ag 45 % díobh aisti;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go léiríonn torthaí shuirbhéanna AE a rinneadh le déanaí gur féidir le duine fásta amháin as gach beirt, ar an meán, 3 cheist ar a laghad as 5 cheist bhunúsacha maidir le heolas airgeadais a fhreagairt i gceart, rud a léiríonn bearnaí leanúnacha maidir le boilsciú, leas iolraithe, coincheap na rioscaí agus na dtorthaí, agus éagsúlú a thuiscint; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach breithniú a dhéanamh ar na suirbhéanna sin chun príomhscileanna airgeadais agus bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go léirítear in Ionchas Domhanda 2024 d’Infheisteoirí Miondíola go bhfuil comhghaol diúltach idir eolas airgeadais agus leochaileacht airgeadais sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, rud a léiríonn gur dóchúla go mbeidh acmhainní leordhóthanacha scoir ag daoine aonair atá níos eolaí ó thaobh airgeadais de;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go ndéanann an easpa litearthachta airgeadais difear díréireach do mhná, do dhaoine óga, do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil ioncam níos ísle nó oideachas foirmiúil teoranta acu, agus do na grúpaí is leochailí sa tsochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go gcuireann litearthacht airgeadais níos fearr le cuimsiú sóisialta, go gcuidíonn sí le neamhionannas a laghdú agus go dtacaíonn sí le grúpaí leochaileacha nó imeallaithe agus go dtugann sí cumhacht dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola i margaí caipitil fós míchothrom ar fud na mBallstát, agus go bhfuil comhghaol idir litearthacht airgeadais níos airde agus athléimneacht airgeadais fheabhsaithe agus glacadh infheistíochta feabhsaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go léirítear i staidéir go n-úsáideann infheisteoirí Ghlúin Z (i.e. daoine a rugadh idir 1997 agus 2012), go háirithe, na meáin shóisialta, cuardaigh idirlín agus naisc phearsanta den chuid is mó chun foghlaim faoi shaincheisteanna infheistíochta agus airgeadais; de bhrí go bhfuil na meáin shóisialta anois ina bpríomhfhoinse faisnéise d’aoisghrúpaí óga, de réir Ionchas Domhanda 2024 d’Infheisteoirí Miondíola;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go leathnaíonn an t-aistriú digiteach rochtain ar tháirgí coigiltis agus infheistíochta, ach go méadaíonn sé freisin nochtadh na saoránach do straitéisí ionsaitheacha margaíochta agus do chalaois ar líne, rud a fhágann gur deis agus riosca araon é an digitiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach féidir le beartas AE maidir le litearthacht airgeadais a bheith rathúil ach amháin má tá ionstraimí airgeadais atá inrochtana go héasca agus oiriúnach ó thaobh riosca de ag gabháil leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil ardáin comhair phoiblí-phríobháidigh agus tionscnaimh uile-Eorpacha éifeachtach chun scoileanna, an tsochaí shibhialta agus an tionscal a shlógadh ar fud na mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur gné chriticiúil ach thearcthomhaiste d’athléimneacht agus d’iomaíochas an Aontais í an litearthacht airgeadais i measc fiontraithe agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar gné í a éilíonn faireachán tiomnaithe agus cláir shaincheaptha;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go gcuireann Clár Oibre 2030 an Choimisiúin do Thomhaltóirí cothroime dhigiteach, forfheidhmiú rialacha agus rochtain trasteorann ar sheirbhísí airgeadais miondíola i gcroílár an iomaíochais, agus go n-áirítear ann cur chun feidhme Straitéis AE um Litearthacht Airgeadais agus cur i bhfeidhm cuntas coigiltis agus infheistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go moltar i gClár Oibre 2030 do Thomhaltóirí gníomh um chothroime dhigiteach chun dul i ngleic le patrúin dhorcha, dearadh andúile agus cleachtais fhadhbacha tionchairí, agus cosaint níos láidre ann do mhionaoisigh de bhrí go n-áirítear sa chlár oibre plean gníomhaíochta AE maidir le calaois ar líne a fhógairt, arb é is aidhm dó bearta coisctheacha a fheabhsú, gníomhaíocht forfheidhmithe dlí a dhéanamh níos éifeachtaí agus tacaíocht d’íospartaigh na calaoise a neartú, agus, ar an gcaoi sin, forfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a chomhlánú;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as na meáin shóisialta chun faisnéis faoi mhargaí airgeadais agus faoi straitéisí agus táirgí infheistíochta a scaipeadh, a chomhroinnt agus a phlé agus, sa chomhthéacs sin, go gcruthaíonn ról ‘tionchairí airgeadais’ deiseanna nua for-rochtana agus cuimsithe, ach gur féidir rioscaí a bheith ag baint leo freisin, amhail coinbhleachtaí leasa, fógraíocht mhíthreorach, mífhaisnéis nó cumarsáid chalaoiseach, rud a chruthaíonn fíor-rioscaí i bhfoirm infheistíochtaí míchuí;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí nach mór breathnú ar fhás na calaoise airgeadais sofaisticiúla ar líne, atá bunaithe ar mhí-úsáid teicneolaíochtaí nua agus IS, mar chuireadh chun borradh a chur faoin litearthacht airgeadais dhigiteach chun a áirithiú ní hamháin go dtuigfidh tomhaltóirí coincheapa bunúsacha airgeadais, ach go mbeidh a fhios acu freisin conas iad féin a chosaint i dtimpeallacht dhigiteach atá ag éirí níos casta, níos tapúla agus níos inrochtana; de bhrí go mbaineann an chalaois airgeadais, lena n-áirítear iarrachtaí ar chalaois airgeadais, de mhuinín sa chóras airgeadais, agus go gcuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar leith ar ardáin ar líne agus ar innill chuardaigh as na rioscaí a bhaineann le calaois infheistíochta ar líne a shainaithint agus a mhaolú;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, i gcásanna áirithe, a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi ghnóthaí airgeadais a sholáthar dá lucht féachana, go n-oibríonn tionchairí airgeadais ar bhealach atá cosúil le soláthraithe seirbhíse meán, ach nach gcloíonn siad le hionstraimí rialála nó féinrialála a bhaineann le trédhearcacht agus caighdeáin cháilíochta cumarsáide tráchtála, nó le cruinneas, iontaofacht nó fírinneacht an ábhair a sholáthraítear;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí, cé gur thosaigh roinnt Ballstát ag aicmiú tionchairí, lena n-áirítear tionchairí airgeadais, mar sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh faoi Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD), go bhfuil éagsúlacht sa tírdhreach reachtach foriomlán a bhaineann le tionchairí ar fud an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur príomhchoinníollacha iad iontaofacht, cuimsitheacht agus trédhearcacht sa chumarsáid dhigiteach a dhéanann tionchairí airgeadais chun muinín an phobail ina gcuid oibre a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as meáin dhigiteacha ghearrfhoirme mar phríomhfhoinse faisnéise airgeadais, agus go bhféadfadh sé nach mbeadh comhthéacs ná fíorú ag baint leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach borradh a chur faoi rannpháirtíocht sa mhargadh miondíola agus í a dhreasú chun aontas coigiltis agus infheistíochta AE a chur chun cinn, agus chun slándáil agus rathúnas airgeadais fadtéarmach a fheabhsú do gach Eorpach, agus neamhionannais á laghdú ag an am céanna;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Litearthacht</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">airgeadais</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">mar iarracht choiteann agus mar fhreagracht chomhroinnte</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí gur príomhthosaíocht chothrománach don Aontas agus dá Bhallstáit é litearthacht airgeadais a chur chun cinn, agus cláir agus tionscnaimh litearthachta airgeadais a chur chun feidhme ar fud na hEorpa, agus gur coinníoll tábhachtach é chun deiseanna comhionanna airgeadais a ráthú dá shaoránaigh, ós rud é go mbaineann an leibhéal íseal litearthachta airgeadais atá ann faoi láthair an bonn ó iomaíochas an Aontais, go méadaíonn sé neamhionannais agus go gcuireann sé bac ar infheistíocht mhiondíola san fhíorgheilleagar agus ar a tháirgiúlacht, go ndéanann sé dochar don chothroime idirghlúine, go mbaineann sé bonn infheisteoirí eolasach de ghnólachtaí, go háirithe FBManna, agus go gcuireann sé athléimneacht, folláine agus neamhspleáchas teaghlach go mór i mbaol, agus ag an am céanna go gcuireann sé moill ar chumas infheistíochtaí miondíola tairbhe iomlán a bhaint as margaí caipitil, agus go méadaíonn sé leochaileacht na saoránach i leith camscéimeanna agus fógraíocht mhíthreorach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuidíonn litearthacht airgeadais níos fearr agus tuiscint níos fearr ar an earnáil airgeadais agus ar institiúidí airgeadais go hindíreach leis an gcobhsaíocht airgeadais; á chur i bhfáth go gcuirfidh litearthacht airgeadais fheabhsaithe ar chumas na saoránach cinntí níos eolasaí a dhéanamh maidir lena gcaiteachas, a gcoigilteas, a bpinsin, a n-infheistíochtaí agus a bpleanáil airgeadais don todhchaí, agus, ar an gcaoi sin, go rannchuideoidh sí leis an tslándáil eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á dhearbhú, má dhéantar litearthacht airgeadais a fheabhsú, go bhféadfar tacú le fás an Aontais agus cabhrú le borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach, rud lena gcomhlánaítear straitéis infheistíochta thiomnaithe a bhfuil cistiú poiblí inbhuanaithe mar thaca léi chun na hinfheistíochtaí is gá a stiúradh chun táirgiúlacht an Aontais a mhéadú, chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach, chun slándáil agus ceannasacht thionsclaíoch an Aontais a neartú, agus chun poist ardcháilíochta a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit an Moladh ón gComhairle maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> a thabhairt cothrom le dáta chun litearthacht airgeadais a ainmniú mar phríomhinniúlacht neamhspleách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheas gur léiríodh gurb iad na bearta a glacadh ar leibhéal na mBallstát, agus iad comhordaithe go maith leis an gCoimisiún, is éifeachtaí maidir le rannpháirtíocht mhiondíola i margaí caipitil a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chórais phinsin; á mheas, má dhéantar infheisteoirí miondíola a chumhachtú, trí litearthacht airgeadais a fheabhsú, chun cinneadh a dhéanamh maidir le conas agus cá háit a leithdháilfidh siad a gcoigilteas, gur féidir rannpháirtíocht níos mó sa mhargadh a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gurb é an t-oideachas airgeadais an phríomhuirlis chun aghaidh a thabhairt go díreach ar litearthacht airgeadais, nach mór an t-oideachas a chomhlánú leis na cosaintí rialála agus na bearta réamhghníomhacha is gá ó earnáil na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí agus calaois a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar dhigitiú na hearnála airgeadais agus go bhfuil gá le scileanna digiteacha mar chuid bhunriachtanach den oideachas airgeadais, nó mar chomhlánú air; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur gá uirlisí oideachais airgeadais a thabhairt cothrom le dáta go comhsheasmhach chun dul chun cinn digiteach a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit tionscadail litearthachta airgeadais atá oiriúnach ó thaobh aoise de a chomhtháthú i gcuraclaim scoile, ag gach céim den oideachas foirmiúil, mar chomhlánú ar an oideachas digiteach agus ar oideachas na meán agus i gcomhthráth le cláir fhoirmiúla, agus tionscnaimh tacaíochta múinteoirí á gcur chun cinn ag an am céanna; á mholadh, dá bhrí sin, go gcruthófaí líonra oiliúna múinteoirí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun modhanna comhsheasmhacha ardcháilíochta a chur chun cinn chun litearthacht airgeadais a theagasc ar fud an Aontais, ag tógáil ar dhea-chleachtas ó na Ballstáit; á thabhairt chun suntais go bhfuil na Ballstáit a chuireann oideachas airgeadais san áireamh ina gcuraclaim náisiúnta ina measc siúd is fearr a n-éiríonn leo i suirbhéanna litearthachta airgeadais AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit tionscnaimh oideachais a chur chun feidhme atá iomchuí do gach céim den saol, chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chothú; á chur in iúl go dtuigeann sé gur cheart na tionscnaimh sin a ailíniú le garspriocanna tábhachtacha sa saol, amhail leibhéil shonracha oideachais fhoirmiúil a chur i gcrích, dul ar an dréimire maoine nó dul ar scor, chun tionchar na dtionscnamh sin a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé prionsabail an neamhspleáchais agus na trédhearcachta a chosaint agus bearta nó tionscnaimh á gcur chun cinn i réimse an oideachais airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mholadh go gcruthófaí Creat Eorpach um Ardscileanna Airgeadais do dhaoine fásta, mar leathnú ar an gcreat comhpháirteach atá ann cheana, agus modúil ann maidir le pleanáil airgeadais phearsanta, comparáid a dhéanamh idir táirgí, riosca agus éagsúlú, agus infheistíocht inbhuanaithe, agus ardáin foghlama náisiúnta a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit oideachas airgeadais atá bunaithe san ionad oibre, foghlaim ar feadh an tsaoil agus cláir folláine airgeadais a dhreasú, trí bhearta leordhóthanacha beartais, chun cinnteoireacht eolasach a fheabhsú, go háirithe maidir le pinsin, coigilt agus infheistíocht mheántéarmach agus fhadtéarmach, soláthar forlíontach scoir agus buiséadú pearsanta; ag cur sonraí, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil i ról na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí infheisteoirí miondíola, agus na gcomhpháirtithe sóisialta ábhartha maidir le tacú leis na bearta sin agus iad a chur chun feidhme, chomh maith leis an ngá atá le cumarsáid éifeachtach do shaoránaigh faoina bpinsin agus faoina n-ioncam ionchasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit páirt a ghlacadh i dtástálacha litearthachta airgeadais Chlár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) ECFE agus suirbhéanna rialta a bhunú do dhaoine fásta; á athdhearbhú gur coincheap atá bunaithe ar thorthaí í an litearthacht airgeadais, agus gur cheart táscairí soiléire intomhaiste dul chun cinn a bheith ag straitéisí náisiúnta, agus leas á bhaint as Sraith Straitéisí ECFE/INFE chun Litearthacht Airgeadais agus Cuimsiú Airgeadais a Thomhas<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>ECFE, <STRING ITALIC="on">OECD/INFE Toolkit for Measuring Financial Literacy and Financial Inclusion 2022</STRING> [Sraith Straitéisí ECFE/INFE chun Litearthacht Airgeadais agus Cuimsiú Airgeadais a Thomhas 2022], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cheart go spreagfadh socrú spriocanna agus cuspóirí insoláthartha úinéireacht náisiúnta straitéisí; á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit leibhéal solúbthachta a ionchorprú i straitéisí litearthachta airgeadais ionas go bhféadfar iad a oiriúnú i bhfianaise thorthaí aon mheasúnaithe éifeachtúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le tionscnaimh shaincheaptha atá dírithe ar an bpobal, agus ag diúltú don chur chuige ‘a oireann do chách’; ag tabhairt dá haire gur cheart do na tionscnaimh sin tógáil ar bhearta náisiúnta agus leibhéil éagsúla na litearthachta airgeadais a léiriú i gcomhthéacsanna éagsúla, agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le heolas airgeadais a mhéadú ar bhealach níos forleithne agus níos comhsheasmhaí; ag leagan béim ar staid na mban, na ndaoine óga, na ndaoine scothaosta, na ndaoine faoi mhíchumas agus faoi lagú, agus na ndaoine ó cheantair thuaithe, agus á thabhairt chun suntais gur gá comhpháirtithe sóisialta, ceardchumainn, eagraíochtaí infheisteoirí miondíola, comhlachais tráchtála, earnáil na teicneolaíochta airgeadais, líonraí FBManna agus gluaiseachtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le hearnáil na seirbhísí airgeadais, a shlógadh agus iarracht chomhchoiteann á déanamh chun freagairt do na riachtanais shonracha sin agus chun tionscadail nithiúla a fhorbairt atá chomh gar agus is féidir do shaoránaigh agus do phobail, go háirithe saoránaigh nach bhfuil chomh liteartha ó thaobh airgeadais de agus, dá bhrí sin, nach bhfuil chomh cosanta céanna ar shuaitheadh airgeadais agus atá níos leochailí ó thaobh calaois airgeadais de; á iarraidh go mbeadh cláir thiomnaithe agus spriocdhírithe ann do na grúpaí is leochailí, lena n-áirítear iad siúd lasmuigh den oideachas foirmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil daoine óga neamhchosanta ar sheirbhísí airgeadais, go mbíonn seirbhísí airgeadais á bhfógairt agus á dtairiscint dóibh ag aoiseanna níos luaithe ná riamh trí bhealaí éagsúla, eadhon na meáin shóisialta, rud a léiríonn gur gá litearthacht airgeadais a chothú ó chéim luath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hoideachas spriocdhírithe maidir le camscéimeanna airgeadais ar líne, lena n-áirítear scéimeanna pirimide, scéimeanna caidéil agus dumpála agus pobail infheistíochta chalaoiseacha; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise na leochaileachta airgeadais forleithne, gur gá feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí a bhaineann le féichiúnas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta chun litearthacht airgeadais agus scileanna fiontraíochta daoine a chuireann tús le fiontair ghnó nua a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar fhiontraithe ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chóras oideachais traidisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit córais micridhintiúr a cheadú agus a chur chun cinn d’éascaitheoirí foghlama aosaí (ceannairí pobail, oibrithe sóisialta, ionadaithe ceardchumainn);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí foghlama aosaí Erasmus+, agus sraitheanna ábhartha an Chláir don Eoraip Dhigiteach, a leathnú chun cabhrú leis na Ballstáit litearthacht dhigiteach agus cúrsaí litearthachta airgeadais atá íogair ó thaobh aoise de a dhearadh, lena n-áiritheofar gur féidir le saoránaigh scothaosta agus daoine fásta leochaileacha eile baincéireacht ar líne, íocaíochtaí móibíleacha agus bealaí cumarsáide digití a úsáid go sábháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díréireach fós ag leibhéil ísle litearthachta airgeadais ar mhná, agus go bhfaigheann 60 % de mhuintir na hEorpa scór íseal maidir le litearthacht airgeadais; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá an bhearna litearthachta airgeadais agus an bhearna phá idir na hinscní araon a dhúnadh, chun mná a chumhachtú go heacnamaíoch agus chun a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a áirithi; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a ráthú go mbeidh rochtain ag mná ar na huirlisí, ar na hacmhainní agus ar na deiseanna is gá chun go mbeidh rath orthu, go háirithe in earnálacha ina bhfuil siad fós faoi ghannionadaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le hoideachas airgeadais mac léinn agus daoine fásta óga feabhas a chur freisin ar an eolas airgeadais atá acu siúd atá mar chuid dá ngarchiorcal, rud a thugann le fios go bhféadfadh éifeacht iolraitheora a bheith ann a bhaineann le hoideachas airgeadais lena ndírítear ar dhaoine óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn litearthacht airgeadais rochtain airgeadais agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis inniúla náisiúnta agus Eorpacha, go háirithe ar údaráis mhaoirseachta, an reachtaíocht atá ann cheana a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar na hionstraimí airgeadais atá ar fáil ar an margadh, go mbeidh siad oiriúnach ó thaobh riosca de agus tarraingteach ó thaobh cánach de, agus go gcuirfear an fhaisnéis uile is gá ar fáil maidir lena gcoinníollacha ar bhealach trédhearcach agus intuigthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí gur minic a bhíonn an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir le seirbhísí airgeadais róchasta chun tacú le cinntí fíoreolacha don ghnáthdhuine, d’ainneoin é a bheith d’aidhm aige trédhearcacht, cosaint agus nochtadh a fheabhsú; ag aithint a thábhachtaí atá sé tuiscint shaoránaigh an Aontais ar tháirgí airgeadais a ráthú agus ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir le tionscnaimh oideachais airgeadais teacht in ionad an ghá atá le creat láidir cosanta infheisteoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht phoiblí agus an breisluach a bhaineann léi, eadhon trí bheartais chánach iomchuí, do thionscnaimh litearthachta airgeadais arna gcur chun cinn ag soláthraithe seirbhísí airgeadais agus ag geallsealbhóirí tionscail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag aithint fhiontair an Aontais mar phríomhghníomhaithe maidir le cur chuige cuimsitheach chun litearthacht airgeadais a fheabhsú san Aontas agus mar rannchuiditheoirí ábhartha le sláinte airgeadais na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcomhthéacs thionscnaimh AE nó náisiúnta maidir le litearthacht airgeadais a chur chun cinn, gur cheart tosaíocht a thabhairt do na tionscnaimh sin atá dírithe ar réigiúin ina bhfuil fás eacnamaíoch íseal, leibhéil ísle coigiltis agus fiachais mhóra arna dtabhú mar thoradh ar chreidmheas tomhaltóirí, ar réigiúin iad inar mó an baol go mbeidh rófhéichiúnas ag teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth nach féidir litearthacht airgeadais a neartú gan rochtain airgeadais mhéadaithe do shaoránaigh;  á iarraidh go gcruthófaí ionstraimí airgeadais níos inrochtana do gach saoránach, go háirithe dóibh siúd a bhfuil deis á lorg acu a gcéad infheistíochtaí a dhéanamh; á éileamh go ndéanfaí an reachtaíocht atá ann cheana a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar ionstraimí airgeadais, agus go gcuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil do shaoránaigh ar bhealach trédhearcach agus intuigthe; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún maidir le Cuntais Choigiltis agus Infheistíochta mar bheart tacaíochta chun deiseanna airgeadais níos fearr a chruthú do shaoránaigh ar mian leo infheistíocht a dhéanamh, agus á iarraidh go mbeadh ionstraimí den sórt sin ar fáil i ngach Ballstát mar chuid de chreat atá dírithe ar chultúr infheistíochta a chruthú san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mholadh go gcruthófaí líonra deonach uile-Eorpach de gheallsealbhóirí agus d’údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon chun cur le réitigh nithiúla thrasnacha agus chuimsitheacha chun feabhas a chur ar leibhéil litearthachta airgeadais agus chun athruithe iompraíochta fadtéarmacha a dhéanamh i réimsí amhail buiséadú, coigilteas agus roghnú táirgí iomchuí, lena n-áirítear taighde ar bhearnaí eolais atá ann faoi láthair; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh an líonra sin de chineál teicniúil, go mbeadh sé saor ó chur isteach polaitiúil agus tráchtála, agus gur cheart go mbeadh struchtúr rialachais trédhearcach aige; á chur i bhfáth, chun na críche sin, gur gá cruthú struchtúr buan maorlathach a sheachaint agus úsáid seirbhísí comhairliúcháin sheachtraigh costasacha a choinneáil ar leibhéal chomh híseal agus is féidir, d’fhonn na hacmhainní atá ar fáil do sheirbhísí agus do thionscadail atá dírithe go díreach ar shaoránaigh AE a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin ceardlanna rialta a eagrú, agus é mar chuspóir leo líonra uile-Eorpach agus pobal comhchosúil cleachtóirí litearthachta airgeadais ón earnáil phríobháideach agus ó eagraíochtaí seachbhrabúsacha a chur chun cinn; á chur i bhfáth nár cheart dea-chleachtas, cóid iompair agus treoirphrionsabail maidir le litearthacht airgeadais a fhorbairt i sadhlanna; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar ról a thabhairt do ghníomhaireachtaí rialtais agus d’údaráis inniúla náisiúnta sa phobal sin ar bhonn <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> nó buan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go mbíonn torthaí móra ar infheistíocht sa litearthacht airgeadais i gcomhthéacs an fháis eacnamaíoch agus neartú an airgeadais aonair, an airgeadais ghnó agus an airgeadais phoiblí; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an treoirthionscadal maidir le litearthacht airgeadais a formheasadh le déanaí mar chuid de bhuiséad 2026 an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart na straitéisí uile, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon, a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhar leis na húdaráis phoiblí, le heagraíochtaí saoránach, le hollscoileanna, le ceardchumainn agus le geallsealbhóirí príobháideacha; á chur i bhfáth gur cheart ról na rannpháirtithe sa mhargadh a chur san áireamh sna bearta arna bhforbairt ag rialtais náisiúnta agus ag an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit táscairí litearthachta airgeadais a ionchorprú ina straitéisí maidir le cuimsiú airgeadais, agus coigilt agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn trí ionstraimí nuálacha dlí agus riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle moladh a eisiúint lena mbunófar prionsabail choiteanna agus íoschaighdeáin don oideachas airgeadais, bunaithe ar chur chuige lena mbaineann comhar idir an earnáil phoiblí agus gníomhaithe príobháideacha; á mholadh gur cheart ranníocaíochtaí ó ollscoileanna, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó mheithleacha machnaimh agus ó eintitis airgeadais a bhfuil tionscnaimh a bhfuil torthaí maithe orthu á gcur chun cinn cheana féin a ionchorprú go huathoibríoch i bpointe tagartha AE chun dea-chleachtas, taighde agus uirlisí a thiomsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Litearthacht airgeadais mar bhunchloch den aontas coigiltis agus infheistíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le Straitéis um Litearthacht Airgeadais don Aontas agus ag tabhairt dá haire go bhfuil ceithre cholún inti, agus á chur i bhfios go láidir nach mór bearta nithiúla a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, mar obair leantach ar thionscnamh tábhachtach den sórt sin a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feachtas forleathan cumarsáide agus meán sóisialta a reáchtáil maidir le litearthacht airgeadais, mar a leagtar amach i Straitéis AE um Litearthacht Airgeadais; á chreidiúint gur cheart go mbeadh feachtas den sórt sin buan, ilteangach agus uile-Aontais, arna fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, le craoltóirí seirbhíse poiblí, le líonraí cultúrtha agus le heagraíochtaí neamhspleácha seiceála fíricí, agus é mar aidhm leis bréagaisnéis airgeadais a bhréagnú, iompar sábháilte ar líne a chur chun cinn agus saoránaigh – go háirithe daoine óga agus daoine scothaosta – a chur ar an eolas faoi chamscéimeanna airgeadais forleathana; á chreidiúint gur cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta for-rochtain spriocdhírithe a dhéanamh trí na meáin shóisialta agus na meáin thraidisiúnta chun feasacht a neartú agus litearthacht airgeadais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á mheabhrú gur iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí bearta práinneacha, ag tosú i scoileanna, chun eolas airgeadais a chur chun cinn sa tsochaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé i gceist le Straitéis nua AE um Litearthacht Airgeadais agus leis na bearta a leagtar amach inti feabhas suntasach a chur ar leibhéil an oideachais airgeadais ar fud na hEorpa agus gur cheart iad a ghiaráil mar uirlis chun fás eacnamaíoch agus iomaíochas a chur chun cinn, chomh maith le comhionannas airgeadais agus comhdheiseanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndírítear i Straitéis an Choimisiúin um Litearthacht Airgeadais, mar chuid den aontas coigiltis agus infheistíochta, ar iomaíochas agus ar choigilteas agus infheistíochtaí a scaoileadh, ach á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí inti freisin comhdheiseanna agus cumhachtú airgeadais a chur chun cinn do gach saoránach; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla ann lena gcuirfí ar chumas na saoránach, go háirithe iad siúd sna grúpaí is leochailí, a rachmas a thógáil, a bhainistiú agus a fhás; ag tathant go dtabharfaí aghaidh go cuimsitheach ar an litearthacht airgeadais agus go ndéanfaí í a ghiaráil mar uirlis chun fás eacnamaíoch agus iomaíochas, chomh maith le comhionannas airgeadais agus comhdheiseanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé straitéisí náisiúnta agus AE um litearthachta airgeadais a bhunú ar fhianaise agus anailís ábhartha, atá saincheaptha do shaintréithe sonracha gach dlínse; á mheabhrú gur gá faireachán agus meastóireacht chórasach a dhéanamh ar litearthacht airgeadais, chun sonraí inchomparáide a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn le himeacht ama, agus á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach foghlaim ón dea-chleachtas i mBallstáit aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún fiontraíocht a áireamh i raon feidhme na Straitéise um Litearthacht Airgeadais agus i sraith straitéisí do na Ballstáit chun comhordú a fheabhsú ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tacú leis an sprioc plean gníomhaíochta AE maidir le calaois airgeadais ar líne a sholáthar, agus á mheabhrú gur gá aghaidh a thabhairt ar ardleibhéil calaoise airgeadais le bearta fónta coisctheacha agus maolaithe ar an leibhéal rialála, maoirseachta agus riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá iarrachtaí a dhíriú ar litearthacht pinsin chun rannchuidiú le slándáil scoir do shaoránaigh san Aontas agus chun a ráthú go mbeidh saoránaigh an Aontais ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le pinsin reachtúla phoiblí, pinsin cheirde agus pinsin phearsanta fhorlíontacha; á mheabhrú a thábhachtaí atá táirgí árachais agus pinsin mar bhealaí coigiltis a rachaidh chun tairbhe do shláinte agus do shlándáil airgeadais na saoránach agus do mhargaí caipitil iomaíocha araon, agus iad ag borradh faoi fhorbairt an aontais coigiltis agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha stór AE de thionscnaimh oideachais airgeadais AE agus náisiúnta atá inchuardaithe agus inrochtana a chothabháil, a leathnú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, mar a thuairiscítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún, lena n-áirítear dea-chleachtas maidir le cláir san ionad oibre, tionscadail rannpháirtíochta óige agus cuir chuige phobalbhunaithe chun tacú le méadú ar dhea-shamplaí na mBallstát; á chur i bhfios go láidir gur cheart an stór sin a bheith bunaithe ar ardáin agus ar bhonneagar atá ann cheana agus gur cheart acmhainní náisiúnta agus príobháideacha atá ann cheana a ghiaráil a mhéid is féidir chun dúbailt oibre a chosc, dúbailt a chuirfeadh brú níos mó ar bhuiséad AE; á chur i bhfáth gur cheart díriú ar cháilíocht agus ar inchomparáideacht na faisnéise atá ar fáil; á áitiú nach mór roinn thiomnaithe a bheith ag an stór sin maidir le hacmhainní chun an chibearshlándáil agus camscéimeanna a chosc, arna cruthú i gcomhar le gníomhaireachtaí náisiúnta cibearshlándála; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sa stór freisin tionscnaimh nuálacha agus chruthaithe ó thíortha nach bhfuil san Aontas a d’fhéadfadh a bheith ina dtreoirphleananna do ghníomhaíocht an Aontais, agus ag an am céanna a bheith costéifeachtach agus gan ualach riaracháin breise míchuí a chruthú do na geallsealbhóirí lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart tacú le tionscadail litearthachta airgeadais arna maoiniú nó arna gcómhaoiniú ag an Aontas nó arna reáchtáil ag údaráis phoiblí le huirlisí dianmheasúnaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, meastóireachtaí <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> nó ceistneoirí atá ceaptha measúnú a dhéanamh ar fhorbairt an eolais airgeadais i measc fhaighteoirí an oideachais litearthachta airgeadais, agus a mhéid atá athrú tagtha ar a nósanna airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt, faoi dheireadh 2027, maidir le glacadh agus éifeachtacht na Straitéise um Litearthacht Airgeadais – agus faisnéis inti imdhealaithe de réir an Bhallstáit agus de réir an sprioclimistéir, i gcás inarb iomchuí –  lena n-áirítear toradh líonra na n-ambasadóirí, an cód iompair atá beartaithe agus an feachtas cumarsáide uile-Aontais, agus gníomhaíocht bhreise á moladh má mheastar gur gá sin; á iarraidh ar an gCoimisiún na torthaí sin a chur faoi bhráid na Parlaiminte; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn, i ndáil leis sin, agus/nó suirbhé Eorabharaiméadair maidir le litearthacht airgeadais a fhoilsiú gach 3 bliana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á aithint gur féidir litearthacht airgeadais a dhíorthú ó go leor foinsí, agus go bhfuil tairbhe ag baint le cur chuige iolrach a bheith ann; á aithint freisin go bhfuil daoine ag féachaint cheana féin ar dheiseanna le haghaidh infheistíocht mhiondíola trí tháirgí atá éasca le húsáid amhail cistí arna dtrádáil ar an malartán, go minic trí thairseacha ar líne nó trí fheidhmchláir dhigiteacha; á chur i bhfáth go bhfuil luach don tsochaí agus do shlándáil airgeadais aonair ag baint le rannpháirtíocht mhéadaithe infheisteoirí miondíola sa mhargadh airgeadais, ar choinníoll gur rannpháirtíocht eolach í sin; á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú i dtreo cultúr infheistíochta i measc shaoránaigh an Aontais, arna spreagadh go páirteach ag rannpháirtíocht na meán agus rannpháirtíocht ar líne, agus á iarraidh go gcuirfí dlús leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin bogadh i dtreo simpliú rialála, agus go bhfuil sí ag dréim leis go mbeidh níos lú castachta i dtáirgí airgeadais mar thoradh ar a iarrachtaí i ndáil leis sin, agus ardchaighdeáin cosanta infheisteoirí á gcosaint ag an am céanna á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabail a Straitéise um Litearthacht Airgeadais a chur i bhfeidhm, chomh maith le prionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus na hanailíse fianaisebhunaithe, i gcomhthéacs tionscnaimh fhéideartha maidir le baincéireacht, margaí airgeadais nó creataí rialála árachais chun táirgí airgeadais a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos éasca le tuiscint d’úsáideoirí deiridh, gan an bonn a bhaint ó na caighdeáin chosanta atá ann cheana do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí; á mheas, thairis sin, go bhfuil sé tábhachtach na prionsabail sin sa phacáiste oideachais atá beartaithe a mheas, a bhfuiltear ag dréim leis i gclár oibre 2026 an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhleanúnachas córasach beartais ar fud na litearthachta airgeadais, na rialacha cosanta infheisteoirí miondíola, an treoirphlean Eorpaigh do Chuntais Choigiltis agus Infheistíochta, tionscnaimh eile faoin aontas coigiltis agus infheistíochta, agus rialacháin maidir leis an margadh baincéireachta agus airgeadais, chun cosaint tomhaltóirí a ráthú agus chun cosaint a thabhairt do tháirgí airgeadais atá trédhearcach, iomchuí ó thaobh riosca de ach a bhfuil rochtain éasca orthu do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór scileanna cibearshlándála a chumhdach le litearthacht airgeadais freisin, lena n-áirítear iarrachtaí fioscaireachta, camscéimeanna ar líne agus calaois arna giniúint ag IS a shainaithint, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a straitéisí um litearthacht airgeadais agus cibearshlándáil a nascadh trí fheachtais feasachta poiblí chomhordaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tacú le hainmniú ‘Lá Eorpach um Oideachas Airgeadais’ bliantúil chun tionscnaimh múscailte feasachta leanúnacha a chur chun cinn, mar obair leantach ar thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Iúil 2025 dar teideal Financial literacy and education for Europeans [Litearthacht airgeadais agus oideachas do mhuintir na hEorpa];
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh comhleanúnachas córasach ann le hionstraimí reachtacha lasmuigh de sheirbhísí airgeadais agus d’earnáil na baincéireachta, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a ráthú go gcuirfí cúrsaí litearthachta airgeadais san áireamh i gcomhthéacs an ghnímh um chothroime dhigiteach a bheidh ann amach anseo agus i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, ionas go dtacóidh dualgais na n-ardán ar líne agus na rialacha maidir le dlí na dtomhaltóirí le torthaí litearthachta airgeadais agus le turais shábháilte infheistíochta digití;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á thabhairt le fios go dtugann an réabhlóid dhigiteach a eascraíonn as IS deis oideachas airgeadais a chomhcheangal le litearthacht dhigiteach, ós rud é gur féidir oideachas airgeadais a phearsantú trí úsáid a bhaint as IS agus as uirlisí digiteacha éagsúla; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint, i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid na Parlaiminte, ar acmhainneacht, rioscaí agus teorainneacha IS maidir le litearthacht airgeadais a chur chun cinn, lena n-áirítear uirlisí oideachais pearsantaithe atá dírithe ar IS atá saincheaptha do riachtanais éagsúla úsáideoirí, agus úsáid teicneolaíochtaí IS chun calaois, camscéimeanna, domhainbhrionnuithe agus bagairtí eile arna nginiúint ag IS a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir le IS tacú le méadú comhairle airgeadais inacmhainne, cruthú punainne pearsantaithe uathoibrithe a chumasú, cláir oideachais airgeadais a leathnú agus taca a chur faoi sholáthar ugach saincheaptha chun iompraíochtaí atá barrfheabhsaithe do spriocanna airgeadais duine aonair a spreagadh; á chur i bhfios go bhféadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag baint le huirlisí IS freisin, ag brath ar an gcaoi a n-úsáideann tionchairí airgeadais iad; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh cúramach a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt ar thionchar IS, i ndáil leis sin, agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le húsáid sonraí pearsanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á mholadh don Choimisiún scéimeanna comparáide náisiúnta le haghaidh Cuntais Choigiltis agus Infheistíochta a chomhtháthú i sásra comparáide AE, le háireamháin chomparáide táillí uileghabhálacha agus mínithe amhairc maidir le gnéithe amhail riosca agus toradh, cumasc, boilsciú agus táillí, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á athdhearbhú, ina leith sin, go bhfuil inaistritheacht na gCuntas Coigiltis agus Infheistíochta thar sholáthraithe agus thar theorainneacha tábhachtach chun spriocanna an aontais coigiltis agus infheistíochta a chomhlíonadh agus chun feasacht airgeadais agus litearthacht airgeadais a mhéadú; á chur in iúl go dtuigeann sí, sa chomhthéacs sin, gur cheart go mbeadh inaistritheacht Chuntais Choigiltis agus Infheistíochta AE ar chostas íseal agus nár cheart go spreagfaí teagmhais inchánach léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an bhféidearthacht tuarascáil chuimsitheach a chur ar fáil, chun an gá agus an breisluach a bhaineann le tionscnaimh reachtacha spriocdhírithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun reachtaíocht bhunriachtanach a oiriúnú agus a shimpliú do na cuspóirí polaitiúla maidir le litearthacht airgeadais, dhigiteach, sonraí agus meán a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscnaimh agus ábhar litearthachta airgeadais chun aghaidh a thabhairt freisin ar thionchar fíorgheilleagair na n-infheistíochtaí arna spreagadh ag caighdeáin freagrachta sóisialta corparáidí, eadhon caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, agus a luach don tsochaí i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh breisluach a bheith ag tionscadail maidir le litearthacht airgeadais, tionchar digiteach agus cosaint infheisteoirí miondíola laistigh den chlár Fís Eorpach, i gcomhréir leis an ngá atá le tallann airgeadais iompraíochta domhanda a mhealladh chuig an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis chuimsitheach fhianaisebhunaithe maidir le criptea-shócmhainní a chomhtháthú i dtionscnaimh oideachais airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Freagracht na dtionchairí airgeadais agus an digitithe as litearthacht airgeadais a fheabhsú san Eoraip</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar ról na dtionchairí airgeadais mar idirghabhálaithe faisnéise airgeadais a dhíríonn go minic ar lucht féachana óg agus ar lucht féachana nach ndearnadh freastal ceart orthu roimhe seo; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’acmhainneacht acu litearthacht airgeadais a fheabhsú, ach á mheabhrú nach mór dóibh na rialacha atá ann cheana maidir le cur chun cinn airgeadais agus cosaint tomhaltóirí a chomhlíonadh, agus nach mór freagracht agus cuntasacht níos mó a bheith acu i leith a bpobal; á aithint go bhfuil méadú ag teacht ar shuntasacht na dtionchairí airgeadais mar phríomhbhealaí cumarsáide tráchtála maidir le seirbhísí airgeadais nó infheistíochta do ghrúpaí áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuireann ábhar na meán sóisialta sreabhadh inrochtana faisnéise ar fáil don phobal, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag aon tionscnaimh litearthachta airgeadais comhroinnt eolais atá freagrach agus inrochtana a chur chun cinn, agus gan srian a chur ar chruthaitheacht ná ar raon rochtana na dtionchairí airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil idirdhealú géar idir tionchairí airgeadais a oibríonn go trédhearcach, i.e. iad siúd a dhearbhaíonn coinbhleachtaí leasa agus a sholáthraíonn ábhar oideachais, agus daoine aonair a úsáideann oideachas airgeadais mar dhallamullóg, a ghníomhaíonn go calaoiseach nó d’intinn mhailíseach, a chuireann táirgí neamhúdaraithe chun cinn nó a thugann comhairle neamhcháilithe, lena n-áirítear trí theachtaireachtaí a chur chuig daoine go díreach nó naisc a sheoladh chuig teachtaireachtaí grúpa, chun táirgí amhantracha agus seirbhísí gealltóireachta nó cearrbhachais a chur chun cinn, ar minic iad ag sárú rialacha AE maidir le fógraíocht bhréagach agus cosaint tomhaltóirí; á aithint gur minic a bhíonn príomhghníomhaíocht roinnt de na tionchairí airgeadais sin bunaithe ar aird a tharraingt, agus go bhféadfadh cur chun cinn táirgí ardriosca amhantracha nach bhfuil oiriúnach d’infheisteoirí miondíola a bheith mar thoradh air sin, rud a éilíonn cur chuige sonrach ó údaráis náisiúnta agus ó údaráis an Aontais; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le forfheidhmiú éifeachtach trasteorann dhlí AE i ndáil leis sin, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí chun é sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á mholadh don phobal tionchairí airgeadais oiliúint airgeadais a fháil chun a chur ar a gcumas ábhar neamhspleách a tháirgeadh agus fírinneacht na faisnéise a sheiceáil; á mholadh do na Ballstáit oiliúint a thairiscint do thionchairí airgeadais maidir le hoibleagáidí dlíthiúla agus bunghnéithe an oideachais airgeadais, arna soláthar ag údaráis phoiblí agus ag soláthraithe creidiúnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil comhairleoirí airgeadais faoi réir diancheanglais rialála, go bhféadfaidh tionchairí airgeadais gníomhú <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> mar chomhairleoirí airgeadais ar líne, ach nach bhfuil siad faoi réir aon chreat rialála sonrach faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil an doras oscailte do chleachtais mhíthreoracha; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go dtabharfaí isteach na hathruithe leis an treoir atá beartaithe chun Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97 a leasú a mhéid a bhaineann le rialacha AE maidir le cosaint infheisteoirí miondíola (an Treoir Omnibus maidir leis an Straitéis Infheistíochta Miondíola), lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le tionchairí airgeadais d’infheisteoirí miondíola trí oibleagáidí a chur ar thionchaireoirí airgeadais agus ar na gnólachtaí seirbhísí airgeadais a bhíonn ag gabháil dá seirbhísí; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil roinnt tionchairí airgeadais ann nach bhfuil fostaithe ag institiúidí airgeadais údaraithe, ná nach gcuireann táirgí nó comhairle airgeadais údaraithe ar fáil, agus, dá bhrí sin, nach dtagann faoi shainchúram mhaoirseacht na n-údarás inniúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á mholadh don Choimisiún tionchairí airgeadais agus ardáin a óstálann ábhar airgeadais a chumhdach go sainráite sa chód iompair Eorpach atá ar na bacáin d’eagraíochtaí príobháideacha agus neamhbhrabúsacha, eadhon trí shéala deonach do chruthaitheoirí comhlíontacha, chun íoscheanglais choiteanna a leagan síos maidir le trédhearcacht, maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus maidir le cáilíocht na faisnéise a chuirtear ar fáil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oibleagáidí agus caighdeáin eiticiúla do thionchairí airgeadais, agus do na brandaí atá ag comhoibriú leo, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar fholláine airgeadais na bpobal a ndíríonn siad orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur i bhfios nach mór d’idirghabhálaithe airgeadais, faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, bearta a chomhlíonadh lena bhféachtar le hardchaighdeáin chosanta a thabhairt d’infheisteoirí; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cuid lárnach de sin iad bearta éigeantacha – agus na hinfheistíochtaí comhfhreagracha – atá dírithe ar shaineolas teicniúil comhairleoirí airgeadais a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go dtabharfar isteach leis an gcomhaontú ar thángthas air maidir leis an Straitéis Infheistíochta Miondíola nuashonraithe ceanglas maidir le comhaontú i scríbhinn idir tionchairí airgeadais agus gnólachtaí infheistíochta, rud lena bhfeabhsófar trédhearcacht agus cosaint infheisteoirí miondíola;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le creat soiléir agus éifeachtach trínar féidir le húdaráis inniúla náisiúnta faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar thionchairí airgeadais, chun tomhaltóirí a chosaint ar mhífhaisnéis agus ar choinbhleachtaí leasa, agus chun muinín san oideachas airgeadais ar líne a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar ardáin ar líne na rioscaí a bhaineann le hionstraimí airgeadais ardriosca a nochtadh do thomhaltóirí, ar bhealach trédhearcach, mar shampla trí rabhaidh riosca a úsáid, agus uirlisí ‘bíodh aithne agat ar do chur chun cinn’ a chur chun feidhme chun ábhar tráchtála a lipéadú; á mholadh go dtabharfaí isteach ionstraimí foghlama tapa, éifeachtúla atá leabaithe in ábhar urraithe, atá ailínithe le creataí inniúlachta AE/ECFE agus a thagraíonn d’acmhainní poiblí iontaofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach chreat dlíthiúil AE, go háirithe an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc, maidir le cumarsáid tráchtála ar líne, ó thaobh folláine tomhaltóirí a chosaint agus rioscaí díobhála airgeadais ar líne a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar ardáin leanúint de bhealaí oideachais feiceálacha agus dlisteanacha maidir le litearthacht airgeadais a chur chun cinn, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an fhreagracht ar ardáin na rioscaí a bhaineann le hábhar míthreorach agus calaois ar líne a shainaithint agus a mhaolú, lena n-áirítear trí ghnéithe nuálacha a chur chun feidhme i réimse an lipéadaithe ar chumarsáid tráchtála, réitigh rabhaidh riosca agus nósanna imeachta meara fógra agus gníomhaíochta i gcoinne ábhar neamhdhleathach nó ábhar ar léir go bhfuil sé díobhálach; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé creat rialála a choinneáil atá solúbtha i gcónaí agus atá in ann treochtaí atá ag teacht chun cinn sna margaí airgeadais a ionchorprú, agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go mbeidh freagairtí rialála bord ar bhord le forbairtí san fhíorshaol, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na meáin shóisialta agus le tionchairí airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tathant ar ardáin sainaithint agus láimhseáil ábhair a bheachtú a d’fhéadfadh spreagadh a thabhairt do scéimeanna pirimide nó cleachtais eile arbh fhéidir leo a bheith meabhlach agus lena ndírítear ar infheisteoirí miondíola nach bhfuil taithí acu; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hidirghabháil mhear agus éigeantach ó na hardáin chun ábhar míthreorach nó calaoiseach a bhaint, agus iarmhairtí soiléire a bheith ann do na tionchairí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cláir oideachais do thionchairí airgeadais, chun a áirithiú go dtuigfidh siad go hiomlán na creataí dlíthiúla is infheidhme, na caighdeáin eiticiúla, na hoibleagáidí trédhearcachta agus nochta, agus a thábhachtaí atá sé tairbhí agus rioscaí na dtáirgí nó na seirbhísí a chuireann siad chun cinn a chur in iúl go soiléir agus ar bhealach cothrom; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, oiliúint a chur chun cinn do thionchairí airgeadais maidir leis na rialacha dlíthiúla agus na caighdeáin eiticiúla nach mór dóibh a leanúint agus táirgí airgeadais á gcur chun cinn acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht shóisialta ar thionchairí airgeadais, i bhfianaise a gcumais for-rochtain i dtreo pobal nua a mhéadú agus a mhéid a rannchuidíonn siad le leibhéil litearthachta airgeadais a mhéadú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na gníomhaithe digiteacha sin rannchuidiú leis an Straitéis Eorpach um Litearthacht Airgeadais a bhunú, agus páirt a ghlacadh in imeachtaí agus tionscnaimh arna gcur chun cinn ag an gCoimisiún agus/nó ag na Ballstáit, agus na caighdeáin is airde neamhspleáchais agus trédhearcachta á gcomhlíonadh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á dhearbhú go bhfuil sí toilteanach cuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar bhreisluach threoir an Aontais maidir le cumarsáid tionchair airgeadais, i bhfianaise an tionchair dhiúltaigh a d’fhéadfadh a bheith ag fógraíocht ar tháirgí a bhfuil riosca ag baint leo agus ag comhairle neamhfhíoraithe nó mhíthreorach arna cur chun cinn ag roinnt gníomhaithe gan cuntasacht chuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bhfíoras, má roinneann tionchairí airgeadais, ar na meáin shóisialta, aon tuairim i ndáil le luach nó praghas ionstraime airgeadais, nó má mholann siad straitéis infheistíochta, fiú chun críoch oideachais, go bhféadfaidís a bheith ag postáil moladh infheistíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialachán maidir le Cúbláil Margaidh<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le cúbláil margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint le roinnt teachtaireachtaí poiblí a phostáiltear ar na meáin shóisialta i ndáil le drochúsáid mhargaidh, i.e. cúbláil margaidh, trádáil cos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>Rabhadh ‘For people posting Investment Recommendation on social media’ [Do dhaoine a phostaíonn Moladh Infheistíochta ar na meáin shóisialta] arna eisiúint ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 6 Feabhra 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tathant ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus ar údaráis náisiúnta na mBallstát treoir phraiticiúil a eisiúint maidir leis na cásanna ina gcáilíonn postálacha ar na meáin shóisialta mar mholtaí infheistíochta faoi rialacha an Aontais maidir le cúbláil margaidh, agus dualgais nochta a shoiléiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as ábhar airgeadais a ghintear le IS, agus á iarraidh go mbeadh caighdeáin ann maidir le tionscnamh IS a nochtadh agus maidir le marcáil uisce, i gcomhréir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus le treoir earnála maidir le húsáid IS i seirbhísí infheistíochta miondíola;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha digiteacha an Aontais a fhorfheidhmiú go hiomlán, go háirithe an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ardáin ar líne a bhfreagracht go hiomlán maidir le rioscaí a mhaolú agus tomhaltóirí a chosaint ar chalaois ar líne agus ar chamscéimeanna airgeadais, lena n-áirítear domhainbhrionnuithe a ghintear le IS; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a gcumais faireacháin agus luathbhraite a neartú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as arduirlisí anailíseacha, chun cosaint níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí agus chun muinín sa mhargadh airgeadais a chosaint, ós rud é go bhfuil muinín an phobail ríthábhachtach chun litearthacht airgeadais a fhorbairt agus chun infheistíochtaí príobháideacha a scaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, faoi Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc, bearta a chur chun cinn agus a dhéanamh maidir le forbairt scileanna litearthachta sna meáin, agus tuairisciú don Choimisiún ar an ábhar sin; á mholadh do rialtóirí náisiúnta na meán ábhair a bhaineann le litearthacht airgeadais agus tionchairí airgeadais a chur san áireamh agus bearta á gcur i bhfeidhm acu atá dírithe ar scileanna litearthachta sna meáin a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán agus ar an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha treoir bhreise a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a mhéadú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le tionchairí airgeadais, agus gníomhaíochtaí comhordaithe a dhéanamh ar bhonn leanúnach arna gceapadh chun an riosca a íoslaghdú go mbeadh úsáideoirí ina n-íospartaigh de chamscéimeanna airgeadais nó de chumarsáid tráchtála fholaitheach a bhaineann le seirbhísí airgeadais nó infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á mholadh go n-eagródh an Coimisiún cruinniú mullaigh uile-Eorpach ina mbeadh tionchairí airgeadais, seirbhísí airgeadais agus ionadaithe teicneolaíochta airgeadais, ionadaithe tomhaltóirí agus rialtóirí rannpháirteach, chun plé a dhéanamh ar dhea-chleachtas chun litearthacht airgeadais ar líne a fheabhsú agus chun féachaint ar chineálacha cur chuige iomchuí, comhréireacha (amhail féinrialáil nó caighdeáin dheonacha) chun cruinneas an ábhair airgeadais dhigitigh a áirithiú; á mholadh go n-áireofaí sa chruinniú mullaigh atá beartaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn, comhlachais tomhaltóirí, oideoirí agus geallsealbhóirí institiúideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar rialtais na mBallstát oibriú le tionchairí airgeadais chun feachtais meán spriocdhírithe atá faisnéiseach, bunaithe ar fhíricí, freagrach agus rannpháirteach a chur ar fáil maidir leis na deiseanna a thugtar le rannpháirtíocht mhiondíola i margaí airgeadais, agus chun borradh a chur faoi litearthacht airgeadais ar bhealach tarraingteach, chun cultúr infheistíochta a thógáil in AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir le húsáid na digiteála agus IS breisluach suntasach a ghiniúint maidir le deiseanna infheistíochta, iomaíocht agus trédhearcacht a dhéanamh níos infheicthe, trí uirlisí litearthachta airgeadais, comparáid táillí agus táirgí, agus measúnuithe pearsantaithe ar thoradh bunaithe ar shonraí margaidh fíor-ama, i measc nithe eile, a sholáthar;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>