<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0157</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Conas todhchaí inbhuanaithe a áirithiú d’earnáil beostoic an Aontais i bhfianaise an ghá atá le slándáil bia agus athléimneacht feirmeoirí a áirithiú agus i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le galair ainmhithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0088/2026 -  Rapóirtéir: Carlo Fidanza)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Aibreán 2026 maidir le conas todhchaí inbhuanaithe a áirithiú d’earnáil beostoic an Aontais i bhfianaise an ghá atá le slándáil bia agus athléimneacht feirmeoirí a áirithiú agus i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le galair ainmhithe (2025/2053(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 38 agus 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena mbunaítear an comhbheartas talmhaíochta (CBT) agus a chuspóirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 262, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2117/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar phleananna straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1468, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1468/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3012, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations</STRING>’ [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ón bPlé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A shared prospect for farming and food in Europe</STRING>’ [Féidearthacht chomhroinnte don fheirmeoireacht agus don bhia san Eoraip], a foilsíodh an 4 Meán Fómhair 2024<FOOTNOTE><FIELD> Plé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach, https://agriculture.ec.europa.eu/document/download/171329ff-0f50-4fa5-946f-aea11032172e_en?filename=strategic-dialogue-report-2024_en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalar a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 412, 8.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2002/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha faireachais, clár díothaithe, agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe liostaithe agus do ghalair atá ag teacht chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 12.12.2003, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/99/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 221, 8.8.1998, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/58/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, do Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97<FOOTNOTE><FIELD> IO L 3, 5.1.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 303, 18.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1099/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2023 maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac i gcur chuige Aon Sláinte Amháin (2023/C 220/01)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 220, 22.6.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1729 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2020 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach i mbaictéir zónóiseacha agus chomhthíosacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/652/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 387, 19.11.2020, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1729/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhógra ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Guidelines for the prudent use of antimicrobials in veterinary medicine</STRING>’ [Treoirlínte maidir le húsáid stuama oibreán frithmhiocróbach sa tréidliacht] (2015/C/299/04)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 299, 11.9.2015, lch. 7.</FIELD></FOOTNOTE>, a foilsíodh an 11 Meán Fómhair 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí ó Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tar éis na Comhdhála Aireachta maidir le galair ainmhithe a reáchtáladh an 24 Eanáir 2024, ina luaitear gur cheart an bhithshlándáil agus an vacsaíniú a bheith ina gcolúin le haghaidh straitéisí malartacha in ionad an ollsléachta i ndáil le bainistiú eipidéimí tógálacha ar fheirmeacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2011 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Action plan against the rising threats from Antimicrobial Resistance</STRING>’ [Plean Gníomhaíochta i gcoinne na mbagairtí atá ag teacht chun cinn ó Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha] (COM(2011)0748),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an athnuachan ó ghlúin go glúin ar fheirmeacha an Aontais amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2658, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2658/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meitheamh 2023 maidir le slándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht an Aontais a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/483, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/483/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’</STRING> [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimneacha agus níos rathúla faoi 2040]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 maidir le feirmeoireacht beostoic agus feoiliteoirí móra san Eoraip a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 77.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2022 ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le leas ainmhithe ar an bhfeirm<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 45.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 20 Eanáir 2022 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar laistigh den Aontas agus lasmuigh de<FOOTNOTE><FIELD> IO C 336, 2.9.2022, lch. 20.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ón gCoiste Fiosrúcháin um Chosaint Ainmhithe agus iad á nIompar an 14 Nollaig 2021 maidir leis an imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar laistigh den Aontas agus lasmuigh de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 ar an bPlean Nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 17.11.2021, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘An Straitéis Eorpach don Phróitéin’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2657, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2657/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chaighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), arna mbunú sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil 2023 ón Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Contribution of terrestrial animal source food to healthy diets for improved nutrition and health outcomes – An evidence and policy overview on the state of knowledge and gaps’</STRING> [Rannchuidiú bia ó fhoinse ainmhithe talún le haistí bia sláintiúla le haghaidh torthaí feabhsaithe maidir le cothú agus sláinte — fianaise agus forléargas beartais ar staid an eolais agus na mbearnaí],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún Uimh. 29 ó WOAH dar teideal ‘Vacsaíní Tréidliachta agus Vacsaíniú: ón eolaíocht go gníomhaíocht – machnamh ar mhaithe le hathrú’, a glacadh i mí na Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil faisnéise ó Choiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dar teideal ‘Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’, a glacadh an 8 Nollaig 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0088/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil an bheostoic ina colún bunriachtanach de thalmhaíocht an Aontais le fada, go háirithe i gceantair thuaithe, agus go rannchuidíonn sí go suntasach agus go huathúil le sciar suntasach de gheilleagar an Aontais; de bhrí gurbh ionann luach an táirgthe beostoic agus na dtáirgí beostoic agus EUR 214,3 billiún in 2023, arb ionann é agus 40 % d’aschur talmhaíochta iomlán an Aontais an bhliain sin, agus de bhrí go bhfuil brabúsacht agus inbhuanaitheacht an táirgthe plandaí ag brath ar tháirgeadh athléimneach ainmhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil slabhra luacha na talmhaíochta ainmhithe fada agus casta, ina bhfuil go leor gníomhaithe rannpháirteach – ó na hearnálacha pórúcháin, beatha agus sláinte ainmhithe go feirmeoirí agus an tionscal próiseála atá nasctha le táirgeadh ainmhithe (próiseáil bainne agus feola, beatha ainmhithe agus seachtháirgí ainmhithe) – agus go bhfuil sé ríthábhachtach san Aontas ó thaobh nuálaíochta, láimhdeachais agus fostaíochta de;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur féidir le praghsanna cothroma ar tháirgí ainmhithe agus ar shlabhraí luacha réigiúnacha ioncaim feirmeoirí a chosaint; de bhrí go bhfuil raon leathan gníomhaithe i gceist leis an slabhra luacha talmhaíochta i dtáirgeadh ainmhithe, ó earnálacha réamhbhuainte amhail pórú, sláinte beatha agus ainmhithe go feirmeoirí agus an tionscal próiseála bia iarbhuainte, agus gur príomhshlabhra luacha é san Aontas ó thaobh láimhdeachais agus fostaíochta de, i bhfianaise rannpháirtíocht leanúnach an duine sa phróiseas táirgthe, rud a chuireann go mór le slándáil bia agus ceannasacht bia agus neamhspleáchas próitéine an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur féidir le struchtúir áitiúla seamlas rannchuidiú go suntasach le breisluach réigiúnach, slabhraí soláthair a ghiorrú agus astaíochtaí a eascraíonn as iompar táirgí feola a laghdú, ós rud é gur féidir le seamlais réigiúnacha riachtanais shonracha mhargaidh na réigiún aonaira chomhlíonadh ar bhealach níos fearr agus táirgeadh éileamhbhunaithe a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an fheirmeoireacht beostoic ríthábhachtach do roinnt mhaith réigiún Eorpach, a bhfuil an chuid is mó díobh i mbaol dídhaonraithe; de bhrí go gcoimeádann 58 % d’fheirmeacha na hEorpa ainmhithe; de bhrí gurb ionann feirmeacha beostoic measctha agus speisialaithe agus 40,9 % d’fheirmeacha Eorpacha, agus go bhfuil thart ar 4 mhilliún duine fostaithe ar fheirmeacha beostoic Eorpacha (idir dhaoine ar thuarastal agus dhaoine gan tuarastal); de bhrí, le 20 bliain anuas, gur chaill an tAontas 37 % dá fheirmeoirí, agus gur tháinig laghdú 12 % ar ioncam feirmeoirí in aghaidh an heicteáir;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, i roinnt mhaith réigiún san Aontas, amhail limistéir shléibhtiúla, intíre agus thuaithe agus roinnt de na réigiúin is forimeallaí, gurb é táirgeadh beostoic an t-aon ghníomhaíocht eacnamaíoch inmharthana agus go bhfuil ról bunúsach aige maidir le pobail a choinneáil, bithéagsúlacht a chothabháil, tírdhreacha traidisiúnta a chaomhnú agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha áitiúla eile a spreagadh; de bhrí nach mór na leithdháiltí airgeadais don chlár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht (POSEI) a choigeartú chun díluacháil arb é boilsciú is cúis léi a chur san áireamh chun a ról a chomhlíonadh maidir le tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí agus do phóraitheoirí beostoic sna réigiúin is forimeallaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcuireann earnáil iomlán beostoic tairbhí aeráide agus comhshaoil ar fáil trí charbón a cheapadh, sreabhadh uisce a rialáil agus cáilíocht uisce a fheabhsú, bithéagsúlacht a chosaint, dóiteáin foraoise a chosc, pobail a choinneáil i gceantair thuaithe agus tírdhreacha éagsúlaithe agus oscailte a chothabháil, go háirithe i limistéir faoi mhíbhuntáiste agus i limistéir shléibhtiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go dtáirgeann speicis mhonagastracha, amhail mucra agus éanlaith chlóis, astaíochtaí gás ceaptha teasa níos ísle mar gheall ar a rátaí tiontaithe beatha éifeachtúla, agus gur féidir leo cur tuilleadh leis an gciorclaíocht trí tháirgí srutha dramhaíola a úsáid ina mbeatha, agus go bhfónann a n-aoileach mar leasachán nádúrtha do tháirgeadh barr; de bhrí go bhfuil éifeachtúlacht aeráide roinnt samhlacha Eorpacha táirgthe beostoic, ó thaobh géineolaíochta, teicneolaíochta, nuálaíochta agus eolais de, ríthábhachtach don táirgeadh domhanda agus d’inbhuanaitheacht an táirgthe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas an dara táirgeoir feola is mó ar domhan, taobh thiar den tSín ach chun tosaigh ar na Stáit Aontaithe, agus go gcuireann córais beostoic an Aontais go mór le geilleagar an Aontais, le trádáil agus le poist ghaolmhara agus go seasann siad le caighdeáin cheannródaíocha dhomhanda maidir le leas, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht ainmhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gurb ionann muiceoil agus éineoil agus sciar suntasach den fheoil a tháirgtear san Aontas, a bhfuil ról lárnach aige chun slándáil bia a áirithiú, táirgí inacmhainne a thairiscint do thomhaltóirí Eorpacha agus slite beatha go leor feirmeoirí a chothú; de bhrí, trí fheabhas a chur ar inbhuanaitheacht na ngnáthchóras, go mbeifear in ann feabhsuithe móra a dhéanamh ar an inbhuanaitheacht, rud a rachaidh chun tairbhe do bhonn leathan tomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí a bhfuil ioncam níos ísle acu, rud lena n-áiritheofar go mbeidhj próitéin ainmhithe fós inacmhainne agus inrochtana do shaoránaigh uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go raibh 133 mhilliún muc, 74 mhilliún ainmhí den speiceas bó-ainmhithe, 58 milliún caora, 11 mhilliún gabhar agus meastachán de 1,63 billiún éan clóis san Aontas in 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur táirgeadh 40.7 milliún tona feola san Aontas in 2023, arb éard a bhí ann muiceoil (50 %), éineoil (32 %), mairteoil (15 %) agus caoireoil agus feoil ghabhair (1 %);
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas an táirgeoir bainne bó is mó ar domhan, go dtagann 20 % den soláthar bainne domhanda as, go bhfuil sé ar thús cadhnaíochta i dtrádáil idirnáisiúnta déiríochta, agus go dtagann níos mó ná 30 % d’onnmhairí déiríochta an domhain as;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú os cionn trí oiread tagtha ar ghlanonnmhairí táirgí ainmhithe an Aontais ó bhí 2000 ann agus gur shroich siad EUR 37,8 billiún in 2024 (gan trádáil laistigh den Chomhphobal a áireamh) i gcomhthéacs ina meastar go méadú ó 25 go 50 % ar an éileamh domhanda ar fheoil, ar tháirgí déiríochta agus ar uibheacha faoi 2050, de réir na gcásanna is déanaí ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, ‘<STRING ITALIC="on">The future of food and agriculture – Alternative pathways to 2050’</STRING> [Todhchaí an bhia agus na talmhaíochta – Conairí malartacha i dtreo 2050] https://www.fao.org/global-perspectives-studies/resources/detail/en/c/1157074/.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, in 2023, gur allmhairigh an tAontas beagnach 900 000 tona d’éineoil, níos mó ná 340 000 tona de mhairteoil agus thart ar 150 000 tona de chaoireoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur táirgí de bhunadh ainmhíoch a bhfuil tásca geografacha orthu atá i mbeagnach 20 % de thásca geografacha uile an Aontais agus go bhfuil breisluach suntasach ag baint leo do gheilleagair thuaithe, rud a léiríonn ní hamháin a dtábhacht eacnamaíoch, ach luach cultúrtha oidhreacht bhia an Aontais freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur gné ríthábhachtach d’fheirmeoireacht beostoic an Aontais é an t-iomaíochas neamhphraghais, lena n-áirítear ardchaighdeáin a bhaineann le sábháilteacht, inrianaitheacht agus cáilíocht táirgí, ach go dtabhaítear leis sin costais táirgthe agus praghsanna táirgí níos airde i gcomparáid le comhpháirtithe trádála an Aontais; de bhrí go ndéanann ardchaighdeáin chomhshaoil, sábháilteachta bia agus leasa ainmhithe an Aontais sin a choinneáil difear d’iomaíochas idirnáisiúnta earnáil táirgthe beostoic an Aontais agus, dá bhrí sin, gur gá aird ar leith a thabhairt orthu le linn na gcomhaontuithe trádála a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil ualach reachtach ar fheirmeoirí beostoic, ós rud é go mbaineann costais le comhlíonadh, agus go gcruthaíonn athruithe reachtacha leanúnacha éiginnteacht maidir le hinfheistíochtaí costasacha a dhéanamh; de bhrí gur ráthaíocht bhunriachtanach é creat reachtach cobhsaí d’fheirmeoirí na hEorpa ina n-iarrachtaí chun pleanáil chun cinn agus a n-acmhainneacht táirgthe a choinneáil agus a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag beartas an Aontais maidir le cur chun cinn na talmhaíochta i dtaca le hinfheictheacht agus iomaíochas táirgí ardcháilíochta agraibhia Eorpacha a mhéadú, lena n-áirítear táirgí ainmhíocha, ar an margadh inmheánach agus go hidirnáisiúnta araon; de bhrí gur spreagadh tábhachtach é an beartas sin, agus na honnmhairí chuig príomh-mhargaí a dtacaíonn sé leo, chun ioncam feirmeoirí a fheabhsú agus chun cur ar a gcumas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i nuachóiriú a bhfeirmeacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó Bhallstát go chéile agus, laistigh de Bhallstáit, ó réigiún go chéile, maidir le líon na n-ainmhithe feirme, méid na feirmeacha agus na dtréad, an leibhéal speisialtóireachta earnála, agus déine an táirgthe arna thomhas de réir líon na n-aonad beostoic in aghaidh an heicteáir agus an cion féarthalaimh sa limistéar talmhaíochta a úsáidtear;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt dúshlán eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta roimh an bhfeirmeoireacht beostoic faoi láthair, go háirithe ar fheirmeacha beaga agus meánmhéide;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar phobail beostoic le deich mbliana anuas, agus gur léirigh staidreamh Eurostat, le linn na tréimhse 2014-2024, laghdú 8,1 % i gcás muc, 8,7 % i gcás bó-ainmhithe, go háirithe le ceithre bliana anuas, 9,4 % i gcás caorach agus 16,3 % i gcás gabhar; de bhrí gurb í earnáil na héanlaithe clóis an t-aon eisceacht amháin, áit a bhfuil méadú tagtha ar phobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí, ina Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, go gcuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil gá le fís fhadtéarmach d’earnáil an táirgthe beostoic agus gur sheol sé sruth oibre maidir le beostoc ina bhfiosraítear conairí beartais d’earnáil beostoic an Aontais atá iomaíoch agus inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn táirgí ainmhithe, nuair a thomhlaítear iad i gcomhréir le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte, le haiste bia chothrom agus chothaitheach trí fhoinse chobhsaí cothaitheach fíor-riachtanach a sholáthar, amhail próitéiní, vitimíní agus mianraí ardcháilíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú ar thomhaltas domhanda próitéiní ainmhíocha sa chéad 30 bliain atá romhainn, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar leibhéil éilimh, in éineacht le méadú ar dhaonra an domhain; de bhrí gur cheart táirgeadh beostoic an Aontais, mar fhoinse bhunriachtanach próitéine ardcháilíochta a tháirgtear go háitiúil, a aithint mar cholún straitéiseach chun ceannasacht próitéine an Aontais a neartú agus chun cur le hathléimneacht eacnamaíoch, neamhspleáchas straitéiseach agus freagracht shóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go gcaomhnódh an tAontas, atá i measc na dtáirgeoirí próitéine ainmhithe is éifeachtúla ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de, a chumas próitéin ainmhithe a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe, ós rud é gur dócha go mbeadh astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda níos airde mar thoradh ar mheath ar tháirgeadh intíre nó ar aistriú táirgthe chuig réigiúin ina bhfuil córais nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, de réir an Choimisiúin, nach bhfuil an tAontas ach 75 % neamhthuilleamaíoch i bhfoinsí garbhphróitéine agus go bhfuil sé fós ag brath ar allmhairí le haghaidh níos mó ná 70 % dá riachtanais próitéine plandúla, amhail min pónairí soighe agus táirgí síoltaí ola eile, rud a fhágann go bhfuil earnáil feirmeoireachta na hEorpa neamhchosanta ar leochaileachtaí suntasacha, lena n-áirítear éagobhsaíocht gheopholaitiúil, srianta trádála agus suaitheadh sa slabhra soláthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú tapa ag teacht ar líon na bhfeirmeoirí beostoic san Aontas mar thoradh ar dheacrachtaí eacnamaíocha, go háirithe a bhaineann le brabúsacht theoranta, chomh maith le heaspa tarraingteachta na hearnála, na dúshláin a bhaineann le leathadh galar veicteoir-iompartha agus galar ainmhithe eile agus easpa mhór athnuachana ó ghlúin go glúin; de bhrí go bhfuil ganntanas criticiúil tréidlianna atá speisialaithe in ainmhithe feirme os comhair an Aontais; de bhrí gur minic a bhíonn nasc idir tréigean táirgthe beostoic ag feirmeoirí agus comhchruinniú táirgthe ar fheirmeacha móra agus brú ó chomharsana nach bhfuil baint acu le hearnáil na talmhaíochta, lena n-áirítear agóidí faoi na ‘núiseanna’ a bhaineann go dlúth le beostoc agus le táirgeadh talmhaíochta, amhail bolaithe, torann agus deannach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé ríthábhachtach tarraingteacht na hearnála a fheabhsú trí thacaíocht ioncaim, maorlathas cuíchóirithe, dreasachtaí spriocdhírithe agus dálaí maireachtála feabhsaithe i gceantair thuaithe chun a áirithiú go mbeidh feirmeoireacht beostoic inmharthana agus go gcuideoidh sí le comhtháthú críochach an Aontais a ráthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil easpa cuimsithe daoine óga agus feirmeoirí nua, chomh maith le ganntanas lucht saothair, ar cheann de na príomhdhúshláin atá roimh earnáil beostoic na hEorpa; de bhrí gur gá, dá bhrí sin, bunú agus glacadh feirmeacha a éascú trí thacaíocht spriocdhírithe do ghnólachtaí nuathionscanta a thairiscint, agus rófhéichiúnas i measc feirmeoirí beostoic á chomhrac ag an am céanna; de bhrí nach leor an t-ioncam a ghintear leis an bhfeirmeoireacht chun lucht saothair oilte a mhealladh chuig an earnáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil níos mó ban ag obair in earnáil beostoic an Aontais ná mar a bhí riamh, agus gur cheart tacú lena rannpháirtíocht ghníomhach agus í a chur chun cinn agus aitheantas níos fearr a thabhairt dá rannchuidithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gur fiontair iad comharchumainn agraibhia arna mbunú ag feirmeoirí beostoic a chinneann dul i gcomhar le chéile chun a dtáirgí a mhargú le chéile, infheistíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh lena ngintear luach níos mó do chomhaltaí agus lena dtairgeann seirbhísí agus maoiniú a bheadh an-deacair a fháil murach sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gurb ionann sciar na n-íocaíochtaí díreacha agus na bhfóirdheontas iomlán, lena n-áirítear tacaíocht infheistíochta, agus cuid shuntasach den ghlanioncam feirme do bheostoc agus d’fheirmeoireacht mheasctha, agus béim á leagan ar an ról ríthábhachtach atá aige; de bhrí nach leor tacaíocht CBT chun stop a chur leis an laghdú ar tháirgeadh agus ar líon na bhfeirmeoirí agus chun daoine óga a mhealladh isteach i bhfeirmeoireacht beostoic, agus go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, ioncam feirmeoirí a eascraíonn as an margadh agus as tacaíocht phoiblí araon a chomhlánú trí éagsúlú, amhail agrathurasóireacht, agus uirlisí bainistithe riosca chun a n-iomaíochas, a mbrabúsacht agus a n-athléimneacht fhadtéarmach a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil praghas fós ar an bpríomhthoisc chinntitheach i gcinntí ceannaigh, go meastar go mbeidh ról níos lárnaí ag ábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht agus sláinte, agus go múnlóidh sé sin samhlacha táirgthe agus patrúin tomhaltais d’fheoil agus do tháirgí déiríochta san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gur príomhghné de thodhchaí na feirmeoireachta beostoic é leas na n-ainmhithe, agus nach mór é sin a fhorbairt chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála ainmhithe feirme; de bhrí gur cheart d’ionchais tomhaltóirí maidir le leas ainmhithe agus athrú ar an dearcadh i leith córais tithíochta dlúthghaibhnithe dreasachtaí a sholáthar chun méadú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí is gá chun dálaí comhshaoil níos fearr a sholáthar d’ainmhithe, ar choinníoll go mbeidh aon cheanglais bhreise bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus go mbeidh siad fite fuaite le luach saothair cuí as na costais bhreise a thabhaítear agus dreasachtaí eacnamaíocha oiriúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go bhfuil na caighdeáin leasa ainmhithe is uaillmhianaí ar domhan ag an Aontas, rud a léiríonn a thiomantas do tháirgeadh níos eiticiúla agus níos inbhuanaithe; de bhrí gur cheart coincheap leas na n-ainmhithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach atá oiriúnaithe d’fhíor-imthosca na gcóras táirgthe agus do dhálaí agra-aeráide, socheacnamaíocha agus críochacha na mBallstát agus na réigiún, ar féidir leo a bheith an-éagsúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí nár cheart go dtiocfadh laghdú ar tháirgeadh bia mar thoradh ar éilimh chun tionchar na feirmeoireachta beostoic ar an gcomhshaol a mhaolú, go háirithe astaíochtaí gás ceaptha teasa, chun leas ainmhithe a fheabhsú agus chun aistriú i dtreo táirgeadh nach bhfuil chomh dian céanna agus gur cheart go n-áiritheofaí leo leibhéil chobhsaí táirgthe agus ioncam maith d’fheirmeoirí, ós rud é gur deis é an méadú domhanda a bhfuiltear ag dréim leis ar thomhaltas próitéine ainmhithe don Aontas chun é féin a chur chun cinn mar cheannaire domhanda sa talmhaíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid agus d’ainmhithe trí eolas, teicneolaíochtaí agus dea-chleachtas a onnmhairiú chuig tíortha comhpháirtíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí gurb í feirmeoireacht beostoic, go príomha feirmeoireacht athchogantach, an t-aon bhealach inmharthana chun talamh talmhaíochta áirithe a úsáid, go háirithe féarthalamh buan, le haghaidh táirgeadh bia agus chun slándáil bia a mhéadú; de bhrí go spreagfaidh aistriú an Aontais chuig samhlacha talmhaíochta inbhuanaithe taighde, nuálaíocht, infheistíocht agus fostaíocht laistigh agus lasmuigh den Aontas araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé an-tábhachtach an geilleagar ciorclach a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sa bhithgheilleagar atá ag teacht chun cinn, úsáid amhábhar agus táirgí tánaisteacha a bharrfheabhsú chun seachtháirgí a ghiniúint agus leas a bhaint as foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail bithghás agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a threisiú; de bhrí go nginfidh na bearta sin, nár cheart go mbeadh ualach riaracháin méadaithe ar fheirmeacha mar thoradh orthu, foinsí breise ioncaim d’fheirmeoirí agus go gcruthóidh siad deiseanna nua fostaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí gur cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar ciorclach í an fheirmeoireacht beostoic, rud a fhreastalaíonn ar shlándáil bia na hEorpa agus ar a haistrithe fuinnimh agus éiceolaíocha; de bhrí gur gá do chórais beostoic na hEorpa, atá ag brath go mór ar allmhairiú leasachán agus foráiste ó thíortha nach bhfuil san Aontas, tairbhe a bhaint as dreasachtaí lena gcuirtear ar a gcumas, gan príomhaidhm an táirgthe feola a chur i mbaol, raon comhlántach táirgí agus seirbhísí a sholáthar lena gcuirtear ioncam breise ar fáil d’fheirmeoirí, lena n-áirítear táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, amhail bithghás agus bithmheatán, leasacháin luachmhara agus orgánacha, seirbhísí éiceachórais beostoic agus tráchtearraí don tionscal i gcoitinne, i gcomhréir le straitéis bhithgheilleagair an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí gur sócmhainn straitéiseach í éagsúlacht chórais feirmeoireachta na hEorpa agus is ollmhór an acmhainneacht a chuirtear ar fáil léi d’aistrithe fuinnimh agus éiceolaíocha an Aontais; de bhrí gur féidir ról lárnach a bheith ag feirmeoireacht beostoic maidir le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus maidir le meascán fuinnimh na hEorpa a dhícharbónú, go háirithe trí eisiltigh beostoic a úsáid;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí go gcuireann an t-aoileach a tháirgeann feirmeacha beostoic le torthúlacht na hithreach trí ábhar orgánach agus cothaithigh riachtanacha a sholáthar, agus gur féidir é a thiontú ina bhithghás freisin trí shaoráidí meatánaithe, lena n-áirítear ar leibhéal na feirme, trí spleáchas ar fhoinsí fuinnimh iontaise a ionadú agus a laghdú agus trí spleáchas an Aontais ar leasacháin a allmhairítear ó thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú; de bhrí, sa bhreis ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite, go dtáirgeann an próiseas meatánaithe díleáiteán freisin, ar seachtháirge é a úsáideann feirmeoirí mar leasachán nádúrtha, agus gur féidir é a thiontú ina tháirgí RENURE, ar táirgí iad araon a chuireann geilleagar ciorclach chun cinn in earnáil an bheostoic;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé riachtanach gníomhú go luath, mar gheall ar athruithe i bpatrúin tomhaltais, i gcomhthéacs staid dheacair sa mhargadh, chun cosaint a dhaingniú ar leibhéal an Aontais d’ainmneacha a úsáidtear chun bia de bhunadh ainmhíoch a ainmniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go bhfuil creachadóirí móra áirithe, go háirithe mic tíre agus béir, ag leathnú a gcríoch nó ag athchoilíniú limistéar in go leor codanna den Eoraip, rud a fhágann go mbíonn siad i gcoinbhleacht le gníomhaíochtaí daonna, go háirithe innilt fhairsing caorach agus eallaigh; de bhrí go mbíonn costais shuntasacha ar thréadaithe agus ar fheirmeoirí beostoic eile mar thoradh ar chreachóireacht ar a dtréada, amhail costais a bhaineann le bearta coisctheacha, ainmhithe caillte a athsholáthar, cúram tréidliachta breise agus caillteanais mar thoradh ar ghinmhilleadh; de bhrí go bhfuil éagothroime mhór idir na Ballstáit agus na réigiúin i dtéarmaí bearta chun tacú le feirmeoirí – ní ann do bhearta den sórt sin ach oiread i gcásanna áirithe – agus na gcistí poiblí atá ar fáil le haghaidh cúitimh agus oiriúnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí gur féidir le galair ainmhithe, agus go háirithe galair in-tarchurtha agus galair is féidir a tharchur chuig daoine (‘galair zónóiseacha’), damáiste tromchúiseach sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a dhéanamh agus, i gcásanna áirithe, sláinte an duine a chur i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go dtagann gach snáithe den slabhra táirgeachta le chéile i seamlas, agus gur féidir, dá bhrí sin, le struchtúir réigiúnacha seamlais rannchuidiú go dearfach le hinrianaitheacht, le galair a chosc agus le leas ainmhithe; de bhrí gur gá, dá bhrí sin, trí chistí CBT agus cistí eile, tacú le seamlais a bhunú agus a fhorbairt chun an geilleagar áitiúil a spreagadh, poist a chruthú agus slabhraí soláthair gairide a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí gur dócha go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide ar theacht chun cinn galar nua ainmhithe agus ar leitheadúlacht na ngalar atá ann cheana agus ar a ndáileadh geografach, go háirithe i gcás galair veicteoir-iompartha amhail víreas gormtheanga agus víreas na Níle Thiar, agus béim á leagan ar an ngá atá le straitéisí tréidliachta réamh-mheasta; de bhrí go bhfuil an staid sin níos measa mar gheall ar an nganntanas tréidlianna beostoic, rud a bhfuil impleachtaí aige do chúram tréidliachta coisctheach, do luathbhrath agus do rialú tapa galar;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí gur léiríodh leochaileacht na gcóras feirme san Aontas le ráigeanna de ghalair ainmhithe a tharla le déanaí agus le minicíocht mhéadaithe galar amhail eitinn bhólachta, fiabhras Afracach na muc, galar an chraicinn chnapánaigh, víreas gormtheanga, fliú éanúil, galar crúb agus béil, víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus rineatraicéíteas tógálach buaibheach, mar aon leis an laghdú ar líon na dtréidlianna atá speisialaithe in ainmhithe feirme, nach mbeidh sé indéanta galair ainmhithe a chomhrac ná leas ainmhithe a ráthú dá n-uireasa; de bhrí gur léirigh an leochaileacht sin go bhfuil tionchair uafásacha aici ar leibhéil táirgeachta, agus go bhfuil iarmhairtí aici ar mheabhairshláinte feirmeoirí mar gheall ar strus, imní agus brú mothúchánach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach i gcásanna áirithe galair ainmhithe a chosc trí vacsaíniú, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, chun dianbhearta rialaithe dosheachanta a sheachaint amhail oll-chiondíothú; de bhrí nach leor an cistiú do bhearta chun galair áirithe ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú faoi chlár an mhargaidh aonair chun cabhrú le feirmeoirí agus leis na Ballstáit galair nua ainmhithe a bhainistiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí go bhfuil na bagairtí a bhaineann le galair ainmhithe thar a bheith tábhachtach don trádáil idirnáisiúnta ainmhithe agus táirgí ainmhíocha de chuid an Aontais agus go bhfágann siad gur gá do chomhpháirtithe trádála an Aontais aitheantas a thabhairt do chóras réigiúnaithe an Aontais, arna bhunú i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe agus prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) chun galair a rialú agus/nó trádáil shábháilte a choinneáil ar bun trí thrádáil ó limistéir atá buailte ag galair a shrianadh, agus bacainní nach bhfuil gá leo agus cur isteach ar thrádáil earraí ó limistéir nach bhfuil buailte ag galair á seachaint an tráth céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí, in ainneoin gur uirlis éifeachtach é chun leathadh galar ainmhithe a chosc, gur úsáideadh vacsaíniú mar uirlis chun srian a chur ar thrádáil idir Ballstáit an Aontais agus tíortha nach bhfuil san Aontas seachas é a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chuige iomlánaíoch an Aontais i leith rialú galar ainmhithe comhdhéanta de roinnt comhpháirteanna, mar atá, na bearta rialaithe sonracha atá i bhfeidhm chun faireachas a dhéanamh ar gach galar, ranníocaíocht airgeadais an Aontais, an córas fógartha, foireann éigeandála an Aontais, an córas inrianaitheachta agus saotharlanna tagartha an Aontais le haghaidh galair roghnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí gurb í an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, ar saincheist Aon Sláinte amháin í lena gcuimsítear sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus an comhshaol, ceann de na trí bhagairt sláinte is tábhachtaí a shainaithin an Coimisiún i mí Iúil 2022 agus go bhfuil tionchar mór socheacnamaíoch aici ar an earnáil talmhaíochta, toisc go mbíonn méadú ar ghalracht agus ar bhásmhaireacht in ainmhithe mar thoradh uirthi agus go gcuireann sí sláinte agus leas na n-ainmhithe agus, dá réir sin, táirgiúlacht ainmhithe, i mbaol; de bhrí gur cheart do CBT agus do chláir eile de chuid an Aontais tacú le feabhas a chur ar an mbithshlándáil ar fheirmeacha beostoic, vacsaíniú coisctheach, oiliúint agus tacaíocht theicniúil d’fheirmeoirí a chur chun cinn, agus taighde a dhéanamh ar roghanna malartacha éifeachtacha agus inacmhainne ar úsáid ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe feirmshaothraithe agus iad a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí go léirítear sa chéad Tuarascáil Bhliantúil Faireachais maidir le díolacháin Eorpacha agus úsáid ábhar frithmhiocróbach sa leigheas tréidliachta (ESUAvet 2023)<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, <STRING ITALIC="on">European sales and use of antimicrobial for veterinary medicine</STRING> [Díolacháin Eorpacha agus úsáid ábhar frithmhiocróbach le haghaidh leigheas tréidliachta], 31 Márta 2025, https://www.ema.europa.eu/en/documents/report/european-sales-use-antimicrobials-veterinary-medicine-annual-surveillance-report-2023_en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> go raibh an sprioc maidir le laghdú 50 % ar dhíolacháin ábhar frithmhiocróbach faoi 2030 thart ar leath bealaigh cheana féin le baint amach faoi 2023, ach go dtugtar rabhadh inti go bhféadfaí an bonn a bhaint de na forbairtí dearfacha sin mar gheall ar mhéadú ar ghalair ainmhithe agus easpa cur chuige comhordaithe an Aontais maidir le vacsaíniú, faireachán luath, bithshlándáil agus cosc agus ullmhacht fhoriomlán galar;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí go mbunaítear creat dlíthiúil le Dlí an Aontais maidir le Sláinte Ainmhithe chun rialacha a chomhchuibhiú ar fud na hearnála a bhaineann le trádáil laistigh den Aontas, teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas, díothú galar, rialuithe tréidliachta, fógra a thabhairt faoi ghalair, agus tacaíocht airgeadais i ndáil le speicis éagsúla ainmhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí go n-áirítear sa reachtaíocht atá ann cheana maidir le galar in-tarchurtha ainmhithe sraith chuimsitheach forálacha a bhaineann le faireachas, cláir dhíothúcháin agus stádas saor ó ghalar, agus go gceanglaítear ar na Ballstáit liosta cothrom le dáta dá gcríocha nó dá gcriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu, agus dá réigiúin a bhfuil stádas saor ó ghalar acu, a bhunú agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta, lena gceadaítear vacsaíní agus táirgí sláinte ainmhithe eile a údarú; de bhrí go bhfuil an reachtaíocht sin ina croílár de ghalair ainmhithe a chosc agus a bhainistiú san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>BE.</NO.P>de bhrí gur cheart bearta coisctheacha agus rialaithe le haghaidh gach galair ainmhithe a chur in oiriúint dá phróifíl eipidéimeolaíoch, dá iarmhairtí agus dá dháileadh geografach laistigh den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>BF.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach luathbhrath agus slabhra soiléir um fhógra a thabhairt agus um thuairisciú a bheith ar bun chun rialú éifeachtach a dhéanamh; de bhrí gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas láithreach faoi aon amhras i leith ráige nó faoi aon deimhniú ráige;
</CONS><CONS>
<NO.P>BG.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le fógra a thabhairt faoi ghalair agus iad a thuairisciú san Aontas chun cothrom na Féinne a choinneáil idir na Ballstáit agus saobhadh iomaíochta a sheachaint; de bhrí go gcumhachtaítear don Choimisiún liosta de ghalair a bhunú, ar galair iad atá faoi réir fógra a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh ina leith san Aontas, chomh maith leis na nósanna imeachta agus an fhormáid is gá a úsáid chun fógra a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh i leith galar tríd an gCóras Faisnéise Galar Ainmhithe (ADIS);
</CONS><CONS>
<NO.P>BH.</NO.P>de bhrí gur measadh gurbh ionann líon na bhfeoiliteoirí móra i mór-roinn na hEorpa in 2012 agus 9 000 lincse Eoráiseach, 17 000 béar donn, 1 250 glutan agus 12 000 mac tíre; de bhrí nach bhfuil aon mheastachán aonfhoirmeach, cothrom le dáta ag an Aontas ar líon na bhfeoiliteoirí móra;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí leis an tionscnamh ón gCoimisiún, ina Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, sruth oibre a bhunú maidir le beostoc arb é is aidhm dó conairí beartais iomchuí a shainaithint agus a fhorbairt chun tacú le feirmeoireacht beostoic agus chun feabhas a chur ar a iomaíochas trí réitigh spriocdhírithe agus chríochacha seachas trí bheartas ‘a oireann do chách’, agus gnéithe aeráide, dúlra agus cosanta ainmhithe á gcur san áireamh, chomh maith le slándáil bia, athléimneacht agus bainistiú galar ainmhithe; á chur i bhfios go dteastaíonn réitigh atá curtha in oiriúint do scála náisiúnta, réigiúnach nó fo-réigiúnach ó éagsúlacht an táirgthe beostoic, riachtanais speiceas agus na héagothromaíochtaí idir dálaí áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a dhéanamh i ndáil le tógáil beostoic i limistéir shléibhtiúla, iargúlta agus faoi mhíbhuntáiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionscnaimh nó tograí reachtacha a bheith, trí bhearta díreacha nó indíreacha, ina ndídhreasú d’fheirmeoireacht beostoic; á áitiú nár cheart earnáil an bheostoic a thabhairt faoi chóras rialála atá ceaptha do thionscail throma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ag cur le hobair ó shruth oibre beostoic an Aontais, grúpa ardleibhéil maidir le beostoc a bhunú, a bheidh bunaithe ar an ngrúpa ardleibhéil maidir le beartas fíona, ina mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach, lena n-áirítear feirmeoirí, ionadaithe na mBallstát ó earnáil an bheostoic, an saol acadúil agus gairm na tréidliachta, comhlachais ionadaíocha agus eagraíochtaí ábhartha sláinte ainmhithe, ionadaithe tionscail, agus ionadaithe ó údaráis áitiúla; á chur i bhfios gur cheart go léireodh comhdhéanamh an ghrúpa sin iolrachas chríocha an Aontais trí ionadaíocht chothrom a sholáthar ar imthosca réigiúnacha éagsúla, lena n-áirítear limistéir ina bhfuil dlús ard beostoic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chreidiúint, trí na Ballstáit agus na geallsealbhóirí a thabhairt le chéile, gur cheart don ghrúpa ardleibhéil sin machnamh a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh earnáil an bheostoic agus réitigh nithiúla agus shóisialta a sholáthar, bunaithe go háirithe ar thaighde a rinneadh sa réimse sin; á iarraidh go mbeadh idirphlé oscailte agus cuiditheach ann i measc na ngeallsealbhóirí uile chun comhar a spreagadh, réitigh phraiticiúla a fhorbairt, agus cumarsáid fhíricbhunaithe maidir le feirmeoireacht beostoic a áirithiú; á chreidiúint gur cheart do na réitigh sin aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar athlonnú táirgthe lasmuigh den Eoraip, ar athnuachan ó ghlúin go glúin agus ar chur chun cinn infheistíochtaí chun iomaíochas na feirmeoireachta beostoic a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éilítear leis na dúshláin shonracha a dhéanann difear d’earnáil an bheostoic freagairt chomhordaithe, iltoiseach bheartais lena léirítear go hiomlán tábhacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta na feirmeoireachta beostoic laistigh den Aontas agus dá cheantair thuaithe, agus comhbhabhtálacha idir na dúshláin sin á seachaint ag an am céanna; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart go léireodh an fhreagairt bheartais sin rannchuidiú na hearnála le comhtháthú tuaithe, slándáil bia, bainistiú inbhuanaithe talún, leas ainmhithe agus soláthar próitéine ainmhithe ar mhargadh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat cobhsaí agus intuartha a chur ar fáil d’fheirmeoirí trí ualaí rialála nach bhfuil gá leo a theorannú agus trí rialacha beostoic a shimpliú, go háirithe d’fheirmeacha ar mhionscála agus d’fheirmeacha teaghlaigh, agus ar an gcaoi sin oibríochtaí a éascú agus tacú le forbairt na hearnála; á chur i bhfáth gur gá measúnú a dhéanamh ar thionchar carnach reachtaíocht an Aontais agus éiginnteacht dhlíthiúil agus ualaí riaracháin arb é dlí an Aontais agus rórialáil náisiúnta is cúis leo a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil feabhas a chur ar inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na feirmeoireachta beostoic ag brath ar fhís fhadtéarmach lena dtugtar aghaidh ar raon leathan idirnasctha tosca, lena n-áirítear iomaíochas praghsanna agus neamhphraghais, an cumas oiriúnú don athrú aeráide agus do theagmhais adhaimsire ghaolmhara, agus galair ainmhithe; á chreidiúint go n-áirítear ar thosca an-ábhartha eile truailliú cothaitheach, seirbhísí éiceachórais a bhfuil luach saothair ag dul leo a fhorbairt agus a sholáthar, tacaíocht infheistíochta spriocdhírithe, leas ainmhithe a chur chun cinn, dreasachtaí nuálaíochta agus digitithe, chomh maith le hathnuachan ó ghlúin go glúin, rochtain ar thacaíocht agus ar sheirbhísí comhairleacha agus dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú do tháirgeoirí beostoic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an leas is mó ag feirmeoirí maidir le dea-shláinte agus leas a n-ainmhithe a áirithiú, ós rud é gur riachtanas eiticiúil agus eacnamaíoch araon é déanamh amhlaidh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil leas ainmhithe ar fheirmeacha nasctha freisin le hinniúlacht an choimeádaí ainmhithe ar leith; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá oiliúint agus oiliúint bhreise rialta i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfágann éagsúlacht chórais feirmeoireachta beostoic na hEorpa, ó fheirmeoireacht saor-raoin lena mbaineann féaraigh a bhfuil ardluach comhshaoil acu go minic agus speicis agus pórtha feirme atá i mbaol go feirmeacha mórscála, speisialaithe agus an-éifeachtúil, córais beostoic barr, feirmeoireacht athghiniúnach agus orgánach agus feirmeoireacht féaraigh, buailteachas séasúrach, innilt foraoise agus feirmeoireacht ainmhithe ar mhionscála le haghaidh úsáid phearsanta, agus éagsúlacht na bpórtha beostoic a choinnítear, gur féidir le feirmeacha réimse earraí agus seirbhísí comhlántacha a sholáthar, agus ar an gcaoi sin, cuirtear feabhas ar athléimneacht na hearnála beostoic ina hiomláine agus réimse leathan éileamh tomhaltóirí á gcomhlíonadh ag an am céanna; ag iarraidh ar an gCoimisiún éagsúlacht córas táirgthe a chur chun cinn agus a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht mhéadaithe i leithdháileadh agus in úsáid chistí an Aontais a leithdháiltear ar eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) chun aon riosca maidir le mí-úsáid nó tionchar míchuí ar bheartais an Aontais a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún clár poiblí a bhunú ina sonrófar méid agus cuspóir an chistithe a fhaigheann ENRanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leithdháileadh cistí, lena n-áirítear tríd an gclár don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide (LIFE), ar ENRanna a dhéanann gníomhaíochtaí brústocaireachta os comhair institiúidí de chuid an Aontais, go háirithe maidir le leas ainmhithe, rud a d’fhéadfadh prionsabail dheighilt na gcumhachtaí agus an chomhair dhílis a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur le cistiú ENRanna a dhéanann brústocaireacht spriocdhírithe agus a chuireann íomhá mhíthreorach, mhíleata agus idé-eolaíoch d’fheirmeoireacht beostoic in iúl san Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go nochtfaidh tairbhithe uile na gcistí comhdhlúite a gcruinnithe le hionadaithe institiúidí de chuid an Aontais nuair a bheidh sé mar aidhm acu tionchar a imirt ar bheartais an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus slándáil bia</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go rachaidh sé chun tairbhe don tslándáil bia ar fud an domhain earnáil beostoic rathúil, inbhuanaithe agus athléimneach a choinneáil san Aontas, go neartóidh sé biafhlaitheas agus fás eacnamaíoch an Aontais agus go rannchuideoidh sé le haistí bia Eorpacha atá cothrom agus éagsúil trí thomhaltas táirgí ar cháilíocht ardchothaitheach atá bunaithe ar ainmhithe, ar táirgí iad atá ina bhfoinse uathúil de roinnt micreachothaitheach agus comhdhúile bithghníomhacha, nach féidir roghanna malartacha plandaí nó saorga a chur in ionad a luacha chothaithigh go leormhaith agus gur cheart é a aithint agus treoirlínte cothaithe fianaisebhunaithe á ndréachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leagtar béim i dtuarascáil 2023 ó FAO dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Contribution of terrestrial animal source foods to healthy diets for improved nutrition and health outcomes</STRING>’ [Rannchuidiú bianna ó fhoinse ainmhithe talún le haistí bia sláintiúla le haghaidh torthaí feabhsaithe maidir le cothú agus sláinte] ar an ról atá ag bianna atá bunaithe ar ainmhithe maidir le próitéin ardcháilíochta agus micreachothaithigh riachtanacha a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith in easnamh in aistí bia plandabhunaithe; á chur i bhfáth go bhfuil na bianna sin ríthábhachtach do leanaí, do dhéagóirí, do mhná torracha agus do mhná atá ag lachtadh, do mhná in aois atáirgthe, do dhaoine scothaosta, agus do dhaoine a bhfuil galair ainsealacha orthu, agus go bhféadfadh sé a bheith deacair roghanna malartacha plandabhunaithe a chur ina n-ionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá feirmeoireacht beostoic do shlabhraí luacha réigiúnacha agus do mhargaí áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le líonra na seamlas réigiúnach a dhíchóimeáil tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go nglacfaí cur chuige cothrom lena n-aithnítear an ról fíor-riachtanach atá ag táirgí atá bunaithe ar ainmhithe sa chothú domhanda, agus tábhacht an táirgthe sin d’ioncam feirme agus do chobhsaíocht eacnamaíoch á cur san áireamh ag an am céanna; á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag beostoc sa gheilleagar ciorclach agus in uaschúrsáil sruthanna dramhaíola ó thionscal an bhia, agus in earnálacha éagsúla amhail teicstílí, éadaí, coisbheart, earraí leathair, tógáil, cosmaidí agus cógaisíocht; á chur i bhfios gur gá aghaidh a thabhairt, ag an am céanna, ar thionchair éagsúla na gcóras táirgthe ar an gcomhshaol, ar an aeráid agus ar leas ainmhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint leis an tslándáil bia a áirithiú san Eoraip agus an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú ag an am céanna, ar dúshlán é nach mór aghaidh a thabhairt air trí chineálacha cur chuige trédhearcacha eolaíochtbhunaithe agus tríd an nuálaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé fíor-riachtanach feabhas a chur ar tháirgiúlacht, athléimneacht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht in earnáil beostoic an Aontais chun soláthar intíre próitéiní ardcháilíochta a mhéadú a fhreastalaíonn ar riachtanais thomhaltóirí an Aontais agus an tslándáil bia a neartú, go háirithe i gcomhthéacs na luaineachta sa mhargadh domhanda, teannas geopholaitiúil agus an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar an éileamh domhanda ar phróitéiní sa chéad 30 bliain eile atá romhainn; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tAontas fós ag brath go mór ar próitéiní plandabhunaithe a allmhairiú le haghaidh beatha ainmhithe ó líon teoranta comhpháirtithe, rud a bhaineann an bonn den cheannasacht próitéine agus a fhágann go bhfuil an córas bia leochaileach do luaineachtaí sa mhargadh domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil táirgeadh inbhuanaithe, éagsúlaithe agus intíre próitéine bunriachtanach chun bia agus beatha leordhóthanach, sábháilte agus ar ardchaighdeán a áirithiú; á thabhairt chun suntais gur féidir le hearnáil na próitéine ainmhithe tacú leis an táirgeadh sin trí eisiltigh beostoic a úsáid mar leasacháin nádúrtha agus trí sheachtháirgí plandaí a aisghabháil le haghaidh beatha agus sruthanna dramhaíola ó bhia chun córas níos comhtháite, níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún, ina Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, go bhforbróidh sé plean cuimsitheach le haghaidh córas próitéine de chuid an Aontais a bheidh níos neamhthuilleamaíche agus níos inbhuanaithe, lena dtabharfar aghaidh ar tháirgeadh, allmhairiú agus tomhaltas próitéiní san Aontas chun athléimneacht fhadtéarmach an chórais agraibhia a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá seasamh feirmeoirí sa slabhra luacha agraibhia a neartú, lena n-áirítear trí chomharchumainn, eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais táirgeoirí, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar shásraí lena n-áiritheofar go bhfaighidh feirmeoirí praghsanna lena gcumhdófar a gcostais táirgthe ar a laghad; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach ioncam cuibhiúil, cothrom agus níos cobhsaí, dálaí oibre níos fearr, aitheantas sóisialta, rochtain níos fearr ar chreidmheas, agus cistiú inbhuanaithe don taighde agus don infheistíocht i gcáilíocht beostoic a chur ar fáil do tháirgeoirí beostoic chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch na hearnála a áirithiú, agus luach cuí á chur ar ról na bhfeirmeoirí maidir le soláthar bia an Aontais a áirithiú agus glúnta óga a mhealladh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur rannchuidigh éagobhsaíocht praghsanna, costais arda táirgthe, rómhaorlathas iomarcach agus easpa aitheantais don ghairm ag an tsochaí le daoine atá ag fágáil na feirmeoireachta agus le haosú na hearnála; á chur i bhfios nach mór d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide roinnt ceanglas a chomhlíonadh cheana féin, nach léiríonn a n-éifeachtaí cóimheas réasúnta costais is tairbhe; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hionstraimí éifeachtacha chun tacú le hioncam, chun rómhaorlathas a laghdú, chun an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus chun feabhas a chur ar an aitheantas a thugtar d’obair feirme sa tsochaí, mar phríomhghnéithe chun inmharthanacht fhadtéarmach na feirmeoireachta beostoic san Aontas a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hearnáil an bheostoic agus leanúint ar aghaidh lena straitéis beostoic a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go mbaineann costais shuntasacha le hinfheistíochtaí i suiteálacha nua beostoic agus le hathchóiriú na suiteálacha atá ann cheana agus nach mór iad a phleanáil agus a chur i gcrích thar thréimhse fhada ama; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh sé go gcaillfeadh suiteálacha beostoic a n-údaruithe mar thoradh ar athbhreithnithe ar reachtaíocht maidir le leas ainmhithe, rud a chiallaíonn nach mór iad a atógáil ar chostas ard blianta roimh dheireadh na saolré atá beartaithe dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais údaraithe a chur chun cinn agus a dhreasú, laistigh dá chumais, sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil feirmeoireacht beostoic inbhuanaithe, go háirithe i bhfeirmeacha beaga agus meánmhéide, bunriachtanach do bheocht shocheacnamaíoch na gceantar tuaithe, go háirithe limistéir shléibhtiúla, limistéir dhlúthbheostoic, agus limistéir faoi mhíbhuntáiste amhail féarthailte buana, tailte portaigh agus móinéir, áit ar minic gurb í an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch nó fiú an t-aon ghníomhaíocht eacnamaíoch inmharthana í agus a chothaíonn táirgeadh, fás eacnamaíoch agus cothabháil tírdhreacha; á chur i bhfáth nach amháin go gcruthaíonn feirmeoireacht beostoic fostaíocht tuaithe agus go gcuidíonn sí le dídhaonrú a chosc, ach go rannchuidíonn sí freisin le bainistiú gníomhach talún, le cosc dóiteán, le caomhnú na bithéagsúlachta agus le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus tírdhreacha; á thabhairt chun suntais nach féidir luach dáiríre a chur ar an ról i roinnt mhaith réigiún maidir le comhtháthú críochach agus maidir le pobail a choinneáil beo; á chur i bhfios go láidir gur bealach éifeachtach í feirmeoireacht fhairsing féaránaigh chun luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí as na seirbhísí éiceachórais a chuireann siad ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún plean a sheoladh lena gcothófar teicneolaíochtaí nua, nuálaíocht bheatha agus feabhsú géiniteach tréad, chun infheistíocht i dtaighde poiblí agus príobháideach ar phórú ainmhithe agus ar ghéineolaíocht a fheabhsú, chun scaipeadh dea-chleachtas a éascú seachas bearta athstruchtúrúcháin eallaigh uimhriúla ar mhórscála a fhorchur lena laghdófaí agus lena gcuirfí i mbaol biafhlaitheas agus slándáil bia na hEorpa, agus chun táirgeadh agus éifeachtúlacht a bharrfheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur uirlis thábhachtach é pórú ainmhithe chun táirgiúlacht, éifeachtúlacht agus sláinte ainmhithe a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta sa taighde agus sa nuálaíocht maidir le pórú agus géineolaíocht ainmhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh go mbeadh plean ann chun linnte géinte pórtha traidisiúnta éagsúla atá i mbaol a chosaint, speicis áitiúla a chur chun cinn agus pórtha tuathúla a thógáil atá oiriúnaithe níos fearr d’aeráidí áitiúla agus dea-chleachtas a scaipeadh agus éagsúlacht ghéiniteach á caomhnú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá cabhair a choinneáil faoi Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2022/2472<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcur i bhfeidhm (IO L 327, 21.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2472/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gCoimisiún chun tacú le dul chun cinn géiniteach i dtáirgeadh ainmhithe; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé taighde, nuálaíocht agus glacadh cleachtas fianaise-bhunaithe a chur chun cinn lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht beostoic ar fud gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, lena n-áirítear trí infheistíocht spriocdhírithe i dtaighde géiniteach, éifeachtúlacht chothaitheach agus roghnú le haghaidh tréithe táirgthe fadtéarmacha, agus an gá atá le taighde agus nuálaíocht a spreagadh agus a chistiú i limistéir dhlúthbheostoic chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, agus ardchaighdeáin leasa ainmhithe á gcur chun cinn agus slabhraí soláthair beostoic comhtháite agus athléimneacha á gcothú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur féidir le feabhsú géiniteach le dea-bhainistiú agus nuálaíocht astaíochtaí a laghdú agus rogha mhalartach inbhuanaithe a chur ar fáil ar athstruchtúrú tobann a chuireann inmharthanacht feirme agus biafhlaitheas an Aontais i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á aithint go dtugtar le fios i bhFís an Choimisiúin le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia go bhfuil CBT fós ríthábhachtach chun tacú le hioncam feirmeoirí, agus go bhfuil ról ríthábhachtach fós ag íocaíochtaí díreacha CBT maidir le tacú le hioncam talmhaíochta ar leibhéal na feirme agus é a chobhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht dhíreach ioncaim agus na cláir uile atá á gcistiú faoi láthair ag CBT a chosaint, ós rud é gur tairbhithe móra de CBT atá ann faoi láthair iad na hearnálacha beostoic agus feirmeoireachta measctha faoi Cholún a hAon (íocaíochtaí díreacha, íocaíochtaí cúpláilte le haghaidh mairteola, laofheola, caorach agus gabhar) agus faoi Cholún a Dó, go háirithe trí thacaíocht le haghaidh infheistíochtaí, íocaíochtaí le haghaidh srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide; ag tabhairt dá haire gur dúshlán iad inmharthanacht eacnamaíoch agus athnuachan neamhleor ó ghlúin go glúin do go leor gabháltas, rud a éilíonn aird ar leith agus fóirdheontais a bhaineann le táirgeadh, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá íocaíochtaí cúpláilte le feirmeoirí gníomhacha; á iarraidh go mbeadh buiséad tiomnaithe láidir ann do CBT sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus ag tabhairt dá haire nach mór é sin a imfhálú agus a chothabháil ar leibhéal bhuiséad reatha CBT ar a laghad i dtéarmaí réadacha, agus boilsciú á chur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag comharchumainn, i bhfianaise chineál meatach na dtáirgí atá bunaithe ar ainmhithe agus na gcostas ard idirbhirt, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leo feabhas a chur ar athléimneacht, cumhachtú táirgeoirí, luachshocrú comhtháirgí agus athnuachan ó ghlúin go glúin agus cineálacha cur chuige ciorclacha a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí tacaíocht CBT a chur in oiriúint d’imthosca feirme, go háirithe feirmeacha ar mhionscála agus feirmeacha teaghlaigh, agus go bhféadfaí íocaíochtaí in aghaidh an ainmhí a dhéanamh in earnáil an bheostoic; á chur i bhfáth gur gá inmharthanacht eacnamaíoch feirmeoirí a fheabhsú trí uirlisí éagsúlaithe agus bainistithe riosca chun iomaíochas, brabúsacht agus athléimneacht fhadtéarmach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rioscaí méadaitheacha agus éagsúla roimh fheirmeoirí, amhail margaí dothuartha, an t-athrú aeráide agus teagmhais adhaimsire ghaolmhara, galair ainmhithe, teannas geopholaitiúil agus tionchair éiginnte comhaontuithe trádála; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, uirlisí bainistithe géarchéime a neartú agus an cúlchiste géarchéime talmhaíochta in CBT tar éis 2027 a mhéadú agus é a chomhcheangal le cruthú ionstraimí airgeadais sonracha nua arna gcistiú ó lasmuigh de CBT, ós rud é go bhfuil na bearta sin bunriachtanach chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar an gcaillteanas eacnamaíoch agus ar na costais bhreise atá roimh fheirmeoirí an Aontais agus chun cobhsaíocht níos fearr a sholáthar dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an tacaíocht CBT atá ann cheana chun sásraí airgeadais agus socheacnamaíocha a neartú; á áitiú go bhfuil íocaíochtaí CBT fós bunriachtanach do leanúnachas ioncaim beostoic, go háirithe do ghabháltais a bhfuil speisialtóireacht acu i dtáirgeadh mairteola, déiríochta, caorach agus gabhar, agus dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil trí innilt fhairsing; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hidirthréimhse tar éis 2027 chun oiriúnú do rialacha nua a cheadú; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear in Omnibus CBT ainmhithe buaibheacha, caorach nó gabhair a bhfuil ardluach géiniteach orthu a fháil i measc an chaiteachais incháilithe faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhoráil sin a leathnú chuig muca a bhfuil ardluach géiniteach orthu chun críoch pórúcháin, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad d’iomaíochas agus d’athléimneacht earnáil beostoic na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur gá an leibhéal céanna uaillmhéine ar a laghad a choinneáil in CBT tar éis 2027; ar deireadh, á iarraidh ar an gCoimisiún riachtanais shonracha na bhfeirmeoirí beostoic i limistéir dhlúthdhaonra a aithint agus tacaíocht leormhaith CBT a chur ar fáil, ag tabhairt dá haire gur féidir forbairt réigiúnach chothrom a fheabhsú trí líon na bhfeirmeacha agus bonneagar áitiúil amhail seamlais, muilte beatha agus saoráidí próiseála a chothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí feirmeoireacht beostoic atá fairsing agus féarbhunaithe a dhreasú, go háirithe faoi CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá díchaipitliú earnáil an bheostoic a stopadh agus a aisiompú agus cómhalartacht iomlán chaighdeán an Aontais le haghaidh gach táirge allmhairithe a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí sonracha a fhorbairt chun cothrom iomaíochta agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú idir a bheartais trádála agus inbhuanaitheachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainiúlachtaí earnáil na talmhaíochta a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, cómhalartacht iomlán chaighdeáin an Aontais a áirithiú trí chlásail chomhuaineacha a áireamh agus comhaontuithe trádála á dtabhairt i gcrích, agus talmhaíocht, táirgeadh bia agus sláinte phoiblí na hEorpa a chosaint i ngach comhaontú trádála; á áitiú, i ndáil leis sin, nár cheart go mbeadh tionchar diúltach ag comhaontuithe trádála idirnáisiúnta ar thalmhaíocht na hEorpa agus gur cheart go ráthófaí cómhalartacht leo agus nach mbeadh aon rioscaí ag baint leo don tsláinte phoiblí; á chur i bhfáth a phráinní atá sé idirghabhálacha margaidh a oiriúnú trí phraghsanna tagartha le haghaidh clásail choimirce a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le dálaí nua margaidh agus le huirlisí bainistíochta nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh feirmeoirí beostoic in ann tairbhe a bhaint freisin as an sruth ioncaim breise a sholáthraíonn an fheirmeoireacht carbóin; á iarraidh, i ndáil leis sin, go n-aistreofaí de réir a chéile ón gcóras atá ann faoi láthair atá dírithe ar chleachtais fhorordaithe agus ar údarú riaracháin tosaigh i dtreo creat bainistithe astaíochtaí atá dírithe ar thorthaí, agus ag an am céanna cead a thabhairt d’fheirmeoirí beostoic cinneadh a dhéanamh maidir leis na modhanna agus na teicneolaíochtaí a úsáidfidh siad, agus ar an gcaoi sin saoirse fiontraíochta a chaomhnú agus cuntasacht a áirithiú as na cuspóirí sin a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin maidir le próiseáil feola, amhail an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh cigireacht ar fheoil, agus comhchuibhiú treoirlínte íosta maidir le meastóireacht ar chion feola, lena gcuirtear teorainn faoi láthair le húsáid iomlán conablach ainmhithe, chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a mhéadú agus chun ioncam níos airde a áirithiú d’fheirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhféadfaidh córais feirmeoireachta beostoic, go háirithe, leas a bhaint as cleachtais agus teicneolaíochtaí is féidir a úsáid chun sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach, lena n-áirítear, mar shampla, córais ar chostas íseal, córais dhá threo agus beachtfheirmeoireacht beostoic, agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha nua lena gcuirtear feabhas ar bhainistiú ainmhithe agus córas, próiseáil sonraí agus inrianaitheacht; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tuairisciú ar dhea-chleachtais maidir le hinbhuanaitheacht beostoic agus bearta nithiúla a mholadh a thacaíonn le nuálaíocht, éifeachtúlacht agus athléimneacht na hearnála, lena n-áirítear úsáid níos fearr a bhaint as bunachair sonraí choiteanna agus as bainc ghéinte bunphórtha atá ann cheana chun a chur ar chumas póraitheoirí ar mian leo sin leanúint le seanspeicis áirithe a phórú; á thabhairt chun suntais an bhearna scileanna digiteacha idir ceantair thuaithe agus uirbeacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go rachaidh an claochlú digiteach chun tairbhe d’fheirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart go rachadh saothrú spriocanna feabhsaithe táirgiúlachta ainmhithe nó aeráide chun dochair do shláinte agus leas ainmhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag spreagadh forbairt beartas atá ina dtacú le feirmeacha teaghlaigh agus le feirmeoirí óga agus nua chun táirgeadh inbhuanaithe beostoic agus táirgeadh beostoic ar mhionscála mar shlí mhaireachtála agus mar mhodh slándála bia a choinneáil ar bun agus a fheabhsú; á chur i bhfios gur gá, dá bhrí sin, tacú le feirmeoirí a bheith seanbhunaithe trí uirlisí airgeadais láidre tiomnaithe, chun go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar bhrúnna airgeadais ar bhealach níos fearr; á áitiú a thábhachtaí atá struchtúir chomhchoiteanna amhail comharchumainn agus eagraíochtaí táirgeoirí atá faoi úinéireacht feirmeoirí agus atá á reáchtáil ag feirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an tacaíocht do na réigiúin is forimeallaí a neartú, i gcás ina mbíonn costais feirmeoireachta i bhfad níos airde mar thoradh ar dhálaí struchtúracha agus geografacha; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú POSEI a thabhairt cothrom le dáta sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun an boilsciú ó 2007 i leith a léiriú; ag tabhairt dá haire nach leor innéacsú amháin chun aghaidh a thabhairt ar chostais táirgthe, iompair agus soláthair atá ag dul i méid; á chur i bhfáth go bhfuil cistiú leormhaith POSEI bunriachtanach chun an fheirmeoireacht a chothú, chun inmharthanacht feirme a áirithiú agus chun seasamh le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún na riachtanais agus na dúshláin shonracha atá roimh fheirmeoirí beostoic i limistéir shléibhtiúla agus i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste a aithint, lena n-áirítear réigiúin oileánacha, intíre, iargúlta agus na réigiúin is forimeallaí, agus a áirithiú go dtabharfar tacaíocht leordhóthanach trí CBT, go háirithe trí thacaíocht chúpláilte, idirghabhálacha earnáilsonracha agus bearta forbartha tuaithe spriocdhírithe; á chur i bhfios go láidir gur rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht comhshaoil é an fheirmeoireacht beostoic a choinneáil ar bun i limistéir iargúlta, oileánacha agus mhídheisiúla trí thréigean talún a chosc, tacú le bithéagsúlacht agus tírdhreacha traidisiúnta a chaomhnú, trí thacú le hioncam feirmeoirí agus le slite beatha tuaithe agus trí chuidiú le ceantair thuaithe a athphobalú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht ghníomhach ionadaithe na réigiún is forimeallaí laistigh den ghrúpa ardleibhéil a áirithiú, ós rud é go bhfuil a gcuid dúshlán féin ag baint le saintréithe sonracha geografacha, socheacnamaíocha agus táirgthe na réigiún sin agus nach mór aird ar leith a thabhairt orthu agus beartais an Aontais á dtarraingt suas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhar domhanda agus aistriú nuálach eolais chun tacú le córais beostoic inbhuanaithe, go háirithe ó réigiúin Eorpacha a bhfuil córais beostoic an-éifeachtúil acu, arna spreagadh ag fás tapa an daonra agus uirbiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh san oideachas, san oiliúint agus sa bhonneagar a chuirfidh ar a gcumas d’fheirmeoirí cleachtais táirgthe beostoic atá níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus níos fearr do shláinte agus do leas ainmhithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear digitiú, taighde feidhmeach, aistriú eolais agus oiliúint maidir le uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh luathbhrath agus cosc galar eipeasótach, amhail córais faireacháin sláinte le haghaidh beostoic; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá seirbhísí comhairleacha neamhspleácha i ndáil leis sin, agus á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as CBT chun na seirbhísí sin a chistiú go cuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rialacha níos simplí ann maidir le leas ainmhithe lena ndíreofar ar chabhrú le feirmeoirí trí oideachas agus trí thacaíocht seachas trí mhodhanna atá dírithe ar fhorfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a chonclúidí a thíolacadh maidir le córas lipéadaithe leasa ainmhithe a fhorbairt lena ráthaítear faisnéis leormhaith agus aonfhoirmeach do thomhaltóirí, agus ar an gcaoi sin na rioscaí don mhargadh inmheánach a eascraíonn as iomadú scéimeanna áitiúla leasa ainmhithe a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios nach bhfuil ach 12 % de ghabháltais feirme san Aontas á reáchtáil ag daoine atá faoi bhun 40 bliain d’aois, agus go gcuireann an easpa feirmeoirí óga sin inmharthanacht eacnamaíoch, leanúnachas ó ghlúin go glúin agus inbhuanaitheacht earnáil beostoic na hEorpa amach anseo i mbaol; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, feabhas a chur ar éifeachtacht na tacaíochta do ghnólachtaí nuathionscanta chun bacainní iontrála ar earnáil an bheostoic a shárú, lena n-áirítear costais arda do ghnólachtaí nuathionscanta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé deacair feirmeoirí óga a mhealladh chuig earnáil an bheostoic, atá thíos le heaspa tarraingteachta mar gheall ar a dhúshlánaí atá an obair amhail uaireanta oibre fada, deiseanna teoranta chun am saor a thógáil agus easpa seirbhísí athsholáthair, agus gur gá líon méadaitheach na mban atá ag obair ar fheirmeacha beostoic a chur san áireamh trí bhearta agus deiseanna atá cuimsitheach ó thaobh inscne de a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi straitéis an Choimisiúin maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a chur ar fáil agus féachaint ar réitigh chun dul i ngleic leis na príomhbhacainní ar fheirmeoirí óga beostoic a bhunú, go háirithe infheistíochtaí tosaigh arda i mbonneagar, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar thalamh, go háirithe mar thoradh ar na difríochtaí atá ann idir na Ballstáit, rochtain theoranta ar chreidmheas, ganntanais lucht saothair, saincheisteanna a bhaineann le bainistiú riosca, galair ainmhithe a chosc agus a rialú agus ualaí maorlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht níos mó íocaíochtaí díreacha a dheonú d’fheirmeoirí óga; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá dálaí oiriúnacha a chruthú le haghaidh scor cuibhiúil; ag cur béim ar an bhfíoras gur coinníollacha bunriachtanacha iad rochtain ar chreidmheas agus ar thalamh a éascú, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil praghsanna arda talún acu, infheistíocht i gcáilíocht beostoic a mhéadú agus seirbhísí a fheabhsú i gceantair thuaithe chun glúin nua feirmeoirí a mhealladh agus a choinneáil; á chur i bhfáth nach bhfuil an chomhairle do na Ballstáit 6 % de bhuiséad CBT a leithdháileadh ar athnuachan ó ghlúin go glúin ceangailteach go leor chun tacaíocht leordhóthanach a ráthú d’fheirmeoirí óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur i láthair an Choimisiúin maidir le straitéis bhithgheilleagair an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don ról atá ag feirmeoireacht nuálach beostoic chun ciorclaíocht a chur chun cinn agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an táirgthe fuinnimh, go háirithe bithghás agus bithmheatán, díleáiteán a úsáid mar leasachán bithbhunaithe agus luachshocrú seachtháirgí beostoic tríd an earnáil rindreála chun foinsí breise ioncaim a chur ar fáil d’fheirmeoirí beostoic; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag limistéir dhlútha beostoic go háirithe sa bhithgheilleagar, ós rud é go gcumasaíonn a ngaireacht do limistéir uirbeacha agus achair ghearra comhar ciorclach maidir le sruthanna dramhaíola daonna a mhéadú agus sruthanna dramhaíola feirme a phróiseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deiseanna cistiúcháin leormhaithe agus fadtéarmacha a shainaithint le haghaidh bearta coisctheacha agus cúiteamh d’fheirmeoirí, ar féidir CBT a áireamh orthu, ach nár cheart a bheith teoranta dó, ní hamháin i gcás caillteanais a fulaingíodh agus costais a tabhaíodh mar gheall ar ionsaithe móra feoiliteoirí, ach freisin i gcás bearta maolaithe, lena n-áirítear seirbhísí comhairleacha, comhroinnt eolais, agus oiliúint d’fheirmeoirí maidir le cómhaireachtáil idir féaránaigh agus feoiliteoirí móra.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé beartaithe leis an leasú spriocdhírithe ar an Treoir maidir le Gnáthóga<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun reachtaíocht an Aontais a ailíniú le leibhéal cosanta nuashonraithe an mhic tíre i gCoinbhinsiún Bheirn níos mó solúbthachta a sholáthar maidir le pobail mac tíre a bhainistiú ar fud an Aontais agus chun tionchair shocheacnamaíocha a íoslaghdú; á chur i bhfáth gur gá soghluaisteacht ard trasteorann speiceas a chur san áireamh agus gur féidir le stádas caomhnaithe na bpobal éagsúil den speiceas céanna a bheith éagsúil ar fud na réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar trasteorann maidir leis na saincheisteanna sin a threisiú tuilleadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Inbhuanaitheacht chomhshaoil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag aithint an róil fhíor-riachtanaigh atá ag an bhfeirmeoireacht beostoic, go háirithe córais atá bunaithe ar fhéarthalamh, i dtaca le córais talmhaíochta chiorclacha a choinneáil ar bun, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus seirbhísí aeráide agus comhshaoil a sholáthar trí charbón a cheapadh, cáilíocht an uisce agus sláinte na hithreach a fheabhsú, an bhithéagsúlacht a chosaint, gnáthóga fána agus flóra a chur ar fáil agus tírdhreacha éagsúlaithe oscailte a choinneáil ar bun, go háirithe i limistéir shléibhtiúla, agus úsáid a bhaint as tailte imeallacha nach féidir bia a tháirgeadh do dhaoine; á thabhairt chun suntais gur féidir le speicis mhonagastracha amhail éanlaith chlóis agus mucra ciorclaíocht a fheabhsú tuilleadh trí tháirgí srutha dramhaíola a ionchorprú ina mbeatha agus trí bhithmhais a athchúrsáil, agus go gcuireann a n-aoileach foinse luachmhar leasacháin nádúrtha ar fáil do tháirgeadh barr; á chur i bhfáth go bhféadfadh laghduithe suntasacha ar thréad na feidhmeanna éiceachórais sin a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a mholadh chun ról na feirmeoireachta stoic a fheabhsú i dtaca le féarthalamh atá tábhachtach don chomhshaol agus don chobhsaíocht aeráide a chothabháil trí chórais feirmeoireachta níos éifeachtúla, agus chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na gcóras beostoic trína n-éifeachtúlacht a mhéadú, agus chun ioncaim níos airde a áirithiú d’oibrithe in earnáil an bheostoic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé beostoc a chomhtháthú i samhlacha talmhaíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear córais feirmeoireachta measctha, sreafaí cothaitheach cothroma a áirithiú agus iomaíocht i leith acmhainní a íoslaghdú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá úsáid éifeachtúil beostoic chun cothromaíocht a bhaint amach idir inbhuanaitheacht agus riachtanais bhia, agus á thabhairt chun suntais na tairbhí a bhaineann le hinnilt uainíochta agus plódaithe do tháirgiúlacht farae, ceapadh carbóin, cáilíocht ithreach, bithéagsúlacht agus athléimneacht triomaigh; á chur i bhfios go láidir gur gá feasacht a mhéadú maidir leis na tairbhí comhshaoil a bhaineann le hainmhithe dea-bhainistithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme na mBallstát a mhéadú chun tacú le feirmeoirí an tírdhreach a chaomhnú trí CBT, agus bacainní rialála ar úsáid iomlán féarach á laghdú ag an am céanna agus cosaint níos láidre á háirithiú do thalamh talmhaíochta an Aontais ar thógáil talún, ar dhíghrádú agus ar úsáidí neamhthalmhaíochta iomaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do chórais feirmeoireachta táirgeadh barr a chomhtháthú le riar ainmhithe chun athchúrsáil cothaitheach a éascú trí thús áite a thabhairt do leasacháin orgánacha de rogha ar leasacháin shintéiseacha, chun tomhaltas ceimiceán a laghdú agus torthúlacht na hithreach agus an bhithéagsúlacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, agus aitheantas á thabhairt aige don tábhacht straitéiseach a bhaineann le táirgeadh leasacháin traidisiúnta san Aontas d’iomaíochas na hEorpa, tacú le húsáid aoiligh ainmhithe ar bharra áirithe agus dlús a chur le formheas agus glacadh táirgí leasacháin malartacha, amhail ábhair díleáiteáin agus RENURE, chun athchúrsáil cothaitheach a fheabhsú, spleáchas ar leasacháin shintéiseacha a allmhairítear ó thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú agus ciorclaíocht a chur chun cinn laistigh de chórais beostoic; ag aithint ról straitéiseach earnáil an bheostoic maidir leis an spleáchas ar ionchuir shintéiseacha a laghdú agus á thabhairt dá haire, i ndáil le húsáid díleáiteán agus RENURE a fheabhsú, nach amháin gur rannchuidiú é sin leis an ngeilleagar ciorclach, ach le dícharbónú gheilleagar an Aontais freisin trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tacú le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir maidir le Níotráití<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun úsáid leasachán RENURE os cionn na teorann a leagtar síos chun aoileach a leathadh a cheadú agus chun í a ailíniú leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus le cleachtais leasacháin nuálacha, lena n-áirítear aoileach a úsáid chun bainistiú ciorclach cothaitheach a chur chun cinn agus cáilíocht an uisce á cosaint ag an am céanna; ag tagairt do staidéir a rinneadh le déanaí maidir le tairbhí agus tionchar neodrach a bhíonn ag maoluithe a tugadh do na Ballstáit ar cháilíocht an uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún praghsanna cothroma nó cúiteamh cuí a áirithiú do phóraitheoirí, i bhfianaise an chostais leasachán atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus sa bhonneagar lena gcumasófar úsáid níos leithne leasachán a dhíorthaítear ó aoileach agus bithghás ón bhfeirmeoireacht beostoic, i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-aicmítear táirgí talmhaíochta, seachtháirgí agus táirgí iarmharacha mar dhramhaíl chun a n-úsáid mar thráchtearraí a éascú; á chur i bhfáth gur gné fhíor-riachtanach den gheilleagar ciorclach iad ainmhithe feirmshaothraithe atá nasctha le hearnáil na talmhaíochta, agus á chur i bhfios go láidir gur gá aitheantas níos fearr a thabhairt don rannchuidiú ón bhfeirmeoireacht beostoic leis an mbithgheilleagar trí chur chuige níos cuimsithí i leith na dtimthriallta cothaitheach agus carbóin i ngach réimse den táirgeadh bia agus neamhbhia; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as torthaí taighde ina chur chuige i leith earnáil an bheostoic agus taighde a éascú maidir le beatha chiorclach a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin maidir le seachtháirgí ainmhithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don dui0ne, chun úsáid táirgí ísealriosca, amhail olann, a shimpliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh in aghaidh beartais ‘a oireann do chách’ atá dírithe ar laghduithe mór-scála ar phobail beostoic, rud a d’fhéadfadh díghrádú an chomhshaoil a dhéanamh níos measa agus athléimneacht an chórais bia a chur i mbaol; á thabhairt dá haire, go háirithe, dá ndéanfaí an líon athchogantach a laghdú, go bhféadfadh athrú teacht ar úsáid talún agus éifeachtaí diúltacha a bheith mar thoradh air sin, lena n-áirítear tréigean talún, forbairt foraoisí, cailliúint bithéagsúlachta agus riosca méadaithe tinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i dtaighde agus nuálaíocht chun cleachtais táirgthe barr agus bainistithe beostoic a bharrfheabhsú agus lorg éiceolaíoch an bheostoic a laghdú, lena n-áirítear teicnící póraithe plandaí agus ainmhithe, beathúcháin, innilte agus bainistithe aoiligh agus goirt lena bhfeabhsaítear torthaí inbhuanaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá straitéis lena gcuirtear san áireamh timthriall iomlán na feirmeoireachta, lena dtacaítear leis an bpleanáil is fearr maidir le huainíocht barr, lena n-uasmhéadaítear úsáid na talún arúla, agus lena bhfeabhsaítear agus lena saincheaptar comhdhéanamh beatha ainmhithe a fhásann feirmeoirí, ag tosú le cineálacha plandaí lenar féidir astaíochtaí a laghdú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoirse fiontraíochta a athbhunú sa talmhaíocht, rud a chuirfidh ar chumas feirmeoirí córais aerála, tithíochta agus bheathaithe a fhorbairt agus a roghnú atá oiriúnaithe dá gcúinsí sonracha agus is oiriúnaí dá gcórais táirgthe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar creataí rialála a bhaineann le beostoc a fhorbairt ar bhealach trédhearcach, bunaithe ar eolaíocht fhónta, le rannpháirtíocht iomlán na ngeallsealbhóirí, go háirithe ó fheirmeoirí agus ó eagraíochtaí táirgeoirí beostoic, agus le cásanna fadtéarmacha lena gceadaítear oiriúnú de réir a chéile a dhéanamh; á mholadh go mbeadh fíorchomhairliúcháin phoiblí, staidéir tionchair mhionsonraithe agus sásraí aiseolais leanúnacha mar bhonn taca leis an bpróiseas cinnteoireachta chun cur chun feidhme éifeachtach agus a nglactar leis go háitiúil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí níos mó spáis beartais ar fáil chun cur chuige spriocbhunaithe a éascú, trí thagarmharcáil fheirmbhunaithe seachas trí bhearta ón mbarr anuas, rud a chiallaíonn gur cheart go mbeadh sé de shaoirse ag feirmeoirí na bearta atá le déanamh a roghnú, fad a rannchuidíonn siad leis na cuspóirí atá leagtha síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a mholadh chun ról na feirmeoireachta beostoic a fheabhsú i dtaca le féarthalamh atá luachmhar ó thaobh an chomhshaoil agus na haeráide de a chothabháil trí chórais feirmeoireachta níos fairsinge, agus chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht dianchóras;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An ghné shóisialta a bhaineann le feirmeoireacht beostoic agus dúshláin a bhaineann go sonrach leis an earnáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór forbairt beartas beostoic a bheith bunaithe go daingean ar na caighdeáin eolaíocha is airde, rud lena n-áiritheofar go mbeidh tuiscint chothrom chuimsitheach ann ar an rannchuidiú ó thalmhaíocht ainmhithe agus ar na dúshláin a bhaineann léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cumarsáid eolaíoch atá trédhearcach, inrochtana agus fianaisebhunaithe chun dul i ngleic leis an mífhaisnéis agus an chlaontacht idé-eolaíoch i ndíospóireachtaí poiblí maidir le beostoc agus táirgeadh agus tomhaltas feola; á chur i bhfios, ina leith sin, go spreagann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte tomhaltas próitéiní ainmhithe mar chuid d’aiste bia iomlán agus chothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cinntí polaitiúla agus braistintí sóisialta a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta lena léirítear éagsúlacht na gcóras táirgthe, an méid a chuireann siad le cothú an duine, le geilleagar na tuaithe agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, agus ar an gcaoi sin íomhá níos dearfaí d’earnáil an bheostoic a chur chun cinn, agus, chuige sin, go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an idirphlé idir an eolaíocht, lucht ceaptha beartas, táirgeoirí agus tomhaltóirí trí chur chuige eolasach, cothrom agus neamhpholaraithe a spreagadh maidir le ról na feirmeoireachta beostoic i sochaí na hEorpa; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na tairbhí a bhaineann le próitéiní ainmhithe a thomhailt mar chuid d’aiste bia iomlán agus chothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le saincheist na n-ainmníochtaí feola a úsáidtear chun go n-ainmneofar feoil agus gearrthacha feola a athoscailt, chun táirgí de bhunadh ainmhíoch a chosaint, agus toirmeasc a chur ar a n-úsáid chun táirgí nach de bhunadh ainmhíoch iad a lipéadú, agus á chreidiúint gur cheart feidhm a bheith ag an bhforáil sin maidir le táirgí a dhíorthaítear ó shaothrú ceall agus táirgí hibrideacha ina bhfuil meascán de phróitéiní ainmhithe agus plandaí; á mheabhrú go bhfuil cosaint den sórt sin ann do tháirgí déiríochta; á chur i bhfáth go bhfuil lipéadú soiléir, cothrom agus trédhearcach bunriachtanach chun fíor-thrédhearcacht a sholáthar agus a fheabhsú do thomhaltóirí agus cáilíocht tháirgí ainmhíocha an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhéim a leagan ar a lipéid aitheanta agus a slabhraí soláthair gairide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tathant ar an lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal cloí le caighdeáin fhianaisebhunaithe agus treoirlínte cothaithe á bhforbairt acu, agus aitheantas iomlán á thabhairt don tábhacht chothaitheach, chultúrtha agus eacnamaíoch a bhaineann le feoil, leis an déiríocht agus le huibheacha, agus an inacmhainneacht agus fíor-iontógáil próitéine a sholáthraíonn táirgí ainmhithe i réigiúin éagsúla á gcur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun lipéadú tionscnaimh éigeantach a thabhairt isteach do na táirgí uile ina bhfuil feoil a chuirtear ar mhargadh an Aontais, fiú nuair nach í feoil an príomh-chomhábhar, lena léirítear go soiléir tionscnamh AE/neamh-AE; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a indéanta atá sé léiriú éigeantach a thabhairt isteach ar thír thionscnaimh na feola nuair a úsáidtear í mar chomhábhar i dtáirgí próiseáilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le heolaithe chun staidéir a chur i láthair maidir le héifeachtaí a bhaineann le hionadach bia; ag tabhairt rabhadh i gcoinne cur chun cinn neamhchriticiúil ionadach bia nach bhfuil leormhaith ó thaobh na cothaitheachta agus an chomhshaoil de mar roghanna malartacha ar bhia traidisiúnta dar foinse ainmhithe, lena n-áirítear iad siúd nach soláthraíonn na comhdhúile bithghníomhacha céanna nó na micreachothaithigh riachtanacha chéanna a fhaightear i bhfeoil nádúrtha ó ainmhithe sláintiúla a thógtar i gcórais ardcháilíochta, agus ag tabhairt rabhadh go háirithe i gcoinne iad a áireamh i gciseáin bhia do leanaí agus do dhaoine óga i scoileanna; ag tabhairt dá haire gur féidir le bianna traidisiúnta a fhaightear ó ainmhithe, mar aon le bianna plandabhunaithe, cur le haiste bia atá cothrom agus cothaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á éileamh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú tionchair cuimsitheach bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus ar chomhairliúchán cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile sula dtíolacfaidh sé tograí reachtacha nua a dhéanann difear d’earnáil na talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an iarracht mhéadaitheach atá á déanamh chun bianna sintéiseacha a chur chun cinn, amhail próitéiní saotharlainne, gan fianaise eolaíoch dhochloíte a bheith ann maidir lena sábháilteacht, lena n-inmharthanacht thionsclaíoch agus lena dtairbhí comhshaoil; á chur i bhfios go láidir gur gá measúnuithe tionchair cuí a dhéanamh bunaithe ar fhianaise eolaíoch, agus gach gné a bhaineann le sábháilteacht, tionchar ar an gcomhshaol, impleachtaí don mhargadh agus cosaint tomhaltóirí á gcur san áireamh sula molfar aon chreat rialála nua do theicneolaíochtaí bia atá ag teacht chun cinn, go háirithe trí lipéadú soiléir agus iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag cur béim ar ról éiceolaíoch na n-athchogantach agus ar luach cothaitheach na feola nádúrtha, agus á chur i bhfáth go bhfuil táirgeadh bia shintéisigh ag brath go mór ar phróisis atá an-tionsclaithe agus an-dian ar fhuinneamh lena n-éilítear leibhéil shuntasacha ionchur ceimiceach, rud atá ag teacht salach ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta atá á moladh ag an Aontas; á chur i bhfios, go dtí seo, nach raibh bia sintéiseach ina réiteach inmharthana ná ina rogha mhalartach shábháilte ar thalmhaíocht thraidisiúnta agus ar tháirgeadh beostoic, agus go bhféadfadh cur chun cinn an bhia shintéisigh na mílte feirmeacha teaghlaigh a chur i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe diana agus neamhspleácha a dhéanamh ar tháirgí bia sintéiseacha maidir le tionchair sláinte, chomhshaoil agus shocheacnamaíocha, mar aon le hábhair imní maidir le cosaint tomhaltóirí agus tionchair ar thalmhaíocht thraidisiúnta agus ar tháirgeadh beostoic; á iarraidh go mbeadh na creataí rialála atá ann cheana dírithe go soiléir ar thomhaltóirí, táirgeoirí Eorpacha agus ceantair thuaithe a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag earnáil an bheostoic chun cur le slándáil bia, cruthú post, caomhnú agus cur chun cinn an áitiúlais, agus cobhsaíocht eacnamaíoch ar fud an Aontais; ag tabhairt aitheantas níos leithne don bheostoc nach amháin mar sholáthraí bia agus seirbhísí comhshaoil, ach mar spreagadh don fhreagracht shóisialta, do dhálaí oibre cuibhiúla agus don fhorbairt tuaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá táscaire toraidh CBT (I.23) maidir le ‘Rannchuidiú le cruthú post i gceantair thuaithe’ i dtaca le haird a dhíriú ar ról na feirmeoireachta beostoic, go háirithe i ngabháltais teaghlaigh agus mhionscál;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfáth, gan maoiniú leormhaith, go mbeidh an earnáil ag éirí níos neamhtharraingtí do dhaoine óga, rud a fhágann go bhfuil baol ann ní hamháin go gcaillfear poist ach go dtiocfaidh meath ar iomaíochas cothaitheach agus sóisialta an Aontais freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé aitheantas a thabhairt don ról bunúsach atá ag mná ar fheirmeacha beostoic agus béim a leagan ar an ról sin, áit a mbíonn siad freagrach go minic, in éineacht le hobair feirme laethúil, as eolas a bhainistiú agus a tharchur ó ghlúin go glúin; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, gurb í an fheirmeoireacht teaghlaigh, ina bhfuil ról lárnach ag mná agus ag an teaghlach, cnámh droma an táirgthe beostoic san Eoraip agus gur cheart tacú léi le beartais shonracha lena n-aithnítear a tábhacht eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart gné inscne níos éifeachtaí a áireamh i mbeartais phoiblí na hEorpa trí bhearta spriocdhírithe a chur chun cinn chun tacú le banfheirmeoirí, rud lena n-áiritheofar comhdheiseanna, infheictheacht dá rannchuidithe agus rochtain níos fearr ar oiliúint, ar chistiú agus ar ionadaíocht i bpróisis chinnteoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an talmhaíocht agus ag táirgeadh beostoic maidir le sochair shóisialta a chur ar fáil do phobail ó thaobh spás oscailte, oideachas agus cúram a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu i bhfoirm ‘feirmeoireacht theiripeach’ ar an bhfeirm; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá talmhaíocht agus táirgeadh beostoic a choinneáil i réigiúin uile an Aontais, chun na cineálacha sin ‘feirmeoireacht theiripeach’ a éascú go sonrach agus chun luach saothair leormhaith a thabhairt d’fheirmeoirí as a gcuid oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá meabhairshláinte agus folláine na bhfeirmeoirí, agus á iarraidh go n-áireofaí tacaíocht shíceolaíoch, simpliú riaracháin agus bearta maidir le cothromaíocht oibre is saoil, chomh maith le bearta chun leithlisiú a chomhrac in ionstraimí CBT a bheidh ann amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Galair ainmhithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí socheacnamaíocha, comhshaoil agus leasa ainmhithe nach beag ag baint le galair ainmhithe ar leibhéal na feirme, ar an leibhéal fo-náisiúnta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á thabhairt chun suntais gur measa a bheidh a dtionchar ar tháirgeadh beostoic mar gheall ar an méadú ar theochtaí agus ar luas na gaoithe agus ar theagmhais adhaimsire a bhaineann leis an aeráid atá ag éirí níos minice laistigh den Aontas, ar nithe iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta neartaithe faireacháin agus coisctheacha chun tarchur galar ainmhithe ó thíortha an Aontais agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas araon a sheachaint, agus á iarraidh go ndéanfaí measúnú córasach ar leochaileachtaí bithshábháilteachta san Aontas, agus béim á leagan ar chonairí iontrála do ghalair aitheanta agus núíosacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfáth, san Aontas, i gcás nach ndéanann Ballstát amháin galair ainmhithe a chosc ná a rialú, go bhféadfadh iarmhairtí láithreacha a bheith aige sin ar na Ballstáit eile, agus go dteastaíonn freagairt chomhordaithe; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí agus a chostéifeachtaí atá an cosc, go háirithe maidir le vacsaíniú, luathbhrath agus ullmhacht, malartú agus comhordú iomchuí faisnéise idir na Ballstáit, agus ionstraimí cúitimh eacnamaíocha d’fheirmeoirí beostoic a ndéantar damáiste díreach agus indíreach dóibh mar thoradh ar chur i bhfeidhm beart sláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun cláir choisc agus rialaithe éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun feidhme, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, tréidliachta, theicniúil agus riaracháin, agus taighde a dhéanamh maidir le roghnú géiniteach ainmhithe a bhfuil frithsheasmhacht mhéadaithe acu in aghaidh galair atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht thráthúil agus éifeachtach a dhéanamh chun leathadh galar ainmhithe a rialú; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra tiomnaithe mear-rabhaidh agus mearfhreagartha a threisiú, a bheidh le gníomhachtú i gcás ráig amhrasta nó dheimhnithe de ghalair ainmhithe, chun malartú faisnéise fíor-ama a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch, chun comhordú na mbeart measúnaithe riosca agus rialaithe idir na Ballstáit a éascú agus chun cumarsáid leormhaith a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, go háirithe feirmeoirí agus tomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh leath dá sprioc do 2030 bainte amach ag an Aontas cheana féin faoi 2023, is é sin laghdú 50 % ar dhíol agus úsáid ábhar frithmhiocróbach sa tréidliacht in 2023; á chur i bhfáth gur gá leanúint leis na hiarrachtaí sin agus cur chuige arna chomhordú ag an Aontas a fhorbairt maidir le galair ainmhithe a chosc agus a bhrath le bearta luathfhaireacháin, vacsaínithe agus bithshlándála chun méadú ar ghalair ainmhithe a sheachaint a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de bhaint amach na sprice maidir le hábhair fhrithmhiocróbacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé uirlisí diagnóiseacha sárfhorbartha, samhaltú tuarthach agus teicnící dí-éilliúcháin a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeáin sláinte ainmhithe an Aontais a neartú tuilleadh chun feirmeoireacht beostoic a chosaint, lena n-áirítear forálacha maidir le pobail ainmhithe fiáine a bhfuil rioscaí galar tógálach ag baint leo a laghdú nó a eisiamh agus maidir le vacsaíniú spriocdhírithe ainmhithe, i gcás inar gá, mar chomhlánú ar roghnú agus pórú freagrach beostoic, rud a d’fhéadfadh cabhrú le minicíocht galar eindéimeach agus galar atá ag teacht chun cinn a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don ról atá ag an earnáil íocshláinte tréidliachta, agus tacaíocht a thabhairt di ina cuid iarrachtaí bith-theicneolaíochtaí a thabhairt ón tsaotharlann go dtí an fheirm, trí dhlús a chur le próisis rialála agus iad a chuíchóiriú, bith-theicneolaíochtaí sláinte ainmhithe a mhaoiniú agus a uas-scálú, feirmeoirí agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoina dtairbhí, an lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú, agus tacú le bailiú sonraí agus úsáid na hintleachta saorga ar fheirmeacha agus san earnáil sláinte ainmhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an bhfaireachán ar na costais sin, idir chostais dhíreacha agus chostais indíreacha, agus ar thuairisciú na gcostas sin, chun éifeachtacht agus luas bhearta tacaíochta an Aontais agus na mBallstát a mhéadú; á thabhairt dá haire, i ndáil leis sin go bhfuil uirlis nua forbartha ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, ar a dtugtar ‘OutCosT (OUTbreak COSting Tool) [uirlis costála ráigeanna], ar uirlis í lena gcuirtear ar a gcumas do thíortha measúnú a dhéanamh ar an ualach airgeadais a bhaineann le ráigeanna galar ainmhithe agus le bearta a úsáidtear chun iad a rialú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an iarraidh ar an gCoimisiún ó ghrúpa Ballstát cur chuige an Aontais chun dul i ngleic le galair ainmhithe a oiriúnú trí úsáid a bhaint as vacsaíniú, i gcás inar féidir agus ag brath ar na speicis agus na galair, mar bheart coisctheach mar chuid de bhosca uirlisí níos leithne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go mbeidh níos mó éifeachta fós ag vacsaíniú nuair a chomhlánaítear é le bearta bithshlándála agus faireachais; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór bearta vacsaínithe a chomhcheangal le cláir roghnúcháin ghéiniteacha le haghaidh frithsheasmhacht imdhíoneolaíoch, go háirithe do phórtha dúchasacha agus i limistéir leochaileacha, ar mhaithe le cosaint fhadtéarmach; á chur i bhfios go láidir nach mór dlús a chur leis na hiarrachtaí sa réimse sin agus tacú leo trí vacsaíní inrochtana agus inacmhainne, trí bhearta bithshlándála atá calabraithe go hiomchuí don leibhéal riosca, agus trí chistiú breise agus tiomnaithe d’fheirmeoirí a ndéantar difear dóibh i ngach Ballstát faoi CBT tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige comhordaithe maidir le sláinte ainmhithe lena n-áirítear infheistíocht réamhghníomhach i dtaighde, i gcórais faireacháin, i bhforbairt vacsaíní agus i roghanna a bhaineann le cóireáil íceach chun galair aitheanta agus galair atá ag teacht chun cinn araon a bhainistiú; ag aithint forbairt vacsaíní ‘DIVA’ (Vacsaíniú chun Idirdhealú a dhéanamh idir Ainmhithe Ionfhabhtaithe agus Vacsaínithe), lena gcumasaítear an t-idirdhealú idir ainmhithe atá ionfhabhtaithe le pataigin agus ainmhithe atá vacsaínithe ina coinne; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún na forbairtí eolaíocha is déanaí a chur san áireamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2016/429<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus é mar aidhm leis catagóir nua stádais sláinte a chruthú ar a dtugtar ‘saor ó ghalar le vacsaíniú’; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht a chothú i dtaighde agus i bhforbairt vacsaíní DIVA tríd an gclár Fís Eorpach agus dlús a chur lena n-úsáid i measc feirmeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hinfheistíocht sa bhithshlándáil ar an bhfeirm trí chistiú méadaithe, lena n-áirítear cistiú lasmuigh de CBT; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún bearta sláinte ainmhithe a neartú in earnáil talmhaíochta an Aontais trí thaighde, ceannach comhpháirteach, stoc-charnadh agus soláthar vacsaíní tréidliachta, antaiginí agus imoibrithe diagnóiseacha nua agus táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a chomhordú ar leibhéal an Aontais trí shásra ullmhachta agus luathbhraite, agus trí fhorbairt na dtáirgí sin a chothú laistigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú leormhaith a áirithiú don sásra sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á mholadh go mbunófaí stoic straitéiseacha chun gur féidir freagairt níos gasta a thabhairt i gcás eipidéimí nua; á chur i dtábhacht go bhfuil géarghá le córas stórála sonraí atá láraithe agus comhchuibhithe a bhunú le haghaidh vacsaíní ainmhithe ar fud na mBallstát; á chur i bhfios, le córas den sórt sin, go bhfeabhsófar trédhearcacht, go gcuirfear feabhas ar fhaireachas galair, go dtacófar le freagairtí tráthúla do ráigeanna agus go rannchuideofar le héifeachtacht fhoriomlán bheartais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe agus sábháilteacht bia; á thabhairt dá haire, le banc sonraí vacsaínithe cuimsitheach, go n-éascófaí comhar trasteorann, go n-áiritheofaí comhlíontacht le caighdeáin an Aontais agus go soláthrófaí léargais luachmhara le haghaidh forbairt beartas, taighde agus bainistiú inbhuanaithe sláinte beostoic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an taighde i dteicneolaíochtaí nua chun víris a dhíghníomhachtú i dtáirgí bia, amhail próiseáil ardbhrú, ar próiseas é a bhfuil gealladh faoi mar mhodh chun sábháilteacht agus cáilíocht bia a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aistí bia sonracha d’ainmhithe agus foirmlithe beatha sonracha chun scaipeadh galar áirithe a chosc agus feabhas a chur ar shláinte agus athléimneacht fhoriomlán ainmhithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú agus comhoibriú leis na húdaráis réigiúnacha, agus dul i gcomhairle le feirmeoirí, maidir le pleananna coisctheacha, vacsaínithe agus maolaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme do na galair sin, agus ciondíothú ainmhithe á sheachaint a mhéid is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar níos mó ann idir an tAontas, páirtithe leasmhara ón tionscal agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, rud lena n-áiritheofaí go ndéanfaí acmhainní a leithdháileadh ar bhealach éifeachtach agus go gcomhroinnfí eolas chun bainistiú agus cosc galar a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú an Aontais a mhéadú le haghaidh scéimeanna díothaithe agus rialaithe sna Ballstáit; á mholadh go mbunófaí córais chuimsitheacha tacaíochta eacnamaíche, lena n-áirítear scéimeanna cúitimh lena gcumhdaítear an slabhra soláthair ina iomláine chun a áirithiú go bhfaighidh na páirtithe uile dá ndéantar difear, go háirithe feirmeoirí beostoic, cúnamh leordhóthanach; á chur i bhfáth, i gcásanna ráigeanna galar ainmhithe tromchúiseacha ina dtabhaítear caillteanais eacnamaíocha nach beag, nach mór cabhair airgeadais bhrostaithe a chur ar fáil chun éiginnteacht a laghdú agus leanúnachas eacnamaíoch a choinneáil ar bun; ag iarraidh ar na Ballstáit an measúnú ar iarratais ar thacaíocht a chuíchóiriú, deireadh a chur le bacainní riaracháin nach bhfuil gá leo agus sprioc-amanna soiléire a leagan síos le haghaidh eisíoc cabhrach chun cuidiú le feirmeoirí pleanáil a dhéanamh ar bhealach níos fearr agus a gcuid oibríochtaí a chobhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an moladh atá déanta ag an gCoimisiún, i bpacáiste um shimpliú agus iomaíochas CBT 2025 uaidh, borradh a chur faoi acmhainneacht CBT chun tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil a thabhairt d’fheirmeoirí a ndéanann tubaistí nádúrtha, teagmhais aimsire a bhaineann leis an athrú aeráide nó galair ainmhithe difear dóibh, trí íocaíocht ghéarchéime bhreise a thabhairt isteach a d’fhéadfadh na Ballstáit a shlógadh faoi chistí forbartha tuaithe; á mheas nach mór do CBT amach anseo tacú go gníomhach freisin le cumas feirmeoirí déileáil le leathadh galar agus eipidéimí ainmhithe, go háirithe trí bhuiséad i bhfad níos mó a chur ar fáil d’uirlisí bainistithe géarchéime agus don chúlchiste géarchéime talmhaíochta is féidir a ghníomhachtú go tapa agus go héifeachtach chun tacú le feirmeoirí atá buailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit an tionscnamh sin a chomhlánú trí scéimeanna bainistithe riosca a fhorbairt tuilleadh a oireann do chásanna géarchéime a bhaineann le galair ainmhithe, lena n-áirítear trí rochtain ar scéimeanna árachais agus ar chistí frithpháirteacha a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go gcruthófaí ionstraim athárachais Eorpach nua lena bhféadfar rioscaí a bhaineann le heipeasótaigh nua a chumhdach agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach gabháltas talmhaíochta ar chonarthaí árachais chun cosaint a thabhairt ar eipeasótaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé ciste Eorpach sláinte ainmhithe a bhunú, chun tacaíocht mhear agus chothrom a chur ar fáil i gcás ráigeanna galair; á chur i bhfáth, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le galair éagsúla ainmhithe, go bhfuil sé ríthábhachtach cistí a leithdháileadh ar fheabhsú géiniteach ainmhithe chun pórtha atá níos frithsheasmhaí in aghaidh galar a chruthú, agus ar an gcaoi sin slándáil bia an Aontais a neartú i bhfianaise géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta trádála chun a áirithiú go nglacfar le toirmisc réigiúnaithe ar thrádáil agus cóireálacha díghníomhachtaithe aitheanta, amhail cócaireacht agus leasú fada, rud a laghdóidh aon díobháil eacnamaíoch do thionscal beostoic an Aontais nach bhfuil gá léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, i gcásanna sonracha áirithe, ar indéantacht an tsásra imfhálaithe bunaithe ar bhainistiú bithshlándála agus ar chleachtais feirmeoireachta, agus measúnú a dhéanamh ar a infheidhmeacht sa chomhthéacs idirnáisiúnta in éineacht leis na comhpháirtithe trádála is iontaofa de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as an méadú atá ag teacht ar líon na gcrúbach fiáin agus ar na himpleachtaí atá acu ar shláinte ainmhithe, ar an tsláinte phoiblí agus ar an mbithéagsúlacht; á mheas gur gá, i ndáil leis sin, bearta cothrománacha a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an plódú sin a bhainistiú go leormhaith;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe trádála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil earnáil beostoic an Aontais an-leochaileach i leith suaití seachtracha éagsúla, lena n-áirítear géarchéimeanna sláinte, teagmhais adhaimsire, luaineacht praghsanna agus suaitheadh ar shlabhraí soláthair, chomh maith le hiomaíocht mhéadaitheach ó thíortha nach bhfuil san Aontas, nach gcomhlíonann a dtáirgí ardchaighdeáin chomhshaoil, leasa ainmhithe, sláinte agus sábháilteachta bia an Aontais i gcónaí, rud a mhíníonn na hábhair imní a chuir feirmeoirí in iúl maidir leis an easpa cómhalartachta agus iomaíocht dhomhanda éagórach; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, gur gá dálaí cothroma iomaíochta a áirithiú ar an margadh idirnáisiúnta chun inmharthanacht eacnamaíoch ghnóthais na hEorpa a chosaint agus chun caighdeáin chómhalartacha a ráthú i gcomhaontuithe trádála; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí leochaileacht na hearnála san áireamh agus comhaontuithe trádála á dtabhairt i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí ionstraim speisialta laistigh den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile lena gcuirfí tacaíocht spriocdhírithe ar fáil d’earnálacha talmhaíochta, lena n-áirítear earnáil an bheostoic, a bhféadfadh suaitheadh a bheith orthu nó a bhféadfadh coigeartuithe a bheith ag teastáil ina leith mar thoradh ar éifeachtaí comhaontuithe trádála leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur i bhfios, i gcomhthéacs ina bhfuil tomhaltas táirgí ainmhithe agus feola go háirithe san Aontas marbhánta – sa chás is fearr – ach go meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ar phróitéin ainmhithe, gur cheart aitheantas a thabhairt don tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le honnmhairí agus leis an Aontas a shuí mar cheannaire domhanda sa talmhaíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid agus d’ainmhithe, agus eolas, teicneolaíocht agus cleachtais á n-onnmhairiú don aistriú chuig inbhuanaitheacht chuig margaí domhanda, agus ceannasacht bia an Aontais á háirithiú ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh sé sin borradh a chur faoin taighde, faoin nuálaíocht, faoin infheistíocht agus faoin bhfostaíocht; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil infheistíocht i gcáilíocht fheabhsaithe beostoic agus in inrianaitheacht ghéiniteach ag éirí ríthábhachtach chun freastal ar an éileamh domhanda ar tháirgí ainmhithe a bhfuil ardluach cothaitheach acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, i ndáil le caighdeáin agus cuspóirí an Aontais maidir le sláinte, leas ainmhithe, an comhshaol agus an inbhuanaitheacht, nach mbíonn na caighdeáin agus na cuspóirí uaillmhianacha céanna ag ár gcomhpháirtithe trádála i gcónaí; á áitiú, dá bhrí sin, nach bhfuil feirmeoirí beostoic an Aontais ag dul san iomaíocht ar chothrom iomaíochta le táirgeoirí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, bíodh sin ar mhargaí idirnáisiúnta nó ar mhargadh inmheánach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á thabhairt dá haire, cé nach mór do na hallmhairí bia uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais caighdeáin ábhartha agus arda an Aontais a bhaineann leis na táirgí deiridh a chomhlíonadh, ar caighdeáin iad atá infheidhme gan beann ar cibé acu a tháirgtear an táirge ar bhonn intíre nó a allmhairítear é, nach bhforchuirtear ceanglais táirgthe (dá ngairtear ‘modhanna próiseála agus táirgthe’) de ghnáth ar tháirgí allmhairithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á áitiú, i gcomhréir le conclúidí an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm chaighdeáin sláinte agus chomhshaoil an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta agus agraibhia allmhairithe, go bhfuil spás beartais ann cur i bhfeidhm ceanglas sláinte, comhshaoil agus leas ainmhithe i ndáil le modhanna próiseála agus táirgthe maidir le táirgí allmhairithe a shaothrú ar bhealach atá comhoiriúnach le rialacha EDT; á aithint sula gcuirtear caighdeáin táirgthe i bhfeidhm maidir le hallmhairí, go bhfuil sé riachtanach i gcónaí measúnú cás ar chás a dhéanamh, mar a luaitear i dtuarascáil an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhleanúnachas níos fearr a áirithiú idir a bheartais trádála agus inbhuanaitheachta trí chómhalartacht caighdeán comhshaoil, sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áireamh ag gach céim den táirgeadh trí chlásail chomhuaineacha i ngach comhaontú trádála caibidlithe, chun a áirithiú nach gcuirfear táirgí allmhairithe nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais ar mhargadh an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún rialuithe cuí agus diana ar allmhairí a áirithiú agus a neartú chun táirgeoirí intíre agus tomhaltóirí de chuid an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún beartas cur chun cinn de chuid an Aontais atá dea-mhaoinithe a neartú, trína bhuiséad do tháirgí talmhaíochta an Aontais a mhéadú, lena n-áirítear táirgí atá bunaithe ar ainmhithe, agus tacaíocht leanúnach a áirithiú do thásca geografacha sa trádáil idirnáisiúnta mar cholún lárnach cáilíochta, inrianaitheachta agus forbartha tuaithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil earnáil an bheostoic freagrach as sciar suntasach de thásca geografacha Eorpacha, lena n-áirítear táirgí amhail cáiseanna, ispíní, liamhása agus feoil úr, táirgí atá mar thoradh ar shaineolas a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus ar mhodhanna táirgthe a bhfuil dlúthbhaint acu lena réigiúin tionscnaimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach amháin go léiríonn ainmníochtaí cáilíochta obair na dtáirgeoirí, ach go gcosnaíonn siad cleachtais thraidisiúnta freisin, go gcuireann siad éagsúlacht i ngastranamaíocht na hEorpa chun cinn agus go gcuidíonn siad le féiniúlacht chultúrtha na láithreán táirgthe a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, a thábhachtaí atá lipéadú soiléir agus cruinn chun inrianaitheacht táirgí a fheabhsú agus tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais mhargaíochta mhíthreoracha, lasmuigh den Aontas agus laistigh den Aontas araon, amhail úsáid ainmneacha ‘a bhfuil cuma Eorpach orthu’ nó ainmneacha cosúla a thugann le fios go bréagach gur de bhunadh nó de cháilíocht an Aontais nó áitiúil atá táirgí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fheirmeoirí ina n-iarrachtaí caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh chun caillteanas iomaíochais agus athlonnú tháirgeadh an Aontais ina dhiaidh sin chuig tíortha nach bhfuil san Aontas a bhfuil caighdeáin níos ísle leasa ainmhithe, táirgthe agus shóisialta acu a sheachaint, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag táirgeoirí ar mhaoiniú chun géineolaíocht beostoic a fheabhsú, ionas go neartófar an t-iomaíochas trí cháilíocht seachas trí chainníocht;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>