<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0158</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Fiontraíocht na mban i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0058/2026 - Rapóirtéir:Elżbieta Katarzyna Łukacijewska)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Aibreán 2026 ar fhiontraíocht na mban i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí (2024/2124(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 204, 26.7.2006, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/54/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 188, 12.7.2019, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis Ghrúpa an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú Eacnamaíoch na mBan,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’ [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas’ (COM(2022)0198),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Ceannaireachta na mBan ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phleananna an Limistéir Eorpaigh Taighde maidir le comhionannas inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a bhaint amach tríd an bhfiontraíocht agus tríd an bhféinfhostaíocht<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 174 CFAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le hoileáin an Aontais agus an beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO C 484, 20.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe an 28 Meán Fómhair 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 10/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Bealtaine 2021 maidir le <STRING ITALIC="on">Gender mainstreaming in the EU budget</STRING>: <STRING ITALIC="on">time to turn words into action</STRING> [Príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais: Tá sé in am focail a chur i ngníomh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0058/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag mná i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí maidir le fuinneamh na ngeilleagar áitiúil, inmharthanacht earnáil na talmhaíochta, agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, ar colún bunúsach iad don chomhtháthú críochach, don inbhuanaitheacht shóisialta agus don athléimneacht eacnamaíoch i gceantair thuaithe; de bhrí, in ainneoin an rannchuidithe fhíor-riachtanaigh sin, go bhfuil bacainní dlíthiúla, airgeadais, cultúrtha agus bonneagair fós rompu a chuireann teorainn le fiontraíocht na mban agus lena neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach go hiomlán; de bhrí, i roinnt mhaith Ballstát, go ndéantar difear díréireach do mhná i gceantair thuaithe, de bharr na heaspa rochtana ar chúram leanaí inacmhainne, ar naisc iompair leormhaithe, ar bhonneagar digiteach, agus ar chórais tacaíochta atá íogair ó thaobh inscne de agus ar dheiseanna fóillíochta, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht go mbeadh rannpháirtíocht iomlán sa mhargadh saothair acu agus a rannchuidíonn le droch-mheabhairshláinte; de bhrí go bhfuil cuid mhór den obair a dhéanann mná i gceantair thuaithe fós neamhfhoirmiúil, gan phá agus gur minic nach n-aithnítear í i staidreamh oifigiúil, rud a chuireann béim ar dhofheictheacht a rannchuidithe le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta; de bhrí gur dlúthchuid de shlí mhaireachtála na hEorpa iad ceantair tuaithe, lena léirítear cothromaíocht uathúil idir an oidhreacht thraidisiúnta agus an dul chun cinn, a bhfuil a leanúnachas ag brath ar aitheantas a thabhairt do mhná agus ar a lánpháirtiú éifeachtach i bpróisis forbartha tuaithe; de bhrí go bhfuil thart ar 30 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí i gceantair thuaithe, arb ionann iad agus thart ar 83 % de chríoch iomlán an Aontais; agus de bhrí go bhfuil na réigiúin sin ríthábhachtach do chobhsaíocht eacnamaíoch, do chomhtháthú sóisialta agus d’iomaíochas an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> De réir shamhaltú leibhéal ARÁ 2018 (Aonad Riaracháin Áitiúil) ag sonraí déimeagrafaíochta Eurostat JRC, Atlas of demography,.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar an Aontas, agus a ghníomhaíochtaí uile á ndéanamh aige, comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn i gcomhréir leis na Conarthaí; de bhrí gur bunluach an Aontais, ceart bunúsach, agus príomhphrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta é an comhionannas inscne, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; de bhrí go leagtar síos in Airteagal 8 CFAE prionsabal an phríomhshruthaithe inscne, ina sonraítear nach mór gné na hinscne a chomhtháthú i ngach beartas agus clár; de bhrí nár bhain aon Bhallstát comhionannas inscne iomlán amach go dtí seo, agus go bhfuil an dul chun cinn fós mall, agus gur scóráil na Ballstáit 67.4 as 100 ar an meán ar Innéacs Comhionannais Inscne 2019 an Aontais, arb ionann é agus feabhas 5.4 pointe ó 2005 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach féidir folláine eacnamaíoch agus rath na mban a dhíchúpláil ón urraim do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun maireachtáil saor ó fhoréigean inscnebhunaithe agus an ceart chun neamhspleáchais choirp trí rochtain ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear rochtain ar chúram ginmhillte sábháilte agus dlíthiúil ar fud an Aontais; de bhrí, trí thimpeallachtaí oibre sábháilte agus measúla a áirithiú, saor ó chiapadh agus steiréitíopaí inscne, go neartaítear deiseanna gairme na mban agus go gcothaítear cultúr hurraime frithpháirtí, na freagrachta agus na dínite; de bhrí, dá bhrí sin, go gcuireann neamhspleáchas eacnamaíoch na mban go mór lena sábháilteacht agus lena gcosaint ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar fhoréigean teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an bhearna fostaíochta idir fir agus mná i gceantair thuaithe thart ar 13 phointe céatadáin (i gcomparáid le 10 bpointe céatadáin i gcathracha), a sháraíonn 20 pointe céadatáin i roinnt Ballstát, agus nach raibh ach 31.6 % de rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair in 2022, de réir shonraí Eurostat; de bhrí gurb ionann an caillteanas eacnamaíoch de bharr na bearna fostaíochta inscne agus thart ar EUR 370 billiún in aghaidh na bliana agus go bhféadfadh méadú suas le EUR 3,15 trilliún a bheith ar OTI faoi 2050 mar thoradh ar chomhionannas inscne a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin ar leith ag baint leis an meath déimeagrafach do na réigiúin tuaithe, oileánacha, shléibhtiúla agus is forimeallaí agus gur dúshlán agus deis é an fhiontraíocht a dhéanamh níos tarraingtí agus cruthú gnó agus maireachtáil inbhuanaithe araon a chumasú sna limistéir sin, ós rud é go mbaineann eisimirce na ndaoine óga agus na mban atá ag lorg deiseanna níos fearr an bonn ón athnuachan ó ghlúin go glúin, ó bheocht an phobail agus ón bhforbairt eacnamaíoch fhadtéarmach; de bhrí gur gnách go mbíonn líon na mban atá réasúnta óg a fhágann ceantair thuaithe san Aontas níos mó ná líon na bhfear, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh, i measc cúiseanna eile, ar bhacainní amhail leithlisiú agus raon teoranta deiseanna oideachais agus fostaíochta; agus de bhrí go bhféadfadh na treochtaí déimeagrafacha sin bac a chur ar fhorbairt shocheacnamaíoch roinnt ceantar tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil neamhionannais fós roimh bhanfheirmeoirí, go háirithe maidir le rochtain ar thalamh, oiliúint agus maoiniú; de bhrí go léiríonn staidreamh go mbíonn níos mó deacrachtaí ag banfhiontraithe ná ag fir maoiniú agus caipiteal a thiomsú; de bhrí gur mná iad 30 % d’fhiontraithe san Aontas, ach nach bhfaigheann siad ach 2 % den mhaoiniú neamhbhainc atá ar fáil; de bhrí gur cosúil gur thit an figiúr sin go 1 % le linn na paindéime<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta, <STRING ITALIC="on">Funding women entrepreneurs. How to empower growth</STRING>, [Banfhiontraithe a chistiú: Conas is féidir fás a chumhachtú], Meitheamh 2020.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go léiríonn na sonraí go ngineann fiontraithe ban níos mó ioncaim, cé go bhfaigheann siad níos lú tacaíocht airgeadais<FOOTNOTE><FIELD> Women in VC, <STRING ITALIC="on">Experior Venture Fund agus Unconventional Ventures, Funding in the CEE Region Through the Lens of Gender Diversity and Positive Impact</STRING>, [Maoiniú i Réigiún na hEorpa Láir agus Thoir trí lionsa na hÉagsúlachta Inscne agus an Tionchair Dhearfaigh], 2021, https://ceereport2021experiorvc.unconventional.vc/.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur féidir le tacaíocht phraiticiúil spriocdhírithe, mar shampla micrea-iasachtaí, meantóireacht agus simpliú riaracháin, a bheith ina n-uirlisí éifeachtacha chun fiontraíocht a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin agus bacainní níos déine roimh mhná sna réigiúin teorann, sna réigiúin shléibhtiúla, sna réigiúin is forimeallaí agus sna réigiúin iargúlta mar gheall ar leithlisiú, aosú an daonra agus seirbhísí teoranta; de bhrí go bhfuil an ráta fostaíochta do mhná sna réigiúin is forimeallaí beagnach níos ísle ar bhonn comhsheasmhach ná meánráta fostaíochta an Aontais, agus gurb é 38.5 pointe céatadáin in 2020 an difríocht is mó; de bhrí go bhfuil dífhostaíocht i measc na hóige an-ard freisin i roinnt de na réigiúin is forimeallaí<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal <STRING ITALIC="on">Outermost regions at a glance – assets, challenges and opportunities</STRING> [Sracfhéachaint ar na réigiúin is forimeallaí – sócmhainní, dúshláin agus deiseanna] (SWD(2022)0133).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil deacrachtaí breise agus bacainní sonracha roimh mhná atá ina gcónaí i gceantair oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí mar thoradh ar leithlisiú geografach, dlús daonra íseal, aosú déimeagrafach, agus ganntanas seirbhísí bunriachtanacha poiblí agus príobháideacha, tosca a chuireann le héagothromaíochtaí socheacnamaíocha agus a chuireann teorainn le rochtain ar dheiseanna fostaíochta, oiliúna agus fiontraíochta; de bhrí go neartaítear an fhorbairt eacnamaíoch agus an t-iomaíochas le tacaíocht do rannpháirtíocht na mban san fhiontraíocht dhigiteach agus nuálach; de bhrí go bhfuil ar mhná i gceantair thuaithe i réigiúin teorann an oirthir aghaidh a thabhairt freisin ar iarmhairtí an chogaidh san Úcráin, lena n-áirítear bagairtí slándála, suaitheadh sa slabhra soláthair agus rioscaí hibrideacha rud a chuireann bac ar fhiontraíocht agus ar rochtain ar sheirbhísí agus ar mhaoiniú; de bhrí go bhfuil gá le beartais phoiblí Eorpacha spriocdhírithe agus dhifreáilte chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhcheangailte sin, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, agus go bhfuil gá chomh maith le bearta tiomnaithe lena léirítear leochaileachtaí sonracha na réigiún teorann, chun cuimsiú iomlán eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil na mban sna críocha sin a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn dúshláin shonracha roimh mhná atá ina gcónaí i réigiúin shléibhtiúla na hEorpa a chuireann teorainn lena n-acmhainneacht fiontraíochta, lena n-áirítear naisc iompair dhúshlánacha agus rochtain theoranta ar bhonneagar digiteach, ar sheirbhísí cúraim leanaí, ar dheiseanna oiliúna agus ar thacaíocht airgeadais; de bhrí gur cheart mná i réigiúin shléibhtiúla na hEorpa a chumhachtú ní hamháin mar oibrithe nó mar fhiontraithe ach freisin mar chomhúinéirí agus mar chinnteoirí i bhfiontair eacnamaíocha áitiúla; de bhrí gur féidir le cruthú meán sainchuspóireach agus struchtúr úinéireachta comhoibritheach cur ar chumas na mban úinéireacht chomhpháirteach a bheith acu ar fhiontair phobalbhunaithe, iad a bhainistiú agus tairbhe a bhaint astu; de bhrí go ndéanann samhlacha den sórt sin, mar a léirítear le go leor tionscnamh ón earnáil phríobháideach, rialachas cuimsitheach a chur chun cinn, neamhspleáchas eacnamaíoch a neartú agus go gcuidíonn siad le luach a choinneáil laistigh de limistéir shléibhtiúla, agus ar an gcaoi sin fiontraíocht chomhchoiteann, freagracht chomhroinnte agus forbairt réigiúnach inbhuanaithe do mhná agus do chailíní a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gurb ionann mná agus 52 % de dhaonra na hEorpa agus gurb ionann iad agus 34.4 % de dhaoine féinfhostaithe san Aontas, agus nach bhfuil ach 30 % de ghnólachtaí nuathionscanta bunaithe ag mná<FOOTNOTE><FIELD> Global Entrepreneurship Monitor, tuarascáil speisialta, <STRING ITALIC="on">Women’s Entrepreneurship 2020/21:Thriving Through Crisis</STRING>, [Fiontraíocht na mBan 2020/21: Faoi Bhláth le linn Géarchéime], Londain, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a léiríonn a rannpháirtíocht mhéadaitheach agus an acmhainneacht neamhshaothraithe d’fhiontraíocht na mban; de bhrí nach amháin go ngineann mná i ngnó fás eacnamaíoch agus fostaíocht ach go spreagann siad samhlacha gnó níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí freisin, agus scór níos airde acu ar tháscairí comhshaoil, sóisialta agus rialachais chorparáidigh agus gur mó seans go gcuirfidh mná deiseanna oiliúna ar fáil dá lucht saothair (BEI, 2021); de bhrí go mbaineann grúpaí cinnteoireachta éagsúla torthaí níos fearr, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn mná i gceantair thuaithe i mbaol díréireach foréigin ghnéasaigh le linn tréimhsí cogaidh, ionraidh agus coinbhleachta mar gheall ar leithlisiú, rochtain theoranta ar sheirbhísí cosanta agus bonneagar slándála níos laige;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn mná i gceantair thuaithe faoi ghannionadaíocht i bpróisis chinnteoireachta agus i gcomhlachtaí rialachais, amhail comharchumainn talmhaíochta, comhpháirtithe sóisialta agus rialtais bhardasacha<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid um Beartas Comhshaoil Eorpach, <STRING ITALIC="on">What is the link between gender equality and agriculture sustainability?</STRING> [Cad é an nasc idir comhionannas inscne agus inbhuanaitheacht talmhaíochta?], Meán Fómhair 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfeidhmíonn mná i bpoist cheannaireachta agus chinnteoireachta mar eiseamláirí ríthábhachtacha don chéad ghlúin eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur coinníoll bunriachtanach í rochtain ar shonraí iontaofa, inchomparáide, atá imdhealaithe ó thaobh inscne agus críche de chun staid na mban i gceantair thuaithe a thuiscint go cruinn agus dá réir sin, chun beartais phoiblí éifeachtacha a dhearadh, a chur chun feidhme agus a mheas lena dtugtar aghaidh leormhaith ar riachtanais na mban agus lena gcuidítear le neamhionannais a laghdú toisc go rannchuidíonn comhtháthú iomlán na mban sa talmhaíocht agus sa saol eacnamaíoch le cuspóirí an Aontais maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, comhionannas inscne agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar fós ag róil agus steiréitíopaí traidisiúnta inscne, mar a thugtar air, ar roinnt an tsaothair sa bhaile agus sa tsochaí; de bhrí go bhfuil sé fós deacair an saol gairmiúil, go háirithe an fhiontraíocht, a réiteach le saol an teaghlaigh agus go bhfuil sé fós ina dhúshlán suntasach, go háirithe do mhná; de bhrí go bhfuil an deacracht sin thar a bheith géar i gceantair thuaithe, shléibhtiúla agus oileánacha, agus sna réigiúin is forimeallaí, áit a bhfuil infhaighteacht seirbhísí poiblí, go háirithe oideachas, cúram sláinte, soghluaisteacht agus cúram leanaí, teoranta; de bhrí go mbaineann an easpa bonneagair agus sásraí tacaíochta sin an bonn de chomhionannas deiseanna, go gcruthaíonn sí bacainní do mhná a n-acmhainneacht ghnó a fhorbairt go hiomlán, go gcuireann sí srian ar rannpháirtíocht iomlán na mban i margadh an tsaothair, agus go gcuireann sí leis na héagothromaíochtaí idir ceantair uirbeacha agus thuaithe; de bhrí go gcuidíonn mná atá ag forbairt gnóthaí beaga i gceantair thuaithe leis dídhaonrú sráidbhailte a laghdú; de bhrí gur cheart fiontraíocht na mban a chur chun cinn trí bhearta trasnacha agus iomlánaíocha, lena n-áiritheofar a rannpháirtíocht chomhionann i margadh an tsaothair, lena ndúnfar bearnaí pá idir na hinscní agus lena rachfar i ngleic le hidirdhealú inscnebhunaithe i margaí saothair agus, ar bhonn níos leithne, lena gcuirfear deireadh le steiréitíopaí inscne, ciapadh agus idirdhealú i saol na hoibre agus níos faide i gcéin; de bhrí go ndéantar bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a mhéadú de bharr bearnaí sa rochtain ar chosaint shóisialta do mhná féinfhostaithe agus do chéilí cuidithe, lena n-áirítear pinsin, breoiteacht agus saoire teaghlaigh, agus go ndíspreagann siad fiontraíocht; de bhrí gur mná is mó a dhéanann cúram gan phá agus obair tí, rud a mbíonn tionchar aige ar a bhfostaíocht agus ar a ndul chun cinn gairme agus a chuireann leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní; de bhrí go leanann dáileadh éagothrom agus tearcluacháil an chúraim agus na hoibre tí, in éineacht le hidirdhealú agus steiréitíopaí inscne, de shrian a chur ar am agus ar shoghluaisteacht na mban agus ar rochtain ar chearta agus deiseanna sóisialta i gceantair thuaithe agus iargúlta, rud a fhágann go gcailltear acmhainneacht fiontraíochta agus go mbíonn an chothromaíocht oibre is saoil níos measa;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur sárú ar chearta an duine iad gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh agus gnéasach, mí-úsáid shíceolaíoch, eacnamaíoch agus ar líne agus stalcaireacht, lena n-áirítear an ceart chun neamhspleáchais agus sláine coirp, agus an ceart chun maireachtáil saor ó idirdhealú; de bhrí go bhfuil bacainní breise roimh mhná agus cailíní atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta maidir le rochtain a fháil ar cheartas, cosaint, seirbhísí tacaíochta agus cúram sláinte gnéis agus atáirgthe nuair a bhíonn foréigean inscnebhunaithe á fhulaingt acu, mar gheall ar thosca amhail leithlisiú geografach, easpa bonneagair, rochtain theoranta ar sheirbhísí speisialaithe, an bhearna dhigiteach agus stiogma sóisialta; de bhrí gur minic a bhíonn tearcthuairisciú, leochaileacht mhéadaithe, easpa rochtana ar sheirbhísí tacaíochta agus saoirse ó phionós do dhéantóirí ciona mar thoradh ar na bacainní sin; de bhrí go gcuireann siad bac ar rannpháirtíocht iomlán na mban i saol sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil na gceantar tuaithe mar gheall ar easpa líonraí cosanta agus seirbhísí speisialaithe, mar aon le tábhacht leanúnach na ról traidisiúnta inscne, agus go méadaíonn siad leochaileacht na mban, go mbuanaíonn siad cásanna eisiaimh, agus go gcuireann siad teorainn lena gcumas cearta bunúsacha a fheidhmiú; de bhrí gur coinníoll bunriachtanach é deireadh a chur leis na bacainní sin chun comhionannas inscne a chur chun cinn, chun comhtháthú sóisialta a neartú agus chun ceantair thuaithe a fhorbairt go comhchuí; de bhrí go mbíonn rátaí foréigin níos airde roimh mhná óga i gceantair thuaithe ná mar a bhíonn roimh a gcomhghleacaithe uirbeacha agus, de réir staidéar a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, gur fhulaing bean amháin as gach triúr ar fud an domhain foréigean fisiciúil nó gnéasach, agus ualach díréireach ard ar mhná óga i suíomhanna tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha fós ann idir fir agus mná ó thaobh fostaíochta de i gceantair thuaithe, arb ionann iad agus thart ar 13 % (i gcomparáid le 10 % i gceantair uirbeacha); de bhrí go sáraíonn na héagothromaíochtaí sin 20 pointe céatadáin i mBallstáit áirithe; de bhrí go bhfuil na héagothromaíochtaí sin fós réasúnta cobhsaí ar leibhéal AE ó 2012 i leith; de bhrí go bhfuil neamhionannais inscne níos suntasaí i níos mó ná leath de na Ballstáit i gceantair thuaithe ná i gcathracha; de bhrí go mbíonn go leor ban i staideanna níos leochailí mar gheall ar dhálaí fostaíochta forbhásacha, amhail obair shéasúrach, nó i gcásanna eile, trí róil ‘dhofheicthe’, gan phá a dhéanamh ar fheirmeacha teaghlaigh mar chéilí cuidithe, rud a fhágann go mbíonn easpa rochtana ar chosaint shóisialta nó ar shochair mháithreachais go minic; de bhrí gur mó an seans go nglacfaidh mná i réigiúin tuaithe agus i réigiúin faoi mhíbhuntáiste páirt i bhfiontraíocht agus i bhféinfhostaíocht ná iad siúd i réigiúin uirbeacha agus i réigiúin atá faoi bhláth eacnamaíoch; de bhrí gur féidir leis an bhféinfhostaíocht a bheith ina cineál oibre a chuidíonn le poist a chruthú agus rátaí dífhostaíochta a laghdú do mhná, ach go bhfuil gá le cosaintí sóisialta leormhaithe a fhorbairt; de bhrí, i gceantair thuaithe, gurb é 38 % sciar na mban san fhéinfhostaíocht; de bhrí go bhfuil ró-ionadaíocht déanta ar mhná i gcineálacha féinfhostaíochta neamhchinnte; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil mná ina bpríomhspreagadh don rathúnas eacnamaíoch agus don chuimsiú sóisialta i gceantair thuaithe, go háirithe tríd an bhfiontraíocht, ar tosaíocht straitéiseach d’fhorbairt inbhuanaithe an Aontais é a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn an fhiontraíocht eolas agus scileanna; de bhrí go mbíonn constaicí níos mó roimh mhná na tuaithe maidir le rochtain a fháil ar an oideachas i gcomparáid le fir; de bhrí, san Aontas, go raibh sciar na n-áitritheoirí tuaithe a raibh bunscileanna digiteacha acu ar a laghad in 2019 14 % níos ísle ná sciar na gcónaitheoirí uirbeacha (48 % vs 62 %); de bhrí gur ceanglas bunriachtanach é an cuimsiú digiteach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag mná agus cailíní ar oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán, agus ar mhargadh an tsaothair, mar shampla trí ghníomhaíochtaí talmhaíochta, cianobair, nuálaíocht agus deiseanna fostaíochta a éagsúlú, bídís ar an láthair nó bídís cianda, agus go mbainfidh siad tairbhe as dinimic nuálaíochta teicneolaíochta agus gnó; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain iomlán na mban ar gach leibhéal oideachais a chur chun cinn, lena n-áirítear an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, an ealaín agus an mhatamaitic (STEAM) agus an t-oideachas airgeadais, ach gan a bheith teoranta dóibh, agus é á chur i gcuntas, mar a léirítear sa tuarascáil ó Mario Draghi maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024, go bhfuil dhá oiread níos mó fear ná ban ina gcéimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (STEM), éagothromaíochtaí atá níos measa fós i roghanna gairme tar éis na scolaíochta, ina bhfuil beagnach ceithre oiread níos mó fear ná ban ann ag obair i ngairmeacha teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), agus, dá bhrí sin, gur féidir ról lárnach a bheith ag an oideachas maidir le bearnaí inscne a dhúnadh, scileanna gairmiúla a éagsúlú agus iomaíochas eacnamaíoch agus sóisialta na gceantar tuaithe a neartú; de bhrí go gcuireann comhtháthú digiteach na mban lena neamhspleáchas eacnamaíoch, lena gcomhtháthú críochach agus le nuachóiriú earnáil na talmhaíochta agus chreatlach an ghnó;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur príomhuirlis é an t-oideachas chun neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a chothú, bearnaí pá idir na hinscní a dhúnadh agus dul i ngleic le hidirdhealú inscnebhunaithe i margaí saothair; de bhrí go bhfuil géarghá le hoideachas cuimsitheach atá oiriúnach ó thaobh aoise de a sholáthar maidir le gnéasacht agus caidrimh ar fud an Aontais, mar bhealach bunriachtanach chun dul i gcoinne steiréitíopaí inscne agus comhionannas a chur chun cinn ó aois óg; de bhrí, cé go bhfuil mná níos oilte ná fir ar an meán, go bhfuil siad fós faoi ghannionadaíocht i ngairmeacha STEAM agus gur minic a fhágann siad na hearnálacha sin mar gheall ar idirdhealú leanúnach agus steiréitíopáil; de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíocht mhéadaithe ón Aontas in oideachas agus i gcláir uas-scilithe agus athscilithe chun cothrom iomaíochta a chruthú i réimsí STEAM agus chun a áirithiú nach ndéanfaidh earnálacha atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga (IS), laofachtaí inscne atá ann cheana a atáirgeadh; de bhrí go bhfuil tábhacht i gceist le cláir mheantóireachta, moil ghnó faoi stiúir na mban agus tacaíocht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair chun mná a chumhachtú i réimsí STEAM; de bhrí go bhfuil príomhshruthú inscne tábhachtach ar fud bheartais agus ghnéithe uile bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear cistiú leormhaith d’fheachtais múscailte feasachta ar leibhéal an Aontais maidir leis na cláir agus na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú mall ag teacht ar líon na mban san fheirmeoireacht le blianta beaga anuas; de bhrí nach bhfuil ach 30 % de na feirmeacha ar fud AE á mbainistiú ag mná agus de bhrí gurb iondúil go mbíonn na feirmeacha sin níos lú ná na feirmeacha atá á mbainistiú ag fir, agus go saothraíonn siad ioncam níos ísle agus gur lú an rochtain a bhíonn acu ar thacaíocht airgeadais; de bhrí nach bhfuil na difríochtaí móra atá le fáil in ionadaíocht na mban san fheirmeoireacht i measc na mBallstát le sonrú sa chéatadán sin; de bhrí gur minic a roinneann mná freagrachtaí bainistithe feirme lena gcomhpháirtithe gan tairbhe a bhaint as an stádas nó as na cosaintí sóisialta a bhaineann leis an obair sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfaigheann mná, ar leibhéal na ceannaireachta nó na bainistíochta feirme ar a laghad, níos lú tacaíochta go comhréireach ó cheachtar colún den chomhbheartas talmhaíochta (CBT) ná mar a fhaigheann fir; de bhrí gurb é is cúis leis sin gurb iondúil go mbainistíonn mná feirmeacha beaga, gur leo níos lú talún agus gur lú rochtain a bhíonn acu ar an oideachas foirmiúil agus speisialaithe;<FOOTNOTE><FIELD> Casares Guillen, B., ‘<STRING ITALIC="on">Women in Rural Development: Integrating a gender dimension into policies for rural areas in Europe</STRING> [Mná i bhForbairt Tuaithe: Gné na hinscne a chomhtháthú i mbeartais do cheantair thuaithe san Eoraip], European Evaluation Society, Rotterdam, 2021.</FIELD></FOOTNOTE> de bhrí go mbíonn níos mó bacainní roimh mhná ná roimh fhir maidir le rochtain a fháil ar thalamh, ós rud é go bhfuil an tsamhail ‘ó athair go mac’ fós forleathan i gceantair thuaithe; de bhrí go mbíonn sé níos deacra dóibh freisin rochtain a fháil ar iasachtaí bainc de bharr méid níos lú na bhfeirmeacha atá á reáchtáil ag mná ar an meán, chomh maith leis na samhlacha táirgthe atá níos dírithe ar an gcomhshaol agus níos éagsúlaithe a mbíonn siad rannpháirteach iontu<FOOTNOTE><FIELD> Camille Tourtelier, Monica Gorman, Saoirse Tracy, <STRING ITALIC="on">Influence of gender on the development of sustainable agriculture in France</STRING> [Tionchar inscne ar fhorbairt na talmhaíochta inbhuanaithe sa Fhrainc], Journal of Rural Studies, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfágann na saintréithe sin, áfach, go bhfuil a bhfeirmeacha níos athléimní in aghaidh éagsúlachtaí aeráide agus margaidh, agus go bhfuil sé níos éasca iad a tharchur;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh sé a bheith níos deacra do mhná faoi mhíchumas a gcuid gnólachtaí féin a chur ar bun; de bhrí nach bhfuil fiontraíocht i measc na mban scothaosta á cur chun cinn, cé gur cheart a mheas go bhfuil acmhainneacht luachmhar agus neamhúsáidte acu don fhás eacnamaíoch, go háirithe i gceantair thuaithe ina bhfuil an daonra ag dul in aois níos sciobtha ná i gceantair uirbeacha; de bhrí gur féidir le cur chun cinn na fiontraíochta i measc mná ar imircigh iad deiseanna iontacha a chur ar fáil chun iad a lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus a neamhspleáchas agus a gcumhachtú eacnamaíoch a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an talmhaíocht i gceantair thuaithe ó thaobh acmhainní nádúrtha a chaomhnú, slándáil bia a áirithiú, forbairt eacnamaíoch agus fostaíochta a chur chun cinn, agus tacú le pobail; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach na mban ar fud an tslabhra luacha bia – ó tháirgeadh go próiseáil, dáileadh agus nuálaíocht – ina príomhthoisc maidir le hiomaíochas, cáilíocht agus inbhuanaitheacht na hearnála;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mban i róil úinéireachta feirme ar fud an Aontais, ach go bhfuil siad fós ina mionlach; de bhrí, in 2020, nach raibh ach 31,6 % d’úinéirí feirme san Aontas ina mná<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Farmers and the agricultural labour force – statistics</STRING> [Feirmeoirí agus an lucht saothair talmhaíochta – staidreamh’].</FIELD></FOOTNOTE>, nach raibh ach 12 % ar an meán den limistéar talmhaíochta a úsáideadh á bhainistiú acu; de bhrí gur gnách go mbíonn na feirmeacha sin níos lú ná iad sin atá á mbainistiú ag fir, go mbíonn ioncam níos ísle agus níos lú rochtana acu ar thacaíocht airgeadais; de bhrí nach bhfuil na difríochtaí móra atá le fáil in ionadaíocht na mban san fheirmeoireacht i measc na mBallstát le sonrú sna staitisticí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil formhór na mban atá ag obair in earnálacha na talmhaíochta nó an agraibhia fostaithe trí chonarthaí neamhchaighdeánacha nó páirtaimseartha; de bhrí nach mbainistíonn feirmeoirí faoi bhun 40 bliain d’aois ach 12 % de na feirmeacha uile san Aontas, agus nach mná óga iad ach 3 % díobh sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí, i gceantair thuaithe, inar minic a bhíonn traidisiúin áitiúla agus pobail dhlúthchleamhnaithe mar bhunchloch na sochaí, trí scileanna praiticiúla atá dírithe ar an todhchaí a thabhairt do dhaoine óga – go háirithe cailíní – go gcuideofar lena áirithiú gur féidir leo rath a bhaint amach agus neart a n-oidhreachta a thabhairt ar aghaidh go dtí an ré dhigiteach; de bhrí go rannchuidíonn aitheantas dlíthiúil agus tacaíocht slándála sóisialta do mhná in earnálacha na feirmeoireachta, na ceardaíochta traidisiúnta agus na cruthaitheachta le hathléimneacht agus forbairt eacnamaíoch áitiúil, le caomhnú cultúrtha agus le hathnuachan ó ghlúin go glúin; de bhrí gur minic a fhaigheann mná i gceantair thuaithe pá níos ísle ná fir, agus go bhfuil sé ríthábhachtach pá comhionann as obair chomhionann a áirithiú chun an fhiontraíocht a dhéanamh níos tarraingtí agus chun cruthú gnó agus maireachtáil inbhuanaithe i gceantair thuaithe araon a chumasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí, idir chaomhnuithe ceardaíochta, lónadóireacht úr feirme agus táirgí bia nuálacha, gur minic a bhíonn mná tuaithe ar thús cadhnaíochta maidir leis an oidhreacht áitiúil a chumasc leis an bhfiontraíocht, agus ar an gcaoi sin fiontair láidre agus inbhuanaithe a chruthú a chothaíonn a bpobail agus a chaomhnaíonn cultúr bia áitiúil do na glúnta atá le teacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur uirlis thar a bheith éifeachtach é clár LEADER, trí pháirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara áitiúla i ndearadh agus i seachadadh straitéisí, cinnteoireachta agus leithdháileadh acmhainní chun a gceantair thuaithe a fhorbairt, chun tacú le ceannairí agus fiontraithe ban tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go neartaítear an fhorbairt eacnamaíoch agus an t-iomaíochas le tacaíocht do rannpháirtíocht na mban san fhiontraíocht dhigiteach agus nuálach, go háirithe i gceantair oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, trí chuidiú le bacainní a eascraíonn as leithlisiú geografach a shárú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí nach amháin go bhfuil sé bunriachtanach mná a chumhachtú i dtalmhaíocht na hEorpa agus i ngeilleagar na tuaithe chun comhionannas inscne a bhaint amach, ach freisin chun forbairt inbhuanaithe tuaithe a chothú, i gcomhréir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 na Náisiún Aontaithe maidir le comhionannas inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná tuaithe maidir le héadaí clasaiceacha agus traidisiúnta a chaomhnú agus a shaibhriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí nach bhfaigheann mná san Aontas ach 1-2 % de chistiú caipitil fiontair faoi láthair, agus béim á leagan ar an ngá atá le hionstraimí maoinithe inscne-fhreagrúla a neartú agus rochtain chomhionann ar dheiseanna infheistíochta a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil sonraí atá imdhealaithe de réir inscne agus dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara bunriachtanach chun beartais fiontraíochta tuaithe a fhorbairt lena dtugtar aghaidh go héifeachtach ar riachtanais shonracha na mban; de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá os comhair na mban sa talmhaíocht, nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit aird níos fearr a thabhairt ar an tionchar atá ag beartais talmhaíochta ar mhná;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Banfhiontraithe a chumhachtú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil banfhiontraithe , lena n-áirítear iad siúd ó réigiúin iargúlta agus ó na réigiúin is forimeallaí, ina bpríomhspreagthóirí don nuálaíocht, don chomhtháthú agus don iomaíochas sna réigiúin tuaithe, sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go mbeadh rochtain níos fearr ar gach cistiú, go háirithe ar chistiú nuálaíochta, cláir thacaíochta shaincheaptha d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus deiseanna laistigh de na geilleagair ghlasa agus dhigiteacha, lena n-áiritheofar gur féidir le banfhiontraithe páirt iomlán a ghlacadh i margaí atá ag teacht chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí rochtain ar infheistíocht phríobháideach a mhéadú, agus deiseanna saormhargaidh a chur chun cinn; á chur i bhfáth nach mór do bhanfhiontraithe tairbhe iomlán a bhaint as treochlár straitéiseach an Aontais an ‘Compás Iomaíochais’, arb é is aidhm dó dinimiceas na hEorpa a athbhunú agus borradh a chur faoina fás eacnamaíoch trí thimpeallacht thacúil a chruthú do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha óga, trí cheannaireacht thionsclaíoch a chur chun cinn in earnálacha ardfháis atá bunaithe ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha, agus trí scaipeadh teicneolaíochtaí a spreagadh laistigh de chuideachtaí agus FBManna seanbhunaithe; ag tathant, chun na críche sin, go ndíreofaí níos mó i mbeartais an Aontais ar chur chuige trasearnálach agus comhtháite a ghlacadh maidir le réaltacht agus dúshláin na réigiún is forimeallaí i mbeartais phoiblí uile na hEorpa, i gcás inarb iomchuí; á áitiú gur cheart go mbeadh an ceart agus an deis ag gach duine san Eoraip saol sásúil a thógáil ina réigiún baile – eadhon an ceart fanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil comhionannas inscne bunriachtanach chun clár oibre iomaíochais eacnamaíoch agus rathúnais an Aontais a bhaint amach, ós rud é go bhfeabhsaítear táirgiúlacht agus go gcothaítear fás cuimsitheach agus inbhuanaithe le rannpháirtíocht iomlán agus chomhionann na mban i margadh an tsaothair, sa mhargadh fiontraíochta agus sa chóras nuálaíochta, rud a neartaíonn iomaíochas domhanda an Aontais ar an iomlán; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an easpa de sheirbhísí cúraim leanaí inrochtana agus inacmhainne fós ar cheann de na príomhbhacainní ar rannpháirtíocht iomlán na mban san fhiontraíocht agus san fhostaíocht i gceantair thuaithe, iargúlta agus oileánacha; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht a dhéanamh in oideachas agus cúram na luath-óige i gcláir arna gcistiú ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE); ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí tacaíochta d’fhiontraíocht na mban i gceantair thuaithe a neartú, go háirithe trí rochtain ar chreidmheas, ar nuálaíocht agus ar ionstraimí airgeadais iomchuí a éascú, agus ar an gcaoi sin neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus éagsúlú gníomhaíochtaí talmhaíochta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí cláir lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain ag mná ar oideachas i réimsí amhail digitiú, airgeadas agus riarachán gnó, lena n-áirítear trí thionscnaimh atá faoi thionchar an mhargaidh agus trí chomhpháirtíochtaí san earnáil phríobháideach; á iarraidh freisin go gcuirfí fiontraíocht agus nuálaíocht chun cinn trí líonraí meantóireachta struchtúrtha agus ardáin phiarfhoghlama, go háirithe i réimsí amhail digitiú, airgeadas agus riarachán; ag cur béim thairis sin ar a thábhachtaí atá tionscnaimh múscailte feasachta chun infhaighteacht agus tairbhí na líonraí agus na n-ardán sin a chur chun cinn i measc banfheirmeoirí, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht agus cumhachtú níos fearr a chothú d’oibrithe talmhaíochta ar mná iad; á thabhairt chun suntais an luach a d’fhéadfadh a bheith ag tacaíocht AE a bheadh dírithe ar thorthaí chun cabhrú le tionscnaimh áitiúla a bhunú amhail líonraí gnó lena neartaítear fiontraíocht na mban agus rannpháirtíocht an phobail i gceantair thuaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh, agus comhar san earnáil phríobháideach á spreagadh do gach saoránach tuaithe, lena n-áirítear mná; ag tabhairt dá haire gur féidir poist agus ioncam a chruthú trí ghnó a reáchtáil agus, ar an gcaoi sin, breisluach a chruthú don ghnó agus don tsochaí ina hiomláine; ag tabhairt dá haire go bhfuil ag éirí go maith le tionscadail lena gcuirtear meantóireacht agus piarfhoghlaim chun cinn i measc banfhiontraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar na tionscnaimh rathúla sin agus foghlaim uathu agus cláir mheantóireachta struchtúrtha agus phiarfhoghlama á ndearadh agus á leathnú ar fud an Aontais, chun a áirithiú gur féidir le banfhiontraithe tairbhe iomlán a bhaint as struchtúir chomhroinnte eolais agus tacaíochta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé gníomhú ó chéim luath den oideachas chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne lena gcuirtear teorainn fós le rochtain na mban ar earnálacha eacnamaíocha áirithe agus ar phoist cheannaireachta áirithe, chun comhdheiseanna a áirithiú agus chun rannchuidiú na mban le dinimiceas eacnamaíoch agus sóisialta na gceantar tuaithe agus oileánach agus na réigiún sléibhtiúil agus na réigiún is forimeallaí a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tacaíocht chomhionann d’fhiontraíocht na mban, a bhfuil tacaíocht agus acmhainní tiomnaithe ag gabháil leis, bíodh sé in STEAM, i TFC, sa gheilleagar sóisialta, i seirbhísí iompair, sa cheardaíocht agus i bhfiontair a bhaineann le cúram agus eile; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le mná óga i gceantair thuaithe atá ag dul isteach i réimsí gairme inar líonmhaire na fir go traidisiúnta, agus aitheantas á thabhairt don rath méadaitheach atá orthu agus d’oscailteacht mhéadaitheach go leor fiontar i leith tallainne agus nuálaíochta ó mhná, agus cultúir chuimsitheacha agus thacúla san ionad oibre á gcur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cláir mheantóireachta agus oiliúna do bhanfhiontraithe a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar mháithreacha atá ag filleadh ar an margadh saothair tar éis saoire mháithreachais nó thuismitheoireachta agus ar thuismitheoirí leanaí óga i gceantair thuaithe, ionas go bhféadfaidís páirt a ghlacadh sna cláir sin agus freagrachtaí cúraim á gcomhlíonadh agus chun na hualaí díréireacha a bhíonn ar mhná a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát cláir a fhorbairt lena dtacófar le fiontair atá faoi stiúir ban, lena n-áirítear oiliúint fiontraíochta agus bainistíochta, líonraí gnó áitiúla, agus comhroinnt eolais earnála i bpríomhthionscail, agus aird ar leith á tabhairt ar cheantair thuaithe agus oileánacha agus ar na réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar oiliúint maidir le rialacha mhargadh aonair an Aontais, ar úsáid ardán ríomhthráchtála ar líne, agus ar rannpháirtíocht in aontaí trádála idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go méadófar iomaíochas, athléimneacht agus breisluach na ngeilleagar tuaithe trí fheabhas a chur ar rochtain fiontraithe ban ar mhargaí onnmhairiúcháin; ag tabhairt dá haire, trí rochtain ar sheirbhísí idirlín inacmhainne a leathnú, trí chláir oiliúna shaincheaptha a chur ar fáil a chuireann le láidreachtaí na mban, agus trí bheartais a chothú lena gcuirtear rannpháirtíocht chomhionann chun cinn, go bhfuil mná tuaithe ag éirí níos ullmhaithe chun bacainní a shárú agus chun róil ghníomhacha, cheannródaíocha a ghlacadh sa gheilleagar digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mholadh go gcruthófaí líonraí comharchumann agus comhlachas ban san earnáil agraibhia, lena gcuirfí samhlacha gnó inbhuanaithe, ciorclacha agus a bhfuil breisluach áitiúil ag baint leo chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar an bhfeirmeoireacht orgánach, ar phróiseáil cheardaí agus ar dhíolacháin dhíreacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin ardán ‘mná san fheirmeoireacht’ a bhunú, mar fhóram le haghaidh plé agus malartú dea-chleachtais, chun rannpháirtíocht a neartú agus comhdheiseanna a chur chun cinn san earnáil agraibhia; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Parlaiminte maidir le gníomhaíochtaí agus torthaí an ardáin; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear obair an ardáin sin i gcuntas go cuí agus tionscnaimh bheartais a bheidh ann amach anseo i réimsí na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe á n-ullmhú agus á bhforbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit scéalta ratha ina léirítear banfhiontraithe sna réigiúin thuaithe agus sna réigiúin is forimeallaí a chur chun cinn agus aird a tharraingt orthu trí fheachtais feasachta, lena n-áirítear sna meáin thraidisiúnta agus sna meáin shóisialta, chun infheictheacht, muinín agus rannpháirtíocht an phobail a threisiú; ag tabhairt dá haire, agus an comhthéacs sin á chur san áireamh, a thábhachtaí atá sé litearthacht airgeadais a fhorbairt, lena ndírítear go háirithe ar mhná, ós rud é go bhfuil bearna inscne ann san eolas airgeadais – ar an meán, san Aontas, fuair fir scór 18 bpointe céatadáin níos airde ná mná i suirbhé ar eolas airgeadais a rinne an Coimisiún Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, <STRING ITALIC="on">Monitoring the level of financial literacy in the EU</STRING> [Faireachán a dhéanamh ar leibhéal na litearthachta airgeadais san Aontas], Flais-Eorabharaiméadar 525, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go mbeadh bearta ann atá dírithe ar mhná a rannpháirtiú ina bpobail chun cineálacha cur chuige áitiúla agus ón mbun aníos a úsáid, chomh maith le líonraí a chur chun cinn, i measc tionscnaimh eile, chun rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh feachtais spriocdhírithe ann lena léirítear íomhánna nua-aimseartha de mhná sa talmhaíocht chun mná óga a mhealladh chuig gníomhaíochtaí fiontraíochta in earnáil na talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, leanúint d’anailís a dhéanamh ar phríomhbhacainní ar fhostaíocht agus ar fhiontraíocht na mban, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin iargúlta, agus gníomhaíochtaí spreagúla a mholadh chun na bacainní sin ar fhás agus ar rathúnas a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le fiontair atá faoi stiúir ban, trí chomhairle dhlíthiúil agus theicniúil a chur ar fáil, trí mhalartú dea-chleachtas, trí chabhrú le fiontraithe ban leithlisiú i gceantair thuaithe a shárú agus a n-iomaíochas a neartú agus trí sciar na mbanfhiontraithe agus na mban féinfhostaithe i gceantair thuaithe laistigh den Aontas a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit cur le hanailísí agus torthaí EIGE maidir le fiontraíocht agus féinfhostaíocht na mban ar fud na mBallstát uile, lena n-áiritheofar bailiú sonraí inchomparáide ar ardchaighdeán agus méadrachtaí comhleanúnacha maidir le rochtain ar mhaoiniú, rátaí marthanais gnó, fás, ionadaíocht earnála agus nuálaíocht, scórchártaí bliantúla comparáideacha a fhoilsiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, réigiúin atá tite ar gcúl a shainaithint (lena n-áirítear ceantair iargúlta agus oileánacha, na ceantair is forimeallaí agus na ceantair thuaithe) agus trédhearcacht a chur chun cinn, dea-chleachtais agus scéalta ratha gnó arna ndoiciméadú ag EIGE a shainaithint agus a mhéadú – amhail líonraí meantóireachta, cláir infheistíochta chuimsitheacha, moil ghnó na mban, agus líonraí idir piaraí – agus iad a scaipeadh i gcomhthéacsanna tuaithe, ionstraimí airgeadais spriocdhírithe, scéimeanna ráthaíochta agus tionscnaimh fothaithe acmhainneachta a mholadh bunaithe ar bhacainní atá sainaitheanta ag EIGE (e.g. easnaimh líonra, claontacht i gcinntí cistiúcháin, easpa eiseamláirí) chun an bhearna sa chur chun feidhme a dhúnadh, agus tacaíocht theicniúil agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun príomhshruthú inscne a chomhtháthú i gcláir fiontraíochta, lena n-áiritheofar ailíniú le modheolaíocht EIGE, dea-chleachtais agus leis an Innéacs Comhionannais Inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú chun an forléargas cuimsitheach ar staid shocheacnamaíoch mhná na tuaithe a áirithiú agus gné na hinscne a chur san áireamh nuair a bhíonn beartais agus cláir i réimse na forbartha tuaithe á gceapadh, á gcur chun feidhme agus á measúnú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá measúnuithe tionchair maidir le ceapadh na dtograí sin chun cuidiú le spriocanna an phríomhshruthaithe inscne a bhaint amach i gceantair thuaithe; ag tathant go n-áireofaí sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de i meastóireachtaí ar chláir AE chun a áirithiú go dtacóidh infheistíocht phoiblí go héifeachtach le fiontraíocht na mban agus go rannchuideoidh sí leis an mbearna inscne a dhúnadh maidir le rochtain ar mhaoiniú agus ar dheiseanna eacnamaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tacú le straitéis an Choimisiúin maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochta agus maidir le hionstraimí airgeadais cuimsitheacha a chruthú agus a leathnú, lena n-áirítear cuntas coigiltis infheistíochta le lipéad an Aontais chun rochtain ar mhaoiniú a mhéadú agus a éascú do chuideachtaí an Aontais atá faoi stiúir ban, agus ag tabhairt dá haire gur cheart príomhshruthú inscne a áireamh sa straitéis; chuige sin, á chur in iúl gur geal léi seoladh ‘Finance Europe’, lipéad le haghaidh táirgí infheistíochta agus coigiltis fadtéarmacha AE lena n-infheistítear 70 % dá sócmhainní i gcuideachtaí Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ‘ciste bunaitheoirí ban’ a thabhairt isteach, chun tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus deiseanna infheistíochta a chur ar fáil do ghnóthaí atá faoi stiúir ban; á chur i bhfios go láidir go leathnódh ciste den sórt sin cumas CEI tacú le cothromas príobháideach agus cistí caipitil fiontair agus, go rannchuideodh sé, chomh maith, leis an mbearna chistiúcháin idir na hinscní a dhúnadh, agus le hiomaíochas a bhaint amach ar fud an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí bearta, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Mná ar Bhoird<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (IO L 315, 7.12.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2381/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, chun aghaidh a thabhairt ar chlaontacht inscne sa rochtain ar mhaoiniú, lena n-áirítear líonra Eorpach infheisteoirí atá ar an eolas faoin ngá tábhachtach atá le cothromaíocht inscne, agus le hionstraimí agus spriocanna tiomnaithe (e.g. micreamhaoiniú, ráthaíochtaí agus cothromas) atá saincheaptha do FBManna tuaithe faoi stiúir ban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil sé de chumhacht ag banfiontraithe tuaithe scéalta ratha trasteorann a dhéanamh de smaointe áitiúla laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le huirlisí digiteacha nua-aimseartha agus an tsaoirse gluaiseachta agus trádála laistigh den Aontas, lena n-éascaítear gnólachtaí tuaithe faoi stiúir na mban, lena gcuirtear ar a gcumas nascadh le margaí nua, comhoibriú thar theorainneacha, agus a dtáirgí agus a seirbhísí barántúla a dhéantar go háitiúil a roinnt le custaiméirí ar fud na hEorpa; ag tabhairt dá haire, cé nach bhfuil rochtain ilchríochach bainte amach ag roinnt fréamhacha áitiúla, nach bhfuil an cumas geografach ag roinnt Ballstát páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag aithint an mhóimintim atá ag dul i méid agus an tiomantais láidir atá ann i leith infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar digiteach, i bhforbairt scileanna agus i gcreataí beartais dhigitigh cuimsitheacha – agus ar an gcaoi sin deiseanna spreagúla a chruthú chun mná tuaithe a chumhachtú agus chun a áirithiú go mbainfidh siad tairbhe iomlán as an aistriú digiteach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá infheistíochtaí spriocdhírithe sa bhonneagar digiteach, i ndeiseanna uas-scilithe agus athscilithe, i bhforbairt scileanna agus i gcreataí beartais dhigitigh cuimsitheacha lena n-áirithítear gur féidir le mná tuaithe agus go háirithe mná ó cheantair oileánacha agus ó na réigiúin is forimeallaí páirt iomlán a ghlacadh san aistriú digiteach agus á iarraidh go ndéanfaí na hinfheistíochtaí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ualach riaracháin a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil comhionannas inscne bunriachtanach le haghaidh aistriú digiteach rathúil, ós rud é go gcuirtear feabhas ar an nuálaíocht agus ar an athléimneacht de bharr rannpháirtíocht iomlán na mban in earnálacha digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar comhionannas inscne a chomhtháthú i gcuspóirí na mbeartas digiteach agus na gclár scileanna uile, chun a áirithiú go mbainfidh mná an tairbhe chéanna as deiseanna sa gheilleagar digiteach atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh córais oideachais náisiúnta, lena n-áirítear gairmoideachas agus oideachas treasach agus córais a fhreastalaíonn ar cheantair thuaithe agus iargúlta, rochtain láidir ar scileanna digiteacha agus ar oideachas ETIM ar fáil, ar bhealaí lena gcumhachtaítear cailíní agus buachaillí araon a n-acmhainneacht iomlán a shaothrú; á chur i bhfáth gur gá roghanna gairme fiontraíochta a chur chun cinn – ar bhealach neamh-steiréitipiciúil – agus an comhionannas inscne agus oideachas airgeadais a áireamh i gcuraclaim scoile; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cláir mheantóireachta, eiseamláirí ban, agus comhpháirtíochtaí idir scoileanna, ollscoileanna, gnólachtaí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cailíní a spreagadh chun gairmeacha ETIM a shaothrú; á iarraidh go n-áireofaí cuspóirí comhionannais inscne sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus go mbeadh cistiú spriocdhírithe AE agus náisiúnta ann chun tacú le mná agus cailíní i réimsí digiteacha atá ag teacht chun cinn amhail IS, eolaíocht sonraí agus teicneolaíochtaí glana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go mbeadh bearta spriocdhírithe ann chun feabhas a chur ar rochtain na mban ar dheiseanna uas-scilithe agus athscilithe, chomh maith le faisnéis maidir le hoiliúint fiontraíochta, cláir arna gcistiú ag an Aontas agus scéimeanna maoinithe gnó i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí go sainráite i gcláir chun nuálaíocht a chur chun cinn i gceantair thuaithe bearta atá dírithe ar mhná a bhaint amach mar spriocghrúpa, mar shampla trí sheirbhísí faisnéise ísealtairsí, ceardlanna nuálaíochta a bhaineann go sonrach le mná agus for-rochtain ghníomhach chuig bainisteoirí feirme ban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do scileanna traidisiúnta na mban tuaithe, amhail táirgeadh éadaí agus fíodóireacht ciseán, mar shócmhainní cultúrtha ríthábhachtacha lena gcaomhnaítear an oidhreacht agus lena gcruthaítear deiseanna eacnamaíocha, go háirithe i bhfianaise phríomhróil na mban san agrathurasóireacht, i dtionscail cheirde, i dtáirgeadh bia ceardaí, i margaíocht dhíreach agus i slabhraí luacha réigiúnacha; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i gcláir ghairmoiliúna atá saincheaptha do mhná agus cailíní tuaithe, rud a chuirfidh ar a gcumas ioncam inbhuanaithe a ghiniúint agus slite beatha teaghlaigh a choinneáil; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, conas is féidir le mná cabhrú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh agus a n-acmhainneacht ollmhór mar nuálaithe, fiontraithe agus ceannairí pobail a scaoileadh, lena réiteofar an bealach do shochaithe níos cuimsithí, níos beoga agus níos athléimní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, nuair a thacaíonn caipiteal fiontair le gnó tuaithe faoi stiúir ban agus é mar aidhm leis cuimsiú agus cumhachtú iomlán na mban ina n-éagsúlacht uile a áirithiú, go dtugann sé comhartha láidir muiníne, go gcuireann sé borradh faoi mhuinín an fhiontraí agus go dtugann sé infheictheacht níos mó di san éiceachóras gnó; ag tabhairt dá haire freisin acmhainneacht na n-aingeal gnó ar féidir leo cabhrú níos luaithe fós, agus maoiniú síl á thairiscint acu chun cabhrú le fiontraithe a bhfiontair a chur ar bun; ag tabhairt dá haire go bhfuil aingil ghnó toilteanach deis a ghlacadh ar smaointe nua nó neamhchruthaithe, go háirithe nuair a fheiceann siad acmhainneacht i bhfís agus i dtiomantas an bhunaitheora; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht den chineál sin bunriachtanach i gceantair thuaithe, áit nach mbeadh gnólachtaí ag teacht leis na critéir chistiúcháin thraidisiúnta b’fhéidir; á mheabhrú go bhfuil caipiteal fiontair ar mhórscála dírithe ar an gceantar uirbeach, agus gur minic a bhíonn caipitlithe fiontair bunaithe ar an gcathair, agus gur minic a bhíonn aingil ghnó níos rannpháirtí ar bhonn áitiúil, agus leas pearsanta acu tacú le pobail tuaithe agus mná a chumhachtú mar fhórsa le haghaidh athnuachan eacnamaíoch áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh go mbeadh bearta spriocdhírithe ann chun feabhas a chur ar rochtain na mban ar thalamh, ar airgeadas, ar oideachas agus ar oiliúint, lena n-áirítear roghanna solúbtha, go háirithe d’fheirmeoirí ban agus d’úinéirí gnó ban atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá dul i ngleic le bacainní struchtúracha agus institiúideacha, lena n-áirítear deacrachtaí maidir le stádas dlíthiúil a fháil laistigh de ghnólachtaí feirme, rialacha cánach agus leasa shóisialta lena gcuirtear mná faoi mhíbhuntáiste i lánúineacha feirmeoireachta, agus bacainní riaracháin maidir le húinéireacht feirme lena gcuirtear mná faoi mhíbhuntáiste; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart mná ar mian leo gníomhaíocht fiontraíochta a shaothrú a spreagadh chun an chéim sin a ghlacadh, ós rud é gur féidir poist agus ioncam a chruthú trí ghnó a reáchtáil agus, ar an gcaoi sin, breisluach a chruthú don tsochaí; á iarraidh ar chomharchumainn talmhaíochta agus ar eagraíochtaí táirgeoirí arna gcistiú faoi CBT tagarmharcanna ionadaíochta inscne a thabhairt isteach i ndiaidh a chéile ina gcomhlachtaí rialaithe, lena n-áiritheofar rochtain chomhionann do mhná ar struchtúir chinnteoireachta; á chur i bhfáth go gcuirfidh an rannpháirtíocht sin feabhas ar iomaíochas na bhfiontar tuaithe trí leas a bhaint as acmhainneacht nuálach agus scileanna bainistithe na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart díriú go sonrach ar mhná atá i staid fhorbhásach, amhail oibrithe imirceacha, go háirithe oibrithe feirme imirceacha, mná faoi mhíchumas, mná a bhfuil stair fhada dífhostaíochta acu agus mná scothaosta, le cláir lena dtacaítear le rochtain na mban ar fhiontraíocht agus ar fhéinfhostaíocht i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit fiontraíocht na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear líonraí sonracha le haghaidh comharbas gnó agus meantóireachta, agus cláir chistiúcháin nó bearta tacaíochta a cheapadh, lena n-áirítear treoir ilfhreastail, sa chaoi go mbeidh gnólachtaí agus geallsealbhóirí beaga incháilithe chun rochtain a fháil orthu, agus go gcoinneofar an t-ualach riaracháin comhréireach le méid an ghnó, ós rud é go mbíonn fiontair agus feirmeacha na mban níos lú ar an meán ná fiontair agus feirmeacha na bhfear; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh daoine aonair nó eagraíochtaí beaga in ann forléargas a fháil ar dheiseanna maoinithe freisin agus iarratas a dhéanamh orthu, agus go dtabharfar cúnamh dóibh chun é sin a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a mholadh chun tacú le feirmeoirí baineanna óga agus le fiontraithe agraibhia, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais, agus tionscnaimh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rochtain ar thalamh agus ar chomharbas feirme; á thabhairt chun suntais go bhfuil athnuachan ó ghlúin go glúin ríthábhachtach chun gníomhaíocht talmhaíochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, lena n-áirithítear slándáil bia agus pobail tuaithe bhríomhara araon; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, bearta sonracha a mholadh atá dírithe ar fheirmeoirí baineanna óga faoi CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla úsáid a bhaint as cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa chun díriú ar bhanfhiontraithe agus ar mhná atá féinfhostaithe agus iad a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil gá le feachtais ardaithe feasachta agus faisnéise maidir le deiseanna cistiúcháin an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo do bhanfhiontraithe i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí ‘mear-rian’ le haghaidh rochtana ar mhaoiniú agus sholáthar poiblí do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga faoi stiúir ban i gceantair thuaithe; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa sásra sin laghdú ar ualaí riaracháin agus simpliú nósanna imeachta, chomh maith le réamhíocaíochtaí do ghnólachtaí nuathionscanta a thabhairt isteach lena gcumasófar gníomhaíochtaí gnó a sheoladh; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag micrichreidmheasanna maidir le cuimsiú airgeadais na mban a fheabhsú tríd an leas is fearr a bhaint as deiseanna margaidh agus sóisialta le haghaidh cuimsiú sna margaí airgeadais; á chur in iúl gur geal léi cistí poiblí agus príobháideacha lena gcuirtear beartais maidir le comhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú chun feidhme; ag moladh samplaí ina bhfuil gealltanas tugtha ag cistí príobháideacha tomhas agus rianú a dhéanamh ar ionadaíocht inscne agus tuairisciú bliantúil poiblí a dhéanamh ar a dtorthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú leormhaith a chur in áirithe laistigh de chláir ábhartha chun tacú le fiontair atá faoi stiúir na mban i gceantair thuaithe agus iargúlta, go háirithe in earnálacha nuálacha agus in earnáil na turasóireachta, trí bhearta iomchuí laistigh de chláir ábhartha nuair is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le tearcionadaíocht dhíréireach daoine faoi mhíchumas, go háirithe mná, i margadh an tsaothair trí bhearta sonracha a thabhairt isteach, lena n-áirítear dreasachtaí leormhaithe agus bearta tacaíochta d’fhostóirí agus do chuideachtaí a earcaíonn daoine faoi mhíchumas, agus acmhainneacht micreachuideachtaí agus cuideachtaí beaga á cur san áireamh; á chur i bhfáth gur gá fostaíocht na mban faoi mhíchumas a chur chun cinn freisin laistigh de FBManna agus trí fhéinfhostaíocht, trí bhíthin dreasachtaí spriocdhírithe, chomh maith le spriocanna san ionad oibre do dhaoine faoi mhíchumas agus conairí oiliúna atá saincheaptha do riachtanais daoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tacaíocht leordhóthanach d’fhiontraíocht na mban i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027, lena n-áirítear cistiú trí chláir ábhartha amhail CBT, lena n-áirítear POSEI, Fís Eorpach, clár LEADER agus an Clár don Eoraip Dhigiteach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rochtain ar chistiú an Aontais a éascú d’fhiontair thuaithe, comharchumainn agus tionscadail phobalbhunaithe atá faoi stiúir ban; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí príomhshruthú inscne ar fud na réimsí beartais agus na mbuiséad uile, ós rud é go gcuirfeadh sé sin ar chumas bheartais an Aontais freastal i ndáiríre ar gach bean, go háirithe banfhiontraithe; á athdhearbhú go bhfuil gá le straitéis chuimsitheach AE d’fhiontraíocht na mban i réigiúin tuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí agus á iarraidh go ndéanfaí acmhainní airgeadais tiomnaithe agus sásraí cistiúcháin tiomnaithe a leithdháileadh go sainráite ar an straitéis seo; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, imfhálú an bhuiséid atá tiomnaithe do chlár LEADER a choinneáil ar bun nó a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an clár LEADER a neartú tríd an ualach riaracháin atá ar na húdaráis áitiúla a laghdú agus an rochtain air a shimpliú, trí úinéireacht áitiúil na dtionscadal forbartha atá faoi stiúir an phobail a chur chun cinn agus trí rannpháirtíocht na mban i nGrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an rochtain neamhleor ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí cúraim do bhanfhiontraithe i gceantair thuaithe; ag spreagadh infheistíocht i mbonneagar cúraim agus beartais atá fabhrach do theaghlaigh a chur chun cinn do theaghlaigh ina n-éagsúlacht uile chun tacú le cothromaíocht oibre agus saoil do bhanfhiontraithe; ag spreagadh na mBallstát agus na réigiún beartais shonracha a fhorbairt do na réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, agus leithlisiú, aosú an daonra agus ganntanas seirbhísí á gcur san áireamh, agus bearta a áirithiú atá oiriúnaithe do réaltacht na mban sna críocha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá simpliú don iomaíochas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceanglais riaracháin agus tuairiscithe a shimpliú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as treoir ilfhreastail, ionas gur féidir le gnólachtaí beaga atá faoi stiúir ban, comharchumainn agus tionscnaimh phobail rochtain a fháil ar chistiú gan ualach díréireach, agus rochtain spriocdhírithe ar thacaíocht airgeadais a áirithiú trí chláir chistiúcháin an Aontais chun fiontraíocht na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear líonraí sonracha le haghaidh comharbas gnó agus meantóireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhshruthú inscne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit oideachas cuimsitheach, oiriúnach ó thaobh aoise de, cuimsiú scileanna agus ábhar digiteach a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd a fhreastalaíonn ar cheantair thuaithe agus iargúlta, agus rochtain láidir ar scileanna digiteacha agus ar oideachas ETIEM a chur ar fáil, ar bhealach atá inscne-íogair lena ndéantar steiréitíopaí a chomhrac agus lena dtugtar de chumhacht do chailíní a n-acmhainneacht iomlán a shaothrú; á iarraidh ar an gCoimisiún oideachas cuimsitheach atá oiriúnach ó thaobh aoise de a áirithiú do bhuachaillí agus do chailíní maidir le gnéasacht agus caidrimh a chuireann in aghaidh steiréitíopaí inscne agus a mhúineann faoi thoiliú agus cearta, lena n-áiritheofar oideachas cuimsitheach bunaithe ar urraim fhrithpháirteach agus neamh-idirdhealú, agus cumhachtú iomlán na mban óg á chothú ag an am céanna chun páirt a ghlacadh ar théarmaí comhionanna sa tsochaí agus i margadh an tsaothair, ós rud é go bhfuil cumhachtú eacnamaíoch ríthábhachtach chun geilleagar níos iomaíche agus níos athléimní a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí staidrimh atá iontaofa, cothrom le dáta agus imdhealaithe de réir inscne, aoise, críche agus earnála a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh go córasach, mar bhonn do bheartais phoiblí fhianaisebhunaithe, i ndlúthchomhar le Eurostat, le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus le faireachlanna réigiúnacha; á aithint a thábhachtaí atá measúnuithe tionchair ar cheapadh na dtograí sin chun cuidiú le spriocanna an phríomhshruthaithe inscne a bhaint amach i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt chun suntais acmhainneacht chlaochlaitheach na hintleachta saorga, na n-ardán ar líne agus na n-uirlisí cianoibre chun rannpháirtíocht eacnamaíoch na mban i limistéir thuaithe a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit oiliúint, seirbhísí éigeandála agus bonneagar atá íogair ó thaobh inscne de, a chur ar fáil chun an tionchar atá ag géarchéimeanna ar phobail tuaithe, iargúlta agus fhorimeallacha a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áireofar ina fhreagairt ar ghéarchéimeanna pacáistí sláinteachais mhíosta mar ghné chaighdeánach ina fhreagairtí éigeandála uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina tuarascáil speisialta Uimh. 10/2021 maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais, nár chuir an Coimisiún príomhshruthú inscne chun feidhme go leormhaith agus nár bhain sé úsáid leordhóthanach as sonraí agus táscairí atá imdhealaithe de réir gnéis; á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur oth le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nár tugadh ‘aon deis le haghaidh gníomhaíocht dhearfach maidir le mná’ le córas íocaíochtaí díreacha CBT agus ag tabhairt dá haire go raibh ‘gá soiléir le hanailís inscne ar thacaíocht ioncaim a íoctar le feirmeoirí trí íocaíochtaí díreacha, lena n-áirítear dáileadh ioncaim agus an bhaint atá aige le húinéireacht talún, talamh incháilithe, agus faighteoirí íocaíochtaí’; ag tabhairt dá haire, ós rud é go mbíonn feirmeacha ban níos lú ar an meán ná feirmeacha fear, gur gá go gcuirtear banfheirmeoirí faoi mhíbhuntáiste de bharr córas íocaíochta dírí dromchlabhunaithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach ndearnadh aon fheabhsuithe i ndáil leis sin in CBT reatha ná sa dréacht a foilsíodh an 16 Iúil 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais feasachta agus cláir fothaithe acmhainneachta a chur chun cinn maidir le cearta sóisialta agus saothair na mban, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, lena n-áirítear cearta chun cosanta sóisialta, máithreachais, sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre, d’fhonn a rannpháirtíocht iomlán agus fheasach sa saol eacnamaíoch agus sóisialta a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cultúr agus ceardaíocht thraidisiúnta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag moladh pobail a chaomhnaíonn an oidhreacht agus an traidisiún áitiúil, agus a dhéanann tionscnaimh lena bhfeabhsaítear feirmeoireacht áitiúil faoi stiúir na mban a chur chun cinn agus a ghlacadh chucu féin, chomh maith le saothair cheardaíochta thraidisiúnta a chaomhnú agus a chur chun cinn, ar minic iad á bhforbairt agus á gcothabháil ag comhlachais áitiúla ban, lena n-áirítear eagraíochtaí ban tuaithe, grúpaí cultúrtha, séadchomharthaí agus músaeim; á aithint go gcuireann na gníomhaíochtaí sin go mór le héagsúlú eacnamaíoch, le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus doláimhsithe, le neartú na turasóireachta inbhuanaithe, agus go gcothaíonn siad aitheantas cultúrtha laistigh den phobal áitiúil, ar gné neamhfheicthe agus tearcluacháilte é go minic de gheilleagair thuaithe; á chur i bhfáth, thairis sin, go dtreisíonn rannpháirtíocht ghníomhach na mban sna cleachtais sin comhtháthú sóisialta, féiniúlacht chríochach agus tarraingteacht na gceantar tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag comhlachais eagraithe banfheirmeoirí agus ban tuaithe mar chnámh droma na forbartha fiontraíochta, sóisialta agus cultúrtha i gceantair thuaithe; á iarraidh go ndéanfaí na heagraíochtaí sin a neartú ó thaobh struchtúir de agus go mbeidís rannpháirteach i gcur chun feidhme beart comhionannais inscne, go háirithe maidir le hoiliúint agus cláir mheantóireachta, cúram sláinte agus comhairle nuathionscanta a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt chun suntais acmhainneacht ollmhór na ceardaíochta traidisiúnta agus na ngeilleagar ciorclach áitiúil, go háirithe do mhná in imthosca forbhásacha lena n-áirítear mná scothaosta, mná faoi mhíchumas, mná imirceacha agus mná atá ag maireachtáil i mbochtaineacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an bhfiontraíocht idirghlúine agus ilchultúrtha agus le slabhraí luacha ceardaíochta trí ghníomhaíochtaí oiliúna, cistiúcháin agus infheictheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gnólachtaí ar mhionscála iad go leor gnólachtaí faoi stiúir ban i gceantair thuaithe agus gur minic a bhíonn siad bunaithe ar ghníomhaíochtaí iomadúla agus ar ilfheidhmiúlacht na talmhaíochta e.g. talmhaíocht a chomhcheangal le turasóireacht, ceardaíocht nó seirbhísí sóisialta; á iarraidh go mbeadh cláir thacaíochta ann lena gcuirtear na teaglamaí sin san áireamh go sainráite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfeidhmíonn mná, trína rannpháirtíocht i gceardaíocht ball éadaigh traidisiúnta, bróidnéireacht, fíodóireacht, agus a n-eolas ar ábhair agus patrúin áitiúla a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin, chun an oidhreacht chultúrtha a choinneáil beo agus a gcruthaitheacht agus a nuálaíocht féin á gcur léi ag an am céanna; á aithint nach amháin go gcothaíonn rannchuidiú na mban teicnící ach go spreagann sé glúnta nua freisin chun meas a bheith acu ar bharántúlacht, ar cháilíocht agus ar fhéiniúlacht san fhaisean do mhná ina n-éagsúlacht uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag spreagadh cláir foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn lena ndírítear ar mhná i gceantair thuaithe agus lena n-áirithítear deiseanna leanúnacha chun eolas a thabhairt cothrom le dáta agus scileanna nua a fháil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aitheantas foirmiúil a thabhairt don réamhfhoghlaim chun luach a chur ar thaithí a fuarthas lasmuigh de chomhthéacsanna oideachais fhoirmiúil agus chun lánpháirtiú nó athlánpháirtiú i margadh an tsaothair a éascú; á mholadh freisin go gcuirfí chun feidhme tionscnaimh shonracha maidir le cuimsiú digiteach do mhná scothaosta i gceantair thuaithe agus iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, arb é is aidhm dóibh an bhearna dhigiteach ó ghlúin go glúin agus chríochach a laghdú, agus a neamhspleáchas, a rannpháirtíocht shóisialta agus a gcuimsiú iomlán san aistriú digiteach á neartú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach amháin go gcothaíonn iarrachtaí an phobail modhanna talmhaíochta agus ceardaíocht sheanbhunaithe ach go bhfeidhmíonn siad freisin mar léirithe bríomhara ar an oidhreacht chultúrtha, agus gur minic a thugann siad ómós do éachtaí na mban agus na gcailíní ar mhaithe leis an bpobal agus leis an gcine daonna i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, chun caighdeán dearfach meabhairshláinte a chur chun cinn i measc na mban scothaosta i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh go mbeadh samplaí níos infheicthe ann lena léirítear buanna agus dúthracht na mbancheardaithe agus na mbanfheirmeoirí, ós rud é go gcruthaíonn na pobail sin nithe uathúla is díol spéise do thurasóirí iad a tharraingíonn turasóirí, rud a chruthaíonn deiseanna eacnamaíocha inbhuanaithe agus samplaí inláimhsithe d’oidhreachtaí tuaithe agus cultúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí níos mó tacaíochta do thraidisiúin lámhcheardaíochta atá ann leis na céadta bliain a choinneáil amhail fíodóireacht, bróidnéireacht, criadóireacht, táirgeadh bia ar mhionscála agus próiseáil bia ar an bhfeirm, chomh maith le slabhraí luacha áitiúla agus agrathurasóireacht, mar atá cothaithe ag go leor comhlachais tuaithe faoi stiúir na mban; á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag eagraíochtaí ban tuaithe maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus comhtháthú sóisialta a chothú, ag tabhairt dá haire an rath a bhí ar shamplaí Éireannacha amhail Bantracht na Tuaithe agus seideanna ban áitiúil maidir le scileanna, rannpháirtíocht an phobail agus deiseanna eacnamaíocha do mhná tuaithe a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscnaimh den sórt sin agus iad a aithint ar fud an Aontais mar bhealach chun geilleagair thuaithe a neartú, ceardaíocht thraidisiúnta a choinneáil agus mná tuaithe a chumhachtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tacú le fochlár téamach sonrach a chruthú do mhná i gceantair thuaithe faoi chuimsiú Phleananna Straitéiseacha CBT, arna mhaoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, lena gcuirtear fostaíocht agus fiontraíocht na mban chun cinn trí dheiseanna a bhaineann leis an agrathurasóireacht, le forbairt ‘sráidbhailte digiteacha’, agus le talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, trí rochtain na mbanfheirmeoirí ar thalamh, ar chreidmheas, ar ionstraimí airgeadais, ar fhorbairt scileanna, agus ar fheidhmíocht ghairmiúil a fheabhsú trí chláir oiliúna agus seirbhísí comhairleacha, chomh maith le rannpháirtíocht na mban i nGrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla agus i gcomhpháirtíochtaí críochacha arna bhforbairt faoi chlár LEADER a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tionscail teicstíle agus cheardaíochta mhná na tuaithe a chomhtháthú i bpleananna forbartha eacnamaíche na mBallstát agus na réigiún, agus béim á leagan ar ról chomhpháirtíochtaí na hearnála príobháidí chun rochtain ar an margadh a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht a mhúscailt i gceantair oileánacha agus iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí maidir leis na hionstraimí airgeadais agus ionstraimí eile atá ar fáil ar leibhéal an Aontais lena gcuirtear fiontraíocht chun cinn, lena spreagtar mná sna réimsí sin chun páirt a ghlacadh i dtionscadail fiontraíochta agus lena gcothaítear deiseanna féinfhostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag spreagadh lipéadú deonach a chur chun cinn do tháirgeoirí ar mhionscála i réigiúin oileánacha fhorimeallacha chun aird a tharraingt ar tháirgí arna dtáirgeadh, arna bpróiseáil nó arna margú den chuid is mó ag mná; á mholadh go bhforbrófaí na lipéid sin, go háirithe i gcomhthéacs tionscnaimh phróiseála pobail, chun gnólachtaí na mban a neartú i gcruthú agus i margaíocht luacha áitiúil; á mholadh go ndéanfaí lipéid den sórt sin a nascadh le brandaí agus tionscnaimh réigiúnacha atá ann cheana chun cur chun feidhme agus glacadh a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Talmhaíocht, iascaireacht agus slabhra an tsoláthair agraibhia</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag ceiliúradh athléimneacht na mban san fheirmeoireacht agus san iascach agus an rannchuidiú gaolmhar a dhéanann siad chun ár sochaí a chothú, geilleagair áitiúla a fhás agus pobail láidre a thógáil ar fud an Aontais agus go háirithe i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá infheictheacht, aitheantas agus tuiscint ar rannchuidiú na mban sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe a chur chun cinn go comhsheasmhach, lena n-áirítear ar fheirmeacha teaghlaigh; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le bacainní praiticiúla ar úinéireacht talún agus ar chomharbas na mban chun rochtain chomhionann inscne ar thalamh, creidmheas, cistí CBT, cistí beartais chomhtháthaithe, seirbhísí comhairleacha, tacaíocht nuálaíochta agus cearta comharbais a ráthú; á chur i bhfáth nach mór CBT a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le prionsabail an phríomhshruthaithe inscne agus an chomhionannais inscne; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear tacaíocht spriocdhírithe agus inscne-fhreagrúil ar fáil le bearta tacaíochta CBT do bhanfheirmeoirí, lena n-áirítear seirbhísí comhairleacha feirme agus treoir maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde, saoire mháithreachais agus saoire cúramóirí, meabhairshláinte, agus rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte; á iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha rannpháirtíocht ionadaithe agus urlabhraithe ban a léiríonn go cruinn láithreacht na mban sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe a chur chun cinn agus aird a tharraingt uirthi; á iarraidh go gcuirfí an obair feirme a dhéanann mná san áireamh, go háirithe an obair a dhéanann siad chun cabhrú lena gcéilí agus a bpáirtithe, chun a áirithiú go dtuigfear níos fearr a gcuid oibre agus a gcearta; á chur i bhfáth, cé go n-oibríonn go leor ban ar feadh na mblianta, nach mbíonn róil cheannaireachta ná róil phríomhchinnteoireachta acu mar thoradh ar an taithí luachmhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfáth go mbíonn poist bhainistíochta ar fheirmeacha fós ag fir den chuid is mó, lena dtugtar chun suntais tearcionadaíocht shuntasach na mban i róil cheannaireachta laistigh d’earnáil na talmhaíochta; á mheas go gcuireann an staid sin béim ar an ngéarghá atá le beartais phoiblí agus le hionstraimí sonracha lena gcuirtear chun cinn rochtain na mban ar phoist bhainistíochta agus chinnteoireachta, lena n-áirithítear comhdheiseanna, aitheantas do scileanna na mban agus athnuachan ó ghlúin go glúin a spreagadh; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag mná i gceantair thuaithe, lena n-áirítear mná faoi mhíchumas, maidir le pobail áitiúla a chothú trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta araon, ach go bhfuil siad fós faoi thearcionadaíocht i struchtúir chinnteoireachta; á mholadh go n-áireofaí i gcláir thacaíochta talmhaíochta agus forbartha tuaithe spriocanna soiléire maidir le rannpháirtíocht chothrom na bhfear agus na mban i róil bhainistíochta ar fheirmeacha agus laistigh d’eagraíochtaí na hearnála príomhúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfios nach dtugtar cosaint leormhaith do go leor céilí atá ag obair ar fheirmeacha i gcás colscartha, idirscartha nó báis a gcéile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le grúpaí leasmhara talmhaíochta chun samhlacha a fhorbairt lena dtabharfar aird níos mó ar shlándáil shóisialta, ar chomhfhiontraíocht agus ar chearta oidhreachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú maidir le húinéireacht talún, ceannaireacht talmhaíochta agus rannchuidiú neamhfhoirmiúil na mban, chun mná a chumhachtú agus chun oibriú i dtreo cinntí beartais eolasacha, lena léirítear neart agus tallann na mban; á chur in iúl gur geal léi plean an Choimisiúin Faireachlann an Aontais Eorpaigh ar Thalamh Feirme a sheoladh; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisinéir Hansen ina Fhís le haghaidh na Feirmeoireachta agus an Bhia chun Faireachlann Eorpach Talún a chruthú agus á thabhairt chun suntais gur gá don fhaireachlann sin sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na bearnaí beartais a fheidhmíonn mar bhacainní do mhná maidir le talamh a fháil nó a fháil le hoidhreacht agus moltaí beartais a eisiúint chun gníomhú ina aghaidh sin; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a mholadh, go háirithe, atá dírithe ar fheirmeoirí baineanna óga faoi CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a mholadh chun tacú le feirmeoirí baineanna óga agus le fiontraithe agraibhia, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais, agus tionscnaimh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha agus cultúrtha ar rochtain ar thalamh agus ar chomharbas feirme; á thabhairt chun suntais go bhfuil athnuachan ó ghlúin go glúin ríthábhachtach chun gníomhaíocht talmhaíochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, lena n-áirithítear slándáil bia agus pobail tuaithe bhríomhara araon; á iarraidh go méadófaí an sciar de bhuiséad CBT a leithdháiltear ar bhearta a thacaíonn go sonrach le feirmeoirí baineanna, d’fhonn comhionannas inscne a chur chun cinn i gceantair thuaithe, agus cuimsiú socheacnamaíoch na mban sa talmhaíocht a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, bearta sonracha a mholadh atá dírithe ar fheirmeoirí baineanna óga faoi CBT, ós rud é nach féidir tosaíocht a thabhairt do mhná faoi láthair laistigh de scéim feirmeoirí óga an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag moladh, go háirithe, gur cheart go n-áireofaí i mbuiséad CBT a bheidh ann amach anseo bearta sonracha do bhanfheirmeoirí, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, lena n-éascófar rochtain ar chreidmheas, ar thalamh agus ar nuálaíocht, chun athnuachan ó ghlúin go glúin a áirithiú i limistéir atá an-leochaileach i leith thréigean na talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar rialtais réigiúnacha agus áitiúla chomh maith, mná i gceantair thuaithe a chur ar an eolas, oiliúint a chur orthu agus tacú leo go sonrach chun páirt a ghlacadh in áiteanna cinnteoireachta agus plé ina gceantair, amhail ar bhoird bhardasacha, ar bhoird scoile, ar bhoird comharchumainn agus ar bhoird ceardchumainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tathant go mbeadh critéir roghnúcháin inscne-fhreagrúla agus bearta tiomnaithe ann faoin dá cholún CBT chun tacú le banfheirmeoirí agus le gnólachtaí tuaithe faoi stiúir ban, le seirbhísí for-rochtana agus comhairleacha imfhálaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch níos fearr a áirithiú i gceantair thuaithe, lena n-áiritheofar comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach na mban agus na ngrúpaí is leochailí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, agus á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú, go n-úsáidfear cistí an Aontais chun críocha athléimneacha, inbhuanaithe agus dea-nasctha a fhorbairt a bheidh in ann rochtain uilíoch ar earraí agus seirbhísí poiblí agus príobháideacha atá sábháilte, inrochtana agus ar ardchaighdeán a ráthú, lena n-áirítear oideachas, cúram sláinte, soghluaisteacht, bonneagar digiteach agus seirbhísí sóisialta, chun forbairt eacnamaíoch áitiúil agus comhtháthú réigiúnach, tarraingteacht na gceantar tuaithe, agus an méid a chuireann siad le folláine na sochaí ina hiomláine a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil nascacht mhaith i gceantair thuaithe bunriachtanach ní hamháin don fhorbairt eacnamaíoch ach don tsábháilteacht agus don tsláinte freisin, ag tabhairt dá haire gur féidir le líonraí cumarsáide iontaofa idirghabháil a dhéanamh i gcásanna foréigin inscnebhunaithe, rochtain thráthúil ar chúram leighis i gcásanna éigeandála a áirithiú agus sábháilteacht agus folláine fhoriomlán a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht sa nascacht dhigiteach agus iompair mar chuid de na hiarrachtaí chun pobail tuaithe chuimsitheacha agus shlána a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á athdhearbhú gur gá tarraingteacht gairmeacha a bhaineann leis an talmhaíocht, leis an mbeostoc, leis an iascach, leis an earnáil mhuirí agus leis an gcomhshaol sna réigiúin is forimeallaí a neartú, go háirithe do mhná, mar gheall ar an ról eagrúcháin atá acu ar an leibhéal eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, agus tacaíocht leanúnach á díriú ar na glúnta óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dearadh fhormhór an trealaimh, na n-uirlisí agus na n-ábhar a úsáidtear sa talmhaíocht bunaithe ar ghnáth-shaintréithe fireanna, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht go n-úsáidfidh mná iad go sábháilte agus go héifeachtúil; á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an easpa dearaidh inscne-íogair sin leis na héilimh fhisiceacha iomarcacha a dhéantar ar mhná agus go ndíspreagtar iad ón bhfeirmeoireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le forbairt agus dáileadh trealaimh agus ábhar eirgeanamaíochta atá saincheaptha do riachtanais na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá gairm na feirmeoireachta a dhéanamh níos tarraingtí, go háirithe do na glúnta óga agus do mhná; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach deireadh a chur leis an stiogma a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht mar ghairm trína aithint go gciallaíonn talmhaíocht nua-aimseartha fiontraíocht, nuálaíocht agus breisluach a chur ar fáil freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a áireamh ina straitéisí agus ina dtionscnaimh lena gcuirtear an talmhaíocht chun cinn mar ghairm bheatha inmharthana le hionchais mhaithe, agus gairm lena gcomhcheanglaítear gnéithe traidisiúnta agus fiontraíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rochtain chomhionann ar bhonneagar, ar sheirbhísí agus ar chosaint shóisialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rochtain chothrom ar bhonneagar agus ar sheirbhísí ardcháilíochta, amhail idirlíon ardluais, iompar iontaofa agus inbhuanaithe, seirbhísí uisce, seirbhísí cúraim leanaí agus oideachais, seirbhísí cúraim do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, rochtain thráthúil ar sheirbhísí riachtanacha leighis agus sóisialta, chomh maith le seirbhísí bunúsacha eile amhail seirbhísí poist agus baincéireachta, bunriachtanach chun na mná atá ina gcónaí ar oileáin, i gceantair thuaithe, i réigiúin iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch, oideachais agus sibhialta; á aithint a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil scoileanna áitiúla i gceantair thuaithe;  á iarraidh ar na Ballstáit dul i gcomhairle le pobail áitiúla maidir le dúnadh féideartha scoileanna poiblí agus roghanna malartacha bailí a mholadh i gcásanna den sórt sin; ag tathant go nglacfaí beartais soghluaisteachta tuaithe atá inscne-íogair, lena n-áirítear iompar poiblí sábháilte, iontaofa agus inacmhainne, seirbhísí a fhreagraíonn don éileamh, stadanna agus bealaí sábháilte, agus bearta chun ciapadh a chosc agus aghaidh a thabhairt air; á iarraidh ar an gCoimisiún beartais agus ionstraimí a fhorbairt lena n-áiritheofar nascacht na réigiún sin, go háirithe i gcás na réigiún is forimeallaí, trí chlár cistiúcháin POSEI-Iompar, chun an ceart fanachta a ráthú, dálaí a chruthú do chách, agus go háirithe do mhná, fanacht sna réigiúin sin agus deiseanna oideachais, fostaíochta agus fiontraíochta a chruthú agus a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá sé go bhféadfaí freagrachtaí teaghlaigh agus freagrachtaí cúraim a roinnt go cothrom chun cothromaíocht oibre agus saoil a bhaint amach, ar cothromaíocht í atá riachtanach chun go mbeidh mná in ann dul i mbun fiontraíochta agus féinfhostaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla infheistíocht a dhéanamh i bhfiontair shóisialta, i gcomharchumainn agus i samhlacha gnó a bhaineann le cúram lena gcumhachtaítear mná tuaithe agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar riachtanais áitiúla, agus cúram leanaí, cúram do dhaoine aosta agus folláine an phobail atá iomchuí a chur ar fáil; á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna Barcelona a chur chun feidhme, lena n-áiritheofar go gcumhdófar na riachtanais sin trí infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí cúraim ardchaighdeáin atá inrochtana agus inacmhainne; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí atá déanta ag roinnt Ballstát cheana féin maidir leis an ábhar seo, ag tathant orthu an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an méid sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gcuireann fiontraíocht na mban i réigiúin shléibhtiúla agus bhánaithe na hEorpa beogacht le pobail ard-airde, a fhónann chun sráidbhailte sléibhe a choinneáil bríomhar, éiceachórais leochaileacha a chosaint, agus a áirithiú go leanfaidh pointí maireachtála ard-airde de bheith lán de dheiseanna agus de bhród, agus rochtain mhaith acu ar acmhainní agus ar sheirbhísí a bhaineann go sonrach le mná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann geilleagair shéasúracha, lena mbaineann gníomhaíochtaí amhail buaint agus turasóireacht, agus dídhaonrú, le leithlisiú agus leochaileacht na mban agus na gcailíní tuilleadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin trí nascacht níos fearr, trí chistiú spriocdhírithe agus trí líonraí tacaíochta áitiúla chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht banfhiontraithe i gceantair shléibhtiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag neamhdhóthanacht na seirbhísí faoisimh feirme i roinnt mhaith Ballstát ar bhanfheirmeoirí go háirithe; á iarraidh ar na Ballstáit na seirbhísí sin a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar choincheapa nua tithíochta idirghlúine do cheantair thuaithe lena gcomhcheanglaítear tithíocht, cúram agus saol an phobail do theaghlaigh óga agus do dhaoine scothaosta agus lena gcuirtear spreagadh nua ar fáil don fhorbairt tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéanann rochtain theoranta ar chúram sláinte, lena n-áirítear rochtain ar chearta agus seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, agus ar sheirbhísí meabhairshláinte, difear díréireach do mhná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, rud a chuireann leis na neamhionannais atá ann cheana agus a bhaineann an bonn d’fheidhmiú iomlán a gceart bunúsach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ganntanas bonneagair leighis, easpa gairmithe cúraim sláinte agus bacainní geografacha agus iompair ina mbacainní breise ar sholáthar tráthúil cúraim leordhóthanaigh; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann, inacmhainne agus thráthúil ar sheirbhísí cúraim sláinte bunriachtanacha agus leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú sna críocha sin, agus réitigh nuálacha á gcur chun cinn amhail clinicí soghluaiste, aonaid áitiúla, teilileigheas, clinicí cúraim sláinte phríomhúil a neartú agus, i gcás inarb ábhartha, socruithe cúraim trasteorann agus cláir choisctheacha spriocdhírithe, chun cothromas a ráthú maidir le rochtain ar chúram sláinte agus comhtháthú sóisialta agus críochach; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh tacaíocht agus seirbhísí leordhóthanacha meabhairshláinte ar fáil atá saincheaptha do riachtanais shonracha na mban sna réigiúin sin chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe a bhaineann le leithlisiú, strus agus traochadh.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á aithint go bhfuil mná faoi mhíchumas tearcionadaithe san fhiontraíocht i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag mná faoi chineálacha éagsúla míchumais ar oideachas, ar fhostaíocht, ar sheirbhísí tacaíochta gnó tuaithe, ar chláir oiliúna agus ar imeachtaí líonraithe; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir le fiontraíocht dhigiteach agus deiseanna cianoibre a bheith an-luachmhar do mhná a bhfuil teorainneacha soghluaisteachta acu i gceantair iargúlta; ag spreagadh comhroinnt dea-chleachtas idir réigiúin maidir le conas tacaíocht fiontraíochta do mhná faoi mhíchumas a oiriúnú; ag tabhairt dá haire go dtéann feabhsuithe inrochtaineachta i dtimpeallachtaí gnó tuaithe chun tairbhe ní hamháin d’fhiontraithe faoi mhíchumas ach d’fhiontraithe atá ag dul in aois agus don phobal i gcoitinne freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais na dúshláin eacnamaíocha ar leith a bhaineann le réigiúin na teorann thoir, lena n-áirítear deiseanna fostaíochta teoranta agus neamhionannais phá; á thabhairt chun suntais go háirithe leibhéal ard dífhostaíochta i measc na mban agus na ndaoine óga sna réigiúin seo, atá i bhfad níos airde ná meán an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cláir spriocdhírithe a fhorbairt lena dtacófar leis an bhfiontraíocht, lena n-éascófar rochtain feirmeoirí baineanna óga ar thalamh agus ar mhaoiniú, agus lena n-áiritheofar úsáid éifeachtach CBT agus ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe chun athléimneacht agus forbairt na réigiún sin a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go nglacann mná róil chúraim den chuid is mó fós, bíodh siad ag tabhairt aire do ghaol breoite, do leanbh, nó do dhuine scothaosta, rud a fhágann go rómhinic go gcuirtear isteach ar a slite beatha gairmiúla nó go dtréigeann siad iad; á chur i bhfáth gur gá seirbhísí inacmhainne agus ardcháilíochta a fhorbairt agus a chur ar fáil, go háirithe cúram leanaí, chun comhréiteach idir an saol príobháideach agus an saol gairmiúil a éascú, lena n-áirítear leanúint de thionscadail fiontraíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ‘ionad ilfhreastail’ comhtháite a bhunú, laistigh de CBT, ina mbeidh roinn thiomnaithe do mhná i gceantair thuaithe, agus é a dhéanamh inrochtana ar líne; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sa tsaoráid sin léarscáil idirghníomhach de na hionstraimí airgeadais atá ar fáil, teimpléid iarratais chaighdeánaithe, agus seirbhísí comhairleacha chun pleananna agus tionscadail ghnó a ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á mheas gur cheart don bheartas comhtháthaithe níos mó cumhachta a thabhairt do mhná atá ina gcónaí sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus gur cheart dó comhionannas inscne a chur chun cinn chomh maith le cur chun feidhme éifeachtach straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann fiontraíocht na mban ar oileáin bheaga go cinntitheach leis an gcomhtháthú sóisialta, leis an inbhuanaitheacht, le neartú na féiniúlachta áitiúla, agus leis an bhforbairt inbhuanaithe; á chur i bhfios go gcuireann an margadh atá teoranta ó thaobh spáis de ar oileáin agus i gceantair iargúlta teorainn le forbairt na talmhaíochta agus, go hintuigthe, le forbairt thionscnaimh fiontraíochta na mban sa réimse sin agus gur dúshlán don fhiontraíocht é; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar lucht ceaptha beartas an Aontais agus ar údaráis náisiúnta a n-aird a dhíriú air sin, chun cothrom na Féinne a áirithiú do bhanfhiontraithe ar oileáin agus i gcríocha tuaithe iargúlta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit rochtain éifeachtach ar chosaint shóisialta a áirithiú do mhná féinfhostaithe agus cúnamh a thabhairt do chéilí agus do pháirtithe i micrifhiontair talmhaíochta agus ceardaíochta, lena n-áirítear pinsin leormhaithe agus saoire a bhaineann le cúiseanna teaghlaigh agus rochtain ar chearta máithreachais, tuismitheora agus pinsin i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foréigean</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag cáineadh gach cineál foréigin inscnebhunaithe mar shárú ar chearta bunúsacha na mban agus mar bhacainn ar neamhspleáchas agus ar chumhachtú eacnamaíoch na mban, lena n-áirítear tríd an bhfiontraíocht; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do thacaíocht spriocdhírithe, do bhearta cosanta agus d’acmhainní inrochtana do mhná tuaithe atá thíos leis an bhforéigean, lena n-áiritheofar a sábháilteacht, a ndínit agus a rochtain ar an gceartas lena n-áirítear dóibh siúd atá in athshlánú iarchoinbhleachta agus atá rannpháirteach in iarrachtaí cothaithe síochána; á thabhairt chun suntais go gcuireann cineál agus téarmaí obair na mban i gceantair thuaithe agus oileánacha, mar aon lena leithlisiú fisiceach, lena leochaileacht i leith foréigean inscnebhunaithe; á iarraidh go ndéanfaí cosc cuimsitheach lena n-áirítear feasacht a mhúscailt maidir le foréigean teaghlaigh, eacnamaíoch, gnéasach agus síceolaíoch, agus rochtain a áirithiú ar sheirbhísí amhail línte cabhrach, seirbhísí tacaíochta agus tearmainn agus bearta éifeachtacha chun deireadh a chur le saoirse ó phionós; á chur i bhfáth go bhfuil gá le feachtais spriocdhírithe i gceantair thuaithe chun feasacht a mhúscailt maidir le foréigean inscnebhunaithe agus chun é a chomhrac, go háirithe i bpobail inar minic a chuireann róil thraidisiúnta inscne agus spleáchais eacnamaíocha nó teaghlaigh cosc ar mhná cabhair a lorg nó staideanna drochíde a fhágáil; á iarraidh an athuair ar an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit uile Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, a chur chun feidhme agus a chistiú go leormhaith agus rochtain chomhionann ar sheirbhísí a áirithiú do mhná i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rochtain ar sheirbhísí rúnda i bpobail tuaithe agus ar thearmann na mban do mhná agus do leanaí i staideanna foréigin teaghlaigh; ag meabhrú chaighdeán Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le háit teaghlaigh amháin i dtearmann do mhná in aghaidh gach 10 000 duine a bheith curtha ar fáil; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rochtain theoranta ar thearmainn den sórt sin i gceantair thuaithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tacaíocht agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil do shaineagraíochtaí ban chun tearmainn den sórt sin a bhunú agus a bhainistiú agus chun leanúnachas an tsoláthair i limistéir atá buailte a áirithiú; ag tathant ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla cultúr an mheasa, na dínite agus na comhthuisceana a chur chun cinn go gníomhach, agus béim á leagan ar phobail tuaithe agus leochaileacha ina bhfuil mná agus cailíní a chumhachtú; á thabhairt chun suntais gur féidir comhbhá agus leigheas comhchoiteann a spreagadh le hidirphlé oscailte, scéalaíocht mharthanóir-lárnach, freagracht chomhchoiteann as foréigean a chosc agus tionscnaimh dhearfacha oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit tacú le bunú séadchomharthaí nó cuimhneachán atá tiomnaithe do phian agus d’fhulaingt stairiúil na mban i gcoinbhleachtaí iarchogaidh, lena n-áirítear coireanna a dhéantar i limistéir atá leochaileach go geografach, amhail áiteanna tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag tathant go dtabharfaí isteach bearta a thacaíonn le neamhspleáchas eacnamaíoch marthanóirí, lena n-áirítear oiliúint spriocdhírithe, socrúchán fostaíochta, deontais fiontraíochta agus micrichreidmheasanna, ionas gur féidir leo dul isteach i margadh an tsaothair nó dul isteach ann arís go sábháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aghaidh iomlán ar riachtanais shonracha íospartach i gceantair thuaithe agus oileánacha le cur chun feidhme Threoir (AE) 2024/1385 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chomhrac ; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé breithnithe tuaithe a áireamh i bpleananna náisiúnta trasuite; ag tathant ar na Ballstáit ionstraimí cistiúcháin an Aontais a úsáid, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe agus cistí forbartha tuaithe, chun tacú le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear straitéisí spriocdhírithe a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag íospartaigh sna limistéir sin ar cheartas, ar chosaint agus ar thacaíocht, lena n-áirítear trí aonaid tacaíochta soghluaiste d’íospartaigh, línte cabhracha tuaithe, seirbhísí pobalbhunaithe, agus feachtais múscailte feasachta atá saincheaptha do phobail tuaithe; á thabhairt chun suntais gur gá an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus feabhas a chur ar bhonneagar chun tuairisciú agus rochtain ar sheirbhísí a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann neamhláithreacht, nó stádas níos ísle, na mban atá ag obair ar fheirm a gcéile/a bpáirtí lena spleáchas eacnamaíoch; ag tabhairt dá haire go bhfuil éifeacht chomhchosúil ag rátaí fostaíochta níos ísle na mban, ag bacainní ar thalamh a fháil le hoidhreacht nó ar fheirmeacha a dtuismitheoirí a ghlacadh ar láimh, agus ag rochtain theoranta ar chreidmheas agus ar chistiú chomh maith, rud a mhéadaíonn an baol go dtarlóidh drochíde teaghlaigh agus eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtacófar go hiomlán le fiontraíocht na mban i gceantair thuaithe, shléibhtiúla, teorann agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí faoi chuimsiú CAI tar éis 2027; á athdhearbhú go bhfuil gá le príomhshruthú inscne ar fud chláir uile CAI; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go n-áireofar i gcláir chistiúcháin an Aontais amhail CFRE, CSE+, an Ciste um Aistriú Cóir, Interreg, agus go háirithe CBT, an beartas comhtháthaithe, Fís Eorpach, agus an clár don Eoraip Dhigiteach, bearta sonracha atá dírithe ar rannpháirtíocht ghníomhach na mban a chur chun cinn, tacú le fiontair thuaithe a chruthú agus a chomhdhlúthú, agus nuálaíocht agus digitiú a chothú; á chur i bhfios go láidir freisin a thábhachtaí atá sé rochtain shimplithe agus éifeachtach na mban ar chistí an Aontais a éascú, lena gcumhdaítear ní hamháin gnólachtaí talmhaíochta ach comharchumainn, comhlachais áitiúla agus tionscadail phobail faoi stiúir na mban freisin, chun comhtháthú críochach, comhionannas inscne, agus beogacht eacnamaíoch na gceantar tuaithe agus oileánach agus na bpobal is forimeallaí a neartú; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar infheictheacht agus inrochtaineacht na ndeiseanna cistiúcháin atá tiomnaithe go sonrach do mhná i gceantair thuaithe, lena n-áirítear trí fheachtais spriocdhírithe faisnéise agus fógraíochta atá dírithe ar fheasacht agus glacadh a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi an fógra a rinne BEI le déanaí maidir lena chreat Bannaí Feasachta Inbhuanaitheachta a leathnú chun dhá chuspóir shóisialta nua a áireamh – comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban – ar céim chun cinn é chun gné na hinscne a chomhtháthú sa mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag cur go láidir i gcoinne lárú chistiú an bheartais chomhtháthaithe, ós rud é go mbeadh tacaíocht na mban trí chistí an bheartais chomhtháthaithe ag brath ansin ar dhea-thoil agus ar leithdháileadh na rialtas náisiúnta seachas leithdháileadh ar an leibhéal réigiúnach; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit prionsabail an rialachais il-leibhéil agus na réiteach áitbhunaithe a urramú, chomh maith le prionsabal na comhpháirtíochta, mar a leagtar amach sna Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag tacú le straitéis an Choimisiúin maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochta agus le hionstraimí airgeadais cuimsitheacha a chruthú agus a leathnú, lena n-áirítear Cuntas Coigiltis Infheistíochta (ISA) le lipéad an Aontais Eorpaigh chun rochtain ar mhaoiniú a mhéadú agus a éascú do chuideachtaí an Aontais; á iarraidh go mbeadh ISA saincheaptha ann a bheadh deartha do mhná atá ina gcónaí i limistéir dhíothacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi aon samplaí a dhéanann ceiliúradh ar thiomantas banthalmhaithe, agus a chuireann feasacht chun cinn maidir le cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe atá fréamhaithe i dtraidisiúin na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór do bheartais lena gcuirtear fiontraíocht na mban chun cinn i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí cur chuige trasnach a ghlacadh, lena n-aithnítear go múnlaíonn tosca iomadúla trasnacha taithí na mban agus rochtain na mban ar dheiseanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór tionscnaimh éagsúla an Aontais agus scéimeanna cistiúcháin an Aontais a dhearadh agus a chur chun feidhme trí lionsa trasnach, lena dtabharfar aghaidh ar na bacainní iomadúla agus forluiteacha atá roimh mhná, agus lena n-áiritheofar nach ndéanfar aon bhanfhiontraí a eisiamh ná a fhágáil gan tacaíocht leormhaith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na gníomhaithe uile sa chóras airgeadais a shlógadh chun rochtain na mban ar chistiú a fheabhsú agus, chun na críche sin, á mholadh go mbunófaí cairt Eorpach um rochtain chomhionann ar mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don Aontas straitéis chuimsitheach agus chomhtháite a ghlacadh d’fhiontraíocht na mban i gceantair thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, ina leagfar amach cuspóirí soiléire, spriocanna intomhaiste, agus bearta comhordaithe ar fud ionstraimí cistiúcháin éagsúla an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní airgeadais sonracha, cobhsaí agus leordhóthanacha a leithdháileadh ar an straitéis sin, chomh maith le sásraí cistiúcháin tiomnaithe atá curtha in oiriúint do shaintréithe na gcríoch sin, chun rochtain chomhionann a áirithiú, nuálaíocht agus digitiú a chur chun cinn, agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, chomh maith le tacaíocht leormhaith ó na Ballstáit a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á thabhairt chun suntais an rannchuidiú a rinne LEADER agus Forbairt Áitiúil faoi stiúir an Phobail leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcumhachtú áitiúil; á iarraidh go ndéanfaí na cineálacha cur chuige sin a choinneáil, a threisiú agus a imfhálú le rochtain shimplithe do thionscnaimh atá faoi stiúir na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit gáinneáil ar mhná agus striapachas éigeantais a chomhrac le straitéis chuimsitheach lena n-áirítear cosc, ionchúiseamh éifeachtach, comhar trasteorann agus cúnamh agus cosaint d’íospartaigh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do mhná a bheith in ann cinneadh a dhéanamh dóibh féin cén cineál oibre a dhéanann siad;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>