<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0159</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An tAontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0079/2026 -  Rapóirtéir:Evelyn Regner)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Aibreán 2026 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2136(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Bealtaine 2025 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin maidir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad a d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) dar teideal ‘Aiseolas maidir le rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil BCE 2024 maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta, a foilsíodh an 28 Aibreán 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2024 ón mBord Réitigh Aonair (BRA), a foilsíodh an 26 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ghlacadh na Treorach maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus don Rialachán maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus do bhunú Údaráis um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chaighdeáin Basel III a chur chun feidhme, is é sin leasuithe a ghlacadh ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>Treoir (AE) 2024/1619 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024, lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, shóisialta, agus rialachais (IO L, 2024/1619, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1619/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ghlacadh an Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún (AE) 2024/2795 an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (CRR) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse i gcomhair riosca margaidh<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO L, 2024/2795, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2795/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>IO C, C/2025/3752, 17.9.2025,ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3752/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>IO C, C/2025/3753, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3753/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme na cosanta taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>IO C, C/2025/3754, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3754/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil óna Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 23 Aibreán 2024 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú (SEÁT),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún ‘<STRING ITALIC="on">Savings and Investments Union – A Strategy to Foster Citizens’ Wealth and Economic Competitiveness in the EU</STRING>’ [Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas na Saoránach agus Iomaíochas Eacnamaíoch a Chothú san Aontas](COM(2025)0124),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market – Speed, security, solidarity: empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens</STRING>’ [‘I bhfad níos mó ná margadh – Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: An Margadh Aonair a Chumasú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais.’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas ón nGrúpa Euro an 11 Márta 2024 maidir le todhchaí Aontas na Margaí Caipitil, agus do ráiteas ón nGrúpa Euro an 16 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an Aontais Baincéireachta agus don obair leantach a rinne an Grúpa Euro ina leith an 28 Aibreán 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseacháin Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht dar teideal ‘Neamhchosaintí ar chripteashócmhainní a nochtadh’ agus ‘Leasuithe caighdeánacha ar chripteashócmhainní’, a foilsíodh araon an 17 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht an 25 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Core Principles for effective banking supervision</STRING>’ [‘Croíphrionsabail maidir le maoirseacht baincéireachta éifeachtach’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais BCE an 17 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Principles on Loss-absorbing and Recapitalisation Capacity of G-SIBs in Resolution</STRING>’ [‘Prionsabail maidir le Cumas Ionsúcháin Caillteanais agus Cumas Athchaipitlithe na mBanc a bhfuil Tábhacht Shistéamach Domhanda leo (G-SIBanna) atá i gcás Réiteigh’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 10 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2023 Bank Failures – Preliminary lessons learnt for resolution</STRING>’ [Teipeanna Bainc 2023 – Réamhcheachtanna a foghlaimíodh le haghaidh réitigh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thosaíochtaí maoirseachta an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM) do 2025-2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do nóta tuairiscithe débhliantúil BRA chuig an nGrúpa Euro i mí na Samhna 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht an 10 Iúil 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Banks interconnections with non-bank financial intermediaries</STRING>’ [Bainc idirnasctha le hidirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thoradh chleachtadh trédhearcachta uile-Aontais 2025 den Údarás Baincéireachta Eorpaigh, a foilsíodh i mí na Nollag 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Tuarascáil Speisialta 12/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 12 Bealtaine 2023 dar teideal ‘Maoirseacht an Aontais ar riosca creidmheasa na mbanc – Chuir BCE dlús lena iarrachtaí ach caithfear níos mó a dhéanamh ionas go méadófar an dearbhú go bhfuil an riosca creidmheasa á bhainistiú agus á chlúdach go cuí’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ó Claudia Buch, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, ag éisteachtaí a rinne an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta den Pharlaimint an 27 Márta 2025, 15 Iúil 2025 agus an 5 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráitis Dominique Laboureix, Cathaoirleach ar BRA, ag éisteachtaí a rinne an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta den Pharlaimint an 3 Márta 2025, 15 Iúil 2025 agus 5 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha measúnaithe riosca an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">11 </STRING>IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le ról idirnáisiúnta an euro a neartú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">12 </STRING>IO C 494, 8.12.2021, lch. 118.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0079/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é is aidhm don Aontas Baincéireachta cobhsaíocht na baincéireachta agus, dá bhrí sin, an córas airgeadais a choimirciú, tarrtháil arna cistiú ag cáiníocóirí a sheachaint, an athléimneacht a neartú, réiteach ordúil a chumasú, ilroinnt an mhargaidh a laghdú, cosaint na dtaisceoirí a fheabhsú, agus an t-iomaíochas, an ghníomhaíocht trasteorann agus an rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, rud a laghdóidh costais do chustaiméirí na mbanc; de bhrí go bhfuil seirbhísí na mbanc tábhachtach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; de bhrí go bhfuil tírdhreach baincéireachta an Aontais agus a struchtúir bhaincéireachta éagsúla ilghnéitheach; de bhrí nár tugadh aghaidh go hiomlán fós ar an riosca ‘rómhór le cliseadh’;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é is aidhm don Aontas Baincéireachta a áirithiú go mbeidh bainc stóinsithe agus in ann aon ghéarchéim airgeadais amach anseo a sheasamh; de bhrí go ndéantar bainc nach bhfuil inmharthana a réiteach gan dul i muinín airgead na gcáiníocóirí agus gan ach an tionchar is lú a bheith aige sin ar an bhfíorgheilleagar, agus go laghdaítear ilroinnt an mhargaidh trí rialacha comhchuibhithe san earnáil airgeadais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil baincéireachta láidir ilghnéitheach ríthábhachtach chun fás eacnamaíoch a chur chun cinn, chun fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta a mhaoiniú agus chun an t-aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéanann an tAontas Baincéireachta, ina bhfuil SAM agus an Sásra Réitigh Aonair, an mhaoirseacht a ailíniú leis an mbainistiú géarchéime, agus go n-áirithíonn sé ardleibhéal cosanta taiscí, ach go bhfuil sé neamhiomlán fós gan Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT);
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur dea-fhorbairt a bheadh in Aontas Baincéireachta críochnaithe do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, rud a chuirfeadh bonn ar fáil le haghaidh córas baincéireachta níos cobhsaí, laghdú ar riosca sistéamach, iomaíochas feabhsaithe, rogha níos fearr do thomhaltóirí, níos mó deiseanna le haghaidh baincéireacht trasteorann agus rochtain na saoránach ar sheirbhísí airgeadais miondíola, infheistíocht eacnamaíoch níos mó, rochtain níos fearr ar mhaoiniú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus costais níos ísle do chustaiméirí baincéireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfanann idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc (NBFInna, nó ‘scáthbhainc’) lasmuigh d’ollstruchtúr an Aontais Baincéireachta, rud a fhágann go bhfuil earnáil bhaincéireachta an Aontais leochaileach i leith rioscaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanas é an chobhsaíocht airgeadais le haghaidh beartas airgeadaíochta éifeachtach agus córas airgeadais athléimneach; de bhrí go bhfuil an tAontas tar éis aontú cheana féin ar chreat Basel III a chur chun feidhme agus gur cheart dó caighdeáin Basel III a chur chun feidhme agus iomaíochas earnáil bhaincéireachta an Aontais, mar aon le foráis idirnáisiúnta, á gcur san áireamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil agus go leanfaidh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta de thionchar díreach agus indíreach a bheith acu ar earnáil bhaincéireachta an Aontais; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag bainc an Aontais maidir le cur chun feidhme leanúnach na smachtbhannaí, agus comhlíonadh na smachtbhannaí sin, arna bhforchur ag an Aontas i gcoinne na Rúise mar fhreagairt ar an ionradh a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é ceann de phríomhchuspóirí an Aontais Baincéireachta nár cheart gurb iad na cáiníocóirí a d’iompródh costas na gníomhaíochta feabhais nuair a theipeann ar bhanc;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh an t-athrú aeráide, an díghrádú comhshaoil agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin rioscaí a chruthú don chobhsaíocht airgeadais agus gur tosca iad sin a fhéadfar a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí do bhainc;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfeabhsódh euro digiteach éifeachtúlacht íocaíochtaí, athléimneacht, cuimsiú airgeadais agus nuálaíocht an Aontais, mar aon le muinín an phobail agus ról idirnáisiúnta an euro;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil na brabúis is airde riamh tuairiscithe ag bainc an Aontais ó 2022 i leith, rud atá amhlaidh de bharr moill ar tharchur beartas géaraithe airgeadaíochta; de bhrí go bhfuil tobhaigh shealadacha ar bhainc tugtha isteach ag roinnt Ballstát chun ranníocaíocht chothrom a áirithiú, agus an chobhsaíocht agus an comhtháthú sóisialta á gcoimirciú ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go ndéanann an Coimisiún, ina Theachtaireacht dar teideal ‘An tAontas Coigiltis agus Infheistíochta’ i mí an Mhárta 2025, gealltanas ‘bearta cinntitheacha a ghlacadh chun an tAontas Baincéireachta a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear trí bhealach chun cinn maidir leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí a shainaithint’, ach nach bhfuil aon togra maidir le cur i gcrích an Aontais Baincéireachta curtha síos aige ó shin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur bunchloch dár ngeilleagar iad na bainc agus go bhfuil an earnáil bhaincéireachta i measc na n-earnálacha is tábhachtaí ó thaobh na straitéise de; de bhrí go bhfuil an chobhsaíocht, an athléimneacht agus an t-iomaíochas bunúsach chun a áirithiú gur féidir leis an gcóras airgeadais oiriúnú do dhúshláin dhomhanda, an nuálaíocht a chothú agus freastal go héifeachtach ar riachtanais gnólachtaí agus saoránach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid comharthaí ríomh-airgid agus go bhfuil siad ag éirí níos idirnasctha le bainc laistigh den Aontas Baincéireachta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe ginearálta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le SAM agus SRA le deich mbliana anuas; á iarraidh go gcuirfí an tAontas Baincéireachta i gcrích go hiomlán agus go tapa, lena n-áirítear obair leanúnach chun an tríú Colún de, SEÁT, a bhunú, agus bearta chun imeascadh an mhargaidh a dhoimhniú agus chun saorchúrsaíocht éifeachtach caipitil agus leachtachta laistigh de ghrúpaí baincéireachta a éascú; á chur i bhfáth nach mór don Aontas Baincéireachta tacú le córas airgeadais atá níos cuimsithí, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe, córas atá ailínithe leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an trasdul déach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do thabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta agus an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá siad do shaoránaigh, do FBManna agus don fhíorgheilleagar trí athléimneacht, rathúnas inbhuanaithe, poist ardcháilíochta agus cobhsaíocht airgeadais a chothú; á chur i bhfáth go dtacódh Aontas Baincéireachta níos comhtháite le fás agus le hiomaíochas banc na hEorpa; á chur i bhfáth gur gá creat láidir stóinsithe atá bunaithe ar rialacha agus ar oibleagáidí soiléire agus lena gcoisctear fuadair bainc, lena bhfeabhsaítear an chobhsaíocht airgeadais agus an t-iomaíochas, agus lena neartaítear earnáil bhaincéireachta an Aontais; á chur i bhfáth go gcabhróidh tabhairt chun críche Aontas na Margaí Caipitil, i dteannta an tAontas Baincéireachta a fhorbairt, le dálaí níos fearr a sholáthar do mhaoiniú gheilleagar na hEorpa, do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon atá fós ag brath go mór ar chreidmheas bainc chun infheistíochtaí agus cruthú post a chothú, agus rannchuidiú freisin le hathléimneacht gheilleagar na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil na rátaí úis a thairgtear do theaghlaigh agus do FBManna ar fud na mBallstát an-éagsúil; ag spreagadh an Choimisiúin chun bearta a bhreithniú chun rochtain níos fearr ar mhaoiniú a áirithiú do gach saoránach agus gnó, go háirithe i gcás FBManna a dteastaíonn caipiteal uathu go géar ar rátaí córa iomaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar ról na hearnála baincéireachta i maoiniú an trasdula dhéacha; á thabhairt chun suntais gurb ann do na hiarrachtaí simplithe faoi chreat an Aontais um airgeadas inbhuanaithe chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbailt a laghdú agus oibleagáidí a ailíniú thar rialacha baincéireachta, nochta agus bainistithe riosca; ag tarraingt aird ar mholadh an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde ceanglais chaipitil níos airde a shocrú le haghaidh sócmhainní deacair a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na bacainní atá fós ann maidir le seirbhísí baincéireachta miondíola trasteorann; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh Aontas Baincéireachta comhtháite feabhas a chur ar an iomaíocht agus ar rogha na dtomhaltóirí i réimse na baincéireachta miondíola, lena n-áirítear trí dheiseanna feabhsaithe chun seirbhísí baincéireachta miondíola trasteorann a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á aithint go bhfuil dul chun cinn déanta maidir leis an gcaibidlíocht i ndáil leis an euro digiteach ar líne agus as líne; á chur in iúl gur geal léi an poitéinseal atá ag an euro digiteach an t‑airgead tirim a chomhlánú agus a chaomhnú, agus flaitheas agus uathriail airgeadais an Aontais á bhfeabhsú ag an am céanna agus ag rannchuidiú leis an gcuimsiú airgeadais; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Cur chuige Ginearálta na Comhairle maidir leis an euro digiteach tugtha chun críche i mí na Nollag 2025 agus á mheas gur ríthábhachtach go dtabharfadh an Pharlaimint a seasamh féin chun críche a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheas gur teoranta an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcothromaíocht inscne in institiúidí airgeadais, go háirithe sa bhainistíocht; á chur i bhfáth go bhfeabhsaíonn ceannaireacht ilghnéitheach agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú do ghnólachtaí atá faoi stiúir ban<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">13 </STRING>An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Inscne san fhiontraíocht, 2017, lgh. 5–6.</FIELD></FOOTNOTE> an rialachas, an nuálaíocht agus an fheidhmíocht eacnamaíoch; á iarraidh ar institiúidí airgeadais, ar pháirtithe leasmhara, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí éifeachtacha ilghnéitheachta a ghlacadh, faireachán a dhéanamh ar bhearnaí inscne agus an comhionannas inscne a leabú i gcreataí maoirseachta agus infheistíochta chun rochtain chuimsitheach ar chaipiteal a áirithiú ar fud an Aontais; á mheabhrú gurb é seasamh na Parlaiminte seasamh le gearrliostaí atá cothrom ó thaobh inscne de agus tosaíocht a thabhairt dóibh le haghaidh iarrthóirí amach anseo; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht inscne a áirithiú ar gach leibhéal den bhainistíocht sna hinstitiúidí agus sna comhlachtaí de chuid an Aontais atá freagrach as an Aontas Baincéireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas mór tagtha ar bhrabúsacht agus ar athléimneacht bhainc an Aontais tar éis arduithe ar rátaí úis BCE<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">14 </STRING>Maneely, M./Ratnovski, L., Brabúis Bhainc agus Cánacha Bainc san Aontas Eorpach, CAI, Iúil 2024.</FIELD></FOOTNOTE> agus gur fhan siad ard in 2025; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an mbrabúsacht agus leis an athléimneacht sin tacú le hinfheistíocht riachtanach i ngeilleagar an Aontais agus le cistiú teaghlach agus cuideachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, mar aon le gairmithe óga; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag bainc maidir le tacú le FBManna agus le geilleagair áitiúla agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh aon rialáil fós íogair do riosca; á chur i bhfios go láidir nach mór d’institiúidí creidmheasa a fhaigheann státchabhair oibriú laistigh de pharaiméadair stuama maidir le díbhinní, athcheannachais agus luach saothair athraitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go mbraitheann dea-fheidhmiú agus creidiúnacht an Aontais Baincéireachta freisin ar lánurraim do dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí san earnáil bhaincéireachta, agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí sin; á thabhairt chun suntais nach mór d’institiúidí creidmheasa staonadh ó théarmaí conarthacha éagóracha agus ó chleachtais thráchtála éagóracha a úsáid, go háirithe i ndáil le hiasachtú morgáiste agus miondíola; á chur i bhfáth nach mór do thomhaltóirí, lena n-áirítear iasachtaithe, tairbhe a bhaint as cosaint éifeachtach, deimhneacht dhlíthiúil agus rochtain ar leigheas éifeachtach; ina leith sin, á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis inniúla maoirseacht stóinsithe agus bearta forfheidhmithe a áirithiú i gcásanna sáraithe; á chur i bhfáth tuilleadh a thábhachtaí atá sé cosaint leordhóthanach a áirithiú do phríomhchónaithe, go háirithe i gcás teaghlaigh leochaileacha, agus méid an chónaithe á chur san áireamh mar aon le cibé acu an bhfuil cuid shuntasach dá n‑iasacht aisíoctha cheana féin ag iasachtaithe, amhail 50 % den iasacht tosaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról ÚCSA maidir le comhrac an Aontais in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú; á iarraidh go ndéanfaí cur chun feidhme comhsheasmhach, comhar feabhsaithe, comhroinnt faisnéise agus forfheidhmiú comhordaithe ar fud an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhoibriú éifeachtúil idir ÚCSA agus na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta agus údaráis stuamachta; á thabhairt chun suntais gur gá do ÚCSA cloí le prionsabal na comhréireachta agus leis an gcomhordú ina chuid oibre maidir le maoirseacht agus rialáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tuairisciú airgeadais atá stóinsithe, comhréireach, comhsheasmhach agus tráthúil ríthábhachtach don mhaoirseacht agus don chobhsaíocht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an deimhneacht dhlítheanach, an intuarthacht agus an chobhsaíocht don earnáil bhaincéireachta, agus nach foláir nach mbainfeadh an simpliú de chaighdeáin stuamachta, athléimneachta, cosanta tomhaltóirí ná cobhsaíochta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tuilleadh beart chun an digitiú agus an simpliú a chur chun cinn agus na caighdeáin sin á gcoinneáil ar bun ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom níos comhtháite ann, lena n-áirítear mol sonraí lárnaithe, a bheadh bunaithe ar shainmhínithe caighdeánaithe, ar fhoclóir sonraí coiteann agus ar thaisclann iarratais chomhroinnte, d’fhonn castacht gan ghá a laghdú trasna údarás, dúbailt a laghdú agus cáilíocht sonraí a fheabhsú, agus stóinsíocht chreat an Aontais Baincéireachta á caomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á aithint go bhfuil dul chun cinn institiúideach agus rialála déanta lena bhfuil athléimneacht bhainc an limistéir euro neartaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil bacainní suntasacha fós ann maidir le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht mhargadh aonair an Aontais le haghaidh seirbhísí airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar chomhlachtaí an Aontais na huaillmhianta a chur i gcomhréir le bearta nithiúla chun an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta agus an margadh aonair a thabhairt chun críche, agus an simpliú agus an t-iomaíochas a threisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhartha fóinteacha a mholadh ina thuarascáil 2026 maidir le hiomaíochas earnáil bhaincéireachta an Aontais, arb é is aidhm dóibh iomaíochas bhainc an Aontais a mhéadú, agus ról ríthábhachtach na mbanc á choimirciú ag an am céanna maidir leis na hinfheistíochtaí is gá a mhaoiniú chun trasdul glas agus trasdul digiteach an Aontais a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth, i bhfianaise na héiginnteachta geopolaitiúla atá ann, go bhféadfadh margaí stoc a bheith ró-luacháilte agus suaitheadh a bheith ann le déanaí sna Stáit Aontaithe tar éis iasachtú teimhneach san earnáil neamhbhainc (creidmheas príobháideach), gur cheart do mhaoirseoirí dearcadh réamhbhreathnaitheach a choimeád agus monatóireacht leordhóthanach a dhéanamh ar rioscaí, agus gur cheart do bhainc maoláin chaipitil leordhóthanacha a choinneáil ar bun agus a bheith athléimneach go hoibríochtúil; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil gá le feabhas a chur ar mhaoirseacht agus ar athléimneacht idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc; á thabhairt chun suntais gur féidir le maoirseacht stuama inniu cáiníocóirí, taisceoirí agus an fíorgheilleagar a chosaint ar chaillteanais amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maoirseacht </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt dá haire gur shroich comhchoibhneas comhiomlán Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) bhainc SAM 16.12 % sa dara ráithe de 2025, agus go raibh toradh ar chothromas (ROE) ag 10.11 %, agus gur tháinig laghdú ar iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) go 2.22 % agus go raibh iasachtaí Chéim 2 ag 9.59 %<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">15 </STRING>BCE, Staidreamh baincéireachta maoirseachta – an dara ráithe de 2025’.</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá faireachán a dhéanamh ar riosca creidmheasa agus, ag an am céanna, caipiteal agus leachtacht leordhóthanach a choinneáil ar bun d’athléimneacht na hearnála baincéireachta; á thabhairt chun suntais bhfuil dul chun cinn comhréireach maidir le comhroinnt riosca ag teacht leis an dul chun cinn sin maidir le bearta laghdaithe riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil dálaí codarsnacha maicreacnamaíocha agus constaicí geopolaitiúla ann, rud a d’fhéadfadh meath ar cháilíocht na sócmhainní a bheith mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil bainc ag éirí níos neamhchosanta ar NBFInna, rud a chruthaíonn rioscaí féideartha ó leachtacht go neamhchosaint ar an bhfrithpháirtí, agus á iarraidh go ndéanfaí maoirseacht chuimsitheach Eorpach ar an earnáil NBFI; á chur i bhfáth go bhfuil comhlachtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí de chuid an Aontais tar éis rioscaí na hearnála neamhbhaincéireachta a thabhairt chun suntais go minic, go háirithe de bharr a hidirnascachta méadaithe leis an earnáil bhaincéireachta thraidisiúnta; ag tacú le tástálacha struis ar fud an chórais chun athléimneacht lárnach an mhargaidh a mheasúnú; ag tathant ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar bhearnaí sna huirlisí maoirseachta, lena n-áirítear leachtacht agus rioscaí sistéamacha, agus bearta a mholadh chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú, i gcás inarb iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi creat Basel III a bheith tugtha chun críche agus á chur chun feidhme, rud a neartóidh an athléimneacht san Aontas; á thabhairt dá haire go bhfuil dlínsí eile tar éis clár oibre nach bhfuil chomh huaillmhianach sin maidir le cur chun feidhme a shaothrú; á chur i bhfáth go bhfuil easpa soiléireachta ann i gcónaí maidir le cur chun feidhme chaighdeáin Basel III i ndlínsí áirithe eile; á mheabhrú go bhfuil sé ráite arís agus arís eile ag SAM go neartódh cur chun feidhme an athbhreithnithe bhunúsaigh ar an leabhar trádála athléimneacht bhainc an Aontais agus nach mbainfeadh sé an mhaith dá n-iomaíochas; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maidir le coibhéis i ndáil le dlínsí nach bhfuil na caighdeáin sin á gcur chun feidhme acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil foilseachán ó BCE<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">16 </STRING>Behn, M. & Reghezza, A., <STRING ITALIC="on">Capital requirements: a pillar or a burden for bank competitiveness?</STRING> [Ceanglais chaipitil: colún nó ualach ar iomaíochas bainc?], <STRING ITALIC="on">ECB Occasional Paper Series</STRING>, Uimh. 376, Frankfurt 2025.</FIELD></FOOTNOTE> ann a thugann le fios nach gcuireann ceanglais arda caipitil bac ar iomaíochas na mbanc, ach gur fearr a áirithítear leo athléimneacht na mbanc agus a n-acmhainneacht chun an geilleagar a mhaoiniú i rith an timthrialla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an méadú atá ag teacht ar dhúnadh brainsí banc, rud a dhéanann difear do phobail leochaileacha agus do phobail fhorimeallacha; á mheabhrú go bhfuil an ceart ag saoránaigh teacht a bheith acu ar bhunseirbhísí airgeadais; ag cur suntais sa ról atá ag bainc níos lú maidir le rochtain teaghlach agus gnólachtaí beaga ar sheirbhísí; á thabhairt chun suntais go bhfeabhsaíonn éagsúlacht na samhlacha gnó baincéireachta athléimneacht an chórais airgeadais; á aithint a thábhachtaí atá an digitiú agus an intleacht shaorga chun éifeachtacht na hearnála bhaincéireachta a neartú; á thabhairt dá haire le himní, áfach, gurbh ann do chaillteanais post mar gheall ar an intleacht shaorga; á iarraidh ar institiúidí creidmheasa beartais athscilithe a chur chun feidhme agus maoirseacht dhaonna i ngach cinneadh uathoibrithe a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá cáilíocht post, dálaí cothroma agus rochtain chothrom ar bhaincéireacht a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag aithint na rioscaí sonracha a bhaineann le cripteashócmhainní, agus, ag an am céanna, ag aithint na ndeiseanna a sholáthraíonn siad, amhail cripteamhonaí cobhsaí arna n-ainmniú in euro; á iarraidh go mbeadh maoirseacht chomhsheasmhach ann atá fabhrach don nuálaíocht chun a áirithiú go bhfónfaidh an nuálaíocht don phobal; á iarraidh ar an Aontas agus ar na húdaráis náisiúnta faireachán a dhéanamh ar neamhchosaintí, aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus cur i gcoinne iompraíochtaí amhantracha, an choireacht airgeadais a chomhrac agus tomhaltóirí a chosaint; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le caighdeáin dhomhanda sa réimse seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar ÚBE agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla laistigh den Aontas Baincéireachta cur chun feidhme agus forfheidhmiú docht, comhsheasmhach agus dílis an Rialacháin maidir le Margaí i gCripteashócmhainní<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">17 </STRING>Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937, (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a áirithiú mar chomhlánú riachtanach ar chreat cobhsaíochta airgeadais an Aontais atá bunaithe ar bhainc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cur suntais sna héiginnteachtaí a eascraíonn ó chripteamhonaí cobhsaí tríú tír le haghaidh bhainc an Aontais a ileisiúint; ag cur béim ar an árbitráiste rialála a d’fhéadfadh a bheith ann idir dlínsí, rud a d’fhéadfadh fuadair bainc a bheith mar thoradh air i gcás bhainc an Aontais agus a d’fhéadfadh iarmhairtí iompair a bheith aige;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rún </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh an athchóirithe ar an mbainistiú géarchéime agus ar an árachas taiscí (BGAÁT) as bainistiú géarchéime agus árachas taiscí comhsheasmhach a sholáthar, an chobhsaíocht a neartú, coigilteas agus cáiníocóirí a chosaint agus úsáid níos fearr a bhaint as airgead poiblí le haghaidh réitigh nuair atá sé sin ar mhaithe le leas an phobail, laistigh de chreat rialála soiléir; á chur i bhfáth go bhfuil gá le solúbthacht do bhainc bheaga agus mheánmhéide agus leis na huirlisí, na sonraí agus na sásraí cinnteoireachta éifeachtacha a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha chun Aontas Baincéireachta a áirithiú atá athléimneach agus freagrach go sóisialta, agus chun a chur ar a gcumas freagairt go héifeachtach do theipeanna banc agus na cosaintí is gá a sholáthar, le tacaíocht ó chreat rialála a chothaíonn forbairt na mbanc agus a rannchuidíonn le hAontas Baincéireachta atá athléimneach agus cobhsaí ó thaobh airgeadais de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú sealadach ar tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle air an 19 Samhain 2025 maidir leis an Treoir chun gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú, mar go bhféadfadh ailíniú breise ar dhlíthe dócmhainneachta agus ar nósanna imeachta athstruchtúraithe cuidiú le cur i gcrích an Aontais Baincéireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth nár mhór, i gcás go dteipfeadh ar bhanc, scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó sásraí arna gcistiú ag an tionscal a ghairm chun cuntais ar dtús, agus nár cheart cistí poiblí a úsáid ach mar rogha dheireanach, de bhrí nach mór spleáchas ar airgead na gcáiníocóirí le haghaidh réiteach banc a sheachaint, i gcomhréir leis an bhfreagracht fhioscach, leis an gceartas sóisialta agus leis an smacht margaidh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le maoirseacht leanúnach éifeachtach ar chomhlíonadh rialacha stuamachta agus réitigh lena n‑áirítear creidiúnacht agus cur chun feidhme éifeachtach uirlisí i gcás go dteipfeadh ar bhanc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil íoscheanglas leordhóthanach le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) bunriachtanach le haghaidh creat réitigh inchreidte agus chun solúbthacht a thabhairt do na húdaráis straitéisí réitigh iomchuí a chur i bhfeidhm le linn géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú nach mór do bhainc leanúint de sheirbhísí bunriachtanacha a sholáthar le linn réitigh; á chur i bhfáth go bhfuil gá ar leith le creat soiléir intuartha lena gcosnaítear taisceoirí agus lena dtacaítear le cliaint agus le gnólachtaí níos lú, lena n-áirítear FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Ciste Réitigh Aonair mar líontán sábhála atá go hiomlán frithpháirtithe agus arna mhaoiniú ag an tionscal; á iarraidh an athuair go ndéanfaí daingniú iomlán ar an gcomhaontú lena leasaítear an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach chun an chreidiúnacht, an inréiteacht agus athléimneacht an limistéir euro a neartú; á thabhairt chun suntais gurb é is aidhm do chosaint na gcáiníocóirí i gcás réitigh agus á athdhearbhú nach ceart aon acmhainní breise de chuid cáiníocóirí a úsáid le haghaidh banc atá ag teip thar an taca cúil comhchoiteann arna chomhaontú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfadh sé gur fadhb é beartas an ualaigh nialasaigh le haghaidh fiachas poiblí ar gá aghaidh a thabhairt uirthi i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Árachas taiscí </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag athdhearbhú a tiomantais láidir d’fhorbairt bhreise a dhéanamh ar SEÁT mar an tríú colún den Aontas Baincéireachta; á mheabhrú gur tíolacadh togra SEÁT in 2015; á chur i bhfáth go bhfuil comhchóras cosanta taiscí fíor-riachtanach chun cosaint chomhionann a áirithiú do thaisceoirí ar fud an Aontais, chun an chobhsaíocht airgeadais a neartú tuilleadh agus chun na naisc atá fágtha idir bainc agus ceannasaithe a laghdú go suntasach; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí próifíl riosca gach earnála rannpháirtí san áireamh sna ranníocaíochtaí le SEÁT; á chur i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé cur i bhfeidhm iomlán na rialacha reatha a áirithiú, rud a chuirfidh ar chumas bhainc an Aontais gnólachtaí a mhaoiniú go héifeachtúil ar fud an Aontais agus an t-iomaíochas a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an pacáiste maidir leis an mbainistiú géarchéime agus ar árachas taiscí mar chéim dhearfach lena neartaítear scéimeanna náisiúnta ráthaithe taiscí, lena dtreisítear muinín in earnáil na baincéireachta agus lena bhfeabhsaítear na coinníollacha oibríochtúla agus dlíthiúla chun bogadh go creidiúnach agus de réir a chéile i dtreo comhchosaint an Aontais do thaisceoirí agus do cháiníocóirí; ag meabhrú sheasamh 2024 óna Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta maidir le SEÁT a bhunú; ag tathant go láidir ar an gComhairle an chaibidlíocht a chur chun cinn; á iarraidh ar Uachtarán nua an Ghrúpa Euro tús a chur athuair leis an bplé ar an ábhar seo a luaithe is féidir;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBord Réitigh Aonair agus chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>