<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0161</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cuntasacht agus ceartas a áirithiú mar fhreagairt d'ionsaithe leanúnacha na Rúise ar an bpobal sibhialta san Úcráin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(B10-0201, 0204, 0211, 0215 agus 0227/2026)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Aibreán 2026 maidir le cuntasacht agus ceartas a áirithiú mar fhreagairt d’ionsaithe leanúnacha na Rúise ar an bpobal sibhialta san Úcráin (2026/2700(RSP))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus leis an Rúis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive 1949 agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú an 25 Meitheamh 2025 idir Comhairle na hEorpa agus an Úcráin maidir le bunú an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 Meitheamh 2025, an 18 Nollaig 2025 agus an 19 Márta 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 lena gcuirtear in iúl gur saoth leis fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine de shárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus an 14 Samhain 2022 maidir le leigheas agus cúiteamh a chur chun cinn i ndáil leis an bhfogha i gcoinne na hÚcráine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa lena mbunaítear Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhunú an Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 136(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis le breis agus 4 bliana i gcoinne na hÚcráine, ag leanúint d’ionghabháil na Crimé ar cuireadh tús leis in 2014 agus d’fhorghabháil codanna de réigiún Donbas, ar sárú follasach é ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na hÚcráine, ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha daonnúla, eacnamaíocha, comhshaoil agus réigiúnacha; de bhrí gurb í idé-eolaíocht impiriúil náisiúnach is cúis le cogadh foghach na Rúise agus gur cuid é de shraith níos leithne cuspóirí atá dírithe ar an Iarthar agus ar a leasanna agus a luachanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis tar éis díriú d’aon ghnó agus arís agus arís eile ar shibhialtaigh agus ar réada sibhialtacha, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh agus saoráidí cúraim sláinte, ar sáruithe tromchúiseacha iad ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiúin na Ginéive agus Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; de bhrí, trí spriocdhíriú arís agus arís eile ar bhonneagar fuinnimh sibhialtach na hÚcráine le linn an gheimhridh seo caite, gur chuir an Rúis iallach ar na milliúin daoine san Úcráin teochtaí reoite a sheasamh le leictreachas, téamh agus uisce reatha teoranta; de bhrí, mar thoradh ar spriocdhíriú leanúnach córasach ar an mbonneagair fuinnimh, go mbíonn lándorchuithe forleathana ann a dhéanann difear d’ospidéil agus do sheirbhísí bunriachtanacha, i measc nithe eile, rud a chuireann beatha sibhialtach i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i mí Aibreáin 2026, gur ghéaraigh fórsaí na Rúise a n-ionsaithe aeir agus diúracán ar mhórchathracha na hÚcráine, lena n-áirítear Cív, Kharkiv, Dnipro, Odesa agus Zaporizhzhia, rud a d’fhág go raibh taismigh shibhialtacha shuntasacha ann agus scriosadh forleathan limistéar cónaithe; de bhrí go ndearna an Rúis, le linn mhí an Aibreáin 2026, líon ionsaithe ar an Úcráin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, inar maraíodh 75 sibhialtach ar a laghad agus inar gortaíodh níos mó ná 400 duine; de bhrí, de réir Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR), gur maraíodh níos mó ná 15 500 sibhialtach agus gur gortaíodh níos mó ná 43 000 sibhialtach ón 24 Feabhra 2022, agus gur dócha go mbeidh na figiúirí iarbhír i bhfad níos airde;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, de réir UNICEF, gur maraíodh nó gur gortaíodh níos mó ná 3 200 leanbh san Úcráin, go bhfuil níos mó ná aon trian de leanaí na hÚcráine fós easáitithe agus go ndearnadh damáiste nó scriosadh do na mílte scoil agus saoráid oideachais, rud a fhágann nach bhfuil leanbh amháin as gach triúr in ann freastal ar scolaíocht lánaimseartha ar an láthair; de bhrí, i mí an Mhárta 2026, gur tháinig Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe maidir leis an Úcráin ar an tátal go ndearna údaráis na Rúise coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh trí leanaí na hÚcráine a dhíbirt, a aistriú le forneart agus a fhuadach go héigeantach; de bhrí gur iarr an tAontas arís agus arís eile ar an Rúis agus ar an mBealarúis a áirithiú go bhfillfear go sábháilte agus go neamhchoinníollach ar an Úcráin gach leanbh Úcránach agus gach sibhialtach eile a díbríodh nó a aistríodh; de bhrí go mbíonn leanaí a filleadh ag tuairisciú go raibh orthu iarrachtaí ‘athoideachais’ de chuid údaráis na Rúise a leanúint, arb é is aidhm dóibh a bhféiniúlacht Úcránach a dhíothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, ón 24 Feabhra 2022, go bhfuil 2 881 ionsaí ar oibrithe sláinte, saoráidí sláinte, otharcharranna agus trádstórais leighis ar fud na hÚcráine doiciméadaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe nach mór an Rúis a thabhairt chun cuntais as gach sárú ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin nó ina coinne agus nach mór di iarmhairtí dlíthiúla a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta a sheasamh, lena n-áirítear cúiteamh as an damáiste a rinne na gníomhartha sin; de bhrí gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe freisin gur gá sásra idirnáisiúnta cúitimh a bhunú maidir le damáiste, caillteanas nó díobháil a eascraíonn as gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta Chónaidhm na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i mí an Mhárta 2023, gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais ghabhála do Vladimir Putin agus Maria Lvova-Belova as an gcoir chogaidh maidir le leanaí na hÚcráine a ionnarbadh agus a aistriú go neamhdhleathach; de bhrí gur eisigh an chúirt barántais ina dhiaidh sin do cheathrar pearsana sinsearacha míleata de chuid na Rúise – Viktor Sokolov, Sergei Kobylash, Sergei Shoigu agus Valery Gerasimov – a cúisíodh as ionsaithe a stiúradh ar réada sibhialtacha agus as coireanna in aghaidh an chine dhaonna;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur dhírigh an Rúis go córasach ar os cionn 1 700 láithreán oidhreachta cultúrtha de chuid na hÚcráine agus ar os cionn 2 500 réad bonneagair chultúrtha, lena n-áirítear músaeim agus cartlanna, agus go ndearna sí damáiste dóibh, de shárú ar Choinbhinsiún 1954 na Háige chun Maoin Chultúrtha a Chosaint i gCás Coinbhleachta Armtha; de bhrí, dar le taifeadtaí UNESCO, go bhfuil damáiste déanta do níos mó ná 500 suíomh oidhreachta cultúrtha san Úcráin, go háirithe mar thoradh ar ionsaithe diúracán agus ladrann arís agus arís eile ón Rúis; de bhrí go bhfolaíonn na cinn sin láithreáin a bhfuil ardluach uilíoch ag baint leo, go háirithe Ardeaglais San Sophia i gCív agus Ionad Stairiúil Odesa, atá ar Liosta na Láithreán Oidhreachta Domhanda atá i mBaol mar thoradh díreach ar chogadh foghach na Rúise; de bhrí gur gné bhreise den díobháil a dhéantar do mhuintir na hÚcráine é féiniúlacht chultúrtha a scriosadh d’aon ghnó;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil riosca tromaí leanúnach don tsábháilteacht agus don tslándáil núicléach i gcás na Rúise d’úsáid diúracán agus drón go leanúnach in aice saoráidí núicléacha san Úcráin, lena n-áirítear crios eisiaimh Shearnóbail a d’fhág damáiste tromaí don Teorannú Sábháilte Nua ag stáisiún cumhachta núicléiche Shearnóbail;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur athdhearbhaigh AE a thiomantas do chuntasacht iomlán as coireanna cogaidh agus as coireanna tromaí eile gur iarr sé go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha chun an Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a thabhairt i bhfeidhm, agus go bhfuil ranníocaíocht EUR 10 milliún déanta aige freisin chun foireann tosaigh a mhaoiniú a ullmhóidh dúshraith institiúideach, lóistíochtúil agus eagraíochtúil an bhinse;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, an 16 Nollaig 2025, gur shínigh an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa lena mbunaítear Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin, d’fhonn cúiteamh a chumasú d’íospartaigh shibhialtacha; de bhrí go bhfuil an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin le hoscailt ar imeall an 135ú Seisiún de Choiste Airí Chomhairle na hEorpa in Chișinău an 14 Bealtaine 2026; de bhrí go bhfónann Clár an Damáiste, a bunaíodh in 2023, mar thaifead ar éilimh incháilithe ar chúiteamh as damáiste a rinne an Rúis agus gur uirlis bhunriachtanach é chun cumasú don Úcráin agus dá saoránach cúiteamh a lorg faoin dlí idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, ina breithiúnas an 9 Iúil 2025 san Úcráin agus san Ísiltír v an Rúis, gur thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an Rúis chun cuntais as mí-úsáidí forleathana agus mínáireacha ar chearta an duine, de shárú ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, i gcomhthéacs na coinbhleachta a thosaigh in oirthear na hÚcráine in 2014, lena n-áirítear turnamh eitilt MH17 in Iúil 2014;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nár cheart ligean d’aon sos cogaidh ná d’aon phróiseas síochána a bheidh ann amach anseo bac ná moill a chur le próisis chuntasachta atá ar bun, nó a chuirfear ar bun, ná an bonn a bhaint de na próisis sin; de bhrí gur riachtanais a threisíonn a chéile iad an chuntasacht agus an tsíocháin faoin dlí idirnáisiúnta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí go neamhbhalbh cogadh foghach brúidiúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear a hionsaithe d’aon ghnó ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialta agus criticiúil, agus ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe brúidiúla ón Rúis le déanaí ar shibhialtaigh in Aibreán 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag athdhearbhú a héilimh go scoirfeadh an Rúis láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll, dá hionsaithe ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach, go dtarraingeodh sí na fórsaí míleata uile siar ó chríoch na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, go scoirfeadh sí dá díbirt éigeantach agus dá huchtú mídhleathach, go scoirfeadh sí d’úsáid an chéasta agus d’íde mhídhaonna agus go scaoilfeadh sí saor agus go gcuirfeadh sí ar ais gach sibhialtach atá á choinneáil, á fhuadach agus á uchtáil go neamhdhleathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir chróga na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceart dúchasach na hÚcráine chun féinchosanta faoi Airteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe é cogadh foghach na Rúise, chomh maith le hionsaí gan fasach ar shlándáil na hEorpa; á chur i bhfios go láidir nach mór ceannairí na Rúise agus a comhghuaillithe a thabhairt chun cuntais as a róil i gcoir an fhogha, i gcoireanna cogaidh, i gcoireanna i gcoinne an chine dhaonna agus i gcoireanna idirnáisiúnta eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>Ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, nár tugadh riamh stát na Rúise ná a réamhtheachtaí, an tAontas Sóivéadach, chun cuntais as a gcoireanna, lena n-áirítear Sléacht Katyn, a bhfuil Moscó ag iarraidh a fhírinne stairiúil a shaobhadh arís i gcontrárthacht dhíreach leis an bhfianaise sheanbhunaithe agus lena hadmhálacha féin roimhe sin, chomh maith leis an olldíbirt náisiún iomlán chuig an tSibéir, agus ar an gcaoi sin cultúr saoirse ó phionós a dhaingniú ar leanadh leis i dtaca leis na coireanna cogaidh a rinneadh le linn an Chéad Chogaidh agus an Dara Cogadh Seisniach, trí ionsaí na Rúise i gcoinne na Seoirsia in 2008, trína hidirghabháil mhíleata sa tSiria, agus, ó 2014 i leith, san Úcráin, agus a leanann de thuilleadh ainghníomhartha a chumasú; á mheas gurb ionann glóiriú leanúnach daoine amhail bunaitheoir míchlúiteach an ghairis slándála Shóivéadaigh agus ailtire sceimhlitheoireachta stáit, Felix Dzerzhinsky, lena n-áirítear ainmniú acadamh na Seirbhíse Slándála Cónaidhme ina dhiaidh sin le déanaí, agus séanadh córasach, saobhadh agus fiú bonn cirt na gcoireanna a rinne an tAontas Sóivéadach i gcoinne pobail faoi fhorghabháil agus iad siúd atá ina gcónaí i gcríoch Chónaidhm na Rúise sa lá atá inniu ann agus buanú sainráite ar chultúr sin na saoirse ó phionós agus léiriú soiléir a thabhairt ar na luachanna ar sheas na daoine sin atá i bpoist chumhachta sa Rúis leo; á mheas, dá bhrí sin, gur de chineál córasach í an bhrúidiúlacht atá á déanamh ag an Rúis san Úcráin, arna spreagadh ag an gceannaireacht pholaitiúil agus ag na struchtúir mhíleata is airde, le tacaíocht ó chodanna suntasacha den tsochaí, agus go léirítear léi beartas impiriúil atá daingnithe go domhain agus atá doscartha ón bhforéigean, ón gcos ar bolg agus ón doirteadh fola; ag tabhairt rabhaidh, mura n-áirithítear cuntasacht chinntitheach agus infhorfheidhmithe anois, go mbeadh aon ionchas maidir le hathrú amach anseo ní hamháin gan bhunús, ach go contúirteach soineanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nár leor na hiarrachtaí idirnáisiúnta go fóill chun deireadh a chur le fogha na Rúise; ag tathant ar AE, ar a Bhallstáit agus ar a chomhpháirtithe dlús a chur leis an mbrú ar an Rúis agus a dtacaíocht mhíleata don Úcráin a mhéadú go mór, go háirithe i réimse na haerchosanta agus na gcumas domhainionsaithe, chun pobal sibhialta agus bonneagar criticiúil na hÚcráine a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh obair Choimisiún Neamhspleách Idirnáisiúnta Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe ar an Úcráin san imscrúdú ar sháruithe agus mí-úsáidí líomhnaithe ar chearta an duine, ar sháruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar choireanna gaolmhara, agus á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh lena shainordú; ag diúltú go láidir do mhaímh na Rúise go ndíríonn sí ar chuspóirí míleata amháin; ag meabhrú thorthaí an Choimisiúin Fiosrúcháin go bhfuil fórsaí na Rúise tar éis díriú go córasach ar shibhialtaigh agus ar chuspóirí sibhialtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tacú le bunú agus teacht i bhfeidhm tapa an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin agus ag spreagadh Bhallstáit uile AE a bheith rannpháirteach ann; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na hÍsiltíre an chéad chéim den Bhinse Speisialta a óstáil, agus ag moladh go dtreiseofaí na hiarrachtaí chun an tír óstach don dara céim a dheimhniú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do bhunú an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin agus a chinntiú go dtabharfar i bhfeidhm é a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag moladh an róil ríthábhachtaigh atá ag Eurojust agus a Fhoireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe chun tacú le cuntasacht as coireanna a rinneadh san Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú leanúnach a áirithiú don Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin tar éis mhí na Nollag 2026 ina gcinntítear go bhfanfaidh an fhianaise uile a bhaileofar inaistrithe go hiomlán chuig an mBinse Speisialta a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag moladh eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta i ndoiciméadú choireanna cogaidh na Rúise san Úcráin, agus i dtacú le híospartaigh agus le finnéithe; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht leanúnach a chuireann Misean Comhairleach an Aontais le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin ar leithligh agus faoi chuimsiú an Ghrúpa Chomhairligh um Choireanna Ainghníomhacha, a bhfuil ról ríthábhachtach aige chun sásraí cuntasachta a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór cuntasacht a leathnú chuig gach duine atá in ann coir an fhogha a stiúradh nó a chumasú, lena n-áirítear pearsana sinsearacha polaitiúla, míleata agus breithiúnacha; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur cheart go gcumhdófaí leis an gcuntasacht sin freisin breithiúna Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Rúise agus comhaltaí den Dúma Stáit, ar údaraigh a gcuid cinntí ionghabháil chríocha na hÚcráine, lenar cuireadh go díreach le coir an fhogha a chumasú, agus go dtabharfaí tosaíocht dóibh siúd a bhfuil an fhreagracht is mó orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur béim ar a tacaíocht iomlán d’imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar líomhaintí maidir le coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta nó cinedhíothú a rinneadh san Úcráin; ag meabhrú oibleagáidí na mBallstát, faoi Reacht na Róimhe, aon duine atá faoi réir barántais ghabhála ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a théann isteach ina gcríoch a ghabháil agus a thabhairt suas; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na smachtbhannaí ó na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus i gcoinne a cuid ionchúisitheoirí, breithiúna agus foirne, rud a bhaineann an bonn d’obair leanúnach a cuid imscrúdaithe agus ionchúiseamh uile agus ar ionsaí tromchúiseach é ar an gcóras ceartais idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an reacht blocála a ghníomhachtú go práinneach agus á iarraidh ar na Ballstáit a gcuid iarrachtaí taidhleoireachta a mhéadú go práinneach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint agus a choimirciú mar bhunchloch riachtanach den chóras ceartais idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cáineadh onnmhairiú gráin ghoidte na Rúise ó limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil agus á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh a coigistiú a bheith ina choir chogaidh; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht láithreach chun stop a chur le honnmhairiú agus trádáil an ghráin a coigistíodh go neamhdhleathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an Aontas a bheith ina chomhalta iomlán den Choimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin; á iarraidh ar na Ballstáit gach nós imeachta foirmiúil dá n‑aontachas a chur i gcrích go tapa, agus ar an gcaoi sin a chur ar a chumas don Choimisiún Éileamh Idirnáisiúnta tús a chur lena chuid oibre go sciobtha.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhordú éifeachtach i ndáil leis na sásraí cuntasachta uile d’fhonn dúbláil iarrachtaí a sheachaint, éifeachtúlacht a áirithiú agus an tionchar diúltach ar íospartaigh agus ar fhinnéithe a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>sá iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún Toscaireacht AE a chur ar bun chuig na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá lonnaithe sa Háig, lena n-áirítear faoi láthair an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha, lena n-áirítear d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tAontas rannpháirteach go héifeachtach sna comhlachtaí idirnáisiúnta tábhachtacha nua atá le bunú ansin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an Chomhairle iasacht EUR 90 billiún ón Aontas don Úcráin a bhfuiltear ag feitheamh leis le fada an lá; ag dréim, i gcomhréir leis na soiléirithe a chuir an Coimisiún ar fáil le linn sheisiún iomlánach mhí Feabhra 2026, le cur chun feidhme cuí na solúbthachta atá sa phacáiste faoin gcóras maolaithe a leagtar síos in Airteagal 13(5) den rialachán lena mbunaítear an Iasacht Tacaíochta don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2026/467 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 (IO L, 2026/467, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/467/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh an athuair go n-aimseofaí bealaí dlíthiúla chun úsáid a bhaint as na hiarmhéideanna airgid a bhaineann le sócmhainní ceannasacha na Rúise atá blocáilte faoi smachtbhannaí an Aontais chun tacú le cosaint agus atógáil na hÚcráine, lena n-áirítear trí chúiteamh a sholáthar faoin gCoimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin, agus, i measc tosaíochtaí eile, chun maoiniú a thabhairt chun an Struchtúr Gaibhniúcháin Shábháilte nua a athchóiriú ag gléasra cumhachta núicléiche Shearnóbail tar éis d’ionsaithe dróin na Rúise damáiste a dhéanamh dó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an 20ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise; ag cur sonrú in úsáid na huirlise frith-imchéimniúcháin chun bac a chur ar atreorú onnmhairí teicneolaíochtaí íogaire trí thíortha nach bhfuil san Aontas; á áitiú nach scoirfear d’aon smachtbhannaí sula ndéanfar comhaontú síochána a chaibidliú agus a chur chun feidhme ar bhealach inmharthana; á iarraidh ar an Aontas agus ar a chuid Ballstát dul i ngleic go córasach leis an tsaincheist maidir le teacht timpeall ar smachtbhannaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise a choinneáil ar bun go docht agus iad a leathnú tuilleadh chun gach duine aonair agus gach eintiteas a chumhdach ar chumasaigh a gcinntí coireanna cogaidh agus coireanna tromchúiseacha eile i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine nó ar chuir a gcinntí leis an méid sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais, go sonrach an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, comhoibriú le húdaráis na hÚcráine agus a bheith ar thús cadhnaíochta i bhfeachtas gníomhach cumarsáide ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, chun feasacht a mhúscailt maidir leis na coireanna cogaidh atá déanta ag an Rúis agus ag a comhghuaillithe, agus tacaíocht a chothú don chuntasacht agus don cheartas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á athdhearbhú gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta daonnúil agus sárú mór ar chearta an duine iad díbirt neamhdhleathach agus aistriú éigeantach leanaí ón Úcráin; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún, in éineacht leis an Úcráin agus Ceanada, cruinniú ardleibhéil den Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile a chomh-óstáil sa Bhruiséil i mí na Bealtaine 2026; á iarraidh ar na Ballstáit nár tháinig isteach sa Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta go fóill é sin a dhéanamh gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cáineadh go láidir iarrachtaí córasacha na Rúise chun stair, cultúr, teanga agus féiniúlacht na hÚcráine a scriosadh; á mheabhrú go bhfuil scála an scriosta, arb é fogha na Rúise is cúis leis, fós ard agus, amhail ó mhí Aibreáin 2026, agus go meastar gurb ionann an damáiste díreach a rinneadh do bhonneagar cultúrtha agus d’oidhreacht chultúrtha na hÚcráine agus níos mó ná EUR 4 bhilliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndearna cogadh foghach na Rúise agus an spriocdhíriú ar bhonneagar tionsclaíoch agus fuinnimh damáiste tromchúiseach fadtéarmach do chomhshaol na hÚcráine, lena n-áirítear scriosadh éiceachóras agus truailliú uisce agus ithreach; á iarraidh ar an Aontas agus ar a chuid Ballstáit tacú go hiomlán le gach tionscnamh lena ndéantar an scrios comhshaoil a rinne cogadh na Rúise a dhoiciméadú agus tacú le hiarrachtaí chun cuntasacht agus cúiteamh a chinntiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag athdhearbhú thiomantas diongbháilte an Aontais d’atógáil na hÚcráine agus á athdhearbhú go bhfuil sé réidh chun rannchuidiú le geilleagar agus bonneagar shibhialta agus criticiúil na hÚcráine a atógáil; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le Saoráid na hÚcráine maidir le hathléimneacht na hÚcráine a threisiú, dlús a chur lena téarnamh, agus tacú lena conair i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus i dtreo bhallraíocht den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Uachtarán, rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Comhdháil na Stát Aontaithe, chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus chuig údaráis na Rúise.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>