<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0164</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Harald Vilimsky</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0125/2026 -  Rapóirtéir:David Cormand)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Harald Vilimsky (2025/2158(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Harald Vilimsky , a fuarthas le litir dar dáta an 1 Iúil 2025 ó Bhuanionadaíocht na hOstaire chuig an Aontas Eorpach, ina raibh iarraidh a tarchuireadh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Vín i ndáil leis na himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i gcoinne Harald Vilimsky, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 9 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Harald Vilimsky, an 15 Aibreán 2026, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C–201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0125/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur tharchuir Buanionadaíocht na hOstaire chuig an Aontas Eorpach iarraidh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Vín maidir le tarscaoileadh dhíolúine Harald Vilimsky, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a toghadh san Ostáir, i ndáil le gníomhartha líomhnaithe claonchasaidh, ar cionta iad faoi Airteagal 153(1) agus (3) de Chód Coiriúil na hOstaire, de bharr a rannpháirtíochta líomhnaithe sa chionta de réir bhrí Airteagal 12 den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an iarraidh, tar éis iarrataí roimhe sin ó Oifig an Ionchúisitheoira Phoiblí i Vín in 2021, go ndéanfaí díolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh, chomh maith leis an gcinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 lena dtarscaoiltear a dhíolúine, agus i bhfianaise fíorais nua a bheith ag teacht chun cinn, gurb iomchuí freisin tarscaoileadh dhíolúine Harald Vilimsky a iarraidh ar bhonn na fianaise nua sin; de bhrí, de réir na faisnéise ón imscrúdú, go bhfuil amhras ann gur bhain Harald Vilimsky mí-úsáid as a chumhacht trí úsáid a bhaint as cistí óna pháirtí polaitiúil FPÖ (Freiheitliche Partei Österreichs – Die Freiheitlichen) chun críocha nach mbaineann lena ghníomhaíochtaí, ar dhátaí in 2013 nár suíodh go beacht go fóill, go háirithe trí íocaíochtaí de chineál príobháideach a údarú nach mbaineann le gníomhaíochtaí an pháirtí, maidir le doras agus glas a shuiteáil ag a sheoladh príobháideach, rud a d’fhág go ndearnadh damáiste EUR 9 434,00 san iomlán do shócmhainní FPÖ.
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Harald Vilimsky chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019 agus gur athtoghadh é i mí an Mheithimh 2024 agus dá bhrí sin, nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe agus tuairim a thug Harald Vilimsky ná vóta a chaith sé agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus nach bhfuil baint dá réir sin ag an iarraidh ar a dhíolúine a tharscaoileadh le tuairim ná vóta den sórt sin.
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh a Feisirí, i gcríoch a mBallStáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstát féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 57(2) agus (3) de Bhunreacht na hOstaire:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘2. 	Ní fhéadfar comhaltaí na Comhairle Náisiúnta a ghabháil as cion coiriúil, ach amháin le toiliú na Comhairle Náisiúnta, mura ngabhfar iad i mbun coir a dhéanamh. Tá chomhaltaí na Comhairle Náisiúnta díolmhaithe ó aon chuardach a dhéantar ar áitreabh, seachas le toiliú na Comhairle Náisiúnta.
</CONS><CONS>
3. 	I ngach cás eile,, ní fhéadfar comhaltaí den Chomhairle Náisiúnta a ionchúiseamh go hoifigiúil mar gheall ar chion coiriúil, gan toiliú na Comhairle Náisiúnta, ach amháin i gcás  nach bhfuil aon bhaint ag an ngníomh le gníomhaíocht pholaitiúil an chomhalta. Mar sin féin, déanfaidh an t-údarás ionchúisimh cinneadh a fháil ón gComhairle Náisiúnta maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil nasc den sórt sin ann má iarrann an comhalta lena mbaineann nó aon trian de chomhaltaí an bhuanchoiste atá freagrach as cásanna den sórt sin amhlaidh. Arna iarraidh sin dó, staonfaidh an t-údarás ionchúisimh láithreach ó aon ghníomh a dhéanamh agus stopfaidh sé aon ghníomh a tosaíodh cheana féin’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá, nach cosúil gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Harald Vilimsky ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus dá bhrí sin, do neamhspleáchas na Parlaiminte.
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘chosantóir’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na hOstaire agus chuig Harald Vilimsky.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>