<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0165</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Angelika Niebler</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0127/2026 -  Rapóirtéir:Marcin Sypniewski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Angelika Niebler (2025/2175(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Angelika Niebler , arna tíolacadh ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach le litir dar dáta an 21 Iúil 2025 agus arna deimhniú le litir dar dáta an 1 Meán Fómhair 2025 i dtaca le réamh-imscrúdú atá le tabhairt i gcoinne Angelika Niebler agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 10 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Angelika Niebler an 15 Aibreán 2026 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 29(2) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0127/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, le litir dar dáta an 21 Iúil 2025 agus arna deimhniú le litir dar dáta an 1 Meán Fómhair 2025, gur thíolaic an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach iarraidh ar dhíolúine Angelika Niebler, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa Ghearmáin, a tharscaoileadh, i ndáil le cionta líomhnaithe a tharla idir 2017 agus 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, atá bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag páirtí príobháideach a d’oibrigh do Angelika Niebler ó mhí Lúnasa 2021 go dtí mí Mheán Fómhair 2023, go líomhnaítear gur éiligh Angelika Niebler go míchuí, sa tréimhse ó 2017 ar aghaidh, eadhon, ón 8ú go dtí an 10ú téarma parlaiminteach, aisíocaíocht speansas taistil le haghaidh turais go Strasbourg agus go dtí an Bhruiséil, go líomhnaítear gur imscar sí go sealadach cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe agus cúntóirí áitiúla chun críoch príobháideach nó chun críoch nach bhfuil nasctha lena ról mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa nó le comhlíonadh dhualgais pharlaiminteacha, agus, sa bhreis air sin, go líomhnaítear go raibh cúntóir áitiúil fostaithe aici a raibh a tuarastal íoctha ag Parlaimint na hEorpa do Angelika Niebler ach a líomhnaítear gur oibrigh sé go heisiach d’iar-Fheisire de Pharlaimint na hEorpa den pháirtí céanna; de bhrí, de réir na hiarrata, ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarraidh, go bhfuil amhras tosaigh ann gur úsáid Angelika Niebler speansas cúnaimh pharlaimintigh, rud atá contrártha le hAirteagal 29(2) den Chinneadh ón mBiúró an 11 Meán Fómhair 2023 maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh ón mBiúró an 11 Meán Fómhair 2023 maidir le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 (IO C, C/2024/2814, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2814/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, dá bhrí sin, go bhféadfadh na gníomhartha líomhnaithe a bheith ina gcion coiriúil lena ngabhann calaois faoi Alt 263 (1) agus (3) de Chód Coiriúil na Gearmáine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Angelika Niebler chun Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2014 agus gur atoghadh í sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019 agus i mí an Mheithimh 2024 agus go raibh sí, dá bhrí sin, ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe, agus nach bhfuil baint dá réir sin ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Angelika Niebler a tharscaoileadh, le tuairim a nocht sí ná le vóta a chaith sí agus a dualgais á gcomhlíonadh aici de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh a Feisirí, i gcríoch a mBallStáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘(2)	I gcás cion atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í le linn dó nó di an cion a dhéanamh nó le linn an lae dár gcionn.
</CONS><CONS>
(3)	Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.
</CONS><CONS>
(4)	Déanfar aon imeachtaí coiriúla nó aon imeachtaí faoi Airteagal 18, arna dtionscnamh i gcoinne Feisire, agus aon choinneáil nó aon srianadh eile ar a shaoirse nó a saoirse phearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur gá teacht ar aon chonclúid ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a thugtar sa chás atá i gceist; de bhrí go bhfuil éiginnteachtaí tromchúiseacha ann maidir leis na heilimintí agus na cúiseanna is bonn leis an ngearán as ar eascair an iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, lena n-áirítear cineál anaithnid an ghearáin, rud a chuireann cosc ar mheasúnú fóinteach ar an ngearán agus a fhágann nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh duine príobháideach a bhfuil spreagadh polaitiúil díreach aige an gearán a thionscnamh chun Angelika Niebler a chur i bponc; de bhrí, thairis sin, go dtreisítear na hábhair imní sin le huainiú agus cineál roghnaitheach an ghearáin, go háirithe i bhfianaise ról polaitiúil tábhachtach Angelika Niebler; de bhrí gur cúis imní iad na neamhréireachtaí san iarraidh, lena n-áirítear easpa shuntasach beachtais maidir leis na suimeanna airgeadais beachta atá i gceist, chomh maith le himthosca sonracha an mhí-iompair líomhnaithe, go bhféadfadh sé gurb é rún na n-imeachtaí dochar a dhéanamh do chlú Angelika Niebler;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé, mar sin, sa chás sin gur féidir glacadh leis gur ann do chás <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, i.e. ‘fianaise nithiúil’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Meán Fómhair 2020, <STRING ITALIC="on">Troszczynski</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, C-12/19 P, ECLI:EU:C:2020:725, mír 26.</FIELD></FOOTNOTE> ina léirítear gur tionscnaíodh na himeachtaí dlíthiúla le hintinn dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Angelika Niebler ina cáil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus dá bhrí sin, neamhspleáchas na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh gan díolúine Angelika Niebler a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste a chur ar aghaidh láithreach chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus chuig Angelika Niebler.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>