<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0166</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Nikos Pappas</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0128/2026 -  Rapóirtéir:Marcin Sypniewski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Nikos Pappas (2025/2234(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Nikos Pappas , a fuarthas le litir dar dáta an 7 Deireadh Fómhair 2025 ó Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí ina raibh iarraidh ón Ionchúisitheoir ag Cúirt Chéadchéime na hAithne maidir le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i gcoinne Nikos Pappas, agus arna fhógairt sa suí iomlánach an 12 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Nikos Pappas,  an 15 Aibreán 2026 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0128/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur tarchuireadh Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí iarraidh ón Ionchúisitheoir ag Cúirt Chéadchéime na hAithne ar tharscaoileadh dhíolúine Nikos Pappas, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa Ghréig, i ndáil le maslaí agus bagairtí líomhnaithe ar líne, ar cionta coiriúla iad de bhun Airteagal 94, Airteagal 361(1), an chéad abairt agus an dara habairt, agus Airteagal 333(1), an chéad abairt, de Chód Coiriúil na Gréige;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, go léirítear sa ghearán go líomhnaítear gur mhaslaigh agus gur bhagair Nikos Pappas an gearánach an 11 Meitheamh 2025 trí theachtaireachtaí díreacha a seoladh trína chuntas pearsanta ar Instagram;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Nikos Pappas chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024 agus, dá bhrí sin, go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe; de bhrí, de réir na hiarrata, go dtéann an gearán ina choinne siar go dtí an 16 Iúil 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe agus tuairim a nocht sé ná vóta a chaith sé agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh leis an méid sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa i gcríoch a mBallstáit féin , na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstát féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí, nach bhféadfar aon Fheisire, le linn a théarma oifige, a ionchúiseamh, a ghabháil, a chur i bpríosún ná a chur faoi réir bearta eile lena mbaineann cailleadh saoirse gan údarú a fháil ó Theach na dTeachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb éard is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach í féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá, nach cosúil é gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Nikos Pappas ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; agus dá bhrí sin neamhspleáchas na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chúisí<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach bonn chuig údarás inniúil na Poblachta Heilléanaí agus chuig Nikos Pappas.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>