<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0167</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alvise Pérez</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0129/2026 -  Rapóirtéir:Pascale Piera)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alvise Pérez (2025/2236(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alvise Pérez (Luis Pérez Fernandez), arna tarchur ag Tribunal Supremo de España (Cúirt Uachtarach na Spáinne) le litir dár dáta an 31 Deireadh Fómhair 2025 d’fhonn imeachtaí coiriúla a thionscnamh, agus arna fhógairt sa suí iomlánach an 12 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhíoras go meastar gur thréig Alvise Pérez a cheart chun éisteachta i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) don Ghníomh an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C–201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0129/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, le litir dar dáta an 31 Deireadh Fómhair 2025, gur iarr Uachtarán Tribunal Supremo de España (Cúirt Uachtarach na Spáinne) go ndéanfaí díolúine Alvise Pérez, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa Spáinn, a tharscaoileadh i ndáil le roinnt cionta líomhnaithe a tharla in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear san iarratas go líomhnaítear gur choinnigh Alvise Pérez, idir an 7 Aibreán 2024 agus an 27 Bealtaine 2024, teagmháil ar bun le comhairleoir a bhí ag gníomhú thar ceann daoine nádúrtha agus dlítheanacha d’fhonn sochair eacnamaíocha a fháil trí scéimeanna seachanta cánach, agus é mar aidhm aige ‘punann’ a chruthú chun cistí a thiomsú chun feachtas toghcháin an pháirtí pholaitiúil a bhunaigh Alvise Pérez, ar a dtugtar ‘Se Acabó La Fiesta’, a mhaoiniú; de bhrí, de réir na hiarrata, go mbeadh réamhíocaíocht EUR 100 000 íoctha ag an gcomhairleoir a bhunaigh an ‘phunann’ sin le Alvise Pérez don pháirtí polaitiúil sin chun críocha na dtoghchán Eorpach; de bhrí go bhféadfadh na fíorais líomhnaithe a bheith ina gcion maidir le maoiniú neamhdhleathach páirtí pholaitiúil de réir bhrí Airteagal 304A(1) de Chód Coiriúil na Spáinne agus ina gcion toghcháin faoi Airteagal 149(1) de Bhundlí na Spáinne Uimh. 5/1985 an 19 Meitheamh 1985 maidir le córas ginearálta toghcháin ; de bhrí gur tionscnaíodh an nós imeachta imscrúdaithe le hordú an 20 Meán Fómhair 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Alvise Pérez chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Mí an Mheithimh 2024 agus nach raibh sé, dá bhrí sin, ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe agus aon tuairim a chuir sé in iúl nó le haon vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus de bhrí nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Alvise Pérez a tharscaoileadh leis an méid sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9(1)(a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dtéachtfaidh  a Feisirí, i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstát féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne an méid seo a leanas:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
«1. 	Beidh pribhléid iomlán ag teachtaí agus ag seanadóirí i ndáil le tuairimí a nochtar le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
</CONS><CONS>
2. 	Le linn a dtéarma oifige, beidh díolúine freisin ag teachtaí agus ag seanadóirí agus ní fhéadfar iad a ghabháil ach amháin má thagtar orthu i mbun cion a dhéanamh. Ní féidir iad a chúiseamh ná a ionchúiseamh gan údarú roimh ré ón dlísheomra ábhartha’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb éard is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir í a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá nach cosúil é, gurb éard is rún don nós imeachta dlíthiúil atá i gceist ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Alvise Pérez ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; agus dá bharr neamhspleáchas na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘chúisí’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Alvise Pérez a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Riocht na Spáinne agus chuig Alvise Pérez.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>