<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0170</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Éifeachtaí diúltacha ar mhargadh cruach an Aontais de dheasca na ró-acmhainneachta domhanda</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0012/2026 -  Rapóirtéir: Karin Karlsbro)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar na héifeachtaí diúltacha ar mhargadh cruach an Aontais de dheasca na ró-acmhainneachta domhanda (COM(2025)0726 – C10-0245/2025 – 2025/0726(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0726),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0245/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas ag an gcoiste freagrach de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Aibreán 2026 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0012/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’<STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>a threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2025)0726</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Bealtaine 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha na ró-acmhainneachta domhanda a bhaineann le trádáil ar mhargadh cruach an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2026/1384)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hallmhairiú táirgí cruach ón Rúis </STRING></STI>
Ó thús an chogaidh, tá bearta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana déanta ag an Aontas agus a Bhallstáit chun spleáchais eacnamaíocha ar an Rúis a laghdú agus chun oibriú chun a áirithiú nach rannchuideoidh gníomhaíocht eacnamaíoch an Aontais le hiarracht chogaidh na Rúise a choinneáil ar bun.

Leis na bearta sin, laghdaíodh go mór sreafaí trádála thar raon leathan earnálacha, lena n-áirítear cruach, cuireadh dlús leis an díchúpláil agus cuireadh le hathléimneacht an Aontais, agus léiríodh ag an am céanna cumas an Aontais gníomhú ar bhealach aontaithe cinntitheach nuair a bhíonn a luachanna agus a leasanna straitéiseacha i mbaol.

Ag an am céanna, ní mór don Aontas a bheith airdeallach i gcónaí ar na réimsí sin ina bhfuil spleáchais fós ann go háirithe maidir le táirgí cruach áirithe nach bhfuil toirmeasc iomlán ar a n-allmhairiú go fóill.

Go háirithe, déantar roinnt teoranta allmhairí de thionscnamh na Rúise san earnáil cruach go dtí an 30 Meán Fómhair 2028, i gcomhréir leis na socruithe idirthréimhseacha a leagtar síos sna bearta sriantacha ábhartha arna nglacadh ag an gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch 13 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/512/oj) agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj).</FIELD></FOOTNOTE>. Chun éagsúlú forchéimnitheach agus seasta a áirithiú, cuirtear uasteorainn leis na hallmhairí sin le cuótaí agus laghdaítear méideanna gach bliain.

Agus an creat institiúideach is infheidhme maidir le bearta sriantacha á mheabhrú acu, cuireann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach i bhfios go láidir go bhfuil na bearta sriantacha ábhartha a ghlac an Chomhairle ina mbonn taca faoi chonair i dtreo deireadh iomlán a chur de réir a chéile leis na hallmhairí táirgí cruach ón Rúis a dhéantar go fóill, go háirithe leaca cruach, faoin 30 Meán Fómhair 2028.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>