<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0171</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0061/2025 -  Rapóirtéir: Raphaël Glucksmann)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2024)0023 – C9-0011/2024 – 2024/0017(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0011/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Iúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6027, 23.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6027/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 20 Samhain 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/290, 24.1.2025, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/C/2025/290/oj</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas ag an gcoiste freagrach de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Feabhra 2026 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0061/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 8 Bealtaine 2025 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0102).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’<STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2025)0726</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Bealtaine 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2026/1386)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRHÍBINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht bhreise i ndáil le hinfheistíochtaí coigríche agus leis an tslándáil eacnamaíoch</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Aontaíodh an ráiteas seo i gcomhthéacs ghlacadh Rialachán (AE) 2026/1386 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2026/1386/ojan 17 Meitheamh 2026 maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 (IO L, 2026/1386, 26.6.2026, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1386/oj)</FIELD></FOOTNOTE></STI>
Aontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún gur gá don Aontas leanúint de bheith ina áit tharraingteach chun gnó a dhéanamh, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh infheistíochtaí coigríche, go háirithe in earnálacha straitéiseacha, leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an iomaíochas.

Aithníonn an dá institiúid, áfach, go bhfuil an baol ann go gcruthóidh infheistíochtaí áirithe spleáchais straitéiseacha agus go mbainfidh siad an bonn d’athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh. Tá an baol ann go lagóidh na forbairtí sin slándáil eacnamaíoch an Aontais agus d’fhéadfaidís an bonn a bhaint de bhuntáiste teicneolaíoch, d’athléimneacht eacnamaíoch agus d’acmhainneacht an Aontais poist a chruthú.

I bhfianaise an mhéid sin, measann an dá institiúid gur tosaíocht é measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht bhreise is gá agus í a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint chun a áirithiú nach méadóidh infheistíochtaí coigríche san Aontas spleáchais straitéiseacha ná bearnaí teicneolaíochta.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tionscnamh a ghlacadh chun coinníollacha spriocdhírithe a leagan amach le haghaidh infheistíochtaí coigríche isteach in earnálacha straitéiseacha arna sainaithint go cúramach, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, d’fhonn borradh a chur faoi iomaíochas thionscal an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí thuasluaite.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa an tiomantas sin agus tá sí réidh a ról mar chomhreachtóir a fheidhmiú go hiomlán agus aon togra den sórt sin a mheas go tráthúil.’
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>