<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0181</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tionchar chur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí 2014/89/AE ar iascach i limistéir iascaireachta agus imchuacha farraige roghnaithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0120/2026 -  Rapóirtéir :Stéphanie Yon-Courtin)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2026 ar thionchar chur chun feidhme Threoir 2014/89/AE, an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, ar iascach i limistéir iascaireachta agus imchuacha farraige roghnaithe (2024/2126(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>—</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat pleanála spásúla muirí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 257, 28.8.2014, lch. 135, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/89/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004<FOOTNOTE><FIELD> IO L 247, 13.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1139/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Gnáthóga),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hÉin),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 ina leagtar amach an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Threoir 2014/89/AE lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (COM(2022)0185),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do reachtaíocht an Aontais maidir le cáilíocht uisce agus rialú ar thruailliú (an Treoir Réime maidir le hUisce<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 2008/105/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir (AE) 2024/3019<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L, 2024/3019, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3019/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 91/676/CEE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Treoir 2005/35/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/35/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).</FIELD></FOOTNOTE>),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Biodiversity Strategy for 2030 — Bringing nature back into our lives’</STRING> [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380), agus do rún ón bParlaimint an 9 Meitheamh 2021 ina leith sin<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives’</STRING> [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (IO C 67, 8.2.2022, lch. 25).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach 1995 de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO), go háirithe Airteagal 10 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte Deonacha FAO maidir leis an Iascach Inbhuanaithe ar Mionscála a Chinntiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 dar teideal ‘An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan’ (COM(2025)0281),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 maidir le tionchar feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus córas eile fuinnimh in-athnuaite ar an earnáil iascaireachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Móiminteam do na hAigéin chun Rialachas agus Bithéagsúlacht na nAigéan a neartú’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 106.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir le comhbhainistiú iascaigh san Aontas agus rannchuidiú earnáil an iascaigh le bearta bainistíochta a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1060, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh a chur chun feidhme agus peirspictíochtaí a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5734, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5734/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Strategic guidelines for a more sustainable and competitive EU aquaculture for the period 2021 to 2030</STRING>’ [Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030] (COM(2021)0236),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin (SWD(2025)0003) a ghabhann leis an doiciméad dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Report from the Commission to the Council and the European Parliament on the Commission’s assessment of the Member States’ programmes of measures as updated under Article 17 of the Marine Strategy Framework Directive (2008/56/EC)’</STRING> [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le measúnú an Choimisiúin ar chláir beart na mBallstát mar a tugadh cothrom le dáta iad faoi Airteagal 17 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (2008/56/CE)],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 25/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU aquaculture policy – Stagnating production and unclear results despite increased EU funding’</STRING> [Beartas dobharshaothraithe an Aontais Eorpaigh – Táirgeadh marbhánta agus torthaí doiléire d’ainneoin cistiú méadaithe ón Aontas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú dar teideal ‘Iascach sa phleanáil spásúil mhuirí’ a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i mí Dheireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Cur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí: Tionchar ar iascach i limistéir iascaireachta roghnaithe agus in imchuacha farraige’ a d’fhoilsigh an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i mí na Nollag 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil mhí Mheán Fómhair 2019 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Special Report on the Ocean and Cryosphere in a Changing Climate’</STRING> [‘Tuarascáil Speisialta maidir leis an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A10-0120/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil brú carnach méadaithe ar éiceachórais mhuirí agus coinbhleacht mhéadaithe maidir le húsáid spáis mhuirí, rud atá méadaithe mar thoradh ar ilroinnt institiúideach agus riaracháin, mar thoradh ar iomaíocht mhéadaithe maidir le rochtain ar spás muirí ó ghníomhaíochtaí agus earnálacha éagsúla, amhail iascach, dobharshaothrú, iompar muirí, loingseoireacht, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, caomhnú an dúlra, caomhnú na hoidhreachta cultúrtha muirí, turasóireacht chósta, gníomhaíochtaí áineasa, oibríochtaí chun dríodair ghrinneall na farraige a eastóscadh agus a dhiúscairt trí dhreidireacht, úsáid cáblaí agus píblínte faoi uisce, nó cosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur earnálacha straitéiseacha iad an t-iascach agus an dobharshaothrú do shlándáil agus do cheannasacht an Aontais, go háirithe ó thaobh slándáil bia agus ceannasacht mhuirí de, agus go gcuireann siad le hiomaíochas agus athléimneacht na bpobal cósta; de bhrí go bhfuil táirgí iascaigh AE sláintiúil agus gur minic a fhaightear go háitiúil iad, lena gcuirtear ceann de na próifílí is fearr ar fáil i dtéarmaí astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid de phróitéin ainmhíoch inite; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, luach straitéiseach na n-earnálacha sin a aithint go cuí sa phleanáil spásúil mhuirí (MSP);
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, in 2022, gur tháinig laghdú ar neamhthuilleamaíocht AE i mbia mara go 37,5 % agus gur allmhairíodh thart ar 80 % den bhia mara a thomhlaítear in AE, rud a chruthaíonn spleáchas struchtúrach ar fhoinsí seachtracha agus a lagaíonn biafhlaitheas AE; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar chabhlach iascaireachta AE le deich mbliana anuas, agus go bhfuil sé anois níos mó ná 13 % níos lú ná mar a bhí in 2014; de bhrí go bhfuil an crapadh sin, mar aon le hiomaíocht mhéadaitheach maidir le húsáid spáis mhuirí, ina bhagairt ar inmharthanacht eacnamaíoch earnáil an iascaigh, ar athnuachan glúine agus ar chumas an chabhlaigh rannchuidiú le slándáil bia an Aontais; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach, dá bhrí sin, rochtain leordhóthanach, chothrom agus intuartha ar spás muirí a áirithiú chun iascach iomaíoch AE a fhorbairt, mar a aithnítear sa Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh úsáid mhíleata mhéadaithe spáis mhuirí a bheith mar thoradh ar chomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú agus ar theannas atá ag dul i méid; de bhrí nach mór gníomhaíochtaí agus oibríochtaí cosanta agus slándála a chur san áireamh sa phleanáil spásúil mhuirí, amhail faireachas ar limistéir eacnamaíocha eisiacha, cosaint na trádála muirí, freachnaimh mhíleata chomhpháirteacha, gáinneáil aindleathach a chomhrac, dímhianú, píoráideacht a chomhrac, agus faireachas aeir agus satailíte, agus a n-idirghníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an bhfarraige agus leis an muirthimpeallacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur léirigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina Tuarascáil Speisialta 22/2023 dar teideal ‘Fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in AE’, an baol go gcaillfí poist in earnáil an iascaigh; de bhrí gur léiríodh sa tuarascáil easpa cainníochtaithe ar na príomhéifeachtaí eacnamaíocha ar iascaigh a eascraíonn as forbairt an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus gur luadh inti gur cheart na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag forbairt an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ar earnáil an iascaigh a shainaithint ar bhealach níos fearr agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr; de bhrí gur thug sí dá haire freisin go bhfuil daonra éisc feabhsaithe ar scála níos mó éiginnte ach gur tugadh faoi deara roinnt méaduithe ar dhlús éisc i limistéir fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, rud a léiríonn na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann d’iascairí agus d’iascaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil sprioc atá ceangailteach ó thaobh dlí leagtha síos ag AE chun bearta athchóirithe éifeachtacha agus limistéarbhunaithe a chur i bhfeidhm in 20 % ar a laghad dá limistéar farraige faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE maidir le 30 % ar a laghad dá limistéar farraige a chosaint faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go mbunaítear le Treoir an Aontais maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí creat coiteann do na Ballstáit chun úsáid a n-uiscí muirí a eagrú agus go bhfuil sé d’aidhm aici forbairt inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm a chur chun cinn agus coinbhleacht idir earnálacha a laghdú, gan oibleagáidí nua atá sonrach ó thaobh earnála de a thabhairt isteach; de bhrí go dtugtar tús áite sa treoir do leathnú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá dian ar chaipiteal agus eisiach ó thaobh spáis de, rud a d’fhéadfadh úsáidí traidisiúnta, soghluaiste agus comhchoiteanna na farraige a imeallú, go háirithe an iascaireacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil creat curtha ar fáil ag AE do phleanáil spásúil mhuirí, lena n-áirítear sásraí le haghaidh comhar trasteorann; de bhrí go bhfuil na Ballstáit chósta freagrach as pleananna a ghlacadh faoin gcreat, lena n-áirítear formáid agus ábhar na bpleananna sin a dhearadh agus a chinneadh, i gcomhréir lena dtraidisiún riaracháin, agus spás muirí a dháileadh ar ghníomhaíochtaí agus ar úsáidí éagsúla faoi seach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí le cosaint an chomhshaoil trí úsáid inbhuanaithe an spáis mhuirí agus na n-acmhainní muirí a chur chun cinn agus go gceanglaítear léi nach mór do na Ballstáit cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur i bhfeidhm; de bhrí go bhféachann sé le cothromaíocht éifeachtach a áirithiú idir cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, gan gníomhaíochtaí traidisiúnta a fho-ordú go córasach i ndáil le gníomhaíochtaí eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí agus cur chun feidhme reachtaíocht eile de chuid an Aontais, amhail an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, an Treoir maidir le Gnáthóga agus an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir Réime maidir le hUisce; de bhrí go bhfuil sé nasctha freisin le gealltanais bheartais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de, amhail Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, tar éis ghlacadh na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, gur ceanglaíodh ar na 22 Bhallstát a bhfuil imeallbhord acu údaráis inniúla a cheapadh faoi 2016 agus pleananna spásúla muirí náisiúnta a ghlacadh dá n-uiscí muirí faoin 31 Márta 2021; de bhrí nár chomhlíon ocht mBallstát an spriocdháta sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil pleananna spásúla muirí glactha go dtí seo ag 20 Ballstát as na 22 Bhallstát a bhfuil imeallbhord acu, agus go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar go leor acu anois;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, agus pleananna spásúla muirí á bhforbairt acu, nach mór do na Ballstáit gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus sábháilteachta, idirghníomhaíochtaí ar muir agus ar tír agus comhar trasteorann a chur san áireamh, agus nach mór dóibh rannpháirtíocht luath, leanúnach agus éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú, lena n-áirítear iascairí agus bailitheoirí sliogéisc agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, agus pobail sna réigiúin is forimeallaí, trí chur chuige ón mbun aníos agus le linn an phróisis cinnteoireachta, trína áirithiú go mbeidh an rannpháirtíocht sin iomchuí, fóinteach agus nach mbeidh sí teoranta do ról comhairleach amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir leibhéal cur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí ó Bhallstát go chéile, mar gheall ar dhifríochtaí i struchtúir riaracháin agus rialachais ó chórais logánta go córais níos láraithe; de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir éifeachtaí na pleanála spásúla muirí ag brath ar na himchuacha farraige agus ar na críocha lena mbaineann, agus go bhfuil comhchruinniú níos airde srianta spásúla agus úsáidí iomaíocha ag roinnt réigiún cósta, rud a chuireann le míchothromaíochtaí críochacha laistigh de AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí nach mór do na Ballstáit a bpleananna a chomhordú le Ballstáit ábhartha eile agus comhoibriú leis na húdaráis i dtíortha nach bhfuil san Aontas sa réigiún muirí lena mbaineann; de bhrí, i bhfianaise na ndifríochtaí idir réigiúin nó foréigiúin mhuirí éagsúla agus criosanna cósta éagsúla, nach meastar go bhfuil cur chuige a oireann do chách iomchuí don chomhar sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir na pleananna spásúla muirí ó thaobh cineáil agus ábhair de, ós rud é nach dtugtar critéir cheangailteacha mhionsonraithe leis an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí do na pleananna agus go gceadaítear léi solúbthacht shuntasach do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus dearadh mionsonraithe na bpleananna;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil géarghá le pleanáil spásúil mhuirí i limistéir ina bhfuil comhchruinniú ard gníomhaíochta agus spás muirí teoranta, amhail Muir nIocht, Muir Bhailt agus an Mheánmhuir;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur cheart go dtacódh an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí le comhtháthú críochach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha amháin iad an iascaireacht agus an dobharshaothrú ach go bhfuil ról bunúsach sóisialta acu maidir le slite beatha a chur ar fáil, fostaíocht a chothabháil agus creatlach shóisialta agus chultúrtha na bpobal cósta agus oileánach a chaomhnú, go háirithe sna réigiúin fhorimeallacha agus sna réigiúin is forimeallaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt dúshlán roimh earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, amhail brú ó staid na n-éiceachóras muirí atá ag dul i laghad agus úsáid mhíchothrom beart caomhnaithe muirí agus brú ó earnálacha an gheilleagair ghoirm atá ag teacht chun cinn amhail fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur uirlis riachtanach iad líonraí dea-bhainistithe agus cosanta éifeachtaí de limistéir mhuirí faoi chosaint atá nasctha go héiceolaíoch chun bithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú agus gur féidir leo rannchuidiú le gnóthachain fhadtéarmacha trí théarnamh stoc, iarmhairtí do limistéir chóngaracha, agus athléimneacht do gheilleagair chósta, ach go mbraitheann a n-éifeachtacht agus a n-inghlacthacht shóisialta ar an gcaoi a ndéantar iad a dhearadh, a bhainistiú agus a chomhordú le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe, go háirithe trí chuir chuige dhifreáilte bunaithe ar shonraí eolaíocha agus ar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear iascairí agus pobail chósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí nach mbeidh an fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta inbhuanaithe ach amháin mura mbeidh aon drochthionchar aige ar an gcomhshaol agus ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, go háirithe i réigiúin atá ag brath ar an iascach;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur faoi inniúlacht na mBallstát a thagann sé i gcónaí cinneadh a dhéanamh faoina mheascán fuinnimh agus na teicneolaíochtaí a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil díláithriú gníomhaíochtaí iascaireachta, brú méadaithe iascaireachta agus iomaíocht idir cabhlaigh, agus imeacht codanna áirithe nach féidir leo a ngníomhaíochtaí a athlonnú, go háirithe san iascach ar mionscála, lena n-áirítear iascairí de chois, amhail bailitheoirí sliogéisc, mar thoradh ar chailliúint mhéadaitheach meánna iascaireachta; de bhrí go ndéanann sé sin difear freisin don chomhtháthú sóisialta, don fhostaíocht agus do thabhairt na dtraidisiún muirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an gcomhbheartas iascaigh, go n-údaraítear do na Ballstáit an rochtain iascaireachta a shrianadh, laistigh de limistéar 12 mhuirmhíle óna gcósta, agus i gcás na réigiún is forimeallaí laistigh de 100 muirmhíle, do shoithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht go traidisiúnta sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta in aice láimhe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil limistéir mhuirí agus chósta thíos le hiarmhairtí an athraithe aeráide agus an truaillithe, go háirithe ó thruailleáin cheimiceacha agus bruscar ón muir nó bruscar ón talamh, rud a dhéanann difear freisin do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfarraige, leis an mbithéagsúlacht mhuirí agus le hacmhainní iascaigh agus dobharshaothraithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil athrú as cuimse tagtha ar an gcothromaíocht spásúil, eacnamaíoch agus iascaigh i roinnt imchuach farraige mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE agus ar iarmhairtí Brexit, go háirithe Muir nIocht, an Mhuir Thuaidh agus uiscí an iarthair, rud a fhágann go bhfuil méadú tagtha ar chomhchruinniú ghníomhaíochtaí iascaireachta AE i limistéir farraige níos srianta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh rioscaí nó contúirtí áirithe a bhaineann le sábháilteacht soithí nó le neamhchosaint ar chineálacha áirithe gáinneála, amhail gáinneáil ar dhrugaí, trí bhealaí muirí a bheith roimh ghairmithe muirí, amhail iascairí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh dálaí oibre sábháilte, cothroma agus cuibhiúla agus cosaint shóisialta leormhaith ag oibrithe in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe; de bhrí gur féidir tionchar díreach a bheith ag cinntí maidir le pleanáil spásúil mhuirí ar shábháilteacht, ar ioncam agus ar dhálaí oibre na ngairmithe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí nach gcumhdaítear le go leor de na pleananna spásúla muirí ach spásanna muirí agus nach n-áirítear leo idirghníomhaíochtaí ar muir agus ar tír agus go háirithe éifeachtaí an truaillithe ar talamh ar éiceachórais mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí nach leor cur chun feidhme cur chuige bunaithe ar éiceachórais nó go bhfuil sé in easnamh, ós rud é go bhfuil go leor Ballstát ag streachailt chun é a chur i bhfeidhm sa chleachtas agus chun ceanglais na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí a ailíniú le ceanglais reachtaíochta eile amhail an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh nó an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí nach bhfuil sprioc 2020 maidir le ‘Dea-Stádas Comhshaoil’ d’fharraigí na hEorpa bainte amach ag na Ballstáit go fóill, mar a cheanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil bailiú, trédhearcacht, inrochtaineacht, comhchuibhiú agus próiseáil réasúnta gasta sonraí ríthábhachtach chun a chinneadh conas a áirítear iascach agus dobharshaothrú i bpleanáil spásúil mhuirí; de bhrí go bhfuil easpa sonraí cuimsitheacha ann maidir le limistéir eacnamaíocha eisiacha agus go bhfuil deacrachtaí ann sonraí a chomhtháthú ar fud earnálacha éagsúla agus sonraí a fháil ó údaráis náisiúnta; de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar leithdháileadh cistiúcháin ar na cineálacha sin gníomhaíochtaí bailithe sonraí;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí agus a tionchar ar iascach agus ar dhobharshaothrú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais, cé go gcuirtear creat trasearnála ábhartha ar fáil don chomhar leis an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, go bhfuil sí curtha chun feidhme go míchothrom ag na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag roinnt Ballstát maidir leis an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí a chur chun feidhme, le straitéisí comhtháite náisiúnta, comhlachtaí tiomnaithe agus pleananna gníomhaíochta le haghaidh imchuacha farraige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil pleananna spásúla muirí ceangailteach ó thaobh dlí i roinnt Ballstát agus go bhfuil siad neamhcheangailteach agus níos comhairlí i mBallstáit eile; ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a chuireann deighilt institiúideach, rialachas ilroinnte agus sásraí dlíthiúla neamhleora nó acmhainní airgeadais agus daonna neamhleora atá tiomnaithe do na sásraí sin agus rochtain orthu bac ar an gcur chun feidhme sna Ballstáit, go háirithe tríd an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla iascaigh agus dobharshaothraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí i bpleanáil spásúil limistéar muirí fadhbanna agus deiseanna a shainaithint, sonraí pleanála a bhailiú, cinnteoireacht agus cur chun feidhme, agus, mar chuid den phleanáil sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar iascach agus ar dhobharshaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i dtábhacht go bhfuil éagsúlacht mhór idir cur chun feidhme agus éifeachtacht na pleanála spásúla muirí idir réigiúin mhuirí an Aontais, agus go bhfuil roinnt réigiún, amhail Muir Bhailt nó an Mhuir Thuaidh, cumhdaithe den chuid is mó le pleananna spásúla muirí, agus go bhfuil i bhfad níos lú cumhdaigh pleanála ag réigiúin eile, amhail an Mheánmhuir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh Mhór-Imchuach na Mara Thuaidh (GNSBI), lena dtugtar le chéile na Ballstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas agus é d’aidhm aige ailíniú agus comhordú níos fearr a bhaint amach maidir le pleananna spásúla muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil tionscnaimh trasteorann fós teoranta agus go bhfuil comhordú éifeachtach in easnamh, rud a chuireann bac ar iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte ar fud na réigiún muirí idirnasctha; á chur in iúl gur saoth léi na deacrachtaí a bhaineann le comhar maidir le pleanáil spásúil mhuirí idir na Ballstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe stáit chósta chomharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar éifeachtaí Brexit ar phleanáil mhuirí, go háirithe forbairt limistéar muirí faoi chosaint agus fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ach freisin ar ghníomhaíochtaí eile amhail dlúthiompar muirí agus turasóireacht chósta; á thabhairt chun suntais go bhfuil cabhlach iascaireachta an Aontais eisiata ó go leor limistéir iascaireachta in uiscí na Breataine mar thoradh ar na hathruithe sin, agus go bhfuil athrú tagtha ar an iarracht iascaireachta agus ar an mbrú ard iascaireachta i limistéir na Mara Thuaidh agus Mhuir nIocht, rud a dhéanann dochar d’iascach an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí na gnéithe sin a ionchorprú go córasach sa phleanáil spásúil mhuirí sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhordú idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe chun bainistiú éifeachtach agus cothrom ar an imchuach muirí a bhaint amach agus, ar an gcaoi sin, an iliomad coinbhleachtaí úsáide a laghdú, agus gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil gach gníomhaíochta á gcur san áireamh; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil oibleagáid ann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, go háirithe faoi Airteagail 7 agus 8, comhoibriú thar theorainneacha; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí fíorchomhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe agus le hOileáin Mhuir nIocht maidir le bearta bainistithe i limistéir mhuirí faoi chosaint lena gcuirtear san áireamh na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhíonn ar iascairí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ar leith ag iomadú na n-ardán fuinnimh amach ón gcósta agus bonneagar eile den chineál sin ar imchuach na Meánmhara, rud a laghdaíonn go suntasach an méid spáis atá ar fáil d’iascaigh, a chuireann teorainn leis an rochtain ar mheánna traidisiúnta agus a chuireann le hilroinnt an spáis mhuirí; ag tabhairt dá haire, cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as úsáid bonneagair sna limistéir sin a chinneadh, go bhfuil tionchar díreach ag a gcinntí ar úsáid meánna traidisiúnta agus, dá bhrí sin, gur gá iad a chomhtháthú laistigh de phróisis pleanála spásúla muirí ar bhealach comhleanúnach; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar ag forbairt na turasóireachta muirí freisin ar oibríochtaí iascaigh san imchuach farraige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur suntas i saintréithe sonracha Mhuir Aidriad mar imchuach muirí leathiata agus an-íogair, faoi réir brúnna carnacha ón iascach, ón dobharshaothrú, ón muiriompar, ón turasóireacht agus ón bhforbairt chósta; á chur i bhfáth go n-éilíonn na brúnna sin imchuach farraige treisithe agus cur chuige trasteorann i leith pleanáil spásúil mhuirí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhar le tíortha cósta comharsanachta nach bhfuil san Aontas, comhordú, comhroinnt sonraí agus sásraí rialachais chomhpháirtigh a neartú i Muir Aidriad; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iascaigh ar mionscála agus iascaigh chósta don imchuach farraige agus a thábhachtaí atá sé iad a chomhtháthú i bpleanáil spásúil mhuirí, chun a n-inmharthanacht eacnamaíoch agus a n-oidhreacht chultúrtha a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil roinnt gnéithe uathúla ag Muir Bhailt, lena n-áirítear a stádas mar imchuach farraige leathiata, a comhchruinniú ard de chineálacha éagsúla gníomhaíochta eacnamaíche, lena n-áirítear iascach, muiriompar agus leathnú an fhuinnimh in-athnuaite mhuirí, agus leochaileacht a héiceachórais; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh cur chuige inbhuanaithe ann i leith na pleanála spásúla muirí agus go ndéanfaí é a choigeartú do na dálaí réigiúnacha sin; ag moladh obair leanúnach Mheitheal Chomhpháirteach HELCOM-VASAB um Pleanáil Spásúil Mhuirí, lena gcuirtear bonn daingean ar fáil do chomhordú ar leibhéal imchuach farraige i Muir Bhailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór imchuacha muirí na réigiún is forimeallaí a áireamh freisin i gcur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, agus a saintréithe sonracha á gcur san áireamh go hiomlán, lena n-áirítear in idirghníomhaíochtaí le tíortha nach bhfuil san Aontas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tairbhí na pleanála spásúla muirí don iascach agus don dobharshaothrú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár baineadh amach go sásúil leis an gcreat dlíthiúil maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí atá ann faoi láthair na tairbhí a bhfuiltear ag dréim leo don iascach; ag tabhairt dá haire nár rannchuidigh an phleanáil spásúil mhuirí go mór le hintuarthacht agus cobhsaíocht a fheabhsú do ghníomhaíochtaí iascaigh; ag cur béim ar an easpa spriocanna íosta agus táscairí intomhaiste comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha d’iascaigh i bpleanáil spásúil mhuirí, go háirithe d’oibreoirí ar mionscála; á chur i bhfáth gur gá beartas muirí an Aontais a chur chun feidhme go comhleanúnach agus go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, chun creat na pleanála spásúla muirí a chur chun feidhme, a thábhachtaí atá sé anailís chuimsitheach shocheacnamaíoch a dhéanamh, ina n-ionchorpraítear dearcthaí gnólachtaí beaga agus pobal cósta; á mheabhrú a thábhachtaí atá an t-iascach agus an dobharshaothrú maidir le biafhlaitheas agus maidir le fios gnó gaolmhar a chaomhnú don Aontas agus á aithint gurb é leas an phobail é go gcuirfí san áireamh ar bhealach níos fearr a dtábhacht i bpleanáil spásúil mhuirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don phleanáil spásúil mhuirí an t-iascach agus an dobharshaothrú a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus aghaidh a thabhairt go gníomhach ar na dúshláin spásúla a dhéanann difear don iascach, lena n-áirítear éifeachtaí carnacha an fhuinnimh amach ón gcósta, na limistéar muirí faoi chosaint, na gcriosanna loingseoireachta agus cosanta, agus imeallú forchéimnitheach gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint; á chur i bhfáth gur cheart feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a chur, nuair is féidir, i limistéir nach bhfuil chomh hoiriúnach céanna don iascaireacht, chun tionchair dhiúltacha ar oibríochtaí iascaigh a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an iascaireacht ar mionscála, amhail i bhfostaíocht áitiúil, i gcomhtháthú sóisialta agus i gcaomhnú scileanna traidisiúnta; á iarraidh go gcuirfí an roinn sin san áireamh go hiomlán sa phleanáil spásúil mhuirí, go háirithe maidir le rochtain ar an spás, gaireacht do mheánna agus sábháilteacht gníomhaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le feirmeacha gaoithe amach ón gcósta tionchar a imirt ar iascaigh trí dháileadh spásúil agus flúirse na speiceas muirí a ndéantar iascaireacht tráchtála orthu a athrú agus trí shrianta a fhorchur ar rochtain, ar chúiseanna sábháilteachta, nó ar mhodhanna iascaireachta; ag tabhairt dá haire, cé gur tugadh faoi deara roinnt tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann d’iascairí, nach bhfuil siad sin ábhartha ach amháin má tá iascairí in ann oibriú sna limistéir sin go praiticiúil agus go hindéanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth, cé go bhfuil tairbhí imeallacha ag baint leis an gcreat dlíthiúil pleanála spásúla muirí don dobharshaothrú, go bhfuil gá le feabhsuithe maidir le spás muirí a ainmniú, tuilleadh aitheantais a thabhairt do ról an dobharshaothraithe laistigh den chreat, comhleanúnachas trasteorann, deimhneacht dhlíthiúil agus amlíne agus tionchar na nósanna imeachta ceadúnúcháin; ag leagan béim, go háirithe, ar an ngá atá leis an dobharshaothrú a ionchorprú ar bhealach níos fearr sa phleanáil spásúil mhuirí agus gníomhaíochtaí eile a bhreithniú, amhail comhbheartas dobharshaothraithe a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt, chun an phríomhearnáil sin do shlándáil bia an Aontais a chur san áireamh ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nár comhlíonadh go suntasach an cuspóir maidir le coinbhleacht idir na hearnálacha éagsúla agus úsáideoirí na farraige a íoslaghdú, go háirithe maidir le hiascach agus dobharshaothrú, lena n-áirítear feirmeoireacht sliogéisc agus earnálacha atá ag teacht chun cinn amhail feirmeoireacht feamainne, a bhfuil laghdú tagtha ar na spásanna atá ar fáil dóibh, rud a dhéanann difear dá n-iomaíochas agus do na féidearthachtaí chun a ngníomhaíochtaí a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth go n-athraíonn cineál na coinbhleachta maidir le húsáid spáis mhuirí de réir an chineáil gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe lena mbaineann, agus go bhféadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin dul in iomaíocht le chéile freisin maidir le spás muirí; ag cur béim ar an bhfíoras gurb iad na príomhchoinbhleachtaí a dhéanann difear d’iascach cailliúint meánna mar gheall ar limistéir mhuirí a eisiamh, srianta rochtana, iomaíocht le haghaidh rochtana, ilroinnt spásúil agus staid roinnt éiceachóras muirí atá ag meath, agus gurb iad na príomhchoinbhleachtaí a dhéanann difear don dobharshaothrú forluí criosaithe, ábhair imní chomhshaoil amhail truailliú agus eotrófú, agus iomaíocht gabhála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an t-iascach agus an dobharshaothrú ag brath ar shuíomh geografach acmhainní muirí agus ar staid shláintiúil na n-éiceachóras muirí, agus go bhfuil siad nasctha go láidir le slabhra luacha an bhia mara agus le fostaíocht i réigiúin chósta agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad oiriúnach d’athlonnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mbaineann iascaigh tairbhe as limistéir thosaíochta nó thiomnaithe agus gur minic a bhíonn orthu oibriú i spásanna muirí neamh-leithdháilte agus go bhfuil siad á mbrú amach níos mó agus níos mó ag gníomhaíochtaí eile; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil dobharshaothrú, lena n-áirítear feirmeoireacht feamainne, níos oiriúnaí i bprionsabal do limistéir fhorchoimeádta, go bhfuil éagsúlacht mhór sa chur chuige idir na Ballstáit agus fiú laistigh díobh, agus gur minic a bhíonn ualach trom ag baint le nósanna imeachta ceadúnúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais, cé go bhfuil criosanna ilúsáide bunaithe ag roinnt Ballstát, go nglacann siad cur chuige tionscadalbhunaithe den chuid is mó; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé an-deacair cur chuige ilúsáide a chur chun feidhme le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe, go háirithe agus iascach, cosaint na bithéagsúlachta agus fuinneamh in-athnuaite muirí á gcomhcheangal; ag tabhairt dá haire go n-ardaíonn cur chuige ilúsáide ábhair imní maidir le hárachas agus slándáil d’iascairí agus do ghairmithe dobharshaothraithe freisin; ag cur béim ar an bhfíoras, cé go bhféadfadh acmhainneacht a bheith ag criosanna ilúsáide maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchair charnacha ghníomhaíochtaí an duine, go bhfuil gá le tuilleadh taighde chun measúnú a dhéanamh ar a n-indéantacht agus ar a dtionchar; á chur i bhfios gur cheart ainmniú na gcriosanna sin a bheith bunaithe ar mheasúnú ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil na ngníomhaíochtaí éagsúla a dhéantar iontu, ar measúnú é nach mór a dhéanamh le rannpháirtíocht chuí, le linn an phróisis, oibreoirí ó na hearnálacha ábhartha uile chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi samplaí rathúla de chomhshuí gníomhaíochtaí, amhail bonneagar gaoithe fosaithe nó ar snámh amach ón gcósta is féidir a úsáid freisin chun feirmeoireacht dobharshaothraithe, sliogéisc agus algaí a fhorbairt agus chun gnáthóga a chosaint ar mhaithe le fána agus flóra muirí nó gníomhaíochtaí athghiniúnacha agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaigh amhail iascach éighníomhach agus iascach ísealtionchair; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go bhfuil gá le malartú méadaithe dea-chleachtas agus le tuilleadh taighde, go háirithe maidir le tionchar éiceolaíoch agus acmhainneacht eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit tionchar an fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta ar an éiceachóras muirí agus ar an iascach a chur san áireamh nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh acu faoina meascán fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil comhordú talún-farraige fós ina laige chriticiúil i gcur chun feidhme na pleanála spásúla muirí, agus tagairt ar leith á déanamh don mhainneachtain éifeachtaí an truaillithe talamhbhunaithe ar éiceachórais mhuirí a chur san áireamh agus bearta á gcur chun feidhme chun an bhithéagsúlacht a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios a thábhachtaí atá an t-iascach agus bonneagar calafoirt agus saoráidí gaolmhara agus gur gá a áirithiú go bhfuil an phleanáil spásúil mhuirí comhleanúnach i ndáil leis na hinfheistíochtaí bonneagair sin, i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le calafoirt, agus spleáchas na ngníomhaíochtaí muirí uile ar chomhordú éifeachtach idir an talamh agus an fharraige á chur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus bailiú sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil méadú tagtha ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus pobal cósta sa phróiseas pleanála spásúla muirí ach go bhfuil sí fós srianta; á chur in iúl gur oth léi gur minic nach mbíonn rannpháirtíocht agus comhairliúchán luath agus foirmiúil ag an rannpháirtíocht sin, rud a chuireann deis theoranta ar fáil fíorthionchar a imirt ar chinntí pleanála; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an tionscnamh ón gCoimisiún idirphlé cur chun feidhme a reáchtáil maidir le pleanáil spásúil mhuirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ann do shamplaí maithe de rannpháirtíocht geallsealbhóirí i roinnt Ballstát, amhail comhairliúcháin náisiúnta agus próisis rannpháirtíochta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa forálacha ceangailteacha do na Ballstáit maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire go gcuireann sé sin bac ar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail iascairí, gairmithe dobharshaothraithe, grúpaí sainleasa agus daoine den phobal a ndéantar difear dóibh, i bpróisis chomhairliúcháin agus chinnteoireachta, go háirithe maidir le suíomh tionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a bhíonn an t-iascach agus an dobharshaothrú faoi scáth earnálacha eile, atá níos cumhachtaí nó atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de, amhail fuinneamh amach ón gcósta; ag cur suntas sna tuarascálacha ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha cumhachta idir earnálacha muirí; á chur in iúl gur saoth léi gur minic a sheachnaíonn earnálacha agus oibreoirí áirithe próisis chomhairliúcháin, chun dochair gníomhaithe nach bhfuil chomh heagraithe céanna, amhail iascairí ar mionscála, lena n-áirítear iascairí de chois, amhail bailitheoirí sliogéisc; á iarraidh go mbeadh próisis chomhairliúcháin chuimsitheacha, inrochtana agus chuimsitheacha ann leis na geallsealbhóirí uile agus go gcruthófaí sásraí rialachais ceartaitheacha, lena n-áirítear treoirlínte trédhearcacha atá dírithe ar chinnteoireacht chothrom agus thrédhearcach a áirithiú, ar an acmhainneacht coinbhleachta a mhaolú agus ar chothrom iomaíochta a chruthú idir an t-iascach agus earnálacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa sonraí comhchuibhithe agus inchomparáide maidir le staid na n-aigéan agus na bhfarraigí, acmhainní iascaigh agus tionchar an athraithe aeráide, chomh maith leis an easpa sonraí iomchuí sóisialta agus eacnamaíocha, lena n-áirítear measúnú ar thionchair na pleanála spásúla muirí ar phobail chósta; ag cur béim ar an easpa comhchuibhithe ar chórais bailithe sonraí na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais go gcuireann mí-ailíniú sonraí, amhail bonnlínte geospásúla neamh-chomhoiriúnacha, agus neamhréir ama, amhail timthriallta athbhreithnithe éagsúla do phleananna spásúla muirí, bac ar chur chun feidhme na pleanála spásúla muirí comhleanúnaí agus ar chur chuige bunaithe ar éiceachórais; á mheabhrú gur áiseanna cinnteoireachta iad uirlisí samhaltaithe, mapála agus anailíse spásúla agus nach féidir iad a chur in ionad díospóireacht dhaonlathach ná comhréiteach polaitiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige níos iomlánaíche agus le comhordú níos fearr ar reachtaíocht ábhartha an Aontais, go háirithe ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, chun cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach na pleanála spásúla muirí a áirithiú, lena n-áirítear cur chuige bunaithe ar éiceachórais, arb é is aidhm dó rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir freisin nach mór don phleanáil spásúil mhuirí an comhbheartas iascaigh a urramú go hiomlán mar chreat reachtach eisiach an Aontais maidir le bainistiú iascaigh agus nár cheart, dá bhrí sin, é a úsáid chun bearta bainistithe iascaigh a thabhairt isteach go hindíreach, go háirithe mura bhfuil sé ag teacht leis an uaillmhian ról na ngníomhaíochtaí iascaigh i MSP a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do phleananna spásúla muirí riachtanais spásúla, chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a léiriú ar bhealach níos fearr, chomh maith le saintréithe sonracha gach imchuach farraige, lena n-áirítear limistéir eacnamaíocha eisiacha nasctha; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit an comhordú idir údaráis úsáide talún agus údaráis mhuirí a neartú agus pleananna spásúla muirí á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu agus nuair a bhíonn measúnuithe ar thionchar gníomhaíochtaí ar talamh ar uiscí cósta á n-ionchorprú sna pleananna; á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí réigiúnacha a chur san áireamh, lena n-áirítear saintréithe na réigiún oileánach agus na réigiún is forimeallaí, agus gur cheart dóibh na traidisiúin riaracháin i ngach Ballstát a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit comhordú idir na Ballstáit agus laistigh díobh araon a neartú, go háirithe idir údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le comhordú trasearnála i measc na n-údarás atá freagrach as beartais chomhshaoil, iascaigh, fuinnimh agus iompair, i measc beartais eile, agus pleananna spásúla muirí á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu, chun cur chuige comhleanúnach, comhtháite atá bunaithe ar éiceachórais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cur chuige ón mbun aníos, cothrom, ilúsáide maidir le pleanáil spásúil mhuirí a chur chun feidhme a mbeadh sé d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar acmhainní muirí agus ar an mbithéagsúlacht a sheachaint, agus dá bhrí sin ar iascach agus ar dhobharshaothrú, agus lena n-áiritheofaí nach n-eisiafaí na gníomhaíochtaí sin ón spás muirí; á mheas nár cheart go mbeadh forbairt gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann leis an ngeilleagar gorm chun dochair do tháirgeadh bia mara inbhuanaithe agus athléimneach, do bhiafhlaitheas agus do chaomhnú na bithéagsúlachta muirí; á chreidiúint, i ndáil leis an méid sin, gur cheart tábhacht straitéiseach na slándála bia a dhaingniú ar bhealach níos fearr san athbhreithniú atá le teacht ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-aithneofaí an iascaireacht agus an dobharshaothrú mar earnálacha straitéiseacha a bhfuil leas mór poiblí ag baint leo a chuireann go mór le biafhlaitheas agus slándáil bia an Aontais agus le huathriail straitéiseach agus le fostaíocht chósta, agus gur cheart tús áite a thabhairt dóibh sa phleanáil spásúil mhuirí, go háirithe i gcás codanna nach féidir a athlonnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige fianaise-bhunaithe ann i leith criosanna ilúsáide, lena n-aithnítear go bhfuil cómhaireachtáil idir iascaigh agus fuinneamh amach ón gcósta fós teoranta sa chleachtas agus nár cheart í a úsáid chun údar a thabhairt le hiascaigh a eisiamh ó spás muirí; á chur i bhfáth gur cheart an cur chuige ilúsáide a shaothrú ar bhonn critéir theicniúla agus eolaíocha, lena léirítear fíorfheidhmiú na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe; á chur i bhfáth gur cheart ainmniú na gcriosanna ilúsáide a bheith bunaithe ar mheasúnú tionchair carnach ar na gníomhaíochtaí éagsúla a dhéantar iontu agus ar anailís chríochnúil ar inseoltacht agus ar shábháilteacht; á iarraidh go mbeadh na hearnálacha ábhartha uile rannpháirteach go díreach agus go cuí le linn an phróisis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheas nach mór don phleanáil spásúil mhuirí cur chuige dinimiciúil agus oiriúnaitheach a ghlacadh, agus athruithe sa mhuirthimpeallacht agus in acmhainní muirí á gcur san áireamh, agus úsáid á baint as sonraí agus táscairí eolaíocha agus socheacnamaíocha a nuashonraítear go rialta, go háirithe agus limistéir á mbunú a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí iascaigh amhail feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a eisiamh agus limistéir mhuirí áirithe faoi chosaint a ainmniú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cineál dinimiciúil na hiascaireachta a léiriú sa phróiseas pleanála, toisc gur minic a bhíonn cabhlaigh ag bogadh timpeall ag brath ar infhaighteacht shéasúrach agus ar ghluaiseachtaí stoic, agus go dteastaíonn spás suntasach chun oibriú i gcás cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go mbeadh sásraí rialachais cuimsitheacha ann lena n-áiritheofar rannpháirtíocht dhíreach agus struchtúrtha na ngeallsealbhóirí ábhartha amhail iascairí, lena n-áirítear iascairí ar mhionscála, agus eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, i gcás inarb ábhartha, sna próisis chinnteoireachta, faireacháin agus athbhreithnithe do phleananna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tacaíocht d’iascach laistigh de phleanáil spásúil mhuirí a neartú agus é a mheas go córasach; ag tacú le criosú spásúil soiléir agus criosanna tosaíochta soiléire a bhunú d’iascaigh, agus gluaiseacht agus forbairt acmhainní iascaigh, aitheantas do chriosanna traidisiúnta iascaireachta agus dobharshaothraithe, an gá atá leis an gcomhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus staid na stoc éisc a fheabhsú á gcur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an criosú a chur in oiriúint do ranna cabhlaigh éagsúla, chomh maith le himchuacha farraige, agus gur cheart é a bheith bunaithe ar mheasúnuithe agus táscairí láidre eolaíocha agus socheacnamaíocha, chun infheictheacht agus intuarthacht níos fearr a thabhairt d’earnáil an iascaigh; á iarraidh go ndéanfaí measúnú éigeantach ar thionchair shocheacnamaíocha charnacha an easáitithe iascaireachta, lena n-áirítear na héifeachtaí ar iomaíochas chabhlach an Aontais, ar a bhrabúsacht, ar shábháilteacht ar muir agus ar athnuachan ó ghlúin go glúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá, go háirithe, méadú a dhéanamh ar limistéir fhorchoimeádta atá tiomnaithe d’iascaireacht chósta ísealtionchair ar mhionscála laistigh den chrios 12 mhuirmhíle agus a bhfuil córais chomhbhainistíochta mar bhonn taca léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá taighde a neartú maidir le limistéir iascaireachta agus acmhainní iascaigh a mhapáil agus a shamhaltú; á mheas, maidir le teorannú na limistéar tosaíochta le haghaidh an iascaigh agus pleanáil gníomhaíochtaí iascaireachta, nach mór cur chuige dinimiciúil a ghlacadh chun oiriúnú do na feiniméin a bhaineann le hathrú agus imirce stoc éisc a dhéanann difear do limistéir dáileacháin stairiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sásra maidir le bearta cúiteacha nó scéimeanna árachais a mholadh d’earnáil an iascaigh nuair a dhéantar a gníomhaíochtaí a easáitiú le húsáidí malartacha na farraige, lena n-áirítear bearta cúitimh airgeadais, agus tús áite a thabhairt d’úsáidí comhoiriúnacha nua agus do thacaíocht d’athdhearadh bealaí iascaireachta, nó d’infheistíochtaí teicneolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag cur suntas sna hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag srianta forleathana ar ghníomhaíochtaí muirí amhail iascaigh do phobail chósta, go háirithe sna hoileáin agus sna réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go mbeadh measúnuithe tionchair shóisialta agus chríochaigh ag gabháil le forbairt, cur chun feidhme agus athbhreithniú pleananna spásúla muirí i ngach cás, ag díriú go háirithe ar fhostaíocht, ar dhálaí oibre, ar shábháilteacht iascairí agus ar inbhuanaitheacht pobal cósta, agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bhitheolaíoch agus shocheacnamaíoch srianta agus beart iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don iascach mar úsáideoir straitéiseach agus tosaíochta spáis mhuirí, atá bunriachtanach do bhiafhlaitheas agus slándáil bia an Aontais, d’fhostaíocht chósta agus d’uathriail straitéiseach, agus an stádas sin a léiriú go sainráite i bpleananna spásúla muirí agus san athbhreithniú atá le teacht ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh, ina leith sin, go mbeadh cur chuige difreáilte ann maidir le bainistiú na n-iascach ar mhionscála lena n-áirítear rochtain fhabhrach laistigh den chrios 12 mhuirmhíle d’iascaigh ar mhionscála, do ghníomhaíochtaí ísealtionchair agus do thionscadail chaomhantais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feirmeoireacht dobharshaothraithe agus sliogéisc, agus iascaireacht de chois, lena n-áirítear bailiú sliogéisc, a chomhtháthú tuilleadh sa phleanáil spásúil mhuirí agus aitheantas a thabhairt do na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn dobharshaothrú ísealtrófach agus ísealcharbóin; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí breise amhail comhbheartas dobharshaothraithe a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt mar uirlis chun an comhtháthú sin a éascú; á iarraidh go n-ainmneofaí sa phleanáil spásúil mhuirí spásanna muirí tiomnaithe do chriosanna forbartha dobharshaothraithe inbhuanaithe, amhail do dhobharshaothrú ísealcharbóin agus do dhobharshaothrú ísealtrófach; á iarraidh go n-éascófaí nósanna imeachta ceadúnúcháin agus go laghdófaí bacainní rialála ar fhorbairt na ngníomhaíochtaí sin; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le nósanna imeachta ceadúnúcháin agus ceanglais shoiléire chomhshaoil a bheith mar bhonn taca leo d’fhonn na tairbhí socheacnamaíocha a uasmhéadú; á iarraidh go gcuirfí dreasachtaí ar fáil chun borradh a chur faoi fhorbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe, go háirithe dobharshaothrú ísealtrófach, lena n-áirítear éagsúlú chuig speicis neamhbheatha amhail saothrú feamainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le rialachas trédhearcach, il-gheallsealbhóra sa phleanáil spásúil mhuirí; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht luath, chórasach, fhóinteach agus leanúnach na ngeallsealbhóirí ábhartha a áirithiú, lena n-áirítear Comhairlí Comhairleacha agus iascairí, feirmeoirí dobharshaothraithe agus feirmeoirí sliogéisc, ag gach céim de dhearadh, próisis, cur chun feidhme, torthaí deiridh agus athbhreithniú MSP, agus go n-áireofaí aiseolas trédhearcach maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear ionchur na ngeallsealbhóirí sa chinnteoireacht; á iarraidh go gcaithfear go cothrom leis na geallsealbhóirí uile agus leis na pobail chósta agus oileánacha uile, gan beann ar a n-acmhainní airgeadais, riaracháin nó eagraíochtúla, trí fhormáidí comhairliúcháin trédhearcacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chreidiúint gur cheart gurb í an chomhbhainistíocht an tsamhail don rialachas agus don chinnteoireacht sa phleanáil spásúil mhuirí; ag cur béim ar na tairbhí a bhaineann leis an tsamhail sin, lena gceadaítear rannpháirtíocht dhíreach na ngeallsealbhóirí, bainistiú níos fearr ar acmhainní iascaigh, comhroinnt dea-chleachtais agus cur chuige atá saincheaptha do réaltachtaí áitiúla, go háirithe nuair a chuireann sí le struchtúir atá ann cheana agus atá cruthaithe agus leis an eolas praiticiúil atá ag pobail iascaireachta áitiúla agus ag struchtúir eile amhail eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh; á chur i bhfáth gur féidir leis an gcomhbhainistíocht cabhrú freisin le hathnuachan ó ghlúin go glúin a chur chun cinn san earnáil agus athléimneacht eacnamaíoch na gcabhlach ar mionscála agus cósta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag leagan béim ar na buntáistí a bhaineann le struchtúir ón mbun aníos chun pleanáil spásúil mhuirí áitiúil a chur chun feidhme, amhail forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí iascairí agus bailitheoirí, eagraíochtaí ban san iascach agus eagraíochtaí eile ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le fothú acmhainneachta na ngeallsealbhóirí, go háirithe iascairí ar mionscála, lena n-áirítear iascairí de chois, amhail bailitheoirí sliogéisc agus a n-eagraíochtaí, agus pobail chósta agus pobail na n-oileán, lena n-áirítear  sna réigiúin is forimeallaí, ionas gur fearr a bheidh siad in ann páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí agus i bpróisis chinnteoireachta a bhaineann leis an bpleanáil spásúil mhuirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, i ndáil leis sin, tacú leis an athnuachan ó ghlúin go glúin agus á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach gcruthóidh cinntí maidir le pleanáil spásúlachta bacainní breise do dhaoine óga atá ag dul isteach san iascach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór an tionchar ar iascach agus ar dhobharshaothrú, lena n-áirítear meánna stairiúla agus meánna traidisiúnta, a chur san áireamh agus limistéir á n-ainmniú atá tiomnaithe d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta nó do chosaint éiceachóras muirí; á áitiú gur gá measúnuithe a dhéanamh go córasach ar an tionchar carnach comhshaoil agus socheacnamaíoch sula ndéanfar críochú limistéir, agus a áirithiú go gcuirfear na gairmithe lena mbaineann, go háirithe iascairí i gcás tionscadail feirme gaoithe amach ón gcósta, ar an eolas roimh ré agus go mbeidh siad rannpháirteach ar bhonn éigeantach i gcomhairliúcháin sula ndéanfar cinntí; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí measúnuithe ar an tionchar ar staid na n-acmhainní iascaigh agus go ndéanfaí na príomhéifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha ar iascaigh a eascraíonn as feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a chainníochtú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór bearta chun éiceachórais mhuirí a chosaint a bheith bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha agus socheacnamaíocha fónta agus nach mór iad a chur in oiriúint do riachtanais chosanta gach limistéir; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, trí chatagóirí éagsúla de limistéir mhuirí faoi chosaint a bhunú agus a bhainistiú, i gcás ina bhfuil sé sin i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe, agus leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go bhféadfaí cómhaireachtáil le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe, lena n-áirítear trí bhearta bainistíochta iomchuí difreáilte agus trí eisiamh uathoibríoch a sheachaint; á thabhairt chun suntais freisin go bhféadfadh ‘bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile’ a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú córasach agus eolaíoch a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann maidir le comhúsáid criosanna muirí, lena n-áirítear limistéir mhuirí faoi chosaint nó fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, agus gan caitheamh le criosanna muirí éagsúla mar chriosanna atá comheisiach; ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuidíonn rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí uile agus go háirithe iascairí i ndearadh, i mbainistiú agus i meastóireacht limistéar muirí faoi chosaint le héifeachtacht chomhshaoil níos fearr, le glacadh níos mó le bearta caomhnaithe agus le comhtháthú níos fearr na limistéar sin sa phleanáil spásúil mhuirí; á chur i bhfáth nach mór an t-athrú aeráide agus athrú ar dháileacháin stoc éisc a chur san áireamh ar bhealach níos iomláine, chun cur chuige solúbtha maidir le criosú a áirithiú lena léirítear cineál dinimiciúil an iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tuilleadh cur chuige trasteorann atá bunaithe ar imchuacha farraige maidir le pleanáil spásúil mhuirí trí thionscnaimh atá ann cheana a chur chun cinn, amhail Tionscnamh Imchuach na Mórmhara Thuaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, in éineacht le stáit chomharsanachta chósta, páirt a ghlacadh in ardáin réigiúnacha chomhbhainistíochta, agus leas á bhaint as sampla an Choimisiúin chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (ar a dtugtar Coimisiún Heilsincí nó HELCOM freisin), lena n-áirítear d’fhonn conairí iascaigh comhroinnte a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit pleananna náisiúnta a chomhlánú le pleananna atá dírithe níos mó ar imchuacha farraige agus straitéisí pleanála macrairéigiúnacha a fhorbairt, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear comhphleananna spásúla muirí; ag tathant ar na Ballstáit agus ar thíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe stáit chósta chomharsanachta, a gcomhar maidir le pleanáil spásúil mhuirí a dhoimhniú, go háirithe sna himchuacha atá cóngarach don Ríocht Aontaithe, don Mheánmhuir agus do Mhuir Bhailt; ag tacú le cur chuige imchuach farraige níos láidre i leith pleanáil spásúil mhuirí, lena n-áiritheofar go ndéanfar iascaigh a chomhtháthú go hiomlán i gcreataí pleanála trasteorann agus nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste ag cinntí náisiúnta ilroinnte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann maidir le pleanáil spásúil mhuirí idir an tAontas, a Bhallstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhordú níos fearr idir na stáit chósta i Muir nIocht; á thabhairt chun suntais go sonrach cás réigiúin Mhuir nIocht, inar gá feabhas a chur ar an gcomhar leis an Ríocht Aontaithe agus le hOileáin Mhuir nIocht, go háirithe maidir le limistéir mhuirí faoi chosaint a ainmniú; á chreidiúint nach mór próisis chomhairliúcháin éigeantacha agus thrédhearcacha le geallsealbhóirí a áireamh sa chomhar i ndáil leis sin; á iarraidh ar AE, ar an Ríocht Aontaithe agus ar pháirtithe ábhartha eile plean bainistíochta réigiúnach a bhunú do Mhuir nIocht agus don Mhuir Thuaidh chun saothrú inbhuanaithe acmhainní agus bainistiú ilbhliantúil iascaigh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don chomhar sin le tíortha nach bhfuil san Aontas cothrom na Féinne a áirithiú agus díláithriú na hiarrachta iascaireachta a sheachaint chun dochair do chabhlaigh agus do phobail iascaireachta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cur chuige struchtúrtha a shaothrú maidir le hidirphlé agus comhar le tíortha comharsanachta cósta chun iarracht a dhéanamh caighdeáin chomhchosúla chomhshaoil, bhainistíochta agus shóisialta a chur chun cinn agus a bheith réidh chun aon bhearta is gá a dhéanamh chun leasanna AE a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus bearta ábhartha eile comhshaoil a chomhtháthú sa phleanáil spásúil mhuirí, chun dul i ngleic le saincheisteanna a dhéanann difear don iascach agus don dobharshaothrú, amhail creimeadh cósta, teochtaí uisce atá ag ardú, speicis ionracha, aigéadú na n-aigéan, truailliú ó fhoinsí ar talamh agus ó fhoinsí muirí araon, agus tionchair charnacha; á chur i bhfáth nach mór na réitigh sin a bheith comhréireach, a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla agus a mheasúnú roimh ré ó thaobh costéifeachtúlachta de, agus cineálacha cur chuige a oireann do chách a sheachaint nach gcuireann réaltachtaí gach imchuach farraige san áireamh; á chur i bhfios go láidir gur féidir ról lárnach a bheith ag iascairí maidir le faireachán, luathbhrath agus iarrachtaí caomhnaithe, ar choinníoll go bhfuil siad rannpháirteach go cuí agus go bhfaigheann siad an oiliúint agus an tacaíocht chuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag cur béim ar na héifeachtaí atá ag creimeadh an chósta agus cúlú líne an chladaigh ar imeallbhoird, go háirithe ar limistéir ina ndéantar gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a bhunú agus a fhorbairt; á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go mbeadh plean AE ann maidir le hathléimneacht chósta, lena n-ionchorprófaí bainistiú comhtháite na limistéar cósta, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige, truailliú muirí agus talún, bearta oiriúnaithe cósta agus tacaíocht spriocdhírithe don dobharshaothrú; á chreidiúint go bhfuil ról tábhachtach ag na Ballstáit i ndáil leis sin agus nach mór na héifeachtaí sin a chur san áireamh i bpleananna spásúla muirí na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an t-athchóiriú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar na cistí struchtúracha éagsúla agus ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, rud a laghdóidh go suntasach na hacmhainní a leithdháiltear ar iascaigh agus, ar an gcaoi sin, a chuirfidh feabhsuithe ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá acmhainní suntasacha a leithdháileadh ar bhailiú sonraí agus ar thaighde eolaíoch, chomh maith le feabhas a chur ar chomhroinnt sonraí agus ar chomhordú idir na Ballstáit; á chreidiúint go gcuideoidh sonraí agus modheolaíochtaí níos caighdeánaithe agus níos comhchuibhithe le háit an iascaigh agus an dobharshaothraithe sa phleanáil spásúil mhuirí a dhaingniú; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, gur gá sonraí eolaíocha a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le tionchar an athraithe aeráide ar acmhainní uisceacha muirí, go háirithe maidir le hathruithe ar dháileadh geografach stoc éisc, láithreacha sceite nó díláithriú stoc éisc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bailiú sonraí feabhsaithe agus comhchuibhithe agus go ndéanfaí gníomhaíochtaí iascaireachta a mhapáil go córasach mar réamhchoinníoll le haghaidh pleanáil spásúil mhuirí atá cothrom agus fianaise-bhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis is fearr atá ar fáil agus atá cothrom le dáta a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mheas gur cheart don Tionscnamh Eorpach um Fhaire na nAigéan a bheidh ann amach anseo, ‘<STRING ITALIC="on">Ocean Eye’</STRING>, bailiú sonraí muirí a neartú agus a chomhchuibhiú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le pleanáil spásúil mhuirí fheabhsaithe; á iarraidh, thairis sin, go mbainfí leas as acmhainneacht ‘<STRING ITALIC="on">European Digital Twin Ocean’</STRING> chun tuiscint níos fearr a fháil ar éifeachtaí an athraithe aeráide ar staid na bhfarraigí agus na n-acmhainní muirí agus chun na héifeachtaí sin a réamh-mheas, agus chun straitéisí iomchuí pleanála muirí a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá pleanáil spásúil mhuirí a bheith ag teacht leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus le Fís Eorpach, lena n-áirítear faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, chun taighde agus nuálaíocht a chothú, lena n-áirítear i réimsí atá ainmnithe go sonrach le haghaidh úsáidí inbhuanaithe agus nuálacha; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit úsáid teicneolaíochtaí digiteacha amhail uirlisí Eorpacha intleachta saorga a spreagadh chun tacú le pleanáil spásúil mhuirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí; á mheas gur cheart a dhíriú sa chéad tuarascáil mheastóireachta eile ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí ar na himpleachtaí spásúla d’iascach agus do dhobharshaothrú, do rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus do chomhar trasteorann, agus moltaí a sholáthar maidir leis an gcaoi a bhféadfadh an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí torthaí níos fearr a bhaint amach ó thaobh na hinbhuanaitheachta comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíche de; á mheas gur cheart measúnú a dhéanamh ar an bpleanáil spásúil mhuirí ó thaobh cothromas spásúil de, a thuigtear mar dháileadh cothrom na sochar agus na srianta i measc geallsealbhóirí, críoch agus glúnta, agus ní hamháin ó thaobh a héifeachtúlachta eacnamaíche nó riaracháin de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an tArdán Eorpach um Pleanáil Spásúil Mhuirí a chomhdhlúthú trí shamplaí de thionscadail pleanála spásúla muirí, d’uirlisí mapála agus de dhea-chleachtais a sholáthar; ag tathant ar na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as an ardán sin agus a bpleananna spásúla muirí á bhforbairt acu chun cinntí trédhearcacha beartais a éascú gan fíorchomhairliúchán a chur as an áireamh agus coinbhleachtaí úsáide agus leasa á réiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí mar chuid den ‘Acht Aigéin’ a bhfuiltear ag súil leis go déanach in 2026; á thabhairt dá haire go bhfuil an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí á hathbhreithniú i gcomhthráth leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; á mheas gur cheart, leis an athbhreithniú sin, creat comhleanúnach a bhunú chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir an reachtaíocht atá ann cheana agus an creat rialála, trí rialacháin fhorluiteacha a chuíchóiriú, trí chuspóirí a ailíniú, trí na spriocanna atá ann cheana a chuíchóiriú agus trí spriocanna íosta atá le baint amach i bpleananna spásúla muirí a thabhairt isteach, trí chomhleanúnachas idir pleanáil spásúlachta mhuirí agus talún a fheabhsú, agus trí uirlisí rialachais chomhroinnte a bhunú; á chreidiúint gur cheart go ndéanfadh an t-athbhreithniú sin, go háirithe, na forálacha maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí, go háirithe iascairí agus pobail chósta, ceangailteach ó thaobh dlí de, agus go ndéanfadh na Ballstáit uile iad a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhchuibhithe; á chreidiúint gur cheart don ghníomh atá beartaithe sineirge a chruthú i measc na rialachán agus na n-earnálacha éagsúla i gcomhordú beartais atá iomlánaíoch i ndáiríre, gan oibleagáidí nua earnáilsonracha a fhorchur; á chreidiúint, thairis sin, nach mór íoschaighdeáin a thabhairt isteach chun spás a dhaingniú don iascach agus don dobharshaothrú chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach na ceannasachta bia agus le hinbhuanaitheacht agus iomaíochas an gheilleagair ghoirm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á mheas gur cheart go neartófaí freisin leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí an cur chuige trasteorann, ilúsáide chun tionchair charnacha a mhaolú agus chun rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a fheabhsú; á mheas go bhfuil sé tábhachtach freisin an t-athbhreithniú a úsáid chun ilroinnt agus éiginnteacht a laghdú do chabhlach iascaireachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á mheas gur cheart críocha uile an Aontais a bheith rannpháirteach sa Ghníomh um na hAigéin agus gur cheart a saintréithe sonracha a chur san áireamh ann, go háirithe i gcás na réigiún is forimeallaí agus na réigiún oileánach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht Choiste um Iascach na Parlaiminte i bhforbairt an togra atá le teacht, go háirithe maidir le biafhlaitheas, ról straitéiseach an iascaigh agus an dobharshaothraithe agus cur chun feidhme éifeachtach an chomhbheartais iascaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á mheas gur cheart an t-athbhreithniú atá ar na bacáin ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí a bheith nasctha go dlúth le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan, le soláthar acmhainní airgeadais leordhóthanacha, go háirithe laistigh den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, agus le gníomhaíochtaí nithiúla, chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é agus chun tionchair dhiúltacha ar na Ballstáit agus ar gheallsealbhóirí a sheachaint; á chur i bhfáth nach mór na hacmhainní sin a bheith leordhóthanach, intuartha agus inrochtana go héasca, agus nach mór tús áite a thabhairt, agus iad á n-úsáid, do bhearta a bhfuil tionchar inláimhsithe acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún an phleanáil spásúil mhuirí a chomhtháthú go hiomlán i bhforbairt Fhís 2040 don iascach agus don dobharshaothrú agus na tionscnaimh sin a nascadh le toradh na meastóireachta ar an gComhbheartas Iascaigh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>