<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0182</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Moladh maidir leis an 81ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0103/2026 -  Rapóirtéir: Andrey Kovatchev)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2026 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an 81ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (2025/2167(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 21, 34 agus 36 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 208, 214 agus 220 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go háirithe dá bhrollach agus d’Airteagal 18, agus do choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus do na prótacail roghnacha a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh Trádála Arm (CTA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 80ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus do theachtaireacht an Ard-Rúnaí chun comóradh 80 bliain na Náisiún Aontaithe a chomóradh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 79/318 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 18 Iúil 2025 maidir le Tionscnamh NA80,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún ES-11/7 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Feabhra 2025 maidir le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a chur chun cinn san Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 79/174 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 17 Nollaig 2024 maidir le saoirse reiligiúin agus creidimh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 79/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 22 Meán Fómhair 2024 maidir le Tionscnamh NA80,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún ES-11/4 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 12 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hiomláine chríochach na hÚcráine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 65/276 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Bealtaine 2011 maidir le rannpháirtíocht an Aontais in obair na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 377 (V) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 3 Samhain 1950 maidir le hAontú ar son na Síochána,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 17 Samhain 2025 lena nglactar leis an bPlean maidir le Sos Comhraic in Gaza,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 2817 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 11 Márta 2026 maidir le cáineadh ar ionsaithe na hIaráine ar chomharsana réigiúnacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Thionscnamh UN80 an 21 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 18 Meán Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Shifting Paradigms: United to Deliver’</STRING> [Paraimídí Athraitheacha: Aontaithe chun beart a dhéanamh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 4 Meán Fómhair 2025 maidir le meastacháin athbhreithnithe a bhaineann leis an mbuiséad cláir atá beartaithe do 2026 agus leis an gcuntas tacaíochta d’oibríochtaí síochánaíochta don tréimhse 2025-2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 31 Iúil 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Report of the mandate implementation review’</STRING> [Tuarascáil ar an athbhreithniú ar chur chun feidhme an tsainordaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rúin an 21 Eanáir 2026 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála - tuarascáil bhliantúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0012.</FIELD></FOOTNOTE>, agus maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus maidir le beartas an Aontais Eorpaigh ina leith sin - tuarascáil bhliantúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0014.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá moladh chuig an gComhairle an 9 Meitheamh 2021 maidir leis an 75ú agus an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir le míthuiscint ag Daon-Phoblacht na Síne ar rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe agus maidir lena briogadh míleata leanúnach i gcoinne na Téaváine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/487, 29.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/487/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>, ina luaitear beartas eachtrach feimineach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe maidir leis an tSíocháin agus an tSlándáil a Uasghrádú: Tosaíochtaí Comhpháirteacha 2025-2028
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025 maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe le linn an 80ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Meán Fómhair 2025-Meán Fómhair 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ó bhéal arna dtarraingt suas ag an Uachtarán António Costa i ndiaidh an chruinnithe neamhfhoirmiúil de chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 22 Eanáir 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0103/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, sa timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil sé ríthábhachtach seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus é a neartú agus feidhmiú éifeachtúil na n-eagraíochtaí idir-rialtasacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an daonlathas, mar aon lena chórais, lena chaighdeáin agus lena luachanna, ina bhunchloch de chuid an chórais iltaobhaigh reatha; de bhrí gurb iad na daonlathais a chuireann an córas iltaobhach riailbhunaithe chun cinn, toisc go bhfuil siad chun tairbhe a chéile; de bhrí gur domhan i bhfad níos saoire é domhan na ndaonlathas, sa chiall gurb iad sin córais dhaonlathacha lánfhásta, i bhfianaise an chórais suntasaigh seiceálacha agus comharduithe lena gcuirtear cosc ar iompar neamh-intuartha na n-uathlathas sa chomhthéacs idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an daonlathas faoi léigear san ardán idirnáisiúnta ag réimis údarásacha, iomlánaíocha agus neamhliobrálacha, atá ag déanamh ionsaí air laistigh dá dteorainneacha féin agus ina dtaobh amuigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil bagairtí méadaitheacha roimh an gcóras iltaobhach, amhail cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar ionsaithe iad sin ar an ollstruchtúr domhanda síochána agus slándála, lena n-áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), tionchar méadaitheach na Síne agus tarraingt siar na Stát Aontaithe as eagraíochtaí idirnáisiúnta, arb údar imní é, mar aon le ciorruithe ar chistiú a dhéanann difear do réimsí criticiúla amhail cabhair dhaonnúil, oideachas, athrú aeráide, bagairtí hibrideacha, an dlí idirnáisiúnta, an tsláinte agus cothú na síochána; de bhrí go dtagann cáineadh ar staid reatha an chórais iltaobhaigh freisin ó thíortha daonlathacha agus ó chomhghuaillithe (nádúrtha) an Aontais; de bhrí gur chuidigh neamhábaltacht CSNA agus a chuid buanchomhaltaí chun gníomhú i bhfianaise sáruithe móra ar Chairt na Náisiún Aontaithe leis an gcáineadh poiblí ar na Náisiúin Aontaithe ina n-iomláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh úsáid uirlisí eacnamaíocha amhail taraifí, rialuithe onnmhairiúcháin agus smachtbhannaí chun spriocanna geopholaitiúla a bhaint amach lasmuigh de chreataí iltaobhacha an Eagraíocht Domhanda Trádála (EDT) a lagú, an geilleagar domhanda a ilroinnt, neamhionannais dhomhanda a dhoimhniú agus difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha agus do phobail leochaileacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur iarracht iad na hiarrachtaí chun ollstruchtúr síochána na Náisiún Aontaithe a lagú, lena n-áirítear ionsaithe ar an gCoimisiún um Chothú na Síochána de chuid na Náisiún Aontaithe agus ar struchtúir níos leithne rialachais síochána, chun cumas na Náisiún Aontaithe maidir le coinbhleacht a chosc, tacaíocht a thabhairt don atógáil iarchoinbhleachta agus gníomhú mar ráthóir ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta a bhaint as a mhaith;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le freagraí iltaobhacha ar an domhandú agus ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, neamhleathadh arm ollscriosta, paindéimí, an sceimhlitheoireacht, an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, an gháinneáil ar dhrugaí agus ar dhaoine, agus bainistiú na himirce, i measc nithe eile; de bhrí gur lagaigh ciorruithe ar chistiú agus tarraingt siar as príomhchomhlachtaí agus príomhardáin iltaobhacha cumas an chomhphobail idirnáisiúnta freagairt go héifeachtach do ghéarchéimeanna den sórt sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é córas na Náisiún Aontaithe bunchloch an chórais iltaobhaigh reatha; de bhrí gurb é an creat is iomchuí i gcónaí é chun dul chun cinn a dhéanamh, agus é mar phríomhchuspóirí aige an tsíocháin, cearta an duine agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur cinn ar leibhéal domhanda; de bhrí go mb’fhéidir go bhfuil tuirse struchtúrach ar chóras na Náisiún Aontaithe, i bpáirt de dheasca nach bhfuil sé ag oiriúnú do ghníomhaithe idirnáisiúnta nua a pháirtíonn a chuid prionsabal, amhail an tAontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur comhlacht an-tábhachtach é CSNA chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chothabháil agus, i bhfianaise thromchúis agus chastacht na ndúshlán atá ann faoi láthair, gur cheart dó ról níos éifeachtaí agus níos cinntithí a imirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur gá córas na Náisiún Aontaithe a athchóiriú chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm; de bhrí gur tionscnamh tráthúil é tionscnamh UN80; de bhrí nach féidir a bheith ag dréim leis go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe níos mó le níos lú acmhainní;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur sárú iad na ráitis agus na gníomhaíochtaí lena mbagraítear ar fhlaitheas agus ar iomláine chríochach Ríocht na Danmhairge agus na Graonlainne agus ar fhéinchinneadh mhuintir na Graonlainne ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an meas ar fhlaitheas, ar iomláine chríochach agus ar fhéinchinneadh, agus go rannchuidíonn siad le normalú na taidhleoireachta comhéigní;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur díol sásaimh do Rún 2803 ó CSNA gur bunaíodh Bord Síochána mar riarachán idirthréimhseach a bhfuil pearsantacht dhlítheanach idirnáisiúnta aige lena leagtar amach an creat do hathfhorbairt Gaza, agus lena gcomhordaítear cistiú don athfhorbairt sin, de bhun an Phlean Chuimsithigh agus, ar mhodh atá comhchuí le prionsabail dhlíthiúla idirnáisiúnta ábhartha, le haghaidh conair inchreidte i dtreo réiteach dhá stát; de bhrí go bhfuil amhras mór curtha in iúl ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Costa, i measc daoine eile, maidir le roinnt gnéithe de chairt Bhord na Síochána a bhaineann lena raon feidhme, lena rialachas agus lena comhoiriúnacht le Cairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí go léiríonn an Pharlaimint dlúthpháirtíocht le híospartaigh fhoréigean na lonnaitheoirí sa Bhruach Thiar;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur chuir rialtas Trump cosc ar Uachtarán na Palaistíne, Mahmoud Abbas, agus ar 80 oifigeach de chuid na Palaistíne freastal ar chruinniú na gceannairí domhanda ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA) in Nua-Eabhrac i mí Lúnasa 2025; de bhrí nach mór prionsabail na cuimsitheachta agus na huilechoitinne is bonn le córas na Náisiún Aontaithe a chumhdach i gcónaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí don dlí idirnáisiúnta agus do Chairt na Náisiún Aontaithe agus dá rialacha agus dá prionsabail, lena n-áirítear prionsabail an fhlaitheasa, na hiomláine críche agus an fhéinchinnte, agus do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, agus go dtacaíonn sé go diongbháilte le córas iltaobhach atá bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta, agus na Náisiúin Aontaithe ina gcroílár;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur cheart don Aontas, mar ghníomhaí domhanda, ról níos láidre a imirt laistigh de na Náisiúin Aontaithe; de bhrí go bhfuil an tAontas ag méadú a chumais slándála agus cosanta de réir a chéile, d'fhonn freagrachtaí níos mó a ghabháil air féin i ndáil le cosc coinbhleachtaí, bainistiú géarchéimeanna, an chosaint agus cothú na síochána;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur cosúil go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas an comhar a neartú leis na comhpháirtithe uile, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí, chun próiseas athchóirithe inmheánaigh na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn i gcomhpháirt agus, ar an dóigh sin, a áirithiú go mbeidh na Náisiúin Aontaithe éifeachtach, cost-éifeachtúil i gcónaí agus in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda ár linne atá ag dul i méid;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET) de chuid na Parlaiminte freagrach, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, as caidreamh leis na Náisiúin Aontaithe i dtaca le hábhair a thagann faoina shainchúram, agus as comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a chur chun cinn, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear trí mhalartuithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus trí thaidhleoireacht pharlaiminteach; de bhrí gur príomhfhóram iltaobhach é seisiún bliantúil UNGA chun tosaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais a chur chun cinn agus maoirseacht pharlaiminteach a chinntiú; de bhrí, i bhfianaise an mhéid thuas, go dtacódh misin rialta ó choiste AFET chuig seisiúin UNGA leis an sainordú sin, rud a cheadódh don Pharlaimint dul i dteagmháil le comhpháirtithe, a ról i ngnóthaí iltaobhacha a neartú agus tiomantas an Aontais do ghníomhaíocht sheachtrach éifeachtach chomhchuí a chumhdach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas:</INT.LI>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An t-iltaobhachas a chosaint agus a neartú</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>leanúint de thacaíocht a thabhairt don iltaobhachas éifeachtach ina bhfuil dlíthe agus noirm níos láidre ná an choinbhleacht, agus na Náisiúin Aontaithe ina gcroílár, arna chomhlánú ag caidreamh déthaobhach an Aontais le tríú tíortha, d’fhonn tosaíocht a thabhairt don éifeachtacht, an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chosaint agus seasamh le rialacha agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear an flaitheas, an iomláine chríochach (lena n-áirítear limistéir mhuirí mar atá siad sainithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Mara), neamhúsáid fórsa, an neamhspleáchas polaitiúil, an féinchinneadh agus cosaint chearta an duine agus na mbunsaoirsí, agus cur i gcoinne na taidhleoireachta comhéigní agus i gcoinne iarrachtaí ó aon stát an t-ord iltaobhach riailbhunaithe a bhaint as a mhaith nó a chreimeadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>leanúint de bheith diongbháilte i dtaca leis an urraim do chearta uilechoiteanna an duine, don daonlathas, do dhínit an duine, don chomhionannas, don smacht reachta agus do phróisis toghcháin chuimsitheacha inchreidte thrédhearcacha a chosaint, a choimirciú agus a chomhlíonadh, i gcomhréir le Conclúidí 2025 ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine; seasamh go daingean leis an bprionsabal go bhfuil cearta an duine uilechoiteann, dodhealaithe, idirspleách agus idirnasctha, bíodh siad sibhialta, cultúrtha, eacnamaíoch, polaitiúil nó sóisialta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>ról ríthábhachtach na n-eagraíochtaí iltaobhacha mar ardáin fíor-riachtanacha le haghaidh réiteach coinbhleachtaí agus an rialachas domhanda a athdhearbhú, agus chun freagairt do mhórdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, bainistiú rabhartaí imirce, neamhleathadh arm ollscriosta a áirithiú, paindéimí, an sceimhlitheoireacht agus an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí, i measc nithe eile, agus, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe an Aontais ar aon intinn leis, tionscnaimh iltaobhacha a cheannródú, atá fothaithe go daingean i rialacha domhanda, a chabhraíonn le slándáil agus rathúnas na hEorpa a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>á tharraingt chun suntais go bhfuil córas iltaobhach cobhsaí, iontaofa agus cothrom, agus fóraim iltaobhacha amhail na Náisiúin Aontaithe, ríthábhachtach chun an tsíocháin agus an tslándáil a ráthú i gcomhthéacs teannais gheopholaitiúla géaraithe agus láithreacha práinne na hilghéarchéime daonnúla ar fud an domhain agus go gcaithfidh siad a bheith ina gcuid d’ollstruchtúr slándála an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>á thabhairt dá n-aire le himní na hiarrachtaí ó ghníomhaithe éagsúla chun dlisteanacht, údarás agus uilechoitinne na Náisiún Aontaithe a bhaint as a mhaith, chun struchtúir rialachais síochána a lagú agus chun feidhmiú chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe a pholaitiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt don tionchar diúltach a bhíonn ag íocaíochtaí déanacha nó ag neamhíocaíochtaí ó phríomhranníocóirí; béim a leagan ar thábhacht rannpháirtíocht láidir na Stát Aontaithe maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais chóras na Náisiún Aontaithe a ráthú, agus ag an am céanna cur i gcoinne aon iarrachtaí arb é is aidhm dóibh an comhar iltaobhach a lagú ag am is mó a bhfuil gá leis agus bac a chur ar chur i gcrích shainordú na Náisiún Aontaithe, go háirithe sa réimse daonnúil; a thabhairt chun suntais gur gá srian a chur go gníomhach le hiarrachtaí ó ghníomhaithe údarásacha agus athbhreithniúcha arb é is aidhm dóibh leas a bhaint as aon tarraingt siar nó dímheas ó chumhachtaí an Iarthair as eagraíochtaí idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>gach a bhfuil ina gcumas a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir an bhearna sa bhuiséad do 2025 a líonadh chomh tapa agus is féidir chun cliseadh airgeadais a sheachaint, agus chun seachadadh leanúnach clár ar fud an domhain, oibriú éifeachtach Cheanncheathrú na Náisiún Aontaithe agus reáchtáil an 81ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA) a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>béim a leagan ar thábhacht an chomhionannais inscne, chumhachtú na mban agus na n-óg a chur chun cinn, agus ar chur chun feidhme iomlán na ngealltanas idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear an clár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS), an clár oibre maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus clár oibre na mBan de chuid na Náisiún Aontaithe; tacú go gníomhach le príomhshruthú an chomhionannais inscne ar fud bheartais agus chláir uile na Náisiún Aontaithe, agus rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na n-óg sa cheannaireacht agus i bpróisis chinnteoireachta iltaobhacha a áirithiú, lena n-áirítear trí shásraí comhairleacha struchtúrtha don óige, trí sholáthar leordhóthanach acmhainní, agus trí chearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; a aithint go ndéantar difear díréireach do mhná agus do chailíní de bharr coinbhleachtaí armtha, ach gur gníomhairí cumhachtacha athraithe iad freisin maidir le cosc coinbhleachtaí, idirghabháil, cothú na síochána agus téarnamh iarchoinbhleachta; gairm a dhéanamh ar son rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus bhríoch na mban i bpróisis síochána agus sa chinnteoireacht, agus ar son soláthar leordhóthanach acmhainní agus cuntasacht maidir le cur chun feidhme gealltanas WPS thar oibríochtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe agus iarrachtaí idirghabhála;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>béim a leagan ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an roghnú atá le teacht ar an gcéad Ard-Rúnaí eile ar na Náisiúin Aontaithe; gníomhú ar dhóigh chomhordaithe thrédhearcach chun tacú le próiseas roghnúcháin atá oscailte, cuimsitheach agus bunaithe ar thuillteanas, d'fhonn a áirithiú go gceapfar iarrthóir a bhfuil dintiúir cheannaireachta cruthaithe aige, atá neamhspleách agus tiomanta do Chairt na Náisiún Aontaithe, don dlí idirnáisiúnta agus don iltaobhachas éifeachtach agus atá in ann athchóiriú na Náisiún Aontaithe a thiomáint, cosc coinbhleachtaí a neartú agus freagairt go cinntitheach do dhúshláin slándála dhomhanda atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn; aird chuí a thabhairt ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn i gcás ina bhfuil na hiarrthóirí cáilithe chomh maith céanna le chéile, lena n-áirítear d’fhonn bean a cheapadh mar Ard-Rúnaí;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirí ar chóras na Náisiún Aontaithe</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>tacú le hathchóirithe uaillmhianacha ar chóras na Náisiún Aontaithe agus comhoibriú le Ballstáit na Náisiún Aontaithe, le córas na Náisiún Aontaithe agus le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe chun clár oibre athchóirithe UN80 a chur chun cinn agus a áirithiú go bhfuil na Náisiúin Aontaithe in ann torthaí a sheachadadh go héifeachtach thar na trí cholún – an tsíocháin agus an tslándáil, an fhorbairt inbhuanaithe agus cearta an duine – agus go bhfuil siad níos éifeachtaí, níos éifeachtúla, níos neamhchlaonta, níos trédhearcaí, níos inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de agus níos freagrúla agus in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>na chéad chéimeanna eile de Phlean Gníomhaíochta Thionscnamh UN80 a thabhairt dá n-aire agus páirt a ghlacadh iontu, chun a áirithiú nach cleachtadh ath-chionroinnte buiséadaí amháin a bheidh ann a chuirfeadh a dhea-fheidhmiú i mbaol i bpríomhréimsí amhail cearta an duine; páirt ghníomhach a ghlacadh in aon phlé maidir leis an athchóiriú ar chóras na ranníocaíochtaí airgeadais agus na bhfillteacha ar bhuiséad na Náisiún Aontaithe chun bailiú níos tráthúla agus leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú, chun deireadh a chur le hábhair imní i dtaobh an bhfuil ranníocaíochtaí leis na Náisiúin Aontaithe á gcaitheamh go fóinteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>á chur i bhfáth, nuair a tharraingíonn gníomhaithe domhanda eile siar, go háirithe ár gcomhghuaillithe traidisiúnta, nach mór don Aontas tuilleadh freagrachta a ghabháil air féin maidir le tacú le hinstitiúidí iltaobhacha, agus iad a mhaoiniú agus a neartú, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe, go háirithe trí an Chomhairle Slándála a athchóiriú chun domhan an lae inniu a léiriú níos fearr agus trí thacaíocht lárnach do na Náisiúin Aontaithe agus dá ngníomhaireachtaí a chothabháil agus a mhéadú; i ndáil leis an méid sin, dul i dteagmháil le tríú tíortha amhail an tSín agus na Stáit Aontaithe chun a áirithiú go mbeidh a ranníocaíochtaí deonacha le córas na Náisiún Aontaithe i gcomhréir lena bhforbairt eacnamaíoch agus lena ról feiceálach mar chomhaltaí de CSNA; meabhrú a dhéanamh ar ról bunúsach na Stát Aontaithe i dtógáil chóras na Náisiún Aontaithe; imní a chur in iúl maidir le hathrú dearcaidh ár gcomhghuaillithe i leith na Náisiún Aontaithe agus an chórais iltaobhaigh níos leithne; tathant ar na Stáit Aontaithe, mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus seasamh le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus cloí leis an dlí idirnáisiúnta, agus rannchuidiú go gníomhach leis an tsíocháin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>á dtiomantas don Chomhshocrú don Todhchaí a athdhearbhú mar chéim thábhachtach chun borradh a chur faoi na Náisiúin Aontaithe, chun Clár Oibre 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach agus chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chothabháil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>á thabhairt chun suntais gur ar athchóiriú cuimsitheach ar CSNA a bhraitheann dlisteanacht agus inbhuanaitheacht an ordaithe idirnáisiúnta chun é a dhéanamh níos éifeachtaí, níos cuimsithí, níos trédhearcaí, níos daonlathaí agus níos cuntasacha, ag áirithiú go léiríonn sé níos fearr réaltachtaí domhanda an lae inniu agus go mbunaíonn sé coinníollacha chun úsáid an veto a theorannú go docht nuair a chuireann sé bac ar ghníomhaíocht riachtanach na Náisiún Aontaithe, go háirithe i gcásanna de choireanna cogaidh agus de choireanna in aghaidh na daonnachta, d’fhonn é a chúlghairm go hiomlán amach anseo; béim a leagan ar an bhfíoras go bhfuil a dlisteanacht mhorálta caillte ag an Rúis mar chomhalta buan de CSNA trí bhunphrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a shárú go neamhbhalbh, go háirithe trí chogadh foghach a fhearadh i gcoinne na hÚcráine, agus trí bhíthin a croise, cinntí a bhaineann lena gníomhartha neamhdhleathacha féin a bhac;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>oibriú i dtreo suíochán buan a fháil don Aontas in CSNA, de bhreis ar an suíochán atá ag an bhFrainc cheana féin, i gcomhthéacs athchóiriú comhthoiliúil ar an gcomhlacht sin amach anseo; oibriú i dtreo suíochán buan a fháil don Aontas i ngach fóram iltaobhach chun ról an Aontais mar idirghabhálaí le tríú tíortha a dhaingniú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>moladh a dhéanamh ar ról na Náisiún Aontaithe agus a gníomhaireachtaí, go háirithe i gcriosanna coinbhleachta; treisiú leis an tacaíocht don iltaobhachas trí thacaíocht pholaitiúil agus airgeadais d’obair na Náisiún Aontaithe agus a gníomhaireachtaí a fheabhsú agus, ag an am céanna, béim a leagan ar an ngá atá le dul i ngleic le hilroinnt, dúbailt agus míchothromú córasach idir eagraíochtaí agus laistigh díobh i dtaca le sainorduithe agus cistiú ar fud struchtúir agus chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe; a áirithiú go soláthrófar cistiú tiomnaithe, leordhóthanach agus intuartha don chéad CAI eile le haghaidh na Náisiúin Aontaithe agus a gníomhaireachtaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>an tuairim a chur chun cinn go bhfuil amhras dlíthiúil maidir le hionad na Rúise mar chomhalta buan de CSNA, ós rud é go n-ainmnítear an tAontas Sóivéadach, seachas an Rúis, mar chomhalta buan in Airteagal 23 de Chairt na Náisiún Aontaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>na Ballstáit a spreagadh chun a gcuid gníomhaíochtaí laistigh de chomhlachtaí agus de ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe a chomhordú agus a shioncronú, agus oibriú i dtreo athchóiriú a dhéanamh ar chóras rapóirtéirí speisialta na Náisiún Aontaithe; a athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh na tíortha uile gealltanas an athuair rochtain iomlán a thabhairt do rapóirtéirí speisialta na Náisiún Aontaithe; nós imeachta a ghlacadh chun dul i ngleic go héifeachtach le haon chlaonadh, neamhéifeachtúlachtaí, bacainní nó teorainneacha a d'fhéadfadh sainordú ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe a chur i mbaol, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí agus cistiú an Aontais, agus grinnfhiosrú agus maoirseacht leormhaith ar fhoireann á n-áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>leanúint de neartú an chomhair le comhpháirtithe, go háirithe tíortha atá ar aon intinn leis an Aontas agus na tíortha sin atá toilteanach géilleadh don chóras iltaobhach, rannchuidiú leis agus é a fheabhsú, chun teacht ar chomhdhearcadh agus chun ord éifeachtach iltaobhach a chur chun cinn; a thabhairt chun suntais nach mór an comhar sin a bheith bunaithe ar an urraim don iltaobhachas, don dlí idirnáisiúnta, do chearta an duine agus don chinnteoireacht chomhroinnte laistigh d'institiúidí idirnáisiúnta, agus a áirithiú ag an am céanna go bhforbróidh an tAontas an acmhainneacht pholaitiúil, airgeadais agus institiúideach chun gníomhú go neamhspleách nuair a éiríonn comhpháirtithe as creataí iltaobhacha, nuair a bhaineann siad an mhaith astu nó nuair a uirlisíonn siad iad; a chur i bhfáth go bhfuil an urraim d’institiúidí iltaobhacha, don dlí idirnáisiúnta agus do chomhionannas ceannasach na stát fíor-riachtanach don tsíocháin, don tslándáil agus don fhorbairt inbhuanaithe ar fud an domhain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>dul i dteagmháil go práinneach, mar an tAontas, leis an Deisceart Domhanda ar dhóigh dhílis struchtúrtha mar chomhpháirtithe comhionanna sa rialachas domhanda, lena n-áirítear trí ionadaíocht fheabhsaithe i gcomhlachtaí cinnteoireachta, trí rochtain chóir ar mhaoiniú agus ar theicneolaíocht, agus trí chomhúinéireacht ar thionscnaimh idirnáisiúnta i réimsí amhail an fhorbairt, an ghníomhaíocht ar son na haeráide, an rialachas digiteach agus cothú na síochána; oibriú leis na Ballstáit ar rannpháirtíocht an Aontais sna tíortha sin a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>dlús a chur leis an gcomhordú le tíortha Mheiriceá Laidinigh - tíortha a bhfuil go leor nasc ag an Aontas leo agus comhfhís maidir le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus leis an iltaobhachas - ós rud é gur ionann an dá réigiún le chéile agus trian de na cearta vótála sna Náisiúin Aontaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>á mheabhrú go bhfuil sé de fhreagracht ar CSNA, go háirithe a chomhaltaí buana, seasamh leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta agus cuntasacht a áirithiú i leith sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta, agus staonadh ó chaighdeáin dhúbailte agus ó chur i bhfeidhm roghnach rialacha idirnáisiúnta; bealaí a fhiosrú chun ról CGNA sa réimse seo a neartú, trí chórais vótála nuálacha dhaonlathacha lenar féidir le tromlach cáilithe de chuid CGNA deireadh a chur le sáinn <STRING ITALIC="on">veto</STRING> in CSNA i gcomhréir leis an bhfoirceadal ‘Aontaithe ar son na Síochána’;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>tacú leis an bhfreagracht (R2P) a chosaint, norm atá ag teacht chun cinn arna mholadh ag an bPainéal Ardleibhéil maidir le Bagairtí, Dúshláin agus Athrú, agus ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Idirghabháil agus Flaitheas Stát, agus a mholadh gurb é R2P, laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, an bonn le haghaidh gníomhaíocht chomhchoiteann chun pobail i mórchontúirt a chosaint nuair nach féidir lena rialtais gníomhú nó nuair nach bhfuil siad toilteanach gníomhú;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tsíocháin agus an tslándáil</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>á gcáineadh láidir ar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a athdhearbhú, mar aon lena hionsaithe ar ollstruchtúr domhanda na síochána agus na slándála, lena n-áirítear ionstraimí CSNA; a mholadh go ndéanfaí sos cogaidh iomlán chun fulaingt na sibhialtach a mhaolú, agus go mbeadh síocháin chuimsitheach chóir mharthanach ann don Úcráin, lena n-áireofaí ráthaíochtaí láidre slándála, bunaithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta, lena gcoisctear aon ionsaí athnuaite agus lena bhfrithghníomhaítear ina choinne láithreach, agus ag an am céanna cuntasacht iomlán a áirithiú i leith coireanna cogaidh, agus leanaí na hÚcráine a fuadaíodh, sibhialtaigh atá i mbraighdeanas agus príosúnaigh chogaidh a thabhairt ar ais; tacú leis na Náisiúin Aontaithe sásraí dlíthiúla a shainaithint chun sócmhainní reoite na Rúise a shlógadh ar mhaithe le hatógáil na hÚcráine gan ualach airgeadais a chur ar Bhallstáit an Aontais; cáineadh a lorg ar chibearionsaithe ar eintitis agus ar dhaoine aonair de chuid tríú tíortha arna ndéanamh ag an Rúis agus ag a comhghuaillithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>béim a leagan ar an bhfíoras gur réigiún é an réigiún Artach ina bhfuil teannas geopolaitiúil ag dul i méid, arb é an t-iomaíochas maidir le hacmhainní nádúrtha agus láithreacht mhíleata atá ag méadú is cúis leis; imní mhór a chur in iúl maidir le gníomhaíochtaí slándála agus straitéiseacha na Rúise sa réigiún, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil éifeacht dhíchobhsaithe acu; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé ceannasacht agus iomláine chríochach Ríocht na Danmhairge agus na Graonlainne agus féinchinntiúchán mhuintir na Graonlainne a urramú, agus freasúra láidir mhuintir na Graonlainne i gcoinne aon iarrachtaí seachtracha chun an stádas sin a athrú gan a saorthoil agus gan a dtoiliú a thabhairt dá n-aire; iarracht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a chomhpháirtithe tacú leis an Danmhairg agus leis an nGraonlainn maidir le cobhsaíocht an réigiúin a choimirciú i bhfianaise brúnna geopolaitiúla seachtracha, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe san Artach; a thabhairt chun suntais gur gá don Aontas agus do na Náisiúin Aontaithe díriú níos láidre ar an gcobhsaíocht, ar an idirphlé cuiditheach agus ar an urraim iomlán don dlí idirnáisiúnta agus do Chairt na Náisiún Aontaithe i ngnóthaí an Artaigh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>rannpháirtíocht níos láidre chun tacú leis an tSeoirsia a chur chun cinn go gníomhach laistigh de na Náisiúin Aontaithe, ag meabhrú go bhfuil thart ar 20 % dá críoch a aithnítear go hidirnáisiúnta fós faoi fhorghabháil mhídhleathach ag an Rúis; cur le rún comhthola 2024 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (UNHRC) maidir le comhar leis an tSeoirsia, rún ina n-iarrtar rochtain láithreach gan bhac do shásraí idirnáisiúnta um chearta an duine ar na réigiúin atá faoi fhorghabháil agus ina dtarraingítear aird ar sháruithe leanúnacha, lena n-áirítear sáruithe in aghaidh Seoirseach eitneach san Abcáise agus san Oiséit Theas; oibriú le comhpháirtithe de chuid na Náisiún Aontaithe chun faireachán agus cuntasacht a neartú, seasamh le ceannasacht agus iomláine chríochach na Seoirsia, aghaidh a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sna críocha faoi fhorghabháil agus tacú le filleadh sábháilte dínit na ndaoine easáitithe go hinmheánach i gcomhlíonadh iomlán an dlí idirnáisiúnta agus Chairt na Náisiún Aontaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an baol a bhaineann le coimhlint mhéadaithe ar fud an Mheánoirthir agus an ról díchobhsaitheach atá ag an Iaráin agus ag a hionadaithe réigiúnacha; imní dhomhain a chur in iúl maidir leis na gníomhartha míleata leanúnacha ar fud an Mheánoirthir, lena n-áirítear an ról díchobhsaitheach atá ag an Iaráin agus ag a hionadaithe réigiúnacha d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta; béim a leagan ar an bhfíoras go bhfuil na hionsaithe ag na Stáit Aontaithe agus ag Iosrael á ndéanamh lasmuigh den chóras iltaobhach, ar córas é atá bhunaithe ar rialacha; dlúthpháirtíocht iomlán a chur in iúl do mhuintir na hIaráine agus tacú leo, an réimeas Iaránach a cháineadh go láidir mar gheall ar an gcos ar bolg foréigneach ar thaispeántais shíochánta, maruithe ar an mórchóir, coinneálacha treallacha agus forghníomhuithe, agus glaoch a chur ar mhisean neamhspleách de chuid na Náisiún Aontaithe chun fíorais a fháil a bhunú agus comhoibriú go hiomlán leis d’fhonn cuntasacht a áirithiú i leith gach sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta; glacadh mar dhíol sásaimh le glacadh Rún 2817 (2026) ó CSNA, lena gcáintear go láidir ionsaithe na hIaráine i gcoinne Bhairéin, Chuáit, Óman, Chatar, na hAraibe Sádaí, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na hIordáine agus na hIaráice agus lena n-éilítear scor láithreach de na hionsaithe sin; ionsaithe na hIaráine i gcoinne Iosrael a cháineadh freisin; dlús a chur le hiarrachtaí taidhleoireachta i bhfóraim iltaobhacha agus comhar níos dlúithe a lorg le comhpháirtithe an Aontais sa réigiún chun an díghéarú, an atógáil, an t-idirphlé fóinteach agus an chobhsaíocht réigiúnach inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na Náisiún Aontaithe; breithniú a dhéanamh ar struchtúir stát na Liobáine a neartú mar phríomhghné don chobhsaíocht; trí Rúin 1701, 1559 agus 1680 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán, grúpaí armtha neamhstáit a dhí-armáil, lena n‑áirítear bonneagar míleata Heizbollah a dhíchóimeáil, Fórsaí Armtha na Liobáine a imscaradh go hiomlán, lena n‑áirítear sa deisceart, agus, má iarrann an Liobáin é, tacaíocht iomchuí idirnáisiúnta a sholáthar de bhun Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna d’iarrachtaí i dtreo socraíocht mharthanach le hIosrael;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>tathant ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an staid san Iaráin a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus ar an gcaoi sin dlínse a thabhairt don Chúirt ar choireanna a rinneadh i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha idirnáisiúnta agus a gné réigiúnach níos leithne, d’fhonn cuntasacht a áirithiú as coireanna cogaidh, as coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus as sáruithe tromchúiseacha eile ar an dlí coiriúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na páirtithe uile, lena n-áirítear gníomhaithe stáit agus neamhstáit; a chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar na maruithe mórscála a rinne fórsaí slándála na hIaráine i gcoinne an phobail shibhialta i mí Eanáir 2026 mar chuid de na hiarrachtaí cuntasachta idirnáisiúnta sin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe ar réada sibhialtacha, lena n-áirítear scoileanna agus limistéir chónaithe, as ar eascair an bás de leanaí agus a d’fhéadfadh a bheith ina sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á mheabhrú go bhfuil an toirmeasc ar dhíriú ar réada sibhialtacha ar cheann de na prionsabail is bunúsaí den dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus á mheabhrú thairis sin go bhfuil leanaí i dteideal cosaint speisialta faoin dlí idirnáisiúnta agus á iarraidh go mbeadh cuntasacht iomlán ann as gach sárú a dhéantar ina gcoinne<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>Rún 2803 (2025) ó CSNA an 17 Samhain 2025 maidir leis an bPlean Cuimsitheach chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza a thabhairt dá n-aire; béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh ar shineirgí agus ar chomhar idir aon sásraí nua agus struchtúir idirnáisiúnta na síochána agus na slándála atá ann cheana faoi Chairt na Náisiún Aontaithe; oibriú go gníomhach leis na Ballstáit chun sos cogaidh buan a bhaint amach atá á chur chun feidhme agus á urramú go héifeachtach agus chun réiteach dhá stát a réadú go hiomlán; a chur i bhfáth go bhfuil gá le Hamas agus grúpaí armtha eile in Gaza a dhímhíleatú agus nár cheart ról a bheith ag na grúpaí sin i rialachas ná riarachán na críche; gach sárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a cháineadh, lena n-áirítear coireanna cogaidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>cáineadh a dhéanamh ar ghníomhaíocht aontaobhach Iosrael arb é is aidhm di a láithreacht sa Bhruach Thiar a leathnú, mar aon le leathnú lonnaíochtaí Iosrael sa Bhruach Thiar, ar dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) iad a bheith neamhdhleathach ina tuairim chomhairleach an 19 Iúil 2024, mar aon leis an bhforéigean atá ag dul i méid ag lonnaitheoirí antoisceacha, easáitiú éigeantach na bPalaistíneach agus an bille arna fhormheas ag an Knesset lena leathnaítear úsáid phionós an bháis i gcúirteanna míleata agus i gcúirteanna sibhialta araon; oibriú go gníomhach chun bearta sriantacha spriocdhírithe Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a ghlacadh i gcoinne lonnaitheoirí foréigneacha Iosraelacha atá freagrach as ionsaithe ar Phalaistínigh ar an mBruach Thiar, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 11 Bealtaine 2026 faoin gCóras Domhanda Smachtbhannaí i ndáil le Cearta an Duine; áiteamh ar na páirtithe uile oibleagáidí orthu faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán d’fhonn síocháin chóir chuimsitheach mharthanach a bhaint amach bunaithe ar réiteach dhá stát; sa chéad CAI eile, saoráid de chuid an Aontais d’atógáil Gaza a fhormheas, lena soláthrófar tacaíocht airgeadais leordhóthanach agus intuartha don atógáil agus don rialachas daonlathach Palaistíneach, agus lena rannchuideofar le réiteach dhá stát a réadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(af)</SYMBOL>ról Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) maidir le cabhair dhaonnúil agus seirbhísí bunúsacha, lena n-áirítear an tsláinte agus an t-oideachas, a sholáthar do dhídeanaithe Palaistíneacha in Gaza agus sa réigiún níos leithne a athdhearbhú, ag tabhairt dá n-aire nach bhfuil aon mhalairt inmharthana ann faoi láthair chun a feidhmeanna a ghlacadh ar láimh; leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar obair agus ar neamhchlaontacht UNRWA, ag áirithiú ráthaíochtaí inchreidte slándála agus comhlíonadh iomlán an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cur chun feidhme Thuarascáil Colonna; fáiltiú roimh thuarascálacha ar dhul chun cinn i ndáil leis an méid sin agus áitiú go nglacfaí go hiomlán agus go tapa le moltaí na tuarascála maidir le cosaintí neodrachta agus córais rialaithe inmheánaigh laistigh de UNRWA a neartú; faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta a thíolaic UNRWA; iarracht a dhéanamh go n-athbhunófaí sainordú agus cistiú UNRWA ina iomláine le dianmhaoirseacht agus cuntasacht; a thabhairt chun suntais go mbaineann aon fhoirm de chomhar leis an sceimhlitheoireacht nó de chaoinfhulaingt uirthi an mhaith as prionsabail dhaonnúla, as an gcobhsaíocht réigiúnach agus as na hionchais don tsíocháin ó bhonn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>tógáil ar rannpháirtíocht leanúnach an Choimisiúin leis na húdaráis oideachais ábhartha, agus béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le curaclaim oideachais a chur chun cinn lena gcothaítear an chomhmhaireachtáil, an lamháltas agus an t-athmhuintearas, mar aon leis an urraim do chearta an duine, in Iosrael agus sa Phalaistín araon i gcomhréir le caighdeáin UNESCO; fáiltiú roimh rannpháirtíocht leanúnach an Choimisiúin leis an Údarás Palaistíneach maidir le hathchóiriú an churaclaim agus roimh an dul chun cinn nithiúil a tuairiscíodh in 2025, lena n-áirítear an t-athbhreithniú agus an leasú leanúnach ar théacsleabhair ag Aireacht Oideachais agus Ardoideachais na Palaistíne chun ailíniú le caighdeáin UNESCO a áirithiú; áiteamh ar an Údarás Palaistíneach aon ábhar oideachais agus inneachar nach gcomhlíonann caighdeáin UNESCO a bhaint amach, go háirithe na hábhair sin ina bhfuil an frithsheimíteachas agus an spreagadh chun foréigin agus chun sceimhlitheoireachta, ar nithe iad nár cheart leanaí a bheith neamhchosanta orthu; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé cáineadh a dhéanamh ar gach cineál fuathchainte agus iompair fhoréignigh ar thaobh na n‑Iosraelach agus ar thaobh na bPalaistíneach araon, agus deireadh a chur leo sin, beag beann ar an gcomhthéacs; béim a leagan ar a thábhachtaí atá an t‑oideachas chun ionchais a chruthú le haghaidh an réitigh dhá stát; athdhearbhú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais nach mór do gach leabhar scoile agus do gach ábhar scoile ar an dá thaobh cloí le caighdeáin UNESCO maidir leis an tsíocháin, an lamháltas, an comhchónaí agus an neamhfhoréigean;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ah)</SYMBOL>tiomantas iomlán an Aontais a athdhearbhú maidir le ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach a Bhallstát uile a urramú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe; a thabhairt chun suntais go sáraítear an dlí idirnáisiúnta agus go ndéantar sárú ar bhunchearta an duine de bharr láithreacht mhídhleathach leanúnach thrúpaí na Tuirce i gcríoch Phoblacht na Cipire, ar Ballstát den Aontas í, agus dá bhrí sin, a iarraidh go dtarraingeofaí siar fórsaí forghabhála na Tuirce láithreach agus ina n-iomláine, go mbeadh sé de cheart ag gach dídeanaí filleadh ar a mbaile, agus go ndéanfaí cinntiú maidir le cinniúint na ndaoine uile atá ar iarraidh; leanúint de thacú le tosú arís go tapa ar chainteanna socraíochta na Cipire laistigh den chreat arna chomhaontú ag na Náisiúin Aontaithe ar bhonn cónaidhm dhé-chriosach dhá phobal a mbeadh comhionannas polaitiúil aici i gcomhréir le rúin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe, agus rabhadh a thabhairt i gcoinne aon ghníomhaíochtaí aontaobhacha nach bhfuil ag teacht le réiteach síochánta; a iarraidh go ndéanfaí stádas an limistéir mhaolaithe agus sainordú Fhórsa na Náisiún Aontaithe don tSíochánaíocht sa Chipir a urramú; tacú le hobair Theachta Pearsanta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ar an gCipir agus le hIonadaí Speisialta an Aontais don Chipir;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ai)</SYMBOL>ag cáineadh go láidir ceapachán ionadaithe ó stáit a léiríonn idirdhealú córasach in aghaidh na mban chuig suíocháin nó chuig róil cheannaireachta i gcomhlachtaí na Náisiún Aontaithe um chearta na mban agus um chearta an duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-aistriú polaitiúil agus slándála sa tSiria leochaileach fós agus go bhfuil easpa slándála, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, an t-easáitiú, agus ionsaithe in aghaidh pobail reiligiúnacha agus eitneacha le sonrú ann i gcónaí; seasamh le sochaí ilghnéitheach na Siria, sochaí atá ag fulaingt le breis agus deich mbliana faoi réimeas Assad, a bhfuil tacaíocht ag an Iaráin agus ag an Rúis aige, agus faoi ghrúpaí sceimhlitheoireachta; tacú le próiseas polaitiúil cuimsitheach atá faoi stiúir na Siria agus faoi úinéireacht na Siria lena ndéantar an iomláine chríochach agus an t-athmhuintearas a choimirciú; a iarraidh ar údaráis na Siria comhpháirteanna uile shochaí na Siria a chur san áireamh sa chinnteoireacht agus imscrúduithe sciobtha trédhearcacha neamhspleácha a áirithiú ar ghníomhaíochtaí a dhírítear ar phobail reiligiúnacha agus eitneacha d’fhonn an foréigean seicteach agus an tsaoirse ó phionós a chomhrac; béim a leagan ar an ngá atá le rannpháirtíocht chomhordaithe ag an Aontas agus ag na Náisiúin Aontaithe chun tacú leis an bpróiseas sin, lena n-áirítear an comhaontú lánpháirtíochta an 29 Eanáir 2026 idir rialtas idirthréimhseach na Siria agus an rialtas atá faoi stiúir na gCoirdíneach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ak)</SYMBOL>á athdhearbhú nár cheart sásraí idirnáisiúnta um chearta an duine a ionstraimiú chun cearta imirce de facto a chruthú ná chun an bonn a bhaint ó cheart ceannasach na stát a dteorainneacha agus a mbeartais imirce a rialú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(al)</SYMBOL>seasamh diongbháilte a choimeád i gcoinne na n-údarás <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> san Afganastáin agus i gcoinne an staid dhaonnúil atá ag dul in olcas; leanúint de thacaíocht an Aontais do mhuintir na hAfganastáine a thabhairt agus an tacaíocht sin a mhéadú, go háirithe do mhná agus do chailíní a bhfuil a gcearta á sárú go leanúnach ag an Talaban; áiteamh ar an Talaban deireadh a chur le srianta lena dteoraítear rochtain chomhionann ban agus cailíní ar an oideachas agus ar an rannpháirtíocht sa saol poiblí; áitiú go leanfaí de rannpháirtíocht dhlúth choinníollach leis na húdaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING>, i gcomhréir leis na tagarmharcanna arna leagan síos ag an Aontas agus le moltaí Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe; na húdaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> san Afganastáin a ghairm chun cuntais trí imscrúduithe arna seoladh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (CCI) agus ag Sásra Imscrúdaithe Neamhspleách na Náisiún Aontaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(am)</SYMBOL>dul i mbun iarrachtaí taidhleoireachta chun cosc a chur ar thuilleadh esclaithe i gcaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Theas agus cur i gcoinne aon athrú aontaobhach ar an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> trí chomhéigean nó trí fhórsa; oibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis an Aontas chun an chobhsaíocht agus an tslándáil sa réigiún a neartú agus chun an athchosc i gcoinne gníomhaíochtaí comhéigneacha nó míleata a threisiú; leanúint de chosaint a dhéanamh ar phrionsabal an toirmisc ar úsáid an fhórsa mar atá códaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe; a thabhairt chun suntais nach gcinntear le Rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe ceannasacht na Téaváine, ná nach luaitear an Téaváin ann, agus nach féidir é a úsáid chun an Téaváin a eisiaimh ón gcóras idirnáisiúnta; dlús a chur le tacaíocht an Aontais do rannpháirtíocht bhríoch na Téaváine in eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil a mballraíocht nó a ngníomhaíochtaí teoranta do stáit, lena n-áirítear iadsan ina bhfuil stádas breathnóra indéanta, chun tairbhe an chomhphobail idirnáisiúnta; a iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe rochtain ar imeachtaí na Náisiún Aontaithe a dheonú do ghníomhaithe, d’ionadaithe na sochaí sibhialta, agus d’iriseoirí ag a bhfuil pas Téavánach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(an)</SYMBOL>Ríocht na Téalainne agus Ríocht na Cambóide a spreagadh chun aon díospóidí a réiteach go síochánta agus trí dhialóg taidhleoireachta, agus lántairbhe á baint acu as sásraí seanbhunaithe déthaobhacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le conarthaí agus comhaontuithe ábhartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ao)</SYMBOL>dlús a chur le ról an Aontais mar chomhpháirtí slándála de rogha don Afraic trí neartú a dhéanamh ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach, an tAontas Afracach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le coinbhleachtaí a chosc, an t-idirghabháil agus an fhreagairt ar ghéarchéimeanna, lena n-áirítear trí chistiú intuartha inbhuanaithe d’oibríochtaí síochána faoi stiúir na hAfraice, go háirithe trí Ollstruchtúr na hAfraice don tSíocháin agus don tSlándáil agus, nuair is iomchuí, ranníocaíochtaí arna meas ag na Náisiúin Aontaithe; dul i ngleic le géarchéimeanna slándála agus daonnúla, atá géar agus idirnasctha, ar fud an tSáheil, Chorn na hAfraice, na Súdáine agus Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear leathadh na sceimhlitheoireachta jiohádaigh, an antoisceachais fhoréignigh, na coup míleata agus leochaileacht an stáit; an foréigean agus an easpa slándála leanúnach in oirthear PDC a cháineadh go sainráite, ról gníomhach comhordaithe a ghlacadh sa phróiseas síochána agus iarracht a dhéanamh ar iarrachtaí idirnáisiúnta athnuaite chun an ceartas a chur chun cinn, an tsaoirse ó phionós a chomhrac agus obair leantach iomlán ar thuarascáil mhapála na Náisiún Aontaithe a áirithiú, lena n-áirítear smachtbhannaí; a iarraidh go leathnófaí an córas lánchosc arm a bhfuil feidhm aige faoi láthair maidir le Darfur chuig an gcuid eile den tSúdáin, d’fhonn sos cogaidh marthanach a bhaint amach sa tSúdáin; freagairt d’fholúis slándála atá níos measa mar gheall ar mhisin idirnáisiúnta a tharraingt siar agus mar gheall ar láithreacht mhéadaitheach gníomhaithe seachtracha díchobhsaitheacha, lena n-áirítear líonraí amhas na Rúise agus an trasnaíocht hibrideach; a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht slándála uile an Aontais fothaithe san úinéireacht áitiúil, sa chuntasacht dhaonlathach, sa chuimsiú inscne agus san nasc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin, i gcomhréir le creataí na Náisiún Aontaithe maidir le tógáil na síochána agus maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ap)</SYMBOL>leanúint de rannpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála domhanda trí chosc coinbhleachtaí, idirghabháil, tógáil na síochána, bainistiú géarchéimeanna agus an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, i gcomhréir le Comhpháirtíocht Straitéiseach an Aontais agus na Náisiún Aontaithe maidir leis an tSíocháin agus an tSlándáil; aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag oibríochtaí síochána na Náisiún Aontaithe agus an t-athbhreithniú ar thodhchaí na n-oibríochtaí sin a ghiaráil chun a áirithiú go ndéanfar iad a oiriúnú i gcomhréir le tírdhreach slándála an lae inniu; a iarraidh go gcruthófaí na hionstraimí dlí is gá lena saineofar raon feidhme agus infheidhmeacht phrionsabal na féinchosanta d’fhonn aghaidh a thabhairt go leormhaith ar na bagairtí a thagann ó ghníomhaithe neamhstáit i ré ina bhfuil an chogaíocht asiméidreach agus bearta hibrideacha ag dul i méid; an t-idirghaol idir an tacaíocht don daonlathas agus an tslándáil ar an ardán idirnáisiúnta a thabhairt chun suntais; an tacaíocht do chur chun cinn an daonlathais a mhéadú i gcomhréir le hoibleagáidí na gConarthaí, lena n-áirítear breathnóireacht toghchán;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aq)</SYMBOL>athdhearbhú a dhéanamh ar an ról ríthábhachtach atá ag mná in idirghabháil i gcoinbhleachtaí agus i misin síochánaíochta; a mheabhrú go bhfuil siad tearcionadaithe ar gach leibhéal laistigh de mhisin na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh, agus an tábhacht ríthábhachtach a bhaineann le mná agus cailíní a chosaint i staideanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; béim a leagan ar an tábhacht bhunúsach a bhaineann le rochtain iomlán ar an tsláinte ghnéasach agus atáirgthe agus ar na cearta a bhaineann léi (SRHR) a áirithiú do mhná agus do chailíní i suíomhanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ar)</SYMBOL>á admháil go bhfuil rioscaí tromchúiseacha ann de bharr rás arm nua agus de bharr lagú ar iarrachtaí dí-armála domhanda, ar nithe iad atá á dtiomáint den chuid is mó ag méadú arm núicléach na Rúise, na Síne agus na Cóiré Thuaidh tar éis don Rúis comhlíonadh an Chonartha START Nua a fhionraí go haontaobhach in 2023; áiteamh ar gach stát a bhfuil airm núicléacha acu stop a chur le méaduithe cainníochtúla agus cáilíochtúla ar a n-armlanna núicléacha agus dul i mbun próiseas chun rioscaí a laghdú, próiseas trédhearcachta agus próiseas um rialú arm; leanúint de na creataí iltaobhacha lena rialaítear neamhleathadh agus rialú arm a choimirciú agus a threisiú, chomh maith leis na creataí sin lena rialaítear onnmhairiú arm agus earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide; ionstraimí iltaobhacha a chur chun cinn agus a neartú i gcoinne airm cheimiceacha agus bhitheolaíocha a tháirgeadh, a stoc-charnadh agus a úsáid;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(as)</SYMBOL>dlús a chur leis na hiarrachtaí deireadh a chur le saoirse ó phionós agus cuntasacht a áirithiú as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí thacú le glacadh tapa an choinbhinsiúin maidir le coireanna in aghaidh an chine dhaonna a chosc agus a phionósú, trí imscrúduithe neamhspleácha ar choireanna idirnáisiúnta a neartú, agus trí thacú go hiomlán leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le CBI mar institiúidí breithiúnacha bunriachtanacha neamhspleácha neamhchlaonta, lena n-áirítear trí sheasamh le Reacht na Róimhe agus trí chineál ceangailteach orduithe agus bhreithiúnais CBI a aithint; a chur in iúl gur saoth leo na bagairtí gan fasach, ag na Stáit Aontaithe i measc gníomhaithe eile, atá roimh CCI, agus a iarraidh go ngníomhachtófaí Reacht Blocála an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as. (IO L 309, 29.11.1996, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2271/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go gcuirfí i bhfeidhm go héifeachtach é agus go neartófaí é chun neamhspleáchas agus feidhmiú comhlachtaí breithiúnacha idirnáisiúnta a chosaint, CCI agus CBI go háirithe, mar aon le comhlachtaí atá ag comhoibriú leis na cúirteanna sin agus ag tacú leo;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(at)</SYMBOL>á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar chórais smachtbhannaí idirnáisiúnta chun éifeachtacht, comhsheasmhacht agus cuntasacht níos mó a áirithiú, agus ag an am céanna a bpolaitiú a chosc agus an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith acu ar phobail shibhialtacha a íoslaghdú, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(au)</SYMBOL>gach ionsaí, bagairt agus gníomh foréigin in aghaidh fhoireann na Náisiún Aontaithe, coimeádaithe síochána agus saoráidí na Náisiún Aontaithe a cháineadh, agus áiteamh ar gach páirtí sa choinbhleacht an tsábháilteacht, an tslándáil agus an neodracht atá ag foireann agus ag bonneagar na Náisiún Aontaithe a urramú, i gcomhréir iomlán leis an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an Coinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Pearsanra na Náisiún Aontaithe agus Pearsanra Comhlachaithe; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gníomhaíocht mhisniúil Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, lena n-áirítear roinnt meithleacha Eorpacha atá ag feidhmiú faoi dhálaí dúshlánacha, agus ag tabhairt ómós do chuimhne an bheirt saighdiúirí ón díorma Francach a maraíodh i ndeisceart na Liobáine i luíochán a rinne Hezbollah an 18 Aibreán 2026; a chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di na hionsaithe leanúnacha ar phearsanra míleata na hIodáile atá imscartha sa Liobáin mar chuid de mhisean Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, as ar eascair gortuithe agus a chuir cobhsaíocht an fhórsa síochánaíochta i mbaol, agus a mholadh go gcuirfí dlús le bearta comhordaithe cosanta na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear imscrúduithe neamhspleácha agus smachtbhannaí orthu siúd atá freagrach as na hionsaithe, chun inoibritheacht éifeachtach an mhisin agus comhlíonadh Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a áirithiú;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An fhorbairt inbhuanaithe agus cearta an duine</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(av)</SYMBOL>leanúint de chur chuige bunaithe ar chearta an duine a lánpháirtiú san fhorbairt inbhuanaithe, ag admháil gur bunchloch de chuid Chlár Oibre 2030 é réadú iomlán chearta an duine; béim a leagan ar ról ceannasach an Aontais toisc gurb é an soláthróir cúnaimh oifigiúil forbraíochta is mó ar domhan; an comhar iltaobhach a dhoimhniú chun an ullmhacht a neartú agus teacht aniar a thógáil i gcoinne géarchéimeanna agus dúshláin a chuireann dul chun cinn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) i mbaol; a chur i bhfios go láidir nach mór comhar um fhorbairt an Aontais agus cúnamh déthaobhach an Aontais a dhéanamh coinníollach ar an urraim do chearta bunúsacha an duine, do phrionsabail dhaonlathacha agus do na luachanna atá cumhdaithe i Conarthaí an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aw)</SYMBOL>giaráil bhreise a dhéanamh ar an Global Gateway mar mhalairt inbhuanaithe, trédhearcach, dhaonlathach agus luachbhunaithe ar thionscnaimh bhonneagair iomaíocha, go háirithe tionscnaimh na Rúise agus na Síne, mar ionstraim straitéiseach chun láithreacht gheopholaitiúil, infheictheacht agus teacht aniar an Aontais ar fud an domhain a neartú, agus mar thionscnamh a rannchuidíonn le gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí fhás frithpháirteach, gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú post a chothú i dtíortha comhpháirtíochta, agus uathriail straitéiseach, seasamh geopholaitiúil agus creidiúnacht dhomhanda an Aontais á neartú ag an am céanna; feabhas a chur, mar sin féin, ar an bhfaireachán ar chomhlíonadh agus ar an measúnú feidhmíochta ar thionscadail a mhaoinítear trí straitéis an Global Gateway;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ax)</SYMBOL>fáiltiú roimh thorthaí na gcruinnithe mullaigh de chuid na Náisiún Aontaithe le déanaí lenar iarradh go ndéanfaí institiúidí airgeadais idirnáisiúnta a neartú agus a nuachóiriú, lena n‑áirítear CAI agus an Banc Domhanda; a iarraidh go ndéanfaí an t‑ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta níos éifeachtaí agus níos cuimsithí, go ndéanfaí an maoiniú lamháltais agus forbraíochta a mhéadú, go dtabharfaí aghaidh ar fhiachas neamh-inbhuanaithe trí shásraí feabhsaithe faoisimh fiachais agus athstruchtúraithe, agus go ndéanfaí sreafaí airgeadais a ailíniú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le gealltanais aeráide;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ay)</SYMBOL>rabhadh a thabhairt i gcoinne úsáid a bhaint as giaráil airgeadais, bearta seach-chríochacha agus comhéigean eacnamaíoch mar uirlisí den bheartas eachtrach, ar nithe iad a bhaineann an mhaith as an muinín sa chóras airgeadais idirnáisiúnta agus a rannchuidíonn leis an éagobhsaíocht dhomhanda agus leis an neamhionannas domhanda;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(az)</SYMBOL>athdhearbhú a dhéanamh agus a dhearbhú go neamhbhalbh gur cearta uilechoiteanna iad cearta uile an duine, go háirithe na cearta sin atá cumhdaithe i gcoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe, agus nach mór seasamh leo go hiomlán; a iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe cáineadh a dhéanamh ar threochtaí domhanda a bhaineann an mhaith as na cearta sin, lena n‑áirítear an t‑imeallú méadaitheach ar chearta an duine agus an spás atá ag dul i laghad don tsochaí shibhialta, lena n‑áirítear i ndaonlathais atá ar bun le fada;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ba)</SYMBOL>claochlú duinelárnach bunaithe ar chearta a chur chun cinn trí thacú le todhchaí dhigiteach atá cuimsitheach, oscailte, sábháilte agus slán agus trí chur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe Dhigitigh Dhomhanda a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bb)</SYMBOL>leanúint de chearta na mban a chur chun cinn mar atá siad cumhdaithe i nDearbhú Bhéising na Náisiún Aontaithe agus i gClár Gníomhaíochta Bhéising; na huirlisí uile dá bhfuil ar láimh aige a úsáid chun an foréigean in aghaidh ban agus cailíní san Aontas agus ar fud an domhain a chomhrac; aird faoi leith a thabhairt ar phobail leochaileacha agus imeallaithe i stáit ina mbaintear an mhaith de chearta na mban go minic ag na rialtais náisiúnta; dlús a chur le cistiú ón Aontas do Mhná na Náisiún Aontaithe, do Chiste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal agus do chláir eile de chuid na Náisiún Aontaithe atá ag obair chun cearta na mban, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní uile a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bc)</SYMBOL>idirphlé comhsheasmhach breise a shaothrú i bhfóraim na Náisiún Aontaithe maidir leis an ngá atá le dul i ngleic leis an idirdhealú leanúnach in aghaidh an phobail LGBTIQ+ agus rochtain chomhionann ar chosaint shóisialta, ar chúram sláinte, ar oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí a áirithiú; tacú le feachtas na Náisiún Aontaithe ‘Saor agus Comhionann’ trí fheasacht an phobail a mhéadú agus trí chosaintí dlíthiúla níos láidre a chur chun cinn, go háirithe i stáit ina bhfuil cleachtais idirdhealaitheacha fós forleathan;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bd)</SYMBOL>tosaíocht a thabhairt don chomhrac in aghaidh na bréagaisnéise agus na nuachta bréagaí a scaipeann trí mhéadú algartamach ag ardáin mhóra ar líne, an úsáid mhéadaitheach a bhaintear as múnlaí móra teanga gan cosaintí leormhaithe agus an baint a bhaineann gníomhaithe mailíseacha eachtracha as na nithe sin, mar aon le mainneachtain cuideachtaí móra teicneolaíochta a n-oibleagáidí faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir leis an ábhar sin a chomhlíonadh, rud a bhaineann an mhaith as an daonlathas agus as próisis toghcháin; a iarraidh ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creataí níos láidre a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise agus oibríochtaí tionchair neamhchinéiteacha eile a bhaineann an bonn de phróisis dhaonlathacha agus den chomhtháthú sóisialta ar fud an domhain; oibriú i dtreo creat domhanda a chur chun feidhme chun mionaoisigh a chosaint ar líne, lena n-áirítear ceanglais maidir le fíorú céannachta ar ardáin na meán sóisialta agus é mar chuspóir a áirithiú go bhfreagróidh gach cuntas úsáideora do dhuine nádúrtha a úsáideann a n-ainm agus a gcéannacht dhlíthiúil agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhlíonadh iomlán na gcaighdeán is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta; dóthain acmhainní a sholáthar do rannóga na cumarsáide straitéisí agus an fhadradhairc de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí chun feachtais bhréagaisnéise agus scéalta frith-Aontais arna n-imscaradh go straitéiseach ag réimis fhorlámhacha agus fhrithliobarálacha, a fhéachann le baint de chaidreamh an Aontais le Meiriceá Laidineach, leis an Afraic agus leis an Áise agus de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i bhfóraim iltaobhacha, a chomhrac go héifeachtach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(be)</SYMBOL>béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht shábháilte, neamhspleáchas eagarthóireachta agus tacaíocht airgeadais do na meáin a áirithiú; comhrac i gcoinne na mbagairtí atá ag dul i méid in aghaidh iriseoirí ar fud an domhain, go háirithe iriseoirí mná, ar iriseoirí iad a ndírítear orthu go díréireach; comhoibriú a neartú le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR) maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Sábháilteacht Iriseoirí agus Ceist na Saoirse ó Phionós a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bf)</SYMBOL>cur chun cinn na saoirse reiligiúin, smaointeoireachta, coinsiasa agus creidimh, ar ceart uilechoiteann daonna é, a neartú agus bearta níos daingne a lorg chun gach mionlach reiligiúnach, eitneach agus mionlach eile a chosaint, lena n‑áirítear pobail Chríostaí, pobail Mhoslamacha agus pobail Ghiúdacha; an ghéarleanúint ar gach pobal reiligiúnach a cháineadh go láidir, go háirithe na Críostaithe, ar daoine iad a bhfuil géarleanúint fhorleathan á déanamh orthu ar fud an domhain, mar aon le gach foirm foréigin nó idirdhealaithe in aghaidh pobail chreidimh eile; áiteamh ar gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe saoirse iomlán reiligiúin agus adhartha a ráthú do gach duine aonair i gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta um chearta an duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bg)</SYMBOL>athdhearbhú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas le haghaidh thoghadh UNHRC, go háirithe chun cosc a chur ar thíortha a sháraíonn cearta an duine suí ar an gComhairle; béim a leagan ar an oibleagáid atá ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe machnamh a dhéanamh ar thiomantas na n-iarrthóirí cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint agus comhaltaí UNHRC á dtoghadh acu; a iarraidh ar Bhallstáit an Aontais seasamh comhordaithe a ghlacadh i ndáil le ballraíocht in UNHRC agus vótáil i gcoinne gach iarrthóir ar UNHRC nach seasann le cearta an duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bh)</SYMBOL>tiomantas an Aontais do shláinte dhomhanda a chur chun cinn i ndlúthpháirt le comhpháirtithe a threisiú trí thacú le feachtais vacsaínithe, tríd an gComhaontú maidir le Paindéimí a chur chun feidhme, trí dhul i ngleic le galair neamhtheagmhálacha, agus trí shásraí iltaobhacha le haghaidh cosc, ullmhacht agus freagairt ar phaindéimí a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bi)</SYMBOL>cur chun cinn na saoirse ealaíne, agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha agus na gceart cultúrtha a neartú trí thacú le hobair UNESCO agus trí bhogadh i dtreo buan-rapóirtéir de chuid an Aontais nó idirghabhálaí buan de chuid an Aontais le UNESCO a bhunú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus, mar eolas, chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>