<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0183</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Deiseanna agus dúshláin a bhaineann le straitéis chuimsitheach intleachta saorga le haghaidh thrádáil an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0122/2026 -  Rapóirtéir: Brando Benifei)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2026 maidir le deiseanna agus dúshláin a bhaineann le straitéis chuimsitheach intleachta saorga le haghaidh thrádáil an Aontais (2025/2112(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 229, 18.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1781/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla (CRMA))<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí na hAireachta um Mianraí Criticiúla in Washington DC an 4 Feabhra 2026, agus don chomhar leanúnach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe chun slabhraí soláthair amhábhar criticiúil slána inbhuanaithe a éagsúlú agus a neartú, ar slabhraí iad atá fíor-riachtanach d’iomaíochas, ardteicneolaíochtaí agus athléimneacht an Aontais i margaí domhanda,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le cosaint an Aontais agus a Bhallstáit ar chomhéigean eacnamaíoch ag tríú tíortha<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2675, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Dé-Úsáid),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 19 Samhain 2025 ón gCoimisiún dar teideal ‘Straitéis um Aontas Sonraí Eorpach: sonraí a dhíghlasáil le haghaidh IS’ (COM(2025)0835),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 dar teideal ‘Slándáil na hEorpa a chur chun cinn: réamheolas ar chúig thionscnamh nua’ (COM(2024) 22 final),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Nollaig 2025 dar teideal ‘Slándáil Eacnamaíoch a Neartú’ (JOIN(2025)0977),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Meitheamh 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An International Digital Strategy for the European Union’</STRING> [Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta don Aontas Eorpach] (JOIN(2025)0140),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2025 maidir le plean gníomhaíochta um mór-roinn na hIntleachta Saorga (COM(2025)0165),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 8 Deireadh Fómhair 2025 ón gCoimisiún dar teideal ‘Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga’ (COM(2025)0723],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal<STRING ITALIC="on"> ‘The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (Tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a Market’</STRING> [Margadh thar an gCoitiantacht] (Tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Iúil 2025 maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh rialála sa ríomhthráchtáil agus le hallmhairí nach de chuid an Aontais iad<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/1436, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1436/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/1674, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1674/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phríomhról atá ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) maidir le córas trádála iltaobhach riailbhunaithe a chaomhnú, agus dá thábhachtaí atá sé chun teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a imscaradh, lena n-áirítear an intleacht shaorga sa trádáil idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rialacha EDT, go háirithe prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta maidir le srianta ar onnmhairiú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0122/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur teicneolaíocht ilchuspóireach í an intleacht shaorga (IS) lena n-athmhúnlaítear trádáil an Aontais ar fud earraí, seirbhísí agus sreafaí sonraí; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag IS costais faisnéise agus chomhlíonta a laghdú, bainistiú an tslabhra soláthair a chlaochlú agus seirbhísí a sholáthraítear go digiteach a leathnú; de bhrí go gcruthaíonn IS agus dinimic chumhachta úinéireacht na teicneolaíochta dúshláin shuntasacha agus deiseanna claochlaitheacha d’iomaíochas trádála AE; de bhrí go bhfuil beartas trádála AE ríthábhachtach chun straitéis sheachtrach iomlánaíoch IS a áirithiú lena gcomhcheanglaítear oscailteacht, trédhearcacht agus sábháilteacht le hathléimneacht agus urraim do chearta bunúsacha, agus lena dtacaítear le hoibríochtaí intuartha trasteorann; de bhrí go gcuireann IS deiseanna suntasacha ar fáil chun éifeachtúlacht agus slándáil rialuithe custaim agus faireachais margaidh san Aontas Eorpach a fheabhsú, chun calaois, góchumadh agus cleachtais éagóracha trádála a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil scaipeadh agus imscaradh tapa IS ag rannchuidiú le hathruithe struchtúracha ar eagrú, tíreolaíocht agus rialachas na trádála seirbhísí idirnáisiúnta, agus go bhfuil impleachtaí aige sin don iomaíochas, don fhostaíocht agus don fhorbairt; de bhrí go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint le réitigh foinse oscailte IS, lena n-áirítear costais laghdaithe agus príobháideachas sonraí feabhsaithe trí imscaradh áitiúil, rud a chuireann le méadú ar iomaíocht shláintiúil in IS agus le spleáchas laghdaithe ar sholáthraithe nach de chuid an Aontais iad; de bhrí go n-idirghníomhaíonn na hathruithe sin le bearnaí atá ann cheana san acmhainneacht táirgeachta, sa bhonneagar agus i scileanna laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin; de bhrí go bhfuil gá le straitéis chomhleanúnach agus iomlánaíoch chun athrú faoi thiomáint IS a bhainistiú chun samhail trádála inbhuanaithe atá oscailte, athléimneach agus cuimsitheach a choinneáil; de bhrí gur cheart do chaidreamh eacnamaíoch seachtrach AE, lena n-áirítear le comhpháirtithe sa Domhan Theas, tacú le glacadh cuimsitheach IS agus cruthú luacha chomhroinnte, agus samhail dhuinelárnach á cur chun cinn ag an am céanna bunaithe ar phrionsabal eitice mar réamhshocrú atá dírithe ar thacú le dínit an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil sreafaí sonraí trasteorann agus rochtain ar shonraí ríthábhachtach d’fhorbairt, oiliúint agus imscaradh IS, ach gur gá iad a scrúdú go cúramach chun a áirithiú go leanfar d’ardleibhéal cosanta sonraí a ráthú, go háirithe i gcás sonraí pearsanta íogaire amhail sonraí sláinte; de bhrí go múnlaíonn rialacha trádála digití iomaíochas IS níos mó agus níos mó, agus béim á leagan ar an ngá atá le forálacha maidir le comhar rialála i gcomhaontuithe trádála amach anseo agus le nuachóiriú na gcomhaontuithe atá ann cheana; de bhrí go gcuireann creat duinelárnach an Aontais, atá fréamhaithe sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, samhail inchreidte ar fáil le haghaidh IS iontaofa ar féidir léi, má chuirtear chun cinn go hidirnáisiúnta í, a bheith ina buntáiste iomaíoch i margaí lena léirítear meas ar thrédhearcacht agus rialachas lena n-urramaítear cearta; de bhrí go bhféadfadh EDT a bheith ina fhóram iomchuí le haghaidh plé iltaobhach maidir le IS agus trádáil chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh iomaíoch, ar bhacainní trádála, agus ar rioscaí ilroinnte rialála, lena n-áiritheofar trádáil dhigiteach intuartha chothrom lena n-urramófar cearta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil úsáid IS fós míchothrom ar fud earnálacha, réigiún agus méideanna cuideachtaí, agus go bhfabhraíonn buntáistí do ghníomhaithe a rialaíonn sonraí, cumhacht ríomhaireachta agus scileanna, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go mbeidh bearnaí táirgiúlachta agus onnmhairiúcháin níos leithne ann d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do chuideachtaí a ghlacann IS ag céim níos déanaí; de bhrí go mbraitheann iomaíochas trádála atá cumasaithe ag IS ar rochtain ar shonraí, ar acmhainneacht ríomhaireachta, ar fhuinneamh, ar nascacht, ar chaipiteal agus ar scileanna, agus go bhfuil tionchar ag caidreamh trádála agus infheistíochta ar go leor de na tosca sin; de bhrí nár mheall AE ach 6 % den infheistíocht dhomhanda i ngnólachtaí nuathionscanta IS sa chéad leath de 2024, rud a chruthaíonn spleáchais struchtúracha a bhfuil tionchar acu ar chaidreamh trádála agus ar neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa; de bhrí go bhfuil rochtain chothrom ar bhonneagar IS bunriachtanach chun go leanfaidh FBManna de bheith iomaíoch, ós rud é go bhfuil bacainní suntasacha rompu i gcomparáid le corparáidí móra, lena n-áirítear costais arda acmhainní ríomhaireachta, rochtain theoranta ar shonraí, agus ganntanas tallainne teicniúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur teicneolaíocht é IS atá fós ag athrú go tapa; de bhrí go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn ón nuálaíocht, ón infheistíocht agus ón iomaíochas le hidirghabháil rialála róluath nó iomarcach; de bhrí go bhfuil cur chuige comhréireach, rioscabhunaithe agus fabhrach don nuálaíocht bunriachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil slabhra soláthair IS comhchruinnithe go mór i líon beag tíortha agus réigiún, rud a chruthaíonn riosca spleáchais maidir le rochtain ar chumhacht ríomhaireachta, amhábhair agus leathsheoltóirí criticiúla; de bhrí go méadaíonn bonneagar criticiúil IS atá faoi úinéireacht eachtrach an baol go ndéanfar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis; de bhrí gur féidir le mí-úsáid algartam an bonn a bhaint ón daonlathas agus cur leis an teannas trádála geopholaitiúil atá ann faoi láthair; de bhrí go méadaíonn an iomaíocht theicneolaíoch dhomhanda atá ag dul i ndéine, a bhfuil samhlacha rialachais éagsúla IS, géarú taraifí, agus rialuithe onnmhairiúcháin ar theicneolaíochtaí criticiúla mar chuid di, an riosca go n-úsáidfear rochtain ar phríomh-ionchuir IS mar ghiaráil gheopholaitiúil; de bhrí go bhfuil an baol ann go ndéanfadh roinnt cur isteach seachtrach ardchaighdeáin an Aontais maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus cosaint na gceart bunúsach a mhaolú, rud a chuirfeadh isteach ar chumas an Aontais seasamh lena luachanna, cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí, agus saoránaigh a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le IS neamhrialáilte agus teicneolaíochtaí digiteacha; de bhrí gur cheart do AE leanúint de na caighdeáin sin a chosaint; de bhrí gur cheart do AE neamhspleáchas straitéiseach a neartú trí shlabhraí soláthair a éagsúlú agus tríd an gcomhar le comhpháirtithe iontaofa a bhfuil luachanna daonlathacha acu agus tiomantas do thrádáil oscailte agus riailbhunaithe a dhoimhniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go mbraitheann forbairt agus glacadh IS ar rochtain ar mhargaí agus teicneolaíochtaí domhanda, a bhfuil tionchar ag creataí beartais trádála orthu; de bhrí go dtacaíonn EDT le forbairt agus glacadh IS trí thrádáil níos oscailte, níos trédhearcaí agus níos intuartha a chumasú in earraí agus seirbhísí atá cumasaithe ag IS; de bhrí go rannchuidíonn comhaontuithe EDT atá ann cheana go suntasach le forbairt agus glacadh IS, lena n-áirítear an Comhaontú Teicneolaíochta Faisnéise, lena n-íslítear costais imscartha crua-earraí IS, an Comhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (TBT), lena gcuirtear trédhearcacht rialála agus caighdeáin idirnáisiúnta chun cinn, an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí, lena n-éascaítear trádáil seirbhísí a bhaineann le IS, agus an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil, lena dtacaítear le forbairt agus scaipeadh IS;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil cineál dé-úsáide agus míleatú méadaitheach IS, lena n-áirítear a imscaradh i gcoinbhleachtaí comhaimseartha amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ag cur dlús leis an aistriú ó chomhar atá dírithe ar shábháilteacht i dtreo iomaíocht gheo-eacnamaíoch agus slándála atá bunaithe ar IS; de bhrí go n-úsáidtear rialachas, rialuithe onnmhairiúcháin agus caighdeáin IS níos mó agus níos mó mar uirlisí tionchair straitéisigh agus teilgin cumhachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur féidir IS a úsáid i gcórais arm agus in uirlisí ollfhaireachais; de bhrí go gcruthóidh cleachtais den sórt sin ábhair mhóra imní eiticiúla agus ó thaobh chearta an duine de; de bhrí gur iarr Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go gcuirfí toirmeasc domhanda ar chórais arm uathrialaitheach marfach, ar meaisíní iad atá in ann beatha daoine a ghlacadh gan formhaoirseacht dhaonna;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An intleacht shaorga don éascú trádála agus forfheidhmiú rialála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á aithint gur féidir le IS dlús a chur le honnmhairí agus allmhairí de chuid AE, go háirithe i gcás FBManna, trí bhacainní ar iontráil sa mhargadh agus costais chomhlíonta a laghdú, rud a chuirfidh ar chumas gnólachtaí margaí a bhaint amach nach raibh rochtain acu orthu roimhe seo, ar choinníoll go mbeidh rochtain chothrom ag FBManna ar bhonneagar IS; á iarraidh ar an gCoimisiún seirbhísí comhairleacha iontaofa IS a chomhtháthú sa tairseach Access2Markets agus sa Phointe Iontrála Aonair chun taraifí, rialacha tionscnaimh agus ceanglais rialála a nascleanúint; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt d’uirlisí IS atá fabhrach do FBManna agus a áirithiú go leanfaidh réitigh chomhlíontachta dhigiteacha de bheith simplí, inacmhainne agus inrochtana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le IS cabhrú le moilleanna agus costais i slabhraí soláthair an Aontais a laghdú trí phleanáil agus comhordú a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún gnás a dhéanamh den trádáil gan pháipéar agus den chomhroinnt faisnéise iontaofa idir oibreoirí agus údaráis a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i lóistíocht atá cumasaithe ag IS lena n-éascaítear scrogaill ag calafoirt agus ag conairí, agus tacaíocht do lóistíocht níos glaise trí ródú agus cothabháil níos cliste; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh IS foinse oscailte a dhreasú a rannchuidíonn le hiomaíocht mhéadaithe agus a laghdaíonn spleáchas ar sholáthraithe nach de chuid an Aontais iad; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh táirgiúlacht, éifeachtúlacht agus bainistiú níos fearr ar an slabhra soláthair, costais trádála níos ísle agus ualaí riaracháin laghdaithe mar thoradh ar dhigitiú agus lóistíocht atá cumasaithe ag IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ról a bheith ag IS maidir le rialuithe custaim a neartú i bhfianaise ró-acmhainneacht an mhargaidh agus na dteorainneacha a bhaineann le cigireachtaí daonna i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le hinsreabhadh earraí, go háirithe beartáin bheaga a thagann ón tSín; á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní agus scileanna a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh agus d’údaráis chustaim, tríd an gcomhar neartaithe i measc na mBallstát i Mol Sonraí Custaim an Aontais freisin, chun a áirithiú go bhfeabhsófar acmhainneacht forfheidhmiúcháin agus comhroinnt sonraí i measc na n-údarás le húsáid IS; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht IS seasamh le comhlíonadh dhlí AE ag earraí allmhairithe, feabhas a chur ar inrianaitheacht fíor-ama agus rialú custaim ar tháirgí allmhairithe agus ar fhaireachas margaidh, uirlisí slána agus tiomnaithe IS a úsáid chun anailís chórasach a dhéanamh ar shonraí ó bheartáin bheaga nó inrianaitheacht shlán táirgí ar fud an tslabhra soláthair chun earraí góchumtha, calaois chustaim, cleachtais éagóracha trádála agus teacht timpeall ar smachtbhannaí arna bhforchur ag AE a chomhrac; á thabhairt chun suntais gur bonneagar criticiúil a bheadh sna córais IS sin agus gur cheart, dá bhrí sin, go bhfanfaidís neamhspleách agus ceannasach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh na huirlisí sin reachtaíocht ábhartha AE go docht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le IS a bheith ina uirlis úsáideach do chuideachtaí, d’údaráis chustaim agus d’údaráis um fhaireachas margaidh chun seasamh le cosaint chearta an duine trí chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach rialacha an Aontais a éascú amhail an Treoir maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Rialachán maidir le Dífhoraoisiú<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, nó Rialachán an Aontais maidir le Saothar Éigeantais<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (IO L, 2024/3015, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3015/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus seasamh le cosaint tomhaltóirí trí chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach rialacha an Aontais a éascú amhail clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH), marcáil CE, agus an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An intleacht shaorga agus athruithe struchtúracha ar thrádáil earraí agus seirbhísí, agus ar thrádáil agus forbairt inbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á aithint go mbeidh iomaíochas na hEorpa i dtrádáil earraí ag brath níos mó agus níos mó ar tháirgiúlacht atá cumasaithe ag IS agus ar ghnóthachain cháilíochta i slabhraí luacha tionsclaíocha straitéiseacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí monaraíochta, mótarfheithiclí, cógaisíochta agus fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún na leasanna sin a léiriú go córasach i gcaibidlíocht trádála trí rochtain éifeachtach ar an margadh, disciplíní láidre maidir le bacainní neamhtharaife, agus forálacha in-fhorfheidhmithe lena gcoinnítear machaire comhréidh a áirithiú trí iomaíocht éagórach agus saobhadh a bhaineann leis an teicneolaíocht a chosc, agus ceart rialála AE á aithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á aithint go bhfuil athmhúnlú á dhéanamh ag IS ar thrádáil i seirbhísí a sholáthraítear go digiteach trí shaineolas a thráchtearrú, rud a éilíonn iarrachtaí breise chun buntáiste comparáideach stairiúil na hEorpa i seirbhísí ardluacha gairmiúla, teicniúla agus gnó a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir, chun freagairt d’iomaíocht dhomhanda níos déine i dtrádáil seirbhísí, gur gá infheistíocht a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú mar a bheartaítear i dtuarascálacha Draghi agus Letta; ag tathant ar an gCoimisiún comhpháirtíochtaí trádála agus infheistíochta a shlógadh chun caipiteal agus tallann a mhealladh agus chun cuideachtaí Eorpacha a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag aithint acmhainneacht IS margaí oibre agus saothair a athmhúnlú ar fud an domhain; ag tabhairt rabhaidh faoi rioscaí easáitithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón uathoibriú, ó thrádáil seirbhísí atá cumasaithe ag IS, agus faoi leathnú an bhearnaí scileanna i lucht saothair an Aontais; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá straitéisí a ghlacadh chun na hathruithe sin a réamh-mheas agus an lucht saothair a oiriúnú dá réir; ag tabhairt dá haire go bhfuil iarmhairtí diúltacha comhshaoil ag forbairt agus imscaradh samhlacha agus córas IS, lena n-áirítear éileamh méadaithe ar leictreachas agus tomhaltas méadaithe uisce; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh, laistigh de na measúnuithe tionchair ar chomhaontuithe saorthrádála, ar na hearnálacha ar dócha go ndéanfaidh IS difear dóibh agus measúnú a dhéanamh ar thionchar úsáid IS ar chearta oibrithe agus ar an gcomhshaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go n-eisiafar comhpháirtithe sa Domhan Theas ó dheiseanna fáis faoi thiomáint IS, rud a mhéadóidh an spleáchas ar shamhlacha allmhairithe; á chur i bhfáth gur cheart go dtreiseodh comhar a thacaíonn le húsáid uirlisí IS i dtíortha atá i mbéal forbartha an córas iltaobhach trádála agus gur cheart é a chur chun cinn trí chreat EDT; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as forálacha maidir le cuimsiú digiteach i gcaibidlí trádála agus forbartha inbhuanaithe agus i gcomhaontuithe trádála digití chun tacú le glacadh IS agus le gnóthachain táirgiúlachta chomh maith le IS cuimsitheach agus iontaofa a chothú trí chláir thiomnaithe comhair idirnáisiúnta agus trí thionscnaimh fothaithe acmhainneachta faoi ionstraimí seachtracha AE atá ann cheana, lena n-áirítear cláir oiliúna agus rochtain ar bhonneagar digiteach agus IS; á iarraidh ar an gCoimisiún fothú acmhainneachta Global Gateway a dhíriú ar éiceachórais IS foinse oscailte agus eiticiúil agus ar chumais áitiúla, lena gcothófar caidreamh trádála agus infheistíochta athléimneach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint le réitigh IS foinse oscailte, trí athúsáid thrédhearcach agus tástáil neamhspleách a chumasú, lena n-áirítear costais laghdaithe agus príobháideachas sonraí feabhsaithe trí imscaradh áitiúil, rud a rannchuidíonn le méadú ar iomaíocht shláintiúil in IS agus spleáchas laghdaithe ar sholáthraithe nach de chuid an Aontais iad, agus ag an am céanna tacú le réitigh IS atá in-iniúchta agus oiriúnaithe go háitiúil arna bhforbairt i gcomhar le comhpháirtithe sa Domhan Theas; á chur i bhfáth gur féidir comhpháirtíochtaí a éagsúlú, spleáchas ar roinnt éiceachórais dhílsithe a laghdú, agus naisc gheopholaitiúla fhadtéarmacha a neartú trí chomhar den sórt sin a leabú i mbeartas trádála an Aontais agus i gComhpháirtíochtaí Digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh IS foinse oscailte a dhreasú, a rannchuidíonn leis an spleáchas ar sholáthraithe nach de chuid an Aontais iad a laghdú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sa chomhar foinse oscailte tionscadail a bhaineann le IS ar mhaithe le leas an phobail, amhail dul i ngleic leis an athrú aeráide, tacú leis an aistriú glan, agus feabhas a chur ar chúram sláinte agus ar shlándáil bia;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas trádála digití, comhar rialála agus rialacha iltaobhacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról straitéiseach ag comhpháirtíochtaí digiteacha agus ag Comhairlí Trádála agus Teicneolaíochta le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, a roinneann luachanna daonlathacha, ardchaighdeáin rialachais agus tiomantas do thrádáil oscailte agus riailbhunaithe chun cur chuige luachbhunaithe, duinelárnach agus rioscabhunaithe an Aontais i leith IS a chur chun cinn; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chuimsiú na Parlaiminte i gComhairlí Trádála agus Teicneolaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún an Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta a chur chun feidhme trí sheasaimh chomhordaithe in G7, G20, san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus sna Náisiúin Aontaithe, agus trí chomhar struchtúrtha idir rialtóirí chun cóineasú domhanda a spreagadh maidir le hardchaighdeáin sábháilteachta IS agus cosaint na gceart bunúsach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá samhail IS dhuinelárnach an Aontais mar chaighdeán idirnáisiúnta agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe i bhfóraim iltaobhacha, mar thagarmharc lenar féidir cabhrú le caighdeáin trédhearcachta agus sábháilteachta a ailíniú agus trádáil á coinneáil oscailte agus intuartha ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar maidir le caighdeáin IS, nuálaíocht theicneolaíoch agus slabhraí soláthair slána a neartú le comhpháirtithe iontaofa agus le tíortha atá ar aon intinn leo, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus fóraim iltaobhacha, agus tús áite á thabhairt do chomhpháirtithe a sheasann le luachanna daonlathacha agus leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn ardchórais IS dúshláin trasteorann, agus á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i dtreo íosráta domhanda cosanta i gcoinne na rioscaí is tromchúisí mar bhonn do rialachas idir-inoibritheach agus iontaofa, go háirithe trí thionscnaimh idirnáisiúnta amhail an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir le IS, prionsabail IS ECFE, agus creat eitice IS UNESCO;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, lasmuigh d’íosráta cosanta domhanda, go bhfuil gá le comhghuaillíocht de chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus a roinneann cur chuige duinelárnach an Aontais chun bogadh níos tapúla maidir le hardchaighdeáin AI i réimsí na sábháilteachta, na trédhearcachta, na cuntasachta agus na gceart bunúsach a chur chun feidhme, go háirithe trí idirphlé rialála struchtúrtha chun aghaidh a thabhairt ar dhíospóidí, chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gealltanais a oiriúnú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, cóineasú rialála maidir le hardchaighdeáin sábháilteachta agus cearta bunúsacha a nascadh le fothú acmhainneachta nithiúil, lena n-áirítear infheistíocht chomhpháirteach i gcumais ríomhaireachta agus tástála atá slán agus inacmhainne, i gcomhpháirtíochtaí tallainne agus scileanna chun spleáchas straitéiseach a laghdú agus samhlacha cur chun feidhme inchreidte a chruthú ar féidir le tíortha comhpháirtíochta iad a ailíniú, agus IS iontaofa á neartú mar bhonn don trádáil dhigiteach oscailte athléimneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sreafaí sonraí dleathacha agus slána bunriachtanach don trádáil atá cumasaithe ag IS; á mheabhrú gur gá go gcomhlíonfadh comhaontuithe trádála digití an Aontais forálacha cothrománacha an Choimisiúin maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais sa Teideal maidir le Trádáil Dhigiteach de chomhaontuithe trádála an Aontais, lena gceadaítear don Aontas bearta a áireamh lena n-éascaítear sreafaí sonraí trasteorann i gcomhaontuithe trádála agus cearta bunúsacha daoine aonair maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas á gcaomhnú ag an am céanna, agus á thabhairt chun suntais gur cheart forálacha tiomnaithe maidir le comhar rialála maidir le IS a áireamh iontu, lena n-éascaítear comhthuiscint ar chuir chuige rialála agus á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha den sórt sin a áireamh i ngach caibidil agus comhaontú trádála digití a bheidh ann amach anseo; á athdhearbhú gur íoscheanglais iad coimircí a chomhlíonann RGCS nó caighdeáin choibhéiseacha le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta AE; á iarraidh go ndéanfadh comhaontuithe trádála digití neamhspleáchas rialála a chosaint agus an rochtain theicniúil a theastaíonn ó rialtóirí a chaomhnú chun an Gníomh um an Intleacht Shaorga a fhorfheidhmiú agus trédhearcacht, in-iniúchóireacht, cothroime, sábháilteacht agus cuntasacht chórais IS a áirithiú, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh rochtain ag an tsochaí shibhialta agus ag taighdeoirí neamhspleácha ar chód foinseach agus algartaim na gcóras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag meabhrú thiomantas an Aontais do chóras iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart do EDT rannchuidiú go fóinteach le creat rialachais IS atá láidir, sábháilte, cuimsitheach agus iontaofa a fhorbairt don trádáil, lena n-áirítear trí Mheitheal thiomnaithe EDT um an Intleacht Shaorga a bhunú chun idirphlé, comhroinnt eolais agus comhar a éascú i measc na gcomhaltaí maidir le rialacháin agus beartais IS; á chur i bhfáth go bhfuil rialacha cothromaithe maidir le tráchtáil leictreonach ríthábhachtach chun leas a bhaint as trádáil atá cumasaithe ag IS; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áiritheofar le haon téacs EDT maidir le ríomhthráchtáil spás beartais le haghaidh rialachas daonlathach IS, lena n-áirítear coimircí in-fhorfheidhmithe d’oibrithe agus do thomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún plé maidir le IS agus trádáil a chur chun cinn laistigh de chreat EDT agus comhar domhanda a chur chun cinn lena n-éascaítear sreafaí iontaofa sonraí agus trádáil dhigiteach, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí agus uirlisí atá cumasaithe ag IS, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go ndéanfar margaí a ilroinnt agus costais trádála a ardú mar gheall ar chórais comhlíontachta IS éagsúla; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an gcomhar idirnáisiúnta maidir le hilroinnt rialála a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin idirnáisiúnta agus bacainní teicniúla EDT ar thrádáil (TBT) agus disciplíní trédhearcachta a úsáid mar uirlisí chun éagsúlacht rialála a chosc ó bheith ina bacainn trádála gan údar, agus creat rialachais IS an Aontais á chaomhnú agus á ghiaráil ag an am céanna chun trádáil dhigiteach iontaofa a éascú agus cothrom iomaíochta domhanda a chothú do IS iontaofa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tslándáil eacnamaíoch agus na spleáchais straitéiseacha i slabhra luacha na hintleachta saorga</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rochtain shlán ar leathsheoltóirí ardfhorbartha agus ar chumhacht ríomhaireachta inacmhainne bunriachtanach do cheannasacht theicneolaíoch agus d’iomaíochas an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil an baol ann nach n-éireoidh leis an nGníomh um Shliseanna ná le clár oibre na monarchana IS mar gheall ar sheachadadh ilroinnte agus scála teoranta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena gcur chun feidhme, a thaidhleoireacht amhábhar a shaothrú agus comhaontuithe trádála, creat agus comhaontuithe comhpháirtíochta le comhpháirtithe iontaofa a ghiaráil chun slabhraí soláthair a éagsúlú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú; sa chomhthéacs sin, aithníonn sí an ról ríthábhachtach atá ag éiceachórais ardmhonaraíochta sliseanna i ngeilleagair chomhpháirtíochta atá ar aon intinn leo maidir le bonn taca a chur faoi acmhainneacht dhomhanda ríomhaireachta IS, agus á mholadh go ndéanfaí an comhar leis na comhpháirtithe sin a dhoimhniú maidir le hathléimneacht an tslabhra soláthair leathsheoltóirí; ag tabhairt chun suntais, thairis sin, a phráinní atá sé táirgeadh Eorpach leathsheoltóirí ardfhorbartha a neartú, go háirithe trí thacú le tionscnaimh Eorpacha amhail an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an nGníomh Eorpach um Shliseanna (an Gníomh Eorpach um Shliseanna 2.0); á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis níos soiléire a bheith aige maidir leis an gcaoi a bhféadfadh AE forbairt mar phríomhghníomhaí in éiceachóras IS agus forálacha láidre a chomhtháthú i gcomhaontuithe trádála chun rochtain chothrom ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar amhábhair a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas go bhféadfadh comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le hathléimneacht shlabhra soláthair na mianraí criticiúla a bheith ina n-ionstraimí fóinteacha chun comhordú breise a dhéanamh le comhghuaillithe maidir le rochtain ar ionchuir atá criticiúil ó thaobh IS de, lena n-áirítear dúile tearc-chré agus ardábhair leathsheoltóra; á áitiú nach mór rannpháirtíocht AE a bheith coinníollach ar chomhleanúnachas le tagarmharcanna an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus le cuspóirí an Aontais maidir le huathriail straitéiseach oscailte, lena laghdófar leochaileachtaí seachas spleáchais a athrú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh aon ionstraimí trádála ilpháirtithe a eascraíonn as comhpháirtíochtaí den sórt sin, lena n-áirítear íosrátaí praghsanna nó sásraí ceannaigh, comhoiriúnach le gealltanais EDT agus go bhfónfaidh siad do leasanna AE; á iarraidh go mbeadh idirphlé agus comhar neartaithe ann i measc comhpháirtithe iontaofa chun sreafaí trádála idirnáisiúnta a choimirciú agus chun sláine agus athléimneacht na n-éiceachóras tionsclaíoch a bhaineann le IS a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go ndéanann comhchruinniú bonneagair néalríomhaireachta i dtíortha nach de chuid an Aontais iad an tAontas a nochtadh do leochaileachtaí dlínsiúla seachtracha; á iarraidh ar an gCoimisiún, tríd an nGníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga atá beartaithe agus tríd an nGníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch (COM(2026)0100), creataí ceannasachta grádaithe a bhunú lena dtabharfar tús áite do sholáthraithe atá bunaithe san Aontas le haghaidh seirbhísí criticiúla tríd an soláthar poiblí, agus uathriail straitéiseach oscailte á háirithiú ag an am céanna trí rochtain neamh-idirdhealaitheach a choinneáil ar bun do sholáthraithe atá ar aon intinn a chomhlíonann ceanglais deimhniúcháin agus idir-inoibritheachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhordóidh a fhoirceadal slándála eacnamaíche scagadh infheistíochta dírí coigríche, agus aird ar leith á tabhairt ar earnálacha digiteacha straitéiseacha amhail ardáin IS, néalseirbhísí, agus lárionaid sonraí, rialuithe onnmhairiúcháin, an Ionstraim Frith-Chomhéigin agus cosaint trádála mar chóras comhleanúnach lena gcuirtear cosc ar spleáchais IS a úsáid mar uirlis troda; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil gá le comhordú agus forfheidhmiú neartaithe chun éiceachóras na hintleachta saorga san Eoraip a chosaint mar gheall ar shrianta ar onnmhairiú amhábhar criticiúil agus luaineacht gheopholaitiúil atá ag dul i méid; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Dé-Úsáide a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos cuimsithí ar ardintleacht shaorga i bhfianaise na húsáide a d’fhéadfadh tríú tíortha a bhaint aisti i bhfeidhmeanna slándála, faireachais nó cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di srianta atriallacha na Síne ar onnmhairiú dúl tearc-chré, a chuireann isteach go mór ar shlabhraí soláthair atá ríthábhachtach do chuideachtaí leathsheoltóra chomh maith leis an slabhra luacha IS i gcoitinne; á mheas nach bhfuil údar maith le gníomhaíocht na Síne agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus freagairt go hiomchuí chun a áirithiú nach ndéanfar difear don gheilleagar domhanda ná d’athléimneacht na trádála idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas dlús a chur le cur chun feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus slabhraí soláthair a éagsúlú chun athléimneacht eacnamaíoch a neartú; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hinfheistíochtaí a dhaingniú sna tionscadail straitéiseacha arna bhformheas faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus i dtionscadail eile chun borradh a chur faoi eastóscadh, scagadh, próiseáil agus athchúrsáil a rannchuidíonn le dí-rioscú ón tSín;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>