<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0188</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0157/2024 -  Rapóirtéirí: Javier Zarzalejos, Lucia Yar)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2026 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (COM(2023)0424 – C9-0303/2023 – 2023/0250(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0424),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 82(2), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0303/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1592, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1592/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag na coistí freagracha, agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Feabhra 2026 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0157/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2023)0250</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Bealtaine 2026 chun go nglacfaí Treoir(AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2026/1472.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>