<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0189</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt agus na bealaí chun cinn</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0121/2026 -  Rapóirtéir: Isabella Lövin)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2026 maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt agus na bealaí chun cinn (2024/2127(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), d’Airteagail 4, 43(3) agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagal 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (CBI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 191, 15.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1139/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le laghdú acmhainne iascaireachta i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar<FOOTNOTE><FIELD> IO L 400, 30.11.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1781/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2115/77 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1977 lena dtoirmisctear iascaireacht dhíreach agus tabhairt i dtír scadán chun críoch tionsclaíoch seachas chun críoch a gcaite ag an duine8<FOOTNOTE><FIELD> IO L 247, 28.9.1977, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1977/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag tarraingt aird ar rún an 27 Aibreán 2021 maidir le hiarmhair cheimiceacha i Muir Bhailt, bunaithe ar Achainíocha Uimh. 1328/2019 agus 0406/2020 <FOOTNOTE><FIELD> IO C 506, 15.12.2021, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe agus athléimneach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5735, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5735/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Nollaig 2008 maidir le Plean Eorpach um Bainistiú Broigheall a ghlacadh chun an tionchar méadaitheach a imríonn na broighill ar stoic éisc, ar iascaireacht agus ar dhobharshaothrú a íoslaghdú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 21 E, 28.1.2010, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2024 maidir le gníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne scáthchabhlaigh na Rúise agus forfheidhmiú iomlán smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a áirithiú (2024/2885(RSP))<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/809, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/809/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives’</STRING> [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘The European Ocean Pact’</STRING> [An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan] (COM(2025)0281),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2023 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach’ (COM(2023)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2025 dar teideal ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2026’ (COM(2025)0296),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt 1992 (Coinbhinsiún Heilsincí), a tháinig i bhfeidhm an 17 Eanáir 2000, agus don Choimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint, ar a dtugtar Coimisiún Heilsincí (HELCOM) freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Mhuir Bhailt, agus do thorthaí HELCOM maidir le muinisin cheimiceacha arna ndumpáil ar muir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Eanáir 2024 i gcás C-330/22, <STRING ITALIC="on">Friends of the Irish Environment CLG</STRING> v <STRING ITALIC="on">An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire</STRING><FOOTNOTE><FIELD> ECLI:EU:C:2024:19.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don anailís chúlra a d’iarr Coiste um Iascach na Parlaiminte dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The multiannual plan for the Baltic Sea – A change in management needed’</STRING> [An plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt – Tá athrú ar an mbainistíocht ag teastáil], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta i mí Lúnasa 2025<FOOTNOTE><FIELD> Anailís chúlra – ‘<STRING ITALIC="on">The multiannual plan for the Baltic Sea – A change in management needed’</STRING> [An plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt – Tá athrú ar an mbainistíocht ag teastáil], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhtháthú, um Thalmhaíocht agus um Beartais Shóisialta, an Roinn Beartais um Fhorbairt Réigiúnach, um Thalmhaíocht agus um Iascach, Lúnasa 2025.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Evaluation of the Baltic Sea Multiannual Plan Regulation – European Implementation Assessment’</STRING> [Meastóireacht ar an Rialachán maidir leis an bPlean Ilbhliantúil do Mhuir Bhailt – Measúnú Eorpach ar Chur Chun Feidhme],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 29 Meán Fómhair 2025 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Europe’s environment and climate: knowledge for resilience, prosperity and sustainability’,</STRING> [‘Comhshaol agus aeráid na hEorpa: eolas ar mhaithe le hathléimneacht, rathúnas agus inbhuanaitheacht’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 31 Deireadh Fómhair 2023 ó HELCOM dar teideal <STRING ITALIC="on">‘State of the Baltic Sea 2023 – Third HELCOM holistic assessment 2016-2021’</STRING> [Staid Mhuir Bhailt 2023 – An Tríú measúnú iomlánaíoch ó HELCOM 2016-2021],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ghealltanais na stát faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, eadhon SDGanna 3, 6 agus 14,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 26 Samhain 2024 ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Baltic Sea ecoregion – Ecosystem Overview’</STRING> [Éiciréigiún Mhuir Bhailt – Forléargas ar an Éiceachóras], Comhairle 2024 ó ICES, Roinn 7.1,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2022 ó ICES dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Workshop on ICES reference points</STRING> (WKREF1)’[Ceardlann ar phointí tagartha ICES (WKREF1)]<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascálacha Eolaíochta CITM. 4:2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2022 ó ICES dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Workshop on ICES reference points</STRING> (WKREF2)’[Ceardlann ar phointí tagartha ICES (WKREF1)]<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascálacha Eolaíochta CITM. 4:68.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2023 ó ICES dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Workshop on guidelines and methods for the design and evaluation of rebuilding plans for category 1-2 stocks </STRING>(WKREBUILD2)’ [Ceardlann maidir le treoirlínte agus modhanna chun pleananna atógála a dhearadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu le haghaidh stoic de chatagóir 1-2 (WKREBUILD2)]<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascálacha Eolaíochta CITM. 5:112.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil mhí na Samhna 2025 ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Scientific Technical and Economic Committee for Fisheries (STECF) – The 2025 Annual Economic Report on the EU Fishing Fleet (STECF-25-03 & STECF-25-07</STRING>)’ [An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – Tuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil 2024 maidir le Cabhlach Iascaireachta an Aontais (CETEI-24-03 & CETEI-24-07)],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil mhí Mheán Fómhair 2019 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Special Report on the Ocean and Cryosphere in a Changing Climate’</STRING> [‘Tuarascáil Speisialta maidir leis an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil mhí Mheán Fómhair 2025 ó Sheirbhís Mhuirí Copernicus dar teideal <STRING ITALIC="on">‘9th edition of the Copernicus Ocean State Report’</STRING> [An 9ú heagrán de Thuarascáil Stát Copernicus um an tAigéan],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 24 Meán Fómhair 2025 ó Institiúid Potsdam um Thaighde maidir le Tionchar ar an Aeráid dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Planetary Health Check 2025: A Scientific Assessment of the State of the Planet’</STRING> [‘Seiceáil sláinte ar an bPláinéad 2025: Measúnú Eolaíoch ar Staid an Phláinéid’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2016 ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Options for Ecosystem-based Adaptation (EBA) in Coastal Environments: A Guide for environmental managers and planners’</STRING> [Roghanna maidir le hOiriúnú atá bunaithe ar Éiceachórais (EBA) i dTimpeallachtaí Cósta: Treoir do bhainisteoirí agus do phleanálaithe comhshaoil],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 1612 (2008) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa maidir le muinisin cheimiceacha atá curtha i Muir Bhailt, agus do thuarascáil an 28 Aibreán 2008 a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta sa Choimisiún agus ó ICES an 18 Meán Fómhair 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">‘Adaptive science and coordinated governance for cross-sector action towards Baltic Sea recovery’</STRING> [‘Eolaíocht oiriúnaitheach agus rialachas comhordaithe le haghaidh gníomhaíocht trasearnála i dtreo théarnamh Mhuir Bhailt’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 28 Aibreán 2025 ón gCoiste um Iascach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Working document on the implementation of Regulation (EU) 2016/1139 (‘Baltic MAP’)</STRING>’ [Doiciméad oibre maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1139 (‘an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt’)],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chreat le haghaidh Plean Eorpach um Bainistiú Broigheall ón gCoimisiún Comhairleach Eorpach um Iascaigh Intíre agus Dobharshaothrú de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta i mí Aibreáin 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A10-0121/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, le plean ilbhliantúil an Aontais d’iascach Mhuir Bhailt (an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt); i gcomhthéacs an bhrú comhshaoil atá ag dul i méid ar éiceachóras Mhuir Bhailt, gur cuidíodh le brú iascaireachta a choinneáil ar bun i gcomhréir le leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) de bhrí, in ainneoin laghduithe suntasacha ar an iarracht iascaireachta le blianta beaga anuas, go bhfuil meath tagtha ar roinnt stoc éisc mar gheall ar mheascán de bhrúnna a théann níos faide ná gníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear eotrófú, fuinneamh amach ón gcósta, tionchair creachadóirí, truailliú, díghrádú gnáthóg agus athruithe ar éiceachórais atá faoi thionchar na haeráide rud a fhágann go bhfuil iarmhairtí socheacnamaíocha ann d’earnáil an iascaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, in 2023, gur laghdaigh éiciréigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Ceiltí agus na Mórmhara Thuaidh an meánbhrú iascaireachta go dtí faoi bhun leibhéil UTI, le básmhaireacht iascaireachta 54 %, 48 % agus 23 % faoi bhun spriocanna UTI faoi seach, i gcomparáid le leibhéil os cionn na sprice in 2003; de bhrí gur chaith cabhlaigh an Aontais sa Mhuir Bhailt 267 000 lá in 2022, laghdú 8 % i gcomparáid le 2021 agus an leibhéal is ísle a baineadh amach ó 2013 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil drochbhail fós ar stoic throsc Mhuir Bhailt gan aon fheabhas tuartha sa ghearrthéarma, in ainneoin gur dúnadh iascaigh spriocdhírithe ó 2019 i leith; de bhrí go measann ICES go leanfaidh stoic throsc Mhuir Bhailt de bheith ag forbairt go mall, rud a léiríonn treocht anuas i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, lena n-áirítear ar chúiseanna a bhaineann le dálaí díobhálacha comhshaoil; de bhrí go bhfuil trosc fós á ghabháil mar ‘fhoghabháil’;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach gcumhdaítear stoic bradán agus breac leis an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt; de bhrí go bhfuil idirnaisc thábhachtacha idir stoic bradán agus breac agus stoic scadán, go háirithe i bhfianaise éiceachórais bhia; de bhrí, ó 2022 i leith, gur mhol ICES stop a chur le gach gabháil tráchtála agus áineasa bradán sa phríomh-imchuach toisc gurb ann d’iascaigh mheasctha agus toisc go bhfuil bradáin á ngabháil ó stoic iomadúla abhann, lena n-áirítear stoic atá faoi bhagairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb ionann iascaigh chósta ar mhionscála agus 92 % de na soithí a oibríonn i Muir Bhailt, a thugann 7 % den mheáchan iomlán i dtír ach arb ionann é agus 22 % den luach tugtha i dtír, rud a sholáthraíonn tairbhí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta i bhfianaise an bhreisluacha os cionn an mheáin atá ag an roinn cabhlaigh sin; de bhrí go mbraitheann an t-iascach go mór ar infhaighteacht bithmhaise móire éisc i gcomhréir le CBI agus stoic éisc a bhainistítear go hinbhuanaithe, atá ríthábhachtach d’inmharthanacht eacnamaíoch na hearnála;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ag cabhlach iascaireachta cósta ar mhionscála sa Mhuir Bhailt ar chuótaí iascaireachta níos lú i gcomparáid le hoibreoirí níos mó, rud a fhágann go ndéantar na ranna ar mhionscála agus a ngnólachtaí iascaireachta a imeallú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 17 de CBI, ‘nuair a bheidh deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh acu go n-úsáidfidh Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an oll-bhreisluach d’iascairí ar mionscála i réigiún Mhuir Bhailt ó bunaíodh an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, de réir measúnuithe ó Choiste Eolaíoch Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach an Choimisiúin, rud a chuireann slándáil an tsoláthair bia i mbaol agus a mhéadaíonn spleáchas an Aontais ar allmhairí; de bhrí go méadaíonn caillteanas an tsoláthair éisc de thionscnamh an Aontais an spleáchas ar allmhairí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus go lagaíonn sé athléimneacht an mhargaidh; de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar líon na soithí iascaireachta gníomhacha i Muir Bhailt;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach freisin pobail chósta Mhuir Bhailt a neartú agus tacú le hiascaigh áitiúla, go háirithe iascaigh ar mhionscála, chun an spleáchas sin a laghdú agus chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta chósta Mhuir Bhailt a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil nuashonruithe rialta ar ghabhálacha agus ar oll-bhreisluach earnáil an iascaigh áineasa, lena n-áirítear iascaigh áineasa mhuirí, le teacht i gcur chun feidhme leanúnach an Rialacháin maidir le Rialú ar Iascach<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach (IO L, 2023/2842, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go dtéann luach suntasach sóisialta agus eacnamaíoch ag iascaigh áineasa freisin níos mó ná téarmaí airgeadaíochta agus gur féidir le slatiascairí rannchuidiú le hiarrachtaí athchóirithe agus le cosaint an dúlra; de bhrí go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag iascaigh áineasa ar acmhainní éisc agus ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin a áirithiú go seolfar iad ar bhealach atá ag luí le cuspóirí CBI. de bhrí gur úsáideoirí dlisteanacha acmhainní bitheolaíocha na mara iad iascairí áineasa freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go dtéann an measúnú uile-Aontais is déanaí ar luach socheacnamaíoch na hearnála iascaigh áineasa mhuirí (MRF) siar go 2017, agus nár cuireadh a mholtaí chun feidhme go fóill chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na gníomhaíochta ísealtionchair sin mar chuid aitheanta de straitéis an Aontais maidir leis an ngeilleagar gorm; de bhrí go léiríonn na sonraí atá ar fáil go bhfuil thart ar 8-10 milliún saoránach AE rannpháirteach in earnáil iascaigh áineasa; de bhrí, i réigiún Mhuir Bhailt, gur mórghníomhaíocht shocheacnamaíoch í sin, lena ngintear ranníocaíocht eacnamaíoch de thart ar EUR 1,5 billiún agus lena dtacaítear le breis agus 14 000 post coibhéiseach lánaimseartha (FTE) a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil Muir Bhailt mar bhonn do shlí bheatha agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na mílte teaghlach; de bhrí go bhfuil an iascaireacht mar chuid d’oidhreacht shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch an réigiúin ar feadh na gcéadta bliain; de bhrí gur cheart srianta ar iascaigh a chur chun feidhme ar bhealach nach bhfágann go bhfuil sé dodhéanta gnó áitiúil cois cósta a reáchtáil a sholáthraíonn iasc úr do thomhaltóirí chun slándáil bia a áirithiú, agus chun nach rachaidh gairmeacha a bhaineann le hiascaireacht ar iarraidh faoi dheireadh, agus, dá bhrí sin, go bhfágfaidh áitritheoirí limistéir chósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar ag brúnna iomadúla arb é an duine is cúis leo ar Mhuir Bhailt, lena n-áirítear téamh domhanda, truailliú iarmharach, muinisin cheimiceacha, eotrófú, dálaí athraitheacha comhshaoil, agus díghrádú fadtéarmach, agus go bhfuil sí an-leochaileach mar gheall ar a himchuach farraige éadomhain bataiméadrach le speicis atá uathúil go géiniteach agus atá oiriúnaithe chun maireachtáil in uisce goirt ina bhfuil leibhéil salandachta agus ocsaigine atá íseal go nádúrtha, agus a malartú teoranta uisce leis an Muir Thuaidh agus srathú láidir ingearach; de bhrí go n-éilíonn na dálaí áirithe sin cineálacha cur chuige bainistíochta atá saincheaptha do shainiúlachtaí réigiúnacha; de bhrí gur lean stoic éisc i Muir Bhailt de bheith ag laghdú freisin mar gheall ar na brúnna sin, lena n-áirítear míchothromaíochtaí creachadóra, a raibh tionchar acu ar earcaíocht, agus gur tharla laghduithe suntasacha ar an iarracht iascaireachta le blianta beaga anuas; de bhrí go n-aithníonn an Coimisiún gur gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin bhreise chomhshaoil sin chun tacú leis an téarnamh agus leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go gcuireann an iliomad brúnna forluiteacha, lena n-áirítear gníomhaíocht iascaireachta, talmhaíocht, rith chun srutha foraoiseachta, eotrófú, ídiú ocsaigine, truailliú ceimiceach agus líon méadaitheach na gcreachadóirí muirí, mar aon le sceitheadh fuíolluisce, brú mór ar an éiceachóras trí shaibhriú cothaitheach agus orgánach agus trí chur isteach ar an mbia-eangach; de bhrí go ndéanann sé sin difear d’iascaigh in éiciréigiún Mhuir Bhailt ina iomláine; de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le hionchuir chothaitheacha agus substaintí guaiseacha a laghdú, ach go leanann an tionchar comhcheangailte de dhifear a dhéanamh do stoic éisc, ar mharthanas larbhaí agus éisc óga, agus go bhfuil gá le tuilleadh iarrachta ina leith sin ar fud na n-earnálacha rannpháirteacha uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil feirmeacha gaoithe amach ón gcósta i measc na dtionscal is mó fás ar muir, agus go dtugtar le fios sna réamhaisnéisí go dtiocfaidh méadú suntasach ar an acmhainneacht; de bhrí go gcuireann feirmeacha gaoithe amach ón gcósta an dá thairbhe ar fáil, amhail foscadh do speicis éisc, ach go gcuireann siad an bhithéagsúlacht i mbaol freisin ag brath ar chéim na forbartha, an tsuímh agus an deartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur léiríodh ar dtús gur éirigh le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le leibhéil nítrigine a laghdú in uiscí an Aontais agus rannchuidiú le spriocanna na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (MSFD) a bhaint amach, lena n-áirítear eotrófú arb é an duine is cúis leis a íoslaghdú, go háirithe agus na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchair an téimh uisce mara, arb é an t-athrú aeráide domhanda is cúis leo, agus atá níos measa mar gheall ar ghníomhaíochtaí ar talamh ag gníomhú go han-tapa i Muir Bhailt, agus téamh Mhuir Bhailt ag dhá oiread mheán domhanda na n-aigéan, agus go tuartar go mbeidh tuilleadh iarmhairtí forleathana agus iarmhairtí nach eol den chuid is mó mar thoradh orthu, lena n-áirítear ídiú ocsaigine agus suaitheadh leanúnach ar thimthriall atáirgthe na bpobal éisc amach anseo agus ar a ndáileadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach don Choimisiún agus do na Ballstáit reachtaíocht ábhartha uile an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán i Muir Bhailt agus feabhas a chur ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta HELCOM maidir leis an gcoinbhinsiún réigiúnach farraige chun dul i ngleic leis an gcliseadh san éiceachóras i Muir Bhailt;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí, agus gabhálacha iomlána incheadaithe (GIInna) á socrú do 2026, go bhfuil inbhuanaitheacht chomhshaoil chothromaithe go héifeachtach ag na Ballstáit le hinbhuanaitheacht shocheacnamaíoch, lena gcaomhnaítear íosleibhéal gníomhaíochta agus lena leantar de thacaíocht a thabhairt d’aisghabháil stoc éisc ag an am céanna; de bhrí go bhfuil roinnt stoc éisc i Muir Bhailt ag meathlú in ainneoin laghduithe ollmhóra ar an iarracht iascaireachta; de bhrí go gceanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ar na Ballstáit dea-stádas comhshaoil a bhaint amach trí bhia-eangacha cothroma agus stoic shláintiúla chomh maith le dul i ngleic le héilleáin, eotrófú, speicis ionracha, bruscar muirí, truailliú ó ghiniúint fuinnimh, lena n-áirítear torann faoi uisce, agus an t-athrú aeráide;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, i gcás Mhuir Bhailt, go bhfuil an Coimisiún, tar éis dó comhairle ICES a lorg, ag moladh cuótaí foghabhála – agus go bhfuil na Ballstáit ag socrú cuótaí foghabhála – cé go molann ICES ‘gabháil nialasach’;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go ndéanann na rialacha atá ann cheana maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain mar a chumhdaítear in CBI difear do bhainistiú inbhuanaithe cuótaí; de bhrí gur chinn an Chomhairle i gcásanna áirithe gan an rogha sin a úsáid mar gheall ar chásanna criticiúla stoic; de bhrí go bhfuil gá le treoir, go háirithe i gcásanna stoc atá i riocht criticiúil, do Mhuir Bhailt;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur saincheisteanna leanúnacha iad míthuairisciú nó aon chás neamhchomhlíonta in iascaigh Mhuir Bhailt agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu dá réir sin tríd an Rialachán athbhreithnithe maidir le Rialú ar Iascach a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin phraiticiúla fós le sárú ag cur chun feidhme éifeachtach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i Muir Bhailt; de bhrí nach mór do na Ballstáit gníomhú i gcomhréir le forálacha CBI agus an Rialacháin maidir le Rialú ar Iascach, lena n-áirítear a fhorálacha cianfhaireacháin leictreonaigh (CFL);
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go gcuireann socrú cuótaí iascaireachta ar feadh bliain amháin bac ar phleanáil eacnamaíoch, infheistíochta agus fostaíochta in earnáil an iascaigh; de bhrí go bhféadfaí bainistiú níos cobhsaí a dhéanamh le creat cinnteoireachta ilbhliantúil bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil muc mhara Mhuir Bhailt ag dul in éag agus nach bhfuil ach cúpla céad de na mamaigh sin fágtha i gCeartlimistéar Mhuir Bhailt<FOOTNOTE><FIELD> https://helcom.fi/wp-content/uploads/2025/06/Red-List-II-species-2025.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil an speiceas sin faoi bhagairt leanúnach óna ghabháil mar ‘fhoghabháil’, ó éilleáin chomhshaoil, ídiú creiche agus suaitheadh ó thorann faoi uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag éisc foráiste do bhia-eangacha muirí agus d’éiceachórais Mhuir Bhailt;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur údaraíodh iascaigh chun min éisc agus ola éisc a tháirgeadh i réigiún Mhuir Bhailt in 1995 nuair nár ceadaíodh eisceachtaí ar dtús ach amháin ‘ar choinníoll nach bhfuil baol ann go ndéanfadh an t-iascach sin damáiste do-aisiompaithe éiceolaíochta’ mar a leagtar amach sa Chonradh idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, maidir le haontachas Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 241, 29.8.1994, lch. 9.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil go leor Ballstát Mhuir Bhailt tar éis córais cuótaí inaistrithe aonair a thabhairt isteach mar atá ar fáil faoi CBI; de bhrí gur thug sé sin tús áite d’oibreoirí móra; de bhrí gurb é an trealamh agus na teicnící iascaireachta arna n-úsáid a chinneann an tionchar ar struchtúr stoic go príomha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil éifeachtacht an Rialacháin maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt maidir lena spriocanna uileghabhálacha éiceolaíocha agus socheacnamaíocha a bhaint amach an-teoranta; de bhrí gur baineadh an bonn den dul chun cinn mar gheall ar mhainneachtain stoic éisc a athbhunú os cionn na leibhéal tagartha, comhtháthú lag breithnithe éiceachórais agus cur i bhfeidhm neamhleor cur chuige réamhchúraim agus cuótaí á socrú; de bhrí go bhfuil an obair chun tuilleadh díghrádaithe a sheachaint agus chun tacú le Muir Bhailt níos athléimní níos casta mar gheall ar easpa cur chuige iomlánaíoch beartais; de bhrí go raibh an breisluach íseal ó thaobh an chomhair réigiúnaigh de, gur tionscnaíodh líon beag moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit agus nach bhfuil forálacha réigiúnaithe rialacha iascaigh an Aontais á n-úsáid chun bearta bainistíochta a oiriúnú do shainiúlachtaí Mhuir Bhailt; de bhrí nár leor rannpháirtíocht agus comhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí gurb é an toradh a bhí ar mheasúnuithe áirithe ar speicis aonair agus ar chomhairle eolaíoch áirithe, i gcomhthéacs na ndálaí comhshaoil sonracha atá ag athrú go dinimiciúil i Muir Bhailt, go ndearnadh rómheastachán struchtúrach ar acmhainneacht atáirgthe stoic agus ar mhéid iomlán an stoic, rud a rinne difear mór d’acmhainní agus do bhainistiú agus d’acmhainneacht oibríochtúil earnáil iascaireachta Mhuir Bhailt, rud a léiríonn go bhfuil gá le cineálacha cur chuige a bhaineann go sonrach le himchuacha farraige;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí nár iarradh go dtí seo sna hiarrataí ón gCoimisiún ar chomhairle ó ICES maidir le Muir Bhailt go ndéanfaí tosca comhshaoil a mheas, lena n-áirítear easnaimh ocsaigine nó infhaighteacht bia, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do staid na stoc, ná nár áiríodh go leordhóthanach iontu an gá atá le béim a leagan ar bhreithnithe riosca; de bhrí gur cheart iarrataí a fheabhsú go leanúnach, lena n-áirítear neamhchinnteacht sonraí a bheith á cur in iúl ar bhealach níos fearr ag ICES, chun cáilíocht na measúnuithe a léiriú ar bhealach níos fearr;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí nach eol go hiomlán struchtúr géiniteach na bpobal agus na bhfophobal de stoic a shaothraítear ar bhonn tráchtála agus gur cheart do ICES imscrúdú breise a dhéanamh air, amhail trí ghlaonna sonraí chuig Ballstáit Mhuir Bhailt, chun feabhas a chur ar an mbonn eolais ar na struchtúir phobail ábhartha sa réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí, i mí Mheán Fómhair 2025, gur luaigh ICES in éineacht le Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta sa Choimisiún, i gcás Mhuir Bhailt ‘nach leor bainistiú aonfhoirmeach traidisiúnta ar speicis aonair a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a tugadh faoi deara’;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil léarscáileanna riosca comhshaoil á bhforbairt ag HELCOM lena gcumhdaítear limistéir atá an-leochaileach don eotrófú, don anocsacht agus do dhríodair ghrinnill thocsaineacha, lena soláthraítear faisnéis maidir le cá háit ar cheart tosaíocht a thabhairt do limistéir faoi chosaint a bhunú agus do thréimhsí coiscthe iascaireachta a d’fhéadfadh a bheith ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gur cheart comhairle eolaíoch do Mhuir Bhailt a fheabhsú chun rómheastachán ar mhéid agus ar tháirgiúlacht an stoic, teorainneacha gabhála míchuí agus éiginnteacht ghnó a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, gur inniúlacht eisiach de chuid na Comhairle agus, dá bhrí sin, de chuid na mBallstát iad cinntí maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe (GIInna) agus deiseanna iascaireachta eile a shocrú; de bhrí nach mór na sonraí eolaíocha is déanaí agus éagsúlacht na ndálaí comhshaoil i réigiún Mhuir Bhailt a chur san áireamh go hiomlán sna cinntí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go gcuireann roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Astráil, córais bhainistíochta eolaíochtbhunaithe éagsúla i bhfeidhm a bhfuil leibhéil éagsúla réamhchúraim ag baint leo i gcomparáid leis an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí gur uirlisí luachmhara iad limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) a bhainistítear go héifeachtach agus atá dea-nasctha chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus le haghaidh spriocanna níos leithne amhail bithéagsúlacht, athléimneacht agus sláinte éiceachórais; de bhrí gur féidir le hathchóiriú éiceachóras cósta fásmhar amhail riasca taoide agus móinéir féir mara (éiceachórais carbóin ghoirm cois cósta) rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide trí cheapadh carbóin méadaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí nár leor cur chun feidhme Airteagal 5 den phlean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt maidir le cinntí GII, rialacha teicniúla agus bearta feabhais; de bhrí, i gcás ina ndearnadh gníomhaíochtaí ‘chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh’, nár bhain siad a n-aidhm amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí, cé go bhfuil sé beartaithe go mbeadh an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt ina chreat solúbtha a bheadh le coigeartú faoi chur chuige réigiúnaithe, nach raibh ach rath teoranta ar na hathruithe sin, agus go pointe áirithe freisin mar thoradh ar chur chun feidhme teoranta na reachtaíochta ábhartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go sonraítear i roinnt rialachán den Aontas dá dtagraítear sa Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt conas riosca a sheachaint, agus measúnú a dhéanamh ar stoic shláintiúla agus ar chomhpháirteanna éiceachórais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí go lagaíonn iascaireacht gheimhridh speiceas peiligeach i Muir Bhailt le linn a dtréimhse dianfháis agus carntha cúltaiscí fuinnimh roimh sceitheadh acmhainneacht atáirgthe na stoc, ós rud é go dtáirgeann baineannaigh nach bhfuil cothú leormhaith acu níos lú uibheacha agus uibheacha nach bhfuil chomh forbartha céanna, rud a chuireann teorainn le rath atáirgthe agus a chuireann bac ar théarnamh pobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí gur iarradh i dtuarascáil féintionscnaimh na Parlaiminte in 2023 go mbeadh cur chuige pragmatach agus cothrom ann i leith MPAnna, agus aitheantas á thabhairt dá n-éagsúlacht ó thaobh méide, speiceas agus cuspóirí caomhnúcháin de, gur cuireadh i bhfios go láidir gur gá cur chuige a oireann do chách a sheachaint agus gur cuireadh i dtábhacht nach mór do bheartais den sórt sin breithniú cúramach a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch ar phobail chósta, a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil ar bhonn cás ar chás, agus rannpháirtíocht ghníomhach iascairí i ndearadh agus i mbainistiú MPAnna a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go ndéantar idirdhealú faoi láthair i gcóras cinnteoireachta an Aontais maidir le GIInna idir bainistiú spriocspeiceas agus riachtanais chosanta speiceas eile, agus é mar aidhm aige cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm, chun stádas sláintiúil éiceachórais a bhaint amach agus a choinneáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn éiceachóras feidhmiúil mar a shainmhínítear i dTreoir Réime um Straitéis Mhuirí go dtarlaíonn gach gné de na bia-eangacha muirí, a mhéid is eol iad, ar ghnáthfhlúirse agus ar ghnáthéagsúlacht agus ar leibhéil atá in ann flúirse fhadtéarmach an speicis a áirithiú agus a n-acmhainneacht iomlán atáirgthe a choinneáil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear bainistiú bunaithe ar éiceachórais le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe mar ‘bainistiú gníomhaíochtaí daonna agus a dtionchar ar éiceachórais agus ar acmhainní nádúrtha bunaithe ar bhreithniú ar an éiceachóras iomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí go dtionóltar plé ullmhúcháin faoi chinntí GII i bhFóram Iascaigh Mhuir Bhailt (BALTFISH); de bhrí go bhfágann an réigiúnú gur féidir imchuacha farraige an Aontais a bhainistiú ar bhealach solúbtha; de bhrí go bhfuil BALTFISH in ann ‘moltaí comhpháirteacha’ a chur ar aghaidh maidir le bearta sonracha ar cheart iad a chuíchóiriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí go mbraitheann inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil iascaigh Mhuir Bhailt ar chuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhtháthú, rud lena n-áirithítear go ndéanfaidh bearta bainistíochta fostaíocht, comhtháthú réigiúnach agus soláthar bia i limistéir chósta a choimirciú; de bhrí gur cuid bhunriachtanach den bhainistiú éifeachtach é eolas réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear eolas na n-iascairí agus na bpobal cósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí go leagtar béim i dtuarascálacha éagsúla beartais agus eolaíocha ar an ngá atá le cur chuige feabhsaithe agus níos comhleanúnaí maidir le cinnteoireacht agus cur chuige iomlán iomlánaíoch a chur i bhfeidhm; de bhrí go raibh sé mar aidhm leis an dearbhú<FOOTNOTE><FIELD> https://commission.europa.eu/document/download/486161f4-241f-4388-b10e-22f4711acd16_en?filename=ministerial_declaration_our_baltic_conference.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> aireachta ó na comhdhálacha ‘Muir Bhailt atá againn’ cur chuige den sórt sin a bhaint amach; de bhrí go bhfuil torthaí nithiúla ó na comhdhálacha sin agus ón dearbhú teoranta, go háirithe ó thaobh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé d’uaillmhian ag an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan, lena bhfógraítear togra reachtach atá ar na bacáin le haghaidh Gníomh um an Aigéan, creat iomlánaíoch a chur ar fáil chun idirnaisc agus tosaíochtaí na mbeartas aigéin atá ann cheana a shoiléiriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí nach bhfuil gníomhaíocht leordhóthanach déanta ag an gCoimisiún ná ag na Ballstáit chun éiceachórais Mhuir Bhailt a chosaint agus a athchóiriú ar bhagairtí breise amhail truailliú, eotrófú agus an t-athrú aeráide; de bhrí gur de chineál trasteorann agus carnach iad brúnna den sórt sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais; de bhrí gur féidir leis an aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha ísealtionchair agus ísealcharbóin rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí gur cuid d’éiceachóras Mhuir Bhailt í an chreachóireacht nádúrtha; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na speiceas áirithe atá faoi chosaint i Muir Bhailt amhail rónta liatha (<STRING ITALIC="on">Halichoerus grypus</STRING>) agus broighill mhóra (<STRING ITALIC="on">Phalacrocorax carbosinensis</STRING>); de bhrí go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag rónta agus ag broighill ar mharthanas trosc óg, go háirithe do throsc Mhuir Bhailt Thiar, agus ar dhobharshaothrú agus ar threalamh iascaireachta; de bhrí go léiríonn fianaise eolaíoch go bhfuil tionchar áitiúil speiceas-sonrach agus stocshonrach acu den chuid is mó ar phobail éisc, de bhrí nach mór na tosca uile a dhéanann difear do phobail éisc a mheas chun stoic éisc Mhuir Bhailt a atógáil; de bhrí gur cheart tosca comhshaoil a chomhtháthú freisin i gcur chuige atá bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh; de bhrí go bhfuil gá le bearta bainistíochta spriocdhírithe agus éifeachtacha atá bunaithe ar an eolaíocht agus ar an idirphlé is fearr atá ar fáil leis na geallsealbhóirí uile chun aghaidh a thabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí sin; de bhrí, maidir le plean Eorpach um bainistiú broigheall a ghlacadh atá dírithe ar thionchar méadaitheach na mbroigheall ar stoic éisc, ar iascach agus ar dhobharshaothrú a mhaolú, gur leag an Pharlaimint amach sraith beart féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin leanúnacha a bhaineann le pobail broighill;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar réimeas rónta an Aontais; de bhrí, le linn comhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún, go raibh tuairim láidir ann i gcoinne táirgí róin a chur ar an margadh agus go raibh imní ann faoi fhiach rónta<FOOTNOTE><FIELD> https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/14031-Trade-in-seal-products-fitness-check-of-EU-rules/public-consultation_ga.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí, ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, go bhfuil na mílte tonna d’airm thraidisiúnta agus cheimiceacha ina bhfuil substaintí contúirteacha, lena n-áirítear oibreáin chogaíochta ceimicí amhail gás amharaig, deoirghás agus oibreáin bhaoth-thonnacha phairiliseacha, ag scaoileadh ceimiceán guaiseach isteach sa mhuirthimpeallacht de réir a chéile mar thoradh ar chreimeadh forchéimnitheach, rud a d’fhág go raibh éilliú, damáiste d’éiceachórais agus cailliúint na bithéagsúlachta ann, agus gur bagairt é freisin ar shláinte an duine agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ag brath ar an bhfarraige, lena n-áirítear iascaigh, iompar, eastóscadh amhábhar agus forbairt fuinnimh mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh éilliú tapa ar chuid mhór de Mhuir Bhailt a bheith mar thoradh ar aon sceitheadh ó shaoráidí stórála ceimiceán, rud a sháródh cumais tíortha aonair agus a mbeadh freagairt chomhordaithe ón Aontas ag teastáil ina leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le plean fadtéarmach atá slán ó thaobh airgeadais de arna fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun grinneall Mhuir Bhailt a fheabhsú, lena n-áirítear airm cheimiceacha, lastaí tocsaineacha agus substaintí radaighníomhacha a bhaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>BE.</NO.P>de bhrí go bhfuil bainistiú inbhuanaithe stoc éisc Mhuir Bhailt casta freisin mar gheall ar bhearnaí sonraí a eascraíonn as neamhthuairisciú sonraí ag an Rúis, rud a mhéadaíonn éiginnteacht eolaíoch agus a bhaineann an bonn de bhainistiú éifeachtach réigiúnach iascaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>BF.</NO.P>de bhrí go ndéanann an Rúis cinneadh aontaobhach maidir le cuótaí, gan aird a thabhairt ar chomhairle eolaíoch agus cuótaí a shocrú go comhsheasmhach a sháraíonn UTI, rud a d’fhéadfadh téarnamh stoic éisc Mhuir Bhailt a chur i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>BG.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar ghníomhaíocht scáthchabhlach na Rúise, mar a thugtar air, ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go n-oibríonn an cabhlach sin soithí atá imithe i léig nach gcomhlíonann caighdeáin sábháilteachta agus a úsáidtear chun amhola agus táirgí peitriliam a iompar ar fud Mhuir Bhailt, agus an aird is lú á tabhairt ar chaighdeáin sábháilteachta, chomhshaoil agus rialála, go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis don mhuirthimpeallacht agus d’iascaigh réigiúnacha mar gheall ar aosú agus drochbhail a soithí, agus gur cúis imní é freisin maidir le hiascaigh i gcomhthéacs an téarnaimh is gá ar stoic éisc Mhuir Bhailt agus ar shlándáil fhoriomlán Mhuir Bhailt, agus go bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann i gcás doirteadh ola a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do gach tír sa réigiún;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí práinneacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as na huirlisí dlíthiúla agus bainistithe uile atá ar fáil cheana, lena n-áirítear bearta spriocdhírithe, trí úsáid a bhaint as cur chuige eolaíochtbhunaithe chomh maith le comhairliúchán éifeachtach le geallsealbhóirí, chun aon laghdú breise ar stoic éisc Mhuir Bhailt a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forbairt tagtha ar dháileadh cuótaí i measc ranna cabhlaigh i Muir Bhailt agus cinneadh a dhéanamh an ann do nasc cúisíoch idir an brú ar na hacmhainní agus beartas dáileacháin náisiúnta na ndeiseanna iascaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt á chur chun feidhme acu, bogadh i dtreo céim téarnaimh agus atógála do stoic éisc, bearta agus gníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, chomh maith le gníomhaíochtaí idirnasctha eile a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta eile chun aghaidh a thabhairt ar na strusairí uile maidir le stoic éisc; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus an chéim téarnaimh agus atógála thuasluaite á cur chun feidhme acu, machnamh a dhéanamh ar bhearta feabhais bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil amhail iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí do stoic áirithe i Muir Bhailt dá bhforáiltear sa phlean ilbhliantúil, agus bearta a sheachaint a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chobhsaíocht shocheacnamaíoch na bpobal cósta chun a áirithiú go leanfaidh gníomhaíochtaí iascaireachta lena gcaitheamh ag an duine de bheith inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tacaíocht shóisialta agus airgeadais a shlógadh, lena n-áirítear tacaíocht do na pobail a ndéantar difear dóibh, infheistíocht áitiúil, cúiteamh sealadach agus cabhair idirlinne d’iascairí i gcomhréir le rialacha an Aontais chun cruatan míchuí a chosc agus an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú; ag tabhairt dá haire, cé go dtugtar aghaidh le bearta sealadacha ar ábhair imní éiceolaíocha láithreacha, go bhfuil uirlisí maidir le scor buan ceaptha chun an acmhainneacht iascaireachta a choigeartú le deiseanna iascaireachta san fhadtéarma; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh deighilt shoiléir idir scor sealadach agus scor buan i scéimeanna tacaíochta; á aithint nach bhfuair fiontair iascaireachta bheaga agus mheánmhéide Mhuir Bhailt aon chúiteamh eacnamaíoch leormhaith as na caillteanais a tabhaíodh ó dúnadh iascaigh spriocdhírithe trosc in 2019; á iarraidh ar an gCoimisiún ciste tiomnaithe aisghabhála agus aistrithe iascaigh Mhuir Bhailt a bhunú chun tacú le hathstruchtúrú cabhlaigh, nuachóiriú teicneolaíochta, cúiteamh as caillteanais de bharr toirmisc iascaireachta speicis-shonracha, agus caomhnú pobal iascaireachta cósta agus a n-oidhreacht chultúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór dálaí uathúla hidreolaíocha agus ceimiceacha a bhaineann go sonrach le himchuach sa Mhuir Bhailt a chur san áireamh in aon bhearta maidir le hathbhunú stoic, mar fharraige goirt leathiata arb é is príomhthréith di malartú teoranta uisce, criosanna anocsacha agus éilliú marthanach dríodair a bhaineann go sonrach leis an imchuach sin agus nach bhfuil inchomparáide le dálaí imchuacha farraige eile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle GIInna a ghlacadh atá ailínithe go hiomlán leis an gcur chuige réamhchúraim, agus leochaileacht éiceachóras Mhuir Bhailt, tosca socheacnamaíocha, agus rátaí malla téarnaimh na stoc chomh maith le héiginnteacht eolaíoch na comhairle á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún gnéithe socheacnamaíocha a mheas go cúramach agus meastóireacht á déanamh ar an bplean ilbhliantúil reatha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige cothrom idir tosca comhshaoil agus socheacnamaíocha, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth, trí chuótaí ilbhliantúla a shocrú bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil, go bhféadfaí am a thabhairt d’éiceachórais mhuirí i Muir Bhailt téarnamh agus an chobhsaíocht a theastaíonn uathu a sholáthar do ghnólachtaí chun infheistíochtaí a phleanáil, fostaíocht a choinneáil agus bonneagar calafoirt a choinneáil ar bun; agus tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin in earnáil an iascaigh; á chur i bhfios go láidir go mbíonn dí-infheistíocht, caillteanas acmhainneachta táirgeachta agus imeacht fiontar iascaireachta teaghlaigh mar thoradh ar éagobhsaíocht rialála fhada, ar caillteanas socheacnamaíoch do-aisiompaithe é do phobail chósta Mhuir Bhailt; á chur i bhfáth gur cheart comhairliúchán éifeachtach, tráthúil agus córasach le geallsealbhóirí a áireamh i bhforbairt na mbeart bainistíochta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, agus easnaimh an Rialacháin maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt á gcur san áireamh ó thaobh a chuspóirí éiceolaíocha agus socheacnamaíocha a bhaint amach, machnamh a dhéanamh ar bhearta a sheoladh i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de CBI aon uair a léiríonn an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil go bhfuil gá le bearta den sórt sin, agus gníomhaíocht a ullmhú trí anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le hiascaigh ábhartha a dhúnadh, lena n-áirítear d’iascaigh áineasa, agus aird á tabhairt ar ioncam caillte, slite beatha, slándáil bia agus costas na neamhghníomhaíochta amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí cosc ar dhamáiste éiceolaíoch do-aisiompaithe do phobail scadán agus salán i Muir Bhailt chun inmharthanacht fhadtéarmach na n-iascach cósta agus mionscála atá dírithe ar na speicis sin a áirithiú agus chun bia-eangacha muirí a chosaint; á chreidiúint, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, nach mór sosanna téarnaimh do na stoic faoi seach a mheas go práinneach, go dtí go léireofar téarnamh soiléir agus marthanach na stoc le fianaise eolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, chun go mbeidh bearta feabhais chomh héifeachtach agus is féidir, go bhfuil gá le rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí agus nach mór iad a bheith bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil chun a gcuspóirí a bhaint amach; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil rogha ann limistéir aisghabhála stoc éisc atá bunaithe ar an eolaíocht agus tréimhsí coiscthe sealadacha iascaireachta a chruthú i Muir Bhailt, ag díriú ar limistéir chomhiomlánaithe gheimhridh agus réamhsceite d’fhonn earcaíocht chobhsaí agus struchtúr aoise sláintiúil a choinneáil, chomh maith le bearta athchóirithe éighníomhacha agus gníomhacha lena n-áirítear i limistéir sceite éisc agus iasclainne, atá ailínithe le forálacha i reachtaíocht chomhshaoil ábhartha an Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cúiteamh iomchuí agus tráthúil a bheith ag gabháil leis na bearta sin i gcomhréir le forálacha ábhartha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag meabhrú ghealltanais agus spriocanna an Aontais maidir le cumhdach limistéir agus éifeachtacht MPAnna; á mholadh go ndéanfaí bearta bainistíochta éifeachtacha a chur chun feidhme go cuí sna MPAnna atá ann faoi láthair i Muir Bhailt, chomh maith le MPAnna breise a ainmniú i gcomhréir le gealltanais an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart an t-ainmniú sin a bheith bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha ina léirítear gnáthóga criticiúla nó láithreacha sceite; á chur i bhfios go bhfuil gá le bearta bainistíochta éifeachtacha mar aon le treoirthionscadail le haghaidh trealamh iascaireachta roghnaitheach agus ísealtionchair arna spreagadh ag tionscnaimh rathúla sa Mhuir Thuaidh agus in Skagerrak;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé iascaigh inmharthana ar mhionscála a choinneáil le gabhálacha teoranta sa réigiún, rud a chuirfidh ar a gcumas oibriú le linn céimeanna atógála; ag meabhrú fhorálacha ábhartha an Rialacháin athbhreithnithe maidir le Rialú ar Iascach agus a gcur chun feidhme iomlán agus éifeachtach; á chur i bhfáth go bhfuil an t-iascach sin ríthábhachtach do shlite beatha, d’athléimneacht slabhraí soláthair traidisiúnta agus do phoist a chaomhnú i bpobail iascaireachta cósta agus go bhfuil luach sóisialta agus cultúrtha ar leith acu; á chur i bhfios gur féidir breisluach níos mó a bhaint amach do gheilleagair áitiúla trí na hiascaigh sin a neartú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá 3 cholún na forbartha inbhuanaithe i gcomhréir le hAirteagal 2 de CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar staid shocheacnamaíoch iascairí cósta ar mhionscála; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá deiseanna iascaireachta agus limistéir iascaireachta i limistéir chósta d’oibreoirí beaga; á thabhairt chun suntais gur féidir leis na Ballstáit na feabhsuithe sin a bhaint amach trína leithdháiltí cuótaí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17 CBI, agus trí infheistíochtaí i dtrealamh roghnaitheach agus i dtrealamh ísealtionchair; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar rialacha difreáilte rochtana d’iascaigh Mhuir Bhailt agus, i gcás inarb iomchuí, iad a chur chun feidhme bunaithe ar fhad soithí agus ar chineál trealaimh, go háirithe d’fhonn teorainn a chur leis an mbrú iomaíoch a chuireann soithí tionsclaíocha ar mhórscála ar fhiontair teaghlaigh bheaga agus mheánmhéide agus ar phobail chósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún go neartófaí tuilleadh cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír chun dul i ngleic le haischur neamhdhleathach i Muir Bhailt, agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le bearta inoibrithe, chun tacú le roghnaíocht agus chun gabhálacha de thaisme a laghdú, agus chun na forálacha ábhartha maidir leis an ábhar sin a chur chun feidhme i gcomhréir le CBI agus leis an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan maidir le cur chuige iomlánaíoch agus geilleagar gorm athghiniúnach agus inbhuanaithe a chothú i Muir Bhailt, le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun stoic éisc a athbhunú agus brúnna comhshaoil a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais leormhaith chun cuspóirí an Chomhshocraithe um an Aigéan agus an Chompáis Iomaíochais a chur chun feidhme chun geilleagar muirí athléimneach a fhorbairt a bheidh inmharthana san fhadtéarma, agus chun nuálaíocht, nuachóiriú, dícharbónú agus digitiú a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-ualach riaracháin a laghdú agus comhordú níos fearr a áirithiú ar fud na mbeartas chun athléimneacht, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach réigiún Mhuir Bhailt a neartú i bhfianaise dúshláin éiceolaíocha agus mhargaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, gníomhú i gcomhréir leis na Conarthaí i gcásanna ina bhfuil rialacha an Aontais amhail rialacha maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt á sárú ag an gComhairle agus ag na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar Rialachán an Aontais maidir le Rialú ar Iascach a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, lena n-áirítear forálacha lena dtugtar aghaidh ar mhíthuairisciú gabhálacha agus lena neartaítear cruinneas agus iontaofacht an tuairiscithe gabhála sa réigiún;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An chomhairle eolaíoch a fheabhsú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bainistiú iascaigh a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar an ról lárnach atá ag ICES maidir le comhleanúnachas eolaíoch a áirithiú, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le heolas na n-iascairí; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá neamhspleáchas ICES; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh sonraí eolaíocha iascaireachta nuashonraithe agus riachtanacha ar fáil do ICES chun leanúint d’fheabhas a chur ar a chomhairle agus chun a áirithiú go mbeidh measúnuithe eolaíocha ardcháilíochta ar fáil go tráthúil; á iarraidh ar an gCoimisiún a iarrataí uile ar chomhairle eolaíoch ó ICES a chur ar fáil go poiblí chun idirphlé oscailte a cheadú freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a iarraidh láithreach ar ICES, ina phléití maidir leis an meabhrán tuisceana, comhairle ilspeiceas atá bunaithe ar éiceachórais a fhorbairt tuilleadh chomh maith le comhairle maidir le hathshlánú stoc, rud lena n-aithnítear inathraitheacht chomhshaoil agus idirghníomhaíochtaí bia-eangacha, féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as pointí tagartha atá bunaithe ar éiceachórais agus as sonraí básmhaireachta iascaireachta arna gcoigeartú ag éiceachórais agus atá saincheaptha d’idirghníomhaíochtaí speiceas Mhuir Bhailt agus d’idirghníomhaíochtaí speiceas sonrach, agus táscairí comhlántacha a áireamh freisin bunaithe ar rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais amhail an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, mar shampla chun táscairí móra éisc chomh maith le táscairí dáilte aoise agus méide a áireamh; á thabhairt chun suntais gur cheart go leanfadh aon chomhairle den sórt sin de bheith trédhearcach agus intuartha don earnáil agus go seachnófaí rómheastachán as a dtiocfadh teorainneacha gabhála míchuí agus éiginnteacht ghnó ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcás Mhuir Bhailt, comhairle a iarraidh ó ICES maidir le maoláin réamhchúraim a bhaineann le héiginnteacht na comhairle eolaíche, chomh maith le héiginnteacht na hearcaíochta agus na conaire bithmhaise, chomh maith le comhairle maidir leis na héifeachtaí a bheadh ann mura n-úsáidfí raonta os cionn UTI agus na hiarmhairtí ábhartha uile, agus laghduithe dochta nó uathoibríocha lena dtugtar neamhaird ar réaltachtaí socheacnamaíocha á seachaint; á chur i bhfáth gur huirlis thábhachtach i gcónaí í UTI le haghaidh bainistiú oiriúnaitheach agus freagrach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún anailísí socheacnamaíocha ábhartha do Mhuir Bhailt a iarraidh ar CETEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na measúnuithe stoic uile a úsáidtear chun dlí AE a chur chun feidhme a bhunú ar phointí tagartha bithmhaise B<STRING SUBSCRIPT="on">UTI</STRING>, mar a léirítear i gcuspóirí Airteagal 3(1) den Rialacháin maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt agus Airteagal 2(2) de CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar i mbainistiú stoic éisc Mhuir Bhailt spriocanna chun méid nádúrtha agus dáileadh aoise laistigh de phobail a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 2(5)(j) de CBI ina dtagraítear d’Airteagal 1(1) den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, agus á aithint go gcuireann struchtúir shláintiúla daonra le hacmhainneacht atáirgthe, le hathléimneacht stoic agus le cobhsaíocht éiceachórais; á mholadh go bhforbrófaí táscairí faireacháin agus cleachtais iascaireachta níos roghnaithí arna bhforbairt i gcomhar leis an earnáil lenar féidir baint chórasach éisc níos mó agus níos sine a laghdú agus acmhainneacht earcaíochta an stoic a chosaint ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, chun dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, comhairle eolaíoch a iarraidh ó ICES lena gcuirtear san áireamh strusairí ábhartha comhshaoil agus éiceachórais i Muir Bhailt; á mheas gur cheart don chomhairle sin aird a tharraingt go soiléir ar na rioscaí a bhaineann le staid reatha an chomhshaoil, idirghníomhaíocht talún-farraige, an éiginnteacht mhéadaithe mar gheall ar an athrú aeráide agus tionchar idirghníomhaíochtaí speiceas, lena n-áirítear pobail chreachadóirí ábhartha, agus na rioscaí sin a léiriú, i measc tosca eile; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an leibhéal éiginnteachta faoi seach a chur in iúl go soiléir in aon chomhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle le ICES faoi chuimsiú an mheabhráin tuisceana atá ann cheana chun nuashonrú rialta ar a dtreoirlínte teicniúla maidir le rialacha rialaithe gabhála a spreagadh agus chun modhanna measúnaithe stoic a mhionchoigeartú tuilleadh bunaithe ar chritéir eolaíocha neamhspleácha; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach go n-úsáidfidh ICES – agus comhairle á tabhairt aige don Choimisiún nó do na Ballstáit – na cineálacha cur chuige is cothroime le dáta do Mhuir Bhailt, agus go leanfaidh siad de bheith fónta ó thaobh na heolaíochta de agus de bheith comhsheasmhach le creat dlíthiúil iascaigh an Aontais; á aithint gur próiseas inmheánach ICES é sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit mapáil chuimsitheach ar phobail ghéiniteacha a thionscnamh i Muir Bhailt ar speicis áirithe a ndéantar saothrú tráchtála orthu, lena n-áirítear scadáin agus saláin, chomh maith le speicis eile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus comhairle fhianaise-bhunaithe a fhorlíonadh le haghaidh cinntí níos eolaí maidir le deiseanna iascaireachta agus maidir le bearta teicniúla; á chur i bhfáth nach mór do ICES na sonraí géiniteacha sin a bhailíochtú go hiomlán agus a chomhtháthú i samhlacha measúnaithe fadtéarmacha stoic sula n-úsáidfear iad chun críoch bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar cháilíocht sonraí maidir le critéir aoise agus mhéide do na stoic lena mbaineann agus cinntí bainistithe iascaigh á n-ullmhú don réigiún; á thabhairt chun suntais gur cheart go dtacódh bailiú feabhsaithe sonraí maidir leis na paraiméadair sin le Tuairisceoir 3, Critéar 3 (D3C3) na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a chomhtháthú mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(3) den phlean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar ICES anailís eolaíoch mhionsonraithe a dhéanamh ar chur chuige reatha an Aontais maidir le leas a bhaint as comhairle eolaíoch do Mhuir Bhailt; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a áirithiú go léireofar go hiomlán sa chomhairle a iarrtar maidir le leibhéil ghabhála na ceanglais dhlíthiúla agus na cuspóirí beartais ábhartha uile lena n-áirítear cuspóirí CBI mar a leagtar amach in Airteagal 2; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus gníomhaíochtaí nithiúla a leagan amach maidir leis an gcaoi ar féidir an chomhairle atá ar fáil faoi láthair maidir le deiseanna iascaireachta a úsáid ar bhealach atá réamhchúramach go leor chun na ceanglais agus na cuspóirí dlíthiúla ábhartha uile a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mholadh don Choimisiún agus don Chomhairle a áirithiú go mbeidh socrú GII trédhearcach agus bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch agus ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil de réir chuspóirí an Rialacháin maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt agus CBI, agus de réir comhairle ilspeiceas atá bunaithe ar éiceachórais, agus go gcuirfear san áireamh ann idirghníomhaíochtaí idir an t-iascach agus cobhsaíocht shocheacnamaíoch fhadtéarmach na bpobal cósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit obair agus sainmhínithe idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear obair agus sainmhínithe Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus an tuiscint ar bhainistiú bunaithe ar éiceachórais á forbairt a thuilleadh laistigh de chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana amhail maidir le héiceachórais fheidhmiúla mar a tugadh faoi deara in Airteagal 5(5)(a) den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosca eile a bhfuil tionchar acu ar iascach Mhuir Bhailt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún plean eolaíochtbhunaithe, comhordaithe agus trasearnála a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar phríomhstrusairí a dhéanann difear do Mhuir Bhailt agus rialachas cuimsitheach agus pleanáil spásúil mhuirí á n-áirithiú ag an am céanna, agus chun dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus comhoibriú leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an deis chun tacú le comhordú beartais feabhsaithe agus le cur chun feidhme comhleanúnach na mbeartas muirí agus na mbeartas a bhaineann le huisce tríd an togra reachtach atá ar na bacáin le haghaidh Gníomh um an Aigéan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go mbeadh bearta éifeachtacha ann maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid go tráthúil agus chun méadú ar na rioscaí agus ar na costais a bhaineann le gníomhaíocht mhoillithe sa réigiún a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur chun feidhme go leanúnach agus go héifeachtach agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don ghá atá le réitigh chothroma agus inoibrithe do na hearnálacha uile a ndéantar difear dóibh chun aghaidh a thabhairt ar bhrúnna comhshaoil i Muir Bhailt agus in uiscí eile an Aontais, lena n-áirítear truailliú cothaitheach ó fhoinsí iomadúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go dtiocfadh méadú suntasach ar infheistíocht i ngléasraí cóireála séarachais nua-aimseartha agus i gcórais coinneála agus scagacháin truaillithe, i dtíortha Mhuir Bhailt agus i ngach abhantrach a sceitheann uisce isteach i Muir Bhailt araon; á chur i bhfáth, gan nuachóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar bhonneagar uisce agus séarachais, nach mbeidh sna hiarrachtaí uile chun cáilíocht uiscí Mhuir Bhailt a fheabhsú ach iarrachtaí dearbhaitheacha agus neamhéifeachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aon chur chuige i leith creachóireacht nádúrtha a bhunú ar chomhairliúcháin eolaíochta agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear bearta bainistíochta coisctheacha, atá fréamhaithe go háitiúil agus spriocdhírithe le haghaidh broighill mhóra agus rónta liatha, rud lena n-áiritheofar go mbeidh aon bhearta a ghlacfar éifeachtach, go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí dlíthiúla uile, agus go n-áireofar leo faireachán leormhaith, cistiú tiomnaithe agus leormhaith agus comhar neartaithe le geallsealbhóirí, chun éifeachtacht na mbeart a chuirfear chun feidhme a áirithiú, lena n-áirítear cleachtais mhaolaithe amhail díspreagthacha nó eisiamh fisiciúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún gníomhaíocht phráinneach agus éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar an mbrú a chuireann pobail mhóra broighill ar stoic éisc Mhuir Bhailt, lena n-áiritheofar go mbeidh bearta comhréireach, oiriúnaithe go réigiúnach agus curtha chun feidhme trí idirghabhálacha bainistithe éifeachtacha, spriocdhírithe agus saincheaptha go háitiúil bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil, agus ag an am céanna a chur ar chumas na mBallstát bearta maolaithe praiticiúla agus cás-shonracha a chur i bhfeidhm i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar thionchair áitiúla, agus ar an gcaoi sin tacú le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-iascach i limistéir chósta atá buailte
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil bearta á gcur chun feidhme go héifeachtach chun muc mhara Mhuir Bhailt atá i mbaol criticiúil a athshlánú agus, i gcás inar gá, bearta breise a dhéanamh chun na príomhbhagairtí ar a marthanas a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheabhrú gur cuireadh pobail rónta Mhuir Bhailt i mbaol a ndíothaithe sna 1970idí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún plean Eorpach um bainistiú broigheall a mholadh d’iascach agus do dhobharshaothrú i Muir Bhailt, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar chleachtais na mBallstát, agus an plean a mhol an Coimisiún Comhairleach Eorpach um Iascaigh Intíre agus Dobharshaothrú (EIFAAC)<FOOTNOTE><FIELD> https://www.fao.org/fishery/services/storage/fs/fishery/documents/EIFAAC/cormorantsplan/EuropeanManagementPlanforCormorants-April2025.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta le déanaí á chur san áireamh chomh maith le tionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas roimhe seo amhail ‘INTERCAFE’<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ceh.ac.uk/our-science/projects/intercafe.</FIELD></FOOTNOTE>;  á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta coisctheacha, cúiteamh as caillteanais, agus cistiú ó fhoinsí an Aontais agus náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á athdhearbhú go mbaineann rioscaí tromchúiseacha comhshaoil agus sábháilteachta le hordanás neamhphléasctha (UXO) a dhumpáiltear i Muir Bhailt; ag meabhrú rún uaithi an 27 Aibreán 2021 maidir le hiarmhair cheimiceacha i Muir Bhailt agus tionscadail rathúla CHEMSEA, DAIMON agus DAIMON 3; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta comhordaithe agus praiticiúla breise a dhéanamh chun na hábhair ghuaiseacha sin a aimsiú, a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu go córasach chun tosaíocht a thabhairt do réimsí le haghaidh feabhsúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí comhpháirteacha chun tacú le taighde eolaíoch a fhorbairt agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le bealaí sábháilte agus costéifeachtacha chun muinisin agus ordanás neamhphléasctha (UXO) a shainaithint agus a bhaint ó ghrinneall na farraige d’fhonn gníomhaíochtaí comhordaithe feabhsúcháin ar mhórscála a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit clár comhordaithe, fadtéarmach agus leormhaoinithe de chuid an Aontais a sheoladh a bheidh dírithe ar UXO Mhuir Bhailt a shainaithint, a neodrú agus a bhaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag cáineadh shaothrú mífhreagrach, neamh-inbhuanaithe agus neamheolaíoch na Rúise ar stoic éisc Mhuir Bhailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí aontaobhacha na Rúise a mheas agus cuótaí á socrú acu do Mhuir Bhailt; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí atá dírithe ar bhrú a chur ar an Rúis cuótaí a thabhairt i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag cáineadh go láidir láithreacht mhéadaitheach scáthchabhlach na Rúise i Muir Bhailt, le hoibríochtaí a sheachnaíonn príomhchaighdeáin rialála, rud a mhéadaíonn an baol go dtarlóidh doirteadh ola agus guaiseacha comhshaoil eile; á chur i bhfáth go bhféadfaí dochar a dhéanamh d’éiceachórais mhuirí, d’iascaigh áitiúla agus do shláinte an duine; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cúis bhuartha di go leanann táirgí iascaigh na Rúise de mhargadh an Aontais a bhaint amach trí bhealaí trádála atá ann cheana, agus béim á leagan ar an ngá atá lena áirithiú go ndúnfar go héifeachtach aon lúb ar lár a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí bhearta sriantacha an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhearta breise chun scáthchabhlach na Rúise a chomhrac, go háirithe i réigiún Mhuir Bhailt; á iarraidh go mbeadh comhar réigiúnach feabhsaithe agus forfheidhmiú níos déine ann chun na rioscaí sin a mhaolú agus chun acmhainní muirí Mhuir Bhailt a chosaint; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé forfheidhmiú iomlán na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athruithe dlíthiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le níos mó a dhéanamh maidir le comhordú iomlánaíoch beartais, chomh maith le dul chun cinn leanúnach agus brostaithe i gcur chun feidhme reachtaíochta réimsí beartais eile chun nach mbeifear ag brath ar bhearta iascaigh amháin agus chun cosc a chur ar mheath socheacnamaíoch breise na bpobal cósta; ag cur sonrú sna hiarrachtaí a rinneadh i gcomhthéacs na gcomhdhálacha ‘Muir Bhailt atá againn’; ag spreagadh tuilleadh dul chun cinn i dtreo torthaí nithiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún meastóireacht agus athbhreithniú féideartha a thionscnamh ar an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt d’fhonn feabhas a chur ar a shoiléireacht, ar a chomhleanúnachas agus ar a chur i bhfeidhm praiticiúil, agus measúnú á dhéanamh ar a fheidhmíocht maidir le gnéithe comhshaoil agus socheacnamaíocha; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh aon choigeartú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat amach anseo de bheith simplí, eolaíochtbhunaithe agus inoibrithe don earnáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, laistigh d’athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, measúnú a dhéanamh agus, i gcás inar gá, a mholadh go n-áireofaí stoic bradán agus breac mar stoic shonracha atá le cumhdach faoi raon feidhme an rialacháin maidir le foghabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh an breisluach íseal ó thaobh comhar réigiúnach i Muir Bhailt de, ós rud é gur comhdhlúthaíodh, den chuid is mó, bealaí comhair atá ann cheana leis an bplean ilbhliantúil nó gur tionscnaíodh bealaí comhair cheana leis; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar phróisis mhalla agus maorlathas méadaithe a ghabhann leis na tionscnaimh sin, gur tionscnaíodh líon measartha beag moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit, rud a fhágann gur cúis imní é nach bhfuil forálacha réigiúnaithe rialacha iascaigh an Aontais á n-úsáid chun bearta bainistíochta a oiriúnú do shainiúlachtaí Mhuir Bhailt; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhar réigiúnach idir na tíortha Baltacha, lena n-áirítear na geallsealbhóirí uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór bainistiú éifeachtach Mhuir Bhailt a bheith bunaithe ar mhuinín, ar idirphlé agus ar chomhar réigiúnach idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí uile, comhlachtaí réigiúnacha amhail HELCOM, agus pobail chósta chun réitigh phraiticiúla agus malartú eolais a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige nua, oiriúnaithe go réigiúnach ann maidir le bainistiú riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí na rialacha sa phlean ilbhliantúil a shoiléiriú chun toirmeasc a chur ar sholúbthacht ó bhliain go bliain i gcás stoic atá faoi bhun phointe tagartha caomhnaithe Btrigger atá ann faoi láthair i bplean ilbhliantúil Mhuir Bhailt mar a chomhaontaigh an Chomhairle faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta bainistíochta eolaíochtbhunaithe agus comhréireacha do bhradáin i Muir Bhailt a neartú, rud lena n-áiritheofar go dtuigfear i gceart tionchair éiceachórais na n-iascach scadán, salán agus trosc ar bhradáin agus go dtabharfar aghaidh orthu; ag tathant go ndéanfaí faireachán agus taighde feabhsaithe chun tacú le bainistiú inbhuanaithe bradán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart bainistiú iascaigh san Aontas a bheith bunaithe ar thaithí Eorpach, ar eolaíocht agus ar réaltachtaí réigiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha arna n-oiriúnú go réigiúnach do Mhuir Bhailt a mholadh chun gníomhaíochtaí atá le déanamh go huathoibríoch nuair a thiteann stoic faoi bhun spreag-luachanna a shocraítear i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim, agus á athdhearbhú gur cheart bainistiú UTI a chomhlánú i gcás inarb infheidhme le bearta chun gabhálacha a dhifreáil de réir méide agus aoise ar an gcéad dul síos; á mheas go bhféadfaí inspioráid a fháil ó chleachtais bhainistíochta i réigiúin eile amhail an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada agus na Stáit Aontaithe, agus comhsheasmhacht le creat dlíthiúil an Aontais á háirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar réigiúnach a neartú i gcomhréir le hAirteagal 18 de CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh go mbeadh bearta nithiúla agus éifeachtacha ann lena n-áiritheofar go mbeidh éisc a ghabhtar i Muir Bhailt dírithe níos mó agus níos mó ar thomhaltas díreach an duine, chun slabhraí soláthair bia áitiúla a chur chun cinn agus a dhreasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta náisiúnta tugtha isteach ag roinnt Ballstát i réigiún Mhuir Bhailt amhail an Ghearmáin agus an tSualainn chun trálaeireacht ghrinnill a shrianadh nó a thoirmeasc i limistéir mhuirí áirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go molfadh réigiún Mhuir Bhailt stop a chur le trálaeireacht mine éisc agus ola éisc le linn céim atógála, agus gníomhaíochtaí eastóscacha in MPAnna a theorannú; á aithint go bhfuil éagsúlacht sna cineálacha cur chuige ar fud an Aontais i bhfianaise comhthéacsanna sonracha éiceolaíocha, dlíthiúla agus socheacnamaíocha;‑ ag spreagadh na mBallstát leanúint le réitigh chomhréireacha eolaíochtbhunaithe a fhorbairt i gcomhar le geallsealbhóirí, go háirithe earnáil na hiascaireachta agus pobail chósta, chun cosaint mhuirí a fheabhsú agus inmharthanacht earnáil iascaigh an Aontais á háirithiú ag an am céanna trí aistriú cóir;‑
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>