<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0190</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na sochaí cúraim: aghaidh a thabhairt ar an mbearna chúraim idir na hinscní</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0083/2026 -  Rapóirtéirí: Eleonora Meleti, Rosa Estaràs Ferragut)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2026 ar dhul chun cinn i dtreo sochaí chúraim: aghaidh a thabhairt ar an mbearna chúraim idir na hinscní (2025/2039(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 2 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 8, 19, 153 agus 157 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAosú Folláin<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ‘EDS’s work on the UN Decade of Healthy Ageing (2021–2030)’ [Obair EDS ar Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAosú Folláin (2021–2030)].</FIELD></FOOTNOTE> faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, agus go háirithe a ‘chumasóirí’ a bhaineann le cúram comhtháite agus rochtain ar chúram fadtéarmach a sholáthar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, go háirithe, dá phrionsabail maidir le comhionannas inscne, cothromaíocht oibre is saoil, cúram leanaí agus tacaíocht do leanaí, cuimsiú daoine faoi mhíchumas, pobal freagrachta comhroinnte, agus an ceart chun cúraim fhadtéarmaigh, agus do phlean gníomhaíochta an Choimisiúin chun borradh a chur faoin ngeilleagar sóisialta agus chun poist a chruthú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (COM(2021)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus do dhaingniú an Aontais air,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an Straitéis Eorpach um Chúram(COM(2022)0440), do mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO C 484, 20.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> agus an moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 476, 15.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phlean gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, dá phríomhspriocanna do 2030 agus do Scórchlár Sóisialta an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 204, 26.7.2006, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/54/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 188, 12.7.2019, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 dar teideal ‘I dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa (COM(2021)0044),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2022 maidir leis an Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – i dtreo straitéis chuimsitheach agus chomhordaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 342, 6.9.2022, lch. 109.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir maidir le Trédhearcacht Pá),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú (COM(2023)0716),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2831, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 3 Nollaig 2024 maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus comhionannas inscne a áirithiú do gach glúin i gcomhthéacs dúshláin dhéimeagrafacha, a d’fhormheas an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) ag an gcruinniú a reáchtáil sí an 2 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 4 Nollaig 2024 maidir le ganntanais saothair agus scileanna san Aontas: Acmhainneacht saothair neamhshaothraithe a shlógadh san Aontas Eorpach, a d’fhormheas EPSCO ag an gcruinniú a reáchtáil sé an 2 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chreat gníomhaíochtaí maidir le coinneáil agus earcaíocht i seirbhísí sóisialta, a ghlac an Coiste Eorpach um Idirphlé Sóisialta Earnála maidir le Seirbhísí Sóisialta i mí an Mheithimh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 20 Márta 2024 ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Labour and skills shortages in the EU: an action plan’</STRING>[Ganntanais saothair agus scileanna san Aontas: plean gníomhaíochta] (COM(2024)0131),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2024 ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025)0090),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir le comhionannas inscne san Aontas Eorpach, go háirithe an chuid di maidir leis an mbearna chúraim idir na hinscní,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2018 maidir le saoráidí cúraim leanaí a fhorbairt do leanaí óga d’fhonn rannpháirtíocht saothair na mban a mhéadú, cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach do thuismitheoirí atá ag obair agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach san Eoraip (‘cuspóirí Barcelona’) (COM(2018)0273),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don naoú tuarascáil ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, a foilsíodh i mí an Mhárta 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dar teideal ‘treo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 194, 12.5.2022, lch. 19.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Samhain 2018 dar teideal ‘Seirbhísí cúraim in AE le haghaidh comhionannas inscne níos fearr a bhaint amach’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 80.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 dar teideal ‘Príomhshruthú inscne i bParlaimint na hEorpa – tuarascáil bhliantúil 2020’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 139.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún uaithi an 21 Eanáir 2021 dar teideal ‘Gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0083/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhionannas inscne ar cheann de luachanna bunaidh AE; de bhrí gur cheart príomhshruthú inscne agus cur chuige trasnach a chur chun feidhme agus a chomhtháthú ar fud bheartais uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go leagtar amach i bplean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta tionscnaimh nithiúla chun prionsabail a chur chun feidhme atá bunriachtanach chun Eoraip shóisialta níos láidre a thógáil d’aistrithe córa agus don téarnamh, lena n-áirítear ceann maidir le cúram fadtéarmach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, le cúram, go gcuimsítear cúram foirmiúil agus cúram neamhfhoirmiúil araon; de bhrí go dtagraíonn cúram foirmiúil d’obair chúraim a sholáthraítear faoi shocruithe foirmiúla fostaíochta, agus go dtagraíonn cúram neamhfhoirmiúil d’obair chúraim a sholáthraítear laistigh de thimpeallacht shóisialta an duine aonair agus go n-íoctar an duine sin de ghnáth, cé nach n-íoctar é i gcónaí; de bhrí, dá bhrí sin, go n-áirítear leis an gcoincheap ‘cúramóir’, mar a comhaontaíodh go comhchoiteann, gach cineál cúraim ‘foirmiúil’ agus ‘neamhfhoirmiúil’; de bhrí go dtagann obair chúraim ar go leor bealaí, lena n-áirítear cúram leanaí, cúram fadtéarmach, cúram sláinte agus seirbhísí pearsanta; de bhrí gurb iad na mná den chuid is mó a sholáthraíonn seirbhísí cúraim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil; de bhrí go gcuireann cúramóirí neamhfhoirmiúla cúram ar fáil do dhaoine a bhfuil tinnis ainsealacha orthu, atá faoi mhíchumas, atá leochaileach ó thaobh a sláine de nó a bhfuil riachtanais fhadtéarmacha sláinte nó cúraim eile acu, lasmuigh de chreat cúraim fhoirmiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go n-aithníonn sochaí chúraim go bhfuil cúram bunriachtanach d’fheidhmiú na ngeilleagar agus na sochaithe; de bhrí gur cheart luach a chur ar obair chúraim agus í a chomhroinnt go cothrom idir fir agus mná agus aitheantas á thabhairt, go háirithe, don cheart chun cúram a fháil, mar a leagtar síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta; de bhrí gur cuid den cheart bunúsach chun sláinte é cúram fadtéarmach inacmhainne, ardcháilíochta agus duinelárnach a sholáthar; de bhrí go léirítear leis an gcur chuige sin atá bunaithe ar chearta an t-aistriú leanúnach i soláthar cúraim i dtreo seirbhísí lena n-urramaítear neamhspleáchas, dínit agus cuimsiú daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu ag gach céim den saolré, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar an tionchar atá ag daonra atá ag dul in aois ar an tsochaí faoi láthair; de bhrí go bhfuil earnáil an chúraim fhadtéarmaigh fhoirmiúil fós bunaithe ar sholáthar seirbhísí cúraim chónaithe, agus gur dóchúla go seasfaidh cúram baile agus pobalbhunaithe leis an gceart chun neamhspleáchais atá ag daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, i measc daoine os cionn 65 bliana d’aois san Aontas, go bhfaigheann 8 % — os cionn 7 milliún duine aonair — cúram neamhfhoirmiúil, agus go n-ardaíonn an figiúr sin go 11 % ina measc siúd atá 75 bliana d’aois agus os a chionn; de bhrí go mbeidh tionchar suntasach ag an gclaochlú déimeagrafach sin atá ag tarlú san Eoraip ar riachtanais chúraim agus ar an gcaoi a ndéantar seirbhísí cúraim a bhainistiú; de bhrí go bhféadfadh mainneachtain aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin le cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de an bonn a bhaint de rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, agus ar an gcaoi sin neamhionannais inscne a threisiú agus folláine daoine scothaosta, leanaí agus teaghlach a chur i mbaol; de bhrí, i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois, go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine agus atá duinelárnach i leith cúraim a phríomhshruthú lena ráthaítear rannpháirtíocht gach duine; de bhrí go bhfuil athruithe beartais, mar aon le treochtaí déimeagrafacha, ag éirí níos fabhraí do chúram baile do dhaoine scothaosta; de bhrí gur féidir go leor de riachtanais daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a chumhdach le seirbhísí pobalbhunaithe, amhail cúnamh pearsanta agus cúnamh tithíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach bhfuil seirbhísí cúraim shóisialta agus tacaíochta leordhóthanacha nó leormhaithe ag ceantair thuaithe, iargúlta agus oileánacha agus ag na réigiúin is forimeallaí, rud a d’fhéadfadh na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a d’fhéadfadh a bheith rompu cheana féin a threisiú; de bhrí gur dúshlán fós é rochtain ar na seirbhísí sin sna limistéir sin i bhfianaise a ndaonra atá ag laghdú agus ag dul in aois, agus easpa nascachta agus bonneagair; de bhrí gur féidir leis sin cur le tarraingteacht níos ísle na limistéar sin mar áiteanna inar féidir maireachtáil agus oibriú; de bhrí go mbíonn tionchar díréireach aige sin ar mhná, a mbíonn deacrachtaí breise acu agus iad ag iarraidh réiteach a dhéanamh idir an saol oibre agus an saol príobháideach; de bhrí go bhfuil ganntanas cleachtóirí ginearálta agus cúram speisialaithe agus éigeandála sna réimsí sin, as a n-eascraíonn ‘fásaigh leighis’; de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht saoil agus ar fholláine eacnamaíoch na ndaoine atá ina gcónaí sna réigiúin sin trí fheabhas a chur ar infhaighteacht cúraim shóisialta ar ardchaighdeán; de bhrí go gcuireann gníomhaithe an gheilleagair shóisialta seirbhísí cúraim riachtanacha pobalbhunaithe ar fáil lena bhfeabhsaítear cuimsiú, inacmhainneacht agus cáilíocht an chúraim, go háirithe i gceantair thuaithe, iargúlta agus oileánacha nach ndéantar freastal ceart orthu agus sna réigiúin is forimeallaí, agus freagairt á tabhairt ag an am céanna ar riachtanais réigiúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur minic nach bhfeictear cúram foirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon agus go ndéantar tearcluacháil orthu go sóisialta agus go heacnamaíoch, agus pá sa chúram fadtéarmach agus i seirbhísí sóisialta eile 21 % faoi bhun mheán an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur minic a bhíonn sé deacair breisluach sochaíoch an chúraim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a thomhas agus nach ndéantar na daoine a sholáthraíonn an cúram sin a aithint, meas a léiriú orthu ná tacú leo go leordhóthanach, rud a chuireann brú fisiciúil agus síceolaíoch breise orthu; de bhrí go bhfuil cúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla bunriachtanach d’inbhuanaitheacht chórais sláinte agus chúraim na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb iad na difríochtaí inscne i soláthar cúraim agus tearcluacháil earnáil an chúraim ghairmiúil, ina bhfostaítear i bhfad níos mó ban ná fear, is cúis le go leor de na bearnaí eacnamaíocha idir na hinscní;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag dálaí maithe oibre in earnáil an chúraim maidir le seirbhísí cúraim ardcháilíochta a sholáthar;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht saoráidí cúraim leanaí ar ardchaighdeán ríthábhachtach i dtaobh daoine, go háirithe mná a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, a chumasú chun páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurb ionann an méid measta ama a chaitear ar chúram neamhfhoirmiúil san Eoraip agus 39 mbilliún uair an chloig in aghaidh na bliana, arb ionann é agus luach eacnamaíoch thart ar EU 576 bhilliún, arb ionann é sin agus thart ar 3,63 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Peña-Longobardo LM, Oliva-Moreno J., ‘<STRING ITALIC="on">The Economic Value of Non-professional Care: A Europe-Wide Analysis’</STRING> [Luach Eacnamaíoch an Chúraim Neamhghairmiúil: Anailís uile-Eorpach], Iris Idirnáisiúnta um Beartas agus Bainistíocht Sláinte, 2022;11(10); An Eagraíocht Sláinte Domhanda san Eoraip, ‘<STRING ITALIC="on">Shining light on women’s contributions: celebrating their role in informal care</STRING>’, [Solas a chaitheamh ar rannchuidiú na mban: a ról i gcúram neamhfhoirimiúil a cheiliúradh] 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach n-aithnítear cúram neamhfhoirmiúil go leormhaith ina fhoirmeacha éagsúla, ó thacaíocht laethúil le cúram pearsanta go cabhair ócáideach le cúraimí tí; de bhrí go bhfuil mná freagrach go díréireach as cúram den sórt sin a sholáthar, rud a threisíonn éagothromaíochtaí inscne, a chuireann teorainn lena gcumas fostaíocht fhoirmiúil a shaothrú, go háirithe do chúramóirí neamhfhoirmiúla óga; de bhrí go bhfuil an bhearna cúraim leanaí fós ar cheann de na dúshláin is práinní atá roimh thuismitheoirí nua san Aontas agus go ndéanann sí difear go príomha do mhná trí mhoill a chur ar a bhfilleadh ar an obair;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an nuálaíocht dhigiteach agus le húsáid uirlisí sláinte digití feabhas suntasach a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht, go háirithe i gceantair thuaithe, iargúlta agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun cinn go gníomhach agus tacú leo; de bhrí go bhfuil impleachtaí inscne ag baint le ról méadaitheach na n-ardán digiteach in earnáil an chúraim, ós rud é go bhfuil an baol ann go gcuirfidh sé leis na neamhionannais atá ann cheana;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur mná iad 88,2 % den lucht saothair in earnáil an chúraim fhoirmiúil<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, an Straitéis Eorpach um Chúram, 2022.</FIELD></FOOTNOTE>, agus á chur i bhfios go láidir go dtiteann ualach síceolaíoch agus eagraíochtúil na ndualgas cúraim agus teaghlaigh fós go príomha ar mhná;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur ar mhná atá tromlach mór na bhfreagrachtaí cúraim neamhfhoirmiúil, a mheastar a bheith cothrom le 80 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go dtreisíonn sé sin bearnaí inscne gaolmhara leanúnacha ar fud an Aontais agus go rannchuidíonn sé leis an mbearna chúraim idir na hinscní a leathnú, rud a chuireann teorainn le cumas na mban páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair agus sa saol poiblí agus neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach; de bhrí, leis na bearnaí leanúnacha idir na hinscní, lena n-áirítear an bhearna fostaíochta 10 % idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘<STRING ITALIC="on">The gender pay gap situation in the EU’</STRING> [Staid na bearna pá idir na hinscní in AE], 2024.</FIELD></FOOTNOTE>, an bhearna phá 12 % idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘<STRING ITALIC="on">The gender pay gap situation in the EU’</STRING> [Staid na bearna pá idir na hinscní in AE], 2023.</FIELD></FOOTNOTE> agus an bhearna phinsin 25 % idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">The gender pay gap situation in the EU’</STRING> [Staid na bearna pá idir na hinscní in AE], 2025.</FIELD></FOOTNOTE> i measc tosca eile, amhail an t-am a chaitear fostaithe in earnáil an chúraim, go gcuirtear mná i staid leochaileach; de bhrí, in ainneoin feasacht mhéadaithe ar an mbearna chúraim idir na hinscní, go bhfuil fíoraistriú cultúrtha i dtreo comhroinnt chomhionann na hoibre cúraim gan íocaíocht fós i bhfad i gcéin; de bhrí le steiréitíopaí inscne leanúnacha go mbítear ag súil leis gurb iad mná agus cailíní den chuid is mó a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, agus iad sin á dtreisiú ar líne trí na meáin shóisialta; de bhrí gur féidir le hathrú cultúrtha, feachtais múscailte feasachta agus tionscnaimh oideachais lena gcuirtear freagrachtaí cúraim comhroinnte chun cinn a chur ar chumas na mban páirt chomhionann a ghlacadh sa tsochaí agus a áirithiú go mbeidh sé de shaoirse ag cailíní a n-uaillmhianta a shaothrú gan dualgais chúraim dhíréireacha a bheith orthu; de bhrí go n-éilítear leis an mbearna chúraim sin bearta chun rannpháirtíocht na bhfear san earnáil agus dáileadh níos cothroime freagrachtaí a chur chun cinn; de bhrí, de réir Innéacs Comhionannais Inscne 2024 na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, gurb é 78,7 pointe meánscór AE do ghníomhaíochtaí cúraim, rud a léiríonn éagothromaíochtaí leanúnacha inscne in obair tí gan phá, i gcúram leanaí agus i gcúram fadtéarmach<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil an lucht saothair cúraim ar fud na hEorpa ag dul in aois agus go bhfuil dúshláin earcaíochta agus choinneála rompu;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, dá bhrí sin, go gcaitheann mná sé bliana breise thar a saol ag soláthar cúram neamhíoctha i gcomparáid le fir<FOOTNOTE><FIELD> An Biúró Tagartha Daonra, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag mná in earnáil an chúraim, agus fiú tar éis dóibh dul isteach i margadh an tsaothair, go mbíonn an phríomhfhreagracht fós orthu as obair theaghlaigh agus obair chúraim; de bhrí go bhfuil gá le suirbhéanna ar úsáid ama, atá dírithe ar leithdháileadh an ama a chaitear ag déanamh cúraim agus obair tí a thomhas; de bhrí go gcoinníonn freagrachtaí cúraim thart ar 7,7 milliún bean amach as margadh an tsaothair, i gcomparáid le 450 000 fear<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">Gender inequalities in careand pay in the EU’</STRING> [Neamhionannais inscne sa chúram agus sa phá san Aontas Eorpach]’.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach féidir le roinnt ban dul isteach go hiomlán i margadh an tsaothair mar gheall ar an ualach a bhaineann le freagrachtaí cúraim neamhfhoirmiúil a chomhlíonadh; de bhrí go gcuireann dáileadh míchothrom na hoibre cúraim gan íocaíocht bac ar rochtain na mban ar fhostaíocht lánaimseartha agus go gcuireann sé go diúltach leis an mbearna ioncaim idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), Suirbhé ar Cháilíocht Saoil na hEorpa 2016 – Cáilíocht na beatha, cáilíocht na seirbhísí poiblí agus cáilíocht na sochaí, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2018.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a fhágann go mbíonn níos lú deiseanna gairme ann nó fiú go nglactar le tairiscintí post faoi bhun a leibhéal scileanna, rud a fhágann go mbíonn caillteanas ioncaim ann agus go dtéann an bhearna phinsin idir na hinscní in olcas; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint ag na héifeachtaí díobhálacha sin le déine an chúraim a chuirtear ar fáil agus le fad na bhfreagrachtaí cúraim; de bhrí go mbíonn tionchar ar leith ag deiseanna fostaíochta teoranta ar mháithreacha aonair mar gheall ar dhualgais chúraim; de bhrí gurb ionann tuismitheoirí aonair agus 12,4 % de theaghlaigh AE a bhfuil leanaí acu; de bhrí go ndéantar ionadaíocht dhíréireach ar mhná i measc teaghlaigh aontuismitheora freisin, agus gurb ionann an figiúr agus 85 %<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat mar fhoinse, 2023: https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Young_people_-_family_and_society.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach bhfuil ach leath de 42,8 milliún duine faoi mhíchumas in aois oibre AE fostaithe; de bhrí go ndéantar difear ar leith do mhná faoi mhíchumas, agus nach bhfuil ach 21 % díobh i bhfostaíocht lánaimseartha<FOOTNOTE><FIELD> Innéacs Comhionannais Inscne 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go gcuireann ualach dúbailte an chúraim agus na hoibre teorainn mhór le ham cúramóirí le haghaidh fóillíochta agus féinchúraim, rud a chuireann cúramóirí gan phá i mbaol i bhfad níos mó traochta (tuismitheoirí); de bhrí go bhféadfadh rochtain mhéadaithe ar sheirbhísí cúraim sláinte atáirgthe agus ar sheirbhísí ginmhillte cabhrú le tuismitheoirí lena bpleanáil teaghlaigh agus strus a eascraíonn as toircheas gan choinne a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nár cuireadh an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil chun feidhme go hiomlán i roinnt Ballstát; de bhrí nach leor a fhoráil maidir le ceart cúramóirí chun saoire cúig lá oibre in aghaidh na bliana chun cúram leormhaith a sholáthar nó chun cúram foirmiúil a eagrú agus nach gcumhdaítear í leis na coimircí céanna maidir le luach saothair agus tacaíocht ioncaim agus atá ag cineálacha eile saoire teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur díol sásaimh é an fógra go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil faoi 2028;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ar sheirbhísí foirmiúla cúraim atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán ríthábhachtach chun a áirithiú gur fíor-rogha é cúram a thabhairt, chun tacú le cúramóirí agus chun déine an chúraim a laghdú agus chun an t-ualach ar chúramóirí a mhaolú, agus á chur i bhfios go láidir gur féidir leis na seirbhísí sin cuidiú le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú, le comhionannas inscne agus éagsúlacht an lucht saothair a fheabhsú, le neamhspleáchas eacnamaíoch a chur chun cinn agus le spleáchas ar chosaint shóisialta a laghdú, rud a mbeidh fás eacnamaíoch níos inbhuanaithe mar thoradh air;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí, de réir shonraí Eurofound<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Cúram neamhíoctha san Aontas Eorpach’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, go bhfuil baol níos airde ann go bhforbróidh oibrithe cúraim fadhbanna meabhairshláinte mar gheall ar éilimh mhothúchánacha arda an phoist agus nochtadh d’iompraíocht shóisialta dhíobhálach ag an obair;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go léirítear leis na sonraí sin freisin go bhfuil an leithlisiú sóisialta ar cheann de na dúshláin is suntasaí atá roimh chúramóirí neamhfhoirmiúla, agus go bhfuil rioscaí níos airde bochtaineachta, eisiaimh shóisialta, uaignis agus saincheisteanna meabhairshláinte agus sláinte coirp rompu siúd a bhfuil freagrachtaí diana nó ilchúraim orthu; de bhrí go bhféadfadh freagrachtaí cúraim neamhfhoirmiúil bac a chur ar rochtain cúramóirí ar sheirbhísí cúraim sláinte;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go gcuireann cúram do bhall teaghlaigh a bhfuil galar díblithe air amhail ailse nó neamhoird chuimhne, i measc tinnis eile, ualaí díréireacha fisiciúla agus síceolaíocha ar chúramóirí neamhfhoirmiúla, ar ualaí iad a threisítear go minic le linn chéim deiridh ré an othair<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">Gender Equality Index 2019: Work-life balance’</STRING>. [Innéacs Comhionannais Inscne 2019: Cothromaíocht oibre is saoil]</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil an chúraim fós tearcaitheanta, tearcluacháilte agus tearcmhaoinithe in AE agus ina Bhallstáit, rud a fhágann go mbíonn ganntanas leanúnach foirne ann, in ainneoin go meastar go bhfuil acmhainneacht ag an earnáil 8 milliún post breise a chruthú<FOOTNOTE><FIELD> Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go rannchuidíonn infheistíocht phoiblí i seirbhísí cúraim go dearfach le comhionannas inscne agus le bearnaí fostaíochta a dhúnadh; de bhrí go rannchuidíonn gníomhaithe an gheilleagair shóisialta le feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim a bhuí leis na samhlacha rialachais rannpháirtíochta atá ina saintréithe díobh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag earnáil an chúraim oibrithe óga a mhealladh<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar taighde Eurofound, ‘<STRING ITALIC="on">Measures to tackle labour shortages: Lessons for future policy</STRING>’ [Bearta chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair: Ceachtanna don bheartas a bheidh ann amach anseo], 2023.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go ndéanann infheistíocht neamhleor i seirbhísí cúraim difear díréireach do mhná agus do chailíní, a ghlacann formhór na bhfreagrachtaí cúraim neamhíoctha; de bhrí go gcuirfeadh bunú caighdeán cáilíochta do sheirbhísí cúraim feabhas díreach ar neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus ar chomhionannas deiseanna do chailíní san oideachas agus san fhostaíocht, agus go n-áiritheofaí go n-úsáidfí caighdeáin chúraim mar uirlis comhionannais inscne do mhná agus do chailíní;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gurb ionann mná ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus sciar suntasach den lucht saothair sin agus gur minic a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhálaí oibre éagóracha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur mná imirceacha iad go leor oibrithe cúraim agus tí san Eoraip, a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar staid an-fhorbhásach agus a ndéantar idirdhealú trasnach orthu mar gheall ar a náisiúntacht, a gcine nó a n-eitneacht, a n-inscne agus a stádas socheacnamaíoch agus cónaithe; de bhrí go bhfuil na himircigh sin ag cúiteamh as an easpa cúraim phoiblí agus inacmhainne san Aontas agus nach gcaitear go cothrom leo ó thaobh a gceart sóisialta agus a rochtana ar dhálaí oibre cuibhiúla de;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le faireachán, trédhearcacht agus sineirgí idir cistiú, taighde agus beartais an Aontais agus cistiú, taighde agus beartais náisiúnta chun an straitéis Eorpach um chúram a chur chun feidhme go rathúil, i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha ábhartha na gcúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go mbraitheann soláthar cúraim ardcháilíochta ar lucht saothair cúraim atá mór go leor agus dea-oilte a bheith ann ag a bhfuil dálaí oibre cuibhiúla agus ioncam cuibhiúil; de bhrí go bhfuil infheistíocht i ngairmoideachas, oiliúint agus deiseanna uas-scilithe ardcháilíochta d’oibrithe cúraim, mar aon le haitheantas leordhóthanach scileanna, bunriachtanach chun an earnáil sin a ghairmiúlú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go rannchuideodh bunú Comhaontaithe Cúraim Eorpaigh, pá íosta agus rochtain ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta, saor in aisce leis an mbochtaineacht a laghdú agus leis an mbearna chúraim, chomh maith leis an mbearna phá idir na hinscní agus an bhearna phinsin a dhúnadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh sonraí imdhealaithe agus táscairí cáilíochta feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chúram; de bhrí go gciallaíonn ‘cúram ceilte’ nach sainaithnítear go leor cúramóirí neamhfhoirmiúla trí shuirbhéanna, agus go bhfuil sonraí maidir le cúramóirí óga (faoi bhun 18 mbliana d’aois) an-ghann; de bhrí go meastar go gcuireann beagnach an ceathrú cuid de dhaoine idir 15 agus 17 mbliana d’aois san Aontas cúram leanaí gan phá ar fáil, agus go bhfuil 8 go 24 % i mbun cúram fadtéarmach; de bhrí go bhfuil mná agus cailíní faoi ró-ionadaíocht i measc cúramóirí óga<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Cúram neamhíoctha san Aontas Eorpach’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go luaitear i straitéis 2026-2030 um chomhionannas inscne, a foilsíodh an 5 Márta 2026, go ndéanfar an straitéis Eorpach um chúram a fhorbairt go Comhaontú Cúraim Eorpach a bheidh le cur i gcrích in 2027;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cúram de réir na staitisticí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil thart ar 6,2 milliún duine<FOOTNOTE><FIELD> An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, 2023;</FIELD></FOOTNOTE> san Aontas fostaithe mar oibrithe cúraim fhoirmiúil, agus go soláthraíonn níos mó ná 53 mhilliún duine<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘<STRING ITALIC="on">Unpaid care in the EU</STRING>’. [obair chúraim gan íocaíocht san Aontas]</FIELD></FOOTNOTE> obair chúraim neamhfhoirmiúil, gan phá go minic, laistigh dá dtimpeallacht shóisialta, amhail do bhaill teaghlaigh bhreoite nó scothaosta, nó do bhaill teaghlaigh faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire gurb ionann cúram neamhfhoirmiúil agus idir 30 % agus 85 % den obair chúraim ar fad<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil maidir le cúram fadtéarmach, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth gur minic nach n-aithnítear obair chúraim fhoirmiúil, a bhfuil dálaí oibre forbhásacha, agus brú fisiciúil agus mothúchánach mar shaintréith aici, le pá 21 % faoi bhun an mheáin sa chúram fadtéarmach agus i seirbhísí sóisialta eile<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Pá i gcúram fadtéarmach agus seirbhísí sóisialta eile 21 % faoi bhun an mheáin’.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go dtuilleann mná 20 % níos lú ar an meán ná fir<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Sláinte Domhanda san Eoraip, ‘<STRING ITALIC="on">Shining light on women’s contributions: celebrating their role in informal care</STRING>’, [Solas a chaitheamh ar rannchuidiú na mban: a ról i gcúram neamhfhoirimiúil a cheiliúradh].</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur mná a dhéanann thart ar 60 % den obair chúraim neamhfhoirmiúil<FOOTNOTE><FIELD> Eurocarers, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire go gcuireann thart ar 32 mhilliún bean cúram neamhfhoirmiúil ar fáil gach seachtain<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Sláinte Domhanda san Eoraip, ‘<STRING ITALIC="on">Shining light on women’s contributions: celebrating their role in informal care</STRING>’, [Solas a chaitheamh ar rannchuidiú na mban: a ról i gcúram neamhfhoirimiúil a cheiliúradh].</FIELD></FOOTNOTE> agus go ndéanann siad 17 n-uair an chloig ar an meán d’obair gan phá in aghaidh na seachtaine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt faoi deara gurb ionann luach eacnamaíoch na hoibre neamhfhoirmiúla tí agus cúraim agus 10 % go 39 % de OTI ar fud an domhain<FOOTNOTE><FIELD> Mná na Náisiún Aontaithe, ‘<STRING ITALIC="on">Redistribute unpaid work’</STRING> [Obair gan phá a athdháileadh], 2021.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go léiríonn deighilt mhíchothrom na hoibre cúraim neamhfhoirmiúil deighilt mhíchothrom na hoibre ar íocaíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil 44 % de mhná san Aontas i bhfostaíocht lánaimseartha, i gcomparáid le 58 % d’fhir<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, San Aontas, is é 44 % an ráta fostaíochta coibhéiseach lánaimseartha (FTE) do mhná agus 59 % d’fhir. ***Tomhaistear uaireanta oibre go comparáideach le ráta fostaíochta FTE, cé go bhféadfadh líon éagsúil uaireanta oibre a bheith ag daoine in aghaidh na seachtaine.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí ag dáileadh éagothrom sin na bhfreagrachtaí cúraim idir fir agus mná — an bhearna chúraim idir na hinscní — ar na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur measadh gurbh ionann an bhearna phá idir na hinscní san Aontas agus 38 % in 2024<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, ‘<STRING ITALIC="on">Addressing the gender care gap: Potential European added value</STRING>’ [Aghaidh a thabhairt ar an mbearna chúraim idir na hinscní: Breisluach Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann].</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt faoi deara gurbh ionann an bhearna phinsin idir na hinscní i measc daoine atá 65 bliana d’aois agus níos sine san Aontas agus 25 % in 2025<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘Innéacs um Chomhionannas Inscne’.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb ionann mná agus 76 % den 49 milliún oibrí cúraim fhoirmiúil san Aontas, arb ionann iad agus 93 % d’oibrithe cúraim leanaí agus de chúntóirí teagaisc<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, ‘<STRING ITALIC="on">Childcare workers and teachers’</STRING> aides in the EU in 2020’. [Oibrithe cúraim leanaí agus cúntóirí múinteoirí san Aontas in 2020]</FIELD></FOOTNOTE>, 86 % d’oibrithe cúraim phearsanta i seirbhísí sláinte agus i dteaghlaigh, agus 95 % d’oibrithe tí<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar ó Lárionad Beartais na hEorpa dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Gender equality: Who cares? Do you?</STRING>’ [Comhionannas inscne: Cé a chuireann suim ann? An gcuireann tusa suim ann?] 2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé earnáil na seirbhísí pearsanta agus teaghlaigh (PHS) a aithint agus a fhorbairt mar phríomhearnáil, ós rud é go gcuimsítear léi an obair chúraim uile a dhéantar i dteaghlaigh, lena n-áirítear cúram díreach (cúram leanaí, cúram fadtéarmach, cúram cónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas) agus cúram indíreach (cócaireacht, iarnáil, glanadh, garraíodóireacht, ranganna feabhais); á chur i bhfios go láidir gur gá oibrithe PHS a aithint, tacú leo agus infheistíocht a dhéanamh iontu; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn na seirbhísí sin ‘le folláine sa bhaile do dhaoine aonair agus do theaghlaigh, lena n-áirítear cúram leanaí, cúram fadtéarmach do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, glanadh, deisiúcháin bhaile, teagasc, garraíodóireacht, agus tacaíocht TFC’<FOOTNOTE><FIELD> An tÚdarás Eorpach Saothair, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth go bhfuil thart ar 6,8 milliún<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘<STRING ITALIC="on">Obair chúraim neamhdhearbhaithe san Aontas Eorpach: Policy approaches to a complex socioeconomic challenge’</STRING>, [Obair chúraim neamhdhearbhaithe san Aontas: Cur chuige beartais maidir le dúshlán casta socheacnamaíoch] tugtar le fios i meastacháin a rinneadh le déanaí go gcuireann 6,8 milliún oibrí neamhdhearbhaithe seirbhísí cúraim nó teaghlaigh ar fáil ar fud an Aontais, le 2,1 milliún go sonrach in earnáil an chúraim.</FIELD></FOOTNOTE> oibrí neamhdhearbhaithe san Aontas a chuireann cúram ar fáil (2,1 milliún) nó atá i bhfostaíocht dhíreach teaghlaigh (4,7 milliún), ar mná iad 90 % díobh, ar náisiúnaigh neamh-AE mheánaosta iad a bhformhór, agus ar tearcfhostaithe iad go minic<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Obair chúraim neamhdhearbhaithe san Aontas Eorpach:Cineálacha cur chuige beartais i leith dúshlán socheacnamaíoch casta’.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú gurb é 9,2 milliún duine líon measta na n-oibrithe neamhdhearbhaithe in earnáil PHS<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Obair chúraim neamhdhearbhaithe san Aontas Eorpach:Cineálacha cur chuige beartais i leith dúshlán socheacnamaíoch casta’. Leathanach 7: Tugann meastacháin le déanaí le fios go gcuireann 6,8 milliún oibrí neamhdhearbhaithe seirbhísí cúraim nó teaghlaigh ar fáil ar fud an Aontais, le 2,1 milliún go sonrach in earnáil an chúraim agus 4,7 milliún i bhfostaíocht dhíreach teaghlaigh. Agus an sainmhíniú níos leithne á chur i bhfeidhm, sroicheann líon measta na n-oibrithe neamhdhearbhaithe san earnáil PHS 9,2 milliún duine.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go léiríonn torthaí Eurofound, a mhéid a bhaineann le cúram fadtéarmach, do mhná agus d’fhir araon, go bhfuil aistriú suntasach ann i dtreo déine cúraim níos airde le himeacht ama, agus go dtuairiscíonn cion méadaitheach cúramóirí gan phá níos mó ná 20 uair an chloig de chúram in aghaidh na seachtaine in 2024 i gcomparáid le 2014; ag tabhairt dá haire go bhfuil an treocht sin le feiceáil go háirithe sa chatagóir is airde i dtaobh déine cúraim (51+ uair an chloig in aghaidh na seachtaine), rud a léiríonn méadú suntasach don dá inscne; á chur i bhfios go láidir go dtuairiscíonn mná leibhéil níos airde déine cúraim i gcomparáid le fir thar gach tréimhse ama go comhsheasmhach, rud a léiríonn a rannpháirtíocht dhíréireach i gcúram gan íocaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil córais chúraim neamhleora i measc na bpríomhbhacainní ar bhearnaí inscne i margaí saothair ar fud an domhain a dhúnadh<FOOTNOTE><FIELD> An Fóram Eacnamaíoch Domhanda, <STRING ITALIC="on">Global Gender Gap Report</STRING>, 2023. [Tuarascáil maidir leis an mBearna Dhomhanda idir na hInscní, 2023].</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá aghaidh a thabhairt ar dhálaí oibre chun fostaíocht lánaimseartha a dhéanamh comhoiriúnach le freagrachtaí cúraim, trí shamhlacha solúbtha ama oibre nó trí chineálacha eile eagrúcháin oibre, chomh maith le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán, agus tús áite a thabhairt do thimpeallacht oibre lena gcuirtear saoire atharthachta chun cinn, lena gcothaítear dáileadh cothrom cúraimí cúraim idir lánúineacha; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag fostóirí, i measc daoine eile, i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá an bhearna fostaíochta idir na hinscní a dhúnadh trí aghaidh a thabhairt ar idirdhealú fostaíochta agus trí ionaid oibre atá fabhrach do theaghlaigh a thógáil, le straitéisí a chur chun feidhme lena bhfeabhsaítear socruithe solúbtha oibre agus bearta eile, agus trí bhacainní ar aithreacha saoire do thuismitheoirí, saoire atharthachta nó saoire cúramóirí a ghlacadh a laghdú, agus cultúr ionadaíochta comhionainne na mban á spreagadh go gníomhach ag an am céanna; á chur i bhfáth nach mór dístiogmatú sóisialta agus cultúrtha an chúraim fhoirmiúil, go háirithe cúram leanaí, a bheith ag gabháil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun an bhearna chúraim idir na hinscní a dhúnadh, gur gá aghaidh a thabhairt ar bhacainní cultúrtha agus ar róil thraidisiúnta inscne i réimsí éagsúla den saol ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go meastar go n-ardóidh caiteachas poiblí ar chúram fadtéarmach go 1,7 % de OTI faoi 2050 ó 0,8 % de OTI in 2022<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 7 Meán Fómhair 2022 a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, (SWD(2022)0441).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir nach mór cistiú leormhaith agus inbhuanaithe a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 7 Meán Fómhair 2022 a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, (SWD(2022)0441).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais, faoi 2070, go mbeidh beagnach 30 % de dhaonra an Aontais 65 bliana d’aois nó níos sine<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil maidir le hAosú, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a d’fhéadfadh, in éineacht le tosca eile amhail ionchas saoil níos airde agus riachtanais chúraim mhéadaitheacha daoine faoi mhíchumas, a bheith ina chúis le héileamh níos airde ar sheirbhísí cúraim a chuirfidh brú suntasach ar chórais sláinte agus leasa, agus go meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a bhfuil cúram fadtéarmach de dhíth orthu ó 30,8 milliún in 2019 go 38,1 milliún in 2050<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil maidir le hAosú, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire go bhfuil dúshlán ag baint leis na riachtanais atá ann faoi láthair cheana féin, nuair nach féidir le duine as gach cúigear a bhfuil gá acu le cúram fadtéarmach rochtain a fháil ar na seirbhísí sin mar gheall ar shrianta inacmhainneachta<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, ‘Addressing the gender care gap:Potential European added value’ [Aghaidh a thabhairt ar an mbearna chúraim idir na hinscní: Breisluach Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann], lch 6, 2025, ‘meastar nach raibh duine as gach cúigear (19 %) a bhfuil seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh de dhíth orthu in ann rochtain a fháil orthu. Ba í an inacmhainneacht an phríomhchúis a bhí le fir agus mná araon.’</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I dtreo na sochaí cúraim</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheas go n-aithníonn sochaí chúraim ról ríthábhachtach an chúraim, lena gcuimsítear cúram foirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon, le linn gach céim den saol, agus go gcomhtháthaíonn sí é ina beartais, lena dtugtar aghaidh ar gach cineál cúraim a sholáthraíonn mná den chuid is mó, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige agus cúram fadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur ceart bunúsach é rochtain ar chúram; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí cúraim ardcháilíochta chun rochtain chomhionann a áirithiú; á thabhairt chun suntais go bhfuil dlúthnasc idir marthanacht na mbacainní ar rochtain a fháil ar chúram agus infheistíocht neamhleor sa chúram fadtéarmach; ag tabhairt dá haire go bhfuil rioscaí níos airde maidir le bochtaineacht cúraim agus easpa rochtana ar sheirbhísí roimh mhná agus cailíní i réigiúin thuaithe, iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, lena n-áirítear oileáin; á iarraidh go mbeadh bearta saincheaptha ann, amhail seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí cúraim seanóirí shoghluaiste, réitigh dhigiteacha agus dreasachtaí do ghairmithe cúraim chun fanacht sna limistéir sin nó filleadh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheas nár cheart go dtitfeadh freagrachtaí cúraim go díréireach ar mhná agus gur cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht chomhionann na bhfear agus na mban i gcúram leanaí, i gcúram seanóirí, i gcúram fadtéarmach agus i gcúram do bhaill teaghlaigh faoi mhíchumas a chur chun cinn, chomh maith le gach freagracht neamhfhoirmiúil eile maidir le cúram;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tacú le comhionannas inscne i bhfreagrachtaí cúraim trí chomhroinnt chothrom na ndualgas cúraim a chur chun cinn, rochtain ar sheirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a áirithiú, saoire tuismitheora agus pá comhionann a chur ar fáil, socruithe solúbtha oibre a thairiscint agus dálaí oibre cothroma a ráthú le tacaíocht san ionad oibre, córais earcaíochta agus bearta chun tacú le hobair chúraim baile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go mbeadh feachtais múscailte feasachta ann lena ndíreofar ar fhir, lena spreagfar fir chun sciar cothrom d’fhreagrachtaí cúraim a ghlacadh chucu féin, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht níos láidre na mban sa lucht saothair a chumasú, agus tionchar na meán sóisialta á chur san áireamh, an comhrac i gcoinne steiréitíopaí inscne a neartú, mar aon le tionscnaimh oideachais agus bearta eile, amhail cultúir san ionad oibre a chur chun cinn a bhfuil meas acu ar an bpaireacht chúraim sin agus a thacaíonn léi; á iarraidh go seolfaí feachtais feasachta uile-Aontais lena ndéantar athluacháil ar obair chúraim agus lena dtugtar dúshlán do steiréitíopaí traidisiúnta inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cúram leanaí a fhreastalaíonn ar riachtanais chúraim tuismitheoirí le linn laethanta saoire agus uaireanta oibre; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oideachas agus cúram luath-óige atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán a fhorbairt chun filleadh tuismitheoirí ar an obair a éascú, go háirithe mná; á chur i bhfáth go bhfuil an bhearna cúraim leanaí — nuair a bhíonn a saoire cúraim leanaí úsáidte ag teaghlaigh ach nach bhfuil rochtain iomlán acu ar chúram leanaí go fóill<FOOTNOTE><FIELD> An Fhaireachlann Eorpach um Beartas Teaghlaigh, ‘Childcare Gap in The European Union:A 2025 Overview’ [Bearna Cúraim Leanaí san Aontas Eorpach: Forléargas 2025].</FIELD></FOOTNOTE> — fós ar cheann de na dúshláin is práinní do thuismitheoirí ar fud na hEorpa; ag tabhairt dá haire go bhfágtar teaghlaigh chun dul i ngleic le castachtaí cúraim leanaí gan tacaíocht leormhaith, agus gur minic a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chinntí deacra maidir le hobair, airgeadas agus freagrachtaí cúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá ranníocaíochtaí cúraim idirghlúine agus an luach sóisialta a bhaineann leo, amhail na ranníocaíochtaí sin a chuireann seantuismitheoirí ar fáil a thugann aire go rialta dá ngarchlann, rud a chuireann ar chumas tuismitheoirí, go háirithe máithreacha, páirt a ghlacadh i bhfostaíocht lánaimseartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta agus beartais éifeachtacha a chur chun feidhme go cuí, lena n-áirítear an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, chun fíorchothromaíocht oibre is saoil a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme na treorach sin agus á thabhairt chun suntais gur gá na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh trí na creataí dlíthiúla atá ann cheana a fhorfheidhmiú agus trína n-éifeachtacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit dul níos faide ná an t-íosmhéid cúig lá saoire cúramóirí in aghaidh na bliana dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil agus a áirithiú go n-íocfar an tsaoire sin go leormhaith chun go mbeidh rochtain réalaíoch ag gach cúramóir uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta spriocdhírithe chun socruithe oibre solúbtha atá fabhrach do theaghlaigh a éascú, lena n-áirítear teilea-obair, uaireanta oibre solúbtha, saoire cúramóirí agus roghanna páirtaimseartha, ríthábhachtach chun go mbeidh mná agus fir in ann réiteach níos fearr a dhéanamh idir a saol gairmiúil agus a saol príobháideach, chomh maith le dreasachtaí agus bearta sonracha i mbeartais maidir le saoire do thuismitheoirí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé saoire do thuismitheoirí a dháileadh go cothrom idir tuismitheoirí agus a tionchar maidir le sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann oibrithe cúraim tacaíocht ríthábhachtach ar fáil; á thabhairt chun suntais nach mór don tacaíocht uile atá dírithe ar chúramóirí a gcearta mar chúramóirí a aithint agus tacaíocht shíceolaíoch, seirbhísí faoisimh, seirbhísí cúraim sláinte agus socruithe solúbtha oibre a áirithiú (saoire, uaireanta oibre, teilea-obair), gan pá ná teidlíochtaí a chailleadh chun freagrachtaí cúraim agus fostaíocht a chothromú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cineálacha cur chuige atá bunaithe ar thráma agus atá fabhrach don mheabhairshláinte a chur chun cinn i soláthar cúraim, agus aitheantas á thabhairt do na rioscaí síceasóisialta d’oibrithe agus d’fhaighteoirí araon; á thabhairt chun suntais gur gá pá cothrom agus cosaint shóisialta d’oibrithe cúraim a bheith ag gabháil leis na bearta sin chun fostaíocht ardcháilíochta agus tacaíocht shaincheaptha a ráthú do chúramóirí ar cuireadh isteach ar a ngairmeacha mar gheall ar dhualgais cúraim sláinte chun a n-athimeascadh, a neamhspleáchas airgeadais agus a bhfolláine a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh sé d’aidhm ag na bearta sin go léir tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh agus do chúramóirí, fostaíocht na mban a chur chun cinn agus deireadh a chur leis an mbearna chúraim idir na hinscní, mar aon leis na bearta dá bhforáiltear faoin straitéis Eorpach um chúram; á chur i bhfáth gur cheart aitheantas speisialta a thabhairt do thuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas, a bhfuil bacainní níos measa rompu ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus ar neamhspleáchas airgeadais mar thoradh ar a bhfreagrachtaí cúraim fhadtéarmaigh; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh atá i gcás cúramóirí gaolta atá faoi mhíchumas agus a bhfuil tinnis ainsealacha orthu; á thabhairt chun suntais gur féidir le cúram a thabhairt do ghaol a bhfuil tinneas fadtéarmach air a bheith ina eispéireas fada, dian agus deacair ó thaobh na mothúchán de, rud a chuireann brú suntasach ar chúramóirí neamhfhoirmiúla; ag cur béim ar an bhfíoras, sna cásanna sin, go bhfuil gá le tacaíocht ó ghairmithe cúraim sláinte; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé beartais a fhorbairt lena neartaítear earnáil an chúraim ag an am céanna, lena n-áirithítear rochtain ar sheirbhísí cúraim pobalbhunaithe ar ardchaighdeán agus lena gcuirtear chun cinn pá comhionann as (ath)lánpháirtiú cúramóirí neamhfhoirmiúla, go háirithe mná, i margadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas gur cheart aird ar leith a thabhairt ar earnáil an chúraim i gcomhthéacs chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034; á thabhairt chun suntais gur gá cistiú leordhóthanach a áirithiú sa réimse sin chun tacú le cur chun feidhme na straitéise cúraim Eorpaí agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt chun suntais go gcomhtháthaíonn sochaí chúraim samhlacha cúraim éagsúla, amhail samhlacha de chuid soláthraithe poiblí nó príobháideacha, cúramóirí féinfhostaithe, nó cúramóirí atá fostaithe go díreach ag teaghlaigh, agus go gcuireann sí dí-institiúidiú an chúraim chun cinn trí sheirbhísí baile nó pobalbhunaithe; ag cur béim ar an gcur chuige pobalbhunaithe agus idirghlúine maidir le cúram lena gcuirtear an dlúthpháirtíocht chun cinn, lena laghdaítear an leithlisiú sóisialta agus lena gcothaítear athléimneacht i dteaghlaigh agus i gcomharsanachtaí; á thabhairt chun suntais freisin a thábhachtaí atá sé an ceart a choinneáil chun an tsamhail chúraim a roghnú, chun dínit cúramóirí agus daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu araon a chaomhnú, chomh maith lena neamhspleáchas, a ndea-bhail agus a gcuimsiú sa phobal, agus riachtanais agus mianta na bhfaighteoirí cúraim á gcur san áireamh agus cosaint ar fhoréigean inscnebhunaithe a áirithiú i suíomhanna cúraim agus lena n-áirítear tacaíocht leormhaith agus phearsantaithe do chúramóirí neamhfhoirmiúla; á aithint go mbíonn earnáil an chúraim fhadtéarmaigh fhoirmiúil fós ag brath go príomha ar chúram cónaithe, agus go dtacaíonn cúram baile agus pobalbhunaithe ar bhealach níos fearr leis an gceart atá ag daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu maireachtáil go neamhspleách; ag tabhairt dá haire go bhfuil géarghá le tosaíocht a thabhairt do chur chuige duinelárnach agus cearta-bhunaithe lena gcuirtear ar chumas daoine cúram a fháil sa bhaile agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cláir spriocdhírithe scileanna, uas-scilithe agus athscilithe agus tacaíocht do (ath)lánpháirtiú i margadh an tsaothair gan aon chineál idirdhealaithe in aghaidh na mban a d’fhulaing bristeacha gairme mar gheall ar a bhfreagrachtaí cúraim agus teaghlaigh bunriachtanach chun tacú lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus lena gcomhdheiseanna i margadh an tsaothair; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil scileanna luachmhara inaistrithe ag na mná sin chun tuilleadh fostaíochta a bhaint amach nó le haghaidh fiontraíochta san earnáil; á iarraidh go mbeadh cláir shonracha agus tacaíocht shonrach ann chun na scileanna sin a aithint trí oiliúint, scéimeanna deimhniúcháin nó tacaíocht chun gnó a chruthú, agus ar an gcaoi sin a ‘athimeascadh’ i margadh an tsaothair a éascú mar dhaoine aonair a bhfuil taithí luachmhar saoil acu, amhail fiontraithe agus cruthaitheoirí post; á thabhairt chun suntais gur gá an oiliúint sin a bheith inrochtana, cistithe go leormhaith agus nasctha le deiseanna fostaíochta ardcháilíochta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cúram i gcroílár an gheilleagair </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mheas go gcuimsíonn an geilleagar cúraim obair chúraim a dhéantar trí na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, an tsochaí shibhialta agus aon chineál eile eagraíochta, an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta, agus teaghlaigh, lena n-áirítear soláthraithe agus faighteoirí cúraim, chomh maith le fostóirí agus institiúidí a thairgeann seirbhísí cúraim<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, https://www.ilo.org/topics-and-sectors/care-economy.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth nach mór geilleagar an chúraim a aithint mar leas poiblí agus mar cholún den chóineasú sóisialta aníos, le tacaíocht ó infheistíocht chobhsaí agus ó chruthú post ardcháilíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a neartú, go háirithe cúram baile agus pobalbhunaithe, agus teicneolaíocht faireacháin sláinte digití uathoibrithe a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á aithint go bhfuil bacainní sistéamacha roimh fhiontraithe ban in earnáil an chúraim maidir le rochtain a fháil ar chreidmheas agus ar infheistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cláir thacaíochta thiomnaithe a fhorbairt d’fhiontraíocht na mban in earnáil an chúraim, lena n-áirítear cistí ráthaíochta sonracha, scéimeanna meantóireachta atá dírithe ar mhná agus critéir fhabhracha san Aontas; á iarraidh go mbeadh tograí ann d’fhiontair atá faoi stiúir ban atá i mbun nuálaíochta i ngeilleagar an chúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfáth go n-aithníonn geilleagar cúraim go bhfuil obair chúraim ríthábhachtach d’athléimneacht na hEorpa, agus í ag cur 11 % le OTI an Aontais agus ag fostú os cionn 6 mhilliún duine, ar mná iad a bhformhór<FOOTNOTE><FIELD> An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, ‘<STRING ITALIC="on">Care workers: skills opportunities and challenges (2023 update),</STRING> ’[Oibrithe cúraim: deiseanna agus dúshláin scileanna (nuashonrú 2023)] https://www.cedefop.europa.eu/en/data-insights/care-workers-skills-opportunities-and-challenges-2023-update.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go bhféadfadh sí 8 milliún post nua a chruthú<FOOTNOTE><FIELD> Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go n-aithníonn sí an rannchuidiú luachmhar eacnamaíoch a dhéanann cúramóirí neamhfhoirmiúla; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh costas eacnamaíoch na bearna cúraim idir na hinscní a bheith chomh hard le EUR 147-220 billiún in aghaidh na bliana, agus, ag an am céanna, go léiríonn taighde go bhféadfadh infheistíocht in earnáil an chúraim fhoirmiúil torthaí dearfacha eacnamaíocha a ghiniúint — EUR 4 ar a laghad in aghaidh gach EUR 1 a infheistítear i gcúram leanaí nó i gcúram fadtéarmach<FOOTNOTE><FIELD> Organisation internationale du travail, https://www.ilo.org/topics-and-sectors/care-economy.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cur béim ar an acmhainneacht maidir le fostaíocht agus fás eacnamaíoch a bhaineann le hearnáil an chúraim ghairmiúil agus á thabhairt chun suntais go bhfágann infheistíocht i gcúram go ndéantar cúramóirí neamhfhoirmiúla a chomhtháthú níos mó i margadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát straitéisí cúraim áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt, agus bearta spriocdhírithe le haghaidh poist ardcháilíochta agus inbhuanaithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus sna réigiúin is forimeallaí, agus ar an gcaoi sin comhtháthú críochach a neartú agus neamhionannais i margadh an tsaothair a laghdú; á mheas, i gcás na réimsí sin go háirithe, go bhféadfaí ionstraimí cistiúcháin AE a shlógadh chun tacú le poist nua ardcháilíochta a chruthú in earnáil an chúraim, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar fheiniméan an dídhaonraithe i réimsí áirithe agus ar ghanntanais lucht saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a dtacaíocht d’fhiontair agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha an gheilleagair shóisialta a neartú; ag spreagadh na mBallstát rochtain ar chistiú a éascú agus infheictheacht ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta a fheabhsú, mar a léiríodh i bplean gníomhaíochta 2021 don gheilleagar sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá fiontair agus comharchumainn an gheilleagair shóisialta maidir le seirbhísí cúraim a sholáthar i gceantair agus do phobail nach ndéanann na soláthraithe traidisiúnta poiblí nó príobháideacha freastal ceart orthu, go háirithe nuair a bhíonn cúiseanna brabúis íseal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gá buiséadú chun infheistíochtaí leordhóthanacha cúraim a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart a bhaineann le hinscne nó ar easpa na mbeart sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá rannpháirtíocht oibrithe cúraim agus a n-ionadaithe a áirithiú ag gach céim den cheapadh beartas, lena n-áirítear ceapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeartas a dhéanann difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mheas go bhfuil gá le hinfheistíochtaí amach anseo chun oiliúint a chur ar oibrithe cúraim fhoirmiúil agus ar sholáthraithe cúraim neamhfhoirmiúil araon, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear uas-sciliú spriocdhírithe, go háirithe i scileanna digiteacha, idirphearsanta agus sláinte, lena n-áirítear maidir leis na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid fhisiciúil nó shíceolaíoch i suíomhanna cúraim agus sláinte, chomh maith le cúram ardcháilíochta duinelárnach a chur ar fáil; á áitiú go bhfuil ról lárnach ag uas-sciliú agus athsciliú i mbainistiú gairme ar feadh an tsaoil, de réir mar a athraíonn gairmeacha cúraim le héabhlóid na gcleachtas, na dteicneolaíochtaí nó fiú eagrú an chúraim; á mheas gur cheart luach níos fearr a chur ar charnadh taithí trí aitheantas níos fearr a thabhairt don saineolas agus do na cáilíochtaí a fuarthas agus trí dheiseanna breise chun leanúint den oideachas; á mheas, thairis sin, gur cheart deimhniú a chur chun cinn chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn, go háirithe maidir le dioplómaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a aithint, lena n-áiritheofar poist lena mbaineann ionchais fhadtéarmacha lena gcothaítear cuimsiú agus fás; á iarraidh go mbeadh íoschaighdeáin uile-Aontais ann maidir le curaclaim oiliúna cúraim, lena n-áiritheofar aitheantas do cháilíochtaí, inaistritheacht ceart agus conairí gairme d’oibrithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ganntanas scileanna ag an Eoraip ar fud an gheilleagair, rud threisítear le lucht saothair atá ag laghdú<FOOTNOTE><FIELD> Mario Draghi, <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur féidir roinnt ganntanas a rianú siar go dtí tearcúsáid na tallainne atá ann cheana, mar is léir ó bhearnaí doimhne inscne i ngairmeacha áirithe, nó go dtí na dúshláin shonracha a bhaineann le dálaí oibre, amhail pá íseal nó easpa tarraingteachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá tacú le seirbhísí agus oiliúint ar líne a fhorbairt chun inniúlachtaí digiteacha cúramóirí agus daoine a fhaigheann cúram a mhéadú, trí rochtain ar an idirlíon agus naisc idirlín a fheabhsú chun cáilíocht an chúraim a fheabhsú agus chun tairbhe a bhaint as an teicneolaíocht chun tacú le cúram ardcháilíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tionchar sóisialta agus eacnamaíoch ag obair chúraim gan íocaíocht; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag obair chúraim gan íocaíocht i sochaithe agus i ngeilleagair na hEorpa, rud a dhéanann difear do rannpháirtíocht an lucht saothair, go háirithe i measc na mban, a chuireann le bearnaí leanúnacha idir na hinscní san fhostaíocht agus sa phá, agus a chuireann brú suntasach ar chórais leasa shóisialta, sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh ar fud na mBallstát; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chúramóirí i gcláir um luathbhrath agus cosc; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin, lena n-áirítear dúshláin shocheacnamaíocha, os comhair cúramóirí neamhfhoirmiúla, ar mná iad den chuid is mó, a chuireann obair chúraim gan íocaíocht ar fáil agus a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ró-ualach oibre agus cúraim chomhcheangailte le cosaint shóisialta theoranta, bonneagar cúraim fhoirmiúil neamhleor agus tacaíocht mheabhairshláinte neamhleor agus a dteastaíonn aitheantas agus tacaíocht spriocdhírithe óna rannchuidithe; ag tabhairt dá haire gur féidir le cúramóirí neamhfhoirmiúla dul i ngleic leis an uaigneas, leis an mbochtaineacht, le deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar fhostaíocht nó le saincheisteanna sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte; ag cur béim ar an bhfíoras, go háirithe, go n-áirítear imní agus dúlagar ar na saincheisteanna meabhairshláinte a bhaineann le soláthar cúraim fhadtéarmaigh, atá 20 % níos forleithne i measc cúramóirí neamhfhoirmiúla ná i measc neamhchúramóirí, agus go bhfuil rioscaí meabhairshláinte roimh 66 % d’oibrithe cúraim fhoirmiúil; ag tabhairt dá haire gur éagothromaíocht shuntasach é sin i gcomparáid leis an lucht saothair níos leithne, ina dtuairiscíonn 43 % fadhbanna comhchosúla; á thabhairt faoi deara go bhféadfadh freagrachtaí cúraim neamhfhoirmiúil teorainn a chur le cumas an chúramóra freastal ar a cheapacháin choisctheacha sláinte féin agus go bhféadfadh caillteanas ioncaim a bheith mar thoradh orthu, rud a chuirfeadh le bochtaineacht na mban; á chur i bhfáth go bhfuil dlúthbhaint ag na héifeachtaí díobhálacha sin le déine an chúraim a chuirtear ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>	ag cáineadh go bhfuil staid an-fhorbhásach roimh go leor oibrithe cúraim agus tí agus go ndéantar idirdhealú trasnach orthu mar thoradh ar a gcine nó a n-eitneacht, a n-inscne, a stádas socheacnamaíoch nó a náisiúntacht, agus gur mná iad go leor de na hoibrithe sin nach bhfuil conradh fostaíochta oifigiúil acu, agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad níos leochailí i leith dúshaothrú agus gur minic nach mbíonn rochtain acu ar a gcearta, go háirithe ar obair chuibhiúil agus ar chosaint shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go mbeadh tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus tionscnaimh spriocdhírithe ann lena gcuirfear seirbhísí cúnaimh shíceolaíoch agus meabhairshláinte ar fáil do chúramóirí neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear cúram faoisimh chun faoiseamh ócáideach a sholáthar, agus go mbeadh bearta ann chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chosc, le malartú dea-chleachtas i ndáil leis sin ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go gcuimseodh tacaíocht leormhaith agus spriocdhírithe do chúramóirí neamhfhoirmiúla aitheantas do róil agus do chearta cúramóirí, seirbhísí tacaíochta amhail cúram faoisimh, comhairleoireacht, tacaíocht piaraí, cabhair airgeadais agus cúiteamh chun riosca na bochtaineachta a laghdú, socruithe solúbtha oibre (saoire, uaireanta oibre, teilea-obair) chun cothromaíocht a bhaint amach idir cúram agus fostaíocht, oiliúint agus faisnéis chun scileanna agus rannpháirtíocht fhóinteach i bhforbairt beartais a thabhairt do chúramóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hiarrachtaí suntasacha chun stádas gairmiúil na n-oibrithe cúraim a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair in earnáil an chúraim, lena n-áirítear trí réitigh shaincheaptha chun obair dhearbhaithe, pá cothrom, conairí forbartha gairme, agus dálaí oibre níos fearr agus cuibhiúla a spreagadh; á chur i bhfios go láidir gur féidir an brú ar chúramóirí neamhfhoirmiúla a mhaolú go suntasach trí infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí cúraim fhoirmiúil, agus cosc a chur ar chuid de na héifeachtaí díobhálacha ar a gcothromaíocht oibre is saoil agus ar a n-ionchais ghairme, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le comhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain ar thacaíocht shíceasóisialta agus oideachais atá leormhaith agus spriocdhírithe a áirithiú do chúramóirí óga a chuireann cúram ar fáil go neamhfhoirmiúil<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Mionfhaisnéisiú beartais: ‘<STRING ITALIC="on">The situation of young carers in Europe’</STRING>, 2024. [Staid na gcúramóirí óga san Eoraip, 2024]: ‘Is leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois iad cúramóirí óga a chuireann cúram ar fáil go rialta do thuismitheoir, do shiblín nó do dhuine eile den teaghlach atá faoi mhíchumas nó atá neamhuathrialach ar shlí eile.’</FIELD></FOOTNOTE>, arb ionann iad agus 4 % go 10 % de leanaí san Aontas agus a ndéanann a bhfreagrachtaí cúraim difear dá n-oideachas, dá meabhairshláinte, dá bhforbairt shóisialta<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Mionfhaisnéisiú beartais: ‘<STRING ITALIC="on">The situation of young carers in Europe</STRING>’, 2024. [Staid na gcúramóirí óga san Eoraip, 2024.]</FIELD></FOOTNOTE> agus dá ngairmeacha amach anseo; ag tathant go gcruthófaí cláir thiomnaithe de chuid an Aontais chun tacú le cúramóirí óga, chun luathfhágáil scoile nó luathfhágáil mhargadh an tsaothair a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á aithint, cé go ndéanann náisiúnaigh AE cuid shuntasach den obair chúraim, go ndéanann mná de thionscnamh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad sciar den obair freisin; á chur i bhfáth, cé gur cheart iarrachtaí a dhíriú ar oibrithe cúraim baile a mhealladh agus a choinneáil, nach mór earcú oibrithe neamh-AE a bheith bunaithe ar riachtanais mhargadh an tsaothair, trí imirce dhleathach dhea-bhainistithe agus gur cheart oiliúint ghairmiúil chuimsitheach a áireamh ann; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór oibrithe neamh-AE a earcú go heisiach trí bhealaí dleathacha imirce atá trédhearcach agus bunaithe ar chearta; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht shuntasach i bhforbairt scileanna agus in oiliúint ghairmiúil chun tacú le cumhachtú agus lánpháirtiú oibrithe dlíthiúla neamh-AE; ag cáineadh go láidir gach cineál oibre neamhdhearbhaithe, dúshaothraithe agus fostaíochta forbhásaí agus ag cur béim ar rannchuidiú fíor-riachtanach oibrithe cúraim AE agus neamh-AE araon leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an bhfolláine san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á aithint go bhfuil rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán, lena n-áirítear cearta sláinte gnéis agus atáirgthe, ríthábhachtach chun dea-cháilíocht saoil a thabhairt do gach duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bealach chun cinn</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, in éineacht leis na gníomhaireachtaí ábhartha, sonraí cruinne, inrochtana agus inchomparáide a chur ar fáil lena dtomhaistear an bhearna chúraim idir na hinscní, lena n-áirítear trí shuirbhéanna ar úsáid ama, chun a chur ar chumas na mBallstát dea-chleachtas a chomhroinnt agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbearna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh go mbaileofaí go córasach sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, cruinn, ardcháilíochta agus comparáideacha maidir le freagrachtaí cúraim i gcúram fadtéarmach agus i gcúram leanaí, maidir le tuilleamh, lena n-áirítear tuarastail agus pá<FOOTNOTE><FIELD> https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary%3AWages_and_salaries_-_EBS.</FIELD></FOOTNOTE>, pinsin, am oibre, cumhdach cosanta sóisialta, stádas conarthach oibrithe cúraim san Aontas, agus staid náisiúnach agus leanaí neamh-AE a sholáthraíonn cúram agus, i gcás inar féidir, sonraí maidir le PHS agus cúram neamhfhoirmiúil chun faireachán a dhéanamh ar mhéid an chúraim a sholáthraíonn baill teaghlaigh dá ngaolta agus cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann na freagrachtaí cúraim sin difear dá saol oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le staid na gcúramóirí óga, agus treoirlínte uile-Aontais a fhorbairt agus dea-chleachtais a mhalartú chun cabhrú leis na Ballstáit iad a shainaithint agus tacú leo i scoileanna agus i bpobail, agus trí chórais cúraim sláinte threisithe; á iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé struchtúrtha maidir le cúram a bhunú agus ardán cúraim bliantúil a bhunú, lena dtabharfaí le chéile na páirtithe leasmhara ábhartha uile, amhail an lucht acadúil, ionadaithe na mBallstát, comhlachais daoine a fhaigheann cúram, cúramóirí neamhfhoirmiúla, soláthraithe sóisialta, brabúsacha, poiblí agus seachbhrabúsacha cúraim agus ceardchumann, chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn, cleachtais nuálacha a mhalartú chun feabhas a chur ar bhaint amach chuspóirí straitéis cúraim an Aontais, agus na chéad chéimeanna eile a dhearadh dá cur chun feidhme leanúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tathant go gcuirfí buiséadú inscne i bhfeidhm chun a áirithiú go laghdófar go díreach na neamhionannais a bhíonn roimh mhná agus cailíní trí chaiteachas ar sheirbhísí cúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart gurb é ról na gcúramóirí, thar aon ní eile, a cúram a sholáthar, agus á mheas, dá bhrí sin, gur gá rómhaorlathas nach bhfuil gá leis a laghdú agus a sheachaint, a mhéid is féidir, cúraimí riaracháin a shannadh dóibh ar féidir le cúntóirí riaracháin nó uirlisí digiteacha oiriúnacha iad a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile agus an comhaontú cúraim a fógraíodh á ullmhú, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ionadaithe neamhfhoirmiúla cúramóirí agus eagraíochtaí othar, chun neamhchomhtháthú na mbeartas a sheachaint, agus chun éagsúlacht na gcásanna agus na riachtanas a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar cúraim agus na moltaí ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=oj:JOC_2022_484_R_0001; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32022H1215(01).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme i ndáil leis an athbhreithniú ar spriocanna Barcelona maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige agus maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán faoi straitéis cúraim AE, agus sainaithint dea-chleachtas, bearnaí agus mapáil ar dhul chun cinn a áireamh ina dtuarascálacha cur chun feidhme, mar aon le straitéisí chun rannpháirtíocht níos mó na bhfear in earnáil an chúraim a spreagadh, agus aghaidh a thabhairt ar obair chúraim neamhdhearbhaithe, na príomhspreagthaí a shainaithint agus réitigh shaincheaptha a mholadh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh cuspóirí agus tosaíochtaí soiléire ag an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, le leithdháileadh buiséid shubstaintiúil,  agus ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát seirbhísí cúraim inacmhainne, ardcháilíochta agus inrochtana a áirithiú do chúram luath-óige agus do chúram seanóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an straitéis chúraim a ailíniú le straitéis AE maidir le cearta daoine faoi mhíchumas toisc go dtugann siad aghaidh ar dhúshláin choiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór tús áite a thabhairt don neamhspleáchas leis an gcúram a chuirtear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, ós rud é gur cheart go mbeadh na daoine aonair sin in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit ina gcónaíonn siad agus cé leis a gcónaíonn siad, chomh maith le dínit agus cuimsiú trí chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine agus atá dírithe ar an duine, lena léirítear an t-aistriú leanúnach i soláthar cúraim; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir é sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar a ndálaí cúraim, amhail trí chúram ardcháilíochta bailebhunaithe nó roghanna cónaithe eile a chomhlíonfadh a riachtanais, lena n-áirítear maireachtáil neamhspleách agus inrochtana, agus trí dhaoine faoi mhíchumas a áireamh i ndearadh na gcóras cúraim, agus a n-oideachas agus a n-oiliúint á gcur chun cinn ag an am céanna, lena n-áirítear trí réitigh dhigiteacha, agus ar an gcaoi sin lucht saothair cuimsitheach a chruthú agus a rochtain ar fhostaíocht a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach bhfuil ach leath de 42,8 milliún duine faoi mhíchumas in aois oibre AE i bhfostaíocht, agus nach bhfuil ach 21 % de mhná faoi mhíchumas i bhfostaíocht lánaimseartha<FOOTNOTE><FIELD> An tInnéacs Eorpach um Chomhionannais Inscne 2021, an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúramóirí a spreagadh agus oiliúint a chur orthu chun tacú le lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar chúramóirí neamhfhoirmiúla, ar theaghlaigh agus ar thuismitheoirí, go háirithe máithreacha, a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil do leanaí faoi mhíchumas, trí thacaíocht leormhaith a áirithiú, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht trí shlándáil shóisialta agus rochtain ar sheirbhísí faoisimh agus comhairleoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth, ina leith sin, mar oibleagáid a eascraíonn as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, nach mór don Aontas cearta daoine faoi mhíchumas a phríomhshruthú go córasach trí na cláir uile sa chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027 trí mhodheolaíocht a fhorbairt chun caiteachas a rianú a théann chun tairbhe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear mná agus cailíní, agus trína fhíorú go ráthaítear leis na cláir agus na tionscadail uile arna gcistiú ag an Aontas comhdheiseanna agus rochtain chomhionann ar chistiú an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a chur chun feidhme go hiomlán agus go ndéanfaí faireachán, forfheidhmiú agus meastóireacht chúramach bhreise uirthi; á chur i bhfáth gur gá saoire mháithreachais, atharthachta agus cúramóra atá cúitithe go leormhaith a leathnú agus dul chun cinn a dhéanamh ina leith agus glacadh saoire do thuismitheoirí a éascú chomh maith le faireachán a dhéanamh ar ghlacadh na saoire sin ag fir; á iarraidh ar na Ballstáit stádas na gcúramóirí neamhfhoirmiúla a uasghrádú trí luach saothair agus cúiteamh iomchuí agus trí rochtain ar sheirbhísí cúraim faoisimh chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do chúramóirí neamhfhoirmiúla atá ann faoi láthair, agus ag an am céanna cuidiú le cuspóir tosaigh na treorach a bhaint amach, is é sin níos mó fear a spreagadh chun páirt a ghlacadh i soláthar cúraim; ag tathant ar an gCoimisiún dreasachtaí a éileamh don bheirt tuismitheoirí chun tairbhe a bhaint as saoire do thuismitheoirí, á iarraidh thairis sin go mbeadh socruithe solúbtha oibre ann do thuismitheoirí, agus treoirlínte cáilíochta ar leibhéal AE agus comhroinnt dea-chleachtas do sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a mholadh, lena n-áirítear do leibhéil foirne leormhaithe, do chláir oiliúna speisialaithe agus do shásraí dearbhaithe cáilíochta; á iarraidh go ndéanfaí fostaithe, go háirithe mná, a úsáideann a saoire chun cúram a chur ar fáil dá mbaill teaghlaigh, a chosaint go héifeachtach ar dhífhostú nó ar aon chóir idirdhealaitheach a bhaineann lena bhfreagrachtaí cúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit saoire tuismitheora neamh-inaistrithe le pá leordhóthanach a thabhairt isteach do gach tuismitheoir, chun cosc a chur ar ualach díréireach freagrachtaí cúraim a chur ar mhná; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar ghlacadh saoire ag na fir chun noirm a athrú, chun rannpháirtíocht chomhionann na mban i margadh an tsaothair a áirithiú agus chun aon éifeacht dhiúltach idirghlúine ar chailíní a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a thíolacadh maidir leis an gceart chun dícheangail le gach oibrí a chosaint, go háirithe tuismitheoirí agus cúramóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh go gcosnófaí cúramóirí neamhfhoirmiúla, ar mná iad den chuid is mó, lena n-áirítear iad siúd a ghlacann sos ón bhfostaíocht chun cúram a sholáthar do bhall teaghlaigh nó do dhuine eile a bhfuil cúram de dhíth air; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ról a chur chun cinn, a aithint agus tacú leis, agus aitheantas á thabhairt dá rannchuidiú ríthábhachtach leis an gcomhtháthú sóisialta agus le hinbhuanaitheacht na gcóras cúraim ar fud na hEorpa; á iarraidh, ina leith sin, go n-áiritheofaí a rochtain ar chórais cosanta sóisialta chun éifeachtaí díobhálacha an chúraim a mhaolú, go háirithe ar ghairmeacha agus ar neamhspleáchas eacnamaíoch na mban, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbrúfar mná amach as an margadh saothair foirmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún creat cuimsitheach inscne-fhreagrúil a thabhairt isteach chun na cineálacha éagsúla cúraim neamhfhoirmiúil ar fud na hEorpa a shainaithint agus a aithint sa chéad straitéis Eorpach eile um chúram; á chur i bhfáth nach mór tacaíocht, socruithe solúbtha oibre, saoire chúraim agus rochtain ar sheirbhísí cúraim forlíontacha leormhaithe, chomh maith le comhairleoireacht agus tacaíocht piaraí, a chur ar fáil do chúramóirí neamhfhoirmiúla; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain ar am pearsanta a áirithiú do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus a bhforbairt phearsanta a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do chúramóirí neamhíoctha trí rochtain ar chosaint shóisialta, creidmheasanna pinsin, seirbhísí faoisimh agus tacaíocht airgeadais a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá obair chúraim gan íocaíocht a íocann mná agus cailíní a laghdú de réir a chéile le réitigh lena n-athdháiltear ualaí, amhail infheistíocht i gcúram leanaí inacmhainne, i gcúram daoine scothaosta agus i seirbhísí míchumais, agus rannpháirtíocht chomhionann na bhfear in obair chúraim a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur i bhfios go laghdófaí obair chúraim gan íocaíocht dá gcuirfí seirbhísí cúraim leanaí uilíocha ar ardchaighdeán ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt maidir le híostréimhsí faoisimh do chúramóirí neamhfhoirmiúla, lena n-áiritheofar a bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach agus lena gcumasófar a rannpháirtíocht leanúnach san fhostaíocht; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí nithiúla tacaíochta, amhail feachtais múscailte feasachta, conairí deonacha i dtreo aitheantas scileanna agus oiliúint spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do chúramóirí óga a ndéantar dearmad ar a riachtanais go minic agus bearta tacaíochta spriocdhírithe a fhorbairt, lena n-áirítear socruithe solúbtha oideachais, seirbhísí comhairleoireachta agus cúram faoisimh, chun tionchair dhiúltacha ar a sláinte, ar a n-oideachas agus ar a ndeiseanna fostaíochta amach anseo a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun a áirithiú go n-aithneofar tréimhsí cúraim neamhfhoirmiúil go cothrom i gcórais phinsin agus i gcorais slándála sóisialta agus i dtionscnaimh ghaolmhara de chuid an Aontais amach anseo; ag spreagadh na mBallstát, thairis sin, féachaint ar réitigh chothroma agus inbhuanaithe chun cosaint a thabhairt dóibh siúd — ar mná iad den chuid is mó — a thiomnaíonn codanna suntasacha dá saol oibre do chúram a thabhairt do chleithiúnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim fhoirmiúil, díriú ar luach saothair cothrom agus comhionann a áirithiú, agus aird á tabhairt ar na héilimh fhisiceacha agus shíceolaíocha a bhaineann le cúram, chomh maith le rochtain ar oiliúint leanúnach agus ar thimpeallachtaí oibre sábháilte, lena n-áirítear bearta chun traochadh agus gach cineál foréigin agus ciaptha ag an obair a chosc, agus tarraingteacht gairmeacha cúraim á cur chun cinn ag an am céanna trí pheirspictíochtaí fadtéarmacha, an t-idirphlé sóisialta a neartú agus níos mó fear a spreagadh chun dul isteach in earnáil an chúraim agus fanacht inti; á thabhairt chun suntais, trí fheabhas a chur ar thuarastail agus ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim, go mbeidh poist níos tarraingtí agus go ndíspreagfar obair neamhdhearbhaithe; á mheabhrú gur gá do na Ballstáit an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá a thrasuí agus a chur chun feidhme i gceart chun struchtúir phá a bhunú lena léirítear scileanna, freagrachtaí agus luach sóisialta na ról sin, mar aon le bealaí soiléire do mhná chun dul chun cinn a dhéanamh chuig poist cheannaireachta agus chinnteoireachta laistigh d’earnáil an chúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i ngairmoiliúint ardcháilíochta agus aitheantas na scileanna a fhaightear trí chúram foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a neartú trí na scileanna sin a chomhtháthú i mbeartais foghlama ar feadh an tsaoil agus uas-scilithe, agus próiseas deimhniúcháin nó sásraí eile le haghaidh aitheantas trasteorann do cháilíochtaí á gcur san áireamh ag an am céanna; á mholadh go nglacfaí uirlisí sláinte digití chun borradh a chur faoi scileanna digiteacha oibrithe cúraim, amhail tacaíocht chianda a sholáthar lena n-áirítear teileachúram nó comhairliúcháin físe; á chur i bhfios go láidir nach trí oideachas foirmiúil amháin a fhaightear scileanna agus nach mór do chreataí beartais conairí malartacha i dtreo forbairt scileanna a aithint agus a bhailíochtú; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a éascú chun oibrithe a bhfuil sos fada gairme glactha acu a (ath)lánpháirtiú de réir a chéile agus go solúbtha i margadh an tsaothair chun cúram a chur ar fáil do ghaolta, lena n-áirítear trí uas-sciliú agus athsciliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag cur béim ar na deiseanna fostaíochta is féidir leis an bhfiontraíocht a chruthú in earnáil an chúraim agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le mná san aistriú ó chúramóirí neamhfhoirmiúla go fiontraithe in earnáil an chúraim; ag tathant ar na Ballstáit conairí oiliúna fiontraíochta saincheaptha a chur ar fáil, nósanna imeachta riaracháin simplithe chun fiontair bheaga agus mheánmhéide atá faoi úinéireacht ban a bhunú agus do mhná féinfhostaithe san earnáil, agus rochtain éascaithe ar mhicrichreidmheas tiomnaithe, agus aitheantas á thabhairt do luach eacnamaíoch agus sóisialta na n-aistrithe gairmiúla sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Aontas na Scileanna a úsáid chun borradh a chur faoin oideachas, faoin oiliúint agus faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil in earnálacha ina bhfuil ganntanais sa mhargadh saothair ar fud an Aontais, amhail obair chúraim, deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a áirithiú do gach oibrí cúraim ghairmiúil agus dioplómaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a aithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí reacht Eorpach cúramóirí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha cúramóirí foirmiúla, -amhail aitheantas a thabhairt do scileanna a fhaightear trí obair chúraim, agus ar an gcaoi sin oibrithe cúraim, PHS, úsáideoirí-fostaithe agus cúram institiúideach a chomhtháthú i gcreat agus sainmhíniú coiteann de chuid an Aontais, lena ráthófaí íoschaighdeáin aitheantais agus cosanta do chúramóirí ar fud na mBallstát agus lena laghdófaí neamhionannais eatarthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>	á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis sláinte AE a ailíniú le straitéis cúraim AE agus sineirgí a chothú idir EU4Health agus deiseanna maoinithe eile d’earnáil an chúraim chun córais cúraim sláinte agus cúraim shóisialta a nascadh agus chun tacaíocht gan uaim a chur ar fáil, go háirithe do riochtaí ainsealacha i measc na ndaoine is leochailí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh go mbeadh plean gníomhaíochta Eorpach ann a chuideoidh leis an mbearna chúraim idir na hinscní a dhúnadh agus le tacaíocht a thabhairt do chúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí tacaíocht do thuismitheoirí aonair agus do theaghlaigh atá i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach agus ar riachtanais chúraim níos measa agus/nó ar éilimh ard-déine, ag díriú ar chumhdach cosanta sóisialta, ar chúram leanaí inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán, ar chothromaíocht oibre is saoil níos fearr, ar sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh inacmhainne agus ar ardchaighdeán, ar dhálaí oibre níos fearr in earnáil an chúraim agus ar chomhionannas a chur chun cinn; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndíreodh an plean sin ar rochtain ar fhostaíocht agus ar oiliúint — lena n-áirítear i scileanna digiteacha, cumhdach cosanta sóisialta, bonneagar cúraim agus seirbhísí fadtéarmacha, cúram leanaí, PHS, tacaíocht shíceasóisialta agus solúbthacht oibre fheabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>	ag tabhairt dá haire gur féidir le rochtain chuí ar chúram sláinte atáirgthe agus ar sheirbhísí ginmhillte cabhrú le tuismitheoirí strus toircheas gan choinne a sheachaint agus rannchuidiú le pleanáil teaghlaigh; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain inacmhainne ar na seirbhísí sin a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as cistí AE, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, EU4Health, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chun seirbhísí agus saoráidí cúraim inrochtana, inacmhainne agus ardcháilíochta a fhorbairt ar fud na n-aoisghrúpaí uile, ón luath-óige go cúram fadtéarmach do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas; á chur i bhfios go láidir gur gá an téarma ‘tacaíocht’ a chomhtháthú in éineacht le ‘cúram’ chun éagsúlacht na seirbhísí agus an pheirspictíocht chearta-bhunaithe lena dtreoraítear iad a ghabháil go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le Comhaontú Cúraim Eorpach cuimsitheach atá le foilsiú in 2027, agus ar an gcaoi sin an straitéis Eorpach um chúram a athnuachan mar chreat níos uaillmhianaí agus níos comhleanúnaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon trí chúram leanaí inacmhainne agus ardcháilíochta, cláir oideachais iarscoile agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur cheart dó na moltaí a áirítear sa tuarascáil seo a chur san áireamh, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, chun aithint scileanna agus cáilíochtaí a éascú, tacú le forbairt scileanna, dul chun cinn gairme agus infheistíocht i gcúram, agus dálaí oibre agus maireachtála a fheabhsú trí chistí an Aontais a úsáid chun fostaíocht chothrom agus cúram ardcháilíochta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>	á thabhairt chun suntais go bhfuil infheistíocht níos mó sa tsláinte phoiblí agus sa chúram sóisialta, lena n-áirítear pá agus oiliúint oibrithe, bunriachtanach chun feabhas a chur ar earcaíocht agus ar choinneáil chun poist ardcháilíochta a dhaingniú lena méadaítear tarraingteacht na hoibre in earnáil an chúraim;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>