<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0192</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Daniel Attard</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0152/2026 -  Rapóirtéir: Dominik Tarczyński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Daniel Attard (2025/2097(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Daniel Attard a tharscaoileadh, a fuarthas i litir dar dáta an 6 Bealtaine 2025 ó Sheirbhís Phoiblí Fheidearálach na Beilge um Ghnóthaí Eachracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha ina raibh iarraidh dar dáta an 16 Aibreán 2025 ó Oifig Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge maidir le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i gcoinne Daniel Attard, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 21 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéis bhreise a chuir Ionchúisitheoir Cónaidhme na Beilge agus an Breitheamh Imscrúdaitheach ar fáil le linn malartuithe tuairimí an 15 Iúil 2025, agus don fhreagra a cuireadh ar fáil an 18 Meán Fómhair 2025 ag an Ionchúisitheoir Feidearálach, tar éis iarraidh bhreise i scríbhinn ar fhaisnéis; ag féachaint don fhíoras nach mór d’iarraidh ar dhíolúine Feisire a tharscaoileadh caighdeáin áirithe a chomhlíonadh, go háirithe, ní mór í a fhoirmliú go soiléir, lena n-áirítear maidir leis an gcreat dlíthiúil ar a bhfuil an iarraidh bunaithe, agus ní mór di gnéithe agus faisnéis shoiléir agus leordhóthanach a sholáthar chun go mbeidh an Pharlaimint in ann scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh chun teacht ar chonclúid agus an scrúdú sin a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir, agus castacht choibhneasta an cháis á cur san áireamh freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Daniel Attard an 3 Nollaig 2025 agus ag féachaint do na doiciméid arna dtíolacadh aige i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do litir an 5 Márta 2026 ón Ionchúisitheoir Feidearálach lena gceartaítear líomhaintí earráideacha i gcoinne Daniel Attard a áiríodh ar dtús sa fhreagra a soláthraíodh an 18 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0152/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí an 6 Bealtaine 2025 gur tharchuir Seirbhís Phoiblí Fheidearálach na Beilge um Ghnóthaí Eachracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha iarraidh ón Ionchúisitheoir Feidearálach, dar dáta an 16 Aibreán 2025, go ndéanfaí díolúine Daniel Attard, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh i Málta, a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina choinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear gur thug imscrúdú leathan maidir leis an gcuideachta Huawei fianaise thromchúiseach go raibh eagraíocht choiriúil ann a líomhnaítear go raibh sé mar chuspóir aici tionchar a imirt ar chinntí institiúidí an Aontais trí dhul i mbun éilliú Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cosúil gur tugadh chun solais leis an imscrúdú sin roinnt gníomhartha éillithe líomhnaithe a thoimhdítear a rinneadh ar bhonn rialta ó 2021 go 2024; de bhrí go líomhnaítear gurbh ann don scéim éillithe i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear cuireadh a thabhairt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa chuig imeachtaí a dtacaíonn Huawei leo, mar mhalairt ar phoist pholaitiúla a ghlacadh i bhfabhar na cuideachta sin mar dhea, agus bronntanais iomarcacha amhail speansais bhia agus taistil nó cuirí rialta chuig cluichí sacair lasmuigh de chreat Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata ar dhíolúine a tharscaoileadh, gur fhreastail Daniel Attard, an 25 Meán Fómhair 2024, ar chluiche sacair ag staid sa Bhruiséil, in éineacht lena chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe, le hionadaí de chuid Huawei agus le beirt eile; de bhrí, de réir na hiarrata, go raibh siad i mbosca a fuair Huawei ar cíos ar chostas EUR 45 000 in aghaidh an tséasúir, agus líomhnaítear go ndearnadh é sin trí bhíthin cuideachta idirmheánach chun teagmháil le Feisirí áirithe de Pharlaimint na hEorpa a éascú; de bhrí nach cosúil gur dhearbhaigh Daniel Attard do Pharlaimint na hEorpa íoc na gcostas arna dtabhú chun freastal ar an gcluiche sacair – nach raibh a méid beacht ar eolas ag an údarás a d’iarr an díolúine a tharscaoileadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nárbh ann go dtí gur chuir an Ionchúisitheoir Feidéarálach an fhaisnéis bhreise ar fáil mar fhreagra ar an iarraidh i scríbhinn ar thuilleadh faisnéise gur cuireadh in iúl gurbh fhéidir breabaireacht phoiblí éighníomhach a bheith i gceist le gníomhaíochtaí líomhnaithe Daniel Attard, ar cion coiriúil é sin faoi Airteagal 246(1) de Chód Coiriúil na Beilge;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur toghadh Daniel Attard chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2024 agus dá bhrí sin, go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chion líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine pharlaiminteach dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta don Fheisire í an díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a nocht siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh; de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairim a nocht Daniel Attard ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas dó de réir bhrí Airteagal 8 den Phrótacal sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (b), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit nach é a mBallstát féin é;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur gá aon chonclúid maidir le díolúine Daniel Attard a tharraingt ar bhonn na hiarrata ar dhíolúine a tharscaoileadh agus ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a thugtar sa chás seo, lena n-áirítear na freagraí a thug an Ionchúisitheoir Feidearálach, le linn an mhalartaithe tuairimí agus san fhaisnéis bhreise arna soláthar i scríbhinn araon; de bhrí go bhfuil ganntanas mínáireach gnéithe nithiúla san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh; de bhrí nár scaipeadh leis na malartuithe ó bhéal agus i scríbhinn ina dhiaidh sin le hIonchúisitheoir Feidearálach, an éiginnteacht shuntasach maidir leis na gnéithe éagsúla atá san iarraidh ar dhíolúine Daniel Attard a tharscaoileadh; de bhrí gur tharla na líomhaintí a cuireadh in iúl den chéad uair i bhfreagra an 18 Meán Fómhair 2025 a bheith bunaithe ar chéannacht iomrallach, mar a léiríodh i litir an 5 Márta 2026, rud a chuir leis an amhras tromchúiseach maidir leis an argóint is bonn leis an iarraidh thosaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, ar bhonn an mhéid sin roimhe seo, nár chuir suim na faisnéise a tíolacadh ar chumas na Parlaiminte teacht go muiníneach ar chinneadh a bhí eolasach go leor chun díolúine Daniel Attard a tharscaoileadh; de bhrí go bhféadfadh an éiginnteacht shuntasach maidir le gnéithe éagsúla an cháis seo, thairis sin, a bheith de chineál a léireodh gurb ann do <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh gan díolúine Daniel Attard a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Ríocht na Beilge agus chuig Daniel Attard.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>