<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0195</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Nikola Minchev</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0155/2026 -  Rapóirtéir:Ilhan Kyuchyuk)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh  2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Nikola Minchev (2025/2100(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Nikola Minchev a tharscaoileadh, a fuarthas i litir dar dáta an 6 Bealtaine 2025 t ó Sheirbhís Phoiblí Fheidearálach na Beilge um Ghnóthaí Eachracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha ina raibh iarraidh dar dáta an 16 Aibreán 2025 ó Oifig Ionchúisitheoir Feidearálach na Beilge maidir le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i gcoinne Nikola Minchev, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 21 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéis bhreise a chuir an Ionchúisitheoir Feidearálach agus an Breitheamh Imscrúdaitheach ar fáil le linn malrtuithe tuairimí an 15 Iúil 2025, agus don fhreagra a cuireadh ar fáil an 18 Meán Fómhair 2025 ag an Ionchúisitheoir Feidearálach tar éis iarraidh bhreise i scríbhinn ar fhaisnéis; ag féachaint don fhíoras nach mór d’iarraidh ar dhíolúine Feisire a tharscaoileadh caighdeáin áirithe a chomhlíonadh, eadhon ní mór í a fhoirmliú go soiléir, lena n-áirítear maidir leis an gcreat dlíthiúil ar a bhfuil an iarraidh bunaithe, agus ní mór di gnéithe agus faisnéis shoiléir agus leordhóthanach a sholáthar chun go mbeidh an Pharlaimint in ann scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh chun teacht ar chonclúid agus an scrúdú sin a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir, agus castacht choibhneasta an cháis á cur san áireamh freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Nikola Minchev an 3 Nollaig 2025, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0155/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí  an 6 Bealtaine 2025 gur tharchuir Seirbhís Phoiblí Fheidearálach na Beilge um Ghnóthaí Eachracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha iarraidh ón Ionchúisitheoir Feidearálach, dár dáta an 16 Aibreán 2025, go ndéanfaí díolúine Nikola Minchev, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Bhulgáir, a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina choinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear gur thug imscrúdú leathan maidir le cuideachta Huawei fianaise thromchúiseach go raibh eagraíocht choiriúil ann a líomhnaítear go raibh sé mar chuspóir aici tionchar a imirt ar chinntí institiúidí an Aontais trí dhul i mbun éilliú Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cosúil gur tugadh chun solais leis an imscrúdú sin roinnt gníomhartha éillithe líomhnaithe a thoimhdítear a rinneadh ar bhonn rialta ó 2021 go 2024; de bhrí go líomhnaítear gurbh ann don scéim éillithe i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear cuireadh a thabhairt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa chuig imeachtaí a dtacaíonn Huawei leo, mar mhalairt ar phoist pholaitiúla a ghlacadh i bhfabhar na cuideachta sin mar dhea, agus bronntanais iomarcacha amhail speansais bhia agus taistil nó cuirí rialta chuig cluichí sacair lasmuigh de chreat Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata ar dhíolúine a tharscaoileadh, gur fhreastail Nikola Minchev, an 24 Deireadh Fómhair 2024, ar chluiche sacair ag staid sa Bhruiséil, in éineacht lena chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe, le beirt ionadaithe de chuid Huawei agus le duine eile; de bhrí, de réir na hiarrata, go raibh siad i mbosca a fuair Huawei ar cíos ar chostas EUR 45 000 in aghaidh an tséasúir, agus líomhnaítear go ndearnadh é sin trí bhíthin cuideachta idirmheánach chun teagmháil le Feisirí áirithe de Pharlaimint na hEorpa a éascú; de bhrí nach cosúil gur dhearbhaigh Nikola Minchev do Pharlaimint na hEorpa íoc na gcostas arna dtabhú chun freastal ar an gcluiche sacair – nach raibh a méid beacht ar eolas ag an údarás a d’iarr an díolúine a tharscaoileadh; de bhrí, de réir na faisnéise breise a chuir Ionchúisitheoir Feidearálach ar fáil, gur fhreastail Nikola Minchev ar dhinnéar an 16 Iúil 2024 freisin, in éineacht le feidhmeannach de chuid Huawei, a d’eagraigh duine den bheirt ionadaithe de chuid Huawei;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nárbh ann go dtí gur chuir an Ionchúisitheoir Feidéarálach an fhaisnéis bhreise ar fáil mar fhreagra ar an iarraidh i scríbhinn ar thuilleadh faiséise gur cuireadh in iúl gurbh fhéidir breabaireacht phoiblí éighníomhach a bheith i gceist le gníomhaíochtaí líomhnaithe Nikola Minchev, ar cion coiriúil é sin faoi Airteagal 246(1) de Chód Coiriúil na Beilge;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur toghadh Nikola Minchev chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2024 agus dá bhrí sin go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chion líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine pharlaiminteach dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta don Fheisire í an díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a nocht siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh; de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairim a nocht Nikola Minchev ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas dó de réir bhrí Airteagal 8 den Phrótacal sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (b), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa go bhfuil díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit nach é a mBallstát féin é;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur gá aon chonclúid maidir le díolúine Nikola Minchev a tharraingt ar bhonn na hiarrata ar dhíolúine a tharscaoileadh agus ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a thugtar sa chás seo, lena n-áirítear na freagraí a thug an Ionchúisitheoir Feidearálach, le linn an mhalartaithe tuairimí agus san fhaisnéis bhreise arna soláthar i scríbhinn araon; de bhrí go bhfuil ganntanas mínáireach gnéithe nithiúla san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh; de bhrí nár scaipeadh leis na malartuithe ó bhéal agus i scríbhinn ina dhiaidh sin leis an Ionchúisitheoir Feidearálach an éiginnteacht shuntasach maidir leis na gnéithe éagsúla atá san iarraidh ar dhíolúine Nikola Minchev a tharscaoileadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, ar bhonn an mhéid sin roimhe seo, nár chuir suim na faisnéise a tíolacadh ar chumas na Parlaiminte teacht go muiníneach ar chinneadh a bhí eolasach go leor chun díolúine Nikola Minchev a tharscaoileadh; de bhrí, thairis sin, go léireodh an éiginnteacht shuntasach maidir leis na gnéithe éagsúla den chás seo de ghnáth gur ann do <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh gan díolúine Nikola Minchev a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Ríocht na Beilge agus chuig Nikola Minchev.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>