<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0197</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0070/2026 -  Rapóirtéir: Bernd Lange)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe (COM(2025)0472 – C10-0192/2025 – 2025/0260(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0472),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0192/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mheasúnú buiséadach ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Meitheamh 2026 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 60 agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0070/2026),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 26 Márta 2026 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0097).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2025)0260</STRING></IDENT><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Meitheamh 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe</STRING><BRK/></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach<FOOTNOTE><FIELD>Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Tá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó agus is doimhne ar domhan ag an Aontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) agus tá a ngeilleagair comhtháite go mór. B’fhiú níos mó ná EUR 1,6 trilliún an trádáil dhá threo iomlán a rinne siad in 2024. Is í an dúshraith atá faoin gcomhpháirtíocht dhomhain chuimsitheach sin infheistíochtaí frithpháirteacha móra i margaí a chéile ar fiú thart ar EUR 5,3 trilliún iad.
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Chun suaitheadh ar a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a sheachaint agus chun leanúint d’fheabhas a chur ar an gcaidreamh sin, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">chomhaontaigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Ráiteas Comhpháirteach maidir le Comhaontú Taraife, a fógraíodh an 21 Lúnasa 2020 (‘Ráiteas Comhpháirteach 2020’), faoinar gheall an tAontas deireadh a chur leis na taraifí ar allmhairí táirgí gliomaigh beo agus reoite ó na Stáit Aontaithe agus gheall na Stáit Aontaithe a rátaí taraife a laghdú 50 % ar tháirgí áirithe arna n-onnmhairiú ag an Aontas ar fiú USD 160 milliún ar an meán go bliantúil iad, lena n-áirítear béilí ullmhaithe áirithe, earraí gloine criostail áirithe, ullmhóidí dromchla, púdair thiomáinteacha, lastóirí toitíní agus comhpháirteanna lastóirí. </STRING></STRING>An 16 Nollaig 2020, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">chun Ráiteas Comhpháirteach  2020 a chur chun feidhme</STRING></STRING>, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2020/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) 2020/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe (IO L 430, 18.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2131/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le díchur dleachtanna custaim ▌ <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar bhonn erga omnes, ar líon teoranta</STRING></STRING> earraí,▌ <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">lena n-áirítear táirgí</STRING></STRING> gliomaigh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">beo agus reoite</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">de ▌ thionscnamh na Stát Aontaithe, don tréimhse</STRING></STRING> ón 1 Lúnasa 2020 <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go dtí</STRING></STRING> an 31 Iúil 2025.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>An 27 Iúil 2025, tháinig Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Stát Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil, rud a léiríodh ina dhiaidh sin i Ráiteas Comhpháirteach maidir le Creat idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i ndáil le Comhaontú maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom an 21 Lúnasa 2025 (‘an Ráiteas Comhpháirteach’). I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil sin agus leis an Ráiteas Comhpháirteach, agus chun rochtain leanúnach earraí an Aontais ar mhargadh na Stát Aontaithe a áirithiú, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh maidir le neamhchur i bhfeidhm, go ceann tamall eile, na ndleachtanna custaim ar allmhairí isteach san Aontas de na cineálacha gliomach a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2020/2131. I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil sin agus an Ráiteas Comhpháirteach, ba cheart allmhairí gliomach próiseáilte a aicmítear faoi chód 1605 30 90 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), mar a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, a áireamh freisin i gcás neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Dá bhrí sin, na dleachtanna custaim is infheidhme ar allmhairí na n-earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith cothrom le 0 % ▌<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ach amháin</STRING></STRING> mura gcuireann na Stáit Aontaithe an Ráiteas Comhpháirteach chun feidhme ar bhealach éifeachtach <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">níos mó</STRING></STRING>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, in imthosca sonracha. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).</FIELD></FOOTNOTE>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faoin 31 Eanáir 2030, ba cheart don Choimisiún measúnú a thíolacadh ar éifeachtaí an Rialacháin seo. Ba cheart a chumhdach sa mheasúnú sin na hathruithe ó bhí an 1 Lúnasa 2025 ann ar mhéideanna trádála agus ar luachanna trádála onnmhairí na Stát Aontaithe chuig an Aontas i gcás na n-earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart togra reachtach chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith ag gabháil leis an measúnú sin.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P>I bhfianaise a thábhachtaí atá sé suaitheadh ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. Ar an gcúis chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Lúnasa 2025. Dleachtanna custaim a íocadh de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme de bhun an Rialacháin seo sa tréimhse idir an 1 Lúnasa 2025 agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart iad a aisíoc arna iarraidh sin,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING ITALIC="on">Neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim</STRING></STI.ART><PARAG>0 % a bheidh i ndleachtanna custaim is infheidhme na Comhtharaife Custaim a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir le hallmhairií isteach san Aontas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na</STRING></STRING> n-earraí a aicmítear faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING ITALIC="on">Cur ar fionraí</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear cur i bhfeidhm Airteagal 1 ar fionraí go hiomlán nó go páirteach in aon cheann de na himthosca seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>i gcás ina mainníonn na Stáit Aontaithe an Ráiteas Comhpháirteach maidir le Creat idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i ndáil le Comhaontú maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom, a fógraíodh an 21 Lúnasa 2025 (‘an Ráiteas Comhpháirteach’), a chun feidhme nó ina mbainfeann sé an bonn ar shlí eile de na cuspóirí maidir le feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus na cuspóirí arna saothrú leis an Ráiteas Comhpháirteach, nó i gcás ina mbaineann sé an bonn den rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar mhargadh na Stát Aontaithe, nó i gcás ina gcuireann sé isteach ar shlí eile ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>i gcás ina bhfuil léiriú leordhóthanach ann go ngníomhóidh na Stáit Aontaithe ar an mbealach dá dtagraítear i bpointe (a) amach anseo;<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nó</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>i gcás ina bhfuil athrú tagtha ar imthosca oibiachtúla maidir leis na himthosca sin a bhí ann ar dháta an Ráitis Chomhpháirtigh.</PARAG><PARAG>Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Beidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 fad a bheidh na himthosca dá dtagraítear sa mhír sin fós ann.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 3</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING ITALIC="on">Nós imeachta coiste</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Déanfaidh an Coiste um Bacainní Trádála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1843/oj).</FIELD></FOOTNOTE>.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 4</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING ITALIC="on">Aisíocaíocht dleachtanna custaim</STRING></STI.ART><PARAG>Arna iarraidh sin do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, aisíocfaidh údaráis chustaim náisiúnta inniúla na mBallstát aon dleacht chustaim arna híoc de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme de bhun an Rialacháin seo i leith  na n-earraí a aicmítear faoi na Cóid AC a liostaítear san Iarscríbhinn arna n-allmhairiú isteach san Aontas idir an 1 Lúnasa 2025 agus … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].</PARAG>

<TI.ART><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Airteagal 5</STRING></STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Measúnú agus tuairisciú</STRING></STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faoin 31 Eanáir 2030, déanfaidh an Coimisiún measúnú a thíolacadh ar éifeachtaí an Rialacháin seo. Cumhdófar sa mheasúnú sin  na hathruithe ó bhí an 1 Lúnasa 2025 ann ar mhéideanna trádála agus ar luachanna trádála onnmhairí na Stát Aontaithe chuig an Aontas i gcás na n-earraí a aicmítear faoi na cóid AC a liostaítear san Iarscríbhinn.</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 chun síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta, agus go tráthúil, faoi fhorbairtí ábhartha i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.</STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 6</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING ITALIC="on">Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm</STRING></STI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2025 <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go dtí</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an 31 Iúil 2030</STRING></STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna ndéanamh i/in/sa …,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE><ANNEX><TI><STRING BOLD="on"><STRING UNDERLINE="on">IARSCRÍBHINN</STRING></STRING></TI>

<TGROUP COLS="2"><COLSPEC COLNAME="C1" COLNUM="1" COLWIDTH="21.16*"/><COLSPEC COLNAME="C2" COLNUM="2" COLWIDTH="78.84*"/>
<ROW><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C1" VALIGN="MIDDLE">
Cód CN 2025<FOOTNOTE><FIELD>Is as an Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, de réir mar is infheidhme in 2025, a thógtar cóid na hainmníochta, agus <STRING ITALIC="on">mutatis mutandis</STRING> de réir mar a leasaítear é le gníomhartha dlíthiúla ina dhiaidh seo.</FIELD></FOOTNOTE>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="CENTER" COLNAME="C2" VALIGN="MIDDLE">
Tuairisc
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
0306 11 90
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
Gliomaigh charraige agus piardóga mara eile (<STRING ITALIC="on">Palinurus</STRING> spp., <STRING ITALIC="on">Panulirus</STRING> spp., agus <STRING ITALIC="on">Jasus</STRING> spp.), iad deataithe fiú, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, lena n-áirítear iad sin sa bhlaosc, iad cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite (seachas eireabaill piardóg)
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
0306 12 10
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
Gliomaigh (<STRING ITALIC="on">Homarus</STRING> spp.), iad iomlán, deataithe fiú nó cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
0306 12 90
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
Gliomaigh(<STRING ITALIC="on">Homarus</STRING> spp.), iad deataithe fiú, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, lena n-áirítear gliomaigh sa bhlaosc, iad cócaráilte trína ngalú nó trína mbeiriú in uisce, iad reoite (seachas gliomaigh ina n-iomláine)
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
0306 32 10
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
Gliomaigh bheo (<STRING ITALIC="on">Homarus</STRING> spp.)
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C1">
1605 30 90
</ENTRY><ENTRY ALIGN="LEFT" COLNAME="C2">
Gliomaigh, iad ullmhaithe nó leasaithe (seachas gliomaigh atá díreach deataithe; seachas feoil gliomaigh, í cócaráilte, chun im gliomaigh nó chun taois, pâté, anraithí nó anlainn gliomaigh a mhonarú)
</ENTRY></ROW>
</TGROUP>

</ANNEX></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>