<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0201</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/009 BE/Soliver</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0149/2026 -  Rapóirtéir: Bogdan Rzońca)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/009 BE/Soliver (COM(2026)0050 – C10-0111/2026 – 2026/0097(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0050 – C10‑0111/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’), arna leasú le Rialachán (AE) 2026/1139<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2026/1139, 20.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1139/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (‘Rialachán CAI’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0149/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórimeachtaí agus mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach iomaíochas thionscal na hEorpa a choinneáil agus infheistíocht sa nuálaíocht agus i scileanna a neartú chun tuilleadh meatha thionsclaíoch agus caillteanas post ar fud an Aontais a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Bheilg iarratas EGF/2025/009 BE/Soliver chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED i ndiaidh 803 iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán maidir le CED.</FIELD></FOOTNOTE> in Soliver NV (Soliver) sa Bheilg, san earnáil eacnamaíoch arna rangú faoi rannán 46 den Dara Athbhreithniú ar NACE (Trádáil mhórdhíola) i réigiúin Provincie Oost-Vlaanderen (BE23) agus Provincie West-Vlaanderen (BE25), Flóndras, laistigh de thréimhse thagartha ón 1 Iúil 2025 go dtí an 1 Samhain 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán maidir le CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndearna Soliver iarratas ar fhéimheacht i mí na Nollag 2024; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar fhéimheachtaí sa Bheilg ó 2022 i leith agus go bhfuil an dífhostaíocht ag dul i bhfeidhm go mór ar roinnt réigiún i bhFlóndras;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-áirítear ar an lucht saothair a ndéanann dúnadh Soliver difear dóibh sciar suntasach d’oibrithe scothaosta, a bhfuil bacainní sonracha agus níos measa rompu maidir le hath-imeascadh sa mhargadh saothair, lena n-áirítear idirdhealú aoise, mí-oiriúint scileanna agus rochtain theoranta ar dheiseanna athoiliúna; de bhrí nach mór bearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha oibrithe scothaosta, lena n-áirítear formáidí oiliúna atá oiriúnach ó thaobh aoise de, meantóireacht agus comhar le fostóirí atá tiomanta d’earcaíocht atá éagsúil ó thaobh aoise de;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil réamh-mhaoiniú agus comhchistiú náisiúnta na mbeart á soláthar ag VDAB;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go marthanach agus i ndálaí fostaíochta ardcháilíochta sa mhargadh saothair agus, ag an am céanna, oiliúint scileanna a thairiscint dóibh chun a n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018)<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán CAI.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CED agus go háirithe in Airteagal 4(2), pointe (a) de, comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 2 132 535 a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 2 508 865, a chuimsíonn EUR 2 412 465 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 96 400 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 22 Nollaig 2025 agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a fháil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú, beagnach mí amháin roimh an spriocdháta, an 30 Aibreán 2026, agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am a ghiorrú idir iarratas ar chúnamh CED a thíolacadh agus an cinneadh maoiniúcháin, agus cearta Pharlaimint na hEorpa mar bhrainse amháin den údarás buiséadach á gcosaint go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 803 thairbhí spriocdhírithe, a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Soliver;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur aistrigh Soliver, monaróir táirgí gloine don tógáil agus don earnáil mótarfheithiclí, a fhócas chuig gloine mótarfheithiclí ardteicneolaíochta go heisiach tar éis do American Glass Products Holding (AGP) é a fháil in 2018; ag tabhairt dá haire gur thosaigh deacrachtaí ag an gcuideachta a bhain go príomha le cor chun donais san earnáil mótarfheithiclí, a d’eascair as táirgeadh moillithe samhlacha gluaisteán a raibh a cuid táirgí beartaithe dóibh, agus a raibh laghdú mór ar bhrabúsacht agus féimheacht mar thoradh air ar deireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur earnáil dianfhuinnimh é tionscal na gloine agus go ndearna praghsanna fuinnimh atá ard i gcónaí difear mór dó, rud a bhain an bonn go mór dá iomaíochas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le méadú suntasach ar sholáthar fuinnimh iontaofa agus inacmhainne chun praghsanna iomaíocha fuinnimh a bhaint amach san fhadtéarma, lena n-áirítear trí fhoinsí fuinnimh agus bealaí soláthair a éagsúlú, trí tháirgeadh fuinnimh intíre a fhorbairt, agus tríd an Aontas Fuinnimh a thabhairt chun críche go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil na hionchais fostaíochta is fabhraí ag oibrithe a bhfuil scileanna teicniúla acu, nó iad siúd atá toilteanach athsciliú, gurb é is cúis leis sin ganntanas gairmithe teicniúla, arb é rannpháirtíocht íseal na hóige sa ghairmoiliúint agus lucht saothair atá ag dul in aois is cúis leis; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach na hoibrithe a leagadh as a bpost a ath-imeascadh agus rochtain chomhionann ar dheiseanna oiliúna ardcháilíochta a áirithiú chun go mbeidh geilleagar Eorpach ann a bheidh slán i bhfad na haimsire agus a mbeidh bonn láidir tionsclaíoch aige; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a neartú sa chomhthéacs sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go raibh tionchar diúltach ag an méadú ar fhéimheachtaí le cúpla bliain anuas ar an ráta fostaíochta i roinnt réigiún sa Bheilg, go háirithe i réigiún Fhlóndras; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bacainní níos mó roimh na hoibrithe scothaosta a chuirtear ar iomarcaíocht i bhFlóndras maidir le dul isteach arís sa mhargadh saothair; á iarraidh ar údaráis na Beilge tacaíocht shonrach a sholáthar atá saincheaptha chun cabhrú le hoibrithe na scileanna is gá a fhorbairt tuilleadh chun poist nua ardcháilíochta a aimsiú, agus bearta á ndéanamh ag an am céanna chun féimheachtaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sóisialta as a dtagann eisiamh ón lucht saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na saineolaithe agus na comhpháirtithe sóisialta, gurb iad na bearta seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: tascfhórsa sainchomhairleoirí agus bainisteoirí cuntais a bhfuil taithí acu, a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha pearsantaithe; seirbhísí socrúcháin sheachtraigh lena soláthraítear treoraíocht ar bhonn aonair; cúnamh chun post a fháil: cúnamh treisithe cuardaigh poist: oiliúint agus athoiliúint, lena n-áirítear oiliúint san ionad oibre; rannpháirtíocht ag aonaigh fostaíochta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú lena neartaítear an t-iomaíochas agus lena dtacaítear leis an gclaochlú digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú gur ionstraim dlúthpháirtíochta agus aistrithe chóir é CED agus cé go gcuireann sé tacaíocht ar fáil tar éis caillteanais post, nach féidir leis teacht in ionad beartas tionsclaíoch réamhghníomhach; á mheas gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó ar gach leibhéal polaitiúil chun a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a ndéantar difear dóibh deiseanna leormhaithe i gcomhréir lena gcáilíochtaí agus lena scileanna; á chur i bhfáth nach mór é a bheith ina phríomhchúram ag an Aontas cosc a chur ar dhúnadh den sórt sin ar an gcéad dul síos, trí na dálaí a chruthú chun táirgeadh tionsclaíoch a choinneáil iomaíoch agus córais slándála sóisialta a choinneáil inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, agus ag an am céanna infheistíocht a dhéanamh i scileanna d’oibrithe ardcháilithe agus tionsclaíocha araon; á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht shonrach a sholáthar atá saincheaptha do phróifílí oibrithe, agus bearta á nglacadh ag an am céanna chun féimheachtaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sóisialta as a dtagann eisiamh ón lucht saothair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach ualaí rialála agus riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú chun tacú le hiomaíochas tionsclaíoch, chun infheistíocht a mhealladh agus chun poist ardcháilíochta a chaomhnú san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áiritheoidh údaráis na Beilge infheictheacht an chistithe ón Aontas agus go leagfaidh siad béim ar a bhreisluach trí fhaisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a chur ar fáil do thairbhithe, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus don phobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún infheictheacht chomhionann na hionstraime a áirithiú ar fud na mBallstát agus a breisluach a chur chun cinn trí fhaisnéis spriocdhírithe a scaipeadh ar údaráis náisiúnta, ar cheart dóibh an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh tuilleadh chuig cuideachtaí a ndéanann iomarcaíochtaí difear dóibh, chuig údaráis réigiúnacha agus áitiúla, chuig comhpháirtithe sóisialta, agus chuig an bpobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireachtaí deiridh críochnúla in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir agus thrédhearcach faoin gcaoi ar úsáideadh cistí, ath-imeascadh oibrithe sa mhargadh saothair, agus cé acu ar baineadh amach nó nár baineadh amach cuspóirí CED; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé faireachán rialta a dhéanamh ar na bearta arna maoiniú ag CED chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe agus caiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme araon an 11 Meitheamh 2025 agus, dá bhrí sin, gur ón dáta sin go dtí 24 mhí agus go dtí 31 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug údaráis na Beilge dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar údaráis phoiblí nó chuideachtaí faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna; á mheabhrú gur sásra teoranta, spriocdhírithe agus comhlántach é CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></TI>
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/009 BE/Soliver

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI:http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

<NO.P>(1)</NO.P>Tá sé d’aidhm ag an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin agus trí chúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar obair chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

<NO.P>(2)</NO.P>Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj)).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, agus mar a leagtar síos freisin in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

<NO.P>(3)</NO.P>An 22 Nollaig 2025, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Soliver NV sa Bheilg. Rinneadh é a fhorlíonadh trí fhaisnéis bhreise a sholáthar, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> COM(2026) 4 final.</FIELD></FOOTNOTE>.

<NO.P>(4)</NO.P>Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 132 535 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

<NO.P>(5)</NO.P>Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

<STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING>

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2026, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 2 132 535 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus íocaíochtaí.

<STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING>

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>. Beidh feidhm aige ón [<STRING ITALIC="on">dáta a ghlactha</STRING>]<FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING SUPERSCRIPT="on">* </STRING></STRING>An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilseofar san Iris Oifigiúil é.</FIELD></FOOTNOTE>.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>