<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0202</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha – tuarascáil 2026 ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2025/2445 agus ar na gníomhaíochtaí arna gcistiú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0145/2026 -  Rapóirtéirí: Loránt Vincze, Charles Goerens)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 Páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha – tuarascáil 2026 ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2025/2445 agus ar na gníomhaíochtaí arna gcistiú (2026/2013(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagal 12(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 224 agus d’Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> IO L, 2025/2445, 8.12.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj</FIELD></FOOTNOTE> (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha,<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3</STRING> IO C 205, 20.5.2022, lch. 37.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhairliúcháin leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) agus dá thuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mhalartú tuairimí le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus le geallsealbhóirí institiúideacha an 18 Márta 2026 a bhí ag an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0145/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla láidre ar leibhéal an AE bunriachtanach chun réimse poiblí fíor-Eorpach a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ról níos lárnaí a bheith acu i bpróiseas na dtoghchán Eorpach agus rannchuidiú le feasacht pholaitiúil AE a chruthú agus le toil shaoránaigh AE a chur in iúl; de bhrí go bhfuil an éagsúlacht pholaitiúil riachtanach don dioscúrsa poiblí agus chun roghanna na saoránach a chur in iúl;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur cheart do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha comhoibriú lena mballpháirtithe náisiúnta agus lena gcomhpháirtithe náisiúnta chun tacú leo an tAontas agus a bheartais a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus chun dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, in 2025, go raibh dhá fhondúireacht eile cláraithe leis an Údarás, rud a chiallaíonn, amhail ón 31 Nollaig 2025, go raibh 12 pháirtí pholaitiúla Eorpacha agus 12 fhondúireacht pholaitiúla Eorpacha chleamhnaithe cistithe ag buiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur tháinig an Rialachán athmhúnlaithe i bhfeidhm an 28 Nollaig 2025 agus gur tugadh isteach leis roinnt nuálaíochtaí tábhachtacha, lena n-áirítear rialacha níos soiléire maidir le gníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha, oibleagáidí feabhsaithe trédhearcachta agus tuairiscithe, ceanglais díchill chuí neartaithe maidir le tabhartais, agus aitheantas sainráite d’acmhainní féinghinte mar chatagóir ioncaim;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach bhfuil an Rialachán i bhfeidhm ach ar feadh tréimhse ghearr; de bhrí, dá réir sin, go bhfuil sonraí agus taithí maidir le cur chun feidhme an Rialacháin teoranta go fóill; de bhrí go bhfuil am agus fianaise leordhóthanach ag teastáil chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thionchar an Rialacháin; de bhrí, mar sin féin, gur tháinig dúshláin bheartais gan choinne chun cinn díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, go háirithe maidir le fondúireachtaí polaitiúla a chistiú, rud a éilíonn gníomhaíocht phráinneach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an Rialachán athmhúnlaithe, go bhfuil an Pharlaimint le tuarascáil a fhoilsiú faoin 29 Meitheamh 2026 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú; de bhrí, tar éis fhoilsiú thuarascáil na Parlaiminte, go mbeidh bliain amháin ag an gCoimisiún chun tuarascáil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra chun é a leasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cheart don tuarascáil ón gCoimisiún aird ar leith a thabhairt d’impleachtaí an Rialacháin maidir le seasamh páirtithe polaitiúla Eorpacha beaga agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha beaga, agus maidir leis na rialacha lena rialaítear maoiniú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur dlúthchuid d’ollstruchtúr daonlathach an Aontais iad fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí thacú le díospóireacht pholaitiúil, forbairt beartais, taighde, oiliúint agus rannpháirtíocht shibhialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go n-áirítear i sainordú na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha feasacht pholaitiúil a mhúscailt maidir leis an díospóireacht ar shaincheisteanna beartais an AE agus ar phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí agus rannchuidiú leis an díospóireacht sin, agus seirbhísí a sholáthar nach bhfuil dírithe go heisiach ar chomhaltaí ná ar vótálaithe páirtí ar leith, ach atá oscailte do chách ar théarmaí comhionanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rialachán á chur chun feidhme i gcomhthéacs éagobhsaíocht gheopholaitiúil dhomhain, arb é is príomhthréith di iomaíocht straitéiseach mhéadaithe, bagairtí hibrideacha, bréagaisnéis, suaitheadh teicneolaíoch, athrú aeráide agus claochluithe socheacnamaíocha fadtéarmacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn na forbairtí sin ar an Aontas a chumas maidir le fadbhreathnaitheacht straitéiseach, rialachas réamh-mheasta agus pleanáil beartais fhadtéarmach a threisiú, chun ullmhú go héifeachtach do na dúshláin sa tréimhse go dtí 2040 agus ina dhiaidh sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha in ann rannchuidiú leis an iarracht sin trí thaighde fadtéarmach, trí anailís chomparáideach, trí idirphlé trasnáisiúnta, trí oideachas polaitiúil agus trí fhothú acmhainneachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach bhfuil leibhéal agus struchtúr reatha chistiú an Aontais atá ar fáil d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir a thuilleadh le raon feidhme, ábharthacht straitéiseach agus castacht mhéadaitheach a gcúraimí;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur thuairiscigh fondúireachtaí polaitiúla ualach rialála díréireach agus gur iarr siad go ndéanfaí na ceanglais rialála a shimpliú, go háirithe maidir le hoibleagáidí tuairiscithe agus trédhearcachta, agus go bhféadfaí na bearta ceartaitheacha is gá a athbhunú chun feidhmiú cuí an phróisis cistiúcháin a áirithiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Measúnú ginearálta ar an Rialachán athmhúnlaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Rialachán athmhúnlaithe mar chéim thábhachtach i dtreo an creat dlíthiúil do pháirtithe agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a nuachóiriú agus an tsláine dhaonlathach a neartú ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas curtha ag an Rialachán ar shoiléireacht dhlíthiúil i roinnt réimsí, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha, ceanglais trédhearcachta agus coimircí i gcoinne trasnaíocht eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, go bhfuil an taithí agus na sonraí go dtí seo maidir le cur chun feidhme an Rialacháin athmhúnlaithe teoranta i gcónaí agus nach féidir meastóireacht níos doimhne agus níos cothrománaí a dhéanamh go dtí tráth níos déanaí; de bhrí, mar sin féin, go bhfuil gníomhaíocht phráinneach ag teastáil i leith na ndúshlán beartais gan choinne a tháinig chun cinn díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, go háirithe maidir le fondúireachtaí polaitiúla a chistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur suntas, agus é ina ábhar imní di, sna tuarascálacha ó fhondúireachtaí maidir le hualach rialála díréireach agus á ghealladh go ndéanfaidh sí an t-ábhar sin a imscrúdú tuilleadh agus go ndéanfaidh sí obair leantach ina leith sa mheastóireacht chórasach atá ar na bacáin; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá bearta ceartaitheacha éifeachtacha agus comhréireacha mar uirlis chun comhlíonadh an Rialacháin a áirithiú agus á ghealladh go ndéanfaidh sí athbhreithniú ar úsáid na mbeart sin sa chleachtas a rinneadh le déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur sonrú san éiginnteacht dhlíthiúil agus na srianta oibríochtúla atá fós os comhair fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le haicmiú costas incháilithe, agus á mheas go bhfuil gá le soiléiriú tráthúil ar na saincheisteanna sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú go gcomhlíonann fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ról institiúideach ar leith faoi na Conarthaí trí fheasacht pholaitiúil Eorpach a chothú, trí thacú le ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus trí chultúr daonlathach agus rannpháirtíocht shibhialta a neartú ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil an timpeallacht gheopholaitiúil agus theicneolaíoch ag éirí níos luainí ó foilsíodh togra 2021 ón gCoimisiún chun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014<FOOTNOTE><FIELD>4.  Togra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú), (COM(2021)0734).</FIELD></FOOTNOTE> a athmhúnlú, agus go bhfuil teannas slándála méadaithe, cur isteach eachtrach ar phróisis dhaonlathacha agus claochlú socheacnamaíoch luathaithe le sonrú inti; á chur i bhfios go láidir go méadaíonn na forbairtí sin an tábhacht a bhaineann le pleanáil fhadtéarmach beartais, oideachas daonlathach agus idirphlé trasteorann, a ndéanann fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha rannchuidiú speisialta leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i bhfianaise a bhfreagrachtaí méadaitheacha, go dteastaíonn na huirlisí airgeadais is gá agus na hacmhainní iomchuí agus cobhsaí ó fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun a ról institiúideach a ghlacadh chucu féin go hiomlán, ag tógáil ar na feabhsuithe a tugadh isteach leis an Rialachán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí le haghaidh feabhsúcháin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go soláthrófar creat dlíthiúil fónta agus slándáil airgeadais d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do bheith ag obair leis na fondúireachtaí chun an tslándáil sin a sholáthar a mhéid is féidir laistigh den chreat atá ann cheana, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann a mballeagraíochtaí tacaíocht airgeadais d’fhondúireachtaí; á chur i bhfios nach gcuireann an Rialachán toirmeasc ar shamhail táillí ballraíochta atá solúbtha agus bunaithe ar rannpháirtíocht trína rannchuidíonn balleagraíochtaí ar bhonn a leibhéil rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh gníomhaíochtaí comhpháirteacha iad féin de bheith neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus nár cheart go nginfidís ioncam d’fhondúireachtaí a sháraíonn na costais iarbhír a thabhaítear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag spreagadh fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun deiseanna airgeadais a uasmhéadú faoin gcreat atá ann cheana; á thabhairt chun suntais go gceadaítear maoiniú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí acmhainní dílse na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha faoi láthair faoi Airteagal 2(10) den Rialachán atá ann faoi láthair; á iarraidh ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí araon socruithe comhair a thabhairt i gcrích trína ndéanann páirtithe fondúireachtaí a chúiteamh as a rannchuidiú le haon obair chomhpháirteach, agus a róil ar leith faoi seach faoi na Conarthaí á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach gcuireann an Rialachán toirmeasc ar fhondúireachtaí náisiúnta, seachas fondúireachtaí polaitiúla, a bheith ina gcomhaltaí d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus ranníocaíocht bhallraíochta a íoc leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas go bhféadfaí Airteagal 25 den Rialachán reatha a shoiléiriú chun a dhearbhú go sainráite gur féidir táillí rannpháirtíochta a ghearradh ar bhalleagraíochtaí as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann cur i bhfeidhm dian an tsainmhínithe ar ranníocaíochtaí ballraíochta, an brú airgeadais agus riaracháin chun deontais ó bhuiséad an Aontais a chomhlánú le hacmhainní féinghinte, na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha le ballfhondúireachtaí agus leibhéal foriomlán chistiú an Aontais teorainn le neamhspleáchas airgeadais agus inbhuanaitheacht fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe i bhfianaise a bhfreagrachtaí atá ag dul i méid, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil creat cistiúcháin inbhuanaithe bunriachtanach chun a neamhspleáchas a chaomhnú agus chun tionchar príobháideach míchuí a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth, mar chuid d’éagsúlú acmhainní dílse, go gceadaítear d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha tabhartais suas le luach EUR 18 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra a fháil ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha; á chreidiúint go bhféadfaí an uasteorainn ar na tabhartais sin a mhéadú chun níos mó solúbthachta a thabhairt d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag spreagadh an Údaráis, i gcomhar leis an gCoimisiún, leanúint dá idirphlé le húdaráis inniúla náisiúnta agus é a fhorbairt tuilleadh, d’fhonn feasacht a mhúscailt maidir le tionchar na gcreataí cistiúcháin náisiúnta ar fheidhmiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus réitigh phraiticiúla a shainaithint atá dírithe ar shrianta neamhbheartaithe ar a n-inbhuanaitheacht airgeadais a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mholadh go mbunófaí córas aonair tuairiscithe agus nochta ar líne le haghaidh chistiú, thabhartais agus ranníocaíochtaí AE d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun trédhearcacht leormhaith a áirithiú do shaoránaigh, faireachán ar chomhlíonadh a fheabhsú agus ualach riaracháin agus comhlíonta na n-eintiteas tuairiscithe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á aithint iarrachtaí na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhfoinsí cistiúcháin a éagsúlú agus a chobhsú laistigh den chreat rialála atá ann cheana agus ag spreagadh úsáid leanúnach chothrom thrédhearcach a bhaint as na sásraí acmhainní dílse atá ar fáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe deiridh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar na forálacha cistiúcháin is infheidhme maidir le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faoin Rialachán, agus leas á bhaint as torthaí na tuarascála sin agus as an taithí a fuarthas ó tháinig an Rialachán athmhúnlaithe i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh an gcuireann aon chreat rialála nó beartais náisiúnta cosc nó bac ar ranníocaíochtaí ó eintitis náisiúnta, lena n-áirítear fondúireachtaí polaitiúla, le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a íoc agus obair leantach a dhéanamh leis an ngníomhaíocht is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach athmhúnlaithe a thíolacadh lena ndéanfar athbhreithniú ar na rialacha cistiúcháin d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena n-áirítear leasú ar Airteagal 22(4) den Rialachán chun an uasteorainn ar ranníocaíochtaí airgeadais nó ar dheontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhéadú go 100 % de na costais incháilithe arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, leasú ar Airteagal 25 a áireamh sa togra seo chun an uasteorainn ar thabhartais d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a mhéadú, agus ar an gcaoi sin níos mó solúbthachta agus éagsúlaithe foinsí cistiúcháin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do mhéadú a dhéanamh ar leibhéal foriomlán chistiú an Aontais d’fhondúireachtaí polaitiúla faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ar na bacáin do 2028-2034, chun aird a thabhairt ar an easpa innéacsaithe bhuiséadaigh le blianta beaga anuas agus ar an mboilsciú atá ag dul i méid agus ar chostais oibríochtúla atá ag dul i méid d’fhonn acmhainní airgeadais iomchuí, cobhsaí agus intuartha a áirithiú, d’fhonn a chur ar chumas fondúireachtaí dul i mbun gníomhaíochtaí fadtéarmacha fadbhreathnaitheachta straitéisí agus fothaithe acmhainneachta agus ardchaighdeáin trédhearcachta, cuntasachta agus neamhspleáchais a choinneáil, agus d’fhonn comhréireacht a áirithiú idir oibleagáidí comhlíontachta agus an cistiú atá ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheas gur infheistíocht straitéiseach in athléimneacht dhaonlathach agus in acmhainneacht rialachais fhadtéarmach an Aontais é cistiú iomchuí a sholáthar d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>