<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0203</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ag cur i gcoinne an chos ar bolg thrasnáisiúnta – i dtreo straitéis de chuid an Aontais chun ceannasacht agus luachanna daonlathacha na hEorpa a chosaint</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0142/2026 -  Rapóirtéir: Hannah Neumann)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 maidir le cur i gcoinne an chos ar bolg thrasnáisiúnta – i dtreo straitéis de chuid an Aontais chun ceannasacht agus luachanna daonlathacha na hEorpa a chosaint (2025/2179(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena gcumhdaítear luachanna bunaidh an Aontais maidir le dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagail 3 agus 21 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ghníomhartha an chos ar bolg thrasnáisiúnta atá ag dul i méid, agus don fhreagracht atá ar na Ballstáit gach duine atá ina chónaí laistigh dá gcríoch a chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 83 agus 215 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú NA 1998 maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 4 Aibreán 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Human rights defenders and new and emerging technologies: protecting human rights defenders, including women human rights defenders, in the digital age</STRING>’ [Cosantóirí chearta an duine agus teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn: [cosantóirí chearta an duine a chosaint, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine ar mná iad, sa ré dhigiteach] agus an 1 Iúil 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Civil society space’</STRING> [Spás na sochaí sibhialta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le cos ar bolg trasnáisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ohchr.org/en/documents/tools-and-resources/transnational-repression.</FIELD></FOOTNOTE>, a foilsíodh an 18 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas an 13 Eanáir 2025 ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le feabhas a chur ar chosaint do chosantóirí chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus do thuarascálacha ó Oifig an Ard-Choimisinéara agus ón Ardrúnaí ‘A/HRC/60/62: ‘<STRING ITALIC="on">Cooperation with the United Nations, its representatives and mechanisms in the field of human rights - Report of the Secretary General’</STRING> [Comhar leis na Náisiúin Aontaithe, a ionadaithe agus a shásraí i réimse chearta an duine - Tuarascáil ón Ardrúnaí] i mí Mheán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ‘Treoirphrionsabail maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’ na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme’ a formhuiníodh i Rún 17/4 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 16 Meitheamh 2011,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas ó ghrúpa saineolaithe neamhspleácha ar chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe, inar cuireadh in iúl gur cúis imní dóibh leathadh na dtrialacha in absentia sa Bhealarúis, a foilsíodh an 22 Eanáir 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don réamhscrúdú a rinne Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar an staid i bPoblacht na Liotuáine / i bPoblacht na Bealarúise (ICC-01/24-1),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh i mí an Mheithimh 2004 agus a nuashonraíodh in 2008, agus ar a rún an 16 Márta 2023 ar Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/409, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/409/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 maidir le ‘Tosaíochtaí an Aontais i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2025’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 30 Eanáir 2026 maidir le 'Tosaíochtaí an Aontais i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2026’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas 2020-2024, ar cuireadh síneadh leis go dtí 2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascálacha Bliantúla 2024 agus 2025 an Aontais ar Chearta an Duine agus an Daonlathas ar Domhan,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 dar teideal ‘Straitéis an Aontais don tSochaí Shibhialta’ (COM(2025)0790),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 15 Meitheamh 2023 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis an imscrúdaithe ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i bhfeidhmiú dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/494, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 12 Samhain 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">European Democracy Shield: Empowering Strong and Resilient Democracies’</STRING> [An Sciath Eorpach don Daonlathas: Daonlathas Láidir agus Athléimneach a Chumhachtú] (JOIN(2025)0791),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Meitheamh 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An International Digital Strategy for the European Union’</STRING> [Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta don Aontas Eorpach] (JOIN(2025)0140),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2025 maidir le haghaidh a thabhairt ar chos ar bolg trasnáisiúnta chosantóirí chearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0258.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2026 maidir le haghaidh a thabhairt ar shaoirse ó phionós trí smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (‘Gníomh Magnitsky AE’ mar a thugtar air)<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0015.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar gach próiseas daonlathach san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis<FOOTNOTE><FIELD> IO L 347, 9.9.2022, lch. 61.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1226, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1226/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’obair a coiste speisialta um an Sciath Eorpach um an Daonlathas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Bhunreacht Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (ICPO-Interpol), go háirithe Airteagal 2, lena gceanglaítear ar an eagraíocht gníomhú de mheon Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas Cheannairí G7 maidir le cos ar bolg trasnáisiúnta an 17 Meitheamh 2025 agus d’idirphlé il-gheallsealbhóra G7 maidir le cos ar bolg trasnáisiúnta a tionóladh i mí Feabhra 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ó Chruinniú Airí Gnóthaí Eachtracha G7 an 19 Aibreán 2024 maidir le ‘aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, comhpháirtíochtaí a chothú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 2509 (2023) agus do Mholadh 2257 (2023) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transnational repression as a growing threat to the rule of law and human rights’</STRING> [Cos ar bolg trasnáisiúnta mar bhagairt mhéadaitheach ar an smacht reachta agus ar chearta an duine],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar óna hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, Meitheamh 2025, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transnational repression of human rights defenders</STRING>: <STRING ITALIC="on">The impacts on civic space and the responsibility of host states’</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, an tAonad um Anailís agus Tacaíocht ar Bheartais Sheachtracha, ‘<STRING ITALIC="on">Transnational repression of human rights defenders</STRING>: <STRING ITALIC="on">The impacts on civic space and the responsibility of host states’</STRING>, [[Cur faoi chois trasnáisiúnta chosantóirí chearta an duine: Na tionchair ar an spás sibhialta agus ar fhreagracht na stát óstach], Lúnasa 2025, https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2025/754475/EXPO_STU.</FIELD></FOOTNOTE>, [Cos ar bolg trasnáisiúnta ar chosantóirí chearta an duine: Na tionchair ar an spás sibhialta agus ar fhreagracht na stát óstach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar óna hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais i mí Eanáir 2026 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Perpetrators and methods of transnational repression and possible counter-strategies’</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, an tAonad Anailíse agus Tacaíochta um Beartais Sheachtracha, ‘<STRING ITALIC="on">Perpetrators and methods of transnational repression and possible counter-strategies’</STRING> [Déantóirí coire agus modhanna an chos ar bolg thrasnáisiúnta agus frithstraitéisí a d’fhéadfadh a bheith ann], Eanáir 2026, https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2026/775286/EXAS_STU(2026)775286_EN.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> [Déantóirí coire agus modhanna an chos ar bolg thrasnáisiúnta agus frithstraitéisí a d’fhéadfadh a bheith ann],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Seachtú Tuarascáil ó Sheisiún 2024-25 ó Chomhchoiste Pharlaimint na Ríochta Aontaithe um Chearta an Duine, dar teideal ‘Cos ar bolg trasnáisiúnta sa Ríocht Aontaithe’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Baile na Gearmáine i mí an Mheithimh 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Verfassungsschutzbericht </STRING>2024’ [Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chosaint an Bhunreachta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0142/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cleachtas d’aon ghnó, córasach, spriocdhírithe agus diansmachtúil é an brú faoi chois trasnáisiúnta (CBT) trína sroicheann réimis nó a n-ionadaithe thar theorainneacha agus trína ndéanann siad gníomhartha lasmuigh dá ndlínse chríochach chun imeaglú, bagairt, tost, comhéigniú, rialú nó díobháil a dhéanamh ar aon bhealach eile ar dhaoine aonair nó ar ghrúpaí a bhfuil cónaí orthu thar lear, nó ar bhaill teaghlaigh nó ar a líonraí tacaíochta trí úsáid a bhaint as raon leathan modhanna fisiciúla, síceolaíocha, digiteacha, dlíthiúla, riaracháin agus eile, de shárú ar chearta bunúsacha; de bhrí go n-áirítear ar spriocanna CBT na mílte daoine ar son an daonlathais ar cuireadh iallach orthu teitheadh óna dtíortha tionscnaimh mar gheall ar bhrú faoi chois intíre;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann CBT an bonn ó na luachanna bunaidh sin, go rannchuidíonn sé le cúbláil na díospóireachta poiblí agus go sáraíonn sé cearta bunúsacha agus an dlí idirnáisiúnta, chomh maith le ceannasacht agus slándáil an Aontais agus na mBallstát; de bhrí gur minic a bhíonn sáruithe méadaithe ar chearta an duine sna tíortha tionscnaimh fite fuaite le gníomhaíocht mhéadaithe CBT thar lear;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil CBT atá tiomanta ar chríocha Bhallstáit an Aontais mar chuid de straitéis níos leithne maidir le trasnaíocht eachtrach atá dírithe ar institiúidí daonlathacha agus sochaithe daonlathacha a lagú agus go gcuireann sé isteach go díreach ar spás daonlathach inmheánach an Aontais trí ghuthanna a chur ina dtost, pobail a ilroinnt agus eagla agus féinchinsireacht a ghiniúint, agus an bonn á bhaint ag an am céanna ó ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais trí shrian a chur le cumas daoine aonair a bhfuil cónaí orthu san Aontas tacú leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an gcuntasacht i dtíortha nach bhfuil san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh CBT a bheith ina choir in aghaidh an chine dhaonna de réir bhrí Airteagal 7(h)<FOOTNOTE><FIELD> https://www.icc-cpi.int/sites/default/files/2024-05/Rome-Statute-eng.pdf.</FIELD></FOOTNOTE> de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus cineál córasach agus forleathan na ngníomhartha sin á gcur san áireamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil cearta agus cosaintí comhionanna faoi dhlí an Aontais ag gach duine a bhfuil cónaí orthu san Aontas, gan beann ar a dtionscnamh eitneach nó náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí nach mór do na húdaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais cearta aonair gach duine atá ina gcónaí san Aontas a choimirciú agus a chaomhnú; de bhrí go n-éilíonn CBT freagairtí sonracha atá dírithe ar íospartaigh chun na bearnaí cosanta atá ann cheana a dhúnadh; de bhrí, má chaitear le CBT go príomha mar shaincheist slándála nó trasnaíochta eachtraí, go bhfuil an baol ann go ndéanfaí a ghnéithe eile a cheilt, go gcuirfí teorainn le héifeachtacht na freagartha agus go bhfágfaí daoine agus pobail a ndéanann CBT difear dóibh gan cosaint leordhóthanach a thabhairt dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil CBTanna déanta ag gníomhaithe eachtracha i gcoinne daoine aonair agus grúpaí a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit an Aontais; de bhrí go ndéanann CBT difear do na Ballstáit ar leibhéil éagsúla agus go léiríonn siad leibhéil éagsúla feasachta, ullmhachta institiúidí agus infhaighteachta sásraí cosanta; de bhrí go n-oibríonn déantóirí na coire thar theorainneacha agus go mbaineann siad leas as na héagsúlachtaí sin idir creataí dlíthiúla agus institiúideacha náisiúnta, rud a laghdaíonn éifeachtacht na bhfreagairtí náisiúnta leithlisithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go ngearrann CBT trasna réimsí beartais éagsúla agus, dá bhrí sin, go n-éilíonn sé comhordú breise; de bhrí gur minic a bhaineann teaicticí CBT leas as criosanna liatha idir gníomhaireachtaí agus ranna;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag na Ballstáit maidir le gníomhartha CBT a chosc, a imscrúdú agus freagairt dóibh; de bhrí go mbaineann cineálacha cur chuige ilroinnte náisiúnta, agus easpa comhordaithe idir na Ballstáit, an bonn ó chumas an Aontais CBTanna a shainaithint, a chosc agus a chomhrac go héifeachtach agus go comhsheasmhach, agus nach leor iad chun aghaidh a thabhairt ar a chineál trasteorann; de bhrí go bhféadfadh ilroinnt den sórt sin, sa chleachtas, neamhshlándáil a ghéarú do dhaoine aonair agus do phobail a ndéantar difear dóibh, lena n-áirítear trí nochtadh, infheictheacht nó leochaileacht i leith comhéigin ag stáit tionscnaimh a mhéadú; de bhrí gur cheart go dtacódh comhordú níos láidre ar leibhéal an Aontais le hinniúlachtaí na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta agus go gcomhlánódh sé iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go léiríonn na sonraí a bailíodh le deich mbliana anuas méadú leanúnach ar scála, raon geografach agus sofaisticiúlacht CBT; de bhrí go bhfuil méadú tagtha freisin ar líon agus ar chineálacha na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le CBT mar gheall ar an gcos ar bolg a sheachfhoinsiú chuig seach-ionadaithe amhail líonraí coireachta eagraithe, iar-oifigigh faisnéise, agus cibearghníomhaithe, lena n-áirítear laistigh de Bhallstáit an Aontais, rud a mhéadaíonn diúltacht, a dhéanann sannadh níos casta agus a bhaineann an bonn den chuntasacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur minic a bhaineann CBT leas as gnáthoibriú córas riaracháin, airgeadais agus imirce an stáit óstaigh, lena n-áirítear rialuithe airgeadais atá bunaithe ar chomhlíonadh, ceanglais maidir le doiciméadacht dhocht agus cleachtais ilroinnte maidir le láimhseáil sonraí; de bhrí, mar thoradh air sin, go bhfuil an baol ann go mbainfidh déantóirí coire mí-úsáid as a struchtúir, fiú in éagmais intinne nó comhair dhírigh le stáit dhéantóra na coire; de bhrí, dá bhrí sin, gur gá grinnscrúdú a dhéanamh ar nósanna imeachta inmheánacha an Aontais agus náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar CBT chun a saothrú chun críocha diansmachta a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur príomhfhreagróirí iad daoine aonair agus pobail a bhfuil CBT dírithe orthu freisin a bhfuil eolas uathúil acu ar oirbheartaíocht dhiansmachtúil, ar sheach-líonraí agus ar phatrúin riosca atá ag teacht chun cinn; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil rannpháirtíocht fhóinteach le pobail dá ndéantar difear bunriachtanach chun cosc éifeachtach, luathrabhadh, agus forbairt frithstraitéisí marthanacha a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar tromchúiseach agus marthanach ag CBT ar chosantóirí chearta an duine, ar iriseoirí, ar dhlíodóirí agus ar ghníomhaithe polaitiúla, agus ar a mbaill teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur minic a dhéantar CBT a mhíthréithriú mar shraith teagmhas aonair seachas mar straitéis mharthanach lena ndírítear ar phobail iomlána; de bhrí nár cheart gurb ionann easpa foréigin fhisiciúil nó ciaptha fhollasaigh agus sábháilteacht nó saoirse, ós rud é gur minic gurb iad tosta, eagla, tráma agus ilroinnt an toradh atá beartaithe do CBT; de bhrí go n-éilíonn éifeachtaí carnacha CBT sin ní hamháin cosaint láithreach ach rochtain ar leigheasanna agus cúiteamh éifeachtach freisin; de bhrí, fiú nuair a bhíonn forlámhas ag íospartaigh, gur minic a bhíonn cúiteamh siombalach, moillithe nó neamhfhorfheidhmithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go ndéanann CBT difear do dhaoine aonair ar bhealaí éagsúla ag brath ar a n-inscne, a ngnéaschlaonadh, a gcúlra ciníoch, eitneach nó reiligiúnach, agus a seasamh socheacnamaíoch; de bhrí go bhféadfadh cineálacha trasnacha idirdhealaithe agus neamhionannais struchtúracha sa dá thír thionscnaimh agus sna stáit óstacha araon éifeachtaí diúltacha CBT a mhéadú; de bhrí go mbíonn ar mhná aghaidh a thabhairt ar chineálacha áirithe CBTanna a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil in ionsaithe digiteacha gnéasaithe agus gnéasaithe lena ndírítear ar a bhféiniúlacht, arb é is aidhm dóibh iad a imeaglú, míchlú a tharraingt orthu agus iad a dhíspreagadh ón ngníomhaíochas, rud a léiríonn patrún níos leithne de mhí-úsáid agus ciapadh inscnebhunaithe ar líne, agus de bhrí go ndírítear go díréireach ar dhaoine LGBTIQ+ freisin;
</CONS><CONS>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Treochtaí, foirmeacha agus modhanna diansmachta trasnáisiúnta</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur feiniméan atá ag teacht chun cinn é CBT, cé nach feiniméan nua é, agus go bhfuil sé ag tarlú i gcomhthéacs dúshlánach ina bhfuil meath ar chearta an duine, srianta ar shaoirsí bunúsacha agus ar spás sibhialta, agus iompraíocht mhéadaitheach réimis fhorlámhacha áirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go n-áirítear ar chineálacha fisiciúla CBT maruithe spriocdhírithe, fuadach, foréigean, fillteacha forfheidhmithe, fuadach forfheidhmithe, díbirt, agus ionsaithe ar mhaoin; de bhrí gur thaifead Freedom House 1 375 theagmhas fhisiceacha dhíreacha i 107 spriocthír idir 2014 agus 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gurb eol go n-úsáideann córais áirithe bagairtí nó go n-íocann siad comhoibritheoirí chun rannpháirtithe in agóid phoiblí nó spiaireacht a thaifeadadh ar easaontaigh laistigh den Aontas, rud a dhéanann difear díreach d’fheidhmiú na gceart bunúsach;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil réimis fhorlámhacha, sa ré dhigiteach, ag forbairt cumais atá ag éirí níos sofaisticiúla chun CBT digiteach a dhéanamh; de bhrí go n-áirítear le CBT digiteach ciapadh ar líne, bagairtí díreacha, docsáil, haiceáil, cibirionsaithe, feachtais bhréagaisnéise, oibríochtaí clúmhillte, agus gríosú fuatha i gcoinne easaontaigh ina dtíortha cónaithe, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as intleacht shaorga (IS), agus úsáid earraí spiaireachta agus teicneolaíochtaí faireachais eile, chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine aonair thar lear, iad a phróifíliú, a imeaglú nó a chur ina dtost, agus iad fite fuaite le modhanna traidisiúnta CBT; de bhrí gur minic a bhíonn sé deacair cleachtais den sórt sin a shannadh agus gur minic a fhanann siad faoi bhun tairseacha coiriúla traidisiúnta; de bhrí go bhfuil na cleachtais sin díobhálach go háirithe ós rud é gur féidir le hardáin idirlín agus leis na meáin dhigiteacha a bheith ríthábhachtach, go pearsanta agus go gairmiúil araon, do dhaoine aonair ar cuireadh iallach orthu a dtíortha a fhágáil mar thoradh ar ghéarleanúint pholaitiúil; de bhrí go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar raon feidhme agus ar thionchar CBT mar gheall ar theacht chun cinn IS, lena n-áirítear trí chur ar chumas na n-údarás aghaidh-aithint, anailís iompraíochta agus próiseáil sonraí fíor-ama a dhéanamh; de bhrí go meastar gur sáruithe ar chearta an duine iad bagairtí digiteacha i gcoinne na sochaí sibhialta; de bhrí go bhfuil ról suntasach ag cuideachtaí na meán sóisialta agus ag ardáin ar líne maidir leis an timpeallacht ar líne a mhúnlú do chosantóirí agus gníomhaithe chearta an duine; de bhrí, in éagmais sásraí mearfhreagartha éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar dhocsáil agus ar chiapadh spriocdhírithe ar líne, go bhfágtar cosantóirí neamhchosanta ar rioscaí méadaithe imeaglaithe, faireachais agus CBT breise; de bhrí go gcuirtear uirlisí ar fáil leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha lenar féidir aghaidh a thabhairt ar ghnéithe de CBT, go háirithe maidir le ciapadh comhordaithe agus bréagaisnéis;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil soláthraithe seirbhíse digití, na meáin shóisialta agus ardáin eile ar líne, cuideachtaí earraí spiaireachta príobháideacha agus cuideachtaí teicneolaíochta eile, uaireanta, ina gcumasóirí CBT; de bhrí go n-úsáidtear ardáin phríomhshrutha amhail WeChat, Telegram, Facebook, X agus ardáin eile chun easaontaigh atá rannpháirteach in agóidí a rianú nó chun a dtuairimí a chur in iúl ar bhealaí eile; de bhrí go bhfuil freagracht ar chuideachtaí a chuireann teicneolaíochtaí faireachais ar an margadh cosc a chur ar a n-úsáid neamhdhlisteanach chun críoch polaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go mbaineann gníomhaithe eachtracha mailíseacha mí-úsáid as leochaileachtaí oscailte i ngléasanna chun cumarsáid phearsanta nó ghairmiúil a insíothlú; de bhrí gur léirigh roinnt cásanna le blianta beaga anuas nach bhfuil an tAontas in ann dul i ngleic le hinsíothlú feistí le hearraí spiaireachta; de bhrí gur bhain gníomhaithe eachtracha úsáid as earraí spiaireachta chun faireachán a dhéanamh ar easaontaigh agus ar oifigigh phoiblí araon; de bhrí gur cheart an faireachas méadaitheach ar chosantóirí chearta an duine a mheas mar chineál CBT nó comhéigean atá cumasaithe d’fhaireachas; de bhrí go bhfuil úsáid earraí spiaireachta do CBT ina bagairt thromchúiseach ar chearta bunúsacha, ar phróisis dhaonlathacha agus ar shláine toghcháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur cineál forleathan agus thar a bheith díobhálach de CBT é comhéigean trí phraghsáil, lena mbaineann bagairtí, ciapadh, coinneáil nó pionósú ball teaghlaigh nó comhlach a fhanann sa tír thionscnaimh, chomh maith le húsáid imeachtaí nó eagraíochtaí diaspóra chun faireachas agus imeaglú ar bhaill an phobail a chumasú, agus ar an gcaoi sin díobháil thromchúiseach shíceolaíoch a dhéanamh agus dreasachtaí a chruthú don fhéinchinsireacht; de bhrí gur féidir iallach a chur ar bhaill de phobail diaspóra gníomhaíochtaí diansmachta a dhéanamh thar ceann an stáit, rud a fhágann gur íospartaigh agus ionstraimí CBT iad ag an am céanna; de bhrí gur féidir roinnt ball de dhiaspóraí a úsáid freisin mar uirlis chun CBT a fheidhmiú gan iallach a chur orthu; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach sainaithint daoine aonair a neartú i measc an diaspóra a d’fhéadfadh a bheith bainteach le gníomhartha CBT a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí, chun a n-iarrataí a dhéanamh níos inchreidte, gur minic a dhéanann seirbhísí stáit atá freagrach as CBT líomhaintí a fhalsú, agus íospartaigh CBT á gcur i láthair mar dhéantóirí coireanna; de bhrí go n-úsáideann déantóirí CBT trialacha in absentia, ollimeachtaí coiriúla, coigistiú maoine, agus imeaglú gaolta mar uirlisí diansmachta i gcoinne easaontaigh thar lear, agus ar an gcaoi sin cosc a chur ar thaisteal idirnáisiúnta agus filleadh sábháilte, cearta maoine a shrianadh, agus brú indíreach a chur ar bhaill teaghlaigh atá fós sa tír; de bhrí go bhfágann teorainneacha dlínsiúla agus cineál seach-chríochach na gcleachtas sin go bhfuil sé thar a bheith deacair do thíortha óstacha comhéigean ar iontaoibh a chosc, a dhoiciméadú agus a ionchúiseamh, rud a chuireann go mór le drogall na n-íospartach teagmhais a thuairisciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur minic a bhaineann stáit atá i mbun CBT mí-úsáid as sásraí comhair idirnáisiúnta agus dhlíthiúil, lena n-áirítear iarrataí ar eiseachadadh agus ar fhaisnéis, sásraí comhroinnte sonraí, cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, frithsciúradh airgid / comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (SA/MSC) agus creataí cibearshlándála an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (TFGA), chomh maith le fógraí nó idirleathadh Interpol a úsáidtear i ndáil lena gcur chun feidhme, chun daoine aonair a aimsiú, a choinneáil nó a chur ar ais go héigeantach ar fhorais pholaitiúla, agus ar an gcaoi sin dlisteanacht córas diansmachtúil a thabhairt, in ainneoin toirmisc shainráite ar mhí-úsáid pholaitiúil faoin dlí idirnáisiúnta; de bhrí, go háirithe, go gceaptar Fógraí Corcra agus Airgid Interpol mar uirlisí oibríochtúla gan bealaí leighis nó athbhreithnithe aonair dóibh siúd a ndéantar difear dóibh, rud a éascaíonn a mí-úsáid i gcomhthéacs CBT; de bhrí gur féidir le comhroinnt sonraí Interpol, lena n-áirítear le haghaidh fógraí dearga agus idirleathadh, na daoine a ndíríonn gníomhaithe uathlathacha orthu a chur i mbaol; de bhrí go bhfuil méadú mór tagtha ar líon fhógraí dearga agus idirleathadh Interpol le deich mbliana anuas agus gurb é an phríomhuirlis a úsáideann déantóirí CBT;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go n-úsáideann stáit is déantóirí foirmeacha riaracháin agus foirmeacha CBT atá bunaithe ar shoghluaisteacht trí fhaireachas agus trí chomhéigean ó mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha, lena n-áirítear trí phasanna a chur ar ceal nó trí dhiúltú iad a athnuachan, trí sheirbhísí consalacha a dhiúltú, nó trí náisiúntacht a chúlghairm, agus ar an gcaoi sin daoine aonair a chomhéigniú chun dul i dteagmháil le húdaráis chonsalacha nó chun taisteal a chosc; de bhrí go ndéanann séanadh seirbhísí consalacha difear ní hamháin do chosantóirí chearta an duine agus do ghníomhaithe polaitiúla ach dá dteaghlaigh freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go mbaineann CBT airgeadais le mí-úsáid chaighdeáin SA/MSC TFGA chun líomhaintí bréagacha a scaipeadh agus reo cuntas bunaithe ar chomhlíonadh agus díbhaincéireacht a spreagadh; de bhrí go mbaineann na cleachtais sin cistiú agus seirbhísí airgeadais de dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a ndearnadh difear dóibh, agus go mbaineann siad an bonn óna slite beatha, dá ngníomhaíochtaí sibhialta agus polaitiúla; de bhrí gur príomhphointe cosanta de chuid an Aontais é an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚSCA) nach mór dó sásraí mearfhreagartha a fhorbairt i gcoinne reo agus dúnadh mí-úsáideach agus teorainneacha dochta a bhunú maidir le comhroinnt sonraí le stáit dhéantóra na coire;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhféadfaidh stáit dhéantóirí na coire agus a gcumasóirí leas a bhaint as nósanna imeachta riaracháin, go háirithe i gcás ina bhfuil gá le rochtain ar dhoiciméid arna n-eisiúint ag an tír thionscnaimh nó i gcás ina n-úsáidtear ateangairí mar ionadaithe chun íospartaigh a imeaglú nó a chomhéigniú;
</CONS><CONS>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déantóirí na coire, struchtúir chomhair agus seach-struchtúir</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go léiríonn taighde arna choimisiúnú ag an bParlaimint agus tacair sonraí neamhspleácha gur feiniméan domhanda é CBT, agus go bhfuil níos mó ná 25 % de rialtais ar fud an domhain rannpháirteach in CBT, meastar go bhfuil 3,5 milliún duine i mbaol, agus cásanna doiciméadaithe i níos mó ná 100 tír, de réir taighde Freedom House; de bhrí gurb iad réimis fhorlámhacha is mó a dhéanann CBT; de bhrí go n-áirítear an Rúis, an tSín, an Iaráin agus an Bhealarúis ar dhéantóirí iomráiteacha CBT san Eoraip agus ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go léiríonn taighde arna choimisiúnú ag an bParlaimint go mbaineann formhór na dteagmhas doiciméadaithe CBT le comhar idir stáit tionscnaimh agus stáit óstacha nó le timpeallachtaí laga smachta reachta a shaothrú, lena n-áirítear trí mhí-úsáid a bhaint as creataí eiseachadta, as comhar i bhforfheidhmiú an dlí agus as eagraíochtaí idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn CBT braislithe go réigiúnach, lena léirítear creataí comhair neamhfhoirmiúla nó foirmiúla agus cleachtais chomhroinnte i measc stáit dhéantóirí na coire agus a gcumasóirí, lena n-áirítear forfheidhmiú cómhalartach an chos ar bolg i gcoinne pobail ar deoraíocht, saoránaigh agus eintitis Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis ar cheann de na déantóirí CBT is ionsaithí ar fud an domhain agus go bhfuil sí freagrach as an líon is airde teagmhas doiciméadaithe laistigh den Aontas d’aon tír thionscnaimh, agus í ag caitheamh le heisimirce pholaitiúil mar bhagairt straitéiseach, agus úsáid á baint as cleachtais lena n-áirítear feallmharú, iarracht ar fheallmharú, faireachas digiteach, ciapadh, ceapacha fuadaigh, cibirionsaithe, oibríochtaí naimhdeacha faisnéise, dúmhál, feachtais chlúmhillte, imeaglú phobail an diaspóra, stiogmatú, imeachtaí dlíthiúla in-absentia, comhéigean ar fhrithbhrí agus bagairtí i gcoinne baill teaghlaigh, armú córasach sásraí comhair idirnáisiúnta dlí, airgeadais, cibearshlándála agus forfheidhmithe‑dlí, chomh maith le bagairtí i gcoinne reachtóirí an Aontais; de bhrí gurb ionann an Rúis agus sciar díréireach d’Fhógraí Dearga Interpol poiblí ar fud an domhain, atá i bhfad níos mó ná an úsáid inchomparáide a bhaineann stáit eile astu; de bhrí go mbraitheann an Rúis ar chomhaontuithe déthaobhacha comhair ionchúisimh le tríú tíortha chun iarrataí ar eiseachadadh atá dírithe ar a náisiúnaigh thar lear a éascú; de bhrí go ndearna seirbhísí faisnéise na Rúise feachtais earcaíochta ar líne, go minic trí Telegram, le haghaidh gníomhaíochtaí dúnmharaithe ar son na sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a bhí dírithe go minic ar dhiaspóra na Rúise agus ar lucht freasúra polaitiúil; de bhrí go n-úsáideann an Rúis seach-ionadaithe, lena n-áirítear Grúpa Wagner, scuadanna báis Seisniacha, institiúidí cultúrtha, agus, i gcásanna áirithe, struchtúir atá cleamhnaithe le hEaglais Cheartchreidmheach na Rúise chun CBT a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go ndéanann an Bhealarúis CBT ar scála scanrúil, lena n-áirítear ar chríoch an Aontais, go háirithe trí fhoréigean fisiciúil, trí mhí-úsáid shásraí Interpol, trí dhoiciméid taistil a dhiúltú, trí úsáid a bhaint as earraí spiaireachta, trí chleachtais chonsalacha chomhéigneacha, trí fhilleadh éigeantach, trí urghabhálacha sócmhainní agus trí imeaglú; de bhrí go n-úsáideann an Bhealarúis córas Fógra Dearg Interpol chun díriú ar lucht freasúra polaitiúil ar deoraíocht, agus go ndíríonn sí ar an diaspóra agus ar na heasaontaigh, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu san Aontas, trí chásanna coiriúla, trí thrialacha speisialta in-absentia agus trí chomhéigean trí fhrithsheasmhacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go n-oibríonn an tSín an feachtas CBT is cuimsithí agus is córasaí ar domhan, le tacaíocht ó bhonneagar fairsing seach-chríochach, ina bhfuil eintitis atá ailínithe leis an stát, stáisiúin seirbhíse póilíneachta thar lear, diaspóra, eagraíochtaí acadúla agus mac léinn, eagraíochtaí meán agus líonraí digiteacha, a úsáidtear chun daoine aonair laistigh de phobail diaspóra agus a gcomhpháirtithe a shainaithint, a fhaire, a imeaglú agus a chomhéigniú, trí fhaireachas, ciapadh, brú dlíthiúil agus airgeadais, mí-úsáid shásraí Interpol, filleadh éigeantach agus imeaglú teaghlaigh; de bhrí go n-úsáideann an tSín bearta comhéigneacha i gcoinne daoine aonair agus eintitis Eorpacha; de bhrí go léirítear i dtuarascálacha ó chosantóirí chearta an duine go n-oibríonn an tSín stáisiúin phóilíneachta cheilte agus seachghníomhaithe ar ithir na hEorpa gan bunús dlí, lena gcumasaítear faireachas agus fillteacha comhéigneacha, lena n-áirítear trí bhagairtí i gcoinne gaolta agus, i gcásanna áirithe, fuadaigh; de bhrí go gcuireann údaráis na Síne brú ar acadóirí stop a chur le taighde a mheastar a bheith íogair, lena n-áirítear ar shlabhraí soláthair agus ar chleachtais saothair éigeantais, nó ar an Tibéid agus ar an Téaváin, agus díriú ar ealaíontóirí trí iarracht a dhéanamh imeachtaí a bhaineann leis an Téaváin a chur ar ceal; de bhrí go bhfuil an tSín ar cheann de na príomhonnmhaireoirí córas faireachais, earraí spiaireachta agus uirlisí póilíneachta sonraíbhunaithe, a úsáideann réimis fhorlámhacha eile chun faireachán a dhéanamh ar a bpobail diaspóra féin thar lear agus iad a imeaglú; de bhrí go ndearbhaíonn Dlí Slándála Náisiúnta 2020 Hong Cong agus Reacht Slándála Náisiúnta 2024 um Chosaint dlínse sheach-chríochach agus gur úsáideadh iad chun CBT a dhéanamh, lena n-áirítear trí dhíriú ar pholaiteoirí Eorpacha le bagairtí ionchúisimh agus eiseachadta, agus trí bharántais ghabhála agus deolchairí a eisiúint i gcoinne gníomhaithe agus acadóirí atá ina gcónaí san Aontas; de bhrí gur cúis mhór imní iad socruithe eiseachadta an Aontais leis an tSín agus le Hong Cong;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil taifead seanbhunaithe ag an Iaráin maidir le lucht freasúra a mheastar a bheith ann a shaothrú thar lear agus CBT a dhéanamh laistigh den Aontas, le hoibríochtaí atá dírithe ar na leibhéil is airde d’údarás an stáit agus arna bhforghníomhú ag an Aireacht Faisnéise agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, lena n-áirítear a Fórsa Quds, trí úsáid a bhaint as oirbheartaíocht amhail feallmharuithe, fuadach, fuadach forfheidhmithe, bagairtí inchreidte foréigin, CBT digiteach agus seachfhoinsiú brú faoi chois chuig grúpaí coireachta eagraithe agus ionadaithe eile, lena n-áirítear trí imeaglú iriseoirí agus easaontaigh, cibearfhaireachas, comhéigean gaolta san Iaráin agus feallmharú doiciméadaithe agus ceapacha fuadaigh i gcoinne daoine ón bhfreasúra ar ithir na hEorpa; de bhrí go gcuireann na gníomhaíochtaí sin an tslándáil phoiblí i mbaol agus go sáraíonn siad cearta bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go gcuireann córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (Gníomh Magnitsky AE) ionstraim thábhachtach ar fáil chun díriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu le gníomhartha CBT; de bhrí gur féidir lena úsáid éifeachtach agus chomhsheasmhach rannchuidiú le díspreagadh, cuntasacht agus cosaint na gceart bunúsach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí nach bhfuil sainmhíniú comhchoiteann, sásraí cuimsitheacha bailithe sonraí ná cur chuige institiúideach comhordaithe uile-Aontais ag an Aontas faoi láthair chun cur i gcoinne CBTanna; de bhrí go bhfuil siad sin in easnamh lasmuigh den Aontas freisin, rud a chruthaíonn dúshláin maidir le cosc, sainaithint agus freagairtí beartais éifeachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí gur annamh a ghabhtar go leor cineálacha CBT i staidreamh oifigiúil mar gheall ar a gcineál ceilte; de bhrí go ndéantar tearcthuairisciú suntasach ar CBT, lena n-áirítear laistigh den Aontas, toisc gur minic a bhíonn eagla ar dhaoine a ndíríonn CBT orthu roimh fhrithbheart i gcoinne baill teaghlaigh nó údaráis mímhuiníne mar gheall ar thaithí roimhe seo i gcomhthéacsanna forlámhacha; de bhrí go n-áirítear ar bhacainní breise ar thuairisciú easpa feasachta agus oiliúna i measc údaráis forfheidhmithe dlí agus riaracháin, easpa sásraí tuairiscithe inrochtana agus eolasacha tráma, bacainní teanga agus dola carnach síceolaíoch an imeaglaithe, an fhaireachais agus an chiaptha leanúnaigh; de bhrí go staonann go leor íospartach CBT freisin ó chásanna mí-úsáide a thuairisciú mar gheall ar neamhéifeachtúlacht fhorfheidhmiú an dlí áitiúil nó mar gheall ar eagla go ndéanfaí an staid níos measa; de bhrí go bhfuil bearna chosanta leanúnach ann d’íospartaigh agus do phobail a bhfuil CBT dírithe orthu mar thoradh ar an tearcthuairisciú struchtúrach sin, go mbaineann sé an bonn ó cheapadh beartas fianaisebhunaithe agus de chuntasacht, agus ar an gcaoi sin go rannchuidíonn sé le húsáid leanúnach CBT ag stáit is déantóirí a bhfuil riosca teoranta nochta nó iarmhairtí acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go dteipeann ar go leor tíortha óstacha an Aontais aghaidh a thabhairt ar CBTanna atá faoi bhun na tairsí coiriúla agus iad a ghabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí nach n-áirítear aon tagairt do CBT sa togra reatha maidir leis an Sciath Eorpach um an Daonlathas;
</CONS><CONS>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhthuiscint an Aontais ar chos ar bolg trasnáisiúnta a bhunú</STRING></STRING>
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheas gur bagairt thromchúiseach agus mhéadaitheach ar an daonlathas, sárú ar chearta an duine, agus cineál trasnaíochta eachtraí iad CBT, lena mbaintear an bonn ó rialachas daonlathach, den smacht reachta, de chearta bunúsacha agus de cheannasacht agus de shlándáil na stát óstach agus dá gcumas cosaint daoine a chónaíonn ar a gcríoch a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur dócha go dtiocfaidh méadú ar na treochtaí sin mar gheall ar chreimeadh na noirm idirnáisiúnta agus athrú tapa teicneolaíoch, rud a laghdaíonn freisin an costas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cáineadh gníomhartha CBT agus cur isteach eachtrach, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar i mBallstáit an Aontais, sna téarmaí is láidre is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a aithint gur cleachtas do-ghlactha agus neamhdhleathach é CBT, a fheidhmíonn réimis fhorlámhacha go príomha, agus gealltanas a thabhairt maidir le cur chuige neamhfhulaingthe, lena n-éilítear gníomhaíocht chinntitheach, chomhordaithe agus chuimsitheach i dtreo aon chineál CBT a tharlaíonn ar chríoch an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas go gcuireann an easpa sainmhínithe shoiléir ar CBT le tearcthuairisciú, go gcuireann sé teorainn le freagairtí beartais éifeachtacha agus go gcuireann sé bac ar úsáid uirlisí cuntasachta, lena n-áirítear sásraí smachtbhannaí; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit sainmhíniú coiteann an Aontais ar CBT a ghlacadh bunaithe ar an sainmhíniú a leagtar amach sa tuarascáil seo agus i dtuarascálacha ón bParlaimint roimhe seo agus an sainmhíniú sin a chomhtháthú go córasach i mbeartais agus in ionstraimí uile an Aontais, lena n-áirítear i ngníomhaíocht sheachtrach, ceartas agus gnóthaí baile, beartas digiteach, rialáil airgeadais agus creataí smachtbhannaí, chun cosc a chur ar mhí-úsáid a bhaint as creataí dlíthiúla agus riaracháin an Aontais chun críocha diansmachta; ag tathant ar na Ballstáit CBT a chódú ina reachtaíocht náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>sainítear CBT mar ghníomhartha nó bagairtí a dhéanann stáit d’aon ghnó, lena n-áirítear réimis dhiansmachtúla nó fhorlámhacha, eintitis nó eintitis atá cleamhnaithe leis an stát atá faoi réir tionchar stáit, nó brú ó stát, nó óna ionadaithe, chun a leasanna a chosaint agus a chur chun cinn trí dhul i dteagmháil thar theorainneacha chun imeaglú, bagairt, tost, comhéigniú, rialú nó díobháil a dhéanamh ar bhealach ar bith eile do dhaoine aonair nó do ghrúpaí atá ina gcónaí thar lear, nó dá líonraí tacaíochta agus dá mbaill teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go n-áirítear ar spriocanna CBT raon leathan daoine aonair agus grúpaí, lena gcuimsítear, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, easaontaigh, iriseoirí, gníomhaithe, acadóirí agus baill den diaspóra agus a dteaghlaigh; á aithint go dtéann CBT níos faide ná diaspóraí agus go ndíríonn sé freisin ar eagraíochtaí agus ar dhaoine a chosnaíonn íospartaigh nó a chuidíonn leo, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil aon nasc náisiúnta acu le stát dhéantóir na coire; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an laghdú atá ag teacht ar an spás sibhialta agus tost na bpobal atá ar deoraíocht, a bhfuil a nguthanna ríthábhachtach chun cásanna agus mí-úsáidí chearta an duine a dhoiciméadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á chur i bhfios go láidir go gcuimsíonn CBT raon leathan cleachtas comhéigneach atá ag leathnú i gcónaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>CBTanna fisiciúla, amhail maruithe spriocdhírithe, fuadach, foréigean, filleadh éigeantach, fuadach forfheidhmithe, díbirt, agus ionsaithe ar mhaoin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>mí-úsáid dhlíthiúil agus riaracháin – lena n-áirítear mí-úsáid seirbhísí consalacha, nósanna imeachta eiseachadta agus cúnaimh dhlíthiúil fhrithpháirtigh – in ionchúisimh in absentia, mí-úsáid córas idirnáisiúnta fógraí, reo sócmhainní agus srian ar rochtain ar sheirbhísí baincéireachta agus airgeadais, cúisimh choiriúla gan bhunús, ionchúiseamh roghnaitheach, diúltú ceadanna, ceadúnas, nó formheasanna gan chúis bhailí, nó fíneálacha treallacha nó pionóis threallacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>modhanna comhéigneacha neamhfhisiceacha, amhail faireachas digiteach, bagairtí, imeaglú, ciapadh digiteach, mí-úsáid teicneolaíochtaí spiaireachta, haiceáil, dúmhál, líomhaintí sceimhlitheoireachta nó an bonn a bhaint ó shlándáil an stáit, ciapadh gaolta agus comhéigean trí fhrithghníomh – lena n-áirítear trí mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha, líonraí coireachta eagraithe, gníomhaithe príobháideacha, nó eintitis atá ailínithe leis an stát agus eintitis atá cleamhnaithe leis an stát agus a oibríonn thar lear;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéanann CBT difear do na Ballstáit faoi láthair ar leibhéil éagsúla agus go léiríonn siad leibhéil éagsúla feasachta, ullmhachta institiúidí agus sásraí cosanta; á chur i bhfáth, áfach, ós rud é go n-oibríonn déantóirí coire thar theorainneacha agus go mbaineann siad leas as éagsúlachtaí idir córais náisiúnta, nach féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar CBT trí fhreagairtí náisiúnta iargúlta, agus dá bhrí sin go n-éilítear rannpháirtíocht agus ullmhacht na mBallstát uile, laistigh de chreat comhordaithe de chuid an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhordú, bailiú sonraí agus freagairt institiúideach an Aontais a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéantar tearcthuairisciú suntasach ar CBT, cé go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí iontaofa a bhailiú chun a scála a thuiscint; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh drogall a bheith ar dhaoine a bhfuil CBT dírithe orthu teagmhais a thuairisciú toisc go bhfuil eagla orthu roimh fhrithbheart i gcoinne baill teaghlaigh, údaráis mhímhuiníne mar gheall ar thaithí i dtíortha forlámhacha nó toisc go bhfuil bacainní teanga rompu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i gcomhar le comhlachtaí ábhartha AE lena n-áirítear Europol, sásra bailithe sonraí, faireacháin agus tuairiscithe an Aontais maidir le CBT a bhunú, lena gcumhdófar teagmhais laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, lena gceadófar d’údaráis phoiblí agus do gheallsealbhóirí ionchur a sholáthar, agus ar féidir leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit é a úsáid chun a mbeartais a fhorbairt, a bheachtú agus a mheas chun cur i gcoinne CBT; á chur i bhfáth go bhfuil gá le modheolaíochtaí comhroinnte agus comhar a áirithiú sa réimse sin le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo; á chur i bhfáth gur cheart bealaí tuairiscithe a bheith ilteangach agus eolasach ar an tráma, agus cosaint láidir sonraí agus rúndacht láidir á n-áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gníomhartha coiriúla agus neamhchoiriúla a bhfuil comhpháirt de CBT acu a thaifeadadh go comhsheasmhach amhlaidh ar fud an Aontais, agus go mbeidh na húdaráis ábhartha in ann gné CBT a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le criptiú láidir agus coimircí dochta chun a áirithiú nach féidir le gníomhaithe neamhúdaraithe faisnéis a chomhroinntear trí na bealaí sin a idircheapadh, a mhí-úsáid ná rochtain a fháil uirthi, agus nach nochtar íospartaigh do thuilleadh dochair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart tuarascálacha a fhaightear trí na bealaí sin a mheasúnú go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, gur cheart do na húdaráis inniúla gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh ina dhiaidh sin, lena n-áirítear imscrúduithe agus iarrachtaí chun naisc a d’fhéadfadh a bheith ann le gníomhaithe faisnéise eachtraí a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis na cineálacha CBT is folaithe a dhoiciméadú – lena n-áirítear faireachas digiteach, brú faoi chois airgeadais, ciapadh riaracháin, agus comhéigean trí phraghsáil; á thabhairt chun suntais go bhfuil bailiú sonraí reatha maidir le CBT fós bunaithe go príomha ar fhoinsí neamhrialtasacha, a bhfuil srianta móra cistiúcháin ar go leor acu, rud a mhéadaíonn an phráinn a bhaineann le sásraí faireacháin ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais; á athdhearbhú gur gá tacú leis an tsochaí shibhialta, le hiriseoirí, le sceithirí agus le daoine eile a nochtann sásraí agus cásanna CBT, agus iad á nochtadh go minic do rioscaí pearsanta arda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit dlúth-theagmháil a choinneáil leis na diaspóraí is soghabhálaí i leith CBT; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir agus moltaí a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le conas grúpaí atá i mbaol a chosaint ar deoraíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint speisialaithe a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí, do na húdaráis bhreithiúnacha, airgeadais, chibearshlándála, inimirce agus tearmainn maidir le CBT a shainaithint agus freagairt dó; á iarraidh ar na Ballstáit pobail dá ndéantar difear a áireamh i ndearadh agus i gcur chun feidhme na hoiliúna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tathant go mbunófaí creat cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na bhfreagairtí náisiúnta agus chun comhordú agus comhroinnt faisnéise a áirithiú ar fud institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, na mBallstát, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, agus geallsealbhóirí ábhartha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar idirsheirbhíse neartaithe agus le hidirphlé struchtúrtha beartais chun freagairt chomhsheasmhach agus éifeachtach ón Aontas a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú maidir le CBT a mbeidh sé de chúram orthu comhordú a dhéanamh idir na húdaráis ábhartha ar gach leibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit malartú rialta idir na Ballstáit a éascú trí líonra de na pointí teagmhála náisiúnta sin maidir le CBT, rud a chuirfidh ar a gcumas taithí, treochtaí, dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt; á iarraidh go dtabharfaí cuireadh go rialta do na pointí teagmhála náisiúnta chuig cruinnithe an Lárionaid Eorpaigh um Athléimneacht Dhaonlathach; á iarraidh ar na Ballstáit tuairisciú córasach ar fhorbairtí ar an leibhéal náisiúnta don Choimisiún a áirithiú agus comhordú na mbeart náisiúnta a neartú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ghné thrasteorann CBT ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tuarascáil phoiblí bhliantúil a fhoilsiú maidir le CBT a dhéanann difear don Aontas, ina ndéanfar measúnú ar threochtaí, ar phatrúin agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cineálacha tearcthuairiscithe amhail faireachas digiteach, brú faoi chois airgeadais, ciapadh riaracháin, agus comhéigean trí fhrithsheasmhacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun sainorduithe Europol agus Eurojust a thabhairt cothrom le dáta chun cur i gcoinne CBT ar bhealach níos éifeachtaí; á iarraidh ar Europol agus ar Eurojust tús áite a thabhairt do dhlúthchomhar agus do mhalartú faisnéise i measc Bhallstáit an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar CBTanna agus chun comhroinnt faisnéise níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear trí oiliúint thiomnaithe, chomh maith le measúnuithe spriocdhírithe ar bhagairtí CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar SEGS comhordú a neartú laistigh d’ionstraimí beartais eachtraigh an Aontais atá ann cheana chun cur i gcoinne CBT ar bhealach níos éifeachtaí, lena n-áirítear trí láithreacht an Aontais i dtíortha nach bhfuil san Aontas a threisiú agus trí phointí fócasacha i dToscaireachtaí an Aontais a neartú chun cásanna CBT a ardú i dtíortha nach bhfuil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle comhordaitheoir a cheapadh chun cur i gcoinne CBT, a d’fhéadfadh a bheith ina phointe teagmhála lárnach agus a d’fhéadfadh rannchuidiú le straitéis uileghabhálach an Aontais maidir le CBT a fhorbairt; á mheas gur cheart don chomhordaitheoir sin a bheith rannpháirteach in obair an Lárionaid Eorpaigh um Athléimneacht Dhaonlathach agus í a chomhlánú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, le gach bailiú sonraí, tacaíocht d’íospartaigh, bearta cosanta agus gach sásra eile atá dírithe ar dhul i ngleic le CBT, breithniú a dhéanamh ar na rioscaí sonracha atá roimh mhionlaigh chiníocha, eitneacha agus reiligiúnacha, agus roimh dhaoine LGBTIQ+, agus gur cheart dóibh a bheith inniúil ó thaobh an chultúir de agus tionchair inscneacha a mheas go córasach agus leochaileachtaí trasnacha a mheas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosaint agus tacaíocht a neartú do dhaoine a bhfuil cos ar bolg trasnáisiúnta dírithe orthu</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige cuimsitheach, íospartach-lárnach agus trasnach ann maidir le cosaint agus tacaíocht do dhaoine a bhfuil CBT dírithe orthu, lena gcomhcheanglaítear bearta cosanta láithreacha agus fadtéarmacha, agus tacaíocht shaincheaptha do dhaoine atá i mbaol méadaithe; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta cosanta atá íogair ó thaobh inscne de a ghlacadh do mhná agus do phobail LGBTIQ+ a ndéanann CBT difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cosc, cosaint, cobhsú, cuntasacht agus díspreagadh, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cosanta atá ann cheana, lena n-áirítear rochtain ar chúnamh dlíthiúil agus riaracháin, agus tacaíocht shíceasóisialta; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá cumais mhearfhreagartha a fhorbairt laistigh de na húdaráis inniúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha síceolaíocha, sóisialta agus slándála ag CBT d’íospartaigh agus dá dteaghlaigh; á iarraidh ar na Ballstáit díobháil shíceasóisialta a aithint mar ghné lárnach de CBT agus rochtain ar thacaíocht mheabhairshláinte ilteangach agus eolasach tráma a áirithiú; á mheabhrú, ina leith sin, na hiarmhairtí agus an t-ualach síceolaíoch a eascraíonn as cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna) ar iriseoirí nó as brú dlíthiúil ar an lucht acadúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do mhí-úsáid córas dlí mar chineál CBT agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh CBT ar chúnamh dlí speisialaithe, chomh maith le leigheasanna agus cúiteamh éifeachtach, comhréireach agus in-fhorfheidhmithe, lena n-áirítear cúiteamh agus aisíocaíocht ó dhéantóirí na coire, ar chostais dhlíthiúla a eascraíonn as imeachtaí mí-úsáideacha nó cráiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil lena gcuirfear ar chumas daoine a bhfuil CBT dírithe orthu leanúint dá ngníomhaíochtaí gairmiúla agus sibhialta, agus cosaint éifeachtach agus thráthúil a áirithiú dóibh siúd a roghnaíonn mí-úsáidí a dhoiciméadú nó a thuairisciú go poiblí; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, treoir frith-SLAPP an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh na rannpháirtíochta poiblí’) (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart bearta comhchosúla a dhéanamh chun saoirse acadúil a chosaint ar bhrú seachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar údaráis forfheidhmithe dlí agus slándála bealaí marthanacha for-rochtana agus cumarsáide iontaofa a bhunú le pobail a ndéanann CBT agus struchtúir idirchaidrimh pobail difear dóibh, chun feasacht a mhúscailt, tuairisciú sábháilte a éascú agus tuiscint ar phatrúin CBT atá ag teacht chun cinn a fheabhsú, lena n-áirítear iompar a thagann faoi bhun tairseacha coiriúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus do phobail a ndéantar difear dóibh mar phríomhfhreagróirí; ag aithint ról na n-iriseoirí ar deoraíocht mar chomhghuaillithe lárnacha chun cur i gcoinne bolscaireacht fhorlámhach agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis; á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis Sochaí Sibhialta an Aontais a oibríochtú, agus ag spreagadh comhar agus comhroinnt faisnéise níos fearr idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais agus na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar SEGS plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas agus Treoirlínte an Aontais maidir le Cosantóirí Chearta an Duine a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt go sainráite ar CBT, lena n-áirítear cosaint agus tacaíocht do chosantóirí chearta an duine i bpobail ar deoraíocht agus diaspóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú intuartha a áirithiú do thacaíocht den sórt sin d’íospartaigh, lena n-áirítear faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI), faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) agus faoi Fhís Eorpach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cineálacha sonracha diansmachta trasnáisiúnta a chosc agus freagairt dóibh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">CBT Fisiciúil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún sásraí nua a fhorbairt nó sásraí atá ann cheana a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar chineál trasteorann CBTanna fisiciúla, lena n-áirítear faireachas, comhéigean, ionsaithe, agus iarrachtaí ar fhuadach, chun a áirithiú go ndéanfar gníomhartha den sórt sin a shainaithint, a imscrúdú agus a láimhseáil go córasach mar chos ar bolg atá nasctha leis an stát seachas mar chionta coiriúla scoite;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">CBT digiteach agus CBT teicneolaíochta-chumasaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cineálacha digiteacha CBT a aithint, a chosc agus a chomhrac amhail cinsireacht, bréagaisnéis, feachtais chlúmhillte, ciapadh agus imeaglú ar líne, arna n-éascú ag sásraí arna gcumasú ag ardáin ar líne, lena n-áirítear córais mholtóra rannpháirtíocht-bhunaithe, cuntais bhréige agus líonraí botaí; á chur i bhfáth gur gá aitheantas a thabhairt don dúshlán sonrach a bhaineann le CBT digiteach inscnebhunaithe agus do na hiarmhairtí ar leith a bhaineann leis an gcineál sin brú faoi chois do mhná a bhfuil CBT dírithe orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit CBT a chur san áireamh laistigh d’fhorfheidhmiú chreat reatha reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an Gníomh um an Intleacht Shaorga<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus an Rialachán Dé-Úsáide<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú earraí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, chun forfheidhmiú láidir, rialuithe onnmhairiúcháin diana, agus sásraí cuntasachta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tathant ar ardáin dhigiteacha gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun bagairtí digiteacha CBT a mhaolú agus chun aghaidh a thabhairt orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an gcomhlíonann CBT digiteach na critéir maidir le cuimsiú faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil éifeachtaí diúltacha acu ar ‘chearta bunúsacha’ mar a shainmhínítear sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar CBT sna hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar na treoirlínte i ndáil le measúnú riosca agus bearta maolaithe is infheidhme maidir le hardáin an-mhór ar líne, lena n-áirítear trí imscrúdú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le hardáin amhail WeChat agus TikTok;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an úsáid a bhaineann tíortha nach bhfuil san Aontas agus a n-ionadaithe as IS mar uirlis CBT, lena n-áirítear trí fhaireachas digiteach atá cumasaithe ag IS, úsáid earraí spiaireachta, ionsaithe fioscaireachta agus haiceála, docsáil, ciapadh uathoibrithe ar líne agus feachtais bhréagaisnéise chomhordaithe ar na meáin shóisialta; á iarraidh ar Oifig IS an Choimisiúin measúnú breise a dhéanamh ar thionchar IS ar CBT agus coimircí nithiúla a mholadh chun mí-úsáid córas IS a chosc ar bhealaí lena gcumasaítear faireachas, comhéigean nó brú faoi chois thar theorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an ceart chun cumarsáid shlán agus phríobháideach bunriachtanach; ag cáineadh go láidir an úsáid a bhaineann tíortha nach bhfuil san Aontas agus a n-ionadaithe as teicneolaíochtaí spiaireachta agus faireachais i gcoinne daoine aonair san Aontas; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cásanna doiciméadaithe a bhaineann le cuideachtaí príobháideacha a fhorbraíonn agus a onnmhairíonn arduirlisí spiaireachta agus faireachais dhigitigh a úsáidtear chun CBT a ghealladh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag meabhrú na tuarascála óna Coiste PEGA (Coiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla), ina raibh moltaí maidir le húsáid neamhdhleathach earraí spiaireachta a chomhrac, go háirithe earraí spiaireachta cunóracha; á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Coimisiún na moltaí san áireamh go dtí seo, cé go bhfuil forlámhas ag saincheisteanna; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún moltaí Choiste PEGA na Parlaiminte a chur chun feidhme, agus coimircí i gcoinne leathadh agus mí-úsáid earraí spiaireachta a neartú, agus cur i gcoinne easnaimh sa reachtaíocht náisiúnta trí reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr amhail an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, rialacha soláthair, agus an Rialachán maidir le Dé-Úsáid; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar dianmhaoirseacht ar mhargaí earraí spiaireachta agus ar shásraí éifeachtacha cuntasachta agus go ndéanfar coir as bailiú neamhdhleathach sonraí a dhéantar thar ceann stáit eachtracha de shárú ar dhlí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí cuideachtaí teicneolaíochta agus gníomhaithe príobháideacha eile chun cuntais i gcás ina n-éascaíonn siad CBT, lena n-áirítear trí mhainneachtain rioscaí do chearta bunúsacha daoine aonair a bhfuil cónaí orthu san Aontas a mhaolú, go háirithe maidir le húsáid na n-aipeanna sin le haghaidh faireachas státurraithe, cinsireacht na cainte polaitiúla, agus éascú CBT i gcoinne phobail an diaspóra; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh modhnóireacht inneachair atá bunaithe ar chearta an duine i bhfeidhm; á iarraidh ar na hardáin sin sásraí mearfhreagartha a bhunú do dhaoine aonair atá i mbaol, lena n-áirítear bealaí tuairiscithe tosaíochta, athbhreithniú tráthúil daonna, coimircí i gcoinne ábhar treallach a bhaint, agus freagairtí éifeachtacha ar dhocsáil, táthcheangail chuntais agus ciapadh comhordaithe ar líne a chur san áireamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhéigean trí sheachghníomhaí agus cos ar bolg teaghlachbhunaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag aithint bearta díoltais i gcoinne baill teaghlaigh daoine atá ar deoraíocht, cibé acu a tharlaíonn siad laistigh den Aontas nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas, mar chineál CBT ar leith agus tromchúiseach; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh go córasach ar imeaglú, coinneáil, coigistiú maoine, toirmisc taistil agus cleachtais chomhchosúla atá dírithe ar theaghlaigh laistigh de chreataí faireacháin, smachtbhannaí agus freagartha taidhleoireachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth go laghdaíonn athaontú teaghlaigh agus conairí cosanta eile nochtadh do chomhéigean trí fhrithsheasmhacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aghaidh a thabhairt ar na struchtúir lena gcumasaítear cos ar bolg trasnáisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leochaileachtaí struchtúracha i gcórais riaracháin, dlí agus airgeadais an Aontais agus i gcórais náisiúnta riaracháin, dlí agus airgeadais a d’fhéadfaí a shaothrú do CBT, lena n-áirítear i seirbhísí consalacha, a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag spreagadh institiúidí an Aontais agus na mBallstát bearta a dhéanamh chun an riosca a sheachaint go mbainfeadh déantóirí CBT mí-úsáid as a struchtúir, lena bhféadfaí a áireamh coimircí atá feasach ar riosca a thabhairt isteach, nósanna imeachta malartacha i gcás inar gá, agus formhaoirseacht fheabhsaithe ar bhonneagar dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear measúnuithe tionchair ar chearta bunúsacha, scéimeanna cónaithe trí infheistíocht agus creataí frithsciúrtha airgid, chun mí-úsáid ag déantóirí na coire a chosc agus cuntasacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit ceadanna cónaithe atá nasctha le hinfheistíocht agus socruithe comhchosúla ‘víosa órga’ a ghrinnfhiosrúchán go dian – agus i gcás inarb iomchuí a chúlghairm – do dhaoine a bhfuil nasc inchreidte acu le córais nó le líonraí arb eol go mbíonn siad ag gabháil do CBT, chun cosc a chur ar dhéantóirí agus ar chumasóirí cearta cónaithe an Aontais a fháil lena n-éascaítear gníomhaíocht aindleathach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Mí-úsáid sásraí comhair idirnáisiúnta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a bheith ar an airdeall i gcónaí agus iarrataí neamhfhoirmiúla, comhéigneacha nó seachdhlíthiúla ó údaráis eachtracha ar dheoraithe nó ar bhaill de phobail diaspóra a fhaire, a choinneáil, a shrianadh, a imeaglú nó a thabhairt ar láimh, lena n-áirítear nuair a chuirtear na hiarrataí sin in iúl trí bhealaí taidhleoireachta; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí grinnscrúdú feabhsaithe, lena mbaineann daoine atá i mbaol CBT; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit staonadh ó íospartaigh CBT nó íospartaigh ionchasacha CBT a eiseachadadh agus a gcosaint a áirithiú laistigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh oiliúint chuí ar údaráis forfheidhmithe dlí, ar údaráis bhreithiúnacha agus ar údaráis ábhartha eile a fhaigheann sonraí Interpol agus a chuireann comhaontuithe déthaobhacha comhair chun feidhme le tíortha a bhfuil amhras fúthu go bhfuil CBT acu chun rioscaí mí-úsáide a shainaithint agus a mheasúnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth, chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid Interpol, gur gá a dhearbhú sa dlí náisiúnta agus sa treoir oibríochtúil nach bhfuil fógraí agus idirleathadh Interpol faoi réir an ghrinnscrúdaithe chéanna le barántais ghabhála sula n-eisítear iad agus nár cheart déileáil leo mar fhógraí agus idirleathadh atá coibhéiseach le barántais ghabhála; á chur i bhfáth gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na measúnuithe maidir le bearta ceartaitheacha Interpol i gcomhthéacs CBT a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sásra achomhairc ar leibhéal an Aontais a bhunú le haghaidh Fógraí Dearga Interpol mí-úsáideacha, machnamh a dhéanamh ar chomhar a chur ar fionraí i gcásanna inarb ann d’ábhair imní maidir le próiseas cuí nó ina n-úsáidtear fíoraisc in-absentia, agus aitheantas nó cúnamh a choinneáil siar d’iarrataí a thagann ó stáit dhéantóra na coire go dtí go n-athbhunófar neamhspleáchas na mbreithiúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a éileamh laistigh de Interpol go bhfoilseofaí, ar bhonn bliantúil, staidreamh mionsonraithe maidir le gach cineál fógra agus scaipthe, arna miondealú de réir an stáit eisiúna agus lena léirítear líon agus cúiseanna na bhformheasanna, na ndiúltuithe agus na scriostaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí athchóirithe agus acmhainní leormhaithe i bhfeidhm chun réitigh fhadtéarmacha a chur ar fáil lena gcuirtear cosc ar Fhógraí Dearga agus orduithe idirleata a bhfuil údar polaitiúil leo lena ngabháil, lena n-áirítear tagarmharcanna a leagan síos lena gcuirtear cosc ar mhí-úsáid chóras fógraí Interpol agus grinnscrúdú feabhsaithe a dhéanamh ar rialtais a bhfuil drochtheist orthu maidir le cearta an duine nó CBT;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionstraimí airgeadais agus riaracháin um chos ar bolg</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar rialtóirí airgeadais an Aontais agus ar údaráis mhaoirseachta ábhartha a aithint go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as comhlíonadh chreataí SA/MSC agus cibearshlándála TFGA mar uirlis do CBT chun díriú ar an tsochaí shibhialta agus ar a ndeontóirí, a n-iriseoirí agus a bpobail diaspóra, a ndaoine gnó agus a n-eintitis, a gcomhpháirtithe agus a ndaoine aonair; á iarraidh ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar bhreithiúnais na mBallstát comhoibriú le rialtóirí airgeadais chun cuidiú le mí-úsáidí córas airgeadais agus bunachar sonraí taistil a úsáidtear chun CBT a éascú a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar rialtóirí airgeadais an Aontais, lena n-áirítear ÚCSA, coimircí a fhorbairt chun cúbláil den sórt sin a chosc, lena n-áirítear fíoruithe réamhreoite, agus bearta iomchuí scagtha agus cosanta sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar rialtóirí airgeadais an Aontais sásraí sásaimh atá dírithe ar íospartaigh a fhorbairt chun cúbláil airgeadais agus díobháil fhadtéarmach a leigheas, lena n-áirítear sásraí ceartúcháin poiblí; á iarraidh go mbeadh comhordú méadaithe ann idir rialtóirí airgeadais, eintitis agus údaráis mhaoirseachta ábhartha le comhlachtaí ábhartha an Aontais a thugann aghaidh ar CBTanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí a bhunú lena n-áiritheofar rochtain ráthaithe ar sheirbhísí bunúsacha baincéireachta do dhaoine aonair atá go hinchreidte i mbaol CBT agus sásraí éigeandála leanúnachais airgeadais nó leachtachta i gcás ina mbeidh reo tobann sócmhainní mar thoradh ar an gcos ar bolg;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais patrúin airgeadais atá nasctha le CBT a shainaithint agus anailís chórasach a dhéanamh orthu agus torthaí ábhartha a thuairisciú do mhoil chomhordúcháin CBT náisiúnta agus an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint speisialaithe a áirithiú d’údaráis forfheidhmithe dlí, d’údaráis bhreithiúnacha, d’údaráis airgeadais agus d’údaráis chibearshlándála maidir le patrúin airgeadais atá nasctha le CBT a shainaithint, lena n-áirítear mí-úsáid TFGA, Interpol agus uirlisí bunachar sonraí taistil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit treoir a chur ar fáil d’institiúidí airgeadais, a áirithiú go mbeidh sainordú ag a rialtóirí airgeadais náisiúnta na sonraí atá ar fáil dóibh a chomhroinnt le forfheidhmiú an dlí agus le breithiúna, agus sásra éifeachtach náisiúnta gearáin agus athbhreithnithe a bhunú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Seirbhísí tearmainn, seirbhísí imirce agus seirbhísí consalachta a chosaint ar mhí-úsáid ag déantóirí CBT</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur diúltaíodh seirbhísí consalacha mar chineál CBT ar féidir é a nascadh le himeaglú, faireachas nó comhéigean; ag cáineadh na húsáide a bhaineann stáit dhéantóra na soghluaisteachta as rialuithe soghluaisteachta, lena n-áirítear pasanna a chúlghairm, seirbhísí consalacha a dhiúltú agus srianta eile ar ghluaiseacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte oifigiúla a eisiúint maidir le comhéigean consalach a chomhrac, lena n-áiritheofar nach gá do dhaoine a bhfuil CBT dírithe orthu cuairt a thabhairt ar a n-ambasáidí náisiúnta nó ar a gconsalachtaí náisiúnta thar lear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar is ceart ar imthosca aonair na n-iarratasóirí ar íospartaigh CBT iad; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar thíortha eile i limistéar Schengen Cód agus Lámhleabhar Víosaí an Aontais a úsáid go comhsheasmhach agus go solúbtha chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chosanta do dhaoine a bhfuil CBT dírithe orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Díspreagadh agus cuntasacht a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá costas CBT a mhéadú agus díspreagadh a neartú, lena n-áirítear trí dhéantóirí agus cumasóirí na coire a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach; á iarraidh ar na Ballstáit dliteanas dlíthiúil soiléir a bhunú do dhaoine aonair agus d’eintitis a éascaíonn nó a bhaineann tairbhe go feasach as gníomhartha CBT thar ceann stáit eachtracha; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí oibleagáidí díchill chuí maidir le cearta corparáideacha an duine a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear faoin Treoir maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáidí á chreidiúint gur beart leormhaith é chun cur i gcoinne fheiniméan méadaitheach CBT arna dhéanamh ag réimis fhorlámhacha i gcoinne daoine aonair atá ina gcónaí san Aontas trína léiriú gur féidir leis an Aontas a bheith ina fhórsa díspreagthach; ag tathant ar an Aontas, dá bhrí sin, leanúint dá chumais chosanta féin a mhéadú agus spleáchais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit bearta coisctheacha agus cuntasachta a neartú, lena n-áirítear trí thaidhleoirí, foireann oifigiúil na dtíortha lena mbaineann, ateangairí, ionadaithe brústocairí agus gníomhaithe ábhartha eile a ghrinnfhiosrú as rannpháirtíocht in CBT roimh chreidiúnú, agus bearta iomchuí a fhorchur — lena n-áirítear díbirt, toirmisc ar theacht isteach nó creidiúnú a chur ar fionraí — i gcoinne daoine aonair atá freagrach as na gníomhartha sin; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit faisnéis ábhartha a roinnt le tíortha comhpháirtíochta chun athchreidiúnú nó mí-úsáid leanúnach a chosc; á chur in iúl gur gá aitheantas a thabhairt do na rioscaí a bhaineann le hinsíothlú CBT i measc grúpaí daonlathacha freasúra thar lear agus tabhairt faoi bhearta comhordaithe comhchoiteanna chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc agus a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar an úsáid mhí-úsáideach a bhaineann déantóir na coire nó gníomhaithe atá nasctha leis an stát as sásraí breithiúnacha nó forfheidhmithe dlí; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, ar fhianaise leordhóthanach, machnamh a dhéanamh ar bhearta rabhaidh a fhorchur ar na stáit sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh a gcreataí dlíthiúla toirmeasc ar chur isteach ar chearta a chosnaítear faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, lena n-áirítear nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí sin thar ceann cumhacht eachtrach, agus go meastar gur toisc ghéaraitheach í an rannpháirtíocht sin maidir le pianbhreith a ghearradh ar chionta gaolmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle féachaint an bhféadfaí CBT a shainaithint mar choir thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi i gcomhréir le hAirteagal 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, d’fhonn rialacha comhchoiteanna an Aontais a bhunú maidir le sainmhínithe agus smachtbhannaí i gcás inarb iomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a thionscnamh chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an toirmeasc ar ghníomhaíochtaí faireachais eachtraigh laistigh den Aontas, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a thagann faoi CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar na breithiúna gníomhartha CBT a imscrúdú agus a ionchúiseamh arb ionann iad agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna faoi Reacht na Róimhe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le SEGS, rioscaí CBT a chomhtháthú i bhfaisnéis taistil agus i dtreoir chonsalach an Aontais, lena n-áirítear trí chomhairleoirí taistil spriocdhírithe do thíortha ina léiríonn fianaise inchreidte rannpháirtíocht údarás stáit nó ionadaithe in CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a áirithiú go ndéanfar daoine aonair agus eintitis atá ag gabháil do CBT a mheas go córasach lena liostú faoi chóras domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (Gníomh Magnitsky AE), agus CBT a áireamh go sainráite mar fhorais lena n-ainmniú faoi chóras smachtbhannaí an Aontais atá ar na bacáin maidir leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a mhéadú in imscrúduithe fóiréinseacha, airgeadais agus digiteacha a bhaineann le CBT chun CBT a shainaithint, a shannadh agus a dhoiciméadú, agus chun tacú le himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh ag íospartaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’imscrúdú agus do dhíchóimeáil líonraí CBT, lena n-áirítear seachghníomhaithe agus naisc leis an gcoireacht eagraithe, trí chomhordú feabhsaithe idir údaráis slándála, bhreithiúnacha agus airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tAontas Eorpach a shuíomh mar cheannaire domhanda maidir leis an gcos ar bolg trasnáisiúnta a chomhrac</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS cur i gcoinne CBT a chomhtháthú go córasach i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear idirphlé polaitiúil agus idirphlé maidir le cearta an duine, rannpháirtíocht le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le tíortha is iarrthóirí, agus taidhleoireacht phoiblí, agus ábhair imní a chur in iúl go poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS coinníollacha lena gcoisctear mí-úsáid comhaontuithe comhair iltaobhacha agus déthaobhacha in ábhair choiriúla do CBT a áireamh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus i gcreataí comhair, lena n-áirítear an fhéidearthacht fionraí a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cásanna CBT a ardú, lena n-áirítear cos ar bolg de réir comhéigin agus de réir teaghlaigh sa chaidreamh déthaobhach le stáit dhéantóirí na coire, agus a iarraidh go scoirfí de na cleachtais sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an chumarsáid straitéiseach maidir le CBT a neartú, á aithint go sainráite gur bagairt dhomhanda í, ag cáineadh go láidir déantóirí na coire, agus ag léiriú tacaíocht an Aontais do dhaoine aonair spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar SEGS CBT a áireamh go sainráite laistigh de shainordú Ionadaí Speisialta an Aontais um Chearta an Duine agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh air i dtuairisciú an Aontais ar chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS rioscaí CBT a mheas go córasach agus comhaontuithe cistiúcháin, comhair agus comhpháirtíochta le tíortha nach bhfuil san Aontas á n-ullmhú acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún CBT a áireamh mar chatagóir ina thuarascálacha ar an smacht reachta agus ar mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a dhéanamh de CBT i gcur chun feidhme na Sciath Daonlathais Eorpaigh, go háirithe don Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh ar Uachtaránachtaí na Comhairle a bheidh ann amach anseo tosaíocht a thabhairt do CBT ar chlár oibre an Aontais, malartuithe dea-chleachtais i measc na mBallstát a éascú, agus oibriú i dtreo teachtaireacht ón gComhairle ina leagfar amach cur chuige comhleanúnach an Aontais maidir le cur i gcoinne CBT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Ráiteas Cheannairí G7 maidir le CBT agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún comhordú ag G7, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus ar leibhéal na Náisiún Aontaithe a neartú tuilleadh, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht leanúnach ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, agus tacaíocht d’obair Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí cleachtais chórasacha CBT ag stáit dhéantóra na coire san áireamh agus meastóireacht á déanamh ar rannpháirtíocht na dtíortha sin le comhlachtaí idir-rialtasacha agus ar thionscnaimh laistigh díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit tacú le coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le CBTanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chreidiúint go láidir gur cheart don Aontas comhordú go dlúth le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, lena n-áirítear trí mhalartú dea-chleachtais maidir le reachtaíocht, cosaint íospartach, sannadh agus smachtbhannaí i gcoinne seach-líonraí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>