<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0204</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ról na trádála maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0148/2026 -  Rapóirtéir :Juan Ignacio Zoido Álvarez)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 maidir le ról na trádála maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú (2025/2113(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Scagadh IDC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 229, 18.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1781/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2675, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Gníomh um Amhábhair Chriticiúla),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla do shlándáil eacnamaíoch an Aontais chun tuilleadh measúnaithe riosca a dhéanamh leis na Ballstáit (COM(2023)6689),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2025/63 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2025 maidir le hinfheistíochtaí amach a athbhreithniú i réimsí teicneolaíochta atá ríthábhachtach i leith shlándáil eacnamaíoch an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/63, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/63/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2025/683 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2025 maidir le liostaí náisiúnta rialaithe a chomhordú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/683, 16.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/683/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 23 Bealtaine 2024 maidir le slándáil taighde a fheabhsú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3510, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3510/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2024)0023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 11 Márta 2025 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach creat chun infhaighteacht agus slándáil soláthair táirgí íocshláinte criticiúla a neartú mar aon le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht táirgí íocshláinte leasa choitinn, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/795 (COM(2025)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus slándáil an tslabhra soláthair TFC agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 (An Gníomh um Chibearshlándáil 2) (COM(2026)0011),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonraí digiteacha, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120, Treoir 2002/58/CE agus Cinneadh Uimh. 676/2002/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1971, Treoir (AE) 2018/1972 agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE (an Gníomh um Líonraí Digiteacha) (COM(2026)0016),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Meitheamh 2023 maidir le ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’ (JOIN(2023)0020),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Nollaig 2025 dar teideal’Slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú’ (JOIN(2025)0977),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [Margadh thar an gCoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029 dar dáta an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Litir Mhisin an 17 Meán Fómhair 2024 ó Uachtarán an Choimisiúin chuig an gCoimisinéir ainmnithe um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus um an gCaidreamh agus an Thrédhearcacht Idirinstitiúideach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do liosta an Aontais de chógais leighis chriticiúla arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus ganntanais i soláthar táirgí íocshláinte bunriachtanacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir le rialuithe onnmhairiúcháin (COM(2024)0025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir le hinfheistíochtaí amach (COM(2024)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir le roghanna chun tacaíocht a fheabhsú don taighde agus don fhorbairt a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhféadfaí dé-úsáid a bhaint astu (COM(2024)0027),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0148/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil oscailteacht an Aontais i leith na trádála agus na hinfheistíochta fós ina bunchloch dá rathúnas, dá iomaíochas agus dá thionchar domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil athrú struchtúrach tagtha ar an timpeallacht eacnamaíoch idirnáisiúnta arb é is príomhthréith di iomaíocht gheopholaitiúil atá ag dul i méid, iomaíocht shistéamach, ró-acmhainneachta struchtúrtha agus úsáid mhéadaitheach ionstraimí eacnamaíocha chun críoch straitéiseach, amhail spleáchas trádála agus eacnamaíocha a úsáid mar uirlis troda agus comhéigin eacnamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, le húsáid mhéadaitheach rialuithe onnmhairiúcháin nó srianta ar onnmhairiú, beartais státchabhrach a shaobhann an iomaíocht chóir, úsáid na trádála mar uirlis troda agus comhéigean eacnamaíoch, go n-éilíonn ar an Aontas straitéis slándála eacnamaíche éifeachtach a fhorbairt go práinneach lena dtugtar aghaidh go cuimsitheach ar a leochaileachtaí eacnamaíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach mór straitéis inchreidte slándála eacnamaíche a bheith á treorú ag an gcuspóir neamhspleáchas eacnamaíoch, digiteach agus airgeadais an Aontais a neartú agus, ag an am céanna, sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, róspleáchas sna hearnálacha ábhartha a chainníochtú, deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha agus seasamh le tiomantas an Aontais do thrádáil chóir agus inbhuanaithe agus d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; de bhrí go n-éilítear leis sin freisin spleáchais theicneolaíocha straitéiseacha a laghdú, lena n-áirítear i mbonneagar digiteach, leathsheoltóirí, néalseirbhísí agus córais chibearshlándála, ós rud é gur comhpháirteanna lárnacha den tslándáil eacnamaíoch iad sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur athrú coincheapúil í teachtaireacht chomhpháirteach an 3 Nollaig 2025 ar chur chuige an Aontais i leith na slándála eacnamaíche, lena léirítear nach féidir breathnú ar oscailteacht trádála agus eacnamaíoch mar thoradh dearfach amháin, agus go bhféadfaidh tríú tíortha idirspleáchas eacnamaíoch a ghiaráil chun críoch straitéiseach nó comhéigneach; de bhrí, mar thoradh air sin, nach mór don Aontas agus do na Bhallstáit a bheith ullamh chun glacadh le costais eacnamaíocha, i gcás inar gá, chun leochaileachtaí a laghdú agus chun an tslándáil fhoriomlán a fheabhsú; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, breithnithe slándála eacnamaíche a chomhtháthú i mbeartas trádála agus eacnamaíoch an Aontais mar ghné struchtúrach, seachas déileáil leo mar imeacht eisceachtúil uaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nár sainmhíníodh coincheap na slándála eacnamaíche i ndlí an Aontais ná in aon doiciméadacht oifigiúil de chuid an Aontais, d’ainneoin na gcreataí cuimsitheacha a leagtar amach i dteachtaireachtaí comhpháirteacha an 20 Meitheamh 2023 agus an 3 Nollaig 2025; de bhrí, mar sin féin, go bhfuil comhdhearcadh leathan tagtha chun cinn maidir leis an tuiscint gurb é atá i gceist le slándáil eacnamaíoch an Aontais a chumas bagairtí ar a gheilleagar, ar a shaoránaigh agus ar a leasanna straitéiseacha a réamh-mheas, a dhíspreagadh agus freagairt dóibh – lena n-áirítear rioscaí d’athléimneacht an tslabhra soláthair, do shlándáil fhisiciúil agus do chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil, do shlándáil teicneolaíochta, lena n-áirítear trí sceitheadh teicneolaíochta, agus d’oscailteacht eacnamaíoch i gcás ina ndéantar spleáchais a úsáid mar arm nó i gcás ina bhfeidhmítear comhéigean – agus go gceanglaítear ar an Aontas, chun aghaidh a thabhairt uirthi, ar thaobh amháin, dul i ngleic le spleáchais straitéiseacha trí tháirgeadh nó éagsúlú intíre agus, ar an taobh eile, leochaileachtaí struchtúracha a mhaolú trí rialú an Aontais ar shócmhainní criticiúla a chaomhnú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí coigríche a scagadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go léirítear in anailís a rinneadh le déanaí go bhfuil difreálaigh costais táirgthe idir 30 % agus 40 % idir táirgeoirí Eorpacha agus táirgeoirí Síneacha, rud a dhéanann difear do bheagnach dhá thrian de bhreisluach monaraíochta na hEorpa; de bhrí gur difreálaigh struchtúracha agus féin-neartaithe iad na difreálaigh sin, arna spreagadh ag córas comhleanúnach tacaíochta stáit, buntáistí costais fachtóra agus neamhshiméadracht rialála nach féidir gnóthachain táirgiúlachta amháin a fhritháireamh leo féin; de bhrí go bhfuil éagothroime trádála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ag Aontas leis an tSín i láthair na huaire, agus gur shroich an t-easnamh EUR 400 billiún in ainneoin go bhfuil barrachas foriomlán ag an Aontas leis an gcuid eile den domhan; de bhrí gur tharla an éagothroime sin mar gheall ar ró-acmhainneacht mhonaraíochta atá fóirdheonaithe go mór sa tSín, as ar eascair díthionsclú san Aontas; de bhrí nár tháinig an coigeartú ionchasach ar an ráta malairte chun cinn, rud a leathnaigh na bearnaí iomaíochais tuilleadh agus a chuir le caillteanais sciar den mhargadh do mhonaróirí Eorpacha; de bhrí go bhfuil ionstraimí cosanta trádála an Aontais atá ann cheana táirge-shonrach den chuid is mó agus nach leor a gcur chun feidhme, mar atá sé faoi láthair, chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh sistéamach den mhéid sin ar fud an gheilleagair;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go leithdháileann an tAontas Eorpach i bhfad níos lú acmhainní riaracháin ar fhorfheidhmiú na cosanta trádála ná dlínsí inchomparáide, rud a ardaíonn bacainní praiticiúla ar chásanna a oscailt agus a láimhseáil tráth a bhfuil brú trádála méadaitheach ar thionscail na hEorpa; de bhrí, i gcoibhneas le méideanna agus luachanna iomlána na n-allmhairí, nach mbaineann an tAontas Eorpach úsáid chomh minic céanna as ionstraimí na cosanta trádála cheana féin ná mar a bhaineann na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil; de bhrí gur minic a bhíonn dleachtanna frithdhumpála de chuid an Aontais i bhfad níos ísle ná na dleachtanna a fhorchuireann mórgheilleagair eile in ainneoin torthaí inchomparáide dumpála agus díobhála; de bhrí go gceanglaítear ar an Aontas corrlach díobhála a chur i bhfeidhm má tá sé níos lú ná an corrlach dumpála; de bhrí go raibh drogall ar an Aontas gníomhú ar bhonn bagairt díobhála amháin; de bhrí go gcuireann an meascán sin de dhéine forfheidhmithe níos ísle, srianta nós imeachta agus leibhéil dleachta measartha beag le sraonadh trádála agus leis an dearcadh faoin Aontas mar thimpeallacht forfheidhmithe níos boige nó ‘talamh frithdhumpála’, rud a mhéadaíonn an brú ar bhonn tionsclaíoch an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur riosca méadaitheach sistéamach iad an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil do shlándáil eacnamaíoch fhadtéarmach an Aontais, rud a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair, a chuireann táirgeadh talmhaíochta i mbaol agus a spreagann iomaíocht le haghaidh acmhainní; de bhrí gur léiríodh go soiléir le húsáid seachadtaí breosla iontaise mar uirlis troda ag an Rúis, tar éis di tús a chur lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, gur bagairt dhíreach agus ghéar ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais é an spleáchas ar fhuinneamh allmhairithe ó thríú tíortha neamhiontaofa, agus, dá bhrí sin, nach amháin gur riachtanas comhshaoil é dlús a chur leis an aistriú chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh agus an riosca a bhaineann leis a laghdú, ach gur riachtanas straitéiseach é freisin; de bhrí, áfach, go bhfuil spleáchais nua agus shuntasacha ginte go tapa ag an aistriú glas féin, go háirithe maidir le hamhábhair chriticiúla agus teicneolaíochtaí glana, amhail grianphainéil, inbhéartóirí fótavoltacha, feithiclí leictreacha agus ceallraí don eangach, a bhfuil a soláthar comhchruinnithe sa tSín; de bhrí nach mór don Aontas a bheith cúramach gan spleáchas straitéiseach amháin a chur in ionad spleáchas straitéiseach eile, agus, dá bhrí sin, nach mór dó fíor-uathriail a shaothrú sna hionchuir is gá don aistriú éiceolaíoch mar chuid lárnach dá straitéis slándála eacnamaíche;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur féidir le faireachán ar an slabhra soláthair cabhrú le rioscaí slándála eacnamaíche a shainaithint, a chosc agus a mhaolú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach mór don tslándáil eacnamaíoch freastal ar shaoránaigh an Aontais ar deireadh; de bhrí gur réamhriachtanas é an cumas turraingí eacnamaíocha seachtracha a sheasamh agus a bhainistiú chun caighdeáin mhaireachtála a chaomhnú, chun leanúint de sheirbhísí poiblí agus chun comhtháthú sóisialta a chothabháil; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an mbeartas slándála eacnamaíche ní hamháin ó thaobh comhiomláin mhaicreacnamaíocha nó leasanna straitéiseacha de, ach freisin i ndáil lena thionchar nithiúil ar fholláine na saoránach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Timpeallacht an riosca slándála eacnamaíche atá ag athrú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht chomhpháirteach an 3 Nollaig 2025 mar chéim riachtanach chun cur chuige coiteann an Aontais i leith na slándála eacnamaíche a neartú; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le céimeanna breise chun cuspóirí slándála eacnamaíche an Aontais a oibríochtú, lena n-áirítear plean gníomhaíochta, treochlár agus spriocanna nithiúla maidir leis an riosca a bhaint de shlabhraí soláthair in earnálacha straitéiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheas go leagtar béim sa teachtaireacht chomhpháirteach, mar is ceart, ar an ngá atá le hathrú cultúir, ag bogadh ó chur chuige frithghníomhach go cur chuige níos réamhghníomhaí i leith na slándála eacnamaíche; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn sé sin aistriú paraidíme i dtreo cur chuige uile-chórais, ina n-oibríonn an Coimisiún, Parlaimint na Eorpa, na Ballstáit, an earnáil phríobháideach agus geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha eile le chéile chun rannchuidiú leis an gcuspóir slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú; á chur i bhfios go láidir nach mór fíorstraitéis slándála eacnamaíche Eorpach a bheith bunaithe ar threoshuíomh straitéiseach, lena gcomhtháthófar agus lena n-ailíneofar go straitéiseach beartais i réimsí na haeráide agus an fhuinnimh, na trádála agus na hiomaíochta, rialáil an mhargaidh dhigitigh, an bheartais thionsclaíoch, an taighde agus na nuálaíochta, na hinfheistíochta eachtraí agus ról an euro;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl go n-aontaíonn sí le measúnú an Choimisiúin gur féidir costas áirithe a bheith ag baint le bearta slándála eacnamaíche do chuideachtaí agus d’institiúidí poiblí araon sa ghearrthéarma, ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil na costais a eascraíonn as spleáchais agus as neamhchosaint ar chomhéigean eacnamaíoch i bhfad níos airde; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leormhaith do na bearta sin tríd an gCiste Fís Eorpach agus Iomaíochais sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile; ag moladh don Choimisiún tacaíocht leordhóthanach a áirithiú do na tionscail agus do na hoibrithe is mó a ndéanann suaitheadh sa slabhra soláthair nó cineálacha eile brú eacnamaíoch nó comhéigin eacnamaíoch difear dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de na cumhachtaí trádála domhanda is mó, a dhíorthaíonn níos mó ná 20 % dá OTI ó thrádáil sheachtrach; á chur i bhfáth go bhfuil trádáil agus infheistíocht idirnáisiúnta ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur mhéadaigh ardleibhéal comhtháthaithe an Aontais sna margaí domhanda a neamhchosaint ar shuaitheadh, ar chleachtais chomhéigneacha agus ar ghiaráil straitéiseach ag tríú tíortha, a fheidhmítear trí thachtphointí sna slabhraí soláthair, trí staideanna monaplachta in ionchuir chriticiúla, trí spleáchas ar sholáthraithe teicneolaíochta criticiúla a bhfuil ardriosca ag baint leo, agus trí leochaileachtaí i bpríomhbhonneagar fisiciúil agus digiteach agus ó thaobh allmhairithe fuinnimh ó thríú tíortha; á chur i bhfáth, leis an spleáchas substaintiúil agus struchtúrach sin ar ghníomhaithe seachtracha le haghaidh earraí, seirbhísí agus bonneagar straitéiseach, go gcruthaítear leochaileachtaí contúirteacha nach mór aghaidh a thabhairt orthu go práinneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur léirigh géarchéimeanna a tharla le déanaí – lena n-áirítear paindéim COVID-19, suaitheadh ar sholáthairtí fuinnimh mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, iomadú na dtaraifí neamhdhleathacha, srianta trádála agus bearta cosantacha eile, teannas athfhillteach a dhéanann difear do bhealaí iompair agus lóistíochta domhanda, srianta comhéigneacha ar rochtain ar ábhair chriticiúla, tionchar eacnamaíoch an athraithe aeráide atá ag dul in olcas, lena n-áirítear mar thoradh ar theagmhais adhaimsire a chuireann isteach ar tháirgeadh agus ar lóistíocht, beartais státchabhrach, agus dumpáil ró-acmhainneachta fóirdheonaithe ag tríú tíortha i bpríomhearnálacha mhargaí na hEorpa – go léiríonn na géarchéimeanna sin conas is féidir ganntanais, boilsciú, dochar d’acmhainneachtaí táirgeachta áitiúla agus stopadh táirgeachta a bheith mar thoradh go tapa ar spleáchais ar allmhairí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé cruthaithe freisin gur riosca suntasach d’onnmhaireoirí an Aontais iad spleáchais onnmhairiúcháin; á chur i bhfáth gurb ionann spleáchais ar allmhairí agus ar onnmhairí araon agus srianta nithiúla ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na hEorpa agus ar chumas an Aontais freagairt go héifeachtach do shuaití seachtracha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil na leochaileachtaí sin struchtúrach seachas sealadach, mar go n-eascraíonn siad as comhchruinnithe agus monaplachtaí a d’fhorbair le himeacht ama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di saobhadh sistéamach na Síne ar an margadh a chuireann le ró-acmhainneacht, lena n-áirítear sásraí fairsinge tacaíochta faoi stiúir an stáit, soláthar straitéiseach ‘<STRING ITALIC="on">Buy China</STRING>’, cóir fhabhrach do ghnólachtaí intíre agus easpa cómhalartachta; á athdhearbhú nach féidir leis an trádáil a bheith cothrom i gcóras ina bhfuil tír amháin chun tosaigh ar an margadh domhanda agus ina ndéanann sí tuilte air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plean ón gCoimisiún measúnú cuimsitheach, córasach, agus a nuashonraítear go rialta a chruthú ar na spleáchais is criticiúla atá ag an Aontas feadh slabhraí luacha, agus á iarraidh go n-áireofaí sna measúnuithe sin anailís ar leochaileachtaí a bhféadfadh scrogaill AE a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear sonraí cainníochtaithe maidir le comhchruinnithe allmhairí agus sciartha den mhargadh domhanda de réir tíre agus earnála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cosc trí éagsúlú, nuálaíocht agus iomaíochas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart an tslándáil eacnamaíoch a léirmhíniú mar leithlisiú eacnamaíoch; á athdhearbhú go bhfuil an oscailteacht i leith na trádála agus na hinfheistíochta inbhuanaithe, mar aon le bearta arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an iomaíocht éagórach agus ar éagsúlú comhpháirtithe, soláthróirí, allmhairí fuinnimh agus bealaí iompair, ar cheann de na príomhbhealaí atá ag an Aontas chun leochaileacht struchtúrach i leith suaití seachtracha agus suaití in earnálacha criticiúla agus i leith cleachtais chomhéigneacha a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh neartú athléimneacht agus shlándáil eacnamaíoch an Aontais ina chuspóir sainráite d’aon chomhpháirtíocht trádála nó infheistíochta de chuid an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach éileamh ar roghanna malartacha a tháirgtear san Aontas a chothú agus éiceachórais earnála atá bunaithe san Aontas a chruthú chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a thógáil go hinchreidte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór oscailteacht mhargadh an Aontais a bheith bunaithe ar phrionsabail na cómhalartachta, na hiontaofachta agus an neamh-chomhéigin, agus nach féidir leis a bheith neamhchoinníollach i gcás ina bhfuil leasanna bunúsacha slándála i mbaol; á chur i bhfáth go bhfuil láidreachtaí suntasacha eacnamaíocha ag an Aontas, go háirithe a mhargadh aonair ar luach EUR 18 dtrilliún é, lena 450 milliún tomhaltóir, a cheannaireacht i monaraíocht agus seirbhísí ardteicneolaíochta, a ardchaighdeáin agus a noirm, agus a institiúidí oideachais ardcháilíochta agus a chláir taighde agus forbartha (T&F); á chur i bhfios go láidir gur cheart na láidreachtaí sin a ghiaráil i bhfianaise comhéigean seachtrach, go háirithe i réimsí ina bhfuil earraí nó teicneolaíochtaí Eorpacha fíor-riachtanach i margaí domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go ndíspreagtar nuálaíocht agus go mbaintear an bonn ó chuspóirí athléimneachta eacnamaíche agus slándála an Aontais más ann do thimpeallacht mhicreacnamaíoch agus mhaicreacnamaíoch a lagaíonn iomaíochas gnó, lena n-áirítear gnéithe amhail bacainní ar an margadh inmheánach, ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo, éiginnteacht rialála, praghsanna arda fuinnimh, nósanna imeachta um cheadú atá róchasta agus tearcinfheistíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth nach féidir slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú go suntasach fad is atá geilleagar na hEorpa ag brath an iomarca ar allmhairiú breoslaí iontaise nó teicneolaíochtaí in-athnuaite; á mheas trí bheartas dícharbónaithe cobhsaí agus intuartha a shaothrú arb é is aidhm dóibh glan-nialasacht a bhaint amach agus deireadh a chur le hallmhairí breosla iontaise, go rannchuidítear leis an tslándáil eacnamaíoch a neartú agus le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil infheistíocht mhéadaithe agus bhrostaithe i leictriú agus i ngeilleagar ciorclach ríthábhachtach chun spleáchais straitéiseacha an Aontais ar ghníomhaithe seachtracha a laghdú; ag tabhairt spreagadh don Choimisiún beartais láidre agus leathana atá dírithe ar an éileamh a ghlacadh chun borradh a chur faoin éileamh ar earraí straitéiseacha ísealcharbóin Eorpacha atá lárnach don aistriú fuinnimh, amhail cruach ghlas, ceallraí, fuinneamh in-athnuaite agus leathsheoltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a áirithiú nach ndéanfaidh an t-aistriú glas an loighic struchtúrach spleáchais chéanna a mhacasamhlú i bhfoirm éagsúil, agus, chuige sin, á iarraidh air tosaíocht a thabhairt d’acmhainneacht táirgeachta ar leibhéal an Aontais, do stoc-charnadh straitéiseach agus d’éagsúlú láidir foinsithe do na hamhábhair chriticiúla agus do na comhpháirteanna teicneolaíochta glaine ar a bhfuil an t-aistriú ag brath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gur bunchloch den tslándáil eacnamaíoch é margadh aonair lánfheidhmiúil comhtháite; á chur i bhfios go láidir i margadh fíor-chomhchuibhithe d’earraí, do sheirbhísí agus do chaipiteal go bhfuil sé bunriachtanach comhtháthú níos doimhne a bheith ann agus deireadh a chur le bacainní do shamhail shocheacnamaíoch fhadtéarmach, d’iomaíochas agus do shlándáil an Aontais; á mheas gur cuid bhunriachtanach den straitéis fhadtéarmach chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint é uas-scálú ar an infheistíocht san oideachas, sa nuálaíocht agus in T&F;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi spleáchas iomarcach an Aontais ar thríú tíortha le haghaidh soláthar amhábhar criticiúil, á aithint go nochtar an tAontas do leochaileachtaí suntasacha geopholaitiúla, eacnamaíocha agus slabhra soláthair leis an spleáchas sin; á mheas, dá bhrí sin, gur réiteach inbhuanaithe agus straitéiseach é athléimneacht intíre a neartú, lena n-áirítear trí thionscadail straitéiseacha maidir le mianadóireacht agus próiseáil intíre, acmhainneachtaí athchúrsála feabhsaithe, éifeachtúlacht acmhainní fheabhsaithe, agus cur chun feidhme iomlán shamhail an gheilleagair chiorclaigh; á iarraidh go mbeadh gníomh uaillmhianach um an ngeilleagar ciorclach ann; á iarraidh go spreagfaí infheistíocht i dteicneolaíocht chiorclach nuálach chriticiúil agus go ndéanfaí an infheistíocht sin a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur príomhchuspóir den bheartas slándála eacnamaíche é saoránaigh a chosaint ar shuaití eacnamaíocha seachtracha – lena n-áirítear suaitheadh ar shlabhraí soláthair, borradh ar phraghsanna fuinnimh agus iarmhairtí an chomhéigin eacnamaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar measúnú córasach ar thionchar sóisialta na mbeart slándála eacnamaíche agus nach ndéanfaidh na bearta sin difear díréireach do na daoine is leochailí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheabhrú gur cuid straitéiseach de chumhacht an Aontais é an beartas trádála agus gur cheart é a úsáid go réamhghníomhach chun leasanna slándála agus uathriail straitéiseach an Aontais a chosaint; á chur i bhfáth gur gá dul níos faide ná cur chuige atá cosantach den chuid is mó agus gur gá ionstraimí atá ann cheana a chomhcheangal agus a imscaradh ar bhealach níos straitéisí agus níos réamhbhreathnaithí, lena n-áirítear trí idirthuilleamaíochtaí eacnamaíocha a ghiaráil ar bhealaí lena bhfeabhsaítear seasamh geopholaitiúil an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú go mbraitheann éifeachtacht chlár oibre trádála agus slándála eacnamaíche an Aontais ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha trádála agus clásal bunriachtanach i gcomhaontuithe trádála, comhpháirtíochta agus comhlachais; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún a iarrachtaí a neartú chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán agus go héifeachtach a ghealltanais agus a oibleagáidí féin, go háirithe i bhfianaise comhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun críche agus cur chuige straitéiseach agus uaillmhianach i leith comhaontuithe trádála agus comhpháirtíochtaí earnála a shaothrú go gníomhach le comhpháirtithe iontaofa mar ghné lárnach dá straitéis éagsúlaithe; á mheas gur cheart éagsúlú na soláthróirí tríú tír agus na margaí onnmhairiúcháin a bheith bunaithe ar mheasúnú soiléir ar leochaileachtaí struchtúracha an Aontais agus gur cheart é a bheith faoi threoir an mheasúnaithe sin; á chur i bhfáth gur gá comhaontuithe saorthrádála cuimsitheacha traidisiúnta a chomhlánú, mar ábhar tosaíochta, le cineálacha nua comhpháirtíochtaí trádála agus infheistíochta atá níos solúbtha agus níos spriocdhírithe arb é is aidhm dóibh go sainráite an riosca a bhaint d’allmhairí agus d’onnmhairí trí shlabhraí soláthair slána agus athléimneacha a fhorbairt in earnálacha ardriosca áirithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí gealltanais cheangailteacha sna comhpháirtíochtaí sin agus go n-éileodh siad rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte agus trédhearcacht maidir leis an bParlaimint le linn na gcaibidlíochtaí, chomh maith le toiliú na Parlaiminte sa phróiseas daingniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis an gComhaontú Comhlachais nuachóirithe idir an tAontas agus Mercosur do shlándáil eacnamaíoch an Aontais; á chur i bhfáth go rannchuideoidh an comhaontú le rochtain ar amhábhair chriticiúla a éagsúlú agus le slabhraí luacha athléimneacha a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais a ábhartha atá sé go straitéiseach an rannpháirtíocht eacnamaíoch agus trádála leis an India a chur chun cinn, ar mol monaraíochta agus teicneolaíochta í atá ag éirí níos tábhachtaí agus a bhfuil ról méadaitheach aici i seirbhísí digiteacha agus i soláthar amhábhar criticiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le comhaontuithe saorthrádála le comhpháirtithe amhail na hOileáin Fhilipíneacha agus an Téalainn agus bailchríoch a chur ar an gcomhaontú trádála leis an Indinéis, i bhfianaise an róil mhéadaithigh atá acu i dtáirgeadh mianraí criticiúla, leictreonaice agus comhpháirteanna teicneolaíochta glaine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le creataí trádála intuartha chun aghaidh a thabhairt ar shrianta ar onnmhairiú agus ar rioscaí maidir le comhchruinniú soláthair agus chun an tAontas a fhréamhú ar bhealach níos daingne i slabhraí luacha tionsclaíocha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an chaibidlíocht trádála leis an Astráil chun críche, ar comhpháirtí iontaofa í atá ar aon intinn léi; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht riailbhunaithe sin chun rannchuidiú le cobhsaíocht an tsoláthair agus le héagsúlú na slabhraí soláthair, i bhfianaise chúlchistí suntasacha na hAstráile d’amhábhair chriticiúla agus i bhfianaise a táirgthe teicneolaíochtaí mianadóireachta agus próiseála; á chur in iúl gur geal léi tuilleadh comhair maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna slándála eacnamaíche, go háirithe i bhfianaise an taithí phearsanta atá ag an Astráil maidir le freagairt do chomhéigean eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí idirphlé struchtúrtha slándála eacnamaíche idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun feabhas a chur ar chomhordú maidir le trádáil, scagadh infheistíochta agus athléimneacht an tslabhra soláthair; ag tacú le comhar níos dlúithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun suaitheadh in earnálacha straitéiseacha a réamh-mheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tacú leis an iarraidh i Straitéis an Aontais maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach go mbeadh comhar níos doimhne ann le comhpháirtithe na hÁise maidir leis an tslándáil eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí feabhsaithe le comhaltaí Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas agus trí idirghníomhaíocht níos dlúithe le comhpháirtithe atá rannpháirteach sa Chomhaontú Cuimsitheach agus Forásach do Chomhpháirtíocht an Aigéin Chiúin agus na hÁise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit na comhaontuithe saorthrádála atá fós gan réiteach a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé trádála agus infheistíochta athnuaite agus cuimsitheach a mholadh le tíortha agus réigiúin atá i mbéal forbartha, ar bhonn comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a théann níos faide ná rochtain ar an margadh a leathnú nó acmhainní nádúrtha a asbhaint; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cruthú luacha áitiúil agus réigiúnach a chothú faoi chomhaontuithe trádála agus faoi chomhpháirtíochtaí earnála trí shlabhraí luacha glana agus inbhuanaithe a fhorbairt agus forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe á cur chun cinn agus cosaint caighdeán comhshaoil agus ceart saothair á háirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an tAontas ag brath ar an tSín le haghaidh thart ar 98 % dá sholáthar tearc-chré agus os cionn 90 % dá allmhairí maignéisiam faoi láthair, go bhfuil rátaí athchúrsála intíre do dhúile tearc-chré fós faoi bhun 1 %, agus go bhfuil os cionn 60 % den acmhainneacht dhomhanda scagtha litiam agus os cionn 85 % d’acmhainneacht próiseála tearc-chré comhchruinnithe in aon tríú tír amháin, rud a fhágann go bhfuil an tAontas i bhfad ó na spriocanna a leagtar amach sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla a bhaint amach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na comhaontuithe a tugadh i gcrích le tíortha atá ar aon intinn leo sa réimse sin agus gur gá leanúint de chomhpháirtíochtaí nua a chaibidliú chun athléimneacht shlabhraí soláthair an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir straitéiseach ag beartas trádála an Aontais foinsí soláthair amhábhar criticiúil a éagsúlú i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus sa chosaint; ag tabhairt dá haire, cé gur céim thábhachtach é an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla i dtreo athléimneacht an Aontais a neartú, nach leor fós é chun aghaidh a thabhairt ar phríomhleochaileachtaí, go háirithe comhchruinniú leanúnach na n-acmhainneachtaí scagtha agus próiseála i líon teoranta tríú tíortha; á chur i bhfios go láidir go mbraitheann an gníomh ar thagarmharcanna neamhcheangailteacha ar leibhéal an Aontais agus go bhfuil infhaighteacht cistiúcháin thiomnaithe agus acmhainneachta cur chun feidhme éifeachtaí teoranta i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh RESourceEU chun borradh a chur faoin gcistiú do mhianadóireacht, acmhainneacht phróiseála agus athchúrsáil straitéiseach intíre; á chur i bhfios go láidir, áfach, gur gá na bearta cur chun cinn sin a chomhcheangal le bearta cosanta agus bearta comhpháirtíochta chun an riosca a bhaineann le slabhra luacha na n-amhábhar criticiúil a laghdú go rathúil faoi 2030; á athdhearbhú gur cheart, dá bhrí sin, íosrátaí praghsanna agus ráthaíochtaí ceannaigh a bheith ag gabháil leis an gcás gnó fadtéarmach maidir le hinfheistíochtaí i slabhraí luacha amhábhar criticiúil iontaofa agus le hinmharthanacht na n-infheistíochtaí sin i ndlúthchomhar le tíortha atá ar aon intinn leo, agus ar an gcaoi sin gníomhú in aghaidh an riosca go mbainfeadh tríú tír mí-úsáid as a seasaimh mhonaplachta chun sladghearradh a dhéanamh ar iomaitheoirí leochaileacha; á chur i bhfáth nach mór don tionscnamh RESourceEU a bheith ina ionstraim éifeachtach chun dlús a chur le baint amach spriocanna 2030 a leagtar síos sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla; á chur i bhfios go láidir, mura ndéanfar tacaíocht airgeadais chomhordaithe a shlógadh go mear do thionscadail eastósctha, phróiseála agus athchúrsála, nach mbeidh an tAontas Eorpach in ann a thagarmharcanna a bhaint amach laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart níos mó a bheith i gceist le taidhleoireacht an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla ná eastóscadh agus rochtain ar acmhainní príomhúla, agus gur cheart aghaidh a thabhairt go córasach léi ar ghníomhaíochtaí próiseála, scagtha agus iartheachtacha, i gcás ina bhfuil leochaileachtaí straitéiseacha agus rioscaí comhchruinnithe fós an-ghéar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faireachán, bainistiú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí sainaitheanta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach slándáil eacnamaíoch an Aontais a threisiú chun ceannasacht eacnamaíoch agus pholaitiúil an Aontais, sláine an mhargaidh aonair, athléimneacht na slabhraí soláthair, inmharthanacht eacnamaíoch chuideachtaí an Aontais agus slite beatha shaoránaigh an Aontais a chosaint, lena n-áirítear maidir le poist ar ard cáilíocht; á chur i bhfios go láidir gur cheart cur chuige cuimsitheach comhtháite slándála eacnamaíche a bheith dírithe ní hamháin ar spleáchais sheachtracha a laghdú, ach freisin ar neamhspleáchas straitéiseach a fhorbairt in amhábhair chriticiúla, sa teicneolaíocht, san fhuinneamh, san iompar, san airgeadas agus sa bhonneagar digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an tslándáil eacnamaíoch a phríomhshruthú sna beartais thionsclaíocha uile, lena n-áirítear reachtaíocht earnála agus measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á aithint go n-éilítear bearta maolaitheacha práinneacha agus cinntitheacha de bharr neamhchosaintí eacnamaíocha criticiúla faoi leith, de bhua a scála, a gcomhchruinnithe, a dtábhachta straitéisí nó a ndo-aisiompaitheachta; á chur i bhfios go láidir, i gcásanna den sórt sin, go bhféadfaí a áireamh ar bhearta, ar bhonn dlisteanach, srianta nó toirmesac ar rochtain ar an margadh, ar ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ar shreafaí infheistíochta ó thríú tíortha chun leasanna bunriachtanacha an Aontais a choimirciú; á athdhearbhú gurb é rochtain ar an margadh aonair an pointe giarála is mó atá ag an Aontas agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid a bhaint as spleáchais aisiompaithe chun brú a chur ar thríú tíortha deireadh a chur le srianta onnmhairiúcháin neamhdhlisteanacha a fhorchuirtear ar an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin tuilleadh beart a mholadh chun rioscaí slándála eacnamaíche a chosc nó a theorannú; ag tacú, i ndáil leis sin, leis an togra ón gCoimisiún chun ceangal a chur ar oibreoirí an Aontais soláthróirí a éagsúlú in earnálacha ardriosca sonracha; á mheas gur cheart é sin a leathnú amach anseo chun ceangal a chur ar oibreoirí tíortha nó réigiúin an tsoláthair a éagsúlú freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá uirlisí éifeachtacha a fhorbairt a bheidh dírithe ar luathfhaireachán, ar shainaithint agus ar mheasúnú ar rioscaí slándála eacnamaíche feadh slabhraí luacha i réimsí ardriosca chun go bhféadfar na spleáchais straitéiseacha atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann a mhapáil go réamhghníomhach; á chur i bhfios go láidir gur comhpháirtithe bunúsacha iad na Ballstáit agus an earnáil phríobháideach chun spleáchais a shainaithint agus a mheasúnú; ag tacú leis an togra ón gCoimisiún mol faisnéise slándála eacnamaíche a bhunú chun an fhaisnéis atá ar fáil a chomhdhlúthú; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a fhorbairt a bheidh dírithe ar fhaisnéis eacnamaíoch a chomhroinnt le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun gníomhaíochtaí tríú tíortha a dhéanann uirlis troda de spleáchais i gcoinne an Aontais a réamh-mheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún scórchlár slándála eacnamaíche bliantúil a bhunú chun measúnú córasach a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna a leagtar amach sa Straitéis Slándála Eacnamaíche; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sa sásra sin táscairí soiléire agus intomhaiste lena léirítear, i measc nithe eile, laghdú ar spleáchais chriticiúla de réir earnála, líon na n-ionstraimí cosanta trádála a shainaithnítear a bheith ábhartha don tslándáil eacnamaíoch, agus an méadú ar líon na soláthróirí malartacha; á chur i bhfáth go bhfuil tuairisciú trédhearcach agus rialta bunriachtanach chun cuntasacht agus coigeartú beartais eolasach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na bearta sin comhréireach agus curtha in oiriúint do dhéine agus do mharthanacht an riosca, go mbeidís bunaithe ar thairseacha riosca atá sainithe go soiléir, ar chritéir oibiachtúla agus infhíoraithe agus ar mheasúnuithe roimh ré, agus go mbeidís faoi réir faireachán agus athbhreithniú leanúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, mar atá molta ag an gCoimisiún i dteachtaireacht chomhpháirteach an 3 Nollaig 2025, gur cheart ionstraimí an Aontais atá ann cheana agus atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí struchtúracha, ar shaobhadh margaidh agus ar iompraíocht neamh-mhargaidh a nuachóiriú, i gcás inar gá, agus a úsáid ar bhonn níos staitéisí agus níos cinntithí, agus go mbaineann úsáid ilroinnte, dhrogallach nó neamhréireach na n-ionstraimí sin an bonn óna n-éifeachtúlacht, lena n-áirítear a n-éifeacht dhíspreagthach; ag tathant ar an gCoimisiún an amlíne d’imscrúduithe cosanta trádála a ghiorrú agus eiseamláir de thíortha éagsúla a leanúint maidir le húsáid níos mó a bhaint as na forálacha maidir le bagairt díobhála atá ann cheana agus as bearta sealadacha, a bhfuil an dá cheann ceadaithe ó thaobh an dlí de ach nach mbaintear dóthain úsáide astu, chun damáiste doleasaithe do thionscal an Aontais a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth, cé nach féidir slándáil eacnamaíoch a bhaint amach san fhadtéarma trí bhearta ginearálta neamhthuilleamaíocha nó cosantacha, go bhfuil géarghá faoi láthair bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun deireadh a chur leis an rabharta díthionsclaithe agus chun earnálacha straitéiseacha san Aontas a chosaint ar iomaíocht éagórach ó allmhairí saora tríú tíortha in earnálacha amhail cruach, ceimiceáin, cógaisíocht, fuinneamh in-athnuaite agus earraí glasa; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a fhorbairt chun earnálacha straitéiseacha an Aontais, arb iad na hearnálacha straitéiseacha is mó atá i mbaol, a chosaint ar ró-acmhainneacht dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mheas gur dúshlán iomaíoch sistéamach é leathnú comhuaineach na hacmhainneachta tionsclaíche ar fud an iliomad earnálacha straitéiseacha ag mórgheilleagair tríú tír áirithe, go háirithe an tSín, nach féidir aghaidh a thabhairt air go leormhaith trí fhreagairtí earnáil ar earnáil; á mheas go n-éilíonn rioscaí sistéamacha den chineál sin freagairtí sistéamacha, lena ndírítear ar na dálaí struchtúracha a ghineann ró-acmhainneacht ar scála seachas a n-iarmhairtí i margaí aonair a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi togra ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2025 le haghaidh rialachán lena dtugtar aghaidh ar na héifeachtaí diúltacha ar mhargadh cruach an Aontais de dheasca na ró‑acmhainneachta domhanda<FOOTNOTE><FIELD> COM(2025)0726.</FIELD></FOOTNOTE> mar aitheantas ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hearnáil cruach Eorpach inmharthana a choinneáil ar bun; á chur i bhfios go láidir go mbeadh caillteanas acmhainneacht táirgeachta cruach na hEorpa ina riosca do-aisiompaithe don tslándáil eacnamaíoch; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil fadhb na ró-acmhainneachta teoranta do chruach agus d’alúmanam ach go ndéanann sí difear freisin do go leor earnálacha eile, amhail ceimiceáin, agus táirgí a dhíorthaítear ó chruach agus d’alúmanam; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil imscrúduithe cosanta trádála rómhall, dian ar acmhainní agus sonrach ó thaobh an táirge de chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an saobhadh ar fud an gheilleagair arb í an ró-acmhainneacht is cúis leis; á chreidiúint gur cheart don Aontas ionstraimí iomchuí a chur ar fáil dó féin chun faireachán a dhéanamh ar ró-acmhainneacht shistéamach ar fud an tslabhra luacha agus chun aghaidh a thabhairt uirthi;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ionstraimí beartais trádála, forfheidhmiú agus díspreagadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéantar díspreagadh agus iomaíochas a lagú i gcás ina bhfuil moill ar ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin, ina bhfuil sí neamhréireach nó ina meastar go bhfuil sí éiginnte; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún cinnteoireacht thráthúil, critéir ghníomhachtúcháin shoiléire agus iarmhairtí intuartha a áirithiú a luaithe a bhunófar go bhfuil rioscaí slándála eacnamaíche nó cleachtais éagóracha ann nó bagairt díobh ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní leormhaithe riaracháin agus teicniúla chun beartas trádála an Aontais a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus chun gné na slándála eacnamaíche a leathnú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh foireann, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha ag a Ard-Stiúrthóireacht um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch chun ionstraimí cosanta trádála a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus chun straitéis slándála eacnamaíche an Aontais a chur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras, sa chomhthéacs geo-eacnamaíoch atá ann faoi láthair, gur cheart borradh a chur faoi chumais slándála eacnamaíche an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb é forfheidhmiú córasach na rialacha trádála atá ann faoi láthair an phríomhfhreagairt agus an fhreagairt chomhréireach atá ag an Aontas ar neamhchomhlíonadh agus go bhfuil sé ina réamhriachtanas d’aon straitéis inchreidte slándála eacnamaíche; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach leor forfheidhmiú na rialacha reatha chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar an bhfadhb; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, dleachtanna frithdhumpála níos airde a thabhairt isteach, cosúil leo siúd a chuireann comhpháirtithe inchomparáide i bhfeidhm, chun sraonadh trádála agus dumpáil ar mhargadh an Aontais a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, costais chomhshaoil, fuinnimh agus saothair a chur san áireamh agus corrlach dumpála onnmhaireoirí tríú tír á ríomh agus imeacht ó riail na ‘dleachta is lú’, rud nach gceanglaítear leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil imeachtaí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais spriocdhírithe go róchúng, go ró-dhian ar acmhainní agus go rómhall chun aghaidh a thabhairt ar scála agus ar chineál struchtúrach na ndúshlán iomaíoch agus na ró-acmhainneachta atá os comhair thionscal an Aontais anois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil cuspóirí athléimneachta an Aontais – lena gcuimsítear an cumas aistrithe éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, cothrom agus daonlathach, chomh maith le sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú – daingnithe go láidir i ndlí príomhúil agus tánaisteach an Aontais; á mheas go soláthraítear leis an gcreat dlíthiúil sin bunús láidir nár baineadh leas as den chuid is mó chun na heisceachtaí ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil a agairt; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos iomláine agus níos córasaí a bhaint as eisceachtaí Airteagal XX i gcás ina ndéantar agóid i gcoinne bhearta an Aontais lena saothraítear na cuspóirí beartais dlisteanacha sin faoi chuimsiú EDT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún athruithe a mholadh ar na huirlisí atá ann cheana chun úsáid níos gníomhaí, níos straitéisí agus níos comhordaithe a lamháil agus uirlisí nua a mholadh i gcás inar sainaithníodh bearna shoiléir agus fhollasach in éifeachtacht ionstraimí an Aontais atá ann cheana; á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht agus tionscnaimh atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo atá ábhartha don tslándáil eacnamaíoch a chuíchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbraitheann inchreidteacht fhreagairt an Aontais ar an gcomhéigean eacnamaíoch, thar aon ní eile, ar a thoilteanas cleachtais chomhéigneacha a shainaithint agus a thréithriú go foirmiúil ar bhonn tráthúil, agus ar an gcaoi sin tús a chur leis an bpróiseas atá mar bhonn le díspreagadh agus le giaráil chaibidlíochta araon; á mheas gurb í an Ionstraim Frith-Chomhéigin an uirlis is iomchuí chun láidreachtaí an Aontais a ghiaráil i ndáil leis sin; á chur i bhfáth gur cheart an ionstraim a spreagadh i bhfianaise comhéigin nó bagairtí comhéigin agus gur cheart féachaint ar na bealaí uile chun stop a chur le géarú, agus frithbhearta á bhforchur mar rogha dheireanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainneacht dhíspreagthach an Aontais a neartú go práinneach; ag tathant ar an gCoimisiún straitéis réamhghníomhach a fhorbairt chun freagairt do bhagairtí atá dírithe ar cheannasacht eacnamaíoch an Aontais, lena n-áirítear a bhonneagar criticiúil foluiteach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do straitéis den sórt sin a bheith in ann gníomhaithe eachtracha a dhíspreagadh go tapa agus go héifeachtach ó ghníomhú de bhun a mbagairtí trí úsáid a bhaint as armlann iomlán bhosca uirlisí frithbheart an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, i gcás nach n-athraíonn forfheidhmiú agus rannpháirtíocht iompraíocht, gur cheart go leanfadh freagairt an Aontais cur chuige géaraithe céimseach, comhréireach agus inchúlaithe, lena bhféadfaí brú a mhéadú ar bhealach rialaithe agus deimhneacht dhlíthiúil agus roghanna inchreidte maidir le díghéarú á gcoinneáil ag an am céanna; ag tathant ar an gCoimisiún freagairt ar bhealach níos cinntithí i ndáil leis sin, agus á mheabhrú go bhféadfadh bearta nach n-athraíonn iompraíocht dhíobhálach agus chomhéigneach an bonn a bhaint d’inchreidteacht agus de ghiaráil bheartas trádála an Aontais, rud a thabhódh costas ard polaitiúil tosaigh le haghaidh idirghabhála ach gan cothrom iomaíochta a athbhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar cur i bhfeidhm ionstraimí forfheidhmithe, cosanta trádála agus frith-chomhéigin a chomhordú laistigh de chreat oibríochtúil comhleanúnach, i gcomhar leis na Ballstáit agus le hoibreoirí eacnamaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, féachaint an bhféadfaí sásra a fhorbairt chun an t-ualach a chomhroinnt ar leibhéal an Aontais chun cabhrú le costais na bhfreagairtí náisiúnta ar chomhéigean eacnamaíoch a dháileadh, lena n-áiritheofar comhtháthú polaitiúil agus athléimneacht eacnamaíoch i bhfianaise teannas trádála atá ag dul in olcas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur neart lárnach de chuid an Aontais í cumhacht chistiúcháin phoiblí na hEorpa; á mheas nár cheart aon airgead poiblí de chuid an Aontais a chaitheamh mura rud é gur léir go neartaíonn sé ceannasacht agus athléimneacht an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an neart sin a ghiaráil agus uirlis fionraíochta cistiúcháin a bhunú chun go bhféadfar srian tapa a chur ar rochtain ar chistiú an Aontais i gcásanna ina ndéanann tríú tíortha bearta a bhaineann an bonn de shlándáil eacnamaíoch an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá rochtain shlán agus gan bhriseadh a áirithiú ar chomhpháirteanna criticiúla, ar amhábhair agus ar theicneolaíochtaí cumasúcháin a úsáidtear i dtáirgeadh a bhaineann leis an gcosaint; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh leochaileachtaí sa slabhra soláthair in earnálacha dé-úsáide difear díreach a dhéanamh d’ullmhacht oibríochtúil agus d’athléimneacht eacnamaíoch an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn na naisc mhéadaitheacha idir nuálaíocht shibhialtach agus feidhmeanna cosanta cur chuige comhchoiteann maidir le scagadh, rialú ar onnmhairiú agus formhaoirseacht infheistíochta in earnálacha dé-úsáide chun aistrithe neamhbheartaithe teicneolaíochtaí íogaire a chosc agus iomaíochas an Aontais á chaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil teorainneacha struchtúracha i gcreat rialaithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide an Aontais, go háirithe a spleáchas ar chórais iltaobhacha mhallghluaiseachta, a chumas teoranta teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ag athrú go tapa a réamh-mheas agus freagairt dóibh, agus a chur chun feidhme ilroinnte ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á mheas gur meascán de bheartais agus de bhearta náisiúnta éagsúla ar leibhéal na mBallstát é an creat rialaithe ar onnmhairiú atá ann faoi láthair, nach bhfuil an éifeachtacht, an chomhsheasmhacht ná an luas is gá aige chun freagairt don chomhthéacs geo-eacnamaíoch atá ann faoi láthair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá leis na beartais náisiúnta rialaithe ar onnmhairiú atá ann cheana a athchóiriú agus dul níos faide ná iad chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá córas comhchuibhithe rialaithe ar onnmhairiú a fhorbairt ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth go neartófaí slándáil eacnamaíoch an Aontais go mór dá ndéanfaí rialuithe ar onnmhairiú a ailíniú le comhpháirtithe idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na nuashonruithe a rinneadh le déanaí ar liosta an Aontais maidir le rialú ar onnmhairiú earraí dé-úsáide i gcomhréir leis an liosta a comhaontaíodh faoi choimirce Chomhshocraíocht Wassenaar, cé gur chros an Rúis an liosta sin; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar Rialachán (AE) 2021/821<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú earraí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun cur ar chumas an Aontais labhairt d’aon ghuth maidir le rialuithe ar onnmhairiú agus rialuithe aonfhoirmeacha a bhunú ar fud an Aontais, agus ailíniú idirnáisiúnta agus deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí á gcoinneáil ag an am céanna; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbunófaí aonad comhdhlúite comhbheartais slándála eacnamaíche laistigh den Choimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála eacnamaíche atá ag teacht chun cinn mar gheall ar sheachaint leanúnach rialuithe ar onnmhairiú agus smachtbhannaí an Aontais ag tríú tíortha; ag tabhairt dá haire gur cheart do phobal faisnéise na mBallstát tacú leis an aonad sin, trí rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis fíor-ama maidir le líonraí seachanta agus cumais chun faisnéis fíor-ama a chomhroinnt leis an tionscal chun teaicticí seachanta atá ag teacht chun cinn a shainaithint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cheart go mbeadh an t-údarás aige rialuithe ar onnmhairiú a fhorfheidhmiú agus go mbeadh acmhainní aige le haghaidh forbairt teicneolaíochta, le haghaidh anailíse agus le haghaidh comhordú idirnáisiúnta, agus go mbeadh an t-údarás aige córais láidre fíorúcháin agus teicneolaíochtaí rianaithe slabhra soláthair a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais comhleanúnachas le cuspóirí slándála eacnamaíche an Aontais a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil impleachtaí méadaitheacha díreacha slándála ag spleáchais straitéiseacha, ag leochaileachtaí sa slabhra soláthair agus ag cleachtais eacnamaíocha chomhéigneacha agus go bhfuil tionchar acu ar acmhainneacht bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí breithnithe slándála eacnamaíche a chomhtháthú go córasach i mbeartais straitéiseacha an Aontais, i bpleanáil cosanta agus i sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna chun ullmhacht agus athléimneacht an Aontais a neartú i dtimpeallacht gheopholaitiúil ina bhfuil an choimhlint ag géarú de réir a chéile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Infheistíocht, sreafaí caipitil agus neamhchosaint straitéiseach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair reachtach leanúnach ar an ngníomh um dhlús a chur leis an tionsclaíocht agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn aige rannchuidiú le cuspóirí slándála eacnamaíche an Aontais; á mheas go bhféadfadh an gníomh rannchuidiú go suntasach le spleáchais straitéiseacha a laghdú agus le hathléimneacht an Aontais i leith suaití seachtracha agus cleachtais chomhéigneacha a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cláir arna gcistiú ag an Aontas in earnálacha atá íogair ó thaobh straitéise de a cheapadh agus a chur chun feidhme ionas go rachaidh siad chun tairbhe go príomha d’infheistíochtaí lena neartaítear acmhainneacht thionsclaíoch, forbairt theicneolaíoch agus cruthú luacha na hEorpa san Aontas; á chur i bhfios go láidir gur cheart rochtain ar chistiú an Aontais sna hearnálacha sin a bheith faoi réir coimircí agus coinníollacha iomchuí chun a áirithiú nach mbeidh rioscaí slándála eacnamaíche ag baint le faighteoirí agus go rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a chistítear go héifeachtach le hathléimneacht fhadtéarmach agus leasanna straitéiseacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá freisin le bearta lena ndreasaítear monaraíocht san Aontas, chun an tAontas a dhéanamh níos fíor-riachtanaí i slabhraí soláthair criticiúla agus i dtachtphointí; á chur in iúl gur geal léi na ceanglais athléimneachta a leagtar amach sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé iad a chomhcheangal le cuótaí ó sholáthróirí iontaofa, agus d’fhonn soláthróirí malartacha atá bunaithe san Aontas a spreagadh agus na spriocanna monaraíochta a leagtar amach sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cinntí soláthair phoiblí in earnálacha straitéiseacha a úsáid mar luamhán chun acmhainneacht thionsclaíoch, slándáil soláthair agus slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú; á chur i bhfios go láidir gur cheart rochtain ar chonarthaí poiblí sna hearnálacha sin agus ar an tacaíocht ghaolmhar ón Aontas a bheith faoi réir coinníollacha incháilitheachta soiléire lena n-áiritheofar nach mbeidh rioscaí slándála eacnamaíche ag baint le heintitis rannpháirteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana cómhalartaí sa soláthar poiblí do phríomhearnálacha; á iarraidh go mbainfí úsáid éifeachtach, maidir le tríú tíortha, as ionstraimí an Aontais chun freagairt do bhearta sriantacha nó idirdhealaitheacha soláthair, ar bhonn phrionsabal na cothroime iomaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil infheistíocht trasteorann agus sreafaí caipitil ina spreagadh tábhachtach don fhás, don nuálaíocht agus don iomaíochas san Aontas; ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn ar ghnólachtaí Eorpacha atá ag méadú agus a mbíonn níos mó ná EUR 1 bhilliún de chistiú de dhíth orthu an tAontas a fhágáil chun caipiteal a dhaingniú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an t-aontas caipitil a thabhairt chun críche go práinneach, agus á iarraidh go líonfadh an Ciste Eorpach um Iomaíochas an bhearna sa chistiú méadúcháin sin; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh infheistíochtaí nochtadh a chruthú i gcás ina dtagann rialú, tionchar, nó rochtain ar shócmhainní íogaire, ar theicneolaíochtaí íogaire nó ar bhonneagar criticiúil íogair chun bheith comhchruinnithe i dtríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Rialachán athbhreithnithe maidir le Scagadh FDI mar chroí-ionstraim slándála eacnamaíche, agus á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtach agus go dian é ar fud na mBallstát uile, lena n-áirítear trí shásraí cuimsitheacha náisiúnta um scagadh, amlínte soiléire, agus comhar agus comhroinnt faisnéise neartaithe idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún, agus go ndéanfaí obair leantach éifeachtach i gcás ina sainaithnítear rioscaí; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid iomlán agus réamhghníomhach a bhaint as forálacha an rialacháin athbhreithnithe chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar liosta na dteicneolaíochtaí criticiúla agus go dtabharfar cothrom le dáta go rialta é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige Eorpach níos comhleanúnaí agus níos comhordaithe ann maidir le scagadh infheistíochta, le tacaíocht ó fhorfheidhmiú níos láidre ar leibhéal an Aontais agus ó choinníollacha rochtana ar an margadh atá níos láidre agus sainithe go soiléir; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh sásraí láidre breise ann chun scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche le táscairí slándála eacnamaíche amhail comhfhiontair, aistriú teicneolaíochtaí chuig eintitis Eorpacha, comhaontuithe ceannaithe táirgí trína ngeallann comhpháirtithe infheistíochta coigríche sciar sonrach den táirgeadh a cheannach, fostaíocht oibrithe de chuid an Aontais agus comhtháthú le slabhraí luacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an luas géaraithe a bhfuil mórchuideachtaí teicneolaíochta nach de chuid an Aontais iad ag comhdhlúthú cumhacht mhargaidh in IS agus i dteicneolaíochtaí candamacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil sásraí an Aontais atá ann cheana feistithe go leormhaith chun idirbhearta neamhthraidisiúnta a bhrath, a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a stopadh, amhail socruithe fruilithe agus ceadúnaithe amach (HALO), a bhaineann an bonn de shlándáil eacnamaíoch an Aontais in earnálacha atá íogair ó thaobh straitéise de trí dhul timpeall ar thairseacha maidir le fógra cumaisc agus ar ghrinnscrúdú ar scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag cur sonrú i dtaithí na Seapáine maidir lena creat slándála eacnamaíche a neartú tar éis an chur isteach a tharla in 2010 ar sholáthairtí tearc-chré, lenar nochtadh na rioscaí straitéiseacha a bhaineann le spleáchas iomarcach ar sholáthróir aonair; ag cur sonrú, mar shamhail, sa ról atá ag Aireacht Geilleagair, Trádála agus Tionscail na tíre maidir le scagadh infheistíochta, rialuithe ar onnmhairiú agus bearta athléimneachta tionsclaíche a chomhordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas foghlaim ón ról atá ag an gCoiste um Infheistíocht Choigríche sna Stáit Aontaithe maidir le cur chuige comhleanúnach agus comhordaithe a áirithiú i leith scagadh infheistíochta agus cosaint teicneolaíochtaí criticiúla ar fud gníomhaireachtaí agus institiúidí éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le faireachas méadaithe ar infheistíochtaí a dhéanann difear do bhonneagar criticiúil, ós rud é gur féidir le hathruithe ar úinéireacht, rialachas nó rialú oibríochtúil difear díreach a dhéanamh do shlándáil agus leanúnachas an tsoláthair, lena n-áirítear, go háirithe, moil mhóra iompair agus lóistíochta atá ríthábhachtach don trádáil sheachtrach agus don tsoghluaisteacht mhíleata, chomh maith le bonneagar giniúna, tarchurtha, dáilte agus stórála fuinnimh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an spleáchas méadaitheach ar dhíoltóirí ardriosca i mbonneagar criticiúil an Aontais; á mheas go bhfuil macasamhlú déanta ag an Aontas ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus teicneolaíochtaí glana á n-allmhairiú aige ó thríú tíortha ardriosca, go háirithe maidir le fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh agus ceallraí, agus ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn cumais chianfhaireacháin agus chian-nuashonraithe acu, rud a chruthaíonn rioscaí i bhfad níos mó maidir le gadaíocht sonraí, cur isteach ar an gcóras nó cur isteach cianda ar eangacha fuinnimh, ar chórais iompair agus ar bhonneagar criticiúil eile; á mheas go bhfágann spleáchais struchtúracha den sórt sin an tAontas neamhchosanta ar chomhéigean eacnamaíoch agus ar leochaileachtaí slándála tráth a bhfuil iomaíocht gheopholaitiúil mhéadaithe ann agus ag tathant ar an Aontas a bheith níos uathrialaithí sna hearnálacha sin; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj).</FIELD></FOOTNOTE> mar dheis chun a áirithiú go gcuirfear srian ar gach oibreoir bonneagair chriticiúil córais a úsáid a bhfuil cumais chianfhaireacháin acu arna monarú ag teicneolaíocht atá ceadúnaithe ó dhíoltóirí ardriosca nó arna ndéanamh le teicneolaíocht atá ceadúnaithe ó dhíoltóirí ardriosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh ról níos láidre ag an gCoimisiún maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hinniúlacht eisiach an Aontais don chomhbheartas tráchtála faoi Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios, ina leith sin, gur ionstraim chumhachtach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais é an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2560/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun an margadh inmheánach a chosaint ar shaobhadh agus á chur i bhfios go láidir a luach suntasach díspreagthach; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach gurb é an Coimisiún a bheidh freagrach ar deireadh as infheistíochtaí díreacha coigríche san Aontas a údarú nó a bhlocáil i gcás ina n-eascraíonn rioscaí slándála eacnamaíche ar fud an Aontais astu; ag tabhairt rabhaidh, trí chinntí den sórt sin a fhágáil faoi na Ballstáit, go gcruthaítear an baol go dtitfeadh cúrsaí ar gcúl trí Bhallstáit aonair ag formheas idirbhearta atá díobhálach do leasanna comhchoiteanna an Aontais mar thoradh ar iomaíocht le haghaidh infheistíocht isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid iomlán agus dhiongbháilte a bhaint as a chumhachtaí faoin Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha, lena n-áirítear trí imscrúduithe <STRING ITALIC="on">ex officio</STRING>, chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais imchéimnithe atá ag teacht chun cinn amhail seachfhoinsiú dualgais thar lear, trína bhfaigheann nó trína mbunaíonn onnmhaireoirí saoráidí táirgthe i dtríú tíortha nó laistigh den Aontas, chun tionscnamh nua a fháil le haghaidh earraí, agus ar an gcaoi sin dleachtanna frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais an Aontais atá ann cheana a sheachaint, nó staid mhonaplachta a fháil i margadh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfáth go dtagann rioscaí slándála eacnamaíche chun cinn freisin i gcás ina gcumasaíonn infheistíocht amach, comhpháirtíochtaí straitéiseacha nó athstruchtúrú corparáideach aistriú, forbairt nó uas-scálú teicneolaíochtaí íogaire, cumais táirgthe nó fios gnó teicniúil lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i laithreán úrnua, comhfhiontair, socruithe ceadúnúcháin, monaraíocht conarthaí, nó príomhghníomhaíochtaí taighde agus forbartha agus monaraíochta a athlonnú; á chur i bhfáth go bhféadfadh aistrithe den sórt sin bonn tionsclaíoch fadtéarmach nó ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais a lagú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag cur sonrú sna moltaí ón gCoimisiún maidir le hinfheistíocht amach agus á chur i bhfáth gur gá comhthuiscint a fhorbairt ar leibhéal an Aontais maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as infheistíochtaí, comhpháirtíochtaí nó athstruchtúrú corparáideach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige spriocdhírithe, rioscabhunaithe, fianaisebhunaithe agus comhréireach, atá teoranta do rioscaí atá sainaitheanta go soiléir agus dea-shainithe, chun éifeachtaí iarmharta neamhbheartaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dlisteanacha a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbainfear an bonn d’iomaíochas, d’acmhainneacht nuálaíochta agus de rannpháirtíocht eacnamaíoch dhomhanda dhlisteanach an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún creat scagtha infheistíochta amach a mholadh a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le sceitheadh teicneolaíochtaí criticiúla a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, chun a shlándáil eacnamaíoch a choimirciú, nach mór don Aontas a rialú éifeachtach, a acmhainneacht chinnteoireachta agus a uathriail oibríochtúil nó a fhíor-riachtanas straitéiseach a choinneáil maidir le teicneolaíochtaí criticiúla, lena n-áirítear, go háirithe, ard-leathsheoltóirí agus micrileictreonaic, bonneagar néalríomhaireachta agus sonraí, IS agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta, teicneolaíochtaí candamacha, róbataic ardfhorbartha, córais spásbhunaithe agus satailíte, teicneolaíochtaí cibearshlándála agus criptiúcháin, agus príomhtheicneolaíochtaí a bhaineann le fuinneamh, ós rud é gur colúin bhunriachtanacha iad sin de cheannasacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar measúnú ar rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht sna réimsí sin agus go dtabharfar aghaidh orthu ar bhealach spriocdhírithe agus rúnda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart don Aontas páirt iomlán a ghlacadh i gcreataí comhordaithe leathsheoltóirí atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas faoi ghannionadaíocht faoi láthair sna socruithe sin, in ainneoin an róil straitéisigh atá ag roinnt cuideachtaí de chuid an Aontais sna slabhraí soláthair domhanda leathsheoltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfáth, in earnálacha atá íogair ó thaobh straitéise de, gur príomhshócmhainní straitéiseacha iad maoin intleachtúil agus fios gnó tionsclaíoch, a bhfuil a rialú agus a suíomh bunriachtanach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur cheart coimircí a áireamh i dtacaíocht phoiblí, i gcinntí soláthair agus in údaruithe infheistíochta coigríche lena n-áiritheofar go mbeidh maoin intleachtúil chriticiúil a ghintear nó a fhorbraítear laistigh den Aontas fós fréamhaithe go héifeachtach san Aontas agus nach n-aistreofar lasmuigh den Aontas í ar bhealaí a bhaineann an bonn de cheannaireacht theicneolaíoch agus d’acmhainneacht thionsclaíoch an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh rioscaí slándála eacnamaíche teacht chun cinn freisin tar éis infheistíocht a bheith déanta agus á chur i bhfios go láidir gur gá faireachán agus measúnú riosca éifeachtach a dhéanamh ar fhorbairtí iar-infheistíochta, lena n-áirítear rialachas, cinnteoireacht straitéiseach agus aistriú féideartha teicneolaíochtaí criticiúla nó feasa gnó chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí chreat scagtha infheistíochta an Aontais ina n-iomláine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tslándáil eacnamaíoch ar fud na mbeartas earnála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á mheas gur sócmhainní ríthábhachtacha slándála eacnamaíche iad bealaí muiriompair, calafoirt agus seirbhísí lóistíochta agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh coimirciú na saoirse loingseoireachta ina phríomhchuspóir taidhleoireachta agus míleata don Aontas; á iarraidh go ndéanfaí pleanáil theagmhasach níos láidre ar leibhéal an Aontais agus go mbeadh sásraí ullmhachta comhordaithe ann chun aghaidh a thabhairt ar shuaití fada a dhéanann difear do thachtphointí muirí, amhail Caolas Hormuz;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh go mbeadh sásra athléimneachta aerlasta de chuid an Aontais ann le haghaidh earraí bunriachtanacha (amhail soláthairtí leighis agus comhpháirteanna criticiúla), lena n-áirítear slógadh mear acmhainneachta agus nósanna imeachta údarúcháin simplithe le linn tréimhsí géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige straitéiseach ann i leith conairí lasta iarnróid, agus tús áite á thabhairt do neartú agus comhtháthú ghréasán inmheánach lasta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí agus scrogaill atá ann cheana, agus ag an am céanna tacú le naisc éagsúlaithe agus athléimneacha le tríú tíortha, lena n-áirítear feadh bealaí idir an Eoraip agus an Áise; ag cur béim ar an ngá atá le measúnú riosca a dhéanamh ar bhonneagar conairí, ar oibreoirí agus ar chórais dhigiteacha a thacaíonn le lasta iarnróid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le préimheanna árachais mhuirí agus aicmithe riosca a bheith ina mbacainní trádála <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> le linn géarchéime; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht ann ar leibhéal an Aontais le hárachóirí, le gníomhaithe aicmiúcháin agus le cuideachtaí loingseoireachta chun leanúnachas lastas criticiúil a áirithiú agus chun cúbláil trí chomhéigean a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á iarraidh go mbainfí úsáid fheabhsaithe as sonraí loingseoireachta agus coimeádán chun comhéigean, imchéimniú agus atreorú aindleathach a bhrath, lena n-áirítear feabhas a chur ar chumas an Aontais úsáid patrún ródúcháin aimhrialta agus mol trasloingsithe a shainaithint chun smachtbhannaí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach ‘lána tapa’ custaim agus teorann mhodh géarchéime an Aontais le haghaidh ionchuir chriticiúla agus earraí bunriachtanacha mar chuid d’athdhearadh chód custaim an Aontais, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil sé le gníomhachtú le linn mórtheagmhais suaite, le critéir chomhchuibhithe chun ilroinnt ar fud na mBallstát a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh go neartófaí athléimneacht an Aontais i gcoinne cur isteach mórscála ar chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS), lena n-áirítear trasnaíocht agus spúfáil a dhéanann difear don eitlíocht, trí phrótacail loingseoireachta chúltaca agus roghanna malartacha suite slána a chur in úsáid agus trí chórais láidre braite agus maolaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cumais a fhaigheann tacaíocht ó IS le haghaidh oibríochtaí criticiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh gur nocht ionraí drón a rinneadh arís agus arís eile thar aerfoirt mhóra Eorpacha leochaileachtaí tromchúiseacha in aerspás na hEorpa agus gur chuir siad isteach go mór ar bhealaí aerthráchta agus lastais; á chur i bhfáth nach mór déileáil le cosaint bonneagair chriticiúil, amhail moil eitlíochta, mar thosaíocht slándála eacnamaíche, lena n-éilítear bearta comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun cur isteach oibríochtúil ar bhonneagar criticiúil iompair a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór caitheamh le bonneagar criticiúil fuinnimh, amhail críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), idirnascairí, saoráidí stórála nó eangacha leictreachais, mar shócmhainní slándála eacnamaíche, agus grinnscrúdú méadaithe á dhéanamh ar úinéireacht, ar rialú agus ar phríomhsholáthraithe seirbhíse, dá bhforáiltear sa Rialachán athbhreithnithe maidir le Scagadh FDI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh go mbeadh plean spriocdhírithe de chuid an Aontais ann chun spleáchais ardriosca i dtimthriall an bhreosla núicléach a laghdú, lena n-áirítear prótacail chomhordaithe maidir le héagsúlú agus soláthar éigeandála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur nocht an lándorchú mórscála a tharla le déanaí san Aontas leochaileachtaí i gcobhsaíocht eangaí agus sna córais rialaithe dhigitigh araon atá mar bhonn taca faoi bhonneagar criticiúil fuinnimh agus gur ghin sé éifeachtaí eacnamaíocha cascáideacha láithreacha, agus go raibh rioscaí ann go mbeadh spleáchas méadaithe ar thríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach leor fós acmhainneacht lárionad sonraí an Aontais chun freastal ar an éileamh ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus ardfhorbartha atá ag fás go tapa, agus nach bhfuil san Eoraip ach thart ar 15 % d’acmhainneacht dhomhanda lárionad sonraí ar scála ollmhór, agus go bhfuil an t-éileamh Eorpach ag méadú ag rátaí bliantúla dédhigiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé scagadh feabhsaithe a dhéanamh ar úinéireacht, ar oibríochtaí agus ar chonarthaí cothabhála maidir le cáblaí faoin bhfarraige, stáisiúin tuirlingthe agus príomh-mhoil idirlín, ar sócmhainní straitéiseacha iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí cosaint spriocdhírithe ar éadáil naimhdeach gnólachtaí nuathionscanta digiteacha straitéiseacha, lena n-áirítear bunanna mionlaigh, ionstraimí in-chomhshóite agus socruithe aistrithe maoine intleachtúla a scagadh, agus bealaí leormhaithe ardleibhéil le haghaidh infheistíocht an Aontais á n-áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir an dara tuarascáil ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaobh bosca uirlisí de chuid an Aontais maidir le cibearshlándáil 5G a chur chun feidhme, go bhfuil 14 Bhallstát ann nach bhfuil srianta ar sholáthróirí ardriosca curtha chun feidhme acu go fóill, rud a chruthaíonn leochaileachtaí suntasacha slándála; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige rioscabhunaithe agus an forfheidhmiú níos déine a leagtar amach sa togra le haghaidh athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil le haghaidh cásanna ardriosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éilítear le neartú shlándáil eacnamaíoch an Aontais go ndéanfar cuideachtaí an Aontais i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha a chosaint ar chomhéigean agus go dtacófar leo trí chothrom iomaíochta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur colún bunúsach dá cheannasacht é creat rialála digiteach an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór nach ndéanfaidh brú seachtrach nó bagairtí go ndéanfaí frithbhearta, a eascraíonn as díospóidí trádála, difear d’fhorfheidhmiú an chreata sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tograí atá ar na bacáin le haghaidh gníomh de chuid an Aontais maidir le teiceneolaíochtaí candamacha, gníomh maidir le forbairt néalríomhaireachta agus IS agus athbhreithniú ar an nGníomh um Shliseanna; á chur i bhfios go láidir go mbeidh éifeachtacht na mbeart sin ag brath ar ghné láidir trádála agus infheistíochta, lena n-áirítear bearta chun tacú le méadú agus cur in úsáid ar an margadh agus chun rochtain ar shlabhraí luacha domhanda, chomh maith le comhpháirtíochtaí le tíortha atá ar aon intinn, a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag aithint go bhfuil ganntanais cógas leighis criticiúil ina leochaileacht slándála eacnamaíche; á iarraidh go mbeadh uirlisí spriocdhírithe trádála agus soláthair ann chun leanúnachas soláthair cógas leighis riachtanach, a substaintí gníomhacha agus príomh-ionchuir a áirithiú le linn éigeandálaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht do mhaolú ar spleáchais i gcomhábhair ghníomhacha chógaisíochta, in ábhair thosaigh agus i bpríomh-réamhtheachtaithe ina bhfuil an táirgeadh comhchruinnithe agus ina bhfuil srianta ar onnmhairiú sochreidte, lena n-áirítear slabhraí soláthair éagsúlaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas spleáchais aonfhoinse i monarú feistí leighis, feistí leighis <STRING ITALIC="on">in vitro</STRING> agus a bpríomh-chomhpháirteanna a mhapáil agus a mhaolú, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le héagsúlú spriocdhírithe ar mhonarú agus le uas-scálú ar tháirgeadh inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bonneagar sonraí sláinte agus néalseirbhísí a thacaíonn le córais cúraim sláinte a chosaint ar bhonn riosca, lena n-áirítear ceanglais leanúnachais agus coimircí i gcoinne rochtain naimhdeach nó cur isteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur i bhfáth go mbaineann sreabhadh na dtáirgí leighis góchumtha ó thríú tíortha an bonn den tslándáil agus de mhuinín an phobail; á iarraidh go mbeadh comhar níos láidre ann maidir le forfheidhmiú custaim chun na ceanglais inrianaitheachta a leagtar síos sa Treoir maidir le Cógais Leighis Fhalsaithe a threisiú<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine le húsáid ag an duine, maidir le cosc a chur ar theacht isteach táirgí míochaine falsaithe sa slabhra soláthair dlíthiúil (IO L 174, 1.7.2011, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/62/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfaí spleáchas ar mhaoiniú seachtrach a laghdú agus caillteanas rialaithe ar shócmhainní agus teicneolaíochtaí criticiúla a chosc trí aontas an mhargaidh caipitil a neartú agus a thabhairt chun críche agus trí choigilteas príobháideach Eorpach a shlógadh i dtreo tionscail straitéiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur bonneagar criticiúil iad córais teachtaireachtaí airgeadais, lena n-áirítear SWIFT, d’fheidhmiú an chórais airgeadais dhomhanda agus do thrádáil sheachtrach an Aontais; ag tabhairt dá haire gur léirigh cásanna de theannas geopholaitiúil agus de chórais smachtbhannaí roimhe seo na himpleachtaí a bhaineann le rochtain ar na córais sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé athléimneacht, uathriail agus deimhneacht dhlíthiúil bhonneagar airgeadais an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear trí choimircí i gcoinne cur isteach seachtrach míchuí nó suaití seachtracha míchuí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leanúnachas na gníomhaíochta eacnamaíche;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht iltaobhach agus comhpháirtíochtaí iltaobhacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag athdhearbhú thiomantas an Aontais do chóras iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha, agus an EDT mar an creat is forbartha chun idirspleáchas eacnamaíoch domhanda a bhainistiú agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála eacnamaíche ar bhealach intuartha agus neamh-idirdhealaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach dtugann EDT, san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, aghaidh ar neamhshiméadrachtaí i measc a chomhaltaí maidir le hoscailteacht an mhargaidh agus tiomantas d’iomaíocht chóir, agus go bhfuil córas mífheidhmiúil um réiteach díospóidí aige; á chur i bhfáth go bhfuil athchóiriú fóinteach EDT, lena n-áirítear córas lánfheidhmiúil um réiteach díospóidí a athbhunú, bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha, chun srian a chur le cleachtais éagóracha agus chun géarú díospóidí trádála a chosc; á aithint, go dtí go ndéanfar an t-athchóiriú sin, nach mór don Aontas a chumas féin a neartú chun gníomhú go neamhspleách agus chun freagairt go héifeachtach do rioscaí slándála eacnamaíche, do tharaifí atá ag dul i méid agus d’easpa cómhalartachta in oscailteacht an mhargaidh; á chreidiúint gur cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le comhghuaillíocht de mheánchumhachtaí atá ar aon intinn leis a bhunú, le creat soiléir le haghaidh freagairt chomhchoiteann agus cúnamh frithpháirteach i gcásanna comhéigin eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, an seasamh atá leagtha amach ag an gCoimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, Maroš Šefčovič, maidir leis an ngá atá le hathmheasúnú a dhéanamh ar phrionsabal an ‘náisiúin barrfhabhair’ i bhfianaise go bhfuil comhaltaí áirithe EDT tar éis a sciar den trádáil dhomhanda a leathnú go mór agus a margaí féin á gcoinneáil réasúnta dúnta ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar an gcaoi a bhféadfadh prionsabal na ‘náisiún barrfhabhair’ réaltachtaí na timpeallachta trádála atá ann faoi láthair a léiriú ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>ag spreagadh comhar níos dlúithe agus níos struchtúrtha le comhpháirtithe iontaofa agus le geilleagair atá ar aon intinn chun athléimneacht líonraithe a fhorbairt i gcoinne suaití ar thrádáil agus ar sholáthar, lena n-áirítear trí líonraí soláthróirí iontaofa le haghaidh teicneolaíochtaí criticiúla agus bonneagar criticiúil, ar cheart dóibh dul níos faide ná comhlíonadh teicniúil trí chritéir neamhtheicniúla atá bunaithe ar rialachas a ionchorprú lena dtugtar aghaidh ar rioscaí sistéamacha a bhaineann le soláthróirí atá faoi thionchar stáit eachtraigh, agus trí ullmhacht chomhordaithe, socruithe tacaíochta frithpháirtí, agus cineálacha cur chuige comhlántacha maidir le stoc-charnadh, freagairt ar ghéarchéimeanna agus cosaint slabhraí soláthair criticiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar taithí na gcomhpháirtithe a bhí faoi réir rioscaí slándála eacnamaíche a léiriú go córasach i measúnuithe slándála eacnamaíche, i bpleanáil ullmhachta agus i gcomhordú seachtrach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh slándála eacnamaíche a forbraíodh faoi chuimsiú G7; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ról réamhghníomhach agus infheicthe ag an Aontas maidir leis na tionscnaimh sin a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu, agus comhleanúnachas á áirithiú ag an am céanna idir gealltanais G7 agus bosca uirlisí slándála eacnamaíche an Aontais féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á áitiú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an bParlaimint, agus go háirithe ag a Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, maidir le grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar bhearta a bhaineann le slándáil eacnamaíoch a bhfuil impleachtaí trádála agus infheistíochta acu, lena n-áirítear ag gach céim dá ndearadh, dá gcur chun feidhme agus dá n-athbhreithniú chun trédhearcacht, cuntasacht agus formhaoirseacht pharlaiminteach fheasach a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain a thabhairt don Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar na doiciméid ábhartha uile a bhaineann le cur chun feidhme na Straitéise Slándála Eacnamaíche, i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirinstitiúideach maidir le rochtain ar dhoiciméid; á iarraidh go n-áireofaí an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta sa líonra slándála eacnamaíche a mholtar i dteachtaireacht chomhpháirteach an 3 Nollaig 2025; á thabhairt chun suntais gur gá idirphlé struchtúrtha rialta a choinneáil ar bun leis an bParlaimint maidir le tosaíochtaí, rioscaí agus straitéisí maolaithe maidir leis an tslándáil eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún creat institiúideach agus rialachais a mholadh lena bhféadfar straitéis chuimsitheach slándála eacnamaíche a fhorbairt agus a chur chun feidhme leis an bParlaimint agus leis an gComhairle agus leis na geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ábhartha eile go léir;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>