<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0205</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Comhar um fhorbairt a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhrialta daonra agus ar na bunchúiseanna atá leo i dtíortha comhpháirtíochta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0147/2026 -  Rapóirtéir: Lukas Mandl)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 maidir leis an gcomhar um fhorbairt a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhrialta daonra agus ar na bunchúiseanna atá leo i dtíortha comhpháirtíochta (2025/2111(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 79 agus 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 3(5) agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Applying the Human Rights Based Approach to international partnerships — An updated Toolbox for placing rightsholders at the centre of EU’s Neighbourhood, Development and International Cooperation’</STRING> [Cur Chuige Bunaithe ar Chearta an Duine a Chur i bhFeidhm maidir le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta — Bosca Uirlisí nuashonraithe chun sealbhóirí ceart a chur i gcroílár Chomharsanacht, Fhorbairt agus Chomhar Idirnáisiúnta AE] (SWD(2021)0179),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Eoraip Dhomhanda (COM(2025)0551),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 11 Márta 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas comhchoiteann i ndáil le náisiúnaigh tríú tír arna fanacht go neamhdhleathach san Aontas a chur ar ais, agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/40/EC ó gComhairle agus Cinneadh 2004/191/EC ón gComhairle, (COM(2025)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (Comhaontú Shamó)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 2023/2862, 28.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2862/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach (COM(2022)0657).
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Comhshocrú don Mheánmhuir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 07 Meitheamh 2017 maidir leis an gComhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic (CIAE) agus do thuarascáil speisialta 17/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU trust fund for Africa – Despite new approaches, support remained unfocused’</STRING> [Ciste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic — D’ainneoin cineálacha nua cur chuige, níl an tacaíocht fócasaithe go fóill],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2025 dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce’ (COM(2025)0280),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 ar an Straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/576, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/576/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Global Gateway’</STRING> [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 2 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Building sustainable international partnerships as a Team Europe’</STRING> [Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta inbhuanaithe a chothú mar Fhoireann na hEorpa](JOIN(2024)0025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an imirce,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún 73/195 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Nollaig 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Global Compact for Safe, Orderly and Regular Migration’</STRING> [An Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún 71/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">New York Declaration for Refugees and Migrants’</STRING> [Dearbhú Nua-Eabhrac maidir le Dídeanaithe agus Imircigh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development’</STRING> [Ár ndomhan a chlaochlú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe], a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac agus lena mbunaítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Stádas Dídeanaithe 1951 agus do na Prótacail a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce sa chúnamh oifigiúil um fhorbairt (COF) agus don tsraith straitéisí a bhaineann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Eorpacha um Chearta an Duine, 1950,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Fhorbairt maidir le ról chomhar um fhorbairt AE chun aghaidh a thabhairt ar imirce neamhrialta san Afraic<FOOTNOTE><FIELD> Talleraas, C., <STRING ITALIC="on">The role of EU development cooperation in addressing irregular migration in Africa</STRING> [Ról chomhar um fhorbairt an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta san Afraic], An tAonad Anailíse agus Tacaíochta um Beartais Sheachtracha, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, Deireadh Fómhair 2025.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le Straitéis nua idir an tAontas agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 80.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A10-0147/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an imirce agus an tsoghluaisteacht, an tsíocháin, an dea-rialachas, an chobhsaíocht, an fás cuimsitheach agus an fhorbairt inbhuanaithe idirnasctha go láidir; de bhrí gurb iad tosca macraileibhéil agus micrealeibhéil araon is cúis leis an imirce amhail coinbhleacht armtha, éagobhsaíocht pholaitiúil, cruatan eacnamaíoch, easpa deiseanna agus bochtaineachta, rochtain theoranta ar shásraí cosanta sóisialta, soláthar seirbhísí neamhleor, imeallú, idirdhealú i gcoinne daoine leochaileacha nó géarleanúint orthu, lena n-áirítear maidir lena saoirse reiligiúin nó creidimh, neamhdheimhneacht an tsoláthair bia agus rochtain ghann ar uisce glan, agus díghrádú comhshaoil agus an t-athrú aeráide<FOOTNOTE><FIELD> Príomhghnéithe an Bhainistithe Imirce, <STRING ITALIC="on">Drivers of international migration</STRING> [Tiomántóirí imirce idirnáisiúnta], https://emm.iom.int/handbooks/global-context-international-migration/drivers-international-migration.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go n-áirítear ar ghluaiseachtaí neamhrialta daonra catagóirí éagsúla imirceach, amhail dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu; de bhrí gur féidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht sna Ballstáit atá freagrach, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir lena n-iarratas;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag an gcomhar um fhorbairt maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú, aghaidh a thabhairt ar chomhthéacsanna leochaileacha, forbairt dhaonna agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn ina gnéithe uile, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a sheasann le luachanna agus leasanna Eorpacha agus a chuireann chun cinn iad, agus rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an rathúnas ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcothaítear le beartas forbartha AE forbairt agus cobhsaíocht inbhuanaithe i dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar sprioc dheiridh aige deireadh a chur leis an bhfíorbhochtaineacht i gcomhréir le Clár Oibre 2030 agus leis na SFInna, de réir Airteagal 208 CFAE, agus prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt á chaomhnú ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach mór an comhar um fhorbairt a bheith bunaithe ar thorthaí infhíoraithe agus ar thiomantas nithiúil comhroinnte don fhorbairt inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>Bunaíodh CIAE don Afraic chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na héagobhsaíochta, an easáitithe éigeantaigh agus na himirce neamhrialta agus chun cur le bainistiú níos fearr an imirce. de bhrí gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina hathbhreithniú nár éirigh le CIAE go leor dá chuspóirí a bhaint amach toisc nár sainaithníodh straitéisí éifeachtacha go soiléir i gcónaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, ó 2015 i leith, go bhfuil aghaidh á tabhairt ag AE ar shreafaí imirce nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, a raibh iarracht leanúnach ó na Ballstáit ag teastáil chun iad a bhainistiú, agus de bhrí gur gá, dá bhrí sin, beartais forbartha na hEorpa a neartú chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh, ós rud é gur tíolacadh os cionn 8,5 milliún iarraidh ar thearmann i mBallstáit AE idir 2015 agus 2024<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ‘3.4. <STRING ITALIC="on">Data on applications for international protection'</STRING>, [3.4 Sonraí maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta] https://euaa.europa.eu/asylum-report-2025/34-data-applications-international-protection?utm.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur tháinig laghdú os cionn aon cheathrú (26 %) ar na trasnuithe teorann neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais in 2025 go beagnach 178 000<FOOTNOTE><FIELD> https://www.frontex.europa.eu/media-centre/news/news-release/frontex-irregular-border-crossings-down-26-in-2025-europe-must-stay-prepared-lyKpVb.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur trí bhealaí dlíthiúla a thagann formhór na n-imirceach a thagann chun na hEorpa; de bhrí go n-iarrtar, le SFI 10 sprioc 7, ar thíortha imirce agus soghluaisteacht daoine atá ordúil, sábháilte, rialta agus freagrach a éascú trí bheartais imirce phleanáilte agus dhea-bhainistithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur aistrigh 4,2 milliún duine chuig an Aontas ó thíortha nach bhfuil san Aontas in 2024<FOOTNOTE><FIELD> Gan iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ón Úcráin a áireamh faoi chosaint shealadach i gcás roinnt Ballstát. Eurostat, <STRING ITALIC="on">Migration to and from the EU</STRING> [An imirce chuig agus ón Aontas Eorpach], https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Migration_to_and_from_the_EU.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur tíortha ísealioncaim agus meánioncaim iad go leor tíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí ar thearmann; de bhrí go bhfuil difríochtaí móra idir rátaí glactha d’iarrthóirí tearmainn ó na tíortha sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur dheonaigh tíortha an Aontais stádas cosanta do 437 900 iarrthóir tearmainn in 2024, ar méadú 6,9 % é i gcomparáid le 2023 (409 530); de bhrí gurbh é sin an líon ab airde ó na buaicphointí a taifeadadh tar éis ghéarchéim na ndídeanaithe a bhain leis an gcogadh sa tSiria in 2016 agus 2017; de bhrí, i gcás cinntí céadchéime in 2024, gurbh é 51,4 % an ráta aitheantais ar leibhéal an Aontais, is é sin le rá sciar na gcinntí dearfacha i measc líon iomlán na gcinntí tearmainn;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, in 2024, gur diúltaíodh cead isteach san Aontas do 124 000 saoránach nach saoránaigh den Aontas iad, gur aimsíodh 919 000 duine gan stádas, gur eisíodh 453 000 cinneadh um fhilleadh dóibh agus gur cuireadh thart ar 110 000 duine ar ais go héifeachtach chuig tír lasmuigh den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, Imirce agus tearmann san Eoraip — eagrán 2025, <STRING ITALIC="on">Irregular migration and return</STRING> [imirce neamhrialta agus filleadh], https://ec.europa.eu/eurostat/web/interactive-publications/migration-2025#irregular-migration-and-return.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí níor filleadh i ndáiríre ach thart ar 20 % díobh siúd ar eisíodh cinntí um fhilleadh ina leith<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, Imirce agus tearmann san Eoraip — eagrán 2025, <STRING ITALIC="on">Orders to leave and returns</STRING> [Orduithe le himeacht agus filleadh], https://ec.europa.eu/eurostat/web/interactive-publications/migration-2025#orders-to-leave-and-returns-of-non-eu-citizens.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur idir tíortha comharsanachta atá na turais imirce idirnáisiúnta is minice; de bhrí go bhfuil formhór mór na ndídeanaithe, na ndaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus na ndaoine easáitithe ina dtír féin á n-óstáil i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; de bhrí go bhfuil an t-ualach eacnamaíoch ar na tíortha sin trom agus go ndéanann sé difear dá gcomhtháthú agus dá bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch féin; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gcomhar um fhorbairt maidir le tacú le pobail easáitithe agus le pobail óstacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Afraic ag tabhairt aghaidh ar imirce inmheánach, agus go bhfuil thart ar 80 % d’imirce uile na hAfraice ag tarlú laistigh den mhór-roinn; de bhrí, in 2024, gur thaifead an Afraic fho-Shahárach 19,3 milliún easáitiú inmheánach nua, arbh í coinbhleacht ba chúis le 11,5 milliún díobh agus arbh iad tubaistí ba chúis le 7,8 milliún díobh; de bhrí gurbh ionann líon iomlán na ndaoine easáitithe ina dtír féin san Afraic agus 38,8 milliún idir 2015 agus 2024, arb ionann é agus 46 % den iomlán domhanda, agus gur tháinig 68 % díobh ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, ón Aetóip, ón Nigéir, ón tSomáil agus ón tSúdáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, amhail ó mhí an Mheithimh 2025, go raibh ar 117,3 milliún duine teitheadh óna dtithe ar fud an domhain mar gheall ar ghéarleanúint, coinbhleacht, foréigean, sáruithe ar chearta an duine nó teagmhais a chuir isteach go mór ar an ord poiblí; de bhrí gur dhídeanaithe iad 42,5 milliún díobh sin, gur dhaoine easáitithe ina dtír féin iad 67,8 milliún díobh, agus gurbh iarrthóirí tearmainn iad 8,42 milliún díobh<FOOTNOTE><FIELD> https://www.unhcr.org/about-unhcr/overview/figures-glance.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go léirítear sa Tuarascáil maidir le Treochtaí Domhanda agus i suirbhéanna ó Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) nach mian le formhór na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe a dtíortha a fhágáil ach go gcuirtear iallach orthu mar gheall ar bhagairtí amhail coinbhleacht, géarleanúint, foréigean nó dianchruatan; de bhrí go bhfuarthas amach i suirbhé ó UNHCR in 2023 gurbh fhearr le formhór mór na ndídeanaithe fanacht ina bpobail dá ráthófaí a slándáil agus a slite beatha;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag an gcomhar um fhorbairt maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar staideanna leochaileachta trí thacú le forbairt an duine, trí phrionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an chomhionannais inscne, chearta an duine agus na gceart bunúsach a chur chun cinn agus trí thacú leo, agus trí fhorfheidhmiú an dlí a neartú chomh maith le deiseanna eacnamaíocha inbhuanaithe a chruthú, rialachas a fheabhsú agus síocháin agus cobhsaíocht a chothú, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar dhálaí maireachtála, ar oideachas agus ar ionchais fostaíochta i dtíortha tionscnaimh chun a áirithiú gur féidir le daoine todhchaí a thógáil dóibh féin ina bpobail féin seachas iallach a bheith orthu dul ar imirce; de bhrí gur féidir le comhar spriocdhírithe agus éifeachtach, dá bhrí sin, dreasachtaí don imirce neamhrialta a laghdú trí chobhsaíocht, slándáil agus neamhthuilleamaíocht a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh tionchar a bheith ag leochaileacht mhéadaithe, i ndáil leis an athrú aeráide agus le díghrádú comhshaoil freisin, agus ag ídiú agus róshaothrú acmhainní nádúrtha, ar an imirce; de bhrí go mbaineann 90 % de na tubaistí nádúrtha uile le huisce, agus go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar neamhshlándáil an tsoláthair bia, ar choinbhleacht shochaíoch mhéadaithe agus ar an imirce;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go mbíonn leibhéil níos airde imirce thar theorainneacha mar thoradh ar leibhéil arda neamhshlándála bia, agus gach méadú 1 % ar neamhshlándáil an tsoláthair bia i ndaonra ina bhfuil 1,9 % níos mó daoine chun dul ar imirce; de bhrí, cé nach forais tearmainn iad tionscnóirí eacnamaíocha agus comhshaoil ina n-aonar, go gcuireann siad go mór le tosca leochaileachta a bhféadfadh freagairt chuimsitheach idirnáisiúnta atá dírithe ar chosaint a bheith ag teastáil ina leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur minic a bhíonn nasc idir sreafaí imirce agus ganntanas acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear uisce; de bhrí nach bhfuil rochtain fós ag 2,2 billiún duine ar fud an domhain ar uisce óil sábháilte; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce athléimneacht uisce a chur chun cinn agus rochtain ar uisce óil feabhsaithe agus ar shláintíocht fheabhsaithe a áirithiú do 70 milliún duine aonair ar a laghad trí rannpháirtíocht threisithe tíre agus réigiúnach faoin Tairseach Dhomhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go leagtar béim i gComhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann ar a thábhachtaí atá gné sheachtrach na himirce trí chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha a fhorbairt bunaithe ar idirphlé polaitiúil, ar thiomantas frithpháirteach agus ar chur chuige an bhealaigh iomláin;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar leis an gComhshocrú don Mheánmhuir go leathnófaí Erasmus+ do dtí roinnt tíortha sa Mheánoirthear agus san Afraic chun daoine óga a nascadh, agus chun tacú le timpeallacht ardoideachais agus forbartha scileanna níos comhtháite agus níos cuimsithí; de bhrí go n-iarrtar leis an gComhshocrú freisin go ndéanfaí comhpháirtíochtaí tallainne a mhéadú, lena n-áirítear trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a sheoladh chun naisc idir fostóirí an Aontais agus cuardaitheoirí poist ó thíortha comhpháirtíochta a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur cheart go dtabharfaí deis leis an straitéis Global Gateway agus le hinfheistíochtaí forbartha daonna an comhar um fhorbairt a ailíniú le tosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear an imirce, trí chruthú post, oideachas, gairmoiliúint, luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáin a chur chun cinn, dea-rialachas agus trédhearcacht agus infheistíochtaí inbhuanaithe a neartú, lena n-áirítear maidir le slándáil uisce, i dtíortha tionscnaimh agus idirthurais;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm freisin ag an straitéis Global Gateway comhpháirtíochtaí inbhuanaithe agus iontaofa a chur chun cinn san fhuinneamh glas agus sa bhonneagar glas; de bhrí go bhfuil oiriúnú don athrú aeráide agus infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite bunriachtanach chun dul i ngleic le spreagthaí socheacnamaíocha na himirce;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur uirlisí tábhachtacha iad an comhar eacnamaíoch agus an infheistíocht phríobháideach chun an bhochtaineacht a laghdú agus chun neamhthuilleamaíocht a mhéadú, rud a spreagann fás áitiúil inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an fhorbairt thionsclaíoch ar cheann de na bealaí is cumhachtaí chun daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht; de bhrí gur féidir deiseanna fostaíochta a chruthú trí infheistíocht a dhéanamh i gcumais táirgiúlachta ar bhealach atá freagrach go sóisialta agus inbhuanaithe agus gur féidir éifeacht iolraitheora a bheith aige sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha iad gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine agus go mbaintear a ndínit, a saoirse agus a gcearta bunúsacha de dhaoine; de bhrí go ndéanann líonraí coiriúla gáinneála ar dhaoine agus smuigleála dúshaothrú ar imircigh trí bhrabús a dhéanamh ar thurais chontúirteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí nach bhfuil na huirlisí ná na hacmhainní ag roinnt tíortha chun na coireanna sin a chosc agus a chomhrac; de bhrí gur féidir le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus na smuigleála ar dhaoine;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gcomhar um fhorbairt maidir le rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh, chomh maith le smuigleáil daoine a chomhrac, dídeanaithe agus daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chosaint, tacú le tíortha óstála dídeanaithe agus bealaí dleathacha imirce a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanais iad an tslándáil, an chobhsaíocht, an iomláine chríochach agus an dea-rialachas do bhearta forbartha inbhuanaithe agus de bhrí gur cheart do AE tacú le tíortha comhpháirtíochta freisin chun acmhainneachtaí forfheidhmithe dlí agus bainistiú teorainneacha a neartú, agus chun an choireacht eagraithe a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí, chun go mbainistítear imirce go héifeachtach, nach mór comhar níos láidre le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a bheith ann, agus nach mór líonraí coiriúla lena ndéantar dúshaothrú ar dhaoine leochaileacha a dhíchoimeáil; de bhrí go gcuidíonn tacaíocht don fhorbairt áitiúil agus don chobhsaíocht i dtíortha comhpháirtíochta le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce ar bhealach inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil tacaíocht Eorpach do chórais fheidhmiúla tearmainn i dtríú tíortha mar chuid den chomhar um fhorbairt ríthábhachtach do chosaint idirnáisiúnta iarrthóirí tearmainn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí nach mór do bheartais um fhilleadh agus um ath-lánpháirtiú seasamh go hiomlán le cearta an duine; de bhrí gur féidir tairbhí frithpháirteacha a bheith ag baint le comhar maidir le filleadh agus ath-imeascadh nuair a chuirtear filleadh deonach, díniteach agus inbhuanaithe ar thíortha tionscnaimh i gcuntas leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí gur dlúthchuid den chomhar éifeachtach le tíortha comhpháirtíochta iad comhaontuithe um athligean isteach agus tionscadail nuálacha shaincheaptha atá dírithe ar imircigh a ath-imeascadh ina dtíortha tionscnaimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gcomhar um fhorbairt maidir le tacú le lánpháirtiú socheacnamaíoch pobal easáitithe agus pobal óstach agus daoine i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear mná, leanaí agus daoine faoi mhíchumas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an imirce rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an bhfás cuimsitheach i dtíortha tionscnaimh agus i dtíortha cinn scríbe araon, agus laistigh de réigiúin agus tharstu; de bhrí go bhfuil tionchar eacnamaíoch ag an imirce ar an tír cinn scríbe agus ar an tír thionscnaimh araon; de bhrí go bhféadfaí an tionchar sin a fheiceáil i rannchuidiú na n-imirceach leis an airgeadas poiblí, le fostaíocht agus le cruthú post, agus i ról phobail an diaspóra maidir le tacú le forbairt eacnamaíoch a dtíortha tionscnaimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag pobail an diaspóra i bhforbairt tíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir le trádáil agus forbairt eacnamaíoch a chothú, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar réimse saincheisteanna a bhaineann leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht; de bhrí gur féidir ról lárnach a bheith ag Saoráid Dhomhanda Diaspóra AE sa chomhthéacs sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh imirce daoine oilte dúshláin a chruthú do thríú tíortha maidir lena gcuspóirí beartais a bhaineann le forbairt agus imirce araon a bhaint amach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Idirnaisc idir an imirce agus an comhar um fhorbairt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil idirnasc ann idir an imirce agus an comhar um fhorbairt agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de bheith tiomanta do chomhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt ina mbeartais imirce, agus lánurraim á tabhairt do chearta an duine agus do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór an comhar um fhorbairt agus beartas eachtrach agus slándála AE a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcónaí ar bhealach atá go hiomlán comhleanúnach, le cur chuige pragmatach agus comhthairbheach atá dírithe ar thorthaí agus atá dírithe ar chobhsaíocht agus ar dheiseanna eacnamaíocha a áirithiú sna tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear tíortha tionscnaimh agus idirthurais le haghaidh sreabha imirce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart don chomhar um fhorbairt tosaíocht a thabhairt do dhíothú na bochtaineachta, do laghdú neamhionannais agus don fhorbairt inbhuanaithe, i gcomhréir leis na SFInna, do chosc coinbhleachtaí agus do chothú na síochána trí chumhachtú eacnamaíoch, d’athchóirithe rialachais agus do chur chun cinn chearta an duine i dtíortha comhpháirtíochta agus tosaíocht á tabhairt ag an am céanna d’infheistíochtaí fadtéarmacha bunaithe ar thosaíochtaí agus riachtanais forbartha na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear nuair a thugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh, i measc cuspóirí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú gur minic a bhíonn tionchar díréireach ag géarchéimeanna agus ag an mbochtaineacht ar mhná agus ar chailíní; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine, inscne-fhreagrúil agus íogair ó thaobh leochaileachta de a chur i bhfeidhm i gcláir forbartha, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé rioscaí do chearta an duine a shainaithint, gníomhaíocht mhaolaitheach a dhéanamh agus a áirithiú go ndíreofar go háirithe ar gach duine i staideanna leochaileacha — lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, pobail imeallaithe agus mná, cailíní agus daoine óga — go háirithe ós rud é go bhfuil ról na mban i gcomhthéacsanna leochaileacha agus i gcothú na síochána, i gcosc coinbhleachtaí agus i bhforbairt inbhuanaithe ríthábhachtach, ós rud é go ngníomhaíonn siad go minic mar fhreagróirí túslíne agus gur féidir leo a bheith ina spreagadh bunriachtanach don athrú, don athléimneacht agus don téarnamh; á thabhairt chun suntais go mbíonn torthaí níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe mar thoradh ar rannpháirtíocht na mban/cuimsitheach sa chinnteoireacht, san idirghabháil, sa ghníomhú ar son na haeráide agus san fhorbairt pobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cur chuige Fhoireann na hEorpa lena n-áirithítear comhleanúnachas idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit atá ag obair ar ghné sheachtrach na himirce; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’Fhoireann na hEorpa iarrachtaí polaitiúla, taidhleoireachta, airgeadais agus teicniúla a chomhordú chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a fhorbairt agus a dhoimhniú lena dtacaítear le tíortha comhpháirtíochta an imirce a bhainistiú ar bhealach sábháilte, ordúil, rialta agus freagrach trí chur chuige éifeachtach atá bunaithe ar chearta an duine agus atá dírithe ar an duine a chur i bhfeidhm lena dtugtar aghaidh freisin ar riachtanais dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth, d’fhonn éilliú a chosc agus míbhainistiú a sheachaint, gur cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil sásraí soiléire faireacháin agus meastóireachta i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar i gcur chun feidhme bhuiséad AE, lena n-áirítear agus aghaidh á tabhairt ar an nasc idir forbairt agus bunchúiseanna na himirce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar an idirphlé polaitiúil le tríú tíortha, cuir chuige chuimsitheacha agus chomhthairbheacha a neartú agus a fhorbairt de réir tíre lena gcuirtear san áireamh comhthéacsanna sonracha agus riachtanais forbartha agus imirce na dtíortha tionscnaimh agus idirthurais, go háirithe maidir le forbairt dhaonna, obair chuibhiúil, cuimsiú sóisialta, agus cosaint imirceach, dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an comhar sin bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, ar fhreagracht chomhroinnte agus ar urraim do chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tuiscint shoiléir ar shocruithe imirceach agus ar a n-éifeachtaí áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis a fhorbairt ina leagfar béim ar an ngá atá le dearcadh áitiúil, chun úinéireacht áitiúil a neartú agus chun cur leis na tosaíochtaí réigiúnacha atá ann cheana, go háirithe trí thacú le córais imirce laistigh den ilchríoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do chomhthéacsanna geografacha leochaileacha trí shonraí a bhaineann go sonrach leis an imirce agus faisnéis atá bunaithe ar thaighde a chur i gcuntas freisin chun riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta a shainaithint ar bhealach níos fearr agus chun díriú ar a dtosaíochtaí, lena n-áirítear maidir le himirce neamhrialta agus easáitiú éigeantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir ról lárnach a bheith ag Global Gateway maidir le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus cruthú post a chothú i dtíortha comhpháirtíochta, agus ar an gcaoi sin pobail áitiúla a chumhachtú agus daoine aonair a chumasú chun rannchuidiú go gníomhach le forbairt a dtíortha tionscnaimh agus a bpobal óstach araon, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá rannpháirtíocht níos mó ón earnáil phríobháideach a áirithiú, conairí dlíthiúla a éagsúlú agus a chur chun feidhme, scileanna a aithint, bainc forbartha an Aontais a spreagadh, agus cineálacha nuálacha cur chuige a fhorbairt maidir le cistí a chumasc laistigh de chreat Fhoireann na hEorpa agus rannchuidiú leis an Tairseach Dhomhanda ag an am céanna; ag spreagadh rannpháirtíocht earnáil phríobháideach na hEorpa i dtionscadail forbartha i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áiritheofar tacaíocht do chreat infheistíochta sábháilte agus trédhearcach lena n-éascófar rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide agus cruthú slabhraí táirgthe áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ganntanas uisce, díghrádú comhshaoil agus talún, dífhoraoisiú, agus tubaistí eile a bhaineann leis an aeráid ina dtosca is cúis le sreafaí imirce, lena n-áirítear easáitiú éigeantach; á chur i bhfáth go bhfuil tacaíocht iomchuí de dhíth ar dhaoine aonair atá easáitithe mar gheall ar dhíghrádú comhshaoil agus tubaistí de dheasca an athraithe aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i mbainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha laistigh de chláir forbartha, lena n-áirítear caomhnú uisce agus ithreach, athfhoraoisiú, talmhaíocht atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus fuinneamh in-athnuaite, chun comhtháthú sóisialta agus athléimneacht pobal a neartú, teannas maidir le hacmhainní nádúrtha a chosc agus deiseanna daoine a mhéadú chun saol inbhuanaithe a thógáil ina dtíortha tionscnaimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do AE cur chuige iomlánaíoch a chur i bhfeidhm, ag díriú ar an leibhéal áitiúil agus é mar chuspóir leis cúnamh forbartha a chur ar fáil chun rannchuidiú le forbairt struchtúrach trí thacaíocht a thabhairt don daonlathas, don smacht reachta, don ord riailbhunaithe agus d’institiúidí, chun tionchar inbhuanaithe a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cláir forbartha a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla, leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac trí chomhar neartaithe idirnáisiúnta agus iltaobhach le tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis áitiúla, le fórsaí slándála agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, maidir le cosc na coireachta, cosaint íospartach, forfheidhmiú feabhsaithe an dlí, feachtais feasachta poiblí chun gníomhú in aghaidh na bréagaisnéise, déantóirí na coire a ionchúiseamh agus dúshaothrú imirceach ag líonraí coiriúla agus smuigléirí imirceach a chosc, chomh maith le roghanna malartacha níos sábháilte a chur ar fáil trí bhealaí dlíthiúla a chruthú le haghaidh imirce shábháilte agus rialta agus soghluaisteacht an lucht saothair; á chur i bhfios go láidir go n-aistríonn dianrialú teorann gan bealaí dlíthiúla malartacha don imirce bealaí imirce, lena dtugtar isteach céimeanna éagsúla sa turas agus i dtíortha idirthurais nua, agus ar an gcaoi sin forbhásacht an turais agus neamhchosaint na n-imirceach ar líonraí smuigleála, ar sracadh agus ar fhoréigean a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar le tíortha comhpháirtíochta maidir leis an imirce a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú gur cheart cúnamh daonnúil a sholáthar i gcónaí i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thíortha tionscnaimh agus do thíortha óstacha comharsanachta agus iad ag déileáil le sreafaí imirce idir-ilchríochacha méadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-acmhainneacht a neartú chun ionstraimiú imirceach a chosc agus a fhreagairt;  á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar feabhsaithe le tíortha comhpháirtíochta agus le gníomhaireachtaí ábhartha chun gníomhaíochtaí den sórt sin a bhrath, a chosc agus a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil cistiú forbartha poiblí ríthábhachtach do thíortha comhpháirtíochta agus gur féidir le hinfheistíocht phríobháideach rannchuidiú le cuspóirí bheartas forbartha an Aontais a bhaint amach, agus ag tabhairt dá haire go spreagann ráthaíochtaí infheistíochta ón Aontas cuideachtaí chun infheistíochtaí a dhéanamh, ar choinníoll go ndéantar dícheall cuí dian chun comhlíonadh caighdeán sóisialta, comhshaoil agus rialachais a áirithiú, chomh maith le hailíniú leis na SFInna; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach na SFInna a bhaint amach chun feabhas a chur ar shlite beatha i dtríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go mbeadh sé d’aidhm ag ionstraimí airgeadais AE agus ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta torthaí eacnamaíocha áitiúla a ghiniúint d’fhonn neamhspleáchas eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil COF fós ina uirlis ríthábhachtach chun an bhochtaineacht a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus chun tacú leis na pobail is leochailí; ag cáineadh go láidir na gciorruithe móra ar COF arna ndéanamh ag príomhdheontóirí domhanda; á iarraidh go gcomhlíonfadh an tAontas agus a Bhallstáit a ngealltanas a urramú maidir le 0,7 % d’ollioncam náisiúnta a chaitheamh ar COF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cuntasacht, trédhearcacht agus formhaoirseacht pharlaiminteach níos fearr a áirithiú i ndearadh agus i gcur chun feidhme chistiú uile an Aontais, lena n-áirítear an Ionstraim don Eoraip Dhomhanda atá ar na bacáin, nach mór di tús áite a thabhairt do chur chun feidhme na SFInna, agus maidir le haghaidh a thabhairt freisin ar dhúshláin imirce neamhrialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir le forbairt talmhaíochta agus tuaithe, mar aon le beartas bia agus cothaithe, rannchuidiú leis an bhfreagairt ar roinnt de bhunchúiseanna na himirce; á mheabhrú go bhfuil rochtain ar thalamh agus ar acmhainní nádúrtha ríthábhachtach chun slándáil bia agus cothaithe na bpobal áitiúil a áirithiú, chun táirgiúlacht feirmeoirí beaga a fheabhsú agus táirgeadh á oiriúnú ag an am céanna don athrú aeráide agus chun cur chun feidhme Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Tionachtaí Talún a chur chun cinn, lena dtugtar tús áite do chearta agus do riachtanais sealbhóirí dlisteanacha ceart talún, go háirithe mná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a mhéadú d’institiúidí ardoideachais agus don oideachas teicniúil agus don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint i dtíortha comhpháirtíochta mar chuid dá straitéis forbartha mar mhodh chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé forbairt an duine a neartú trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna go háitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta maidir le fothú acmhainneachta ina leith sin; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe do thionscnaimh faoi stiúir na hóige chun scileanna, nuálaíocht agus malartú a neartú agus chun leas a bhaint as an imirce mar spreagadh don fhorbairt inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhpháirtíochtaí tallainne AE le níos mó tríú tíortha a iniúchadh tuilleadh, go háirithe iad siúd a bhfuil leibhéil arda eisimirce acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur príomhuirlisí iad cumhachtú eacnamaíoch agus cruthú post cuibhiúil chun neamhionannais a laghdú agus go gcuirtear feabhas leo ar shlite beatha sna tíortha tionscnaimh agus, ar an gcaoi sin, go gcuirtear teorainn leis na cúiseanna atá leis an imirce neamhrialta; á iarraidh go dtacófaí le cistiú ón Aontas freisin leis an bhfiontraíocht áitiúil agus leis an mbonneagar poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do dhaoine óga a bheith i gcroílár na gcomhpháirtíochtaí agus go bhfuil siad bunriachtanach don fhorbairt inbhuanaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le cláir mhalartaithe amhail Erasmus+ agus cláir eile soghluaisteachta agus scileanna don óige chun deiseanna oideachais agus fostaíochta a sholáthar, agus chun an rogha a thabhairt do dhaoine óga rath a bheith orthu ina dtíortha tionscnaimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bainistiú talmhaíochta agus uisce a áireamh i measc a thosaíochtaí don chomhar, tionscadail a chur chun cinn lena bhfeabhsaítear neamhthuilleamaíocht agus lena laghdaítear brú imirce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir leis an imirce agus le himirce daoine oilte dúshláin a chruthú d’fhorbairt tíre comhpháirtíochta tríd an lucht saothair oilte atá ar fáil a laghdú; á mheabhrú gur féidir leis an gcomhar um fhorbairt an riosca sin a mhaolú trí straitéisí cuimsitheacha lena dtacaítear le córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán, lena neartaítear deiseanna fostaíochta áitiúla agus lena gcuirtear aistriú eolais agus scileanna chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, leanúint dá chuid oibre sa réimse sin, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheist na himirce daoine oilte tríd an gcreat beartais forbartha agus trí chistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag pobail an diaspóra maidir le forbairt inbhuanaithe, infheistíocht agus nuálaíocht a chothú ina dtíortha tionscnaimh; á chur i bhfáth go gcruthaítear tairbhí cómhalartacha do thíortha comhpháirtíochta agus do AE araon trí líonraí diaspóra a chumhachtú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le heagraíochtaí diaspóra agus cláir chuimsitheacha a fhorbairt a rannchuidíonn le cineálacha imirce ciorclaí a théann chun tairbhe don dá thaobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i bhfeachtais múscailte feasachta laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha araon chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun faisnéis a scaipeadh faoi na rioscaí a bhaineann leis an imirce neamhrialta agus chun tuiscint ar rialacha an Aontais maidir le hoibleagáidí imirce lucht saothair a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú a mhéadú chun feabhas a chur ar an smacht reachta, ar thacaíocht daonlathais, ar fhothú stáit agus acmhainneachta, agus ar sheirbhísí poiblí lena n-áirítear sláinte, rochtain ar uisce glan agus oideachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil cur chuige iomlánaíoch lena gcomhcheanglaítear comhar um fhorbairt agus bainistiú imirce ríthábhachtach chun slándáil agus dlúthpháirtíocht a áirithiú go héifeachtach laistigh den Aontas agus i dtíortha tionscnaimh agus idirthurais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair ríthábhachtach na ngníomhaithe daonnúla, forbartha agus síochána, go háirithe eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus gníomhaithe áitiúla, lena n-áirítear údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine, eagraíochtaí ban, eagraíochtaí don óige agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus pobail agus eagraíochtaí creideamhbhunaithe;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>