<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0215</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">2025 Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0106/2026 -  Rapóirtéir: Nacho Sánchez Amor)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc (2025/2256(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 agus an 18 Aibreán 2024, an 30 Meitheamh 2023, an 23 Meitheamh 2022, an 24 Meitheamh 2021 agus an 12 Nollaig 2019, agus do na conclúidí ábhartha uile ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach roimhe seo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhallraíocht na Tuirce i gComhairle na hEorpa agus ECAT,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach<FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> IO L 134, 7.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/252/oj.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE> (Comhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas agus an Tuirc),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 25 Márta 2021 maidir leis an Tuirc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016 ag an gComhairle agus an 29 Samhain 2015 ag an gComhairle Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat Caibidlíochta an Aontais maidir leis an Tuirc an 3 Deireadh Fómhair 2005,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú a d’eisigh an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 21 Meán Fómhair 2005 tar éis an dearbhaithe a rinne an Tuirc nuair a síníodh an Prótacal Breise a ghabhann le Comhaontú Ankara an 29 Iúil 2005,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 11 Nollaig 2006 agus an 6 Márta 2020, agus do na conclúidí ó Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan an 21-22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar Critéir Chóbanhávan freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle maidir le Méadú an 16 Nollaig 2025, an 17 Nollaig 2024 agus an 12 Nollaig 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhlí idirnáisiúnta na farraige mar a léirítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), lena mbunaítear an creat dlíthiúil lena rialaítear limistéir mhuirí agus cearta ceannasacha na stát cósta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú’ (COM(2025)0690) agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal ‘Türkiye 2025 Report’ [Tuarascáil 2025 ar an Tuirc] (SWD(2025)0756),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 06/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 24 Aibreán 2024 dar teideal ‘An tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc – Tairbheach do dhídeanaithe agus do phobail óstacha, ach ní dhearnadh tionchar agus inbhuanaitheacht a áirithiú go fóill’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig an gComhairle Eorpach an 29 Samhain 2023 (JOIN(2023)0050) agus an 22 Márta 2021 (JOIN(2021)0008) maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gcaidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus an Tuirc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 dar teideal ‘An Naoú Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc’ (COM(2025)0517),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Choiste Eorpach na Réigiún an 3 Aibreán 2025 maidir le Gabháil Mhéaraí na Tuirce agus Ionsaí ar an Daonlathas Áitiúil sa Tuirc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 5 Márta 2026 maidir le Pacáiste 2025 um Méadú – na Balcáin Thiar agus an Tuirc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Chomhaontuithe Ardleibhéil 1977 agus 1979 idir ceannairí an dá chomhphobal sa Chipir, agus do na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) maidir leis an gCipir, lena n-áirítear Rún 186 (1964) an 4 Márta 1964, lena n-athdhearbhaítear ceannasacht Phoblacht na Cipire, Rún 541 (1983) agus 550 (1984) an 11 Bealtaine 1984 maidir le gníomhaíochtaí scarthacha sa Chipir, Rún 789 (1992) an 25 Samhain 1992, Ráiteas Uachtaránachta CSNA an 23 Iúil 2021 maidir le Varosha, Ráiteas Uachtaránachta CSNA agus rúin CSNA maidir le Fórsa Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe sa Chipir (UNFICYP), ar cuireadh síneadh lena shainordú go dtí an 31 Eanáir 2027 le Rún 2815 (2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), ina luaitear go ngeallann na páirtithe conarthacha cloí le breithiúnas críochnaitheach na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in aon chás ina bhfuil siad ina bpáirtithe, agus don oibleagáid a bheidh ar an Tuirc ina dhiaidh sin breithiúnais uile an Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin ábhartha ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú 12(2025) ó Chomhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha Chomhairle na hEorpa an 27 Márta 2025, dar teideal ‘Dismissals of Mayors in Türkiye’ [Dífhostuithe Méaraí sa Tuirc],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil a ghlac Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa ag an seisiún a bhí aige an 9 agus an 10 Deireadh Fómhair 2025 maidir le tionchar choinneáil réamhthrialach na méaraí ar fheidhmiú an rialachais dhaonlathaigh áitiúil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025, arna fhoilsiú ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Faireacháin 2025 a d’fhoilsigh Media Freedom Rapid Response,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú agus do Choinbhinsiún Iostanbúl,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2025 a d’fhoilsigh Transparency International an 10 Feabhra 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) an 22 Samhain 2025, dar teideal ‘Republic of Türkiye: Staff Concluding Statement of the 2025 Article IV Mission’ [Poblacht na Tuirce: Ráiteas Scoir Foirne Mhisean Airteagal IV 2025],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2025 maidir leis an mBearna Dhomhanda idir na hInscní a d’fhoilsigh an Fóram Eacnamaíoch Domhanda an 11 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas UNESCO maidir le Hagia Sophia an 10 Iúil 2020, agus do chinntí ábhartha Choiste Oidhreachta Domhanda UNESCO 44 COM 7B.58 (2021) agus 45 COM 7B.58 (2023) maidir le limistéir stairiúla Iostanbúl, a glacadh ag an 44ú agus an 45ú seisiún faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2026 maidir le díbirt spriocdhírithe iriseoirí eachtracha agus Críostaithe eachtracha sa Tuirc faoi leithscéalta slándála náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0047.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Tuirc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi ón gCipir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Aibreán 2015 maidir le comóradh céad bliain chinedhíothú na hAirméine<FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> IO C 328, 6.9.2016, lch. 2.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0106/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur tír is iarrthóir ar aontachas an Aontais í an Tuirc; de bhrí gurb é ballraíocht an Aontais an sprioc pholaitiúil atá dearbhaithe arís agus arís eile ag Rialtas na Tuirce, cé go bhfuil an bhearna le luachanna agus prionsabail mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i roinnt beartas den Aontas ag fás i gcónaí; de bhrí gur gá don Tuirc a tiomantas do chaidreamh agus d’ailíniú níos dlúithe leis an Aontas a léiriú go hinchreidte, critéir Chóbanhávan a urramú agus seasamh leo, lena n-áirítear beartas eachtrach agus slándála an Aontais, a caidreamh le Ballstáit uile an Aontais a normalú, agus dea-chaidreamh comharsanachta leis an Aontas agus lena Bhallstáit uile a shaothrú agus a choinneáil chun a peirspictíocht Eorpach a athbheochan; de bhrí gur iarradh arís agus arís eile ar an Tuirc staonadh ó gach gníomhaíocht a sháraíonn ceannasacht agus cearta ceannasacha Bhallstáit uile an Aontais agus a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil caibidlíochtaí aontachais an Aontais ina stad go héifeachtach ó 2018 i leith, mar gheall ar mheath ar an smacht reachta agus ar an daonlathas sa Tuirc agus i gcomhthéacs caidreamh déthaobhach dian ag an am sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, sa tuarascáil is déanaí uaidh ar dhul chun cinn in 2025, gur shainaithin an Coimisiún arís sa Tuirc cúlú tromchúiseach maidir leis an smacht reachta agus staid chearta an duine atá ag dul in olcas, agus gur tharraing sé ceisteanna anuas maidir le cloí le bunphrionsabail dhaonlathacha, <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> an tréimhse tuairiscithe roimhe sin in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur cúis mhór imní fós é staid neamhspleáchais na mbreithiúna, d’ainneoin an 11 ‘phacáiste bhreithiúnacha’ a d’achtaigh Rialtas na Tuirce ó 2019; de bhrí go gcuirtear ord bunreachtúil na tíre i mbaol toisc go mbaintear an bonn d’údarás na Cúirte Bunreachtúla trí chúirteanna ar leibhéal níos ísle a dhiúltaíonn a rialuithe a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur léir go bhfuil caighdeáin dhúbailte ann os comhair an dlí, mar is léir ón gcaoi a gcaitear go han-éagsúil le cásanna comhchosúla, go háirithe i nósanna imeachta breithiúnacha polaitiúla nó ardphróifíle nó i gcásanna a bhaineann le cúisimh i leith oifigigh stáit mhaslacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil an dlí coiriúil agus dlíthe frithsceimhlitheoireachta ionstraimithe go córasach ag an Tuirc chun cniogbheartaíocht a dhéanamh ar oifigigh thofa, ar pholaiteoirí an fhreasúra agus ar chosantóirí chearta an duine; de bhrí go bhfuil meath tromchúiseach tagtha ar chaighdeáin dhaonlathacha agus ar phróisis dhaonlathacha sa Tuirc le déanaí, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta araon, mar thoradh ar chinntí breithiúnacha agus ar bhrú rialtais a cuireadh ar mhéaraí freasúra agus ar bhardais; de bhrí gur gabhadh 39 méara ar a laghad ó pháirtithe freasúra ó thoghcháin áitiúla mhí an Mhárta 2024, go háirithe 29 méara ó Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh agus 10 méara ó Pháirtí an Phobail um Chomhionannas agus um Dhaonlathas, agus gur cuireadh as oifig iad; de bhrí, in 13 chás, gur cuireadh iontaobhaithe arna gceapadh ag an rialtas in ionad méaraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, tar éis próiseas dlíthiúil fada, an 21 Bealtaine 2026, gur eisigh Cúirt Achomhairc Réigiúnach Ankara rialú maidir le ‘neamhniú iomlán’ (‘mutlak butlan’) maidir le comhdháil pháirtí 2023 CHP, rud a chuir an toghchán a thug Özgür Özel chuig an gcathaoirleacht ar neamhní agus a chuir ceannaireacht reatha an pháirtí in oifig; de bhrí go raibh urghaire shonrach ag gabháil leis an rialú cúirte sin, in ainneoin achomhairc fhéideartha a bheith ar feitheamh, chun an cheannaireacht thofa a chur as oifig go héifeachtach agus a húdarás a aistriú chuig an iarchathaoirleach, Kemal Kılıçdaroğlu, agus chuig Tionól an Pháirtí roimhe sin; de bhrí, trí lá ina dhiaidh sin, an 24 Bealtaine 2026, arna iarraidh sin d’fhoireann an iarchathaoirligh Kılıçdaroğlu, go ndearna póilíní círéibe na Tuirce ruathar ar cheanncheathrú CHP in Ankara, trí úsáid a bhaint as deoirghás agus foréigean chun cinneadh na cúirte a fhorfheidhmiú lenar díbríodh an cheannaireacht thofa agus lenar cuireadh an ceann roimhe sin ar ais in oifig;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil Méara Iostanbúl, Ekrem İmamoğlu, a toghadh go daonlathach, i bpríosún ón 19 Márta 2025 ar chúisimh bhréige a bhfuil saintréithe an bhrú pholaitiúil orthu agus atá ina sárú follasach ar bhunphrionsabail an dlí choiriúil, amhail prionsabal na freagrachta aonair; de bhrí go meastar go forleathan gur iarracht é sin chun deireadh polaitiúil a chur le príomhiarrthóir an fhreasúra do na chéad toghcháin uachtaránachta eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil thart ar 800 comhad ar feitheamh faoi láthair os comhair Mhórthionól Náisiúnta na Tuirce ina n-iarrtar deireadh a chur le díolúine pharlaiminteach chomhaltaí reatha na parlaiminte (Teachtaí Parlaiminte); de bhrí go ndéanann sciar mór de na hiarrataí difear do Theachtaí Parlaiminte ó pháirtithe freasúra, Páirtí an Phobail um Chomhionannas agus um Dhaonlathas agus ó Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur comhalta de Chomhairle na hEorpa í an Tuirc agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí faoi cheangal dlíthiúil ag breithiúnais an Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; de bhrí, mar gheall ar a mainneachtain rialuithe suntasacha ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm, go bhfuil imeachtaí stairiúla um shárú os comhair na Tuirce faoi láthair; de bhrí go bhfuil an Tuirc rangaithe go comhsheasmhach i measc na dtíortha is minice a sháraíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosnaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; de bhrí, i mí Eanáir 2026, go raibh an líon is airde cásanna ar feitheamh ag an Tuirc os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus iad níos mó ná aon trian de chásliosta iomlán na cúirte;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Tuirc aicmithe mar ‘neamhshaor’ ag Freedom House agus go bhfuil ceann de na laghduithe is measa tagtha ar leibhéal na saoirse ar domhan le 11 mbliana anuas; de bhrí go léirítear san Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025 tuilleadh meathlaithe agus go gcuirtear an Tuirc mar an 159ú tír as 180 tír ar son shaoirse an phreasa, agus go gcuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil go bhfuil an t-údarásaíochas ag dul chun cinn sa Tuirc, go bhfuil amhras á chaitheamh ar iolrachas na meán agus go bhfuil gach modh is féidir á úsáid chun an bonn a bhaint de chriticeoirí; de bhrí, de réir Tuairisceoirí gan Teorainneacha agus Thuarascálacha Faireacháin BIA ar na Meáin, gur cuireadh idir 20 agus 29 n-iriseoir i bpríosún le linn 2025, gur coinníodh 3 cinn eile faoi ghabháil tí ar feadh míonna agus go raibh na scórtha eile faoi réir rialú breithiúnach ar bhealaí a sháraigh a saoirse gluaiseachta; de bhrí, sa tréimhse chéanna, go ndearnadh 58 n-iriseoir san iomlán a choinneáil nó a thabhairt isteach go héigeantach lena gceistiú ag na póilíní;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Tuirc rangaithe sa 135ú háit as 146 thír in Innéacs Domhanda maidir leis an mBearna idir na hInscní 2025, rud a léiríonn neamhionannas inscne tromchúiseach agus teipeanna sistéamacha maidir le cearta na mban a chosaint; de bhrí, de réir sonraí ón Ardán We Will Stop Femicide, in 2025, go raibh 297 mbás amhrasacha ban agus 294 fheimeamharú ann, agus gur thuairiscigh foinsí eile figiúirí chomh hard le 420; de bhrí gur tháinig méadú níos mó ná riamh ar líon na mbásanna amhrasacha a bhain le mná sa Tuirc in 2025; de bhrí gur cúis mhór imní fós é an easpa córais chuimsithigh oifigiúil bailithe sonraí maidir le feimeamharuithe; de bhrí go seasann an Tuirc amach mar cheann de na tíortha ECFE is mó a ndéanann foréigean in aghaidh na mban difear dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, de réir eagraíochtaí áitiúla um chearta an duine, IHD agus TIHV, go raibh 433 543 phríosúnach, an líon ba mhó riamh, bainte amach ag pobal príosúin na Tuirce amhail an 2 Nollaig 2025, méadú seacht n-uaire le fiche bliain anuas, agus go raibh 460 921 dhuine eile faoi réir maoirseacht bhreithiúnach; de bhrí go ndearna na heagraíochtaí sin doiciméadú freisin ar 1 412 phríosúnach bhreoiteachta, lena n-áirítear 335 phríosúnach atá i riocht tromchúiseach; de bhrí go n-oibríonn príosúin na Tuirce lasmuigh dá n-acmhainneacht, rud a chuireann le fadhbanna amhail plódú, timpeallachtaí maireachtála neamhleora agus rochtain theoranta ar acmhainní bunúsacha; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar thuairiscí ar sháruithe ar chearta an duine i bpríosúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, de réir Transparency International, gur scóráil an Tuirc 31 as 100 ina hInnéacs um Braistintí i dtaca le hÉilliú 2025, tar éis di titim ó 50 as 100 in 2013 go dtí an marc is ísle, rud a chiallaíonn go bhfuil an Tuirc sa 124ú háit as 180 tír faoi láthair; de bhrí, níos mó ná 9 mbliana tar éis ghlacadh an Cheathrú Babhta de Thuarascáil Mheastóireachta ar an Tuirc ó Ghrúpa Stát Chomhairle na hEorpa in aghaidh na hÉillitheachta (GRECO), nár cuireadh ach 3 as 22 mholadh atá sa tuarascáil chun feidhme ina n-iomláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur sochaí il-eitneach éagsúil í an Tuirc i réigiún casta atá i mbaol teannais;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Tuirc ag dul trí phróiseas polaitiúil dar teideal ‘Terror-free Türkiye’, agus é mar aidhm aige deireadh a chur leis an bhforéigean polaitiúil agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gCoirdíneach trí réiteach polaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, tar éis an phróisis aontachais, go bhfuil gá le rannpháirtíocht chuiditheach sa chaidreamh idir an Aontais agus an Tuirc, de bhrí go bhfuil an Tuirc ina comhalta de ECAT agus ina príomh-chomhpháirtí don chobhsaíocht i mór-réigiún na Meánmhara Thoir agus i réimsí na trádála, an chaidrimh eacnamaíoch, na slándála, na himirce agus an chomhair in aghaidh na sceimhlitheoireachta; de bhrí go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh leis an gcomhar leis an Tuirc i roinnt réimsí beartais leasa choitinn, lena n-áirítear trí idirphlé ardleibhéil maidir le bacainní trádála a bhaint agus comhar méadaithe maidir le himchéimniú smachtbhannaí a chosc, agus go bhféadfadh sé tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar bhealach céimnithe, comhréireach agus in-aisiompaithe i gcomhréir go hiomlán le conclúidí mhí Aibreáin 2024 ón gComhairle Eorpach,
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go leanann an Tuirc de bheith ag óstáil ceann de na pobail dídeanaithe is mó ar domhan; de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach fós ag baint leis an gcomhar idir an Aontais agus an Tuirc maidir le bainistiú imirce, slándáil agus cobhsaíocht réigiúnach agus go rannchuidíonn sé le trasnuithe neamhrialta agus contúirteacha ar bhealach na Meánmhara Thoir chun na hEorpa a laghdú agus le beatha daoine a shábháil ar muir; de bhrí go bhfuil níos mó ná EUR 12,5 mbilliún dírithe ag an Aontais ó 2011 i leith ar chúnamh a thabhairt do dhídeanaithe agus do phobail óstacha sa Tuirc;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil ailíniú na Tuirce le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais níos ísle ná riamh de 4 % in 2025, i gcomparáid le 6 % in 2024; de bhrí gurb é sin go mór fada an leibhéal ailínithe is ísle atá ag aon tír is iarrthóir; de bhrí nach léirítear leis an táscaire sin gach leibhéal rannpháirtíochta d’aon tír is iarrthóir ar leith i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil an teannas idir an Aontais agus an Tuirc i ndáil leis an staid sa Mheánmhuir Thoir díghéaraithe ach nár tháinig deireadh leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról suntasach fós ag an Tuirc sa choinbhleacht sa tSiria; de bhrí go bhfuil oibríochtaí míleata ar mhórscála déanta ag an Tuirc ar chríoch na Siria, ag díriú go háirithe ar limistéir atá i seilbh na gCoirdíneach, agus go bhfuil sí lonnaithe i gcríocha i dtuaisceart na Siria, ar sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta iad araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go mbeidh impleachtaí ag na hoibríochtaí míleata in aghaidh réimeas na hIaráine don Tuirc i bhfianaise a chóngarachta geografaí, lena n-áirítear trí éifeachtaí iarmharta, go háirithe maidir le brú imirce athnuaite; de bhrí go raibh ar an Tuirc aghaidh a thabhairt ar roinnt bagairtí diúracán in aghaidh a críche de thionscnamh na hIaráine, ar bagairtí iad a neodraíodh go rathúil trí chóras comhtháite cosanta aeir agus diúracán ECAT;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil an caidreamh trádála idir an Aontais agus an Tuirc thar a bheith fairsing, go bhfuil slabhraí soláthair an-chomhtháite i gceist leis, agus gur cuireadh luach os cionn EUR 210 mbilliún air in 2024, agus gurb í an Tuirc an cúigiú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontais agus gurb é an Aontais an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Tuirc go mór, chomh maith lena príomhfhoinse infheistíochta dírí coigríche;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go ndearna boilsciú ard, éagobhsaíocht airgeadra agus dúshláin struchtúracha difear do gheilleagar na Tuirce, agus go bhfuil impleachtaí díreacha aige sin d’oibrithe, do theaghlaigh agus don chomhtháthú sóisialta; de bhrí, le dhá bhliain anuas, gur cuireadh stop leis an treocht dhiúltach agus gur ceartaíodh í le beartais mhaicreacnamaíocha fhónta, a dteastaíonn am uathu, áfach, chun teacht i bhfeidhm;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gurb iad náisiúnaigh na Tuirce an dara líon is airde d’iarratais phróiseáilte ar víosaí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go n-óstálfaidh an Tuirc an 31ú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Antalya i mí na Samhna 2026 agus gur cheart di, dá bhrí sin, tiomantas inchreidte a léiriú maidir lena spriocanna laghdaithe CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a chur chun feidhme agus a beartas aeráide a dhéanamh níos uaillmhianaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur mhol daoine mór le rá sa fhreasúra go hoscailte le déanaí go mbeadh ath-rannpháirtíocht ann idir an Aontas agus an Tuirc; de bhrí gur iarr iar-chomhchathaoirleach Pháirtí Daonlathach na bPobal Selahattin Demirtaş go gcuirfí tús arís le próiseas aontachais na Tuirce leis an smaoineamh go spreagfadh sé sin, d’ainneoin na ndeacrachtaí agus na n-easnamh uile atá ann faoi láthair, gníomhaíocht i réimse an athchóirithe dhaonlathaigh agus go bhféadfadh sé giaráil a chruthú do na páirtithe leasmhara uile; de bhrí gur mhol Cathaoirleach um Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh Özgür Özel, i litir a seoladh chuig páirtithe leasmhara an Aontais, tuiscint níos cuimsithí agus níos straitéisí ar an gcomhar idir an Aontas agus an Tuirc, lena n-athdhearbhaítear tacaíocht do bhallraíocht iomlán an Aontais, agus lena gcuirtear i bhfios go láidir go mbeidh doimhniú an chomhtháthaithe institiúidigh agus eacnamaíoch – lena n-áirítear sa phróiseas ‘Déanta san Eoraip’ – ina luamhán tábhachtach chun an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta sa Tuirc a chomhdhlúthú; de bhrí gur chuir iarrthóir uachtaránachta um Páirtí an Phobail Phoblachtaigh agus Méara Iostanbúl Ekrem İmamoğlu in iúl i litir freisin go lagódh díscor leis an Tuirc tacaíocht an Aontais don chlaochlú daonlathach sa tír; de bhrí gur iarr sé freisin go ndéanfaí an caidreamh a atógáil ar bhonn prionsabal céim ar chéim, lena n-áirítear rannpháirtíocht sheasta atá fréamhaithe i gcritéir Chóbanhávan agus tús práinneach a chur le cainteanna maidir le nuachóiriú an aontais custaim, mar bhealach chun an Tuirc a choinneáil ailínithe go dlúth le caighdeáin an Aontais agus chun trédhearcacht, iomaíochas agus an smacht reachta a threisiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú gur mór aici mianta seanbhunaithe fhormhór mhuintir na Tuirce maidir le haontachas leis an Aontas agus stádas iarrthóra na Tuirce a choinneáil ar bun, d’ainneoin na heaspa leanúnaí dul chun cinn agus tola polaitiúla; ag aithint na tuirse a leanann, mar thoradh air sin, de bheith ag fás i measc páirtithe leasmhara ar an dá thaobh den phróiseas; á chur i bhfios go láidir, áfach, go n-éilíonn aon fhorbairt sa phróiseas aontachais dul chun cinn nithiúil maidir leis an smacht reachta agus próisis dhaonlathacha a chaomhnú agus á chreidiúint, in éagmais an dul chun cinn sin, nach féidir próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas a atosú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil próiseas aontachais an Aontais bunaithe ar fhiúntas, normatach, neamh-idirbheartúil, atá ag brath ar chritéir Chóbanhávan a chomhlíonadh agus nach bhfuil faoi cheangal ag aon spriocdháta; á chur i bhfáth go n-éilíonn an comhlíonadh sin institiúidí cobhsaí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus cosaint mionlach, dea-chaidreamh comharsanachta, aitheantas do na Ballstáit uile, urraim don dlí idirnáisiúnta agus ailíniú le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, d’ainneoin ráitis leanúnacha Rialtas na Tuirce lena n-athghealltar an sprioc maidir le ballraíocht an Aontais a bhaint amach, nach dtugtar aghaidh i gcónaí ar ábhair imní leanúnacha agus thromchúiseacha a cuireadh in iúl sna tuarascálacha a d’eisigh sé roimhe seo maidir le heasnaimh a dhéanann difear don phróiseas aontachais, lena n-áirítear an bonn leanúnach a bhaint de chearta an duine agus de spás na sochaí sibhialta, agus go ndearnadh doiciméadú sa tréimhse is déanaí ar chúlú tromchúiseach breise sa smacht reachta agus ar chearta bunúsacha atá ag dul in olcas, ag leanúint den treocht a bhrúigh an tír i dtreo samhail fhorlámhach le deich mbliana anuas; á mheas gur comhartha soiléir é an neamhghníomhaíocht leanúnach sin ar easpa fíorthoil pholaitiúil Rialtas na Tuirce maidir le hathchóiriú nó maidir leis an bpróiseas aontachais a athbheochan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar Rialtas na Tuirce bogadh ó reitric go gníomhaíocht agus, in ionad an méid ama a chaith an Tuirc ag fanacht ag doras an Aontais a chur amú, a léiriú trí bhearta nithiúla a thuigtear go maith, a fhíorthoilteanas aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh leanúnacha i réimsí an smachta reachta, chearta an duine, na gcaighdeán daonlathach, shaoirse an phreasa agus saoirsí bunúsacha eile, agus maidir le hurraim don dea-chaidreamh comharsanachta agus don dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth, go háirithe, i measc bearta práinneacha eile, gur gá neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a choimirciú, iriseoirí agus cearta na n-údarás áitiúil a chosaint, agus deireadh a chur le trialacha arb í an pholaitíocht is cúis leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú, áfach, cé go bhfuil an próiseas aontachais ina stad ó 2018 i leith, gur comhpháirtí straitéiseach agus comhghuaillí de ECAT fós í an Tuirc, agus tír a bhfuil caidreamh casta ag an Aontas léi i réimsí na trádála, an gheilleagair agus na bainistíochta imirce go dtí an beartas eachtrach agus slándála; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an Tuirc don chreat slándála réigiúnach agus don chobhsaíocht, agus do shlándáil na hÚcráine i bhfianaise fhogha na Rúise; á chur i bhfáth, áfach, gur ar éigean atá éagsúlachtaí beartais eachtraigh atá ag dul i méid comhoiriúnach le hailtireacht slándála agus cosanta na hEorpa; ag tacú go láidir le caidreamh comhoibritheach agus comhthairbheach a fhorbairt leis an Tuirc i ngach réimse leasa choitinn ar bhealach céimnithe, comhréireach agus inchúlaithe, i gcomhréir le conclúidí mhí Aibreáin 2024 ón gComhairle Eorpach agus faoi cheangal ag an dlí idirnáisiúnta agus dírithe ar an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil súil aici go n-athróidh rannpháirtíocht Rialtas na Tuirce leis na saincheisteanna bunúsacha atá i gcroílár phróiseas aontachais an Aontais, rud a chuirfeadh ar chumas an chaidrimh idir an Aontais agus an Tuirc forbairt i dtreo comhpháirtíocht níos dlúithe leis an bpeirspictíocht go bhféadfaí an próiseas aontachais a athoscailt amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tost institiúidí eile an Aontais, agus go leor Ballstát an Aontais, i bhfianaise chreimeadh an smachta reachta sa Tuirc; á chur i bhfios go láidir, mura dtugann oifigigh ardleibhéil an Aontais aghaidh go comhsheasmhach agus go poiblí ar an gcúlú daonlathach leanúnach – go háirithe le linn cuairteanna oifigiúla ar an tír – go bhfuil an baol ann go ndéanfar sochaí shibhialta na Tuirce a choimhthiú tuilleadh agus go mbainfear an bonn d’íomhá agus d’inchreidteacht an Aontais, lena n-áirítear i measc na gcodanna is mó atá ar son an Aontais de shochaí na Tuirce, ar bhealach a thógfaidh tamall fada le leigheas; á iarraidh ar ambasadóir an Aontais agus ar ambasadóirí Bhallstáit an Aontais sa Tuirc filleadh ar chuairt a thabhairt ar dhaoine mór le rá atá i bpríosún, freastal ar thrialacha ábhartha, cur in aghaidh go poiblí spriocdhíriú leanúnach na bpáirtithe polaitiúla agus chomhaltaí an fhreasúra agus na nguthanna easaontacha, agus ábhair imní a chur in iúl go córasach le húdaráis na Tuirce i ndáil leis sin, agus dlúth-rannpháirtíocht á coinneáil ar bun leis an tsochaí shibhialta ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Croílár an phróisis aontachais: an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an creimeadh tromchúiseach leanúnach ar an smacht reachta agus ar neamhspleáchas na mbreithiúna sa Tuirc, faoi chreat léirmhíniú forlámhach atá daingnithe go domhain ar an gcóras uachtaránachta; á chur in iúl gur saoth léi an chniogbheartaíocht agus na himeachtaí dlíthiúla treallacha a chuireann breithiúna na Tuirce i bhfeidhm ar pholaiteoirí, iriseoirí, dlíodóirí, gníomhaithe, ealaíontóirí agus aon duine ar mian leis guth criticiúil a ardú; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, an laghdú atá ag teacht ar an spás do shaoirse na meán, do ghníomhaíocht shibhialta agus don cheart chun tionóil sa tír agus á iarraidh ar an rialtas an treocht sin a aisiompú sula mbeidh sé ródhéanach; á iarraidh go nglacfaí bearta struchtúracha lena bhféadfar feabhas suntasach a chur ar neamhspleáchas na mbreithiúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa neamhchlaontachta agus neamhspleáchais agus an úsáid fhorleathan a bhaineann ionchúisitheoirí agus breithiúna araon as caighdeáin dhúbailte sna breithiúna, go háirithe maidir le cásanna a bhaineann le hoifigigh mhaslacha nó le cúisimh éillithe; ag tabhairt dá haire nach gcaitear le lucht tacaíochta rialtais ar an mbealach céanna le comhaltaí an fhreasúra; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, an cleachtas neamhdhleathach maidir le breithiúna atá ag obair ar chásanna polaitiúla a bhaint agus a easáitiú go treallach, rud a dhéanann difear suntasach do neamhchlaontacht an phróisis; á iarraidh ar bhreithiúna na Tuirce deireadh a chur le húsáid fianaise ó fhinnéithe rúnda, cleachtas a tharlaíonn go háirithe arís agus arís eile i gcásanna ardphróifíle agus ina nglactar le fianaise gan fíorú maidir le cad is sárú soiléir ar an gceart chun triail chóir a fháil ann agus atá contrártha le cásdlí Chúirt Eorpaigh um Chearta an Duine; á thabhairt chun suntais go mbíonn sáruithe tromchúiseacha ar thoimhde dhlíthiúil na neamhchiontachta de shárú ar fhreagrachtaí dlíthiúla idirnáisiúnta agus ar dhlí intíre na Tuirce mar thoradh ar an úsáid mhí-úsáideach sin a bhaintear as imeachtaí dlíthiúla; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí go bhfuil meath tromchúiseach tagtha ar cháilíocht na n-imeachtaí breithiúnacha sa Tuirc, a breathnaíodh go háirithe i gcáilíocht íseal na ndíotálacha, de shárú ar chaighdeáin dhlíthiúla intíre agus idirnáisiúnta araon; ag cur béim ar Chomhairle Bhreithiúna agus Ionchúisitheoirí na Tuirce agus ar an easpa shoiléir neamhspleáchais atá aici ón rialtas maidir le breithiúna agus ionchúisitheoirí a roghnú, a earcú agus a chur chun cinn mar phríomhthoisc lena gcumasaítear armú d’aon ghnó na mbreithiúna chun easaontú a chur faoi chois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, cé go bhfuil móiminteam nua á fháil ar ais ag beartas an Aontais um méadú faoi láthair, go bhfuil an deis sin in easnamh ar an Tuirc mar gheall ar easpa athchóirithe daonlathacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é an chéad chéim chun an deis sin a thapú cloí le rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Chúirt Bhunreachtúil na Tuirce; á chur in iúl go bhfuil uafás uirthi i gcónaí ag údaráis na Tuirce, agus go háirithe ag breithiúna na Tuirce, neamhaird leanúnach agus mainneachtain rialuithe suntasacha ón gCúirt Bhunreachtúil agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm, rud a bhaineann an bonn den deimhneacht dhlíthiúil agus a bhuanaíonn sáruithe sistéamacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, na himeachtaí fada um shárú ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, as ar eascair mainneachtain gníomhú go héifeachtach chun breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh na mbreithiúnas sin a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bealaí taidhleoireachta uile a úsáid chun tathant ar an Tuirc rialuithe ábhartha ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a chur chun feidhme agus breithniú a dhéanamh ar choinníollacht chistiúcháin ábhartha a chur chun feidhme i ndáil le rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chomhlíonadh; ag cáineadh go láidir cinneadh leanúnach agus d’aon ghnó údaráis na Tuirce daoine mór le rá amhail iar-chomhchathaoirligh pháirtí HDP Selahattin Demirtaş agus Figen Yüksekdağ –ar feadh níos mó ná 9 mbliana – agus cosantóir chearta an duine Osman Kavala – ar feadh níos mó ná 8 mbliana – a choinneáil i bpríosún go neamhdhleathach, ar fhorais pholaitiúla, d’ainneoin rialuithe ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll iad; á chur in iúl gur cúis uafáis di, in ionad é a shaoradh láithreach, go bhfuair Selahattin Demirtaş, an 6 Eanáir 2026, pianbhreith phríosúin bhreise de níos mó ná bliain amháin i gcás difriúil bunaithe ar óráidí a tugadh ar ais in 2015, d’ainneoin na dtrí rialú shuntasacha anois ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ag iarraidh go scaoilfí saor é, a ndearnadh an ceann deireanach díobh críochnaitheach an 3 Samhain 2025; á mheas gur mí-úsáid thromchúiseach cumhachta iad na gníomhaíochtaí sin agus gur léiriú iad ar dhíspeagadh neamhnáireach ar an smacht reachta; ag tathant ar an Tuirc arís breithiúnais uile na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 46 de Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí neamhchoinníollacha a dhíorthaítear ó Airteagal 90 de Bhunreacht na Tuirce lena n-áirítear rialú 2023 na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in <STRING ITALIC="on">Yüksel Yalçınkaya</STRING> v <STRING ITALIC="on">Türkiye</STRING> agus cásanna gaolmhara; ag tabhairt dá haire cinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine gan cúiteamh a dhámhachtain nó costais dhlíthiúla a chumhdach sna mílte cás leantach, a d’fhéadfadh a bheith éagórach d’iarratasóirí agus ar neamhréir le cleachtas na cúirte roimhe seo; á iarraidh ar an Tuirc breithiúnais a bhaineann le daoine agus maoin atá ar iarraidh sa Chipir a urramú freisin, lena n-áirítear cinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 24 Eanáir 2008 i gcás dhúnmharuithe Tassos Isaak agus Solomos Solomou; á iarraidh ar údaráis na Tuirce na barántais ghabhála idirnáisiúnta in aghaidh na n-amhrastach dúnmharaithe a fhorfheidhmiú, agus iad a thabhairt ar láimh do Phoblacht na Cipire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ghéarchéim bhunreachtúil atá ag dul i méid sa Tuirc mar gheall ar dhiúltú gnáthchúirteanna breithiúnais cheangailteacha ón gCúirt Bhunreachtúil nó cinntí eile ó chomhlachtaí breithiúnacha ábhartha níos airde a chomhlíonadh, ar réabadh soiléir é ar an dlíchóras; ag cáineadh choinneáil leanúnach chosantóir chás Gezi, Can Atalay, d’ainneoin dhá chinneadh cheangailteacha ón gCúirt Bhunreachtúil, agus ag cáineadh go láidir gur baineadh a shainordú parlaiminteach go neamhdhleathach de dheasca easpa oscailte ráthaíochtaí bunreachtúla agus thoil dhaonlathach na dtoghthóirí; ag cáineadh chinneadh 13ú hArd-Chúirt Choiriúil Iostanbúl diúltú d’ordú atrialach na Cúirte Bunreachtúla i gcás Tayfun Kahraman, cosantóir cáis Gezi eile a bhfuil a shláinte tar éis dul in olcas go mór le déanaí, ag diúltú do na hiarrataí ar stop a chur le forghníomhú na pianbhreithe agus é a scaoileadh saor; á chur in iúl gur cúis uafáis di gur ciontaíodh Ayşe Barım, bainisteoir tallainne mór le rá, le déanaí as rannpháirtíocht líomhnaithe in agóid Pháirc Gezi 13 bliana ó shin d’ainneoin easpa fianaise ar éagóir; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur dhiúltaigh an 13ú Dlísheomra Riaracháin den Chúirt Riaracháin Réigiúnach Ankara cloí le cinneadh suntasach na Comhairle Stáit i gcás Hafize Öztürk Türkmen – an chéad cheann a bhain le duine de ‘acadóirí na síochána’ – agus gur cheart é a chur ar ais ina phost ollscoile; á iarraidh go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll gach duine atá faoi choinneáil go treallach, go scaoilfí cúisimh in aghaidh na ndaoine sin a ionchúisíodh as a gcearta bunúsacha a fheidhmiú amháin, agus go gcuirfí deireadh le mí-úsáid sásraí frithsceimhlitheoireachta agus breithiúnacha chun easaontú a chur ina dtost;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cáineadh spriocdhíriú gan staonadh Rialtas na Tuirce ar pháirtithe polaitiúla agus ar chomhaltaí an fhreasúra, a bhí an-dian le bliain anuas i gcás phríomhpháirtí an fhreasúra CHP, rud a bhog an Tuirc níos faide fós ó iomaíocht páirtí atá teoranta cheana féin i dtreo riail atá go hiomlán forlámhach; ag cáineadh go láidir gur cuireadh Cathaoirleach tofa CHP Özgür Özel agus ceannaireacht an pháirtí as oifig ar chúiseanna polaitiúla, tar éis rialú cúirte lenar dearbhaíodh go raibh comhdháil CHP 2023 ar neamhní go hiomlán agus lenar roghnaíodh ceannaireacht an iarpháirtí a chur ar ais in oifig; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce deireadh a chur leis na teaicticí mí-úsáide sin, ar ionsaí tromchúiseach iad ar iolrachas daonlathach, ar an smacht reachta, agus ar thoil cheannasach chomhaltaí an pháirtí agus vótálaithe sa Tuirc; á mheas gurb é an cás sin an sampla is déanaí de phatrún níos leithne de chos ar bolg i gcoinne an fhreasúra, lena mbaineann an córas breithiúnach a úsáid mar uirlis troda agus é mar aidhm leis deireadh a chur le hiomaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtoghcháin amach anseo, agus ar an gcaoi sin an Tuirc a dhaingniú tuilleadh i gcóras atá go hiomlán forlámhach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit fionraí ceannaireachta CHP a cháineadh go poiblí agus go príobháideach ina mhalartuithe le Rialtas na Tuirce agus dul i dteagmháil ar bhealach níos cuidithí le páirtithe an fhreasúra sa Tuirc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na rioscaí a bhaineann le géarchéim inmheánach fhada laistigh de phríomhpháirtí an fhreasúra in éagmais comhdháil ghasta a chuirfeadh ar chumas chomhaltaí an pháirtí a gceannaireacht a chinneadh go daonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir coinneáil leanúnach agus cur as oifig Mhéara Bardas Cathrach Iostanbúl, Ekrem İmamoğlu, ó Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh, i gcás polaitiúil ollmhór a bhfuil tionchar aige ar níos mó ná 400 cosantóir lena n-áirítear méaraí ceantair agus oifigigh, a bhfuil 105 díobh faoi choinneáil réamhthrialach faoi láthair; ag diúltú go láidir do chinneadh chúirt réigiúnach Ankara, an 21 Bealtaine 2026, cinneadh an 38ú gnáthchoinbhinsiún agus an 21ú coinbhinsiún urghnách de chuid Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh a neamhniú agus iarcheannaire Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh Kemal Kılıçdaroğlu a athshuí thar an gceannaire reatha Özgür Özel; á mheas gur sampla mínáireach é an rialú sin de chur isteach ón stát ar ábhair inmheánacha an pháirtí freasúra is mó; ag cáineadh, thairis sin, gur gabhadh, an 4 Aibreán 2026, an méara freasúra tofa Mustafa Bozbey, in éineacht le roinnt comhaltaí Pháirtí an Phobail Phoblachtaigh, ar chúisimh bhréagacha éillithe agus breabaireachta; á mheas gur fianaise bhreise iad na forbairtí sin ar ídiú sistéamach an rialachais dhaonlathaigh agus an iolrachais pholaitiúil ar an leibhéal áitiúil sa Tuirc; á chur in iúl gur geal léi na cuairteanna a thug méaraí agus ionadaithe cathrach agus comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún ar an Tuirc le déanaí lena léirítear a ndlúthpháirtíocht agus a dtacaíocht leis na cosantóirí; ag athdhearbhú a n-éilimh go n-urramófaí saoirsí bardasacha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur glacadh leis an díotáil beagnach 4 000 leathanach, a ullmhaíodh faoi fhreagracht iar-Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Iostanbúl Akın Gürlek, ina bhfuil İmamoğlu cúisithe as líonra coiriúil ollmhór a stiúradh agus 142 chion a dhéanamh a bhféadfadh pianbhreith suas le 2 430 bliain sa phríosún a bheith mar thoradh orthu; á chur in iúl gur geal léi cinneadh suntasach na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine glacadh le hiarratas İmamoğlu maidir le coinneáil neamhdhleathach líomhnaithe faoina nós imeachta ‘cás tosaíochta’; ag cáineadh an spriocdhírithe sheanbhunaithe ar Ekrem İmamoğlu, iarrthóir uachtaránachta reatha um Páirtí an Phobail Phoblachtaigh, trí lúbra ar an iliomad imscrúduithe, cásanna breithiúnacha forluiteacha agus cinntí treallacha riaracháin, lena n-áirítear díotáil eile a rinneadh le déanaí ar chúisimh maidir le ‘spiaireacht pholaitiúil’ agus cúlghairm neamhdhleathach agus pholaitiúil a dhioplóma ollscoile, rud atá riachtanach chun go mbeidh sé i dteideal a bheith ina Uachtarán ar an Tuirc; á chur in iúl gur saoth léi an 5ú cinneadh ón gCúirt Riaracháin in Iostanbúl an 23 Eanáir 2026 diúltú d’iarraidh İmamoğlu an cinneadh cúlghairme a chur ar ceal; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di líon ollmhór na nósanna imeachta a comhdaíodh ag GNAT lena n-iarrtar deireadh a chur le díolúine pharlaiminteach na dTeachtaí Parlaiminte reatha, rud a dhéanann difear ollmhór do chomhaltaí pháirtithe an fhreasúra; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann na gníomhaíochtaí sin an bonn den ionchas go mbeidh comhpháirtíocht níos cuimsithí idir an Aontais agus an Tuirc agus go mbeidh caidreamh feabhsaithe foriomlán ann; á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile sa Tuirc páirt thromchúiseach a ghlacadh i neartú GNAT mar sheomra iolraíoch, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair shochaí na Tuirce, agus chun an dúshraith a leagan síos do thodhchaí dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an meath breise ar an daonlathas áitiúil sa Tuirc; ag cáineadh go láidir dífhostú agus gabháil 39 méara tofa ar a laghad ó pháirtithe freasúra agus ó na scórtha oifigeach áitiúil, chomh maith le hiontaobhaithe arna gceapadh ag an rialtas a chur in ionad 13 mhéara, go minic i ndáil le cur i bhfeidhm róleathan agus treallach reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta na Tuirce nó líomhaintí éillithe gan bhunús; á athdhearbhú gur ionsaí follasach é an cleachtas seanbhunaithe sin iontaobhaithe a cheapadh ar na prionsabail is bunúsaí den daonlathas áitiúil; ag tathant ar údaráis na Tuirce deireadh a chur láithreach leis an gcos ar bolg atá á déanamh ar bhardais an fhreasúra agus an chos ar bolg sin a aisiompú – lena n-áirítear trí shócmhainní airgeadais a urghabháil go roghnaíoch – agus cearta vótálaithe a n-ionadaithe roghnaithe a urramú i gcomhréir leis na moltaí ón gComhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha Chomhairle na hEorpa agus ó Choimisiún na Veinéise; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an t-athchóiriú dlíthiúil a rinneadh le déanaí lena gceanglaítear ar rialtais áitiúla, ar a n-eintitis chleamhnaithe agus ar chuideachtaí atá faoi rialú bardasach formheas uachtaránachta a fháil sula mbunófar cuideachtaí nó comharchumainn agus sula ndéanfar cinntí airgeadais straitéiseacha eile, agus ar an gcaoi sin formhaoirseacht feidhmiúcháin lárnach ar chinnteoireacht eacnamaíoch áitiúil a leathnú go suntasach agus an bonn a bhaint tuilleadh de neamhspleáchas na rialtas áitiúil atá ag laghdú; á thabhairt chun suntais go lagaíonn díchóimeáil an daonlathais áitiúil acmhainneacht an stáit go suntasach, go háirithe maidir le soláthar seirbhísí, freagairt ar ghéarchéimeanna (amhail creathanna talún) agus seirbhísí sóisialta do dhídeanaithe agus do ghrúpaí leochaileacha, agus, dá bhrí sin, go gcuireann sé slándáil an duine i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cáineadh an chiaptha agus na n-ionsaithe ar dhlíodóirí cosanta mar gheall ar a ngníomhaíochtaí gairmiúla, mar a léirítear le príosúnacht leanúnach Mehmet Pehlivan (dlíodóir Ekrem İmamoğlu) nó leis an bpianbhreith 11 bhliain a gearradh le déanaí i bpríosún Ramazan Demir (dlíodóir Selahattin Demirtaş); á mheas gur cur isteach do-ghlactha ar an gceart chun cosanta agus ar ghairm an dlí iad na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí eile in aghaidh dlíodóirí, atá ar cheann de na gnéithe bunúsacha de bhreithiúnacht fheidhmiúil agus den smacht reachta; á chur in iúl gur geal léi éigiontú an 26ú Cúirt Choiriúil Throm in Iostanbúl ar chúisimh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a rinne uachtarán agus 10 gcomhalta de bhord feidhmiúcháin Chomhlachas Bharra Iostanbúl ach á chur i bhfáth nár cheart gur tharla an cás coiriúil sin ar an gcéad dul síos; á iarraidh ar údaráis na Tuirce coimircí a chur chun feidhme maidir le neamhspleáchas, sábháilteacht agus uathriail dlíodóirí agus a áirithiú nach gcuirfear dlíodóirí agus a gcomhlachtaí gairmiúla faoi réir ionchúisimh ná brú míchuí eile chun a bhfeidhmeanna dleathacha a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh cearta gairmithe dlí ailínithe le caighdeáin Chomhairle na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi ionchúiseamh, cinsireacht agus ciapadh leanúnach iriseoirí agus na meán neamhspleách, lena ndiúltaítear dóibh an tsaoirse a ndualgais ghairmiúla a chomhlíonadh agus an pobal a chur ar an eolas, rud atá bunriachtanach do shochaí dhaonlathach fheidhmiúil; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ina léirítear go bhfuil suas le 90 % de na meáin náisiúnta ar son an rialtais nó faoi rialú an rialtais anois; á chur in iúl gur oth léi go mór, i ndáil leis sin, gur urghabh Rialtas na Tuirce TELE1, ceann den bheagán craoltóirí criticiúla atá fós ann, atá faoi rialú iontaobhaí anois, agus á mheas gur ionsaí d’aon ghnó é sin ar shaoirse na meán; ag cáineadh chiapadh iriseoirí neamhspleácha a d’fhulaing, in 2025, líon méadaithe gabhálacha agus coinneála a bhain go príomha le cúisimh maidir le ‘ballraíocht in eagraíocht sceimhlitheoireachta’, ‘an tUachtarán a mhaslú’ nó leis an sárú líomhnaithe ar an dlí maidir le tionóil agus léirsithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cásanna an tuairisceora Deutsche Welle Alican Uludağ a gabhadh mar thoradh ar phostálacha ar na meáin shóisialta a rinneadh níos mó ná bliain ó shin, a coinníodh i bpríosún uas-slándála ar feadh 90 lá agus a scaoileadh saor le deanaí, cé nár tarraingíodh siar na cúisimh ina choinne agus atosófar a thriail i mí Mheán Fómhair, an príomheagarthóir TELE1 Merdan Yanardağ, atá i bpríosún faoi láthair faoi líomhaintí ‘spiaireachta’, an tuairisceora Medyascope Furkan Karabay, a gabhadh arís agus arís eile le trí bliana anuas agus a cuireadh faoi bhraighdeanas baile le déanaí ar feadh dhá mhí, láithreoir nuachta Sedef Kabaş, atá os comhair cás breithiúnach eile dá poist sna meáin shóisialta, an seaniriseor Fatih Altayli, a scaoileadh saor le déanaí ar feitheamh a achomhairc ar phianbhreith níos mó ná ceithre bliana i bpríosún ar chúisimh bhréigiúla as bagairt fhisiciúil a dhéanamh ar Uachtarán na Tuirce, an tuairisceoir BirGün İs Armail, a gabhadh le déanaí ar chúisimh líomhnaithe maidir le ‘mí faisnéise’ as a chuid oibre imscrúdaithe, agus iriseoir Sualannach Joakin Medin, i measc daoine eile; á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll gach iriseoir atá á choinneáil go héagórach; á chur in iúl gur saoth léi go mór ionstraimiú na hArdchomhairle Raidió agus Teilifíse, ar cheart di a bheith neamhspleách, chun na meáin neamhspleácha a shrianadh tuilleadh trí smachtbhannaí airgeadais agus craolacháin, a fhorchuirtear go mór ar eagraíochtaí criticiúla; á chur in iúl gur saoth léi na gníomhaíochtaí iomadúla agus córasacha in aghaidh na saoirse chun tuairimí a nochtadh ar líne, lena n-áirítear srianta arís agus arís eile ar rochtain ar an idirlíon, srianadh bandaleithid, toirmisc chraolta agus bac a chur ar chuntais líonraí sóisialta, suíomhanna gréasáin agus na mílte scéalta nuachta, mar aon le hiarrataí ar ábhar a bhaint atá ceaptha iriseoirí agus gnáthshaoránaigh a chur ina dtost, go minic ar fhorais na ‘slándála náisiúnta agus an oird phoiblí’; ag cáineadh ionstraimiú forálacha dlíthiúla ag údaráis na Tuirce chun srian a chur le hobair iriseoirí agus chun brú spriocdhírithe a chur orthu; á iarraidh ar údaráis na Tuirce cosaint na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán a áirithiú láithreach agus a ráthú nach mbainfear an tsaoirse d’aon duine aonair chun a gcearta bunúsacha a fheidhmiú go síochánta, agus chuige sin amháin, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na Tuirce maidir le cearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí toirmisc ar thionóil, go minic ar fhorais gan bhunús, agus úsáid iomarcach fornirt in aghaidh léirsitheoirí síochánta; á chur i bhfáth go bhfuil na cleachtais sin ag teacht salach ar na ráthaíochtaí don cheart chun comhthionóil shíochánta faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na Tuirce agus go bhfuil siad fós ag teacht salach ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an tionchar a bhíonn ag na sáruithe sin ar shaoirsí aonair ar ghluaiseacht na mac léinn agus gur cosúil go bhfuil raon leathan gníomhaíochtaí diansmachta á n-úsáid – lena n-áirítear coinneáil threallach, imscrúduithe araíonachta, ciorruithe scoláireachta, díshealbhuithe ó suanliosanna, cinsireacht na meán agus foréigean fisiciúil – agus é mar aidhm leo láithreacht daoine óga sa réimse poiblí a theorannú; á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh líon mór daoine aonair a choinneáil nó a chur faoi réir bearta rialaithe bhreithiúnaigh mar gheall ar a mballraíocht in eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus i gcumainn bharra, nó a rannpháirtíocht i léirsithe, go háirithe na léirsithe a tionóladh tar éis Mhéara Iostanbúl Ekrem İmamoğlu a ghabháil agus a choinneáil, agus agóidí a bhaineann leis an 1 Bealtaine, agus cearta do mhná agus do dhaoine LADTI+; ag aithint roinnt céimeanna dearfacha, lena n-áirítear roinnt cinntí éigiontaithe, ach ag tathant ar údaráis na Tuirce seasamh leis an tsaoirse comhthionóil agus agóide gan srianta míchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chaoi a bhfuil údaráis na Tuirce ag cothú clár oibre morálta cúlchéimnitheach bunaithe ar chur chuige reiligiúnach i ngach réimse den tsochaí, rud atá i gcodarsnacht shuntasach le bunsraitheanna tuata Phoblacht na Tuirce, mar a chumhdaítear ina bunreacht; ag tabhairt dá haire gur féidir an t-athrú méadaitheach sin, a chuirtear chun cinn leis an gcomhghuaillíocht rialaithe, a thabhairt faoi deara sa reachtaíocht, sa dioscúrsa polaitiúil, san oideachas, sa saol cultúrtha agus sna meáin, rud a ardaíonn ceisteanna tromchúiseacha faoi laghdú an tuatachais, an iolrachais agus na saoirsí bunúsacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cinneadh Rialtas na Tuirce cás dlí a chomhdú in aghaidh 168 sínitheoir, lena n-áirítear iriseoirí, ealaíontóirí agus acadóirí, an dearbhaithe ‘We Defend Secularism Together’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí staid na saoirse acadúla agus an neamhspleáchais institiúidigh, mar a léirítear leis an staid atá ag dul in olcas in Ollscoil Boğaziçi ó ceapadh a reachtaire, in 2021, le cinneadh ó Uachtarán na Tuirce; á mheas gur imeacht breise ó chaighdeáin an Aontais maidir leis an tsaoirse acadúil é an leathnú sin ar an tsamhail iontaobhaí chuig institiúidí acadúla, a bhfuil tionchar diúltach soiléir aige ar shaol acadúil agus ar fheidhmíocht na hinstitiúide, rud a léiríonn iarrachtaí an rialtais rialú níos doichte a dhéanamh ar aon spás d’easaontú a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar údaráis na Tuirce rialachas daonlathach agus neamhspleáchas a áirithiú in ollscoileanna na tíre agus deireadh a chur leis an gcniogbheartaíocht ar mhic léinn atá ag tarlú trí shrianta ar a saoirse comhlachais agus ar a saoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar a gceart a bheith rannpháirteach go hiomlán agus gan bhac sa saol acadúil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cás Ollscoil Bilgi – a dúnadh go tobann le foraithne ón Uachtarán an 22 Bealtaine 2026 agus a athosclaíodh trí lá ina dhiaidh sin tar éis frithfhreagairt shuntasach phoiblí agus agóidí forleathana ó mhic léinn agus ón lucht acadúil – mar shampla eile fós de bhagairtí ar an tsaoirse acadúil, ar neamhspleáchas institiúideach, agus ar idirghabháil stáit san ardoideachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí staid chearta na mban, agus go háirithe an t-ardleibhéal foréigin inscnebhunaithe agus minicíocht ard feimeamharaithe sa Tuirc; ag tathant ar údaráis na Tuirce feabhas a chur ar an gcreat reachtach agus ar a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí Dhlí Cosanta Uimh. 6284 a chur i bhfeidhm go hiomlán, chun dul i ngleic go héifeachtach le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus le cleachtas na maruithe onóra, mar a thugtar orthu, sásraí cosanta níos láidre a chur ar fáil agus deireadh a chur leis an mbeartas leanúnach maidir le saoirse ó phionós trí mhí-úsáideoirí a thabhairt chun cuntais; á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin gur dhearbhaigh Rialtas na Tuirce gurb é 2025 ‘Bliain an Teaghlaigh’, gur roghnaigh sé cur chuige an-idé-eolaíoch agus cúlchéimnitheach lena ndírítear ar chomhionannas inscne mar bhagairt, lena laghdaítear infheictheacht na mban sa spás poiblí tuilleadh, agus lena gcaitear go minic le foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní mar ábhar teaghlaigh príobháideach, rud a chuireann le saoirse ó phionós; á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir tarraingt siar na Tuirce, le foraithne uachtaránachta, ó Choinbhinsiún Iostanbúl agus á iarraidh an athuair an cinneadh sin a aisiompú agus é a athdhearbhú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil brú méadaitheach fós ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn ag déileáil le cearta na mban, lena n-áirítear trí chiapadh córasach riaracháin agus ionchúisimh bhreithiúnacha; ag tathant ar Rialtas na Tuirce aghaidh a thabhairt ar an easpa leanúnach comhionannais inscne sa saol eacnamaíoch, ós rud é go bhfuil ceann de na rátaí rannpháirtíochta is ísle i measc na mban sa lucht saothair i measc thíortha ECFE ag an Tuirc, chomh maith le leibhéal íseal leanúnach rannpháirtíochta ag mná i bpróisis chinnteoireachta agus ceaptha beartas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cáineadh go leanúnach na sáruithe leanúnacha agus an easpa cosanta ar chearta bunúsacha daoine LADTI+ sa Tuirc, lena n-áirítear coinneáil threallach, buanseasmhacht na fuathchainte, coireanna fuatha, ionsaithe fisiciúla agus reitric idirdhealaitheach, agus steiréitíopáil agus stiogmatú leanúnach na meán ar bhonn gnéaschlaonta agus féiniúlachta inscne; á chur in iúl gur saoth léi, in ionad dul i ngleic leis an idirdhealú leanúnach sin, gur threisigh údaráis na Tuirce a gcos ar bolg fiú trí úsáid a bhaint as tionscnamh Bhliain an Teaghlaigh mar ardán chun díriú go sonrach ar an bpobal LADTI+ agus ar a gcearta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di roinnt dréacht-tograí dlí a sceitheadh le bliain anuas, lena n-áirítear, den chéad uair i stair Phoblacht na Tuirce, coiriúlú a dhéanamh ar aon léiriú ar fhéiniúlachtaí LADTI+ agus ar ghníomhaíocht ghnéasach chomhghnéis chomhthoiliúil; á iarraidh ar údaráis na Tuirce staonadh ó aon athchóiriú ar chód pionósach na Tuirce lena sárófaí oibleagáidí idirnáisiúnta na Tuirce, lena n-áirítear iad sin faoi ECHR; á chur in iúl gur oth léi go mór gur lean Rialtas na Tuirce in 2025 de thoirmeasc a chur ar fhéasta Kuir agus ar mhí an Mhárta Pride in Iostanbúl agus in áiteanna eile, chomh maith le go leor gníomhaíochtaí frith-homafóibe eile, agus cead oifigiúil á thabhairt ag an am céanna le haghaidh slógaí agus léirsithe frith-LADTI+ lena gcuirtear eisiamh agus idirdhealú chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi dúnadh breithiúnach Chumann LADTI+ Genç İzmir-bhunaithe, i measc ciapadh méadaithe ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar shaincheisteanna LADTI+,’ bunaithe ar chúisimh maidir le ‘gáirsiúlacht’ atá á n-úsáid níos mó agus níos mó chun díriú ar ghníomhaithe agus ar ealaíontóirí, lena n-áirítear an t-amhránaí pop Turcach Mabel Matiz; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an 23 Feabhra 2026 ó chúirt in Ankara cosantóir chearta an duine agus gníomhaí LADTI+ Enes Hocaoğulları a éigiontú as gach cúiseamh; á chur in iúl gur oth léi an t-ionchúiseamh gan údar a d’fhulaing sé, lena n-áirítear 35 lá de choinneáil réamhthrialach as a shaoirse cainte a fheidhmiú ag comhdháil de Chomhairle na hEorpa i mí an Mhárta 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí), i bhfianaise an chúlaithe dhaonlathaigh thromchúisigh a thuairiscítear thuas, machnamh a dhéanamh ar bhearta sriantacha faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, lena n-áirítear sócmhainní san Aontas a reo, in aghaidh oifigigh na Tuirce atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha d’aon ghnó ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, lena n-áirítear na hoifigigh sin a ghlacann ról an iontaobhaí agus iad sin a cheapann iad, nó iad sin ar príomhghníomhaithe iad i gcóras diansmachta an stáit, amhail iar-Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Iostanbúl Akın Gürlek; á chur in iúl gur cúis uafáis di an cur chun cinn a rinne sé le déanaí chuig an Aire Dlí agus Cirt, rud a léiríonn go raibh sé i gcónaí ina ghníomhaí polaitiúil tar éis clár oibre polaitiúil; á chur in iúl go bhfuil dlúthpháirtíocht láidir aici le sochaí shibhialta na Tuirce, le cearta an duine, le heagraíochtaí na mban agus le heagraíochtaí LADTI+, le tionscnaimh don óige, le seomraí gairmiúla, le comhlachais bharra agus le ceardchumainn; á athdhearbhú a tuairime gur cheart cúnamh airgeadais agus teicniúil an Aontais a bheith dírithe i gcónaí ar na grúpaí sin agus gur cheart é a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cáineadh cásanna tuairiscithe de chos ar bolg trasnáisiúnta atá dírithe ar náisiúnaigh Thurcacha thar lear, lena n-áirítear imeaglú, filleadh éigeantach agus mí-úsáid sásraí comhair idirnáisiúnta; ag cáineadh ghníomhaíochtaí na Tuirce a bhain an bonn de chomhtháthú sóisialta, slándáil agus próisis dhaonlathacha na hEorpa, lena n-áirítear cur isteach ar ghnóthaí inmheánacha na mBallstát trí phobail diaspóra agus úsáid a gníomhaireacht stáit Anadolu mar orgán bolscaireachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an ghluaiseacht chiníoch antoisceach den eite dheis Ülkü Ocakları, ar a dtugtar na Grey Wolves freisin, atá nasctha go dlúth le Páirtí na Gluaiseachta Náisiúnaí atá sa chomhrialtas rialaithe, ag scaipeadh ní hamháin sa Tuirc ach freisin i mBallstáit an Aontais; ag iarraidh ar an Aontais agus ar a Bhallstáit féachaint an bhféadfaí a gcomhlachais i dtíortha an Aontais a thoirmeasc; ag cáineadh bheartas údaráis na Tuirce maidir le tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, na meán agus lóistíochta do ghluaiseachtaí atá cleamhnaithe leis an mBráithreachas Moslamach agus atá ag feidhmiú laistigh de chríoch roinnt Ballstát de chuid an Aontais chomh maith le comharsanacht an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le tionchar idé-eolaíoch, cistiú agus earcaíocht; á iarraidh ar an Tuirc deireadh a chur le gach cineál tacaíochta do na heagraíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid uafásach i bpríosúin na Tuirce mar gheall ar phlódú trom agus drochdhálaí maireachtála, le tuairiscí, lena n-áirítear ó Chomhairle na hEorpa, go bhfuil céasadh agus drochíde forleathan, agus rochtain ar bhunriachtanais amhail sláinteachas agus cúram sláinte, agus faisnéis a bheith an-teoranta; ag tabhairt dá haire go dtuairiscítear go bhfuil mná torracha á gcoinneáil faoi choinneáil réamhthrialach, lena n-áirítear cásanna breithe linbh faoi choimeád; ag tathant ar an Tuirc tosaíocht a thabhairt do bhearta neamhchoimeádta do mhná torracha agus a áirithiú go gcuirfear Rialacha Bangkok na Náisiún Aontaithe maidir le príosúnaigh ar mná iad chun feidhme go hiomlán; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na coinníollacha príosúnachta do mhionaoisigh, do dhaoine scothaosta agus do phríosúnaigh atá go dona tinn, ar coinníollacha iad a thuairiscítear nach bhfuil ag luí leis na caighdeáin arna mbunú ag Coiste Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc; ag tabhairt dá haire na hathchóirithe dlíthiúla a rinneadh le déanaí ar an dlí maidir le príosúnacht, lenar réitíodh an bealach chun na mílte príosúnach a scaoileadh saor go luath nó go coinníollach; á iarraidh ar údaráis na Tuirce aon chur chun feidhme idirdhealaitheach ar na hathchóirithe sin a bhfuil údar polaitiúil leis a sheachaint agus tosaíocht a thabhairt do scaoileadh saor príosúnach leochaileach, lena n-áirítear daoine scothaosta, daoine breoite, daoine faoi mhíchumas agus máithreacha a bhfuil leanaí acu; á iarraidh ar údaráis na Tuirce a mbeartas príosúin a athchóiriú, chun aghaidh a thabhairt ar na ráthaíochtaí dlíthiúla neamhleora chun céastóireacht agus drochíde a chosc agus chun feabhas a chur ar a bhfreagairt ar chásanna ina gcáintear cásanna céastóireachta, drochíde agus mí-úsáide; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí ó eagraíochtaí áitiúla um chearta an duine ina dtugtar rabhadh go bhfuil méadú athnuaite tagtha ar fhuadach forfheidhmithe ó 2016 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag moladh údaráis agus páirtithe polaitiúla na Tuirce as a n-iarrachtaí i gcomhthéacs an tionscnaimh leanúnaigh ‘Tuirc atá saor ó sceimhlitheoireacht’, lenar réitíodh an bealach do dhul chun cinn suntasach amhail díscaoileadh fógartha na heagraíochta sceimhlitheoireachta Páirtí Oibrithe na Cordastáine (PKK); á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, an easpa gníomhaíochta tráthúla agus cinntithí ó Rialtas na Tuirce, a bhfuil sé níos laige agus níos leochailí i leith forbairtí seachtracha mar gheall ar a bhearta statacha agus a dhearcadh i leith na gcéad chéimeanna eile sa phróiseas, agus spás á chruthú ag an am céanna le haghaidh tuilleadh polaraithe; á chur i bhfios go láidir gur gá cosc a chur ar chur i bhfeidhm leathan na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta a úsáid chun srian a chur le gníomhaíocht pholaitiúil dhlisteanach, easaontas síochánta, obair na sochaí sibhialta agus na meáin neamhspleácha; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an t-atmaisféar cos ar bolg agus ciorrú an rialtais áitiúil dhaonlathaigh ag gabháil leis an tionscnamh; á chur in iúl gur oth léi an brú faoi chois polaitiúil leanúnach, an ciapadh breithiúnach agus na srianta ar chearta cultúrtha agus teanga atá os comhair na saoránach Coirdíneach, rud a bhaineann an bonn de phrionsabail dhaonlathacha agus o chomhtháthú sóisialta; ag tabhairt dá haire an tuarascáil chríochnaitheach ón gCoimisiún um Dhlúthpháirtíocht, Bráithreachas agus Daonlathas Náisiúnta a bunaíodh laistigh de GNAT; á chur in iúl go bhfuil súil aici go leanfaidh an próiseas ar aghaidh, agus ról lárnach aige do Pharlaimint na Tuirce, go dtí go gcuirfear réiteach síochánta agus inbhuanaithe ar fáil ar na gnéithe polaitiúla, sóisialta, daonlathacha agus slándála de shaincheist na gCoirdíneach agus go gcuirfear athchóirithe reachtacha chun feidhme le haghaidh cearta Coirdíneacha, rud a thabharfaidh athmhuintearas idir na grúpaí éagsúla i sochaí na Tuirce; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh an próiseas sin ina dheis chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní sheanbhunaithe maidir le cearta an duine agus chun institiúidí daonlathacha a threisiú; ag spreagadh na bpáirtithe leasmhara uile, go háirithe Rialtas na Tuirce, leas iomlán a bhaint as an bpróiseas sin chun athchóirithe a chur chun cinn agus cosaintí chearta an duine a neartú, tríd an bhfrithsceimhlitheoireacht a thabhairt isteach, ar réimse tábhachtach comhair fós í leis an Aontas, agus reachtaíocht eile agus a cur chun feidhme i gcomhréir le caighdeáin an Aontais agus Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, agus an cur chuige atá bunaithe ar an tslándáil agus a bhí i réim le deich mbliana anuas á fhágáil ar lár; á mheas gur comharthaí frithráiteacha agus imníocha iad roinnt forbairtí a rinneadh le déanaí, amhail leanúint den chóras iontaobhaí nó ciontuithe nua Selahattin Demirtaş, a dhlíodóra Ramazan Demir agus mhéara cheantar Esenyurt Iostanbúl Ahmet Özer, ar gearradh téarma príosúnachta os cionn 6 bliana air ar chúisimh ‘ballraíochta in eagraíocht sceimhlitheoireachta’ as a ról i gcomhaontas polaitiúil neamhfhoirmiúil idir a pháirtí, Páirtí an Phobail Phoblachtaigh agus páirtí DEM i dtoghcháin áitiúla 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Tuirce creat institiúideach a bhunú mar chuid lárnach d’aon phróiseas síochána marthanach, chun aghaidh a thabhairt ar fhuadach forfheidhmithe, ar easáitiú éigeantach agus ar sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine a eascraíonn as na blianta fada de choinbhleacht maidir le saincheist na gCoirdíneach; ag tathant go mbunófaí sásraí faireacháin iolraíocha agus go ndéanfaí eagraíochtaí um chearta an duine agus gníomhaithe na sochaí sibhialta a chuimsiú go fóinteach, lena n-áirítear i gcur chun feidhme mholtaí an Choimisiúin um Dhlúthpháirtíocht Náisiúnta, Bráithreachas agus Daonlathas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á aithint go soláthraíonn an Tuirc ráthaíochtaí dlíthiúla leormhaithe go ginearálta maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh agus go n-urramaítear saoirse adhartha go ginearálta sa tír; ag tathant ar údaráis na Tuirce aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá fós ann maidir le cearta mionlach eitneach agus reiligiúnach a chosaint, go háirithe maidir lena bpearsantacht dhlítheanach, cosaint agus cur chun cinn neamhleor teangacha mionlaigh, rochtain theoranta ar thacaíocht scolaíochta, srianta ar oiliúint, ceapadh agus comharbas cléire, rochtain shrianta ar na meáin agus ar fhógraíocht phoiblí i dteangacha mionlaigh, agus deacrachtaí leanúnacha maidir le cearta maoine a theachtadh; á iarraidh ar an Tuirc moltaí Choimisiún na Veinéise, rúin ó Chomhairle na hEorpa agus rialuithe ábhartha uile na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ina leith sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le pobal Cheartchreidmheach na Gréige ar oileáin Gökçeada (Imbros) agus Bozcaada (Tenedos); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil bacainní maorlathacha fós roimh ionadaithe ó admhálacha éagsúla, lena n-áirítear pobail neamh-Mhoslamacha agus Alevi, agus iad ag iarraidh ionaid adhartha a chlárú; á iarraidh ar an Tuirc an rialachán a bhfuiltear ag súil leis le fada maidir le comhaltaí boird a thoghadh i bhfondúireachtaí mionlaigh neamh-Mhoslamacha lena rialaítear ospidéil phobail a ghlacadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc urraim a thabhairt don ról atá ag an bPatrarcacht Éacúiméineach do Chríostaithe Cheartchreidmheacha ar fud an domhain agus aitheantas a thabhairt dá phearsantacht dhlítheanach agus d’úsáid phoiblí an teidil eaglasta Patrarc Éacúiméineach, i gcomhréir leis an moladh ábhartha ó Choimisiún na Veinéise; á iarraidh ar an Tuirc luach uilíoch iontach Hagia Sophia agus músaem Chora, atá inscríofa ar Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO, a urramú agus a chosaint go hiomlán; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar bhuartha di, nach bhfuil dhá chinneadh ó Choiste Oidhreachta Domhanda UNESCO 2021 agus 2023 curtha chun feidhme fós ag an Tuirc maidir lena hoibleagáidí bearta speisialta a dhéanamh chun na séadchomharthaí sin a chosaint; á chur in iúl gur saoth léi an easpa cosanta do Mhainistir Panagia Soumela, atá curtha chun cinn lena cur ar liosta Shéadchomharthaí Oidhreachta Domhanda UNESCO; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na gníomhartha loitiméireachta agus scriosta atá dírithe ar ionaid adhartha mhionlaigh; ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe fuatha leanúnacha in aghaidh mionlaigh Alevi, Chríostaí agus Ghiúdacha; á iarraidh ar údaráis na Tuirce imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh orthu sin atá freagrach as coireanna fuatha, lena n-áirítear fuathchaint, agus gach cineál idirdhealaithe a dhéantar in aghaidh mionlaigh, agus a áirithiú go gcuirfidh rialtóirí na meán caighdeáin i bhfeidhm in aghaidh gríosaithe agus fuathchainte, lena n-áirítear in aghaidh pobail reiligiúnacha, go háirithe pobail Alevi, Chríostaí agus Ghiúdacha; á chur in iúl gur geal léi an t-athoscailt atá beartaithe ar Chliarscoil Halki, atá dúnta ó 1971, mar chéim dhearfach thábhachtach chun cearta reiligiúnacha agus mionlaigh a aithint agus á iarraidh go gcuirfí deireadh leis na bacainní uile ar fheidhmiú cuí an chórais; á chur in iúl gur saoth léi cur i bhfeidhm bearta riaracháin le blianta beaga anuas, amhail cóid N-82 agus G-87, maidir leis na céadta tréadaithe Chríostaí eachtracha, misinéirí eachtracha agus a mbaill teaghlaigh, á n-ainmniú mar bhagairtí slándála náisiúnta gan fianaise, triail ná modhanna éifeachtacha achomhairc, rud a d’fhág gur díbríodh ón Tuirc iad nó gur diúltaíodh dóibh dul isteach sa tír an athuair; ag tathant ar Rialtas na Tuirce gach beart is gá a dhéanamh chun saoirse iomlán reiligiúnach agus neamh-idirdhealú a áirithiú laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe agus de réir <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> agus phrionsabail an Aontais; á iarraidh ar an Tuirc staonadh ó aon ráitis nó gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a léirmhíniú mar chur isteach ar ghnóthaí inmheánacha Bhallstáit an Aontais maidir le staid an mhionlaigh Mhoslamaigh i dTrás, i bhfianaise rialuithe ábhartha ECtHR;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha agus inbhuanaitheachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi clár leanúnach cobhsaíochta agus athchóirithe maicreacnamaíocha údaráis na Tuirce agus a dtiomantas an boilsciú a laghdú agus an fás á chosaint ag an am céanna, rud a laghdaigh boilsciú agus muinín fheabhsaithe i lira na Tuirce, mar is léir freisin ó chomhairliúcháin foirne CAI Airteagal IV sa Tuirc le déanaí; ag tabhairt dá haire, d’ainneoin na n-iarrachtaí sin, go bhfuil an staid eacnamaíoch fós leochaileach agus luaineach, agus go bhfuil tionchar fós ag torthaí an bheartais airgeadaíochta neamhortadocsach ar an gcostas maireachtála; ag tabhairt dá haire, ós rud é go mbeidh gá le beartas daingean airgeadaíochta agus beartas fioscach stuama chun fanacht ar an mbealach sin, gur cheart bearta a dhéanamh chun na daoine is leochailí, go háirithe pinsinéirí, a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbeidh tionchar diúltach ag creimeadh leanúnach an smachta reachta agus na deimhneachta dlíthiúla ar mhuinín infheisteoirí agus ar an ngeilleagar; á chur i bhfáth go n-éilíonn forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe institiúidí daonlathacha láidre, an smacht reachta, deimhneacht dhlíthiúil agus urraim do chearta bunúsacha; á thabhairt chun suntais an tionchar ollmhór airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na n-údarás, mar a léirítear le gabháil Mhéara Iostanbúl i mí an Mhárta 2025, rud a spreag suaitheadh airgeadais agus eis-sreafaí móra caipitil, rud a chuir iallach ar na húdaráis ábhartha bearta urghnácha a dhéanamh chun titim an lira a chosc, muinín infheisteoirí a athbhunú agus cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, ar chostas laghdú suntasach ar chúlchistí oifigiúla; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid fhorleathan na gcumhachtaí urghnácha a deonaíodh don Chiste Árachais Taisce Choigiltis, a d’urghabh agus a cheap iontaobhaithe do na céadta cuideachtaí príobháideacha, lena n-áirítear ilchuideachtaí móra agus cuideachtaí meán amhail TELE1, rud a fhágann go bhfuil an Ciste Árachais Taisce Choigiltis ar cheann de na gníomhaithe corparáideacha is mó sa tír; ag tabhairt dá haire gur féidir le himirce amach daoine tréitheacha ón Tuirc mar gheall ar ábhair imní i ndáil leis an smacht reachta agus saoirsí bunúsacha tionchar diúltach méadaithe a imirt ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag aithint gur aimsigh Rialtas na Tuirce cúlchistí móra d’eilimintí tearc-chré i gcúige Eskişehir le déanaí, rud a d’fhéadfadh an Tuirc a shuíomh mar ghníomhaí tábhachtach i margadh straitéiseach domhanda; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh an fhionnachtain sin rannchuidiú le héagsúlú agus athléimneacht i slabhraí soláthair domhanda eilimintí tearc-chré chomh maith leis na mórdhúshláin a bhaineann leis, lena n-áirítear rochtain ar ardteicneolaíochtaí eastósctha agus próiseála agus an gá atá le hardchaighdeáin a áirithiú maidir le cosaint an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Tuirce oibleagáidí idirnáisiúnta na Tuirce a chur chun feidhme i ndáil leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus coinbhinsiúin ábhartha Chomhairle na hEorpa, agus freagairtí éifeachtacha ar na moltaí arna n-eisiúint ag GRECO a áirithiú, lena n-áirítear tríd an reachtaíocht is gá a ghlacadh, atá ar cheann de na tagarmharcanna atá fágtha le haghaidh léirscaoileadh víosaí; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar shláine na bpróiseas soláthair phoiblí, ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla, ar na breithiúna, ar an riarachán poiblí agus ar earnáil na tógála, atá fós an-leochaileach i leith an éillithe; á chur in iúl gur oth léi go mór gur dhírigh na cásanna ardleibhéil éillithe a sheol na húdaráis le déanaí go heisiach ar mhéaraí agus bardais an fhreasúra, rud a laghdaíonn tuilleadh muinín as éifeachtacht agus fíorthoil na n-údarás sa chomhrac in aghaidh an éillithe; ag tathant ar údaráis na Tuirce neamhchlaontacht agus trédhearcacht a áirithiú ina n-iarrachtaí frithéillithe; á iarraidh ar údaráis na Tuirce feabhas a chur ar an gcomhrac in aghaidh an ghóchumtha agus an córas um chearta maoine a athbhunú de réir caighdeáin idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur baineadh an Tuirc de liosta liath an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (TFGA) i mí an Mheithimh 2024, tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir lena córas frithsciúrtha airgid a fheabhsú agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac; á iarraidh ar an Tuirc ailíniú níos dlúithe a dhéanamh le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le moltaí TFGA chun a creat frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta a neartú tuilleadh, lena n-áirítear maidir le hinrianaitheacht aistrithe agus cosc a chur ar mhí-úsáid bealaí nua íocaíochta agus cripteashócmhainní le haghaidh maoiniú aindleathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios nach dtugtar aghaidh go fóill ar roinnt dúshláin chriticiúla a bhaineann le margadh an tsaothair, amhail fostaíocht neamhfhoirmiúil, an bhearna phá idir na hinscní agus neamhionannas ioncaim; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí cumhdach íseal na cómhargála agus na baic thromchúiseacha ar ceardchumannú san earnáil phríobháideach; á chreidiúint go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun sásraí idirphlé shóisialta a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sábháilteachta ceirde atá ag teacht chun cinn; á mheabhrú go bhfuil saoirse na gceardchumann agus an t-idirphlé sóisialta ríthábhachtach d’fhorbairt agus do rathúnas sochaí iolraíche; á iarraidh ar údaráis na Tuirce deireadh a chur le bacainní a chuireann teorainn le cearta ceardchumainn agus cómhargála trí shásraí idirphlé shóisialta a úsáid go héifeachtach, agus aitheantas a thabhairt don cheart dul ar stailc do státseirbhísigh; á chur in iúl gur saoth léi coinneáil ceardchumannaithe sa Tuirc arís agus arís eile as a ndualgais a chomhlíonadh; ag cáineadh, i ndáil leis sin, coinneáil Mehmet Türkmen, cathaoirleach an aontais earnála teicstíle BİRTEK-SEN, le déanaí, an 15 Márta 2026, ag tabhairt dá haire gur cuireadh i bpríosún é freisin ar feadh breis agus mí in 2025; á iarraidh go scaoilfí saor láithreach é agus go gcuirfí deireadh leis an gciapadh breithiúnach ina choinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire dlí aeráide nua 2025 na Tuirce, a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2025, agus á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh córas trádála astaíochtaí san áireamh, agus ag tabhairt dá haire ag an am céanna gur gá aghaidh a thabhairt fós ar roinnt feabhsuithe, amhail maidir le huasteorainneacha deimhnithe; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an Tuirc fós ina gníomhaí an-lag i réimse an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus á iarraidh ar Ankara oibriú ar chreat dlíthiúil inchreidte chun astaíochtaí a laghdú; á thabhairt chun suntais go gcuireann plean na hAireachta Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha chun seasamh le fóirdheontais do ghiniúint guail intíre agus do ghiniúint leictreachais atá dian ar charbón moill ar an dul chun cinn maidir le leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce, i bhfianaise an 31ú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a óstáil in 2026, cinneadh a dhéanamh maidir le bealach chun deireadh a chur le gual de réir a chéile agus a bhuaic CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a tharraingt chun cinn ó 2038; á iarraidh ar an Aontas agus ar údaráis na Tuirce an comhar maidir leis an gComhaontú Glas a dhoimhniú agus tús áite a thabhairt dó, go háirithe maidir le praghsáil carbóin i gcomhthéacs an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí d’onnmhaireoirí na Tuirce, agus chun tacú le maoiniú dícharbónaithe thionsclaíoch agus nuachóiriú eangaí chomh maith le beartais um aistriú cóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di leas ainmhithe san iompar ó Phoblacht na Tuirce agus trí Phoblacht na Tuirce; á iarraidh go gcomhlíonfar caighdeáin idirnáisiúnta agus go gcuirfear cosc ar phlódú agus ar strus teasa; á chur in iúl gur cúis bhuartha di marú agus drochíde tuairiscithe madraí agus cat seachráin; á iarraidh go ndéanfaí a rialú daonra i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag moladh na Tuirce i gcónaí as thart ar 2,7 milliún dídeanaí a óstáil, lena n-áirítear 2,3 milliún Siriach atá faoi chosaint shealadach amhail i mí Eanáir 2026; ag tabhairt dá haire, de réir thuairisciú Frontex i mí Eanáir 2025, gur tháinig laghdú thart ar an gceathrú cuid i ndearbhuimhreacha ar an imirce neamhrialta feadh theorainn na Tuirce-an Aontais; á athdhearbhú a thábhachtaí atá comhar na Tuirce chun sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach agus go hordúil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ranníoc an Aontais beagnach EUR 12.5 billiún ó 2011 i leith chun cabhrú leis an Tuirc tacú le dídeanaithe agus le pobail óstacha; ag tacú le leanúint de chistiú an Aontais chun cúram sláinte, oideachas, cosaint agus lánpháirtiú dídeanaithe sa Tuirc a chothú tuilleadh; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh airgeadais don spás daonnúil agus cosanta sa Tuirc a choinneáil ar bun agus, i gcás inar féidir, a mhéadú, iarrachtaí a mhéadú chun tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta na Tuirce agus le heagraíochtaí faoi stiúir dídeanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an meath atá tagtha ar an timpeallacht chosanta do dhídeanaithe ón tSiria sa Tuirc, lena n-áirítear árachas sláinte a chur ar fionraí, campaí dídeanaithe a dhúnadh gan roghanna malartacha leormhaithe agus seirbhísí arna soláthar ag eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta agus ag na Náisiúin Aontaithe a íos-scálú; á chur in iúl, thairis sin, gur cúis bhuartha di fós staid na ngrúpaí mionlaigh, na ndídeanaithe agus na n-imirceach a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú, ar fhoréigean agus ar fhilleadh éigeantach in 2025; á thabhairt chun suntais nach mór don Tuirc leanúint de dhídeanaithe ón tSiria a chosaint go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir lena bhfilleadh; á iarraidh ar údaráis na Tuirce cuairteanna ‘dul agus féach’ nó sásraí coibhéiseacha lena gcumasaítear cinntí eolasacha um fhilleadh a athbhunú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar bhuartha di, go bhfuil tuarascálacha inchreidte ann ina nochtar sáruithe ar chearta an duine ag ionaid aistrithe arna gcistiú ag an Aontas sa Tuirc agus á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú trédhearcach agus neamhspleách a sheoladh ar an ábhar; á iarraidh ar an gCoimisiún an trédhearcacht agus an cruinneas is mó is féidir a áirithiú i leithdháileadh na gcistí agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh tionscadail arna gcistiú ag an Aontas, go háirithe iad sin a bhaineann le hionaid aistrithe agus rialú teorann, na caighdeáin ábhartha uile maidir le cearta an duine; á iarraidh ar an Tuirc a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go neamh-idirdhealaitheach Ráiteas 2016 ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc agus an Comhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> na Ballstáit uile; á chur i bhfáth nár cheart leochaileacht na n-imirceach a ionstraimiú chun críoch polaitiúil in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát; ag tathant ar an Tuirc leanúint de bheith ag comhoibriú de mheon macánta le Ballstáit uile an Aontais i réimse na himirce, lena n-áiritheofar go seolfar comhartha soiléir chuig smuigléirí daoine chun tuilleadh sreafaí neamhdhleathacha a dhíspreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc oibriú ar chur chuige cuiditheach, nach bhfuil teanntásach ná ionsaitheach, ina comharsanacht; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé leanúnach idir an Ghréig agus an Tuirc, lena n-áirítear cruinnithe ardleibhéil amhail an cruinniú mullaigh idir an Príomh-Aire Mitsotakis agus an tUachtarán Erdoğan i mí Feabhra 2026, lenar féidir timpeallacht chuiditheach agus díghéarú breise a chothú sa Mheánmhuir Thoir, rud atá ríthábhachtach i measc an ghéaraithe chontúirtigh ar choinbhleachtaí sa réigiún máguaird; á athdhearbhú gur spéis léi go mór an chobhsaíocht agus an tslándáil sa réigiún agus ag spreagadh gach taobh dul chun cinn breise a dhéanamh i gcomhréir leis an idirphlé agus leis an gcomhar sin d’fhonn aon díospóid agus difríocht atá ar feitheamh a réiteach faoi chreat an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go leanann an Tuirc de bheith ag seasamh le bagairt fhoirmiúil chogaidh in aghaidh na Gréige (<STRING ITALIC="on">casus belli</STRING>), dá bhfeidhmeodh an Ghréig a ceart dleathach a uiscí teorann a leathnú suas go 12 mhuirmhíle sa Mhuir Aeigéach, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; á chur in iúl gur saoth léi go leanann an Tuirc de cheannasacht agus cearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais a shárú, amhail an Ghréig agus Poblacht na Cipire, lena n-áirítear trí fhoirceadal an Dúchais Ghoirm a chur chun cinn, an méadú suntasach ar sháruithe ar aerspás na Gréige i gcomparáid le 2024 – cé go bhfuil an dara ceann fós ar leibhéil réasúnta íseal – ionstraimiú polaitiúil chóras NAVTEX, sárú scairbh ilchríochach agus Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Gréige trí bhac a chur ar dhul chun cinn tionscadal maidir le nascacht an Aontais, amhail Idirnascaire na Mara Móire agus Píblíne EastMed, atá ainmnithe mar thionscadal leasa choitinn den Aontas, diúltú d’fhoilsiú phleanáil spásúil mhuirí na Gréige a foilsíodh faoin Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/89/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus foilsiú phleanáil spásúil mhuirí na Tuirce lena gcumhdaítear limistéir atá faoi cheannasacht agus faoi dhlínse na Gréige, an agóid in aghaidh pháirc mhuirí a bhunú sa Mhuir Aeigéach go hiomlán laistigh d’uiscí teorann na Gréige, agus an fógra maidir le bunú dhá pháirc mhuirí de chuid na Tuirce a shíneann isteach i limistéir ina bhfuil dlínse ag an nGréig i mí Lúnasa 2025, nó an méadú suntasach, ó 2024 i leith, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha a dhéanann soithí Turcacha laistigh d’uiscí teorann na Gréige; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an togra le haghaidh dréachtdlí a d’ullmhaigh Lárionad Náisiúnta Ollscoil Ankara um an Muir agus an Dlí Muirí (DEHUKAM) lena ndéanfaí foirceadal na ‘Tíre Dúchais Goirme’ a chódú agus a d’fhéadfadh a bheith ina shárú díreach ar an dlí idirnáisiúnta bunaithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc ceannasacht Bhallstáit uile an Aontais ar a bhfarraigí teorann agus ar a n-aerspás chomh maith lena gcearta ceannasacha a urramú go hiomlán i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear faoi UNCLOS, agus lena n-áirítear an ceart chun scairbh ilchríochach agus Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha a theorannú agus an ceart chun a n-acmhainní nádúrtha a thaiscéaladh agus a shaothrú; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an Tuirc gan dul ar aghaidh le glacadh aon dlí a d’fhéadfadh na prionsabail sin a shárú; ag athdhearbhú a tuairime go sáraíonn an meabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le teorannú na limistéar dlínse muirí sa Mheánmhuir cearta ceannasacha tríú tíortha, nach gcomhlíonann sé dlí na farraige agus nach féidir aon iarmhairtí dlíthiúla a bheith aige do thríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á athdhearbhú go láidir a tuairime gurb é an t-aon réiteach ar fhadhb na Cipire réiteach cothrom, cuimsitheach, inmharthana agus daonlathach, laistigh de chreat comhaontaithe na Náisiún Aontaithe, ar bhonn cónaidhm dhéphobail dhéchriosach ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach idirnáisiúnta aonair, ceannasacht aonair, saoránacht aonair agus comhionannas polaitiúil, mar a leagtar amach sna rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sna réimsí cóineasaithe a comhaontaíodh agus i gcreat Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis na prionsabail agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe; á iarraidh, mar ábhar práinne, go gcuirfí tús an athuair leis an gcaibidlíocht maidir le hathaontú na Cipire faoi choimirce Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe a luaithe is féidir, ón bpointe ar cuireadh isteach orthu in Crans-Montana in 2017; á iarraidh ar an Tuirc deireadh a chur leis an togra do-ghlactha le haghaidh réiteach dhá stát sa Chipir agus filleadh ar an mbonn comhaontaithe le haghaidh réitigh agus chreat na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a ghlac Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe i dtreo cainteanna cuimsitheacha socraíochta a atosú, lena n-áirítear Toscaire Pearsanta a cheapadh maidir leis an gCipir; á iarraidh ar an gCoimisiún Toscaire Speisialta nua an Choimisiúin Eorpaigh don Chipir a cheapadh go pras; á chur in iúl gur geal léi an dá chruinniú neamhfhoirmiúla a tionóladh i bhformáid níos leithne, faoi choimirce Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, sa Ghinéiv i mí an Mhárta 2025 agus i Nua-Eabhrac i mí Iúil 2025, chomh maith leis na cruinnithe éagsúla sa Chipir den Uachtarán Nikos Christodoulides agus ceannaire phobal Turcach na Cipire Tufan Erhürman, lena n-áirítear an cruinniú i mí na Nollag 2025, inar cuireadh i dtábhacht i ráiteas comhpháirteach gurb é ‘an fhíoraidhm atá ann fadhb na Cipire a réiteach leis an gcomhionannas polaitiúil mar a thuairiscítear sna Rúin ón CSNA’; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, seasamh an dá thaobh, ag eascairt as an bhfíoras go bhfuil ceannaire nua ar phobal Turcach na Cipire, rud a chuir leis an dóchas athnuaite go gcruthófar timpeallacht fhabhrach chun tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht socraíochta; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú maidir le tuilleadh beart cothaithe muiníne mar chéim dhearfach agus ábhartha agus ag spreagadh a gcur chun feidhme; ag tacú go láidir le leanúint den teagmháil idir an dá thaobh faoi choimirce Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus le hobair a Thoscaire Phearsanta maidir leis an gCipir; á iarraidh ar an Aontais agus ar a Bhallstáit tacú go daingean le leanúint den idirphlé sin agus a bheith réidh chun tacú, ar bhealach ar bith is gá, leis an rath a d’fhéadfadh a bheith ar an bpróiseas sin; ag spreagadh do gach taobh leas a bhaint as an móiminteam sin chun bogadh i dtreo atosú na caibidlíochta agus gan an deis sin a chailleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an Tuirc stádas an chreasa mhaolánaigh agus sainordú UNFICYP a urramú, deireadh a chur le gach gníomhaíocht agus sárú aontaobhach laistigh den chrios maolánach agus gar dó agus iad a aisiompú, agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí agus briogadh breise den sórt sin, lena n-áirítear ciapadh agus imeaglú feirmeoirí; á athdhearbhú a hiarrata go mbeadh comhar ann i measc Phoblacht na Cipire, na Tuirce, na Ríochta Aontaithe agus na Náisiún Aontaithe chun bearta nithiúla a chur chun feidhme chun an crios maolánach a dhímhíleatú, chun teannas a laghdú agus chun rannchuidiú le timpeallacht fhabhrach chun tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an Tuirc tarraingt siar ó Strovilia agus cur chun feidhme iomlán Chomhthuiscint Pyla a éascú; á iarraidh ar an Tuirc, thairis sin, a trúpaí a tharraingt siar ón gCipir agus staonadh ó aon ghníomhaíocht aontaobhach lena ndéanfaí deighilt bhuan an oileáin a dhaingniú agus ó ghníomhaíocht lena n-athrófaí an chothromaíocht dhéimeagrafach; ag cáineadh go láidir iarrachtaí na Tuirce stádas an eintitis scarthaigh sa Chipir atá faoi fhorghabháil a uasghrádú, lena n-áirítear trí Eagraíocht na Stát Turcach agus tríd an Eagraíocht um Chomhar Ioslamach, agus á iarraidh ar gach stát ceannasacht na Cipire a urramú mar a leagtar amach i rúin ón CSNA; ag cáineadh na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an Tuirc Varosha a ‘oscailt’ agus é a bheith socraithe ag daoine seachas a háitritheoirí dleathacha, de shárú ar na rúin ábhartha ón CSNA; á iarraidh ar an Tuirc a gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a aisiompú agus limistéar Varosha a aistriú chuig a áitritheoirí dleathacha faoi riarachán sealadach na Náisiún Aontaithe, mar a iarradh le Rúin 550(1984) agus 789(1992) ón CSNA; á chur in iúl gur saoth léi aon iarracht Varosha a iompú ina mhealladh turasóireachta dorcha, rud a chuireann leis an tragóid agus a dhéanann dínit agus cearta na n-áitritheoirí dleathacha a mhaslú; ag cáineadh fhorghabháil, dhíol agus fhorbairt neamhdhleathach leanúnach mhaoin phobal Ghréagach na Cipire sna limistéir faoi fhorghabháil; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí na srianta agus na baic oideachais agus reiligiúnacha atá os comhair na gCipireach Gréagach atá ina gcónaí sna hiamhchríocha; á iarraidh ar an Tuirc dlús a chur lena comhar le Comhairle na hEorpa agus lena comhlachtaí agus lena hinstitiúidí ábhartha, aghaidh a thabhairt ar a bpríomh-mholtaí, ECHR a chur chun feidhme go hiomlán maidir le saoirse reiligiúin, saoirse tuairime agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun rochtain agus adhradh a urramú, lena n-áirítear an ceart searmanais reiligiúnacha a reáchtáil agus oidhreacht chultúrtha a theachtadh, agus deireadh a chur le scriosadh na hoidhreachta cultúrtha agus reiligiúnaí d’aon ghnó; ag moladh obair an choiste theicniúil dhéphobail maidir leis an oidhreacht chultúrtha chun go leor de na séadchomharthaí lena mbaineann a athbhunú; á chur in iúl gur oth léi diúltú leanúnach na Tuirce an dlí eitlíochta a chomhlíonadh agus bealach cumarsáide a bhunú idir ionaid rialaithe aerthráchta sa Tuirc agus i bPoblacht na Cipire, a mbaineann rioscaí agus contúirtí sábháilteachta iarbhír lena neamhláithreacht mar a shainaithin Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chomhlachais na bPíolótaí Aerlíne; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc a hoibleagáid a chomhlíonadh maidir le cur chun feidhme iomlán, neamh-idirdhealaitheach an Phrótacail Breise a ghabhann le Comhaontú Ankara i ndáil leis na Ballstáit uile, lena n-áirítear Poblacht na Cipire, agus na hoibleagáidí a ghlac sé air féin maidir leis an Aontas a chur chun feidhme de réir chreat caibidlíochta Dheireadh Fómhair 2005;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc an spás is gá a thabhairt do phobal Turcach na Cipire chun gníomhú i gcomhréir lena ról mar phobal dlisteanach ar an oileán, ar ceart é a ráthaítear le bunreacht Phoblacht na Cipire; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí dul i dteagmháil le pobal Turcach na Cipire, d’fhonn réiteach fhadhb na Cipire a éascú agus á mheabhrú go bhfuil a áit san Aontas Eorpach; á iarraidh ar na páirtithe uile lena mbaineann cur chuige níos misniúla a léiriú maidir leis na pobail a thabhairt le chéile; á chur i bhfáth gur gá corpas dlí an Aontais a chur chun feidhme ar fud an oileáin ar fad tar éis réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire; ag tabhairt dá haire an tuarascáil bhliantúil ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCipir; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí srianta ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar shaoirse na meán, lena n-áirítear foréigean nó bagairtí foréigin in aghaidh gníomhaithe Turcacha ar son chearta an duine sa Chipir agus go háirithe iriseoirí a cháin tionchar na Tuirce, amhail an t-iriseoir Turcach ón gCipir Şener Levent agus Ali Kişmir, Uachtarán Aontas Iriseoirí Turcach na Cipire; ag tabhairt dá haire obair shuntasach an Choiste um Dhaoine ar Iarraidh sa Chipir agus á iarraidh go mbeadh rochtain níos fearr ar limistéir mhíleata atá faoi fhorghabháil ag arm na Tuirce, rochtain ar a chartlanna míleata agus faisnéis maidir le hiarsmaí a aistriú chuig láithreáin adhlactha nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an comhar idir an Aontas agus an Tuirc maidir le cúrsaí slándála réigiúnacha a threisiú, go háirithe i bhfianaise an tírdhreacha gheopholaitiúil atá ag athrú; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, tábhacht straitéiseach agus gheopholaitiúil na Tuirce, ar comhghuaillí í freisin in ECAT, agus an ról méadaitheach atá aici maidir le láithreacht, tionchar, idirghabháil agus éascú i réimsí atá ríthábhachtach don tslándáil idirnáisiúnta agus do leas straitéiseach an Aontais, amhail réigiún na Mara Duibhe, lena n-áirítear an Úcráin, Cugas Theas agus an Meánoirthear, chomh maith le réimsí ábhartha eile comhair amhail bainistiú imirce, frithsceimhlitheoireacht agus slándáil fuinnimh; á aithint go leanann an Tuirc de bheith rannpháirteach go gníomhach i misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais agus go rannchuidíonn sí go mór leo; á chur i bhfáth gur féidir comhar pragmatach leis an Tuirc maidir le slándáil agus cosaint a neartú i gcás ina bhfónann sé do leasanna straitéiseacha frithpháirteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí go leanann an Tuirc de Bhallstát a eisiamh ó chomhar le ECAT; á iarraidh ar an Tuirc staonadh óna ballraíocht in ECAT a úsáid chun bac a chur ar an gcomhar idir an Aontais agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi ailíniú íseal na Tuirce le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais, a laghdaigh ó 6 % in 2024 go dtí an leibhéal is ísle riamh de 4 % in 2025; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh sé nach gcuimseodh an táscaire sin, bunaithe ar staidreamh amháin maidir le hailíniú leis na ráitis ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus cinntí ón gComhairle maidir le smachtbhannaí, gach leibhéal rannpháirtíochta agus idirphlé go hiomlán faoi chuimsiú an chomhair eachtraigh agus slándála; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, an leibhéal méadaithe idirphlé leis an Aontas le déanaí agus an rannpháirtíocht ghníomhach agus an rannchuidiú suntasach le misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar sheasamh frith-Iarthair údaráis na Tuirce; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige do leasanna an Aontais sna Balcáin Thiar, i réigiún na Mara Duibhe, i gCugas Theas, sa Mheánmhuir agus sa Mheánoirthear; á chreidiúint, áfach, sa tírdhreach geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil sé tábhachtach féachaint ar na féidearthachtaí maidir le comhar leis an Tuirc i gcomhthéacs bheartais an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i réimse na slándála agus na cosanta; ag tathant ar údaráis na Tuirce, mar sin féin, aghaidh a thabhairt go práinneach ar leibhéal an-íseal ailínithe na tíre le CBES agus deireadh a chur le príomhbhacainní eile ar an muinín is gá a áirithiú i measc comhpháirtithe agus comhghuaillithe, amhail <STRING ITALIC="on">casus belli</STRING> a choinneáil in aghaidh Ballstát an Aontais, ceannasacht daoine eile a cheistiú nó córas aerchosanta S-400 de dhéantús na Rúise a chothabháil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar bhuartha di, gur iarr an Tuirc a bheith ina comhalta de BRICS+ agus gur tairgeadh stádas ‘tír chomhpháirtíochta’ di, agus go bhfuil sí ag meas an rud céanna d’Eagraíocht Comhair Shang-hai; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di neamh-chomhoiriúnacht bhunúsach bhallraíocht iomlán fhéideartha na Tuirce in BRICS+ le próiseas aontachais an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh rannpháirtíocht den sórt sin, lena léirítear samhail neamhliobrálach de rialachas domhanda agus réigiúnach, iarrachtaí a dhéanamh níos casta do chomhpháirtíocht níos cuimsithí idir an tAontas agus an Tuirc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag aithint, a mhéid a bhaineann le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, iarrachtaí na Tuirce ó thaobh a róil éascaithe agus idirghabhála féideartha de, mar a bhfuil sé mar bhonn taca leo roinnt cainteanna díreacha a óstáil idir an dá thaobh in Iostanbúl, agus trí chúnamh míleata, taidhleoireachta agus daonnúil a sholáthar don Úcráin, lena n-áirítear trealamh cosanta, a rannchuidigh le hiarrachtaí cosanta na hÚcráine; á aithint gur choinnigh an Tuirc seasamh go traidisiúnta gan tacú le smachtbhannaí a glacadh lasmuigh de chreat na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur oth léi fós, mar sin féin, nach bhfuil an Tuirc ag teacht le bearta sriantacha an Aontais in aghaidh na Rúise, agus á chur in iúl gur geal léi na bearta atá déanta aici chun cosc a chur ar theacht timpeall ar smachtbhannaí trí chríoch na Tuirce, amhail cosc a chur ar athonnmhairiú ítimí ardtosaíochta coiteanna, a bhfuil roinnt torthaí á mbaint amach acu, agus á iarraidh go ndéanfaí ailíniú le creat smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise; ag tathant ar údaráis na Tuirce a n-iarrachtaí a mhéadú chun teacht timpeall ar bhearta sriantacha a bhrath agus a chosc, go háirithe maidir le hítimí ardteicneolaíochta a úsáideann an Rúis chun críoch míleata, chun ‘idirthuras bréagach’ na n-ítimí sin chuig an Rúis tríd an Áise Láir a chosc, chun na bearta sin a leathnú chuig earraí eile atá criticiúil ó thaobh an gheilleagair de, chun úsáid acmhainní fuinnimh de thionscnamh na Rúise a laghdú, agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le ‘scáthchabhlach’ na Rúise ó thaobh na sábháilteachta muirí agus comhshaoil de; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, nár chuir an Tuirc srian ar oibríochtaí na meán atá faoi rialú stáit na Rúise i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine; ag tabhairt dá haire go bhfuil insintí ar son na Rúise agus bréagaisnéis atá nasctha leis an Rúis i láthair go forleathan i spás faisnéise na Tuirce, go háirithe maidir leis an Úcráin, ECAT agus slándáil fuinnimh; á iarraidh ar an Tuirc iarrachtaí a neartú chun ionramháil eachtrach ar fhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar bhuartha di, go bhfuil an Tuirc, trí phíblínte TurkStream agus Blue Stream, ina hallmhaireoir mór de ghás nádúrtha na Rúise, chomh maith le bheith ina foinse mhór táirgí ola agus peitriliam; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di dlúthchomhar na Tuirce leis an Rúis maidir le mórghléasraí cumhachta núicléiche a fhorbairt, lena n-áirítear gléasra cumhachta núicléiche Akkuyu, a bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh sé oibríochtúil in 2026, agus atá faoi úinéireacht Chorparáid Stáit na Rúise um Fhuinneamh Adamhach, Rosatom, agus a bheidh á oibriú aici; ag tathant ar Rialtas na Tuirce páirt a ghlacadh i gCoinbhinsiún Espoo, lena gcuirtear de cheangal ar a pháirtithe fógra a thabhairt do thíortha comharsanachta maidir le mórthionscadail atá á mbreithniú ar dócha go mbeidh drochthionchar suntasach acu ar an gcomhshaol thar theorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di dlúthchaidreamh taidhleoireachta, eacnamaíoch agus fuinnimh na Tuirce le Poblacht Ioslamach na hIaráine, lena n-áirítear teagmháil ardleibhéil rialta, caidreamh trádála marthanach agus allmhairiú leanúnach ghás na hIaráine; á chur in iúl gur oth léi easpa ailínithe na Tuirce le freagairt ón Aontas ar chniogbheartaíocht na hIaráine ar agóideoirí, lena n-áirítear bearta sriantacha maidir le Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC); ag tabhairt dá haire na forbairtí breithiúnacha a rinneadh le déanaí sna Stáit Aontaithe maidir le Halk Bankası A.Ş. (Halkbank), lena n-áirítear imeachtaí a bhaineann le himghabháil smachtbhannaí agus scéimeanna sciúrtha airgid; á iarraidh ar an Tuirc ailíniú a dhéanamh de réir a chéile le seasaimh agus córas smachtbhannaí CBES an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbeidh impleachtaí ag na hoibríochtaí míleata in aghaidh réimeas na hIaráine don Tuirc mar thoradh ar a ghaireacht gheografach, lena n-áirítear trí éifeachtaí iarmharta, go háirithe maidir le brúnna imirce athnuaite; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhordú réigiúnach agus dlúthchomhar leis an Tuirc agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile sa chomhthéacs sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi seasamh seanbhunaithe na Tuirce i bhfabhar réiteach dhá stát ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín, atá i gcomhréir le seasamh an Aontais, agus a rannpháirtíocht ghníomhach sa ‘Comhghuaillíocht Dhomhanda don Réiteach Dhá Stát’ chun é a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú na Tuirce le hiarrachtaí idirghabhála i sos comhraic Gaza agus maidir le cruinniú mullaigh síochána Gaza i mí Dheireadh Fómhair 2025 in Sharm El-Sheikh; ag cáineadh tacaíocht ghníomhach údaráis na Tuirce don ghrúpa sceimhlitheoireachta Hamas atá liostaithe ag an Aontas agus gur dhiúltaigh sí é a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta, rud nach bhfuil comhoiriúnach le beartas eachtrach agus slándála an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi nár cháin an Tuirc an t-ionsaí a rinne Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 ar Iosrael; ag tabhairt rabhadh in aghaidh rannpháirtíocht na Tuirce le gníomhaithe réigiúnacha a bhfuil baint acu le cláir oibre antoisceacha, ag tabhairt dá haire go bhféadfadh naisc den sórt sin an caidreamh idir an Aontas agus an Tuirc a dhéanamh níos casta agus difear a dhéanamh don chobhsaíocht réigiúnach; á iarraidh ar an Tuirc leanúint de bheith fréamhaithe go daingean sa chóras iltaobhach, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, mar an creat bunriachtanach chun réiteach cuimsitheach, cóir agus marthanach ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar méadaithe ag an Tuirc ar fhorbairtí sa tSiria tar éis thitim réimeas Assad agus a dhian-rannpháirtíocht le húdaráis reatha idirthréimhseacha na Siria, lena n-áirítear oiliúint mhíleata agus tacaíocht chomhairleach a chur ar fáil dóibh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí láithreacht leanúnach fhórsaí na Tuirce sa tír agus rannpháirtíocht grúpaí armtha a fhaigheann tacaíocht ón Tuirc sna heachtraí foréigin is déanaí i dtuaisceart agus in oirthuaisceart na Siria, lena n-áirítear in aghaidh grúpaí a raibh ról cinntitheach acu sa chomhrac idirnáisiúnta in aghaidh Daesh; ag cáineadh gur bunaíodh bonneagar míleata fadtéarmach agus struchtúir riaracháin fhadtéarmacha i limistéir faoi fhorghabháil atá faoi rialú na Tuirce; á iarraidh ar an Tuirc dul i dteagmháil ar bhealach cuiditheach le húdaráis na Siria, ceannasacht agus iomláine chríochach na Siria a urramú agus aghaidh a thabhairt ar a hábhair imní slándála i gcomhréir iomlán leis an dlí idirnáisiúnta agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir le gach Siriach, lena n-áirítear Coirdínigh, leas a bhaint as slándáil agus cearta bunúsacha, agus staonadh ó aon chur isteach ar phróisis inmheánacha na Siria; ag cáineadh na n-ionsaithe ar an bpobal sibhialtach le linn na heachtra foréigin is déanaí idir arm na Siria agus Fórsaí Daonlathacha na Siria (SDF) atá faoi stiúir na gCoirdíneach, arb iad is cúis le básanna iomadúla agus easáitiú líon mór sibhialtach, chomh maith leis an easpa rochtana ar chabhair dhaonnúil; á chur in iúl go bhfuil súil aici go gceadófar leis an gcomhaontú is déanaí idir rialtas idirthréimhseach na Siria agus SDF, lena mbeartaítear fórsaí agus institiúidí Coirdíneacha a chomhtháthú de réir a chéile sa stát agus aitheantas stairiúil a thabhairt do chearta cultúrtha, teanga agus sibhialta na gCoirdíneach, cobhsaíocht i réigiún thoir thuaidh na Siria, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh le haistriú polaitiúil cuimsitheach sa tír; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh aon mheath tromchúiseach ar an tslándáil réigiúnach athbheochan Daesh a chur chun cinn; á chur i bhfáth nach mór d’aon aistriú chuig an Tuirc, nó tríd an Tuirc, de throdaithe fásta Daesh nó d’amhrastaigh de thionscnamh saoráidí coinneála sa tSiria leanúint de bheith faoi réir socruithe éifeachtacha coimeádta, faireacháin agus comhroinnte faisnéise, lena n-áirítear in aon aistrithe trasteorann; ag tabhairt dá haire an infheistíocht shuntasach is gá chun geilleagar na Siria a atógáil agus á aithint gur spéis leis an Tuirc rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin; á chur in iúl go dtacaíonn sí le dlúthchomhar cuiditheach idir an Aontais agus an Tuirc i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Tuirc ar mhaithe le hathmhuintearas, dea-chaidreamh comharsanachta, cobhsaíocht agus slándáil réigiúnach, agus forbairt shocheacnamaíoch, agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, lena n-áirítear nósanna imeachta áirithe víosaí a éascú, na hullmhúcháin d’oscailt na teorann atá ar na bacáin do náisiúnaigh tríú tír agus do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus atosú eitiltí díreacha ag Turkish Airlines; ag spreagadh na Tuirce dul chun cinn daingean a dhéanamh sa phróiseas sin ar a fiúntas féin gan é a bheith ag brath ar a caidreamh le tríú tír; á iarraidh ar an dá thír leanúint de bheith ag obair i dtreo nascacht níos fearr chun an nasc talún idir an Eoraip agus an Áise a éascú, chomh maith le hathmhuintearas stairiúil, timpeallacht ghnó fheabhsaithe, agus teagmhálacha duine le duine níos láidre a chur chun cinn; ag tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin Clár Oibre Nascachta Trasréigiúnach an Aontais a thabhairt chun cinn ina mbeidh an Tuirc, an Airméin agus an Asarbaiseáin rannpháirteach – lena n-áirítear tionscadail amhail líne iarnróid Kars-Tbilisi-Baku – a bhfuil acmhainneacht mhór aige cur leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta; ag spreagadh na Tuirce chun tacú leis an bpróiseas síochána idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus ag spreagadh na Tuirce arís aitheantas a thabhairt do Chinedhíothú na hAirméine chun an bealach a réiteach d’fhíor-athmhuintearas idir pobail na Tuirce agus na hAirméine, agus chun a hoibleagáidí a urramú go hiomlán maidir le hoidhreacht chultúrtha na hAirméine a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Caidreamh níos leithne idir an tAontas agus an Tuirc</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir, lasmuigh den phróiseas aontachais, atá ina stad faoi láthair mar gheall ar an easpa athchóirithe daonlathacha, gur tír í an Tuirc a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint léi; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé idirphlé cuiditheach a choinneáil ar bun agus comhar a dhoimhniú i réimsí leasa straitéisigh fhrithpháirtigh, lena n-áirítear i ndáil leis an gCipir, agus ar bhealach céimnithe comhréireach agus inchúlaithe agus i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí Aibreáin 2024; á athdhearbhú go bhfuil an Aontas tiomanta don chaidreamh is fearr is féidir a shaothrú leis an Tuirc bunaithe ar idirphlé, urraim agus muinín fhrithpháirteach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an dea-chaidreamh comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, i bhfianaise an mhéid sin, feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an Aontas agus an Tuirc tar éis an phróisis aontachais i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus i gcomhréir leis na moltaí sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis an gcaidreamh idir an Aontas agus an Tuirc an 29 Samhain 2023, ar bhealach céimnithe comhréireach agus inchúlaithe; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an t-idirphlé ardleibhéil a rinneadh le déanaí maidir le trádáil agus an geilleagar, imirce agus slándáil, an aeráid, agus eolaíocht, taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht; á iarraidh arís go gcuirfí tús an athuair leis an idirphlé ardleibhéil ábhartha uile agus go mbunófaí idirphlé ardleibhéil struchtúrtha maidir le comhar earnála más gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tacú leis an gclár oibre nascachta leis an Tuirc a dhoimhniú i réimsí an fhuinnimh, an iompair, na dteagmhálacha digiteacha agus na dteagmhálacha duine le duine, mar shampla de dhea-chomhar pragmatach agus comhthairbheach a d’fhéadfadh an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothú sa réigiún; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur le cur i gcrích príomhthionscadal bonneagair lena bhfeabhsaítear an nascacht idir an Aontas agus an Tuirc, i gcomhréir leis na Gréasáin Thras-Eorpacha leathnaithe; á chur i bhfáth a ábhartha atá an Tuirc maidir le forbairt agus feidhmiú tionscnamh nascachta tras-ilchríochaí, lena n-áirítear an bealach trádála malartach atá ag éirí níos tábhachtaí idir an Eoraip agus an Áise (an Chonair Mheánach), a d’fhéadfadh rannchuidiú go suntasach le hathléimneacht shlabhra soláthair agus comhar eacnamaíoch an Aontais a neartú agus a bhféadfadh ról tábhachtach a bheith aige maidir le cuspóirí neamhspleáchais straitéisigh níos leithne an Aontais a chur chun cinn; ag tathant go ndéanfaí cuarbhóthar na Mara Duibhe agus naisc iarnróid a fhorbairt go tráthúil; á chur in iúl gur geal léi ullmhacht na Tuirce infheistíocht a dhéanamh i dtógáil mhórbhealaigh na Mara Duibhe lena nasctar an Tuirc, an Bhulgáir agus an Rómáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis na taithí rathúla le tíortha is iarrthóirí eile, tabhairt faoi na socruithe is gá chun an clár ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a leathnú chuig an Tuirc a luaithe is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar oibriú i dtreo an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro agus cláir ábhartha eile a leathnú chun teagmhálacha duine le duine a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn maith a rinneadh maidir le comhar eolaíochta agus taighde sa tréimhse tuairiscithe, go háirithe maidir le rannpháirtíocht i bhFís Eorpach; ag tacú le rannpháirtíocht na Tuirce i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus á iarraidh go ndéanfaí an comhar idir an tAontas agus an Tuirc a dhoimhniú i réimsí na cosanta sibhialta agus an bhonneagair athléimneach agus béim á leagan ar an ngá atá le hacmhainneacht bhardasach dhíláraithe, rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, comhordú níos fearr agus cumarsáid phoiblí a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag athdhearbhú a tuairime go bhfuil gá le haontas custaim an Aontais a nuachóiriú, go háirithe i bhfianaise an tírdhreacha gheopholaitiúil atá ann faoi láthair; á chur in iúl gur eol di a thábhachtaí atá sé d’earnálacha móra an Aontais agus gheilleagair na Tuirce an ionstraim sin a thabhairt cothrom le dáta, ionstraim atá i bhfeidhm le breis agus 30 bliain; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun tacú le haontas custaim uasghrádaithe a bhfuil raon feidhme níos leithne aige a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh, lena bhféadfaí tairbhí suntasacha eacnamaíocha agus straitéiseacha a chuimsiú don dá chomhpháirtí, lena neartófaí an trádáil, an infheistíocht agus athléimneacht an tslabhra soláthair, lena gcuirfí borradh faoin aistriú digiteach agus glas, faoin soláthar poiblí agus faoi ghealltanais forbartha inbhuanaithe, agus lena rannchuideofaí le slándáil eacnamaíoch an Aontais agus na Tuirce araon; á chur i bhfios go láidir, áfach, chun go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú ag deireadh an phróisis, go mbeadh gá le nuachóiriú den sórt sin a bheith bunaithe ar choinníollacht láidir a bhaineann le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, urraim don dlí idirnáisiúnta, cloí le CBES, agus dea-chaidreamh comharsanachta, lena n-áirítear cur chun feidhme iomlán an Phrótacail Bhreise ag an Tuirc maidir le Comhaontú Ankara a leathnú chuig na Ballstáit uile gan eisceacht agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus bearta a áireamh chun tacú leis an aistriú glas agus chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide coigeartú a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna dearfacha, lena n-áirítear an laghdú ar bhacainní trádála, a tugadh faoi deara sa tréimhse is déanaí, a lean freisin an t-idirphlé ardleibhéil maidir le trádáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá tionscnaimh ón gCoimisiún atá ar na bacáin don trádáil idir an tAontas agus an Tuirc amhail an gníomh luasaire thionsclaíoch agus an cur chuige ‘Déanta san Eoraip’, le ceanglais láidre a d’fhéadfadh a bheith ann a bhféadfadh athchóiriú ar rialacha soláthair an Aontais a bheith ag teastáil ina leith ar deireadh agus a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh don aontas custaim atá as dáta cheana idir an tAontas agus an Tuirc; á chur in iúl gur geal léi go bhforáiltear cheana féin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh an ghnímh luasaire thionsclaíoch go measfar gur de thionscnamh an Aontais é inneachar ó chomhpháirtithe a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo lena mbunaítear limistéar saorthrádála nó aontas custaim – amhail an Tuirc; ag tacú leis an gcur chuige sin agus á iarraidh go molfaí aon reachtaíocht ábhartha eile ar an gcaoi chéanna amach anseo chun leanúint de bheith ag cur san áireamh a thábhachtaí atá sé margaí agus geilleagair na dtíortha is iarrthóirí a chomhtháthú tuilleadh, go háirithe iad sin a bhfuil aontas custaim acu leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór aiféala di, nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an Tuirc chun na tagarmharcanna is gá maidir le léirscaoileadh víosaí a bhaint amach; á athdhearbhú go bhfuil sí toilteanach tús a chur leis an bpróiseas léirscaoilte víosaí a luaithe a chomhlíonfaidh údaráis na Tuirce na sé thagarmharc atá fós gan réiteach go hiomlán ar bhealach neamh-idirdhealaitheach <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> Ballstáit uile an Aontais agus ailíniú á dhéanamh acu le beartas víosaí an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil fadhbanna ag saoránaigh na Tuirce maidir le hiarrataí/iarratais ar víosaí chuig Ballstáit an Aontais mar gheall ar mhéadú suntasach ar an éileamh agus ar eagla go mbainfí mí-úsáid as an gcóras; ag aithint, áfach, an tiomantais pholaitiúil chun rochtain ar víosaí a fheabhsú agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos déine ar an dá thaobh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní teicniúla agus riaracháin atá fós ann; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais na hacmhainní a leithdháiltear ar an ábhar sin a mhéadú; ag tacú le bearta maidir le héascú víosaí, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí gnó agus mic léinn Erasmus; á chur in iúl gur oth léi go mór na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag údaráis na Tuirce an milleán a chur ar an Aontas as gan dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an sainchomhad sin, agus gan aon bhearta is gá a dhéanamh chun na tagarmharcanna atá fágtha a chomhlíonadh; á mheabhrú don Tuirc go bhfuil tionchar díreach ag an easpa dul chun cinn inláimhsithe agus carnach ar na coinníollacha atá ar feitheamh ar ghníomhaíochtaí gnó agus ar mhic léinn Erasmus; á chur in iúl gur oth léi an mhí-úsáid a bhaineann Rialtas na Tuirce as pasanna speisialta, nach eol a líon, agus gan na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo creat a d’fhéadfadh dul chun tairbhe don daonra ar fad; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann lena gcuirtear cosc ar athoscailt an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, agus á iarraidh ar an gComhairle freisin a sciar féin a dhéanamh a luaithe a dhéanfar na bearta sin; ag tabhairt dá haire gur chinn an tAontas agus na Ballstáit creat cascáide víosaí a thabhairt isteach an 15 Iúil 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta sa Tuirc agus Ardán Infheistíochta na Tuirce faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe, lena gcumasaítear tacaíocht infheistíochta níos láidre trí chláir ráthaíochta sna trí thosaíocht beartais uileghabhálacha, is iad sin an Comhaontú Glas, an straitéis Global Gateway chomh maith le poist agus fás, i gcomhréir leis na coinníollacha ábhartha maidir le luachanna an Aontais a urramú; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú nach rachaidh aon chláir den Aontas chun tairbhe d’eintitis sa Tuirc nach n-urramaíonn luachanna bunúsacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tacú leis an gcinneadh a rinne comhpháirt an Aontais de Chomhchoiste Parlaiminteach an Aontais-na Tuirce a 82ú cruinniú a chur siar, atá beartaithe a bheith ar siúl an 14 agus an 15 Aibreán 2025 in Ankara, i ndiaidh choinneáil agus ghabháil Mhéara Iostanbúl Ekrem İmamoğlu agus daoine eile; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim i gcónaí go bhfuil an t-idirphlé parlaiminteach fós ina chuid ríthábhachtach den chaidreamh idir an Aontais agus an Tuirc agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go gcuirfear tús arís le hobair an coiste parlaiminteach comhpháirteach go luath nuair a bheidh na dálaí ann chuige sin; á chur in iúl gur oth léi cinneadh údaráis na Tuirce gan cuireadh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa breathnóireacht a dhéanamh ar na toghcháin uachtaránachta agus pharlaiminteacha i mí na Bealtaine 2023 i measc líomhaintí maidir le cóir éagórach, ag tabhairt dá haire gur tugadh cuireadh do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus do Thionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip; á chur in iúl go bhfuil súil aici go dtabharfar cuireadh do mhisean Pharlaimint na hEorpa breathnóireacht a dhéanamh ar aon toghcháin atá ar na bacáin sa tír;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bealach chun cinn don chaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag athdhearbhú a tuairime go bhfuil faillí déanta ag Rialtas na Tuirce na bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh dhaonlathacha bhunúsacha laistigh den tír agus, dá bhrí sin, á áitiú nach féidir próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas a atosú sna himthosca atá ann faoi láthair, agus na mianta daonlathacha agus ar son na hEorpa atá ag cuid mhór de shochaí na Tuirce á n-aithint ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur iarr figiúirí ábhartha fhreasúra na Tuirce le déanaí go ndéanfaí rannpháirtíocht athnuaite a mholadh agus go n-athosclófaí cainteanna aontachais; á chur in iúl gur mór aici an cur chuige nuálach misniúil sin; á chur in iúl, áfach, go bhfuil amhras uirthi fós faoi thacaíocht a thabhairt dó mura bhfuil comhartha soiléir ann ó Rialtas na Tuirce go bhfuil sé toilteanach gealltanas a thabhairt an athuair do bhealach an Aontais trí ghníomhaíochtaí nithiúla inchreidte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mheabhrú, amhail i gcás aon iarrthóir eile, go bhfuil an próiseas aontachais ag brath ar chomhlíonadh iomlán chritéir Chóbanhávan agus ar normalú an chaidrimh le Ballstáit uile an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht chuiditheach na Tuirce, lena n-áirítear i ndáil le fadhb na Cipire, ríthábhachtach i gcónaí chun comhar níos dlúithe idir an Aontais agus an Tuirc a chur chun cinn; á mheas, i ndáil leis sin, gur cheart d’údaráis na Tuirce, agus a n-ardmhianta dearbhaithe an Aontais á gcur chun cinn acu, níos lú béime a chur ar chumais na tíre i réimse na slándála agus na cosanta agus, ina ionad sin, aghaidh a thabhairt ar staid thromchúiseach an daonlathais sa tír; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tiomanta an próiseas aontachais a chur chun cinn ar choinníoll go ndéanfaidh Rialtas na Tuirce na bearta riachtanacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag tathant i gcónaí ar Rialtas na Tuirce dul i dteagmháil ar bhealach cuiditheach le hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit agus leanúint de bheith ag obair i dtreo comhpháirtíocht níos dlúithe, níos dinimiciúla agus níos straitéisí, thar an bpróiseas aontachais reoite atá ann faoi láthair, ar bhonn na gconclúidí ábhartha ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach agus na coinníollachta bunaithe; á áitiú gur gá tús a chur le próiseas machnaimh maidir leis an gcaoi ar féidir leis an gcreat nua cuiditheach agus forásach sin don chaidreamh idir an Aontas agus an Tuirc atá bunaithe ar urraim do phrionsabail dhaonlathacha, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha, leasanna na bpáirtithe uile lena mbaineann a chuimsiú; á chur i bhfáth gur gá an chomhpháirtíocht idir an Aontas agus an Tuirc a neartú trí, mar shampla, an Comhaontú Comhlachais atá ann faoi láthair a nuachóiriú agus a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mar sin féin, nach bhfágfaidh cúlú leanúnach ar an daonlathas agus ar an smacht reachta go luath amach anseo go n-imeoidh an tír níos faide ar shiúl ón Aontas, rud a lagóidh an mhuinín is gá chun an comhar agus an chomhpháirtíocht a fheabhsú i ndáiríre i réimsí leasa fhrithpháirtigh, amhail trádáil, fuinneamh nó slándáil
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chreidiúint gur chun leas an Aontais é athmheasúnú a dhéanamh ar bhealaí inar féidir leis an Tuirc fanacht fréamhaithe don Aontas, ní hamháin ó thaobh caighdeán de ach ó thaobh luachanna agus prionsabal de freisin, agus tionscnaimh pholaitiúla a cheapadh de réir na sprice sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil córas uathlathach eile á chomhdhlúthú de réir a chéile ar leac dorais an Aontais, ós rud é go bhfuil impleachtaí díreacha agus forleathana ag forbairtí den sórt sin ar leasanna agus cobhsaíocht fhadtéarmach an Aontais; ag tathant ar institiúidí uile an Aontais, ar na Ballstáit agus ar an gComhairle Eorpach a bheith glórach agus aghaidh á tabhairt ar an gcúlú daonlathach leanúnach agus ar na sáruithe ar chearta an duine sa Tuirc, go háirithe maidir le díchóimeáil leanúnach an daonlathais iolraíoch, ós rud é nach bhfuil sé sin ar neamhréir leis an gcaidreamh is fearr is féidir a shaothrú idir an Aontais agus an tír; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a áirithiú go n-áireofar i gcláir oibre na n-oifigeach ardleibhéil a thugann cuairt ar an Tuirc ionadaíocht iolrach ar pháirtithe leasmhara polaitiúla agus na sochaí sibhialta chun fís níos iomláine a fháil den tír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí lántiomanta dá tacaíocht do shochaí shibhialta neamhspleách na Tuirce a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh lena thacaíocht pholaitiúil agus airgeadais don tsochaí shibhialta bhríomhar agus ar son an daonlathais sa Tuirc agus í a mhéadú, ar féidir lena hiarrachtaí rannchuidiú leis an toil pholaitiúil is gá a ghiniúint chun an caidreamh idir an Aontas agus an Tuirc a dhoimhniú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, cé go n-oibríonn cineálacha cur chuige atá bunaithe ar dhreasachtaí agus idirbheartaíochta in go leor réimsí den chomhar idir an Aontas agus an Tuirc, gur theip orthu daonlathú na tíre a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais, mar sin féin, go bhfuil atosú an phróisis aontachais ag brath ar thoil pholaitiúil bhuanseasmhach údaráis agus shochaí na Tuirce a í bheith ina daonlathas iomlán, rud nach féidir leis an Aontas iallach a fhorchur uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata an t-eolas agus an tuiscint fhrithpháirteach idir ár sochaithe a neartú agus a dhoimhniú, fás cultúrtha agus malartuithe soch-chultúrtha a chur chun cinn agus gach léiriú de chlaontacht shóisialta, reiligiúnach, eitneach nó chultúrtha a chomhrac; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé malartú duine le duine a éascú don chaidreamh idir an Aontas agus an Tuirc, go háirithe chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn; ag spreagadh na Tuirce agus an Aontais luachanna comhroinnte a chur chun cinn, go háirithe trí thacú le daoine óga;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún; á iarraidh go ndéanfaí an rún seo a aistriú go Tuircis agus é a chur ar aghaidh chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Tuirce.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>