<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0216</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0143/2026 -  Rapóirtéir:Marjan Šarec)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (2025/2253(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 108, 29.4.2010, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2010/224/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach an 15 Nollaig 2008,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le hiarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2010)0670), don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 17 Nollaig 2010 stádas iarrthóra a dheonú do Mhontainéagró agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 29 Meitheamh 2012 tús a chur le caibidlíocht aontachais an Aontais Eorpaigh le Montainéagró,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhuithe na gcruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia (an Bhulgáir), i Ságrab (an Chróit) agus in Brdo pri Kranju (an tSlóivéin) in 2018, 2020 agus 2021 faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinniú Cheannairí na mBalcán Thiar an 1 Iúil 2025 i Scóipé, an Mhacadóin Thuaidh, maidir leis an bPlean Fáis do na Balcáin Thiar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 17 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón Uachtaránacht an 16 Nollaig 2025 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí an Chathaoirligh ó Chruinniú Mullaigh 2025 maidir le Próiseas Bheirlín , a tionóladh an 22 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An Economic and Investment Plan for the Western Balkans’</STRING> [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2025 dar teideal ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta — Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2025)0900), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2025 Rule of Law Report — Country Chapter on the rule of law situation in Montenegro’</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta — Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta i Montainéagró] (SWD(2025)0929),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú’ (COM(2025)0690), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Montenegro 2025 Report’</STRING> [Tuarascáil 2025 ar Mhontainéagró] (SWD(2025)0754),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhorléargas agus do mheasúnuithe tíre an Choimisiúin an 2 Meitheamh 2025 ar chlár athchóirithe eacnamaíoch Mhontainéagró agus do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais leis na Comhpháirtithe Réigiúnacha an 13 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí na gComhdhálacha Aontachais le Montainéagró an 22 Meitheamh 2021, 13 Nollaig 2021, 29 Eanáir 2024, 26 Meitheamh 2024, 16 Nollaig 2024, 27 Meitheamh 2025, 16 Nollaig 2025, 26 Eanáir 2026 agus 17 Márta 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thoradh an 11ú Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Montainéagró an 14 Iúil 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an 23ú cruinniú agus an 24ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir AE agus Montainéagró, a reáchtáladh an 2 agus an 3 Aibreán 2025 agus an 18 agus an19 Meán Fómhair 2022 faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aontachas Mhontainéagró le ECAT an 5 Meitheamh 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir le Montainéagró,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0143/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur príomhuirlis beartais eachtraigh de chuid an Aontais é an méadú agus gur infheistíocht straitéiseach é sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa rathúnas ar mhór-roinn na hEorpa, go háirithe i gcomhthéacs an tírdhreacha gheopholaitiúil atá ag forbairt agus i gcomhthéacs na ndúshlán slándála atá san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach tír is iarrthóir a mheas ar a fiúntas féin maidir le critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh, agus le coinníollacht atá dian ach cothrom agus torthaí intomhaiste, go háirithe i réimsí an smachta reachta agus ailíniú le luachanna agus comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearna Montainéagró iarratas ar bhallraíocht san Aontas in 2008; de bhrí gur deonaíodh stádas mar thír is iarrthóir air in 2010; de bhrí gur cuireadh tús le caibidlíochtaí in 2012; de bhrí go bhfuil dearbhaithe ag Rialtas Mhontainéagró gur mian leis a bheith ina 28ú Ballstát den Aontas faoi 2028;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb é Montainéagró an tír is iarrthóir a bhfuil an dul chun cinn is mó déanta aige i dtreo aontachas leis an Aontas; de bhrí go bhfuil na 33 chaibidil chaibidlíochta uile oscailte ag Montainéagró, a bhfuil roinnt acu tugtha chun críche cheana; de bhrí go mbraitheann tuilleadh dul chun cinn ar thorthaí marthanacha maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme, go háirithe i gCaibidlí 23 agus 24;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas an comhpháirtí is iontaofa atá ag Montainéagró agus go bhfuil muinín ag 69 % de shaoránaigh na tíre as, ar figiúr é atá i measc na leibhéal is airde muiníne as an Aontas sa réigiún; de bhrí go méadaítear leis sin an oibleagáid ar ghníomhaithe polaitiúla athchóiriú freagrach leanúnach éifeachtach a thabhairt isteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas polaitiúil leanúnach ó na tíortha is iarrthóirí agus ón Aontas araon ríthábhachtach chun leanúnachas, inchreidteacht, trédhearcacht, agus éifeachtacht fhoriomlán an phróisis méadaithe a chothabháil; de bhrí gur cheart fadhbanna déthaobhacha a réiteach go déthaobhach agus nár cheart iad a úsáid chun bac a chur ar an bpróiseas méadaithe ná chun é a phoilaitiú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go leanann an tAontas de bheith ina phríomh-chomhpháirtí eacnamaíoch agus airgeadais do Mhontainéagró agus an comhpháirtí trádála is mó dó; de bhrí go bhfuil feidhmiú réidh na sreafaí trádála agus iompair idir Montainéagró agus an tAontas ríthábhachtach don chobhsaíocht eacnamaíoch, d’athléimneacht an tslabhra soláthair agus do chomhtháthú na tíre de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil cobhsaíocht Mhontainéagró bunriachtanach do shlándáil na mBalcán Thiar agus an Aontais; de bhrí go bhfuil an baol ann le tionscadail sheachtracha pholaitiúla lena saothraítear tionchar trasteorann, bunaithe ar chleamhnacht eitneach nó reiligiúnach, go mbainfear an bonn ó cheannasacht agus ord bunreachtúil na dtíortha sa réigiún; de bhrí go bhfuil lánpháirtiú san Eoraip i gceist le todhchaí na mBalcán Thiar, agus nach bhfuil réimsí tionchair atá in iomaíocht ná comhghuaillíochtaí réigiúnacha bunaithe ar eitneachtaí i gceist;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go leanann Montainéagró de bheith leochaileach ar iarrachtaí chun an spás faisnéise a ionramháil ón gcoigríoch agus ó laistigh de; de bhrí gur chuir an Coimisiún i bhfios go láidir gur gá an bhearna atá ann don chur isteach eachtrach agus d’ionramháil faisnéise, lena n-áirítear bréagaisnéis, a dhruidim, agus gur gá an athléimneacht shochaíoch a neartú; de bhrí gur fhéach an Rúis lena tionchar sna Balcáin Thiar a chur chun cinn, lena n-áirítear i Montainéagró, trí imscaradh straitéiseach insintí reiligiúnacha, cultúrtha agus luachbhunaithe, mar a thugtar orthu, arb é is aidhm leo an dioscúrsa poiblí a mhúnlú agus an bonn a bhaint ón lánpháirtiú Eora-Atlantach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, in ainneoin roinnt dul chun cinn institiúideach, go leanann an t-éilliú agus an choireacht eagraithe de bheith ann in go leor ranna de gheilleagar agus institiúidí poiblí Mhontainéagró;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go leanann ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le cánachas agus dea-rialachas cánach de bheith ina chloch coirnéil den chobhsaíocht airgeadais agus den mhuinín i gcomhthéacs an aontachais leis an Aontas;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn seasta atá déanta ag Montainéagró maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, agus rannpháirtíocht leathan pholaitiúil agus uaillmhian mar bhonn taca leis, chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2026; á chur in iúl gur geal léi dúnadh sealadach 6 chaibidil chaibidlíochta eile in 2025 agus 4 chaibidil in 2026, rud a fhágann go bhfuil 16 chaibidil san iomlán dúnta; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le todhchaí na tíre san Aontas; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh meitheal <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> sa Chomhairle maidir le conradh aontachais a dhréachtú le Montainéagró, mar chéim thábhachtach thráthúil chun an chéim dheiridh de phróiseas aontachais Mhontainéagró leis an Aontas a chur chun cinn agus chun tiomantas an Aontais don mhéadú a athdhearbhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag athdhearbhú go leanann Montainéagró de bheith chun tosaigh sa phróiseas aontachais leis an Aontas agus nach mór leanúint de luas agus seicheamhú an mhéadaithe a chinneadh de réir phrionsabail an fhiúntais aonair; á chur i bhfios go láidir nár cheart an dul chun cinn i dtreo na ballraíochta a mheas ach amháin bunaithe ar chomhlíonadh oibiachtúil tagarmharcanna arna leagan síos; á iarraidh go mbeadh dearcadh ón Aontas ag gabháil leis na hiarrachtaí leanúnacha ar athchóiriú a bheadh chomh inchreidte, intuartha agus tráthúil céanna; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sláine an bheartais méadaithe bunaithe ar chomhleanúnachas, cothromaíocht agus cóir chomhionann, a léiríonn leibhéal ullmhachta cruthaithe gach iarrthóra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>a chur in iúl gur geal léi an tacaíocht phoiblí fhorleathan agus chomhleanúnach i measc shaoránaigh Mhontainéagró do bhóthair na tíre chun na hEorpa, agus go gcuireann tromlach láidir na saoránach in iúl go bhfuil muinín acu as todhchaí Mhontainéagró san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag spreagadh na ngníomhaithe polaitiúla uile leanúint de bheith dírithe, an móiminteam a choinneáil chun an chaibidlíocht aontachais a thabhairt chun críche go rathúil agus dlús a chur lena n-iarrachtaí chun na hathchóirithe is gá a thabhairt isteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cobhsaíocht pholaitiúil agus le comhar cuiditheach traspháirtí ina leith sin; á chur i bhfáth go mbraitheann fíordhul chun cinn ar chur chun feidhme éifeachtach na n-athchóirithe a glacadh agus ar thorthaí marthanacha intomhaiste i réimse an smachta reachta, lena n-áirítear ciontuithe deiridh a dhéanamh i gcásanna éillithe ardleibhéil agus coireachta eagraithe; ag spreagadh Mhontainéagró chun cur chun feidhme na dtagarmharcanna deiridh a chur chun cinn tuilleadh, go háirithe do Chaibidlí 23 agus 24;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar gach údarás stáit gníomhú le spiorad na freagrachta institiúidí, lena n-áiritheofaí nach gcuirfeadh difríochtaí polaitiúla moill ar ghlacadh agus cur chun feidhme na n-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas; á chur i bhfáth nach mór go leanfadh coimirciú an chuspóra straitéisigh, is é sin ballraíocht san Aontas, de bheith mar thosaíocht chomhroinnte náisiúnta thar cheisteanna claonpháirteach; ag tathant ar Pharlaimint agus Rialtas Mhontainéagró polaitíocht na féiniúlachta a chosc ó aird a chur ar atreo ó chlár oibre an Aontas nó brú a chur ar an gcaidreamh lena chomharsana, lena n-áiritheofar go bhfanfaidh Montainéagró go daingean ar an gconair chun an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag spreagadh Mhontainéagró, arb é an tír is iarrthóir is mó chun cinn é, leanúint de ról tairbheach cobhsaíoch a ghlacadh sa réigiún agus a léiriú trí cheannaireacht go dtreisíonn an cheannasacht, féiniúlacht saoránach agus an lánpháirtiú san Eoraip a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ailíniú iomlán diongbháilte Mhontainéagró le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear maidir le bearta sriantacha an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann le cogadh fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith lena sheasamh prionsabálta sna Náisiúin Aontaithe agus rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais, agus in ECAT agus misin iltaobhacha idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear Fórsa Cabhlaigh an Aontais ATALANTA, Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) fórsa coimeádta na síochána sa Chosaiv; ag moladh chinneadh Pharlaimint Mhontainéagró rannpháirtíocht na tíre in EUMAM Ukraine a fhormheas; ag athdhearbhú, i ndáil le hailíniú leanúnach Mhontainéagró le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear bearta sriantacha in aghaidh na Rúise, gur príomhtháscaire é an t-ailíniú sin dá chlaonadh straitéiseach; á chur i bhfáth nach mór go leanfaidh sé seo ar aghaidh go seasmhach; á chur i bhfáth go leanann tiomantas seasmhach ó ionadaithe polaitiúla Mhontainéagró do státacht neamhspleách na tíre agus a claonadh straitéiseach i dtreo na hEorpa de bheith ina chritéar ríthábhachtach polaitiúil mar aon le tagarmharcanna teicniúla maidir le hathchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tIdirphlé maidir le Slándáil agus Cosaint idir an tAontas agus Montainéagró, lena n-áirítear malartuithe struchtúrtha maidir leis an gcomhair slándála agus cosanta, maidir le hathléimneacht in aghaidh bagairtí atá ag teacht chun cinn agus maidir le comhar i leith tacaíocht don Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh Pharlaimint Mhontainéagró baill dá fhórsaí armtha a sheoladh chun páirt a ghlacadh in EUMAM Ukraine, rud a léiríonn ailíniú soiléir seasmhach le tosaíochtaí slándála an Aontais agus ECAT; á mheabhrú gur comhghuaillí ríthábhachtach é Montainéagró sa réigiún; á chur in iúl gur geall léi cinneadh Rialtas Mhontainéagró an gealltanas 2 % a chaitheamh ar an gcosaint a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di fós an cur isteach eachtrach, na gníomhaíochtaí éagobhsaíochta, na bagairtí hibrideacha agus na feachtais bréagaisnéise ag gníomhaithe tríú tíortha i Montainéagró, atá leantach agus ag éirí níos measa agus arb é is aidhm leo an bonn a bhaint ó institiúidí daonlathacha Mhontainéagró chomh maith lena aontacht sochaíoch, a chlaonadh straitéiseach i dtreo an Aontais agus a bhallraíocht in ECAT; á chur i bhfios go láidir gurb ionann an cur isteach sin agus dúshlán díreach don smacht reachta, don rialachas daonlathach agus don cheannasacht náisiúnta; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar urchóideach á imirt go háirithe ag an tSín, ag an Rúis agus ag an tSeirbia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gurb ann do thuairiscí gur thaistil lucht tacaíochta Uachtarán na Seirbia, Vučić, go Tivat an 3 Meitheamh 2026 d’fhonn Montainéagró a dhíchobhsú agus cur isteach ar an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar; á thabhairt dá haire thairis sin go raibh cuid de na daoine i gceist aitheanta cheana ag móradh i bhfabhar an rialtais, go raibh baint acu le hiarrachtaí chun agóidí mac léinn sa tSeirbia a chur faoi chois agus go raibh taifead de chionta coiriúla foréigneacha nó de mhionchionta acu; ag cáineadh go láidir mar a ghníomhaigh struchtúr atá nasctha le páirtí ceannais na Seirbia arb é is aidhm dóibh Montainéagró a dhíchobhsú agus an bonn a bhaint dá dhul chun cinn i dtreo aontachas leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí tacaíocht shaincheaptha ón Aontas agus ó ECAT agus go ndéanfaidís comhar feabhsaithe le Montainéagró chun bearta níos láidre a bhunú ar mhaithe leis na bagairtí hibrideacha, an ionramháil eachtrach ar fhaisnéis agus an maoiniú polaitiúil ceilte sin a chomhrac agus chun athléimneacht shochaíoch agus institiúideach a fheabhsú, lena n-áirítear an chibearshlándáil a neartú, litearthacht sna meáin a fheabhsú ar gach leibhéal oideachais, oiliúint leormhaith múinteoirí agus acmhainní teagaisc nua-aimseartha a áirithiú, cumarsáid straitéiseach a neartú, acmhainneachtaí frith-bhréagaisnéise a fheabhsú agus trédhearcacht faoi úinéireacht na meán a neartú; ag spreagadh an Choimisiúin chun a áirithiú gur féidir le Montainéagró tairbhe iomlán a bhaint as an Sciath Eorpach don Daonlathas; á iarraidh go mbeadh sásraí grinnfhiosrúcháin agus sláine níos láidre ann laistigh de sheirbhísí slándála agus faisnéise Mhontainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil uirlisí polaitiúla á ndéanamh d’institiúidí reiligiúnacha ag gníomhaithe seachtracha; á chur i bhfáth nach mór d’eagraíochtaí reiligiúnacha feidhmiú go trédhearcach agus go neamhspleách ar thionchar polaitiúil eachtrach, agus lánurraim á tabhairt do chreat bunreachtúil agus tuata Mhontainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar Mhontainéagró leanúint de chumarsáid straitéiseach spriocdhírithe a shaothrú agus a neartú go suntasach maidir leis na tairbhí a bhaineann le méadú agus ballraíocht san Aontas, trí chur chuige níos réamhghníomhaí agus níos oiriúnaithe go háitiúil a ghlacadh i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí náisiúnta agus leis an tsochaí shibhialta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach mbraitheann ach 39 % de shaoránaigh Mhontainéagró go bhfuil eolas maith nó an-mhaith acu faoin Aontas, de réir an tsuirbhé Eorabharaiméadair Speisialta is déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht ghníomhach Pharlaimint Mhontainéagró sa Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Montainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur reáchtáladh fóram na saoránach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Citizens at the Heart of the Enlargement of the European Union’</STRING> [Saoránaigh i gcroílár Mhéadú an Aontais Eorpaigh] an 20 agus an 21 Meán Fómhair 2025 i bPodgairítse, Montainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ainmníodh na cathracha Nikšić mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2030 agus Podgairítse mar Phríomhchathair Óige na hEorpa 2028, agus béim á leagan ar an ról atá acu maidir le rannpháirtíocht na hóige, nuálaíocht, malartú cultúrtha agus naisc níos dlúithe idir Montainéagró agus an tAontas a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Parlaimint Mhontainéagró sa phróiseas aontachais agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach aici maidir le cuntasacht dhaonlathach, formhaoirseacht pharlaiminteach agus trédhearcacht an phróisis reachtaigh a áirithiú; ag spreagadh idirphlé agus comhar cuiditheach ar fud an speictrim pholaitiúil d’fhonn reachtaíocht ardcháilíochta a ghlacadh lena réitítear nó lena bhfeabhsaítear go fóinteach fadhbanna struchtúracha agus lena gcuirtear ar chumas Mhontainéagró dul chun cinn a dhéanamh ar a chonair aontachais; á chur i bhfáth go bhfuil dlúthchomhar idir Rialtas agus Parlaimint Mhontainéagró ríthábhachtach chun athchóirithe a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir nár cheart, agus dlús á chur leis an bpróiseas reachtach, go gcuirfí teorainn le díospóireacht pharlaiminteach fhóinteach ná le ról an fhreasúra, agus á iarraidh go mbeadh cothromaíocht iomchuí ann idir luas na n-athchóirithe agus cáilíocht an ghrinnscrúdaithe reachtaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na leasuithe a rinneadh ar dhlí toghcháin Mhontainéagró, go háirithe na leasuithe sin a bhaineann le maoirseacht ar mhaoiniú feachtais agus ar na meáin, sláine toghcháin, cuótaí inscne ar liostaí toghcháin agus lá toghcháin áitiúil amháin; ag tathant ar Mhontainéagró ailíniú go hiomlán le caighdeáin an Aontais agus na moltaí uile atá fágtha, arna n-eisiúint ag an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig na hEorpa um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine agus sa Ghrúpa Stát i gcoinne an Éillithe, a chur chun feidhme go hiomlán, go háirithe maidir le trédhearcacht chaiteachas na bpáirtithe polaitiúla, lena n-áirítear cistí atá tiomnaithe d’eagraíochtaí ban i bpáirtithe polaitiúla a úsáid le haghaidh fógraíocht pholaitiúil ar líne, lena n-áirítear dearbhú urraitheoirí agus critéar spriocdhírithe, agus maidir le mí-úsáid acmhainní stáit a chosc, an clár vótálaithe a thabhairt cothrom le dáta agus aghaidh a thabhairt ar chlárú áiteanna cónaithe; á mheabhrú gur cheart é sin a dhéanamh trí phróiseas comhairliúcháin trédhearcach agus cuimsitheach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró, roimh na toghcháin, an timpeallacht faisnéise toghcháin a chosaint go córasach trí bhealaí meara comhair a bhunú idir an riarachán toghcháin, rialtóir na meán agus na húdaráis inniúla, chun bréagaisnéis chomhordaithe agus cur isteach aindleathach a bhrath agus freagairt dóibh, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á hurramú go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di cuimsiú Mhontainéagró i dTuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí ceapacháin bhreithiúnacha níos tapúla, agus úsáid á baint as nósanna imeachta trédhearcacha atá bunaithe ar fhiúntas agus atá saor ó thionchar polaitiúil agus bunaithe ar shaineolas agus ar ionracas, agus atá saor ó mhoilleanna ar amanna próiseála, lena n-áirítear ceapacháin chuig an gCúirt Bhunreachtúil agus chuig na Comhairlí Breithiúnacha agus Ionchúiseacha, i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais tagarmhairc deiridh; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag Cúirt Bhunreachtúil lánfheidhmiúil maidir le cobhsaíocht an dlíchórais agus an chreata toghcháin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na moilleanna leanúnacha ar cheapachán breithimh den Chúirt Bhunreachtúil, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó fheidhmiú iomlán ceann de na príomhinstitiúidí chun an smacht reachta agus comhtháthú san Aontas a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró a chreat dlíthiúil a ailíniú tuilleadh le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le caighdeáin Eorpacha maidir le neamhspleáchas breithiúnach, cuntasacht, neamhchlaontacht, ionracas agus gairmiúlacht, agus moltaí atá fós gan réiteach a chur chun feidhme; á iarraidh go mbeadh éifeachtúlacht níos fearr sa chóras ceartais, lena n-áirítear laghdú ar riaráistí, go háirithe maidir le cásanna éillithe agus coireachta eagraithe, rud atá ríthábhachtach chun muinín an phobail a neartú agus na coinníollacha le haghaidh ballraíocht san Aontas a chomhlíonadh; á mheabhrú go n-éilíonn na tagarmharcanna deiridh torthaí léirithe sa chleachtas, lena n-áirítear dálaí oibre feabhsaithe, foireann leordhóthanach agus bainistiú éifeachtach cásanna, ós rud é go bhfuil tionchar fós ag easnaimh struchtúracha leanúnacha ar an éifeachtúlacht bhreithiúnach; á chur in iúl gur geal léi bearta chun borradh a chur faoi tharraingteacht gairmeacha breithiúnacha; á iarraidh go nglacfaí Dlí Mhontainéagró maidir le Tuarastail agus Cearta Eile a bhaineann le Feidhmíocht Feidhmeanna Cúirte Breithiúnaí agus Bunreachtúla chun tuarastail agus dálaí oibre leormhaithe, cobhsaí agus intuartha na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí a áirithiú, ar coimircí bunriachtanacha iad dá neamhspleáchas agus d’fheidhmiú cuí an chórais ceartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil imní mhór curtha in iúl ag saineolaithe na sochaí sibhialta maidir le hábhar dhréachtleasuithe an rialtais ar an gComhairle Ionchúiseach, sa mhéid nach neartaíonn siad a neamhspleáchas go fóinteach agus go bhféadfadh sé a bheith níos deacra fiú comhaltas fíor-neamhspleách den Chomhairle Ionchúiseach a áirithiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur glacadh na leasuithe ar an Dlí maidir le Gnóthaí Inmheánacha agus ar an Dlí maidir leis an nGníomhaireacht Slándála Náisiúnta in ainneoin cáineadh láidir ón bhfreasúra agus ón tsochaí shibhialta; ag tathant go mbeadh nósanna imeachta trédhearcacha agus fíorchomhar agus fíorchomhairliúchán ann, go háirithe maidir leis na dlíthe uile a bhaineann leis an bpróiseas comhtháthaithe san Aontas, leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear an freasúra, le saineolaithe dlí agus leis an gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cáineadh go láidir an brú rialta polaitiúil agus poiblí ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí agus á iarraidh ar na hinstitiúidí inniúla freagairt go pras agus go héifeachtach chun a neamhspleáchas agus a n-ionracas a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí tuilleadh feabhais ar an gcuntas teiste maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh i ndáil le héilliú ardleibhéil, lena n-áirítear coigistiú sócmhainní; ag tathant ar Mhontainéagró dlús a chur le himscrúdú agus ionchúiseamh réamhghníomhach an éillithe ardleibhéil agus acmhainneacht agus feidhmíocht na gcomhlachtaí breithiúnacha agus frith-éillithe a neartú; ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht um Éilliú a Chosc de bheith ag feidhmiú le bearnaí ceannaireachta, foireann theoranta agus neamhspleáchas airgeadais neamhleor, rud a chuireann srian ar a tionchar foriomlán, agus á iarraidh go ndéanfaí bearta chun a neamhspleáchas iomlán oibríochtúil, airgeadais agus feidhmiúil a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh ailínithe le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le caighdeáin an Aontais sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus ag tathant ar Mhontainéagró aghaidh a thabhairt ar na moltaí uile atá fós fágtha sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh go mbeadh beartais chuimsitheacha ionracais ann chun gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus na breithiúna a chosaint ar éilliú agus ar choireacht eagraithe; á iarraidh go mbunófaí sásraí araíonachta agus sásraí cuntasachta eiticiúla níos láidre agus níos éifeachtúla, go háirithe i gcásanna a bhaineann le mainneachtain sócmhainní a dhearbhú, chun cuntasacht fhóinteach agus éifeachtach a áirithiú sa chleachtas; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta i réimsí amhail rialáil brústocaireachta, cosaint do sceithirí agus trédhearcacht an tsoláthair phoiblí, lena léirítear gur féidir le hathchóirithe spriocdhírithe, a chuirtear chun feidhme go cuí, torthaí nithiúla a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró éifeachtúlacht ionchúiseamh agus imeachtaí breithiúnacha i leith na coireachta tromchúisí agus eagraithe a mhéadú, d’fhonn cuntas teiste láidir a bhunú maidir le ciontuithe deiridh agus coigistiú sócmhainní; ag tabhairt dá haire, i réimse an fhrithsciúrtha airgid, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag Montainéagró maidir le feabhas a chur ar a chreat frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta, agus maidir le smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir Montainéagró agus Frontex, Europol, Eurojust agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí chun dul i ngleic leis an gcoireacht trasteorann, lena n-áirítear gáinneáil ar airm, ar dhrugaí agus ar dhaoine, agus maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas a chomhrac; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an comhar a threisiú sa chomhrac i gcoinne drugaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar Mhontainéagró a beartas víosa a ailíniú go hiomlán le beartas an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le tíortha a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo; ag tabhairt dá haire gur chinn Rialtas Mhontainéagró roinnt tíortha a bhaint dá liosta gan víosa in 2025; á mheabhrú gur ceanglas tagarmhairc deiridh é sin faoi Chaibidil 24;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá riarachán poiblí trédhearcach agus cuntasach, acmhainneacht riaracháin níos láidre, agus státseirbhís ghairmiúil atá bunaithe ar fhiúntas; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbaintear an bonn ó phrionsabail na hearcaíochta agus an phroifisiúnaithe atá bunaithe ar fhiúntas trí leanúint den fhostú ar mhórscála sa riarachán poiblí, gan critéir thrédhearcacha agus measúnuithe soiléire ar riachtanais; á iarraidh go ndéanfaí ceapacháin shinsearacha sa státseirbhís a dhípholaitiú tuilleadh, go dtabharfaí isteach sásraí meastóireachta soiléire feidhmíochtbhunaithe, agus go leanfaí leis an saineolas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil mionlaigh náisiúnta, grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear Romaigh agus Éigiptigh, daoine faoi mhíchumas agus daoine LGBTIQ+, fós thíos leis an idirdhealú, fuathchaint, go háirithe ar líne, agus coireanna fuatha i Montainéagró; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh le déanaí an Dlí maidir le Comhionannas a Chosaint agus Idirdhealú a Thoirmeasc; á iarraidh go ndéanfaí cur chun feidhme na córa comhionainne a neartú do phobail eitneacha, lena n-áiritheofaí go ráthófaí cearta agus deiseanna comhionanna do gach grúpa eitneach, reiligiúnach agus sóisialta, agus gur féidir leo páirt iomlán agus éifeachtach a ghlacadh sa saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch; á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach cearta na mionlach a chosaint chun aontacht sóisialta agus rialachas daonlathach a chothú agus chun luachanna Eorpacha a chaomhnú; ag tathant ar Mhontainéagró reachtaíocht agus beartais chuimsitheacha a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú lena gcoisctear idirdhealú agus lena gcuirtear cuimsitheacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró an Dlí maidir le Páirtnéireachtaí Cláraithe a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró straitéis dí-institiúidithe a chur chun feidhme do dhaoine faoi mhíchumas, chomh maith le córas láidir cosanta leanaí atá bunaithe ar chúram pobalbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag aithint nádúr il-eitneach shochaí Mhontainéagró agus á iarraidh go dtabharfaí urraim níos fearr do theangacha, traidisiúin agus oidhreachtaí cultúrtha uile na bpobal áitiúil agus na mionlach náisiúnta; á iarraidh go ndéanfadh Montainéagró dlús a chur leis na hiarrachtaí chun go mbainfear úsáid neamh-idirdhealaitheach as teangacha mionlaigh san oideachas agus i spás tiomnaithe meán in ionaid stáit agus áitiúla; á iarraidh go n-urramófaí féiniúlacht il-eitneach Bhá Kotor, go háirithe trí aitheantas a thabhairt d’oidhreacht chultúrtha an phobail Chrótaigh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an obair thógála ollmhór atá ar siúl ag suíomh UNESCO Bhá Kotor, a bhfuil tionchar aici ar chaomhnú na hoidhreachta agus ar chosaint an láithreáin nádúrtha, agus á iarraidh go gcuirfí cosaint dhlíthiúil Pháirc Miločer chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gá plé a bhaineann le féiniúlacht a láimhseáil go híogair agus go cuimsitheach d’fhonn polarú a chosc agus comhdhearcadh leathan a chothú maidir le saincheisteanna leasa ríthábhachtaigh do neamhspleáchas, ceannasacht agus conair Eorpach Mhontainéagró; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí chun an dlí maidir le saoránacht Mhontainéagró i bParlaimint na tíre a leasú chun déshaoránacht a fháil, a bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha agus fadtéarmacha a bheith ag an leasú sin do phróiseas cinnteoireachta agus d’fhéiniúlacht na tíre; ag spreagadh na n-údarás leanúint de dhul i gcomhairle agus de chomhordú a dhéanamh leis an Aontas maidir le haon athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an reachtaíocht chun a áirithiú go mbeidh sí ailínithe go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta agus go seasfaidh sí le cearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag cáineadh go láidir na fuathchainte, lena n-áirítear ar líne, agus na gcoireanna fuatha uile; á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar líon na n-ionchúiseamh as ciníochas agus fuathchaint, ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di gníomhaíocht neamhleor i gcoinne óráidí, ráitis phoiblí nó gníomhartha siombalacha lena ndéantar coirpigh chogaidh a ghlóiriú nó fíorais stairiúla a athbhreithniú; ag spreagadh Mhontainéagró dlús a chur lena fhreagairt institiúideach ar an bhfuathchaint, imscrúduithe agus ionchúisimh éifeachtacha a áirithiú agus ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró a áirithiú go gcuirfear a chreataí um chearta bunúsacha i bhfeidhm go héifeachtach, lena n-áirítear rochtain ar cheartas agus cosaint daoine leochaileacha, agus na moltaí uile ó chomhlachtaí faireacháin idirnáisiúnta a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar idirdhealú in aghaidh na mban, go háirithe iad siúd ó ghrúpaí mionlaigh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di pósadh leanaí a dhéanann difear díréireach do chailíní ó na pobail Romacha agus Éigipteacha i Montainéagró; á chur in iúl gur oth léi cineál forleathan an fhoréigin inscnebhunaithe agus na ndearcthaí milleánacha ar íospartaigh, chomh maith le fuathchaint agus bréagaisnéis inscnebhunaithe, lena n-áirítear ar líne, go háirithe i leith na mban sa saol poiblí agus polaitiúil; ag tathant ar Mhontainéagró cistí agus acmhainní leormhaithe a chur ar fáil dá chreat comhionannais inscne agus é a chomhordú agus a fhorfheidhmiú go leormhaith; á iarraidh ar na húdaráis faoi seach tuilleadh forairdill a choinneáil agus córais tacaíochta a bhunú d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus an fhoréigin teaghlaigh; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar bhailiú sonraí maidir le foréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe, ioncaim agus tuarastail, sláinte agus slándáil shóisialta; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró rannpháirtíocht pholaitiúil mhéadaithe na mban a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas neamhfhulaingthe ag Montainéagró i leith an fhoréigin in aghaidh iriseoirí agus ag cáineadh an imeaglaithe agus gach ionsaí láidir ó bhéal ar ionadaithe na meán agus na sochaí sibhialta, go háirithe mná atá ag obair sna meáin agus cosantóirí chearta an duine, ag oifigigh phoiblí agus ag páirtithe polaitiúla; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid toghairmeacha neamhfhoirmiúla agus agallamh imscrúdaitheach i gcoinne iriseoirí, colúnaithe agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta as oifigigh phoiblí a cháineadh; á iarraidh go ndéanfaí an dlí a fhorfheidhmiú go pras agus go héifeachtach agus go ndéanfar cosaint bhreithiúnach éifeachtach, agus tús áite á thabhairt d’imscrúduithe a dhéanamh agus d’obair leantach a dhéanamh go hiomlán agus go héifeachtach ar chásanna neamhréitithe, amhail dúnmharú Duško Jovanović, chomh maith le smachtbhannaí díspreagthacha; ag tabhairt dá haire nach bhfuil sainmhíniú sonrach ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail i gcóras dlí Mhontainéagró, ná nós imeachta brostaithe chun cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail a shainaithint agus a dhíbhe, agus á iarraidh go mbunófaí na sásraí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag meáin shaora agus an t-iolrachas sna meáin mar cholún bunúsach den tsochaí dhaonlathach; á mheabhrú gur tagarmharc Chaibidil 23 fós é neamhspleáchas an chraoltóra phoiblí agus údarás rialála na meán a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé úinéireacht iomlán na meán agus trédhearcacht cistiúcháin a áirithiú, lena n-áirítear d’eagraíochtaí ar líne; á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh comhaltaí chuig Comhairle na Gníomhaireachta um Sheirbhísí Meán Closamhairc le déanaí agus á chur i bhfáth nach mór don Ghníomhaireacht a bheith in ann oibriú go neamhspleách, saor ó thionchar polaitiúil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar polaitiúil leanúnach atá ag an gcraoltóir poiblí agus á iarraidh ar na húdaráis imeachtaí breithiúnacha a urramú, dlíthiúlacht a athbhunú agus neamhspleáchas institiúideach agus eagarthóireachta an chraoltóra a ráthú; á iarraidh ar Mhontainéagró a reachtaíocht maidir leis na meáin a ailíniú leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus athléimneacht i gcoinne tionchar eachtrach agus bréagaisnéise a mhéadú; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán ann maidir le struchtúir úinéireachta na meán agus foinsí cistiúcháin eachtraigh, go háirithe i gcás ina bhfuil siad nasctha le gníomhaithe polaitiúla nó le leasanna stáit eachtraigh, chun tionchar seachtrach ceilte ar dhioscúrsa poiblí Mhontainéagró a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi sochaí shibhialta bhríomhar agus chuiditheach Mhontainéagró, a bhfuil ról ríthábhachtach agus dearfach aici sa phróiseas athchóirithe; á iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach go fóinteach i gceapadh beartas, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht níos córasaí agus rochtain thráthúil ar fhaisnéis ábhartha a áirithiú; ag tathant ar na húdaráis a áirithiú nach seachnóidh reachtóireacht a bhaineann le haontachas leis an Aontas ceanglais chomhairliúcháin phoiblí agus caighdeáin sheanbhunaithe rialachais rannpháirtíochta; á iarraidh go gcuirfí tús arís, tar éis sos fada, le hobair na Comhairle um Chomhar idir an Rialtas agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, d’fhonn caidreamh comhoibríoch a fhorbairt agus fíorpháirt a thabhairt don tsochaí shibhialta i bpróiseas reachtach trédhearcach ó chéim luath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró na moltaí uile ón gCoiste Eorpach chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc a chur chun feidhme go hiomlán; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngearán maidir le céasadh agus comhéigniú ráiteas, riaráistí cásanna, agus an úsáid theoranta a bhaintear as coimircí amhail taifeadadh closamhairc ceistiúchán; á chur in iúl gur oth léi na fionraí neamhleanúnacha agus an ghníomhaíocht araíonachta neamhleanúnach, chomh maith le smachtbhannaí trócaireacha, i gcásanna drochíde ó phóilíní, agus á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe prasa, éifeachtacha agus neamhchlaonta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-óstálfaidh Montainéagró an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 5 Meitheamh 2026 in Tivat, lena gcuirfear ardán tábhachtach ar fáil chun comhar réigiúnach a neartú, an clár oibre aontachais a chur chun cinn, comhtháthú eacnamaíoch a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag dea-chaidreamh comharsanachta agus ag comhar réigiúnach i bpróiseas an mhéadaithe; á mheabhrú go bhfuil dea-chaidreamh comharsanachta ar cheann de na príomhchritéir chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i bpróiseas aontachais Mhontainéagró, i gcomhréir le Creat Caibidlíochta an Aontais; á iarraidh go mbeadh réitigh chuiditheacha ann, le spiorad na hurraime frithpháirtí, ar shaincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach, agus leasanna na saoránach mar thosaíocht; á mheabhrú gur cheart úsáid díospóidí déthaobhacha agus réigiúnacha gan réiteach chun bac a chur ar phróisis aontachais na dtíortha is iarrthóirí a sheachaint; á chur in iúl gur geal léi na comhairliúcháin dhéthaobhacha idir an Chróit agus Montainéagró mar shásra cuiditheach chun saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach agus chun muinín a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag moladh Mhontainéagró as an dul chun cinn comhsheasmhach atá déanta aige maidir le cásanna coireachta cogaidh a láimhseáil ar an leibhéal náisiúnta; ag tabhairt dá haire, áfach, ó mhí an Mheithimh 2024 i leith, nár oscail Oifig an Ionchúisitheora Speisialta Stáit aon imscrúdú nua ná nár chomhdaigh sí aon díotáil i gcásanna coireanna cogaidh, agus nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir le freagracht ceannais; á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí agus leanúint de chuntas teiste inchreidte agus marthanach a fhorbairt maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus trialacha éifeachtacha i ndáil le cásanna coireanna cogaidh, lena n-áirítear i gcásanna ardleibhéil, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le caighdeáin idirnáisiúnta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rochtain ar chartlanna ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag spreagadh Mhontainéagró leanúint de chur chuige réamhghníomhach a ghlacadh chun rochtain ar cheartas agus cúiteamh éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear tacaíocht institiúideach, d’íospartaigh, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith agus cothrom a áirithiú do gach duine a bhí ina bpríosúnaigh chogaidh i gcampaí i Montainéagró le linn na 1990idí; á chur in iúl gur geal léi an comhar réigiúnach maidir leis na saincheisteanna sin, agus á iarraidh go mbeadh comhar iomlán ann sa réigiún agus le Ballstáit an Aontais, lena n-áirítear malartú fianaise agus maidir le cinniúint na ndaoine atá ar iarraidh a shoiléiriú; á chur in iúl gur geal léi gur gabhadh i Montainéagró, tar éis iarraidh a fháil ón gCróit, duine aonair ar ar gearradh pianbhreith <STRING ITALIC="on">in absentia</STRING> as coireanna cogaidh i gcoinne príosúnaigh chogaidh, agus ag moladh an chomhair idir údaráis inniúla an dá thír sa chás seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di gur chuir gníomhaithe polaitiúla áirithe athbhreithniúchas polaitiúil in iúl, rud a bhaineann an bonn ón gcuntasacht agus a dhoimhníonn deighiltí sochaíocha; ag cáineadh go láidir aon ghlóiriú a dhéantar ar choirpigh chogaidh agus aon séanadh poiblí a dhéantar ar choireanna cogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di coincheapa agus insintí polaitiúla sa réigiún, lena moltar aontú nó comhordú trasteorann bunaithe ar fhéiniúlacht eitneach, lena n-áirítear Domhan na Seirbia, mar a thugtar air, agus lena gceistítear ceannasacht agus iomláine chríochach na stát comharsanachta; á iarraidh ar na gníomhaithe réigiúnacha uile neamhspleáchas Mhontainéagró a urramú agus staonadh ó chur isteach ar a ghnóthaí intíre; á chur i bhfáth go bhfuil na hinsintí sin ar neamhréir le prionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta agus leis an bpróiseas aontachais leis an Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil lánpháirtiú san Aontas i gceist le todhchaí na mBalcán Thiar, agus nach bhfuil réimsí tionchair atá in iomaíocht i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh an athuair go n-osclófaí na cartlanna a bhaineann le hiarphoblachtaí na hIúgslaive agus go ndeonófaí rochtain ar chomhaid Sheirbhís Rúnda na hIar-Iúgslaive agus Sheirbhís Rúnda Airm Phobal na hIúgslaive, chun go gcumasófaí taighde críochnúil a dhéanamh ar choireanna ón ré cumannach agus aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh go réiteofaí saincheisteanna maoine atá fós gan réiteach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach saincheisteanna atá fós gan réiteach maidir le cearta maoine a réiteach, lena n-áirítear cúiteamh, chun oibleagáidí Mhontainéagró faoi Chaibidil 23 a chomhlíonadh agus go bhfuil sé fós ina thagarmharc ríthábhachtach chun an chaibidlíocht maidir le cearta bunúsacha a dhúnadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Mhontainéagró i bPlean Fáis an Aontais do na Balcáin Thiar; ag moladh an dul chun cinn atá déanta aige maidir lena chlár oibre athchóirithe a chur chun feidhme, le EUR 18 milliún eisíoctha, agus ag spreagadh tuilleadh cur chun feidhme; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá torthaí intomhaiste agus marthanacha maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme, go háirithe i réimsí an smachta reachta agus bhainistiú an airgeadais phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag leanúint de Mhontainéagró a spreagadh chun úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as cistiú uile an Aontais a dheonaítear dó, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin, trí dhlús a chur le clársceidealú agus conraitheoireacht, agus trí chomhordú a fheabhsú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rannpháirtíocht leathan agus fhóinteach na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear údaráis áitiúla, comhlachais ghnó, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta ag gach céim, lena n-áirítear i ndearadh beart athchóirithe, i gcur chun feidhme tionscadal agus i bhfaireachán ar thorthaí; á mheabhrú go bhfuil coinníollacht ag baint le tacaíocht airgeadais an Aontais, trína mbraitheann cistiú ar dhul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le hathchóirithe agus urraim don smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht oibríochtúil Mhontainéagró sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA), ar céim thábhachtach í i dtreo comhtháthú airgeadais níos doimhne leis an Aontas agus costais idirbheart níos ísle do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; ag cur sonrú sna torthaí tosaigh lena léirítear coigilteas suntasach i gcostais idirbheart ó tháinig SEPA i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le tús a chur le caibidlíocht le comhpháirtithe na mBalcán Thiar, lena n-áirítear Montainéagró, chun córas ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais a leathnú, rud a chuirfidh ar chumas saoránach agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as nascacht mhóibíleach gan uaim ar rátaí intíre ar fud an Aontais agus na mBalcán Thiar, lena gcothófar teagmhálacha duine le duine, lena gcuirfear borradh faoi naisc eacnamaíocha, lena dtacófar le malartuithe oideachais agus lena n-éascófar turasóireacht; á chur i bhfios go láidir gur céim nithiúil é an tionscnamh seo i dtreo lánpháirtiú réamhaontachais níos doimhne, go dtacaíonn sé le naisc shóisialta agus eacnamaíocha trasteorann agus go dtugann sé tairbhí nithiúla do shaoránaigh i bhfad roimh bhallraíocht iomlán san Aontas; á chur in iúl gur geal léi gur údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcóras ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a leathnú chuig comhpháirtithe na mBalcán Thiar, agus á iarraidh go dtabharfaí comhaontuithe déthaobhacha leis na comhpháirtithe sin i gcrích go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil fás eacnamaíoch i Montainéagró agus ag tathant air leanúint den smacht fioscach, d’athchóirithe struchtúracha, de rialachas feabhsaithe, agus de bhearta a raibh gá leo chun borradh a chur faoin iomaíochas, faoi fhás na hearnála príobháidí, faoin infheistíocht choigríche agus faoin bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch; ag spreagadh Mhontainéagró chun beartais chustaim, shóisialta agus chánach a ailíniú le caighdeáin an Aontais, lena n-áirítear trédhearcacht agus malartú éifeachtach faisnéise cánach, chun dul chun cinn a dhéanamh faoi Chaibidil 16; á iarraidh ar Mhontainéagró ailíniú a dhéanamh le creat an Aontais chun scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh, teileachumarsáid, bonneagar criticiúil agus na meáin, chun spleáchais straitéiseacha a chosc agus bonneagar criticiúil agus príomhearnálacha eacnamaíocha a chosaint; á chur in iúl gur geal léi an chéad Chomhdháil Infheistíochta idir an tAontas agus Montainéagró mar chomhartha láidir go bhfuil naisc eacnamaíocha á ndoimhniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró borradh a chur faoi dhigitiú na seirbhísí poiblí agus gairmoiliúint atá nasctha le gnó a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cosaint shonraí pearsanta agus íogaire na saoránach a áirithiú i ngach córas digiteach; á chur in iúl gur geal léi na hiarrataí go ndéanfaí tíortha uile na mBalcán Thiar a chomhtháthú i margadh aonair digiteach an Aontais roimh bhallraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró dlús a chur lena chomhrac i gcoinne an éillithe sa soláthar poiblí tríd an gcreat dlíthiúil a neartú agus trí bhrath neamhrialtachtaí a fheabhsú, agus á iarraidh air a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach comhaontú idir-rialtasach rialacha agus prionsabail an Aontais ina n-iomláine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró dlús a chur lena iarrachtaí i dtreo aistriú inbhuanaithe agus glas agus a phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar deireadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá slándáil fuinnimh, éagsúlú an tsoláthair, spleáchais straitéiseacha ar ghníomhaithe seachtracha a laghdú, agus comhtháthú iomlán laistigh den mhargadh fuinnimh réigiúnach agus Eorpach; á iarraidh go ndéanfaí ailíniú iomlán leis an bPacáiste maidir le Comhtháthú Leictreachais, agus go mbeadh bearta éifeachtúlachta fuinnimh níos láidre ann; á iarraidh go ndéanfaí ailíniú le caighdeáin an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair agus maidir le nósanna imeachta trédhearcacha soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró a iarrachtaí a mhéadú chun tagarmharcanna deiridh Chaibidil 27 a chomhlíonadh agus dlús a chur leis an ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> comhshaoil an Aontais agus lena chur chun feidhme ar fud na n-earnálacha ábhartha uile, lena n-áirítear cáilíocht an aeir, uisce, cosaint an dúlra, bainistiú dramhaíola, truailliú tionsclaíoch agus an t-athrú aeráide, agus straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le cáilíocht an aeir agus cosaint an dúlra mar aon le pleananna áitiúla bainistithe dramhaíola a ghlacadh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Montainéagró tar éis dul isteach i gclár LIFE an Aontais; á iarraidh ar na páirtithe uile teacht ar chomhaontú maidir leis an ngléasra cóireála fuíolluisce i mbardas Zeta ar bhealach lena n-urramaítear an gá atá leis an ngléasra a thógáil agus lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní an phobail áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró limistéir a bhfuil ardluach bithéagsúlachta acu a choimirciú, lena n-áirítear láithreáin Smaragaide agus iad siúd a mbeidh ainmniú Natura 2000 acu amach anseo, lena n-áiritheofar a gcosaint dhlíthiúil agus a n-ailíniú le treoracha ábhartha an Aontais; á iarraidh ar Mhontainéagró dlús suntasach a chur le bunú agus cur chun feidhme líonra Natura 2000 i gcomhréir iomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, lena n-áiritheofar go mbeidh sainaithint, ainmniú agus bainistiú láithreán faoi chosaint bunaithe ar chritéir eolaíocha agus ar phróisis thrédhearcacha chomhairliúcháin phoiblí; á iarraidh go ndéanfaí an reachtaíocht maidir le leas ainmhithe a fhorfheidhmiú ar bhealach níos láidre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró borradh a chur faoina acmhainneachtaí riaracháin agus cigireachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil agus feabhas a chur ar chomhordú idirinstitiúideach agus ar a chinnteoireacht maidir le tionscadail bhonneagair, lena n-áirítear comhordú éifeachtach a bhunú idir measúnuithe straitéiseacha comhshaoil, measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol agus nósanna imeachta measúnaithe iomchuí; á iarraidh ar Mhontainéagró a bheartas iompair a aistriú i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iompar réigiúnach agus nascacht fuinnimh mar phríomhghné den fhorbairt eacnamaíoch agus den chobhsaíocht sna Balcáin Thiar, agus á iarraidh go mbeadh tionscadail ann lena ndéanfar lánpháirtiú le Ballstáit an Aontais a dhoimhniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bacainní a bhí ann le déanaí ag trasnuithe teorann isteach i limistéar Schengen ag tiománaithe gairmiúla ó thíortha na mBalcán Thiar i ndáil le cur chun feidhme chóras dul isteach/imeachta an Aontais ó mhí Dheireadh Fómhair 2025; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh suaitheadh fada difear diúltach do shlabhraí soláthair, do shreafaí trádála agus don chaidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus Montainéagró; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar réitigh phragmatacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá fónta ó thaobh an dlí de lena mbainfear cothromaíocht amach idir réaltachtaí oibríochtúla in earnáil an iompair agus an gá atá le sláine <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> Schengen a chaomhnú, lena n-áiritheofaí coimircí iomchuí agus lena gcoiscfí aon mhí-úsáid;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus é a aistriú go Montainéigris agus é a chur ar aghaidh chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Mhontainéagró.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>