<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0217</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0141/2026 -  Rapóirtéir:Andreas Schieder)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin (2025/2250(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 28.4.2009, lch. 166, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2009/332/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na hAlbáine ar bhallraíocht a ghlacadh san Aontas, arna chur isteach an 24 Aibreán 2009,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans</STRING> [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte an Aontais do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat caibidlíochta an Aontais leis an Albáin arna fhormheas ag an gComhairle i mí Iúil 2022, ina leagtar amach na treoirlínte agus na prionsabail le haghaidh comhráite aontachais na hAlbáine leis an Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal [Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’] (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Athchóirithe na hAlbáine a tíolacadh faoi Shaoráid Athchóirithe agus Fáis an Aontais do na Balcáin Thiar, arna fhormheas ag an gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2025 dar teideal ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta’ (COM(2025)0900), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal <STRING ITALIC="on">2025 Rule of Law Report – Country Chapter on the rule of law situation in Albania</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta – Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta san Albáin] (SWD(2025)0928),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú’ (COM(2025)0690), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi dar teideal <STRING ITALIC="on">Albania 2025 Report</STRING> [Tuarascáil 2025 ar an Albáin] (SWD(2025)0750),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 23 Deireadh Fómhair 2025 ó Mhisean Breathnóireachta Toghcháin na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip ar thoghcháin pharlaiminteacha na hAlbáine an 11 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú ón gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar a reáchtáladh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia, i Ságrab agus in Brdo pri Kranju in 2018, 2020 agus 2021 faoi seach, agus do dhearbhuithe na gcruinnithe mullaigh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Albáin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2025 arna fhoilsiú ag Transparency International i mí Feabhra 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025, arna fhoilsiú ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha i mí an Mhárta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 11 Meitheamh 2025 ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda dar teideal <STRING ITALIC="on">Global Gender Gap Report 2025</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0141/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go leanann méadú an Aontais de bheith ina infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht agus san fhorbairt dhaonlathach agus shocheacnamaíoch ar fud mhór-roinn na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil claonadh straitéiseach soiléir agus comhsheasmhach coinnithe ar bun ag an Albáin i dtreo ballraíocht san Aontas, agus go bhfuil ailíniú iomlán léirithe aici le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear bearta sriantacha i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise, agus trí thacú leis an Úcráin i vótálacha ar rúin Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur deonaíodh stádas mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas ar an Albáin in 2014, gur chuir sí tús le caibidlíocht aontachais i mí Iúil 2022, gur thug sí an próiseas scagtha chun críche i mí na Samhna 2023 agus gur chuir sí tús leis na cnuasaigh chaibidlíochta uile idir an 15 Deireadh Fómhair 2024 agus an 17 Samhain 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndeimhnítear i dTuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin go leanann an tír de dhul chun cinn a dhéanamh i bhformhór na réimsí a bhaineann le haontachas, agus béim á leagan ag an am céanna ar an ngá atá le hathchóirithe níos doimhne, níos comhsheasmhaí agus do-aisiompaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go mbraitheann inchreidteacht phróiseas méadaithe an Aontais ar choinníollacht dhocht, ar dhul chun cinn bunaithe ar fhiúntas agus ar chur chun feidhme éifeachtach athchóirithe, seachas ar reachtaíocht a ghlacadh go foirmiúil amháin; de bhrí go bhfuil aontachas na hAlbáine leis an Aontas ag brath ar athchóirithe buana, doimhne agus do-aisiompaithe sna réimsí a chumhdaítear le cnuasach ‘Bunúsach’ na gcaibidlíochtaí aontachais, ag tosú leis an smacht reachta agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; de bhrí go gcinntear an t-amchlár le haghaidh aontachais le cáilíocht na n-athchóirithe arna ndéanamh ag tír is iarrthóir;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil neartú institiúidí daonlathacha, neamhspleáchas breithiúnach, iarrachtaí frithéillithe, saoirse na meán agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta mionlach, fós fíor-riachtanach do chonair aontachais na hAlbáine;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go ndearnadh gné lárnach de bheartas an Aontais um méadú de choimirciú sláine na bpróiseas daonlathach; de bhrí, i mí Iúil 2025, gur ghlac Parlaimint na hAlbáine an chéad straitéis náisiúnta don tír in aghaidh cur isteach agus bréagaisnéis eachtrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nár tugadh aghaidh iomlán go fóill ar mholtaí an 23 Deireadh Fómhair 2025 ó ODIHR, a tháinig i ndiaidh thoghcháin pharlaiminteacha na hAlbáine an 11 Bealtaine 2025, ná moltaí ODIHR roimhe sin chun riaradh na dtoghchán san Albáin a fheabhsú tuilleadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi sárthiomantas na hAlbáine do lánpháirtiú san Aontas, bunaithe ar chomhthoil i measc a páirtithe polaitiúla uile agus ar thacaíocht ollmhór i measc a saoránach, agus ag moladh an fhíorais gur oscail an Albáin gach cnuasach de na caibidlíochtaí aontachais laistigh de 13 mhí; ag tabhairt dá haire go bhfuil leanann tacaíocht shaoránaigh na hAlbáine do bhallraíocht san Aontas de bheith ard agus go léiríonn sí mianta láidre Eorpacha shochaí na hAlbáine; ag spreagadh na tíre an móiminteam atá ann faoi láthair maidir le hathchóiriú a choinneáil agus leanúint dá hailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir go gcuireann dul chun cinn na hAlbáine ar a conair Eorpach le cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht mhór-roinn na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur mian leis an Albáin clabhsúr a chur ar an gcaibidlíocht aontachais faoi dheireadh 2027 agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn tapa atá déanta ina leith sin le blianta beaga anuas; á thabhairt chun suntais gur gá d’údaráis na hAlbáine cur chun feidhme críochnúil na reachtaíochta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go meastar i dtuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin agus i dtuarascáil ODIHR maidir le toghcháin pharlaiminteacha mhí na Bealtaine 2025 go bhfuil creat toghcháin na hAlbáine leordhóthanach den chuid is mó chun toghcháin iomaíocha a reáchtáil, agus á athdhearbhú ag an am céanna gur ann d’ábhair imní a bhaineann le míchothrom iomaíochta do ghníomhaithe polaitiúla, mí-úsáid acmhainní riaracháin lena ndéantar doiléiriú ar na línte idir institiúidí stáit agus struchtúir na bpáirtithe, cistiú páirtithe polaitiúla, líomhaintí maidir le ceannach vótaí agus brú ar vótálaithe; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar thromlach polaitiúil na hAlbáine agus ar a fhreasúra athchóiriú cuimsitheach toghchánach a shaothrú go cuiditheach agus go cuimsitheach, i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta, agus moltaí ODIHR agus Choimisiún na Veinéise atá fós gan réiteach a chur chun feidhme go hiomlán i bhfad roimh thimthriallta toghcháin amach anseo; á chur i bhfáth gur cheart go neartófaí an creat toghchánach leis an athchóiriú sin, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht maoinithe feachtais, rochtain chothrom ar na meáin agus coimircí i gcoinne mí-úsáid acmhainní riaracháin, agus go n-áiritheofaí leis go bhforfheidhmeofaí an creat go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhdhearcadh leathan polaitiúil agus cur chun feidhme dílis na n-athchóirithe sin bunriachtanach chun muinín an phobail i dtoghcháin amach anseo a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di polarú polaitiúil leanúnach agus dioscúrsa polaitiúil achrannach, a bhaineann an bonn ó fhormhaoirseacht pharlaiminteach, ó mhuinín an phobail agus ó fheidhmiú éifeachtach na n-institiúidí daonlathacha; ag spreagadh na ngníomhaithe polaitiúla dul i mbun idirphlé parlaiminteach cuiditheach arís, lena n-áiritheofar go leanfaidh Parlaimint na hAlbáine de bheith ina fóram lárnach don díospóireacht dhaonlathach agus don fhormhaoirseacht dhaonlathach; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn daonlathas feidhmiúil rannpháirtíocht fhóinteach an fhreasúra i nósanna imeachta parlaiminteacha; á mheabhrú nach bhfuil aon áit ag agóidí foréigneacha i ndaonlathas feidhmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag spreagadh grinnscrúdú parlaiminteach níos láidre ar an bhfeidhmeannas, trédhearcacht fheabhsaithe i nósanna imeachta reachtacha agus comhairliúchán níos fónta, ag céim luath, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le comhpháirtithe sóisialta agus le hinstitiúidí neamhspleácha; á chur i bhfáth gur cheart dul chun cinn a shaothrú sa phróiseas lánpháirtithe leis an Aontas gan cáilíocht agus cuimsitheacht na n-athchóirithe a chur i mbaol; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht leormhaith na ngeallsealbhóirí agus úinéireacht náisiúnta chun cur chun feidhme inbhuanaithe agus tionchar marthanach a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ról agus acmhainneachtaí choistí parlaiminteacha na hAlbáine a neartú, lena n-áirítear trí rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis, tacaíocht ó shaineolaithe agus nósanna imeachta reachtacha trédhearcacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta, na breithiúna agus comhrac in aghaidh an éillithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme leanúnach phróiseas athchóirithe bhreithiúnaigh na hAlbáine, lena n-áirítear grinnfhiosrúchán na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí, rud a rannchuidigh le cuntasacht agus ionracas méadaithe laistigh dá breithiúna; ag moladh na hArdchomhairle Breithiúnaí as ceapacháin nua giúistísí, rud a rannchuidíonn le laghdú ar líon na bhfolúntas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil coimirciú neamhspleáchas na mbreithiúna fós bunriachtanach don smacht reachta, mar aon le hiarrachtaí leanúnacha chun cuntasacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht na mbreithiúna a fheabhsú tuilleadh; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil dúshláin leanúnacha ann a bhaineann le héifeachtúlacht bhreithiúnach, forfheidhmiú éifeachtach cinntí cúirte deiridh, riaráistí na gcásanna, comhsheasmhacht na dlí-eolaíochta agus iarrachtaí tionchar míchuí a imirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil díolúine pharlaiminteach mar chuid de chreat bunreachtúil na hAlbáine, atá ceaptha chun feidhmiú cuí na n-institiúidí daonlathacha a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart aon chinneadh ina leith sin a dhéanamh go docht i gcomhréir le forálacha bunreachtúla agus le nósanna imeachta dlíthiúla seanbhunaithe, gan cur isteach polaitiúil agus gan moill mhíchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag moladh údaráis na hAlbáine as feabhas leanúnach a chur ar éifeachtúlacht a Cúirte Bunreachtúla; á iarraidh, áfach, go ndéanfaí na comhlachtaí rialachais bhreithiúnaigh níos leithne a neartú tuilleadh, agus go ndéanfaí infheistíocht leanúnach i mbonneagar cúirte agus sa digitiú; á mheabhrú go bhfuil brú agus bagairtí polaitiúla fós ar na breithiúna a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó neamhspleáchas na mbreithiúna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha araon cinntí na Cúirte Bunreachtúla a chur chun feidhme go tráthúil agus go hiomlán, mar ghné bhunriachtanach den smacht reachta agus den chothromaíocht institiúideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, de réir na ranguithe a foilsíodh in Innéacs 2025 Transparency International maidir le Braistintí i dtaca le hÉilliú, go bhfuil an Albáin tite go dtí an 91ú háit, i gcomparáid lena rangú sa 80ú háit in 2024; á chur i bhfáth gur cúis mhór imní i gcónaí é an t-éilliú agus, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta i ndáil lena creat dlíthiúil agus institiúideach, nach mór don Albáin a hacmhainneacht póilíneachta tiomnaithe a mhéadú agus a cuntas teiste maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus ciontuithe deiridh a chomhdhlúthú tuilleadh, go háirithe i gcásanna éillithe ardleibhéil; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh reachtaíocht ríthábhachtach frithéillithe, lena n-áirítear maidir le cosaint do sceithirí agus coinbhleachtaí leasa, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go críochnúil í; á chur in iúl gur geal léi obair leanúnach na n-institiúidí speisialaithe frithéillithe agus na n-institiúidí a dhéanann an choireacht eagraithe a chomhrac, lena n-áirítear an Struchtúr Speisialaithe um Chomhrac an Éillithe agus na Coireachta Eagraithe (SPAK), agus á iarraidh go ndéanfaí a neamhspleáchas marthanach, a n-acmhainní leormhaithe agus a n-acmhainneacht oibríochtúil leordhóthanach a áirithiú, gan teorainneacha a chur i bhfeidhm ar a gcumhachtaí imscrúdaitheacha ná an bonn a bhaint óna gcuid oibre; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí neartaithe chun a áirithiú go ndéanfar sócmhainní coiriúla a rianú, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear trí imscrúduithe córasacha airgeadais, trí chomhar feabhsaithe idirghníomhaireachta agus trasteorann, agus trí úsáid iomlán a bhaint as uirlisí coigistíochta i gcomhréir le cearta bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á áitiú gur gá aghaidh a thabhairt ar an éilliú ar gach leibhéal chun muinín na saoránach as institiúidí stáit a neartú agus chun timpeallacht ghnó intuartha a cheadú; á iarraidh go neartófaí trédhearcacht, rialuithe coinbhleachta leasa, measúnuithe riosca sláine agus bearta coisctheacha spriocdhírithe in earnálacha ardriosca, go háirithe soláthar poiblí agus lamháltais, ceadúnú agus cigireachtaí, agus tógáil agus pleanáil spásúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an Albáin dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh maidir le clárú tosaigh maoine agus maidir le cúiteamh cothrom a nglactar go coitianta leis, feabhas a chur ar thrédhearcacht chlár maoine an stáit agus ar cháilíocht na sonraí cadastracha sa chlár réadmhaoine, agus a áirithiú go n-urramófar an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcásanna díshealbhaithe agus bainte réadmhaoine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an choireacht eagraithe a chomhrac go héifeachtach, lena n-áirítear líonraí sciúrtha airgid agus gáinneála ar dhrugaí, agus á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann le gníomhaireachtaí an Aontais amhail Europol agus Eurojust; á iarraidh ar na húdaráis dlús a chur leis na hiarrachtaí chun creat dlíthiúil na hAlbáine maidir leis an gcoireacht eagraithe a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, acmhainneacht an fhorfheidhmithe dlí a neartú agus éifeachtúlacht imscrúduithe a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús oifigiúil curtha ag bainc san Albáin le hidirbhearta trasteorann euro a chur i ngníomh trí chóras SEPA; ag moladh údaráis na hAlbáine as a n-iarrachtaí móra chun sciúradh airgid a chomhrac tríd an Straitéis Náisiúnta um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chosc 2024-2030 a ghlacadh; ag cur sonrú sa tionscnamh ‘Albáin gan Airgead Tirim 2030’, arb é is aidhm dó dul i ngleic leis an ardleibhéal neamhfhoirmiúlachta sa ghnó agus i sreabha airgid aindleathacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha agus saoirse na meán</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú tagtha ar rangú na hAlbáine ón 99ú háit in 2024 go dtí an 80ú háit in 2025 san Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025 a d’fhoilsigh Tuairisceoirí gan Teorainneacha; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus iolrachas na meán a chosaint san Albáin, lena n-áirítear trédhearcacht níos fearr maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag úinéirí na meán, coimircí i gcoinne brú polaitiúil agus eacnamaíoch ar iriseoirí agus imscrúdú éifeachtach ar bhagairtí agus ionsaithe arna ndéanamh i gcoinne ghairmithe na meán; á iarraidh freisin go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe ann maidir le struchtúir úinéireachta na meán agus dáileadh trédhearcach fhógraíocht an stáit, chun neamhspleáchas eagarthóireachta agus iolrachas na meán a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cáineadh go láidir an naimhdeas i leith iriseoirí neamhspleácha agus ghairmithe na meán san Albáin, lena n-áirítear ionsaithe ó bhéal agus reitric fhrith-mheán ag ardoifigigh, feachtais chlúmhillte agus ciapadh frithbhanda ar líne, lena ndírítear go minic ar iriseoirí a thuairiscíonn ar an smacht reachta, ar éilliú agus ar ábhair bhreithiúnacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, an líon ard cásanna dlí i gcoinne iriseoirí; á chur in iúl gur geal léi na hathruithe a rinneadh le déanaí ar Chód Coiriúil na hAlbáine; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil díchoiriúlú iomlán an chlúmhillte agus an mhaslaithe bainte amach mar thoradh orthu, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais agus caighdeáin idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na hAlbáine litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn mar bheart comhlántach chun athléimneacht na timpeallachta faisnéise a neartú, lena n-áirítear trí thionscnaimh litearthachta sna meáin a chomhtháthú ar fud an chórais oideachais, trí thacú le hoiliúint múinteoirí agus le hacmhainní foghlama nua-aimseartha, agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar leis na meáin neamhspleácha agus le cláir ábhartha de chuid an Aontais chun machnamh criticiúil agus rannpháirtíocht dhigiteach fhreagrach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag spreagadh na hAlbáine an creat institiúideach a neartú chun cearta daoine ar de mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha agus de ghrúpaí leochaileacha iad a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Romaigh agus Éigiptigh, daoine faoi mhíchumas, oibrithe imirceacha agus daoine LADTIA+, agus cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta frith-idirdhealaithe agus rochtain fheabhsaithe do mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha agus do ghrúpaí leochaileacha ar sheirbhísí poiblí, agus a rannpháirtíocht fhóinteach sa saol sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an reitric fhrithinscne atá le feiceáil i ndioscúrsa polaitiúil na hAlbáine; ag tabhairt dá haire nach mór bearta éifeachtacha a bheith ag gabháil le neartú an chreata institiúidigh chun cearta mionlach a chosaint lena n-áiritheofar go gcuirfear na cearta sin chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach sa chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na hAlbáine rochtain inbhuanaithe ar oideachas i dteangacha mionlaigh a áirithiú do mhionlaigh náisiúnta aitheanta, agus tacú le hoiliúint chomhfhreagrach múinteoirí, le téacsleabhair a fhorbairt agus le féiniúlacht chultúrtha a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag moladh ghlacadh an Dlí maidir le Comhionannas Inscne san Albáin, atá i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, áfach, rabhartaí bréagaisnéise agus fuatha i gcoinne daoine LADTIA+, lena n-áirítear feachtais chlúmhillte i gcoinne obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair i dtreo comhionannas do dhaoine LADTIA+; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine daoine a scaipeann reitric idirdhealaitheach a thabhairt chun cuntais os comhair an dlí; á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine bearta dlíthiúla a dhréachtú, amhail páirtnéireacht chláraithe, chun lánúineacha comhghnéis a aithint agus a chosaint, de réir a ghealltanais sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta do Dhaoine LADTI 2021-2027, agus chun reachtaíocht na hAlbáine maidir le cearta an duine a chur ar aon dul le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear láithreacht stairiúil sheanbhunaithe phobal na Bulgáire i réigiúin amhail Prespa, Gollobordë agus Gora, agus ag spreagadh údaráis na hAlbáine a áirithiú go n-urramófar go hiomlán a gcearta teanga, cultúrtha agus oideachais, chomh maith le cearta mhionlaigh náisiúnta aitheanta eile na hAlbáine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil fadhbanna leanúnacha maidir le hidirdhealú agus eisiamh sóisialta fós ann a dhéanann difear do ghrúpaí mionlaigh san Albáin, go háirithe maidir le rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht agus ar sheirbhísí poiblí; á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine na beartais frith-idirdhealaithe agus cearta na mionlach a ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur gá rochtain ar cheartas agus rannpháirtíocht pholaitiúil a fheabhsú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á aithint go gcoinníonn mionlach náisiúnta na Gréige a láithreacht láidir stairiúil, go háirithe i nDeisceart na hAlbáine agus á iarraidh ar an Albáin a áirithiú go gcosnófar an ceart chun maoine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt chun suntais freisin a thábhachtaí atá sé láithreáin chuimhne a bhaineann leis an deachtóireacht chumannach a chaomhnú agus tacú le tionscnaimh chuimhneacháin agus oideachais lena gcuirtear feasacht stairiúil chun cinn agus lena neartaítear an cultúr daonlathach, go háirithe i measc na nglúnta óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi sochaí shibhialta bhríomhar agus chuiditheach na hAlbáine, a bhfuil ról ríthábhachtach agus dearfach aici sa phróiseas athchóirithe; ag spreagadh Rialtas na hAlbáine caidreamh comhoibríoch a fhorbairt, agus fíorpháirt a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas reachtach trédhearcach ó chéim luath ar aghaidh; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go leanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Albáin de bheith faoi réir dúshlán agus gur beag cistiú poiblí a fhaigheann siad; á iarraidh, thairis sin, ar Rialtas na hAlbáine timpeallacht chumasúcháin, shábháilte agus neamh-idirdhealaitheach a áirithiú don tsochaí shibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, sa rangú domhanda a foilsíodh i dTuarascáil 2025 ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda ar an mBearna Dhomhanda idir na hInscní, gur thit an Albáin ón 23ú háit in 2024 go dtí an 36ú háit in 2025, rud a léiríonn go bhfuil an bhearna inscne inti ag dul i méid; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an creat dlíthiúil maidir le foréigean inscnebhunaithe a chomhrac ailínithe le Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill; ag tathant ar Rialtas na hAlbáine feabhas a chur ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, go háirithe sa chúram sláinte, cistiú d’ionaid dídine do mhná, cúnamh dlíthiúil saor in aisce, agus cláir ath-imeasctha agus athshlánaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil Clár Oibre Náisiúnta na hAlbáine maidir le Cearta an Linbh (NARC) 2021-2026 curtha chun feidhme go hiomlán go fóill, agus go gcuirtear bac ar rochtain leanaí ar cheartas mar gheall ar mhoilleanna, cúnamh dlíthiúil teoranta agus comhordú institiúideach neamhleor; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil formhór na leanaí san Albáin fós i mbaol bochtaineachta; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine NARC a chur chun feidhme go héifeachtach trí chúnamh a chur ar fáil do leanaí atá i mbaol eisiaimh agus bochtaineachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóiriú an riaracháin phoiblí agus rialachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag aithint an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóiriú an riaracháin phoiblí, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus comhordú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Straitéis um Athchóiriú Trasnach ar an Riarachán Poiblí 2025-2030; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun earcaíocht bunaithe ar fhiúntas agus dípholaitiú na státseirbhíse a áirithiú, lena n-áirítear creat reachtach nua don státseirbhís a ghlacadh agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an creat dlíthiúil don soláthar poiblí ná do reachtaíocht dhlí na gcuideachtaí ailínithe go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine leanúint dá n-iarrachtaí reachtaíocht na hAlbáine a ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á iarraidh go mbeadh formhaoirseacht pharlaiminteach neartaithe agus iniúchtaí neamhspleácha ann agus go mbeadh trédhearcacht iomlán i nósanna imeachta soláthair phoiblí, chun a áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin an Aontais maidir le hiomaíocht, cosaint sonraí agus frith-éilliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach atá á déanamh ag coiste parlaiminteach traspháirtí na hAlbáine maidir le hathchóiriú críochach; á chur i bhfáth gur cheart aon athchóiriú sa réimse sin a dhéanamh trí phróiseas cuimsitheach agus bunaithe ar chritéir shocheacnamaíocha oibiachtúla agus ar chaighdeáin Eorpacha i leith féinrialú áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas ar phleanáil beartais, ar chinnteoireacht fhianaisebhunaithe agus ar phróisis bhuiséadacha thrédhearcacha, lena n-áirítear formhaoirseacht pharlaiminteach neartaithe ar airgeadas poiblí; á héileamh go gcuirfí feabhas ar acmhainní airgeadais, acmhainneacht riaracháin agus neamhspleáchas fioscach aonaid na n-údarás áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag moladh údaráis na hAlbáine as an Straitéis Náisiúnta Chibearshlándála 2025-2030 a ghlacadh le déanaí; á chur in iúl gur geal léi ailíniú Dhlí reatha na hAlbáine maidir leis an gCibearshlándáil le Treoir NIS 2 an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag moladh údaráis na hAlbáine as liosta nuashonraithe d’oibreoirí bonneagair faisnéise chriticiúil agus thábhachtaigh a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an feabhas leanúnach atá tagtha ar tharchur sonraí na hAlbáine chuig Eurostat; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine a tháirgeadh agus a dháileadh sonraí ardcháilíochta a mhéadú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag moladh Rialtas na hAlbáine as na dlíthe nua maidir le trádmharcanna agus paitinní a ghlacadh; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine dlí maoine intleachtúla na hAlbáine a ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus leanúint dá neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha agus an comhshaol</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na hAlbáine i gcur chun feidhme Phlean Fáis an Aontais do na Balcáin Thiar; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil laigí struchtúracha fós ann, lena n-áirítear neamhfhoirmiúlacht sa ghnó, fás teoranta táirgiúlachta agus timpeallacht dhúshlánach ghnó; á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an geilleagar mór neamhfhoirmiúil bac ar an timpeallacht ghnó agus ar an iomaíocht; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an mbonneagar iompair idir tíortha na mBalcán Thiar agus a naisc traenach agus aeir a fhorbairt tuilleadh le Ballstáit an Aontais; ag moladh údaráis na hAlbáine as díolúintí CBL a chur ar fáil do thionscadail atá maoinithe ag an Aontas san Albáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag meabhrú go bhféadfadh Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta an Aontais do na Balcáin Thiar an nascacht réigiúnach a fheabhsú tríd na hiarnróid agus na bóithre; ag tathant, ina leith sin, ar na húdaráis sna tíortha uile lena mbaineann tionscadail Chonair VIII lena nasctar an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh agus an Bhulgáir a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí sásra cuimsitheach um scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche a chur chun feidhme mar thionscnamh straitéiseach chun leasanna náisiúnta na hAlbáine a chosaint, chun slándáil a fheabhsú, agus chun intuarthacht d’infheisteoirí agus comhsheasmhacht le caighdeáin an Aontais a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil córas rialaithe inmheánaigh Rialú Airgeadais Inmheánach Poiblí na hAlbáine fós éifeachtach go páirteach; á iarraidh ar an Albáin cuntasacht agus trédhearcacht fiontar faoi úinéireacht stáit a mhéadú trína dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht airgeadais a chur ar fáil go poiblí; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine moltaí Institiúid Uachtarach Iniúchóireachta na hAlbáine a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Straitéis na hAlbáine um Nuachóiriú agus Comhchuibhiú Chórais Faisnéise Custaim na hAlbáine le córais an Aontais don tréimhse 2025-2030; ag moladh údaráis na hAlbáine as a n-iarrachtaí caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh trí bhonneagar custaim a chomhchuibhiú agus a fheabhsú; á chur i bhfáth gur gá uasghrádú suntasach a dhéanamh ar chórais TF custaim chun comhchuibhiú iomlán le caighdeáin an Aontais a bhaint amach, agus á iarraidh ar údaráis na hAlbáine dlús a chur leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is gá i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag moladh údaráis na hAlbáine as an reachtaíocht maidir leis an gciste príobháideach do phinsin a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á iarraidh ar an Albáin ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais maidir le hárachas, margaí caipitil, margaí urrús, cistí infheistíochta agus bonneagar an mhargaidh airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún agus an t-údarú ón gComhairle maidir le tús a chur le caibidlíocht chun córas ‘fánaíochta ar tháillí baile’ an Aontais a leathnú chuig na Balcáin Thiar, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus comhpháirtithe na mBalcán Thiar na céimeanna is gá a ghlacadh go pras le haghaidh oscailt chómhalartach mhargaí fánaíochta an Aontais agus chomhpháirtithe na mBalcán Thiar, lena gcumasófaí saoránaigh agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as seirbhísí fánaíochta gan táillí breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh san oideachas, i bhforbairt scileanna agus sa nuálaíocht chun tacú leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an gcomhtháthú sóisialta; ag moladh Rialtas na hAlbáine as gníomhartha reachtacha a ghlacadh chun an t-ardoideachas a athchóiriú agus as an Straitéis Náisiúnta um Oideachas 2021-2026 a chur chun feidhme go leantach; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine an reachtaíocht cur chun feidhme ar an Dlí maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha agus Músaeim a thabhairt chun críche; ag spreagadh forbairt beartas atá dírithe ar eisimirce na hóige agus imirce daoine oilte a laghdú, agus ar dheiseanna do ghairmithe óga a neartú trí dhálaí feabhsaithe i margadh an tsaothair, trí athchóiriú oideachais agus trí thacaíocht nuálaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an creat tithíochta sóisialta san Albáin a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach, bunaithe ar leanúint den Straitéis Náisiúnta maidir le Tithíocht Shóisialta 2016-2025 agus ar a feabhsú, chun dálaí maireachtála cobhsaí agus cuibhiúla a áirithiú do ghrúpaí ar ioncam íseal agus do ghrúpaí leochaileacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tithíocht shóisialta inrochtana agus inacmhainne do dhaoine óga go háirithe, lena n-áirítear mic léinn agus printísigh, ós rud é go dtacaíonn sé sin lena soghluaisteacht gheografach, lena rochtain ar oideachas agus ar oiliúint, agus lena lánpháirtiú rathúil i margadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá fíor-idirphlé sóisialta chun tairbhí mhéadú an Aontais a sholáthar do chodanna éagsúla den daonra; á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá tagtha ar aistriú bunachar sonraí agus ar nasc luath leis na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES), rud a bhíothas in ann a dhéanamh trí liosta náisiúnta na ngairmeacha a ailíniú go hiomlán leis an aicmiú ilteangach Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO); á chur in iúl gur oth léi, áfach, minicíocht íseal chruinnithe na Comhairle Náisiúnta Saothair; á iarraidh go neartófaí an próiseas comhairliúcháin trípháirteach, lena n-áirítear ionadaíocht leormhaith na gceardchumann; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht bhreise a thabhairt d’fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe chun comhlíonadh dhlí saothair an Aontais agus chreat sláinte agus sábháilteachta ceirde an Aontais a chothú, lena n-áirítear beartais neamh-idirdhealaitheacha agus bearta comhionannais a chur chun feidhme go hiomlán, agus ag tathant ar na húdaráis náisiúnta ábhartha faireachán, forfheidhmiú agus smachtbhannaí leormhaithe a áirithiú i gcásanna neamhchomhlíonta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn dul chun cinn i dtreo aontachas leis an Aontas cuntas teiste iarbhír maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> comhshaoil, go háirithe maidir le measúnuithe comhshaoil, dlíthe cosanta dúlra agus cearta rannpháirtíochta poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhógair Rialtas na hAlbáine go ndéanfaidh sé athchóiriú ar earnáil bainistithe dramhaíola na tíre, lena ndéanfar bailiú agus bainistiú dramhaíola a lárú agus a fheabhsú; á thabhairt dá haire, áfach, agus é ina ábhar imní di, de réir mheasúnú an Choimisiúin, nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide le linn na tréimhse tuairiscithe; ag tathant ar Rialtas na hAlbáine tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme straitéisí um an oiriúnú don athrú aeráide agus d’fhorbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór gur cuireadh síneadh le Dlí 2015 na hAlbáine maidir le hInfheistíochtaí Straitéiseacha, i bhfianaise a fhorálacha lena gcumasaítear nósanna imeachta ceadúnaithe brostaithe agus grinnscrúdú comhshaoil laghdaithe, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do limistéir faoi chosaint agus do chriosanna eile atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de; á iarraidh go n-aisghairfí leasuithe 2024 ar an Dlí maidir le Limistéir faoi Chosaint, lena gceadaítear bonneagar turasóireachta ar mhórscála a fhorbairt laistigh de limistéir faoi chosaint agus lena n-aistrítear príomhinniúlachtaí rialachais agus cinnteoireachta chuig an gComhairle Náisiúnta Críocha, rud a lagaíonn an formhaoirseacht chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur thug an Coimisiún rabhadh don Albáin i gcoinne gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a conair aontachais leis an Aontas i measc na n-agóidí náisiúnta leanúnacha maidir le tionscadal forbartha sóchais ar mhórscála a chuireann limistéar fiadhúlra faoi chosaint ina bhfuil lasairéain, rónta agus láithreáin neadaithe turtar i mbaol; ag athdhearbhú, ina leith sin, cháineadh an Choimisiúin agus á mheabhrú gur réamhriachtanas d’aontachas leis an Aontas é ailíniú le rialacha comhshaoil an Aontais, lena n-áirítear an Treoir maidir le hÉin<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Treoir maidir le Gnáthóga<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur léiriú iad na forbairtí atá ar siúl laistigh de limistéar cosanta Vjosa-Narta ar iarmhairtí praiticiúla na n-athruithe reachtacha sin agus ar na rioscaí dá bharr sin do limistéir a bhfuil luach éiceolaíoch aitheanta ag baint leo; ag leanúint go dlúth na n-ollagóidí síochánta atá ar siúl i gcónaí i ndáil leis an méid sin; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine moratóir a chur ar bun láithreach ar gach gnáthamh ceadaithe nua, ar gach obair thógála agus ar gach idirghabháil forbartha laistigh de limistéir chosanta go dtí go n-aisghairfear forálacha neamh-chomhoiriúnacha an Dlí leasaithe maidir le Limistéir faoi Chosaint, ar bhonn iarratas seanbhunaithe ón gCoimisiún agus ón bParlaimint agus i gcomhréir le tagarmharcanna deiridh Chaibidil 27, agus go dtí go n-áiritheofar comhlíonadh iomlán chaighdeáin cosanta dúlra an Aontais; á chur i bhfios go láidir nach mór d’aon tionscadal sa réimse sin dul faoi mheasúnuithe cuimsitheacha ar thionchar ar an gcomhshaol atá go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, lena n-áirítear próiseas trédhearcach rannpháirtíochta don phobal le pobail áitiúla, le heolaithe agus leis an tsochaí shibhialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas eachtrach agus comhar réigiúnach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag moladh ailíniú iomlán leanúnach na hAlbáine le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear bearta sriantacha, rannpháirtíocht leanúnach na hAlbáine i misin agus oibríochtaí comhbheartais eachtraigh agus slándála an Aontais, agus a ról cuiditheach maidir le cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn, lena ndeimhnítear claonadh láidir Eora-Atlantach na tíre; á chur in iúl gur geal léi an comhar feabhsaithe maidir le saincheisteanna slándála agus cosanta tríd an gComhpháirtíocht Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus an Albáin agus tríd an Idirphlé Slándála agus Cosanta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhar breise, amhail tionscnaimh oiliúna chomhpháirteacha, cumais faisnéise chomhroinnte agus bearta slándála teorann feabhsaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála réigiúnacha agus dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh rannpháirtíocht i dtionscnaimh idirnáisiúnta agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta de bheith comhsheasmhach le luachanna an Aontais, le cobhsaíocht réigiúnach agus le cuspóirí lánpháirtithe na hAlbáine leis an Aontas; ag cur béim ar a thábhachtaí atá trédhearcacht agus grinnscrúdú parlaiminteach iomchuí i gcinntí a bhaineann le gealltanais idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach mar ghnéithe bunriachtanacha de phróiseas méadaithe an Aontais agus á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na hAlbáine i dtionscnaimh réigiúnacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhar slándála níos doimhne laistigh de na Balcáin Thiar, lena gcothófaí comhordú níos dlúithe i measc na gcomhpháirtithe réigiúnacha chun an choireacht eagraithe, cibearbhagairtí agus dúshláin hibrideacha a chomhrac; ag aithint thábhacht straitéiseach an Réigiúin Aidriadaigh agus Iónaigh do shlándáil agus cobhsaíocht eacnamaíoch na hEorpa; á iarraidh ar an Albáin feabhas a chur ar a cumais slándála muirí i gcomhar leis an Aontas agus le ECAT, lena n-áirítear bonneagar cabhlaigh a neartú, córais faireachais a fheabhsú agus dlús a chur leis na hiarrachtaí chun gníomhaíochtaí aindleathacha amhail gáinneáil ar dhaoine a chomhrac; ag spreagadh na hAlbáine comhoibriú níos dlúithe le stáit chósta an Aontais chun a áirithiú go gcosnófar bealaí muirí criticiúla agus inbhuanaitheacht chomhshaoil sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go gcruthóidh tionscnaimh a forbraíodh lasmuigh de chreat an Aontais, lena n-áirítear ‘tionscnamh na mBalcán Oscailte’, struchtúir chomhthreomhara a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó Phróiseas Bheirlín agus ó Chómhargadh Réigiúnach na mBalcán Thiar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacaíocht an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cúnamh airgeadais agus teicniúil ón Aontas don Albáin faoi IPA III agus faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis, agus á chur i bhfáth nach mór go leanfadh an tacaíocht sin de bheith nasctha go daingean le cur chun feidhme nithiúil athchóirithe agus le torthaí intomhaiste; á iarraidh go neartófaí tacaíocht an Aontais do thionscnaimh slándála réigiúnacha lena bhfeabhsaítear an chobhsaíocht agus an athléimneacht ar fud na mBalcán Thiar; á chur in iúl gur geal léi bearta cúnaimh dhéthaobhaigh na Saoráide Eorpaí Síochána chun tacú le fórsaí armtha na hAlbáine, lena bhfeabhsaítear acmhainneacht na hAlbáine rannchuidiú le misin agus oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh go neartófaí formhaoirseacht agus rannpháirtíocht fhóinteach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachas gnó agus comhpháirtithe sóisialta ag gach céim den tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, lena n-áirítear bearta athchóirithe a cheapadh, tionscadail a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar thorthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas cúnamh airgeadais agus teicniúil breise a chur ar fáil don Albáin, chun tacú le forbairt tuaithe inbhuanaithe agus chun an deighilt uirbeach-tuaithe a laghdú, i gcomhréir le beartais chomhtháthaithe an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na neamhrialtachtaí tromchúiseacha a shainaithin an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise i gcur chun feidhme chlár Ionstraim Réamhaontachais an Aontais don Fhorbairt Tuaithe (IPARD II) san Albáin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé trédhearcacht iomlán, cuntasacht agus sásraí rialaithe éifeachtacha a áirithiú maidir le cúnamh airgeadais an Aontais a úsáid, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus muinín an phobail a choinneáil; á iarraidh go ndéanfaí na bearta ceartaitheacha is gá a chur chun feidhme láithreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de threoir shoiléir a chur ar fáil maidir le tosaíochtaí athchóirithe, agus dianfhaireachán trédhearcach ar dhul chun cinn na n-athchóirithe a áirithiú; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún feachtas faisnéise a chur ar bun i ngach Ballstát agus san Albáin chun tionchar dearfach mhéadú an Aontais ar shaoránaigh a mhíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag moladh don Choimisiún, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, cabhrú tuilleadh le borradh a chur faoi athléimneacht na hAlbáine in aghaidh bagairtí hibrideacha, i réimse na cibearshlándála, na hionramhála ar fhaisnéis agus na cosanta do bhonneagar criticiúil; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar chomhordú agus aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí hibrideacha lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint ó thacaíocht phoiblí san Albáin d’aontachas leis an Aontas trí bhéim níos straitéisí a leagan ar ábharthacht an Aontais do dhaoine sna Balcáin Thiar;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na hAlbáine.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>