<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0218</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Macadóin Thuaidh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0162/2026 -  Rapóirtéir: Thomas Waitz)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Macadóin Thuaidh (2025/2254(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 84, 20.3.2004, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/239(2)/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na Macadóine Thuaidh ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, arna thíolacadh an 22 Márta 2004,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig 2005 maidir le stádas iarrthóra ar bhallraíocht den Aontas a dheonú don Mhacadóin Thuaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le Méadú – an Mhacadóin Thuaidh agus an Albáin agus an 17 Nollaig 2024 maidir le Méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Athchóirithe na Macadóine Thuaidh arna fhormheas ag an gCoimisiún faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis an 23 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’</STRING> [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte an Aontais do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2025 dar teideal ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta’ (COM(2025)0900), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2025 Rule of Law Report – Country Chapter on the rule of law situation in North Macedonia’</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta – Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa Mhacadóin Thuaidh] (SWD(2025)0930),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú’ (COM(2025)0690), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">North Macedonia 2025 Report’</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir leis an Macadóin Thuaidh] (SWD(2025)0753) ag gabháil léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia, i Ságrab agus in Brdo pri Kranju in 2018, 2020 agus 2021 faoi seach, agus dá ndearbhuithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú ón gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar a reáchtáladh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 23 Méan Fómhair 2024 ó Mhisean Breathnóireachta Toghcháin de chuid na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le toghchán uachtaránachta na Macadóine Thuaidh an 24 Aibreán 2024 agus toghcháin pharlaiminteacha an 8 Bealtaine 2024 sa tír,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 19ú cruinniú den Choiste Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí comhpháirteacha a glacadh ag an 24ú cruinniú den Chomhchoiste Parlaiminteach idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh, a reáchtáladh an 26 agus an 27 Samhain 2025 in Strasbourg,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Macadóin Thuaidh, go háirithe do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 202, 28.5.2021, lch. 86.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Chomhaontú Ohrid ó 2001,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh maidir le Cairdeas, Dea-Chomharsanacht agus Comhar idir an Bhulgáir agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, a síníodh an 1 Lúnasa 2017 agus a daingníodh i mí Eanáir 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Deiridh maidir le Socrú na nDifríochtaí a thuairiscítear i rúin 817 (1993) agus 845 (1993) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, d’fhoirceannadh Chomhaontú Eatramhach 1995, agus do bhunú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an Ghréig agus an Mhacadóin Thuaidh an 17 Meitheamh 2018, ar a dtugtar freisin Comhaontú Prespa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thríú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Caighdeánú Ainmneacha Geografacha in 1977,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don idirphlé iarfhaireacháin leis an Macadóin Thuaidh agus don tuarascáil faoi seach arna glacadh an 8 Eanáir 2026 ag Comhdháil Pharlaiminteach Chomhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don séú tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe maidir leis an Macadóin Thuaidh, a glacadh an 29 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Objectives and Indicators to frame the implementation of the Gender Action Plan III (2021-25)’</STRING> [Cuspóirí agus Táscairí chun cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne (2021-25) a cheapadh] (SWD(2020)0284) a ghabhann le teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Gender Action Plan (GAP) III – an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action’</STRING> [Plean Gníomhaíochta III ón Aontas maidir le hInscne (GAP) – clár oibre uaillmhianach do chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh] (JOIN(2020)0017), chomh maith leis an bPlean Cur Chun Feidhme ar Leibhéal Tíre (CLIP) don Mhacadóin Thuaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0162/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil stádas mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas ag an Macadóin Thuaidh ó 2005 i leith agus gur éirigh léi an próiseas scagtha a thabhairt chun críche i mí na Nollag 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil tiomantas straitéiseach na Macadóine Thuaidh d’aontachas leis an Aontas agus an comhthoil náisiúnta i measc na bpáirtithe polaitiúla seasmhach, agus gur mhéadaigh an tacaíocht i measc na saoránach do bhallraíocht san Aontas 10 % go dtí 71 % i gcomparáid le 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go leanann beartas méadaithe an Aontais de bheith ina infheistíocht sa tsíocháin, daonlathas, cobhsaíocht agus rathúnas ar mhór-roinn na hEorpa, agus go mbraitheann creidiúnacht an phróisis aontachais ar choinníollacht dhian agus cóir chothrom do thíortha is iarrthóirí; de bhrí nach mór do thíortha is iarrthóirí critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh go hiomlán agus cloí le luachanna Eorpacha; de bhrí gur cheart fadhbanna déthaobhacha a réiteach go déthaobhach agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus nár cheart iad a úsáid chun próiseas an mhéadaithe a bhlocáil nó a pholaitiú tuilleadh; de bhrí go mbraitheann inchreidteacht bheartas an Aontais um méadú go cothrom ar thíortha is iarrthóirí athchóirithe a chur i gcrích agus ar an Aontas a ghealltanais a chomhlíonadh a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur thacaigh an Pharlaimint go comhsheasmhach le dearcadh Eorpach na Macadóine Thuaidh agus gur choinnigh sí idirphlé leanúnach ar bun le húdaráis na Macadóine Thuaidh, le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta, agus béim á leagan aici ar an ngá atá le hathchóirithe leanúnacha, urraim do luachanna daonlathacha, don smacht reachta agus do chearta an duine, agus gealltanais chomhaontaithe a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar diúltach fós ag an eisimirce ar an Macadóin Thuaidh, rud a chruthaíonn rioscaí fadtéarmacha d’inbhuanaitheacht airgeadais na seirbhísí poiblí bunriachtanacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go leanann deighilt pholaitiúil, comhar traspháirtí teoranta agus cur chun feidhme mall na n-athchóirithe de mhuinín agus rannpháirtíocht an phobail a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, go háirithe i gcomhthéacsanna stairiúla casta, go bhfuil ábhair teanga, féiniúlachta agus cultúir íogair ó nádúr; de bhrí go bhfuil an baol ann go ndéanfaí próiseas aontachais na dtíortha is iarrthóirí níos casta agus polaitithe trí na fadhbanna sin a chur leis an bplé maidir le méadú, agus gur cheart, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt orthu le srianadh agus le freagracht, ar bhealach lena gcaomhnófar sláine bheartas an Aontais um méadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul chun cinn intomhaiste ach mall déanta ag an Macadóin Thuaidh maidir lena Clár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme, lena gcumhdaítear go príomha athchóirithe i réimsí seachas na bunphrionsabail; de bhrí go gcuidíonn cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe le nuachóiriú agus forbairt shochaí, gheilleagar agus institiúidí na Macadóine Thuaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur chinn an Chomhairle go bhfuil sí réidh chun comhdháil idir-rialtasach a thionól gan a thuilleadh moille ná cinntí polaitiúla breise, a luaithe a bheidh a gealltanas comhlíonta ag an Macadóin Thuaidh na hathruithe bunreachtúla is gá a thabhairt chun críche, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur chuir Ballstáit aonair den Aontas a seasaimh in iúl maidir le creat caibidlíochta na Macadóine Thuaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurb é an bunús ar cheart don Bhulgáir agus don Mhacadóin Thuaidh a gcaidreamh sa todhchaí a fhorbairt ná cur chuige coiteann a aimsiú le cumarsáid agus teagmháil a dhéanamh leis an am atá caite agus cultúr cuimhneacháin a bhunú ar shlí a urramaíonn an dá thaobh; de bhrí go mbeidh an caidreamh idir glúnta amach anseo sa Mhacadóin Thuaidh agus sa Bhulgáir ina léiriú ar na próisis oideachais sa dá thír;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le tiomantas na Macadóine Thuaidh do bhallraíocht san Aontas, bunaithe ar dhul chun cinn soiléir agus intomhaiste agus ar choinníollacht dhian ach cothrom, chomh maith leis na hathruithe claochlaitheacha is gá chun na critéir aontachais a chomhlíonadh; ag moladh thiomantas na tíre do lánpháirtiú na hEorpa agus ag spreagadh iarrachtaí leanúnacha chun athchóirithe atá ailínithe leis an Aontas a chur chun cinn; á mheabhrú, áfach, go bhfuil dul chun cinn sa chaibidlíocht aontachais fós ag brath ar athchóirithe leanúnacha agus doimhne agus go bhfuil sé bunaithe go docht ar fhiúntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, go bhfuil easpa dul chun cinn ann ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach uaithi; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá, ar mhaithe le fuinnimh an athchóirithe, le tiomantas polaitiúil athnuaite agus gníomhaíochtaí soiléire, lena n-áirítear na leasuithe bunreachtúla is gá, comhar tairbheach traspháirtí agus formhaoirseacht éifeachtach pharlaiminteach; á thuiscint gur ábhar tábhachtach ach deighilteach iad na leasuithe bunreachtúla i dtír a sháraigh go leor dúshlán ar a bealach chun bheith ina náisiún neamhspleách; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur cheart do na geallsealbhóirí polaitiúla uile atá tiomanta do chonair Eorpach na tíre dul i gcomhar le chéile go práinneach chun na hathruithe bunreachtúla is gá a chur chun feidhme lena bhféadfar an chéad chnuasach caibidlíochta a oscailt; á mheabhrú go leanfaidh comhar traspháirtí de bheith bunriachtanach agus reachtaíocht náisiúnta á hailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais le linn na caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na comharthaí polaitiúla a tugadh le déanaí sa Mhacadóin Thuaidh maidir le tiomantas athnuaite chun tabhairt faoi athchóirithe; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach ndéanfar measúnú ar an tír ach amháin ar bhonn cuntas teiste maidir le hathchóirithe a cuireadh chun feidhme; á chur i bhfios go láidir nach leithscéal é an easpa comhair traspháirtí chun leasuithe bunreachtúla a chur chun cinn maidir le moill a chur ar athchóirithe riachtanacha eile, a rachadh chun tairbhe na tíre agus a saoránach gan beann ar a conair Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún intuarthacht agus inchreidteacht an phróisis aontachais a choimirciú, d’fhonn tacaíocht an phobail d’aontachas a choinneáil i dtíortha an mhéadaithe freisin; ag tathant, i ndáil leis sin, ar an gComhairle Eorpach agus ar na Ballstáit a chur in iúl, go poiblí agus go cinnte, go bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle an cinneadh dearfach a dhéanamh go pras agus gan choinníoll chun dul i mbun na chéad chéime eile den chaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh a luaithe a chomhlíonfar coinníollacha a conclúidí an 18 Iúil 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Mhacadóin Thuaidh ar cheann de na tíortha is iarrthóirí is faide atá ar feitheamh, agus stádas mar iarrthóir deonaithe di breis agus fiche bliain ó shin; á chur i bhfios go láidir, ós rud é gur chuir an Chomhairle Eorpach tús na caibidlíochta aontachais leis an Macadóin Thuaidh siar arís agus arís eile, gur chuir sé sin le dearcadh diúltach gheallsealbhóirí polaitiúla agus shaoránaigh na tíre maidir leis an ionchas d’aontachas leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag athdhearbhú iarraidh na Comhairle Eorpaí, ó chonclúidí 2024 uaithi maidir leis an Macadóin Thuaidh, dlús a chur le tabhairt chun críche na n-athruithe bunreachtúla; á mheabhrú go bhfuil sé athdhearbhaithe ag an gComhairle go bhfuil sí réidh le comhdháil idir-rialtasach eile a thionól, gan a thuilleadh moille ná cinntí polaitiúla breise, a luaithe a bheidh a gealltanas comhlíonta ag an Macadóin Thuaidh, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha, agus go bhfuil an Chomhairle réidh ina dhiaidh sin chun tús a chur leis an gcéad chnuasach caibidlíochta a luaithe is féidir, i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag moladh thiomantas shaoránaigh na Macadóine do lánpháirtiú leis an Aontas agus na tacaíochta a léiríonn siad don tionscadal seo fiche bliain ó thús a chur leis an bpróiseas; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí soiléire a thíolacadh maidir le conas ionstraimí lánpháirtíochta de réir a chéile a chur i bhfeidhm agus a gcur chun feidhme éifeachtach a ráthú, lena n-áirítear iad siúd faoin bPlean Fáis do na Balcáin Thiar, mar chomhlánú ar bhallraíocht iomlán agus ní mar ionadach uirthi, san oiread réimsí agus is féidir chun go mbeidh saoránaigh na Macadóine Thuaidh in ann tairbhe a bhaint as lánpháirtiú san Aontas roimh aontachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gá le cinnteoireacht d’aon toil maidir le tús agus clabhsúr a chur leis an gcaibidlíocht aontachais mar gharspriocanna móra polaitiúla i bpróiseas an mhéadaithe; ag athdhearbhú a hiarrata feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais gníomhú trí phróisis shimplithe, amhail vótáil trí thromlach cáilithe a úsáid sna céimeanna idirmheánacha i bpróiseas an mhéadaithe, i gcomhréir go hiomlán leis na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú gur cheart aghaidh a thabhairt ar dhíospóidí déthaobhacha idir tíortha trí idirphlé oscailte, ina mbeidh an tsochaí shibhialta agus saineolaithe rannpháirteach, agus trí fhíorchomhar, de mheon macánta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus nár cheart iad a úsáid mar uirlisí laistigh den phróiseas aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb iad féiniúlachtaí teanga, cultúrtha agus náisiúnta fíorbhunús gach tíre agus nár cheart do thríú páirtithe amhras a chaitheamh orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár cheart go mbeadh tionchar ag na hábhair sin ar phróiseas an aontachais leis an Aontas, lena ndírítear ar chur chun feidhme <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus ar ailíniú le luachanna agus prionsabail an Aontais mar a leagtar amach i gcritéir Chóbanhávan agus i bprionsabail an dea-chaidrimh comharsanachta, agus ar cheart iad a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fhiúntas amháin; ag diúltú go láidir don reitric eitneanáisiúnach, lena n-áirítear ó ghníomhaithe polaitiúla, a chothaíonn deighilt agus a bhaineann an bonn ón dea-chaidreamh comharsanachta agus den chaidreamh idir grúpaí agus pobail eitneacha; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur leis na hiarrachtaí chun srian a chur leis an reitric sin agus lena tionchar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cobhsaíocht an chaidrimh idir-eitnigh sa Mhacadóin Thuaidh agus cur chun feidhme Chreat-Chomhaontú Ohrid, lena n-áirítear trí shásraí ionadaíochta cothroma; á iarraidh ar na gníomhaithe uile bunchlocha chobhsaíocht agus shláine na tíre a chaomhnú, caidreamh, comhar agus malartuithe idir grúpaí eitneacha agus mionlaigh agus pobail eile a chur chun cinn, agus reitric scoilteach a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna Cúirt Bhunreachtúil na Macadóine Thuaidh cinneadh an 18 Meán Fómhair 2024 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le cuótaí d’ionadaithe na hAlbáine agus do phobail eile in institiúidí poiblí a neamhniú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go léireodh riarachán na tíre a comhdhéanamh il-eitneach; á iarraidh ar na húdaráis ionadaíocht leormhaith agus chothrom na bpobal uile a áirithiú i gcomhréir le Creat-Chomhaontú Ohrid agus an dréachtdlí faoi seach a leasú agus a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir leis an tuairim ó Choimisiún na Veinéise agus le caighdeáin an Aontais; ag tathant ar údaráis na Macadóine Thuaidh ceist úsáid na hAlbáinise i gcás scrúduithe stáit a réiteach go pras chun cur chun feidhme praiticiúil Chreat-Chomhaontú Ohrid a áirithiú sa dlí agus sa spiorad araon, agus gan agóidí na mac léinn a léiriú mar agóidí atá á spreagadh go mór ag an bpolaitíocht nó mar thoisc dhíchobhsaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste Cobhsaíochta agus Comhlachais in iúl le déanaí gur geal leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na tagarmharcanna a bhaint amach chun cnuasach na mbunphrionsabal a oscailt trí threochláir le haghaidh athchóiriú an riaracháin phoiblí agus le haghaidh na gcaibidlí maidir leis an smacht reachta; ag spreagadh na Macadóine Thuaidh an obair uile a bhaineann leis na tagarmharcanna tosaigh do chnuasach na mbunphrionsabal a ullmhú agus a thabhairt chun críche i bpróiseas comhairliúcháin trédhearcach agus fóinteach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go bhfeidhmíonn institiúidí daonlathacha sa Mhacadóin Thuaidh go sásúil, go bhfuil an deighilt pholaitiúil fós ann agus go gcuireann sí moill ar na hathchóirithe agus ceapacháin a bhfuil fíorghá leo; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon iarrachtaí chun na hathruithe bunreachtúla a bhfuil gealltanas tugtha ag an tír ina leith a ghlacadh, agus a bhfuil gá leo chun cnuasach na mbunphrionsabal a oscailt; ag tathant ar na páirtithe polaitiúla uile a bhfuil ionadaíocht acu i dTionól Phoblacht na Macadóine Thuaidh an reitric theasaí feachtais a shárú agus oibriú le chéile ar bhealach dépháirteach chun teacht ar chomhaontú maidir leis na hathchóirithe is gá; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun réiteach na faidhbe sin a éascú, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil agus éascú idirphlé;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart formhaoirseacht pharlaiminteach ar an bhfeidhmeannas a neartú tuilleadh agus á iarraidh go mbeadh sásraí scrúdúcháin feabhsaithe ann, lena n-áirítear rannpháirtíocht níos mó pháirtithe an fhreasúra agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh na toghcháin áitiúla a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2025 iomaíoch go ginearálta agus gur bhainistigh an riarachán toghcháin ullmhúcháin toghcháin ar bhealach éifeachtúil den chuid is mó, in ainneoin roinnt easnamh nós imeachta; á thabhairt dá haire go bhfuiltear fós ag fanacht le hathchóiriú cuimsitheach toghchánach; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí na moltaí chun feidhme atá fós gan réiteach, a rinne ESCE/ODIHR agus Coimisiún na Veinéise, ar bhealach trédhearcach, agus go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile páirteach; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le maoiniú agus speansais páirtithe polaitiúla agus fógraíocht pholaitiúil, sna meáin thraidisiúnta agus ar líne araon, go háirithe ar na meáin shóisialta; á iarraidh ar an Macadóin Thuaidh bearnaí rialála a dhúnadh lena gcumasaítear tionchar ceilte i dtoghcháin, go háirithe trí fhógraíocht pholaitiúil ar líne a rialáil, lena n-áirítear trí shainaithint éigeantach urraitheoirí, trédhearcacht caiteachais agus nochtadh fóinteach critéar um spriocdhíriú, agus trí aghaidh a thabhairt ar mhaoiniú tríú páirtí agus ar bhealaí caiteachais a bhaineann le feachtais; á iarraidh go mbeadh cistiú stáit cothrom ann agus go mbeadh rochtain chomhionann ag na páirtithe polaitiúla agus ag na hiarrthóirí neamhspleácha uile ar na meáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí fíorchumhachtú polaitiúil fóinteach ar mhná ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chun feabhas a chur ar a rannpháirtíocht sa phróiseas toghcháin agus sa chinnteoireacht pholaitiúil; á mholadh, thairis sin, go ndéanfaí cuótaí inscne a thabhairt isteach i gcás nach bhfuil siad i bhfeidhm go fóill chun a áirithiú go gcomhlíonfar an gealltanas maidir le cothromaíocht inscne a leagtar amach sa straitéis náisiúnta um chomhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>aithníonn sí go bhfuil dul chun cinn measartha déanta maidir le hathchóiriú an riaracháin phoiblí agus leis an gclaochlú digiteach, lena bhfeabhsaítear trédhearcacht agus éifeachtúlacht san earnáil phoiblí, lena n-áirítear tríd an reachtaíocht a glacadh le déanaí maidir le ríomhaitheantas i gcomhréir le rialacháin an Aontais; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí, lena n-áirítear athchóirithe ar an bhféinrialtas áitiúil agus cur chun feidhme níos láidre straitéis riaracháin phoiblí 2023-2030 lena gcuirfí ar chumas na riarachán áitiúil seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh, straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht riaracháin is gá i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant go ndéanfaí an riarachán poiblí a dhípholaitiú tuilleadh agus go ndéanfaí nósanna imeachta earcaíochta bunaithe ar fhiúntas agus nósanna imeachta roghnúcháin bainistíochta sinsearaí a chur chun feidhme go hiomlán, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ceapachán an Ombudsman nua le déanaí; ag tabhairt dá haire go dearfach formáid na n-éisteachtaí poiblí chun poist phoiblí a cheapadh, lena méadaítear trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go léirítear fabhar polaitiúil i bpróiseas ceapacháin chomhaltaí an Choimisiúin um Chosc agus um Chosaint in aghaidh Idirdhealaithe; á chur i bhfáth nach mór do chomhlachtaí comhionannais oibriú go neamhspleách agus saor ó chur isteach polaitiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na meáin agus an tsochaí shibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go dtugann an Mhacadóin Thuaidh ráthaíochtaí dlíthiúla leordhóthanacha maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh feabhais i dtreo timpeallacht fíorchumasaithe maidir le meáin shaora neamhspleácha; á iarraidh ar na meáin srian a chur orthu féin maidir le reitric a fhoilsiú a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den chaidreamh idir grúpaí eitneacha agus pobail; á chur i bhfios go láidir nach mór d’ardáin na meán sóisialta modhnóireacht inneachair a neartú, go háirithe i ndáil le fuathchaint eitneach; ag spreagadh, thairis sin, meáin phríobháideacha áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha dlíthiúla maidir le hiriseoirí a chosaint fós dúshlánach, go háirithe i gcásanna ciaptha ar líne agus foréigin inscnebhunaithe atá dírithe ar iriseoirí ar mná iad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an easpa reachtaíochta sonraí frith-SLAPP (cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail) agus an fheasacht theoranta ar an tsaincheist sin i measc breithiúna, dlíodóirí agus iriseoirí fós ina mbacainní ar iriseoirí agus léirmheastóirí poiblí a chosaint go héifeachtach ar SLAPPanna; á chur i bhfios go láidir gur gá reachtaíocht náisiúnta atá ailínithe leis an Treoir Frith-SLAPP<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh na rannpháirtíochta poiblí’) (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a ghlacadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di neamhshláine shocheacnamaíoch oibrithe na meán, agus imní ar leith ann do mhná atá ag obair sna meáin; á iarraidh ar oifigigh forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha imscrúduithe agus smachtbhannaí éifeachtacha a áirithiú i leith ionsaithe, bagairtí, ciapadh agus brú i gcoinne iriseoirí, agus béim ar leith á leagan ar iriseoirí ar mná iad; ag tathant ar na húdaráis ábhartha gach cás fuathchainte, coireanna fuatha agus imeaglaithe a chosc agus a ionchúiseamh go córasach, imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar ionsaithe gaolmhara agus sábháilteacht agus slándáil a gcuid spriocanna a áirithiú, amhail iriseoirí agus daoine a bhaineann le grúpaí mionlaigh, pobail agus grúpaí leochaileacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar chomhchruinniú úinéireacht na meán agus ar na rioscaí a bhaineann le rialú ceilte trí idirghabhálaithe; á iarraidh go mbeadh coimircí níos láidre ann don neamhspleáchas eagarthóireachta, do chleachtais thrédhearcacha fógraíochta stáit agus do chosaint iriseoirí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le hathchóiriú éifeachtach ar na meáin agus le bearta éifeachtacha frith-chomhchruinnithe a ghlacadh, lena n-áirítear trédhearcacht iomlán maidir le húinéireacht na meán agus maidir le leithdháileadh cistí poiblí le haghaidh fógraíocht stáit, chomh maith le comhlíonadh na rialacha maidir le hiomaíocht, státchabhair agus cearta maoine intleachtúla; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil iolrachas na meán bunriachtanach d’athléimneacht dhaonlathach; á chur i bhfios go láidir gur gá neamhspleáchas agus acmhainneacht an rialtóra meán, an chraoltóra seirbhíse poiblí agus rialtóir na cumarsáide leictreonaí a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil príomhstáisiúin teilifíse agus tairseacha nuachta á bhfáil go straitéiseach ag feidhmeannaigh meán na hUngáire, rud a chuireann ar chumas insintí frith-Eorpacha a bheith ina gcuid lárnach den dioscúrsa poiblí sa Mhacadóin Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh díospóireacht phoiblí a shaobhadh agus an bonn a bhaint den mhuinín as institiúidí daonlathacha agus as conair Eorpach na tíre trí chúbláil chomhordaithe ar an timpeallacht faisnéise, lena n-áirítear oibríochtaí tionchair ceilte agus insintí urchóideacha; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit iarrachtaí breise a dhéanamh chun tacú leis an Macadóin Thuaidh cur isteach eachtrach urchóideach sa tír a chomhrac, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil; á chur i bhfios go láidir go lagaíonn tionchar eachtrach urchóideach inchreidteacht institiúideach agus go ndéanann sé an tsochaí a dheighilt; á iarraidh ar na húdaráis creat cuimsitheach agus institiúidithe a bhunú le haghaidh athléimneacht dhaonlathach ina mbeidh freagrachtaí atá sainithe go soiléir, measúnuithe riosca rialta agus tuairisciú poiblí, i gcomhréir le caighdeáin AE atá ag teacht chun cinn maidir le próisis dhaonlathacha a chosaint; á iarraidh, thairis sin, go bhfeabhsófaí litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach, go gcuirfí seiceáil fíricí chun cinn, go ndéanfaí an fhuathchaint de gach cineál a chomhrac agus go neartófaí athléimneacht i gcoinne bagairtí hibrideacha a chuireann dúshlán roimh luachanna daonlathacha agus roimh sprioc na tíre maidir le ballraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chruthaigh an easpa ionchais aontachais leis an Aontas le blianta beaga anuas spás do ghníomhaithe forlámhacha chun a rannpháirtíocht sa tír a mhéadú; ag spreagadh, dá bhrí sin, cumarsáid phoiblí thrédhearcach atá bunaithe ar fhíricí maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus maidir leis an bpróiseas aontachais chun tacaíocht leathan shochaíoch a choinneáil agus chun cur i gcoinne na bréagaisnéise; ag tathant ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh le pobal na Macadóine maidir leis an easpa leanúnach tola polaitiúla chun athchóirithe a chur chun cinn lena dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna a dhéanann difear do shaoránaigh uile na Macadóine Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an timpeallacht chumasúcháin atá ann go hiondúil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus béim á leagan ag an am céanna ar an ngá atá le ról níos mó a thabhairt don tsochaí shibhialta i réimsí tosaíochta agus i gcomhairliúcháin phoiblí; a thabhairt dá haire athghníomhachtú na Comhairle um Chomhar idir an Rialtas agus an tSochaí Shibhialta; á iarraidh go mbeadh cistiú poiblí trédhearcach ann d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus go bhfeabhsófaí an reachtaíocht agus a hailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta amhail moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhairliúcháin chuimsitheacha agus trédhearcacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil faireachán críochnúil á dhéanamh acu ar chur chun feidhme athchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus, más gá, a cháineann cur chun feidhme na n-athchóirithe sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid ar Bhallstáit uile Chomhairle na hEorpa breithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine atá ar feitheamh a chur chun feidhme go pras; á thabhairt chun suntais gur cheart go gcomhlíonfadh aon athruithe reachtacha caighdeáin agus moltaí idirnáisiúnta Choimisiún na Veinéise agus go mbeidís i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, lena n-áirítear an Dlí maidir le Comhlachais agus Fondúireachtaí agus cur chun feidhme rialuithe cúirte maidir le comhlachais a chlárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an creat dlíthiúil ginearálta maidir le cearta bunúsacha i gcomhréir den chuid is mó le caighdeáin Eorpacha; á iarraidh, áfach, ar Rialtas na Macadóine Thuaidh a chur chun feidhme sa chleachtas a neartú, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcreat institiúideach don chomhionannas inscne agus trí shásraí éifeachtacha cosanta i gcoinne foréigean inscnebhunaithe agus teaghlaigh, rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh a áirithiú;  á iarraidh go nglacfaí go críochnaitheach an Dlí maidir le Comhionannas Inscne, an Dlí maidir le Caidreamh Saothair agus an Dlí maidir le Ciapadh ag an Obair a Chosc agus Cosaint air, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, d’fhonn cáilíocht saoil na mban a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna comhionannais inscne, go háirithe maidir le rochtain ar an saol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi leasuithe 2023 ar an gCód Coiriúil lena ndéantar an reachtaíocht intíre a ailíniú le Coinbhinsiún Iostanbúl; ag cur sonrú, go háirithe, san aistriú chuig sainmhíniú atá bunaithe ar thoiliú ar éigniú agus aitheantas sainráite don fhoréigean inscnebhunaithe; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, leasuithe 2026 lena neartaítear ionchúiseamh an fhoréigin teaghlaigh agus inscnebhunaithe agus lena ndéantar scaipeadh neamhthoiliúil íomhánna dlúthphearsanta a choiriúlú; á mheas gur ailíniú fóinteach le caighdeáin Eorpacha iad na hathchóirithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint de hobair a dhéanamh chun feabhas a chur ar chás na bpobal nach iad an tromlach iad, lena n-áirítear i ndáil le húsáid teangacha, agus chun an t-idirdhealú a chomhrac agus an éagsúlacht a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ar an bplean gníomhaíochta maidir le cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh nó de phobail mhionlaigh iad a chosaint, agus ag spreagadh na Macadóine Thuaidh é a thabhairt chun críche ar bhealach cuimsitheach, tagarmharcanna soiléire, táscairí intomhaiste agus sásra faireacháin tiomnaithe a bhunú, agus é mar aidhm leis cosaint éifeachtach ar idirdhealú a ráthú agus cearta bunúsacha shaoránaigh uile na Macadóine Thuaidh a fheabhsú; ag tathant ar na geallsealbhóirí polaitiúla ábhartha staonadh ó theanga dheighilteach agus ghéaraitheach a úsáid a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chaidreamh idir pobail agus mionlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth gur sócmhainn luachmhar í éagsúlacht eitneach agus chultúrtha na Macadóine Thuaidh agus gur cheart í a iompú ina foinse nirt chun rialachas daonlathach agus cuimsitheach a chomhdhlúthú tuilleadh agus chun dlús a chur le conair na Macadóine Thuaidh i dtreo aontachas leis an Aontas; ag spreagadh na Macadóine Thuaidh chun a pobail eitneacha uile a áireamh ina bunreacht, cuimsitheacht a chothú, éagsúlacht a chosaint, idirdhealú a chomhrac agus comhtháthú sóisialta a neartú i gcomhréir le luachanna Eorpacha agus prionsabail dhaonlathacha, agus cearta agus deiseanna comhionanna a ráthú go hiomlán do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos déine chun aghaidh a thabhairt ar eisiamh socheacnamaíoch leanúnach na Romach; ag tathant ar na húdaráis cur chun feidhme éifeachtach na straitéise maidir le cuimsiú na Romach a áirithiú, le táscairí intomhaiste, faireachán institiúideach cuí agus leithdháileadh leordhóthanach buiséid; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cleachtas leanúnach maidir le idirdheighilt sna scoileanna i mbardais áirithe agus á iarraidh go ndéanfaí bearta réamhghníomhacha dídheighilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil fíorbheagán dul chun cinn déanta maidir le bacainní a laghdú do dhaoine faoi mhíchumas don chuid is mó de na gnéithe den saol; ag spreagadh iarracht níos mó chun an creat dlíthiúil agus institiúideach maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a thabhairt chun críche agus chun a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil dúshláin struchtúracha leanúnacha ann in obair Choimisiún na Macadóine Thuaidh um Chosc agus um Chosaint i gcoinne an Idirdhealaithe mar gheall ar easpa acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí cosaint dhlíthiúil chearta daoine LGBTIQ+ agus go dtabharfaí aghaidh ar an bhfuathchaint i gcoinne an phobail, lena n-áirítear ar líne; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an géarú ar an bhfuath i gcoinne daoine LADTIA+ agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Mhacadóin Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile an Dlí maidir le Clárlann Shibhialta a leasú, aitheantas dlíthiúil inscne atá tapa, inrochtana agus gan bhac a áirithiú agus nós imeachta dlíthiúil trédhearcach a bhunú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le breithiúnas 2019 ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tathant ar na húdaráis príomhthéarmaíocht frith-idirdhealaithe a athbhunú sa Dlí maidir le Bunoideachas agus á iarraidh go dtabharfaí isteach arís forálacha maidir le tuairisciú éigeantach ar fhoréigean scoile chun grúpaí leochaileacha a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, na dálaí maireachtála i bpríosúin sa Mhacadóin Thuaidh, ar gá aghaidh a thabhairt orthu go práinneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhar feabhsaithe maidir le bainistiú teorainneacha agus á iarraidh ar an Macadóin Thuaidh bainistiú imirce a neartú, líonraí coiriúla smuigléirí imirceach, gáinneálaithe ar dhaoine agus cineálacha eile coireachta eagraithe a chomhrac, ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha maidir le himirce rialta agus neamhrialta a láimhseáil agus lánurraim á tabhairt do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir gur gá brú siar neamhdhleathach ag teorainneacha na Macadóine Thuaidh a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag moladh Rialtas na Macadóine Thuaidh as a mhearfhreagairt ar an ionsaí coirloiscthe fhrithsheimíteach a díríodh ar fhoirgneamh pobail Ghiúdaigh i Scóipé an 12 Aibreán 2026;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta maidir leis an gcóras breithiúnach, neamhspleáchas na gcúirteanna agus an ionchúisimh, ná maidir leis na hiarrachtaí chun an smacht reachta agus creataí frithéillithe a neartú; á iarraidh ar gheallsealbhóirí polaitiúla staonadh go práinneach ó chur isteach polaitiúil ar na breithiúna; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil laigí struchtúracha doimhne agus treochtaí diúltacha i bhfeidhmiú na mbreithiúna, lena n-áirítear maoiniú agus soláthar foirne neamhleor institiúidí breithiúnacha, rud a bhaineann an bonn dá neamhspleáchas; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Macadóin Thuaidh dlús a chur le cur chun feidhme na Straitéise um Athchóiriú Breithiúnach 2024-2028;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sláine agus neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint, lena n-áirítear tríd an gComhairle Bhreithiúnach a neartú i gcomhréir leis an moladh agus leis an tuairim ó mhisean athbhreithnithe piaraí Choimisiún na Veinéise 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur bhain na leasuithe ar an gCód Coiriúil sa Mhacadóin Thuaidh, lenar giorraíodh reachtanna na dtréimhsí agus lenar laghdaíodh na pionóis ar éilliú ardleibhéil agus ar mhí-úsáid oifige, an bonn d’imeachtaí breithiúnacha leanúnacha, lena n-áirítear cásanna ardphróifíle, rud a fhágann go mbraitear go bhfuil gníomhaithe polaitiúla mór le rá saor ó phionós agus go ndéantar muinín an phobail as na breithiúna a lagú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar chásanna coireachta fuatha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le grúpaí agus pobail eitneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le héilliú a chosc agus a chomhrac agus go bhfuil éilliú fós forleathan in go leor réimsí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearna shuntasach dhomhínithe fós ann idir imscrúduithe éillithe a fógraíodh go foirmiúil agus torthaí breithiúnacha maidir le ciontacht i gcásanna éillithe ardleibhéil; á iarraidh ar Rialtas na Macadóine Thuaidh feabhas a chur ar chur chun feidhme a straitéise náisiúnta maidir le héilliú agus coinbhleacht leasa a chosc agus Cód Coiriúil nua a ghlacadh i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta; á iarraidh, thairis sin, go neartófaí cosaint do sceithirí, ós rud é go bhfuil sí fós lag, rud a dhíspreagann daoine aonair ó chásanna éillithe a thuairisciú; á chur in iúl gur geal léi, áfach, rannpháirtíocht ghníomhach na Macadóine Thuaidh sa Chonradh Idirnáisiúnta maidir le Malartú Sonraí chun Dearbhuithe Sócmhainní a Fhíorú, rud a chuireann an tír chun cinn mar phointe tagartha réigiúnach maidir leis an sásra sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tathant go nglacfaí go tráthúil straitéis chuimsitheach frith-éillithe do 2026-2030 le freagrachtaí soiléire agus spriocanna intomhaiste, agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme moltaí atá fós gan réiteach ón nGrúpa Stát in aghaidh an éillithe (GRECO);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil moilleanna ar imeachtaí cúirte agus srianta acmhainní fós ag cur bac ar chuntas teiste láidir a bhunú maidir le cásanna éillithe ardleibhéil; á iarraidh go háirithe go ndéanfaí imscrúduithe agus ciontuithe deiridh i gcásanna ardleibhéil éillithe, a d’fhéadfadh feidhmiú mar eiseamláir go bhfuil aghaidh á tabhairt ar an éilliú ar gach leibhéal agus nach mbeidh aon saoirse ó phionós ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil an leibhéal muiníne a mheastar a bheith sa bhreithiúnacht fós an-íseal agus go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun tionchar agus imeaglú míchuí a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag iarraidh ar an Macadóin Thuaidh a hiarrachtaí chun sciúradh airgid a chomhrac a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarracht níos comhbheartaithe chun an choireacht eagraithe a chomhrac go héifeachtach; á iarraidh ar Rialtas na Macadóine Thuaidh reachtaíocht náisiúnta maidir le hairm, drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag spreagadh na n-údarás náisiúnta chun creat cuimsitheach tacaíochta a bhunú do mhná a tháinig slán ón bhforéigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear trí chúnamh airgeadais atá ráthaithe go dlíthiúil a chur ar fáil, cúnamh dlíthiúil saor in aisce agus díolúine ó chostais chúirte a ráthú, ciste stáit a chruthú chun tacaíocht leanaí gan íocaíocht a chumhdach, agus infheistíocht i gcumhachtú eacnamaíoch na mban a mhéadú trí oiliúint spriocdhírithe, fiontair shóisialta agus tionscnaimh fostaíochta áitiúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tacú le hiarrachtaí leanúnacha chun an geilleagar a nuachóiriú, aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna, an geilleagar digiteach a neartú agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, atá comhsheasmhach le freagairt do bhrúnna iomaíocha mhargadh inmheánach an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann fás eacnamaíoch inbhuanaithe ar an smacht reachta, ar intuarthacht na mbreithiúna agus ar ghníomhaíocht éifeachtach i gcoinne an éillithe; á iarraidh go ndéanfaí Dlí Buiséid Orgánaigh 2023 a chur chun feidhme, rialacha fioscacha agus Comhairle Fhioscach a thabhairt isteach agus nós imeachta an bhuiséid mheántéarmaigh a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, beartais fostaíochta ardcháilíochta a áirithiú, cóineasú sóisialta a chothú i dtreo chaighdeáin AE agus dul chun cinn a bhaint amach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na chéad chéimeanna i gcur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe agus an chláir oibre ilbhliantúil faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, atá ar an mbóthar ceart chun tairbhí nithiúla a chur ar fáil do shaoránaigh; ag spreagadh na Macadóine Thuaidh chun leanúint dá Clár Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme; á thabhairt chun suntais gur gá dlús suntasach a chur leis an gClár Oibre Athchóirithe agus é a bhaint amach, go háirithe maidir le cnuasach na mbunphrionsabal; á chur i bhfáth nach mór eisíocaíocht cistí a bheith coinníollach go docht ar chomhlíonadh na gcuspóirí agus na ngarspriocanna athchóirithe a comhaontaíodh; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an creat cuimsitheach cibearshlándála agus an Dlí nuashonraithe maidir le Doiciméid Leictreonacha, Ríomh-Shainaitheantas agus Seirbhísí Iontaoibhe; á chur in iúl gur geal léi an bealach oibiachtúil agus fíorasbhunaithe ina ndearna an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na gcéimeanna athchóirithe go dtí seo; á chur in iúl gur geal léi gur eisíocadh EUR 65,7 milliún leis an Macadóin Thuaidh le déanaí faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis, tar éis measúnú dearfach a dhéanamh ar chur chun feidhme an athchóirithe, eadhon i réimsí na digiteála agus an oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar an Macadóin Thuaidh maoirseacht neartaithe agus rannpháirtíocht fhóinteach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachas gnó agus comhpháirtithe sóisialta a shaothrú ag gach céim den tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, lena n-áirítear bearta athchóirithe a cheapadh, tionscadail a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar thorthaí; ag aithint gur gá feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus ar fheidhmiú an gheilleagair margaidh; á iarraidh go ndíreofaí níos mó ar bhearta chun saobhadh margaidh a cheartú agus ar bhearta cosanta sóisialta; á iarraidh go dtabharfaí aird níos mó ar threochtaí diúltacha déimeagrafacha agus ar dhul i ngleic leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil agus lena thionchair dhiúltacha shóisialta agus fhioscacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar na húdaráis neamhspleáchas agus ról dlisteanach na gceardchumann ionadaíoch a choimirciú, agus urraim do chearta bunúsacha saothair a áirithiú, lena n-áirítear cómhargáil, sa dlí agus sa chleachtas; á iarraidh, thairis sin, ar na húdaráis idirphlé cuiditheach agus fóinteach a áirithiú le ceardchumainn chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha amhail pá, dálaí oibre agus cosaint shóisialta, lena n-áirítear maidir le hobair ardáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á aithint go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus go bhfuil gá le creat cóipchirt cobhsaí atá ailínithe leis an Aontas; á iarraidh ar an Macadóin Thuaidh luach saothair cothrom a áirithiú d’údair agus do thaibheoirí, bainistiú ceart comhchoiteann a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE agus forfheidhmiú i gcoinne na píoráideachta a neartú; á chur i bhfios go láidir go ndéantar, de bharr cosaint lag do shealbhóirí ceart, an bonn a bhaint ó inbhuanaitheacht na meán agus d’fhorbairt ábhair closamhairc ar ardchaighdeán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh go leanfaí de straitéisí gníomhachtaithe mhargadh an tsaothair a chur chun feidhme do dhaoine óga, do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, do dhaoine ar bheagán oiliúna agus do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, Romaigh agus Éigiptigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mholadh go neartófaí beartas na hóige tríd an Dlí maidir le Rannpháirtíocht na hÓige agus Beartais na hÓige a leasú, trí fhaireachán éifeachtach agus cód buiséid tiomnaithe a bhunú, agus trí struchtúir óige áitiúla a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhtháthú na Macadóine Thuaidh i raon feidhme geografach an limistéir aonair d’íocaíochtaí euro (SEPA);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur mór an geal léi an togra ón gCoimisiúin agus an t‑údarú ón gComhairle chun caibidlíocht a oscailt maidir le córas an Aontais ‘Fánaíocht ar Tháille Baile’ a leathnú chuig an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an gCosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar na céimeanna is gá a ghlacadh go pras le haghaidh oscailt chómhalartach mhargaí fánaíochta an Aontais agus chomhpháirtithe na mBalcán Thiar;  á chur i dtreis aici go dtabharfadh leathnú an limistéir ‘Fánaíocht ar Tháille Baile’ chuig na Balcáin Thiar tairbhí nithiúla do shaoránaigh agus do ghnóthais araon, trí theagmhálacha idir dhaoine a chothú, naisc eacnamaíocha a neartú, tacú le malartuithe san oideachas agus an turasóireacht a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh ar an Macadóin Thuaidh ailíniú a dhéanamh le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol, bithéagsúlacht, fuinneamh agus iompar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí méadaithe i mbonneagar iompair agus fuinnimh agus chun iarrachtaí a chur chun cinn chun reachtaíocht iompair, fuinnimh agus chomhshaoil a thabhairt níos gaire do chaighdeáin AE; á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht náisiúnta a ailíniú le rialacha AE maidir le cearta paisinéirí; á chur i bhfios go láidir gur gá nascacht a neartú agus sreafaí trádála gan bhac a áirithiú, go háirithe i dtrácht ar bhóithre; á iarraidh go gcuirfí Córas Dul Isteach/Imeachta an Aontais chun feidhme, agus a thionchar ar thiománaithe gairmiúla agus ar shlabhraí soláthair á chur san áireamh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá naisc trasteorann amhail conairí VIII agus X den Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (GTE-I), ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun comhar eacnamaíoch le tíortha comharsanachta agus teagmhálacha duine le duine a mhéadú; ag brath ar chur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas a tugadh; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú idir an Bhulgáir agus an Mhacadóin Thuaidh maidir le tollán iarnróid trasteorann a thógáil, ar céim chinntitheach é i dtreo an nasc iarnróid feadh chonair VIII a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire an tábhacht straitéiseach a bhaineann le conair VIII maidir le neamhspleáchas geostraitéiseach AE agus ECAT, agus é ag feidhmiú mar bhealach lóistíochta ríthábhachtach feadh thaobh theas ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Dlí maidir le Fuinneamh i mí Bealtaine 2025 ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tír fós spleách go mór ar an ngual; á iarraidh go nglacfaí go pras le fuinneamh in-athnuaite agus go ndíreofaí níos mó ar éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe i gcás foirgneamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur beag dul chun cinn atá déanta sa reachtaíocht chomhshaoil; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar cháilíocht an aeir agus an uisce agus ar bhainistiú fuíolluisce, lena n-áirítear trí chistiú náisiúnta méadaithe atá curtha i leataobh go soiléir do bhonneagar soláthair uisce agus sláintíochta i gceantair uirbeacha agus thuaithe, trí chórais uisce sráidbhailte a chomhtháthú i bhfóntais phoiblí i gcás inarb indéanta, le freagrachtaí institiúideacha a shanntar go soiléir, agus trí rialuithe rialta sláintíochta agus saotharlainne a áirithiú, le nochtadh poiblí torthaí agus maoirseacht chigireachta neartaithe, lena n-áirítear smachtbhannaí a thabhairt isteach i leith córais neamhrialáilte, drochchothabháilte nó truaillitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil leibhéil arda leanúnacha truaillithe aeir ann, go háirithe i gceantair uirbeacha, atá nasctha go láidir le dóchán guail agus táirgeadh stroighne; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, sa chomhthéacs sin, an Dlí nua maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a Rialú agus ag tathant ar na húdaráis é a leasú trí nós imeachta poiblí trédhearcach agus cuimsitheach ina mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach, go háirithe saineolaithe comhshaoil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cáilíocht an aeir i gcathracha a fheabhsú, lena n-áirítear trí bhearta amhail criosanna astaíochtaí ísle a thabhairt isteach agus feithiclí iompair phoiblí nua-aimseartha nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a fháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an dul chun cinn teoranta atá déanta maidir le reachtaíocht chothrománach chomhshaoil a chur chun feidhme agus ag tathant ar an Macadóin Thuaidh na Treoracha maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1 , ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/92/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/42/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a ailíniú go hiomlán agus a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach a bhaineann le tionscadail bheaga hidreachumhachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tathant ar Rialtas na Macadóine Thuaidh agus ar na húdaráis áitiúla dlús a chur le bearta maidir leis an mbithéagsúlacht, cosaint dlí éifeachtach a bhunú do láithreáin Smaragaide arna n-ainmniú faoi Choinbhinsiún Bheirn agus dlús a chur le sainaithint agus ainmniú láithreán Natura 2000 amach anseo; ag tathant ar Rialtas na Macadóine Thuaidh tús áite a thabhairt do ghlacadh dlí nua maidir le cosaint an dúlra agus dlús a chur leis chun teacht in ionad an chreata dhlíthiúil atá as dáta agus chun ailíniú iomlán le Treoracha AE maidir le Gnáthóga<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Éin<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhar leanúnach na Macadóine Thuaidh leis an gCosaiv agus leis an Albáin maidir le Páirc Náisiúnta thrasteorann Shléibhte Sharr; á athdhearbhú go bhfuil géarghá leis an dlí maidir le hath-fhorógra Pháirc Náisiúnta Mavrovo a ghlacadh agus a plean bainistíochta a thabhairt chun críche agus a chur chun feidhme go héifeachtach; á mholadh go n-áireofaí Jablanica ar liosta náisiúnta na limistéar faoi chosaint; ag tathant ar an Macadóin Thuaidh plean náisiúnta gníomhaíochta agus bainistíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an lincse Balcánach a chaomhnú, a bheidh ailínithe leis an straitéis réigiúnach agus i gcomhar le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear d’fhonn nascacht éiceolaíoch a choinneáil idir príomhghnáthóga, lena n-áirítear Mavrovo agus Jablanica agus limistéir thrasteorann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar réigiúnach agus an beartas eachtrach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannchuidithe luachmhara agus suntasacha na Macadóine Thuaidh maidir le comhar agus cobhsaíocht réigiúnach trína rannpháirtíocht i dtionscnaimh eacnamaíocha agus taidhleoireachta réigiúnacha amhail Próiseas Bheirlín, an Plean Fáis do na Balcáin Thiar, agus cur chun feidhme comhaontuithe margaidh réigiúnacha coiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh go mbeidh tiomantas comhsheasmhach ann don idirphlé agus don chomhar le tíortha comharsanachta chun cobhsaíocht réigiúnach a threisiú agus muinín fhrithpháirteach a chothú; á iarraidh go gcuirfí teagmhálacha idir daoine chun cinn tuilleadh ar fud oirdheisceart na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun feidhme de mheon macánta, amhail Comhaontú Prespa agus an Conradh maidir le Cairdeas, Dea-chomharsanacht agus Comhar leis an mBulgáir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag aithint go bhfuil léirmhínithe éagsúla ann maidir le saintréithe stairiúla shochaí na Macadóine; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil sé d’aidhm ag a tuarascáil réamhbhreith a dhéanamh ar dhioscúrsa léinn maidir leis na hábhair sin ná srian a chur leis ná nach bhfuil tionchar ag na léirmhínithe sin ar a measúnú ar dhul chun cinn na Macadóine Thuaidh i dtreo aontachas leis an Aontas, atá fós fréamhaithe i gcritéir Chóbanhávan agus i bprionsabail an dea-chaidrimh comharsanachta; ag tathant ar na páirtithe uile obair an Chomhchoimisiún Saineolaithe Ildisciplínigh maidir le Saincheisteanna Stairiúla agus Oideachais na Bulgáire agus na Macadóine Thuaidh a atosú agus a chuid oibre a chomhlíonadh de mheon macánta, agus ar an gcaoi sin sochaithe a thabhairt níos gaire dá chéile; ag cáineadh aon iarrachtaí chun séadchomharthaí agus/nó déantáin stairiúla a ionadú, lena n-áirítear scriosadh na hoidhreachta cultúrtha barántúla; á chur in iúl gur oth léi scriosadh agus falsú inscríbhinní Bulgáireacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur tionóladh an seisiún is déanaí den Chomhchoimisiún Comhpháirteach Idir-Rialtasach, a bunaíodh faoi Airteagal 12 den Chonradh maidir le Cairdeas, Dea-chomharsanacht agus Comhar, an 17 Iúil 2022 agus nár tionóladh aon seisiún nua ó shin; ag tathant ar Rialtas na Bulgáire agus ar Rialtas na Macadóine Thuaidh an tríú seisiún den Chomhchoimisiún Comhpháirteach Idir-Rialtasach a eagrú go pras chun cur chun feidhme an Chonartha agus na bPrótacal a ghabhann leis a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag tathant go láidir ar an gComhchoimisiún Saineolaithe Ildisciplíneach maidir le Saincheisteanna Stairiúla agus Oideachais na Bulgáire agus na Macadóine Thuaidh, a bunaíodh mar thoradh ar an gConradh maidir le Cairdeas, Dea-chomharsanacht agus Comhar leis an mBulgáir, torthaí soiléire agus inláimhsithe a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go léireofaí sna téacsanna an léirmhíniú ar fhíorais agus ar fhigiúirí stairiúla ó stair choiteann an dá phobal bunaithe ar fhoinsí agus ar dhoiciméid stairiúla atá oibiachtúil, barántúil agus fianaise-bhunaithe, ar léirmhíniú eolaíoch agus ar imeachtaí stairiúla, mar a shonraítear sa dara prótacal a ghabhann leis an gConradh leis an mBulgáir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil naisc níos láidre ag dul i méid idir an Mhacadóin Thuaidh agus Rialtas na Seirbia, a bhfuil clár oibre neamhliobrálach á shaothrú aige; ag tabhairt, thairis sin, rabhadh i gcoinne thionchar eacnamaíoch agus polaitiúil méadaitheach na Síne sa réigiún, go háirithe trí thionscadail bhonneagair agus trí iasachtú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní comhionann di, gur ann do thuarascálacha ar iarrachtaí na Rúise tionchar a imirt ar thionscadail sa Mhacadóin Thuaidh; á iarraidh ar an Aontas tacú leis an Macadóin Thuaidh athléimneacht a neartú i gcoinne tionchar seachtrach a dhéantar trí líonraí reiligiúnacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hinsintí a chuirtear chun cinn sa réigiún lena gceistítear ceannasacht agus iomláine chríochach tíortha, lena n-áirítear Domhan na Seirbia, mar a thugtar air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag meabhrú gur gá atá le cartlanna sheirbhís rúnda na hIúgslaive (UDBA agus KOS), atá á gcoimeád sa Mhacadóin Thuaidh agus sa tSeirbia araon, a oscailt; á chur béim ar an bhfíoras gur gá na cartlanna sin a oscailt ar fud an réigiúin chun déileáil leis an stair ollsmachtach ar bhealach trédhearcach agus chun an daonlathas, an chuntasacht agus institiúidí sna Balcáin Thiar a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag moladh ailíniú láidir seanbhunaithe na Macadóine Thuaidh le beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear maidir le bearta sriantacha; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an méadú ar staonadh ó vótaí tábhachtacha i gcomhlachtaí idirnáisiúnta seachas seasamh tromlaigh AE a leanúint; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Rialtas na Macadóine Thuaidh, i gcásanna amhrais, ailíniú a dhéanamh le seasamh an tromlaigh laistigh de AE; á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht gheostraitéiseach ag an Macadóin Thuaidh agus go bhfuil ról tábhachtach aici mar chomhalta de ECAT; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na tíre i misin agus in oibríochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta agus a rannchuidiú le ról ceannasach an Aontais maidir leis an tsíochánaíocht, maidir le coinbhleachtaí a chosc agus maidir le bainistiú géarchéime idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi ullmhacht na Macadóine Thuaidh feabhas a chur ar an gcomhar leis an Aontas faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>