<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0219</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0165/2026 -  Rapóirtéir: Ondřej Kolář)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (2025/2251(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> IO L 164, 30.6.2015, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2015/997/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chreat-Chomhaontú Ginearálta um Shíocháin sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar cuireadh inisealacha leis in Dayton an 21 Samhain 1995 agus a síníodh i bPáras an 14 Nollaig 1995 (Comhaontú Síochána Dayton),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón Uachtaránacht ó chruinniú na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan an 21-22 Meitheamh 2003, ina leagadh amach critéir Chóbanhávan,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht AE, a tíolacadh an 15 Feabhra 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 dar teideal ‘Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach’ (COM(2019)0261),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2022 lena ndeonaítear stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht AE don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Márta 2024 agus don chinneadh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3</STRING> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú ón gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar a reáchtáladh in Thessaloniki an 21 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Shágraib a glacadh ag Cruinniú Mullaigh Shágraib idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh an 6 Bealtaine 2020, inar athdhearbhaíodh tosaíochtaí coiteanna, lena n-áirítear peirspictíocht Eorpach an réigiúin, neartú an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach, agus an gá atá le próisis pholaitiúla chuimsitheacha agus le hathmhuintearas frithpháirteach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a glacadh an 17 Nollaig 2025 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón Uachtaránacht maidir le méadú an 16 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú’ (COM(2025)0690) agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi dar teideal ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin’(SWD(2025)0751),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhorléargas agus do mheasúnú tíre an Choimisiúin an 2 Meitheamh 2025 lena ndírítear ar chlár athchóirithe eacnamaíoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine, agus do na Conclúidí Comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais le Comhpháirtithe Réigiúnacha an 13 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 5ú Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an 19 Iúil 2023 agus don 8ú cruinniú de Choiste Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an 11 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí an 7ú agus an 8ú cruinniú de Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-na Boisnia agus na Heirseagaivéine, a tionóladh an 17 agus an 18 Meán Fómhair 2025 agus an 11 agus an 12 Márta 2026, faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó shaineolaithe an 5 Nollaig 2019 maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 67ú agus don 68ú Tuarascáil ón Ard-Ionadaí um Chur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Síochána maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 6 Bealtaine 2025 agus an 31 Deireadh Fómhair 2025, faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 2795 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2025, lena gcuirtear síneadh le sainordú Fhórsa AE sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (EUFOR) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 78/282 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 23 Bealtaine 2024 lena n-ainmnítear an 11 Iúil mar Lá Idirnáisiúnta Machnaimh agus Cuimhneacháin Chinedhíothú 1995 in Srebrenica,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Bhunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 21 agus 22 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin UNESCO maidir leis an gceart chun oideachais sa mháthairtheanga,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mholadh uaithi an 17 Eanáir 2024 don Chomhairle, don Choimisiún, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le ‘ról na taidhleoireachta coiscthí chun dul i ngleic le coinbhleachtaí calctha ar fud an domhain – deis a cailleadh nó athrú don todhchaí’?
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4</STRING> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0165/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur tír is iarrthóir í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin atá ag iarraidh lánpháirtiú Eora-Atlantach a bhaint amach mar bhealach chun síocháin, daonlathas agus rathúnas fadtéarmach inbhuanaithe a bhaint amach; de bhrí, de réir pobalbhreitheanna a rinneadh le déanaí, go bhfuil 70 % de shaoránaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine i bhfabhar bhallraíocht san Aontas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur lagaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an staid slándála san Eoraip agus gur leag sé béim bhreise ar shuíomh straitéiseach thíortha na mBalcán Thiar in ollstruchtúr slándála na hEorpa; de bhrí go bhfuil dlúthchaidreamh ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin le ECAT;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach tír is iarrthóir a mheas ar a fiúntas féin maidir le critéir sheanbhunaithe Chóbanhávan a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur tionscadal síochána é an próiseas méadaithe a éilíonn go mbeadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ina tír feidhmiúil, daonlathach agus il-eitneach ina bhfuil cearta agus deiseanna comhionanna ag na saoránaigh uile; de bhrí go mbaineann bacainní leanúnacha agus reitric scarthach an bonn den sprioc sin agus de pheirspictíocht Eorpach na tíre ina hiomláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur féidir le héifeachtaí dearfacha an mhéadaithe a bheith tairbheach go háirithe chun cabhrú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a dúshláin inmheánacha sheanbhunaithe a shárú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí polaitiúil agus eacnamaíoch thíortha na mBalcán Thiar i gcónaí; de bhrí go leanann an tAontas de bheith ar an gcomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó atá ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin fós faoi mhaoirseacht idirnáisiúnta mar a bunaíodh le Comhaontú Síochána Dayton, a chuir deireadh le cogaíocht ghníomhach agus a chruthaigh bonn don tsíocháin sa tír, agus atá fós mar bhonn le leagan amach institiúideach na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus a bhí beartaithe mar choimirce do chomhionannas a thrí bhunphobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, chun an tsíocháin a baineadh amach trí Chomhaontú Síochána Dayton a choimirciú agus a neartú agus chun a chur ar chumas na Boisnia agus na Heirseagaivéine a bheith ina ball iomlán agus feidhmiúil den Aontas, go bhfuil gá le bogadh go dtí an chéad chéim eile de shocrú bunreachtúil iar-Dayton, lena neartófar aontacht sa tír il-eitneach seo agus a thabharfaidh cearta agus freagracht iomlán don phróiseas cinnteoireachta dá saoránaigh amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur luadh sa Chompás Straitéiseach, mar ábhar slándála agus cobhsaíochta, gur díol spéise ar leith é tacú le ceannasacht, aontacht agus iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur stát il-eitneach í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bhfuil grúpaí éagsúla reiligiúnacha agus pobail éagsúla ina gcónaí ina chríoch leis na céadta bliain i dtimpeallacht caoinfhulaingthe agus urraime frithpháirtí; de bhrí go bhfuil an éagsúlacht teanga agus chultúrtha ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur thug Milorad Dodik cuairt ar na Stáit Aontaithe go luath i mí Feabhra 2026 agus gur bhuail sé le hoifigigh shinsearacha sna Stáit Aontaithe; de bhrí gur baineadh roinnt comhaltaí de riarachán eintiteas Republika Srpska de liosta smachtbhannaí na Stát Aontaithe; de bhrí gur earcaigh eintiteas Republika Srpska gnólachtaí brústocaireachta eachtracha agus gur tuairiscíodh go raibh sé d’aidhm ag socruithe conarthacha den sórt sin tacaíocht idirnáisiúnta a fháil do chuspóirí scarthacha maidir le stádas eintiteas Republika Srpska laistigh den Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag athdhearbhú go láidir go dtacaíonn sí le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an Aontas ar bhonn na haontachta, na ceannasachta agus na hiomláine críochaí; á mheabhrú go bhfuil an dul chun cinn bunaithe ar fhiúntas, lena n-éilítear athchóirithe marthanacha agus inchreidte a chur chun feidhme chun critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh, institiúidí daonlathacha a chosaint, an daonlathas a ráthú, seasamh leis an smacht reachta, an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus urraim do chearta bunúsacha agus neamh-idirdhealú a áirithiú do gach saoránach, lena n-áirítear comhphobail, gan beann ar chleamhnachtaí eitneacha, reiligiúnacha nó cleamhnachtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag athdhearbhú thábhacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine sna Balcáin Thiar; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as na hionstraimí taidhleoireachta, polaitiúla agus cultúrtha is gá chun comhpháirtíochtaí straitéiseacha na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an Aontas Eorpach a neartú agus chun tacú le lánpháirtiú réigiúnach agus lánurraim á tabhairt don cheannasacht agus don chomhar idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas leanúint de bheith dian agus cothrom agus measúnú á dhéanamh ar dhul chun cinn na tíre i gcomparáid leis na critéir aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tacú le lánpháirtiú na Boisnia agus na Heirseagaivéine de réir a chéile i mbeartais agus i gcláir roghnaithe de chuid an Aontais roimh bhallraíocht iomlán, ar bhonn dul chun cinn maidir le hathchóirithe; á chreidiúint go gcuireann lánpháirtiú de réir a chéile den sórt sin tairbhí nithiúla ar fáil do shaoránaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine, go neartaíonn sé a muinín i bpróiseas aontachais leis an Aontas agus go gcruthaíonn sé móiminteam do-aisiompaithe i dtreo ballraíocht iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tathant ar cheannairí polaitiúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine a dtiomantas do chuspóir straitéiseach aontachas leis an Aontas Eorpach a athnuachan agus a athdhearbhú agus na hathchóirithe agus na céimeanna riachtanacha atá i bhfad thar téarma arna leagan amach ag an gCoimisiún a bhaint amach ar bhealach inchreidte, substainteach agus tráthúil, gan a thuilleadh moille ná bac polaitiúil, agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirfidh iarrachtaí aontachais leis an gcomhtháthú polaitiúil agus nach ngéaróidh siad deighiltí inmheánacha, d’fhonn tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais a luaithe a chomhlíonfar na réamhchoinníollacha riachtanacha go hinchreidte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an mbacóireacht, le húsáidí cros eintiteas arna spreagadh go polaitiúil, le reitric éadairbheach agus le hoirbhearta scoilteacha a chuireann bac ar dhul chun cinn agus a tharraingíonn aird ó athchóirithe a bhaineann leis an Aontas; ag spreagadh na gceannairí uile chun páirt chuiditheach a ghlacadh chun mianta na saoránach a bhaint amach agus chun an tsáinn a shárú; á chur i bhfáth go mbraitheann dul chun cinn ar chonair aontachais na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar deireadh ar thoil pholaitiúil agus ar úinéireacht na n-údarás ar gach leibhéal rialachais; á mheabhrú gur léirigh gníomhaithe polaitiúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine roimhe seo go bhfuil sé d’acmhainneacht acu teacht ar chomhthoil agus athchóirithe tábhachtacha a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag Tionól Parlaiminteach na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa phróiseas aontachais; á mholadh di tosaíocht a thabhairt d’athchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus dul i mbun idirphlé cuiditheach chun próiseas reachtach éifeachtach, gan bhac a áirithiú; á chur in iúl gur baineadh stangadh mór aisti agus gur cúis mhór bhuartha di an bac ar chúiseanna polaitiúla agus na bacainní arís agus arís eile a chuir bac suntasach ar fheidhmiú an reachtais ar leibhéal an stáit agus a chuir moill ar ghlacadh na reachtaíochta a cheanglaítear leis an Aontas Eorpach; á iarraidh go nglacfaí an Dlí maidir le hArdchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an Dlí maidir le Cúirteanna, agus aird chuí á tabhairt ar na moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí atá fóinteach agus cuimsitheach, agus i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth, i dtíortha is iarrthóirí a bhfuil socruithe bunreachtúla casta acu, amhail an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, nár cheart athchóirithe tábhachtacha a dhéanann difear d’fheidhmiú, neamhspleáchas agus inniúlachtaí institiúidí ar leibhéal an stáit a dhéanamh faoi dheifir ná a ionstraimiú go polaitiúil; á chur i bhfios go láidir nár cheart do nósanna imeachta brostaithe nó brú chun amlínte polaitiúla a chomhlíonadh cáilíocht dhlíthiúil, sláine institiúideach nó comhroinnt bhunreachtúil cumhachtaí a chur i gcontúirt; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir athchóirithe lena laghdaítear éifeachtacht na n-institiúidí lárnacha a mheas mar dhul chun cinn ar an mbealach i dtreo bhallraíocht AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar Chomhairle Airí na Boisnia agus na Heirseagaivéine príomh-idirbheartaí a cheapadh go pras le haghaidh chaibidlíocht aontachais na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an Aontas Eorpach, i gcomhréir leis na rialuithe a rinne Cúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine le déanaí agus inniúlachtaí bunreachtúla agus dlíchóras na Boisnia agus na Heirseagaivéine á n-urramú go hiomlán; ag spreagadh údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine comhordú a dhéanamh ar gach leibhéal le haghaidh ailíniú comhchuibhithe le acquis an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin athbhreithniú a dhéanamh, sula mbunófar an creat intíre le haghaidh chaibidlíochta aontachais leis an Aontas Eorpach, ar an gcinneadh maidir leis an gcóras chun an próiseas lánpháirtithe Eorpach a chomhordú chun córas níos feidhmiúla, níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos cuntasaí a áirithiú, lena n-áirítear trí chearta vótála a ailíniú le hinniúlachtaí bunreachtúla, trí shásraí cuntasachta agus critéir shoiléire le haghaidh ceapachán a thabhairt isteach, agus tríd an gClár Náisiúnta um Ghlacadh an Acquis, nó clár lánpháirtíochta coibhéiseach, a ghlacadh mar threochlár don phróiseas aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine a áirithiú go mbunófar creat intíre le haghaidh chaibidlíocht aontachais leis an Aontas Eorpach ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach, le sásraí fóinteacha le haghaidh idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi leitheadúlacht leanúnach na ndeighiltí polaitiúla, na fuathchainte, lena n-áirítear gríosú chun éadulaingt eitneach, reiligiúnach agus chiníoch, séanadh cinedhíothaithe agus coireanna cogaidh eile, glóiriú coirpeach cogaidh, iarrachtaí scarthacha ó cheannaireacht eintiteas Republika Srpska (RS) agus greamú stáit, rud a laghdaíonn muinín an phobail, a chuireann dlús le himirce daoine oilte, agus a chuireann an tír ina stad blianta tar éis an chogaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire cinntí thionól eintiteas RS chun dlíthe a aisghairm ar chinn Cúirt Bhunreachtúil an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iad a bheith míbhunreachtúil; ag cáineadh na reitrice gríosaithí agus dímheasúla leanúnaí agus na mbeartas scarthach atá á saothrú ag ceannaireacht fhoirmiúil agus de facto eintiteas RS, iompar naimhdeach na n-oifigeach poiblí i leith oifigigh phoiblí ardleibhéil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an fhreasúra pholaitiúil, agus guthanna neamhspleácha eile sa tsochaí, chomh maith le ceiliúradh Lá Republika Srpska, mar a thugtar air, lena lagaítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus lena mbaintear an bonn dá conair aontachais agus ar sárú díreach iad ar Chomhaontú Síochána Dayton;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cáineadh rannpháirtíocht leanúnach údaráis eintiteas RS le heintitis oifigiúla na Rúise agus le heintitis atá faoi smachtbhannaí, agus béim á leagan ar na rioscaí do shlándáil agus do chobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine; ag tathant ar ghníomhaithe polaitiúla uile eintiteas RS páirt chuiditheach a ghlacadh laistigh d’institiúidí stáit agus tosaíocht a thabhairt do na hathchóirithe is gá do chonair Eorpach na Boisnia agus na Heirseagaivéine; ag cáineadh go láidir aon iarrachtaí brústocaireachta ó rialtas eintiteas RS arb é is aidhm dóibh tacaíocht idirnáisiúnta a fháil dá scaradh, nó agóid a dhéanamh i gcoinne shainordú an Ardionadaí, ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin ina sárú díreach ar Bhunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus go dtagann siad salach ar cheannasacht, iomláine chríochach agus conair Eorpach na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar na huirlisí ar fad atá ar fáil, lena n-áirítear bearta sriantacha spriocdhírithe faoi chreat smachtbhannaí an Aontais atá ann cheana don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus na hathnuachaintí comhleanúnacha a rinneadh air, i gcoinne daoine aonair atá freagrach as bac tromchúiseach agus leanúnach a chur ar institiúidí daonlathacha, as an bpróiseas athchóirithe, as iomláine chríochach agus as an bpróiseas lánpháirtithe san Aontas; á chur i bhfáth nach mór do na bearta sin a bheith comhréireach, inchúlaithe agus deartha sa chaoi nach ndéanfaidh siad difear don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin a rannpháirtíocht ar an láthair a mhéadú d’fhonn idirphlé a chur chun cinn, muinín a chothú agus lánpháirtiú réigiúnach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ailíniú foirmiúil iomlán leanúnach na Boisnia agus na Heirseagaivéine le comhbheartas eachtrach agus slándála AE, lena n-áirítear maidir le smachtbhannaí tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ag tathant go ndéanfaí na smachtbhannaí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach ag na gníomhaithe polaitiúla ar fad; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach na Boisnia agus na Heirseagaivéine in oibríochtaí bainistithe géarchéime AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Comhairle Airí na Boisnia agus na Heirseagaivéine Clár Athchóirithe 2025 na Boisnia agus na Heirseagaivéine d’aon toil agus á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach na Boisnia agus na Heirseagaivéine laistigh de chreat Chomhpháirtíocht na Síochána ECAT; ag spreagadh institiúidí na tíre leanúint de na tosaíochtaí agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhar sin a chur chun feidhme chun acmhainneacht institiúideach, comhar slándála agus lánpháirtiú Eora-Atlantach a neartú agus ullmhacht cosanta na tíre a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le hOifig an Ardionadaí agus le hOibríocht Althea Fhórsa an Aontais Eorpaigh (EUFOR), agus, cé gur oth léi spleáchas leanúnach na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar na hinstitiúidí sin, á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht a choimirciú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa réigiún agus ag tacú lena sainorduithe go dtí go mbeidh struchtúir chuntasachta ar an leibhéal náisiúnta curtha i bhfeidhm; á chur in iúl gur oth léi an gá leanúnach atá le sainordú EUFOR Althea a athnuachan níos mó ná 30 bliain tar éis Chomhaontú Síochána Dayton agus ag spreagadh na Boisnia agus na Heirseagaivéine an gealltanas atá thar téarma ar an gclár oibre 5+ 2 a chomhlíonadh chun an bealach a réiteach chun deireadh a chur le maoirseacht idirnáisiúnta; á iarraidh ar na mBallstát incháilithe ar fad páirt a ghlacadh i misin síochánaíochta an Aontais Eorpaigh, amhail Oibríocht Althea EUFOR sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leibhéil leormhaithe fórsa agus feasacht staide leormhaith a choinneáil, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar an timpeallacht pholaitiúil agus slándála atá ag teacht chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an misean fós ina phríomhthoisc chobhsúcháin sa tír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur éirigh an tArdionadaí Christian Schmidt as oifig agus á chur i bhfáth gur cheart aon aistriú a dhéanfar amach anseo maidir le hOifig an Ardionadaí a bheith bunaithe ar ord bunreachtúil, ceannasacht agus iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine a urramú go hiomlán, agus ag an am céanna tacú le húinéireacht áitiúil agus freagracht institiúideach níos fearr chun dul chun cinn a dhéanamh feadh chonair Eorpach na tíre; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise ranníocaíocht shuntasach airgeadais an Aontais, gur cheart aon Ardionadaí a bheidh ann amach anseo a cheapadh ó Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh agus gur cheart dó oibriú ar bhonn treochlár soiléir i dtreo Oifig an Ardionadaí a dhúnadh de réir a chéile agus freagrachtaí a aistriú chuig Ionadaí Speisialta AE; á chur i bhfios go láidir nár cheart aon éirí as oifig den sórt sin a bheith nasctha le haisghairm reachtaíochta arna glacadh mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí scarthacha nó ar bhearta míbhunreachtúla arna gcur chun cinn ag Milorad Dodik, ná nár cheart go mbeadh sé faoi choinníoll na haisghairme sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí mailíseacha bréagaisnéise agus trasnaíochta eachtraí atá á ndéanamh ag gníomhaithe tríú tír sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, arb é is aidhm dóibh easaontas, foréigean, teannas idireitneach a chothú agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus a conair aontachais a dhíchobhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe na hoibríochtaí bréagaisnéise leanúnacha a thagann ón Rúis agus ón tSeirbia, agus atá dírithe ar na Balcáin Thiar i gcoitinne, atá á mbrú freisin ag gníomhaithe intíre, agus ar bhonn níos lú ón Tuirc, ón Iaráin agus ó thíortha eile na Murascaille; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin tionchar méadaitheach eacnamaíoch agus polaitiúil na Síne sa réigiún, go háirithe trí bhonneagar straitéiseach agus iasachtú straitéiseach; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin céimeanna cinntitheacha a ghlacadh chun na bagairtí sin a chomhrac agus athléimneacht sochaí a neartú, lena n-áirítear trí oibriú i dtreo ailíniú leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5</STRING> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun straitéisí, acmhainneachtaí agus sásraí comhordúcháin a fhorbairt chun freagairt do rioscaí a bhaineann le toghcháin agus do rioscaí eile sa spás faisnéise digití, i gcomhréir le cuspóirí na Scéithe Eorpaí don Daonlathas; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tionscnaimh chuimsitheacha maidir le litearthacht sna meáin a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh ar fud an chórais oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumarsáid straitéiseach maidir leis na tairbhí a bhaineann le ballraíocht AE; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar Thoscaireacht AE chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur leis na hiarrachtaí i ndáil leis sin agus bearta cúnaimh feabhsaithe arna gcistiú ag an Aontas chun tacú le hathléimneacht dhaonlathach agus sláine faisnéise; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le dioscúrsa poiblí duine le duine a chur chun cinn maidir le lánpháirtiú san Aontas, cur i gcoinne na bréagaisnéise agus díospóireacht phoiblí eolasach a éascú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais páirt a thabhairt dóibh in iarrachtaí cumarsáide straitéisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú nach féidir talamh slán a dhéanamh de shlándáil ná cobhsaíocht le fáil ar fud na mBalcán Thiar go fóill agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann mar gheall ar an meath atá ag teacht ar shlándáil na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur gá bolscaireacht na ngníomhaithe mailíseacha sa réigiún a chomhrac go réamhghníomhach, arb é is aidhm leis an bonn a bhaint de leasanna agus luachanna AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir AE agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chun ceann de na 14 phríomhthosaíocht atá leagtha amach ag an gCoimisiún a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Chomhairle Airí na Boisnia agus na Heirseagaivéine cloí go hiomlán le Cinneadh (AE) 2015/1900 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2015<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6</STRING> Cinneadh (AE) 2015/1900 ón gComhairle an 05 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, i ndáil le Cinneadh an Chomhairle Chobhsaíochta agus Chomhlachais lena nglactar a rialacha nós imeachta (IO L 277, 22.10.2015, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1900/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go háirithe na forálacha a bhaineann le comhdhéanamh agus ionadaíocht chomhaltaí an Choiste Cobhsaíochta agus Comhlachais, agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach é sa chleachtas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na hathchóirithe bunreachtúla agus toghcháin is gá achtaithe fós ag gníomhaithe polaitiúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine chun a chinntiú gur féidir le gach saoránach a gcearta polaitiúla a fheidhmiú ar bhonn comhionann; á iarraidh an athuair ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ailíniú leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme chun deireadh a chur leis an neamhionannas agus leis an idirdhealú uile; ag tathant ar na húdaráis pholaitiúla agus ar na hionadaithe institiúideacha uile oibriú chun na hathruithe is gá a thabhairt isteach trí fhíor-idirphlé, agus trí phróiseas cuimsitheach agus trí chomhairliúcháin chuimsitheacha le saoránaigh, leis an tsochaí shibhialta, le saineolaithe neamhspleácha agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile sa tír chun bunreacht a dhéanamh de Chomhaontú Síochána Dayton ar bhealach inbhuanaithe, i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin agus prionsabail Eorpacha d’fhonn córas rialachais feidhmiúil, cuntasach agus ionadaíoch a bhfuil dlisteanacht an phobail aige a áirithiú; á athdhearbhú nár cheart d’aon athchóiriú toghchánach deighilt eitneach a dhoimhniú ná a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tathant ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine moltaí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, gan a thuilleadh moille, chun sláine, inchreidteacht agus trédhearcacht an phróisis toghcháin a neartú, lena n-áirítear le linn na céime réamhthoghcháin, go háirithe maidir le maoiniú páirtithe agus feachtais, fógraíocht pholaitiúil agus feachtasaíocht, coimircí i gcoinne cúblála agus bréagaisnéise i bhfaisnéis a scaiptear ar an bpobal, clárú páirtithe, bearta chun comhionannas inscne a áirithiú, agus forálacha a bhaineann le teicneolaíochtaí toghcháin nua-aimseartha, amhail sainaithint bhithmhéadrach vótálaithe agus scagadh ballóide; á iarraidh go ndéanfaí an Coimisiún Lárnach Toghchán a chistiú ar bhealach inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine a áirithiú go ndéanfar uachtaráin agus leas-uachtaráin na mbord vótála a cheapadh ar bhealach atá neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de agus grinnfhiosrúchán éifeachtach a dhéanamh orthu agus cosc a chur ar dhul timpeall ar na rialacha maidir le ceannaireacht neamhpháirtíneach ar bhoird vótála, imscrúdú rialta a dhéanamh ar chláir vótálaithe agus ar aimhrialtachtaí vótála, agus imscrúdú tráthúil agus smachtbhannaí éifeachtacha a áirithiú i leith calaois toghcháin, lena n-áirítear goid chéannachta, sínithe brionnaithe agus patrúin neamhdhealraitheacha vótála, chomh maith le cumhdach cothrom sna meáin agus maoirseacht éifeachtach ar chraoltóirí seirbhíse poiblí le linn feachtais toghcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, cé go bhfuil dílárú comhoiriúnach le ballraíocht AE, nach mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a creat bunreachtúil a ailíniú le caighdeáin AE, le rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus ó Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus a áirithiú go bhfeidhmeoidh a hinstitiúidí go héifeachtach chun oibleagáidí ballraíochta AE a ghlacadh go hiomlán agus chun tairbhe na saoránach uile, lena n-áirítear trí dheimhneacht dhlíthiúil níos fearr i ndáileadh inniúlachtaí, trí chumas éifeachtach ar leibhéal an stáit chun <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE a chomhordú, a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus trí shocruithe institiúideacha atá in ann bacainní leanúnacha agus mí-úsáid sásraí crosta a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tathant ar na húdaráis uile, go háirithe in eintiteas RS, rialuithe Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine a urramú agus a chur chun feidhme agus seasamh leis an ord bunreachtúil agus leanúint ar aghaidh gan mhoill le ceapadh na mbreithiúna atá ar iarraidh ó eintiteas RS chuig Cúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an smacht reachta sa chlaochlú daonlathach; á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú breithiúnach práinneach chun neamhspleáchas, gairmiúlacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht na mbreithiúna a neartú, lena n-áirítear trí chreat dlíthiúil lena neartaítear sláine, neamhspleáchas, cobhsaíocht airgeadais agus feidhmiú, agus trédhearcacht na hArdchomhairle Breithiúnaí agus Ionchúisí, lena leagtar amach coimircí maidir le ceapacháin, coinbhleacht leasa, sócmhainní agus dearbhuithe leasa agus teorainneacha téarma; á chur i bhfáth gur cheart gach ceapachán breithiúnach sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a bheith bunaithe ar fhiúntas, ar inniúlacht agus ar cháilíochtaí gairmiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an dul chun cinn teoranta atá déanta chun dul i ngleic leis an éilliú forleathan agus le comharthaí méadaitheacha greamaithe stáit, ar fadhb struchtúrach é atá fréamhaithe go domhain i gcóras rialachais an-chasta na tíre atá bunaithe ar eitneacht; ag tathant ar na húdaráis pholaitiúla bearta nithiúla a dhéanamh láithreach ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal an eintitis, agus an comhar idir comhlachtaí frithéillithe, na póilíní agus an tseirbhís ionchúisimh a neartú, chun dul i ngleic leis an éilliú agus greamú stáit ar bhealach níos éifeachtaí chun muinín an phobail a athbhunú agus imirce daoine oilte a aisiompú; á iarraidh go ndéanfaí obair leantach bhreithiúnach neamhspleách agus thrédhearcach, agus na breithiúna á gcosaint ar chur isteach polaitiúil, ar imeaglú nó ar fhorfheidhmiú roghnaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar gach leibhéal rialtais sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a gcreataí dlíthiúla agus institiúideacha chun sceithirí a chosaint a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> ábhartha an Aontais agus iad a fhorfheidhmiú go hiomlán sa chleachtas; á iarraidh, thairis sin, ar na húdaráis ar gach leibhéal a áirithiú go gcaithfear le daoine tuairiscithe ar bhealach gairmiúil, cearta-bhunaithe agus neamh-imeaglaithe, lena n-áirítear trí oiliúint chórasach agus múscailt feasachta d’oifigigh phoiblí a fhaigheann agus a phróiseálann tuairiscí, chun cosc a chur ar chleachtais a bhaineann an bonn den mhuinín as sásraí tuairiscithe, lena n-áirítear ceisteanna faoi chúiseanna sceithirí a cheistiú; ag tathant ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar gach leibhéal rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sistéamacha sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe trí fheabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil idir comhlachtaí forfheidhmithe dlí ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal an eintitis, ar a n-acmhainneacht imscrúdaitheach, imscrúduithe agus urghabháil agus coigistiú sócmhainní, agus trí dhul i ngleic le gabháil pholaitiúil; á chur in iúl gur geal léi oibríochtaí forfheidhmiúcháin a dtacaíonn Europol leo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leochaileachtaí i ndáil le hinsíothlú coiriúil sna córais pholaitiúla agus dhlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí ina creataí maoinithe maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (SA/MSC) chun liostú liath a sheachaint, lena n-áirítear trí na fodhlíthe is gá a ghlacadh chun dlí SA/MSC a chur chun feidhme go héifeachtach, agus trí chláir úinéireachta tairbhiúla a bhunú go pras do dhaoine dlítheanacha, go háirithe trí ghníomhaíocht láithreach ó na heintitis agus ó Cheantar Brčko a áirithiú, i gcomhréir go hiomlán le acquis an Aontais agus le moltaí MONEYVAL;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ailíniú le beartas víosaí AE agus bearta slándála breise a chur i bhfeidhm idir an dá linn; á iarraidh, thairis sin, ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin feabhas a chur ar a slándáil teorann agus ar a bainistiú imirce, i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin chearta an duine agus leis an dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go mbeadh riarachán poiblí láidir agus éifeachtúil ann agus go mbeadh státseirbhís ghairmiúil agus dhípholaitithe ann nach mbeadh inti ach ceapacháin atá bunaithe ar fhiúntas, go mbeadh acmhainneachtaí neartaithe ann do chomhordaitheoirí athchóirithe ar leibhéal an eintitis agus ar an leibhéal áitiúil, ós rud é gurb é sin an áit a bhfuil a gcéad phointe teagmhála ag saoránaigh, agus comhordú beartais ar fud na tíre, agus go ndéanfaí an riarachán poiblí a dhigitiú chun polaitiú agus neamhéifeachtúlacht a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh maidir le bainistiú airgeadais phoiblí agus athchóirithe ar an riarachán poiblí a chur chun feidhme agus aghaidh a thabhairt ar shrianta leanúnacha ar acmhainneacht riaracháin trí infheistíocht leanúnach ón Aontas i gcreataí ardcháilíochta forbartha acmhainneachta agus comhroinnte eolais atá bunaithe ar shamhlacha dea-chleachtais atá ann cheana ón Aontas agus ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin ar gach leibhéal, go háirithe an feidhmeannas, trédhearcacht agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a áirithiú ag gach céim den chinnteoireacht, lena n-áirítear trí dhréachtghníomhartha agus doiciméid ghaolmhara a fhoilsiú go tráthúil, chomh maith le táblaí comhréireachta maidir le hailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, agus trí chomhairliúcháin poiblí fóinteach i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha maidir le rialtas oscailte agus cuntasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochta na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe agus i gcothú an daonlathais agus an iolrachais agus i gcur chun cinn an dea-rialachais agus an dul chun cinn shóisialta; á chur i bhfios go láidir gur cheart rannpháirtíocht fhóinteach, struchtúrtha agus leanúnach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil cuntas teiste cruthaithe agus saineolas earnála acu a áirithiú ag gach céim den phróiseas aontachais; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin ar gach leibhéal trédhearcacht, cuntasacht agus sláine an chistithe phoiblí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú, lena n-áirítear trí ghlaonna poiblí éigeantacha, critéir dhámhachtana shoiléire agus intomhaiste, foilsiú réamhghníomhach sonraí maidir le tairbhithe agus cistí leithdháilte, cláir deontais phoiblí a bhunú, agus coimircí i gcoinne coinbhleachtaí leasa, tionchar polaitiúil agus mí-úsáid cistí chun críocha páirtíneacha nó feachtais; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus ar an gCoimisiún cistiú méadaithe, trédhearcach agus inbhuanaithe a áirithiú don tsochaí sibhialta, lena n-áirítear tionscaimh atá dírithe ar dheighiltí sochaíocha a shárú, ar athmhuintearas a chothú agus ar idirphlé idireitneach a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil meáin shaora agus iolraíocha mar bhonn taca leis an daonlathas; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an t-easnamh leanúnach sa chistiú do chraoltóir poiblí na Boisnia agus an Heirseagaivéin, á iarraidh ar na húdaráis inniúla na breithiúnais chúirte chríochnaitheacha a eisíodh in Banja Luka maidir leis an bhfiach atá dlite do BHRT ag an gcraoltóir poiblí RTRS a fhorfheidhmiú agus á iarraidh an athuair ar Thionól Parlaiminteach na Boisnia agus na Heirseagaivéine creat dlíthiúil fadtéarmach inbhuanaithe a ghlacadh chun na trí chraoltóir phoiblí sa tír a mhaoiniú, agus trédhearcacht úinéireacht na meán á háirithiú i gcónaí; á mheabhrú go raibh ról lárnach ag an gcraoltóir poiblí sa Bhosnia agus an Heirseagaivéin mar uirlis chun an tír a aontú tar éis an chogaidh; á iarraidh go ndéanfaí cláir a sholáthar agus a chraoladh i dteangacha oifigiúla na Boisnia agus an Heirseagaivéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi staid saoirse na meán atá ag dul in olcas sa tír; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na meáin phoiblí a chosaint ar thionchar polaitiúil, dlíthe ar leibhéal eintitis a ailíniú le dlíthe stáit, agus rialacha a thabhairt isteach maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán agus fógraíocht phoiblí; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur le glacadh an Dlí maidir le Cumarsáid Leictreonach, i gcomhréir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus le Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7</STRING> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán), (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag cáineadh scaipeadh leanúnach bhréagaisnéis na Rúise in eintiteas RS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag cáineadh go láidir ionsaithe, bagairtí, imeaglú, brú polaitiúil, forálacha maidir le clúmhilleadh coiriúil agus cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna) a thabhairt isteach an athuair agus a úsáid i gcoinne iriseoirí, oibrithe sna meáin agus cosantóirí agus gníomhaithe eile chearta an duine, eadhon ag pearsana polaitiúla ardleibhéil agus ag pearsana cumhachtacha eile; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin beartas neamhfhulaingthe a chur i bhfeidhm agus a áirithiú nach ndéanfar beag is fiú de thromchúis na gcásanna sin; á iarraidh ar na húdaráis creat dlíthiúil a ghlacadh le haghaidh chosaint éifeachtach i gcoinne SLAPPanna; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin saoirse agus sábháilteacht iriseoirí a ráthú agus aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí lena bhféachtar le srian a chur ar shaorfheidhmiú a ngníomhaíochtaí; ag cáineadh freisin ionsaithe i gcoinne Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Coimisinéirí AE, oifigigh AE, agus Oifig an Ardionadaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an creat dlíthiúil agus beartais maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an fhuathchaint a chomhchuibhiú ar gach leibhéal rialtais, i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, d’fhonn an chothromaíocht iomchuí a áirithiú idir an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint agus an fhuathchaint a chosc agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann cheana i gcreat dlíthiúil Chónaidhm na Boisnia agus an Heirseagaivéin; á iarraidh go ndéanfaí an fhuathchaint a chomhrac sna meáin phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an tsaoirse comhthionóil agus comhlachais a chosaint go hiomlán ar fud na tíre; á iarraidh ar údaráis eintiteas RS an rialú ón gCúirt Bhunreachtúil lena n-aisghairtear an dlí maidir le ‘gníomhairí eachtracha’ ar nós na Rúise a urramú agus staonadh ó bhearta comhchosúla a thabhairt isteach an athuair nó ó ionsaithe a dhéanamh ar chearta agus saoirsí bunúsacha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le forfheidhmiú breithiúnach níos láidre agus le díchoiriúlú an chlúmhillte ar fud na Boisnia agus an Heirseagaivéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin cosaint dhlíthiúil agus institiúideach chosantóirí chearta an duine a neartú agus timpeallacht shábháilte chumasúcháin a áirithiú dá gcuid oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag cáineadh ionsaithe, idirdhealaithe agus fuathchainte i gcoinne mionlach agus á iarraidh go ndéanfaí caingean dlí phras agus éifeachtach; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a Bunreacht a chomhlíonadh go hiomlán, seasamh le prionsabail an chomhionannais, an neamh-idirdhealaithe agus chineál il-eitneach an Stáit, agus straitéis náisiúnta a ghlacadh chun ionadaíocht chothrom agus chomhréireach na saoránach uile a áirithiú, lena n-áirítear mionlaigh, sa riarachán poiblí agus in institiúidí faoi úinéireacht phoiblí chomh maith lena rannpháirtíocht iomlán sa saol poiblí agus polaitiúil, i gcomhréir le caighdeáin dhaonlathacha agus le gealltanais na Boisnia agus an Heirseagaivéin maidir le lánpháirtiú Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na leasuithe a rinneadh ar cód coiriúil i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh 2025 a aisiompú maidir le féiniúlacht inscne a dhíothú mar shainthréith chosanta de dhaoine trasinscneacha agus lánúineacha comhghnéis a eisiamh ó chosaintí foréigin teaghlaigh, faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin na bearta is gá a dhéanamh chun stádas breathnóra a fháil in obair Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, d’fhonn ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais um chearta bunúsacha a neartú, ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus bailiú sonraí a fheabhsú, agus comhar i réimse na gceart bunúsach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh go neartófaí neamhspleáchas, éifeachtach agus infheictheacht Institiúid Ombudsman na Boisnia agus na Heirseagaivéine um Chearta an Duine, lena n-áirítear trí chur chuige níos réamhghníomhaí i leith sáruithe tromchúiseacha agus sistéamacha ar chearta an duine agus trí obair leantach níos éifeachtaí a dhéanamh ar a moltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos láidre maidir le comhionannas inscne agus rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí agus sa saol polaitiúil a mhéadú; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin freagairtí institiúideacha ar fhoréigean inscnebhunaithe a threisiú; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn reachtach in eintiteas na Cónaidhme; á chur in iúl gur chúis bhuartha di freagairt neamhréireach agus ilroinnte údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin ar theagmhais foréigin inscnebhunaithe; ag tathant ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe mar shaincheist struchtúrach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain shaor gan bhac ar sheirbhísí sláinte gnéis agus ar sheirbhísí sláinte atáirgthe a áirithiú ar fud na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á mheabhrú, cé gur dhaingnigh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Coinbhinsiún Iostanbúl Chomhairle na hEorpa i mí na Samhna 2013, go bhfuil sé fós neamhréireach gealltanas dlíthiúil a thabhairt foréigean in aghaidh na mban agus cur chun feidhme an fhoréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin iarrachtaí leanúnacha a neartú lena ndírítear ar fheabhas a chur ar chosaint íospartach, ar oiliúint phóilíneachta níos fearr, ar fhreagairtí institiúideacha a chomhordú, agus ar aghaidh a thabhairt ar easnaimh maidir le déantóirí foréigean inscnebhunaithe agus teaghlaigh a ionchúiseamh, go háirithe i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag spreagadh réitigh fhadtéarmacha chun oideachas ardcháilíochta atá cuimsitheach, cothrom agus dípholaitithe a fhorbairt, tuiscint agus athmhuintearas a chur chun cinn agus an ceart chun oideachais sa mháthairtheanga a áirithiú; ag tathant go bhforbrófaí oideachas staire atá bunaithe ar fhíricí agus atá neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar fhíorais stairiúla agus ar urraim do luachanna daonlathacha, d’fhonn comhthuiscint a neartú agus idirdhealú a chomhrac; á iarraidh go dtabharfaidh an Aontas tacaíocht ghníomhach don bpróiseas sin; iarrann sí an athuair deireadh a chur le cleachtas ‘dhá scoil faoi aon díon amháin'; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé léiriú cultúrtha agus teanga gach duine sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a chosaint; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-urramófaí éagsúlacht chultúrtha agus teanga na tíre le glacadh na gclár agus na gcuraclam;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á mheabhrú gur cheart don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin úinéireacht iomlán a ghlacadh ar bhainistiú imirce, an dlí maidir le rialú teorann a chur chun feidhme go héifeachtach, feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhroinnt freagrachta i measc gach leibhéil rialtais, foireann leordhóthanach a chur ar fáil do na póilíní teorann, agus nósanna imeachta tearmainn inrochtana, éifeachtúla agus cothroma a chur ar fáil agus lánurraim do chearta an duine agus do chaighdeáin cosanta idirnáisiúnta á áirithiú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur tháinig Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) an Aontais i bhfeidhm, lena neartaítear an faireachán ar theorainneacha seachtracha; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin ullmhacht agus ailíniú iomlán leis na ceanglais theicniúla agus cosanta sonraí atá i gceist le EES a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar réitigh ar dhúshláin a bhaineann le rialacha nua EES an Aontais do thiomnaithe trucailí ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ó thíortha eile na mBalcán Thiar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dea-chaidreamh comharsanachta agus athmhuintearas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról gníomhach na Boisnia agus an Heirseagaivéin sa chomhar réigiúnach; á chur i bhfios go láidir gur príomhghné de phróiseas méadaithe an Aontais agus de chonair aontachais gach tíre an dea-chaidreamh comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá athmhuintearas sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ag tathant ar na húdaráis rochtain ar fhírinne, ar cheartas agus ar shásamh a áirithiú, lena n-áirítear cosaint dhlíthiúil agus cúiteamh dlíthiúil d’íospartaigh shibhialtacha coireanna cogaidh, agus dlí ar leibhéal an stáit a ghlacadh lena n-áiritheofar cosaint agus aitheantas d’íospartaigh na céastóireachta; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh áitiúla cothaithe síochána agus cuimhneacháin; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí maidir le daoine atá ar iarraidh, lena n-áirítear trí chomhar réigiúnach; á iarraidh ar na húdaráis ar gach leibhéal tacú go gníomhach le hiarrachtaí cuimhneacháin na n-íospartach agus staonadh ó bhac a chur orthu, go háirithe i bpobail áitiúla, ar cuid bunriachtanach iad den athmhuintearas agus den chuimhneachán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á aithint nach mór an t-athmhuintearas a bheith bunaithe ar fhíorais stairiúla a aithint agus a theagasc, as onóir a thabhairt do na híospartaigh agus cuimhneamh orthu, ar gach duine atá ar iarraidh a aimsiú, ar dhéantóirí uile na coire a thabhairt os comhair na cúirte, agus ar thimpeallacht athmhuintearais, muiníne agus meas a chothú 30 bliain tar éis Chomhaontú Síochána Dayton; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar leith ar ghníomhaithe polaitiúla agus orthu siúd a bhfuil poist mhórthábhachtacha acu rannchuidiú le timpeallacht a chruthú atá fabhrach don athmhuintearas; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go nglacfaidh na náisiúin agus na daoine aonair uile atá freagrach le cuntasacht as coireanna a rinneadh le linn chogaí na mBalcán chun an t-am atá caite a shárú agus chun athmhuintearas a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh an athuair go gcuirfí bearta breise agus cláir nithiúla chun feidhme maidir le filleadh inbhuanaithe dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin, rochtain ar chúram sláinte agus ar fhostaíocht, cosaint shóisialta agus oideachas, agus go gcloífí go hiomlán lena gcearta uile chun cúiteamh a fháil i leith maoin neamh-inaisíoctha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag diúltú do gach insint a bhaineann leas as teannas eitneach, a chuireann athbhreithniúchas stairiúil, séanadh cinedhíothaithe agus glóiriú coirpeach cogaidh chun cinn, chomh maith le haon ghlóiriú poiblí ar an bhfaisisteachas, ar an sóisialachas náisiúnta agus ar an gcumannachas, lena n-áirítear béiceadh ‘Za dom spremni’ ag ceolchoirm Marko Perković Thompson in Široki Brijeg, taispeáint siombailí Chetnik ag cruinniú de ghluaiseacht Ravna Gora in Višegrad agus na ráitis a rinne Spéicéir Theach Ionadaithe an eintitis Cónaidhme, Dragan Mioković, a cuireadh as oifig, lena dtugtar údar maith leis na coireanna a rinne réimeas cumannach na hIúgslaive tar éis an Dara Cogadh Domhanda, agus an dúshlán a bhaineann le fíorais sheanbhunaithe agus neamhspleáchas agus neamhchlaontacht binsí intíre agus idirnáisiúnta, nó léiriú ar institiúidí daonlathacha agus seiceálacha bunreachtúla mar nithe neamhdhlisteanacha, go háirithe ag gníomhaithe polaitiúla; á mheabhrú go mbaineann insintí den sórt sin an bonn go díreach ón athmhuintearas, ón gcobhsaíocht dhaonlathach agus ó mhuinín an phobail; á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin staonadh ó reitric scoilteach agus ghríosaitheach agus ar na húdaráis cumarsáid straitéiseach a neartú, tacú le seiceáil fíricí neamhspleách, agus infheistíocht i litearthacht sna meáin agus in oideachas sibhialta, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, mar chuid de chur chuige uile shochaí i leith na hathléimneachta daonlathaí; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin cód coiriúil an stáit maidir le séanadh cinedhíothaithe agus glóiriú coirpeach cogaidh a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di coincheapa agus insintí polaitiúla a chuirtear chun cinn sa réigiún lena moltar aontú nó comhordú trasteorann ar bhonn féiniúlacht eitneach, lena n-áirítear Domhan na Seirbia, mar a thugtar air, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus d’iomláine chríochach na dtíortha comharsanachta agus a bhfuil an baol ann go ndéanfaí an réigiún a dhíchobhsú; á chur i bhfáth go bhfuil na hinsintí sin ar neamhréir le prionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta agus leis an bpróiseas aontachais leis an Aontas; á iarraidh ar an tSeirbia agus ar gach tír sa réigiún a bheith tiomanta go cuiditheach do chobhsaíocht agus d’iomláine chríochach na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus tacú go gníomhach le conair aontachais na Boisnia agus an Heirseagaivéin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an straitéis náisiúnta athbhreithnithe um choireanna cogaidh a chur chun feidhme go héifeachtach agus an comhar breithiúnach réigiúnach a neartú tuilleadh, lena n-áirítear maidir le heiseachadadh amhrastach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá rochtain iomlán ar chartlanna sheirbhís rúnda na hiar-Iúgslaive (UDBA) agus Sheirbhís Frithfhaisnéise Arm Phobal na hIúgslaive (KOS), lena n-áirítear iad siúd a shealbhaítear i Sairéavó, in Banja Luka agus, go háirithe, i mBéalgrád; á iarraidh go foirmiúil ar na húdaráis rochtain iomlán ar ábhar cartlainne ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, aistriú an ábhair cartlainne ábhartha a iarraidh, agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia an rochtain sin a dheonú gan mhoill; á chur i bhfáth go mbaineann aon diúltú nó moill an bonn ón gcuntasacht, ón gceartas d’íospartaigh agus ón athmhuintearas réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá taidhleoireacht choisctheach sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí forbairt scileanna a neartú i measc a foirne chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcomhthéacs áitiúil stairiúil, cultúrtha agus reiligiúnacha, mar a cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil maidir le ról na taidhleoireachta coiscthí a ghlac Parlaimint na hEorpa i mí Eanáir 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi clár oibre athchóirithe na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus ag tathant go gcuirfí chun feidhme go pras é, agus á iarraidh go bhfoilseofaí go pras é i dteangacha oifigiúla na Boisnia agus an Heirseagaivéin agus go gcuirfí faoi bhráid an phobail é ar bhealach inrochtana agus trédhearcach; á mheabhrú gur féidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tairbhe a bhaint fós as leithdháileadh EUR 976.6 milliún; á chur i bhfáth go bhfuil toil pholaitiúil chun athchóirithe a chur chun feidhme ríthábhachtach chun cistí a fháil agus chun a n-athdháileadh a chosc; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh spriocdhátaí caillte agus easpa dul chun cinn a bheith ina gcúis leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin titim taobh thiar de thíortha eile an mhéadaithe ó thaobh cóineasú eacnamaíoch agus lánpháirtiú an Aontais de agus tairbhí suntasacha socheacnamaíocha a bhaint de shaoránaigh; á chur in iúl gur oth léi gur chaill na húdaráis pholaitiúla 10 % de na cistí, arb ionann iad agus níos mó ná EUR 100 milliún, go buan mar thoradh ar mhoilleanna tosaigh agus an clár oibre athchóirithe á thíolacadh acu; á iarraidh go ndaingneofaí an comhaontú airgeadais agus iasachta go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór scaoileadh agus eisíocaíocht na gcistí sin a bheith coinníollach go docht ar gharspriocanna soiléire, intomhaiste agus infhíoraithe maidir leis an smacht reachta, feidhmiú daonlathach na n-institiúidí, saoirsí bunúsacha agus athchóirithe socheacnamaíocha a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh Tionól Parlaiminteach na Boisnia agus an Heirseagaivéin, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach go héifeachtach i bhfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir oibre don athchóiriú agus i maoirseacht a dhéanamh ar úsáid chistí an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin creat institiúideach a chur ar bun chun cistí an Aontais a bhainistiú, lena n-áirítear trí Chomhordaitheoir Náisiúnta Saoráide Athchóirithe agus Fáis a cheapadh, lena mbunaítear na struchtúir tacaíochta is gá chun an clár oibre athchóirithe a chur chun feidhme, pointe teagmhála aonair a ainmniú do gach athchóiriú chun cur chun feidhme comhchuibhithe agus comhordaithe a áirithiú ar fud leibhéil éagsúla rialtais agus Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Lánpháirtiú Eorpach a cheapadh mar chomhordaitheoir náisiúnta IPA III, i gcomhréir le cleachtais roimhe seo; á iarraidh go n-ionsúfar cistí IPA III ar bhealach níos fearr sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go dtacódh cistiú an Aontais ar bhealach níos fearr le hathchóirithe daonlathacha sa tír agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí cistiú ábhartha an Aontais a athchlárú chun tuilleadh cistí a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do chúnamh teicniúil chun na cistí, athchóirithe breithiúnacha agus bearta frith-éillithe a ionsú; á iarraidh ar an Aontas agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú rathúil idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus a contrapháirtithe sna Balcán Thiar a bhunú chun a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí a fheidhmiú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á mheabhrú gur cheart go bhfanfadh cistiú an Aontais do thionscadail in eintiteas RS reoite go dtí go ndéanfar cúlú daonlathach eintiteas RS a aisiompú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis na Balcáin Thiar maidir le dul isteach i mbeartas ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais, lena gcuirfear ceann de na tairbhí is inláimhsithe agus is mó a bhraithfear láithreach ar fáil do dhaonra na mBalcáin Thiar le linn phróiseas aontachais a dtíre leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil geilleagar na Boisnia agus an Heirseagaivéin athléimneach ach go bhfuil sé ag moilliú; á iarraidh go mbeadh cur chuige fioscach inbhuanaithe ann chun aghaidh a thabhairt ar shrianta fáis, feabhas a chur ar iomaíochas agus ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta, a áirithiú go nglacfar buiséid ar leibhéal an stáit go tráthúil, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun dul i ngleic le neamhréir scileanna, imirce daoine oilte, an ghéarchéim dhéimeagrafach atá ag athrú go tapa, straitéisí dífhostaíochta agus margaidh saothair, tacú leis an nuálaíocht, le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leis an aistriú glas agus digiteach, agus trédhearcacht, cuntasacht agus cinnteoireacht dhípholaitithe níos fearr a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus an Heirseagaivéin bearta nithiúla a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte, go háirithe i measc daoine óga, trí infheistíocht a dhéanamh in oideachas ardcháilíochta, i bpoist chuibhiúla, i gcosaint shóisialta agus i mbeartais chuimsitheacha agus tríd an Ráthaíocht don Aois Óg a chur chun feidhme go hiomlán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá fíor-idirphlé sóisialta chun tairbhí an mhéadaithe a sholáthar do gach cuid den daonra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, go háirithe parlaimintí na Cónaidhme agus eintitis RS, na céimeanna reachtacha agus institiúideacha atá fágtha is gá chun dul isteach sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) a thabhairt chun críche gan mhoill, d’fhonn go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí na Boisnia agus an Heirseagaivéin in ann tairbhe a bhaint as coigilteas suntasach i gcostais idirbheart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an soláthar poiblí a athchóiriú i gcomhréir le rialacha an Aontais, maoirseacht, acmhainneacht agus comhordú a neartú ar fud leibhéal an stáit agus an eintitis, agus nósanna imeachta trédhearcacha, iomaíocha agus atá frithsheasmhach in aghaidh éillithe a áirithiú, lena n-áirítear trí smachtbhannaí níos láidre, Comhlacht Athbhreithnithe um Sholáthar Poiblí atá neamhspléach i ndáiríre, córas ríomhsholáthair lánfheidhmiúil, agus teorainneacha níos déine ar chomhaontuithe díreacha agus ar nósanna imeachta neamhiomaíocha eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag spreagadh na Boisnia agus an Heirseagaivéin a rialacha maidir leis an margadh leictreachais agus gáis a nuachóiriú i gcomhréir leis an tríú pacáiste fuinnimh chun trédhearcacht a áirithiú agus chun córais fuinnimh náisiúnta a nascadh le líonraí réigiúnacha an Aontais Eorpaigh chun borradh a chur faoin éifeachtúlacht agus faoin tslándáil; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar a heintitis leas a bhaint as spleáchas íseal na tíre ar ghás chun claochlú ina córas fuinnimh dícharbónaithe agus gan sócmhainní tréigthe a chruthú trí infheistíocht mhór a dhéanamh i mórbhonneagar nua gáis agus éagsúlú an tsoláthair gáis á shaothrú ag an am céanna trí idirnascadh leis na Ballstáit chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlí agus straitéisí cosanta comhshaoil a ghlacadh, ailíniú le dlíthe comhshaoil an Aontais Eorpaigh, pleanáil infheistíochta straitéiseach agus thrédhearcach a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht fhóinteach phoiblí, cosaint na bithéagsúlachta a fheabhsú agus dlús a chur leis an aistriú cóir glas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid na n-ainmhithe fáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar na heintitis mhianadóireachta uile atá ag feidhmiú sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán agus tosaíocht a thabhairt do chosaint an chomhshaoil agus don tsláinte phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin bainistiú comhtháite uisce agus fuíolluisce, cosc éifeachtach ar thuilte agus straitéis ar fud na tíre a chur chun feidhme chun truailliú aeir a chomhrac, lena n-áirítear trína gealltanais cheangailteacha a chomhlíonadh chun aonaid chumhachta guail Tuzla 4 agus Kakanj 5 a dhúnadh agus a Plean Náisiúnta um Laghdú Astaíochtaí faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin feabhas a chur ar líonraí iompair agus ar chomhar trasteorann agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le príomhthionscadail bhonneagair réigiúnacha, agus leas iomlán á bhaint as ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ar fáil; á chur i bhfios go láidir an tábhacht straitéiseach a bhaineann le rannpháirtíocht ghníomhach na Boisnia agus an Heirseagaivéin i mórthionscadail idirnaisc réigiúnacha i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na líonraí digiteacha sna Balcáin Thiar; á chur i bhfáth go dtacaíonn na tionscadail sin le slabhraí soláthair athléimneacha a chruthú, go laghdaíonn siad spleáchais straitéiseacha, agus go rannchuidíonn siad go cinntitheach le cóineasú eacnamaíoch, comhtháthú agus athléimneacht réigiúnach agus comhar trasteorann na tíre, chomh maith lena comhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tionscadail atá dírithe ar shoghluaisteacht mhíleata a chur chun cinn freisin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Uachtaránacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Comhairle Airí na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Tionól Parlaiminteach na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig rialtais agus parlaimintí eintiteas Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig eintiteas Republika Srpska agus chuig Ceantar Brčko, agus chuig Oifig an Ardionadaí.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>