<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0220</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an gCosaiv</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0166/2026 -  Rapóirtéir: Riho Terras)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an gCosaiv (2025/2252(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Chosaiv, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 71, 16.3.2016, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2016/342/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, atá i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na Cosaive an 15 Nollaig 2022 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na Cosaive an 12 Bealtaine 2022 ar bhallraíocht i gComhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chreat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Chosaiv maidir leis na prionsabail ghinearálta le haghaidh rannpháirtíocht na Cosaive i gcláir an Aontais,<FOOTNOTE><FIELD> IO L 195, 27.7.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/1388/oj.</FIELD></FOOTNOTE> atá i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 110, 25.4.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/850/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a mhéid a bhaineann leis an gCosaiv, lena gceadaítear taisteal gan víosa do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha na Cosaive amhail ón 1 Eanáir 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinnithe mullaigh AE-na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia, i Ságrab agus in Brdo pri Kranju in 2018, 2020 agus 2021 faoi seach, agus dá ndearbhuithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinniú Cheannairí na mBalcán Thiar an 1 Iúil 2025 i Scóipé, an Mhacadóin Thuaidh, maidir leis an bPlean Fáis do na Balcáin Thiar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 17 Nollaig 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na huachtaránachta an 16 Nollaig 2025 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí an Chathaoirligh ó Chruinniú Mullaigh 2025 maidir le Próiseas Bheirlín, a tionóladh an 22 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">An Economic and Investment Plan for the Western Balkans’</STRING> [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">New growth plan for the Western Balkans’</STRING> [Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’] (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú’ (COM(2025)0690) agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Kosovo 2025 Report’</STRING> [Tuarascáil 2025 ar an gCosaiv] (SWD(2024)0752),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh, a síníodh san Aithin an 25 Deireadh Fómhair 2005, arb é is aidhm dó rialacha mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais a leathnú chun oirdheisceart na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999, do thuairim chomhairleach an 22 Iúil 2010 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus do Rún 64/298 an 9 Meán Fómhair 2010 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, inar aithníodh inneachar thuairim CBI, agus inar cuireadh fáilte roimh thoilteanas an Aontais chun an t-idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv a éascú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’ailíniú leanúnach na Cosaive le comhbheartas eachtrach agus slándála AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lena rialaítear normalú an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag an Aontas chun an caidreamh a normalú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú na Bruiséile an 27 Feabhra 2023 agus do Chomhaontú Ohrid an 18 Márta 2023 agus don iarscríbhinn cur chun feidhme a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do láithreacht agus sainordú leanúnach Fhórsa na Cosaive faoi stiúir ECAT, a leanann de bheith ag cuidiú le timpeallacht shábháilte shlán agus saoirse gluaiseachta a choinneáil sa Chosaiv,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2025/1161 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2025 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX Kosovo)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 2025/1161, 6.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1161/oj.</FIELD></FOOTNOTE> , lenar cuireadh síneadh le sainordú an mhisin go dtí an 14 Meitheamh 2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don réamhthuarascáil ó Mhisean Breathnóireachta an Aontais um Thoghcháin ar thoghcháin pharlaiminteacha 2025 sa Chosaiv,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an gCosaiv,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí comhpháirteacha a glacadh ag an 12ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Chosaiv, a tionóladh an 9 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2025 ó Transparency International,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025 ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mhisean faisnéise Ardán Chomhairle na hEorpa ‘Sábháilteacht Iriseoirí’ an 24 agus an 25 Márta 2026 go Pristine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0166/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an beartas méadaithe ar cheann d’ionstraimí beartais eachtraigh is éifeachtaí AE, ar cheann de na beartais is rathúla chun athchóirithe bunúsacha a dhreasú agus a spreagadh i dtíortha an mhéadaithe, agus gur infheistíocht gheopholaitiúil straitéiseach é sa tsíocháin, sa chobhsaíocht agus sa tslándáil fhadtéarmach ar fud na mór-roinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb iad an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta na luachanna bunúsacha ar a bhfuil AE bunaithe; de bhrí nach féidir baint de na bunluachanna sin i gcomhthéacs phróiseas an mhéadaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil bunreacht Phoblacht na Cosaive ar cheann de na bunreachtaí is forchéimnithí ó thaobh cearta mionlaigh de;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go meastar gach tír de chuid an mhéadaithe go docht ar a fiúntas féin; de bhrí gurb é cur chun feidhme na n-athchóirithe is gá agus comhlíonadh na sraithe critéar agus comhluachanna Eorpacha a chinneann tráthchlár agus dul chun cinn an aontachais; de bhrí nach féidir dul chun cinn leis an bpróiseas aontachais gan na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go mbraitheann slí na Cosaive i dtreo bhallraíocht AE chomh maith ar normalú an chaidrimh leis an tSeirbia agus ar dhea-chaidreamh comharsanachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí do ndearnadh ceist lárnach de bheartas AE um méadú de choimirciú sláine na bpróiseas daonlathach; de bhrí go ndearnadh cur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise ar an gCosaiv, go háirithe ón Rúis, lena n-áirítear trí eagraíochtaí náisiúnacha Seirbiacha, a bhí dírithe ar institiúidí daonlathacha a dhíchobhsú, ar chomhtháthú sochaíoch a lagú agus ar chomhtháthú Eorpach na Cosaive a bhac; de bhrí gur dlúthchuid é athléimneacht dhaonlathach a neartú chun na critéir pholaitiúla aontachais a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin na líne Eorpaí ginearálta, nach bhfuil neamhspleáchas na Cosaive aitheanta go fóill ag an gCipir, ag an nGréig, ag an Rómáin, ag an tSlóvaic agus ag an Spáinn;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag moladh thiomantas leanúnach na Cosaive d’aontachas AE, a léiríonn rogha gheopholaitiúil straitéiseach shoiléir a fheabhsaíonn an tslándáil, tiomantas láidir don Eoraip, comhdhearcadh leathan traspháirtí maidir le lánpháirtiú Eorpach agus ardleibhéal tacaíochta poiblí do chonair Eorpach na Cosaive, go háirithe trí dhlúthchaidreamh nithiúil a fhorbairt le AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir gur san Aontas atá todhchaí na Cosaive, go háirithe i bhfianaise na dinimice geopholaitiúla reatha sa réigiún, athruithe móra tapa i bpolaitíocht an domhain agus iomaíocht mhéadaitheach le réimis fhorlámhacha; á chur i bhfáth gur cuid de phróiseas lánpháirtíochta de réir a chéile a théann níos faide ná aontachas foirmiúil amháin é an rapprochement idir an Chosaiv agus AE; á chur i bhfáth gur luamháin ríthábhachtacha iad cineálacha nithiúla comhair agus lánpháirtiú de réir a chéile, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí earnála, rannpháirtíocht i gcláir AE dála Erasmus+ agus cuimsiú i mbeartais áirithe AE, chun na naisc leis an gCosaiv a neartú; ag cur béim ar an bhfíoras go gcabhraíonn na hionstraimí sin le ceangal na Cosaive leis an Eoraip a neartú agus le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin gheostraitéiseacha sa réigiún, lena n-áirítear trí thionchar gníomhaithe seachtracha a chosc, gan glacadh le luas ná toradh phróiseas an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Tionól agus Rialtas nua na Cosaive an 12 Feabhra 2026, tar éis na dtoghchán daonlathach parlaiminteach luath a reáchtáladh i mí na Nollag 2025 agus tar éis níos mó ná bliain de sháinn pholaitiúil agus de dheighilt pholaitiúil dhomhain; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an próiseas polaitiúil a bhí ina stad le linn 2025 a raibh ‘bliain chaillte’ don Chosaiv mar thoradh air; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nár éirigh leis an Tionóil Náisiúnta Uachtarán nua a thoghadh faoin spriocdháta bunreachtúil; ag tabhairt dá haire gur díscaoileadh an Tionól Náisiúnta le foraithne uachtaránachta an 6 Márta 2026 agus le fíorasc na Cúirte Bunreachtúla dá éis sin inar cealaíodh an cinneadh sin agus inar tugadh 34 lá do Chomhaltaí an Tionóil Uachtarán nua a thoghadh a gcuirfí iallach ar an tír toghcháin nua a reáchtáil ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire gur theip ar na hiarrachtaí chun Uachtarán a thoghadh faoin spriocdháta sin agus gur fógraíodh toghcháin reachtacha nua dá bharr sin don 7 Meitheamh 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur dhaingnigh Tionól Náisiúnta na Cosaive na comhaontuithe faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis an 13 Feabhra 2026; ag tabhairt dá haire go réitíonn sé sin an tslí don Chosaiv chun rochtain a fháil ar dheontais shuaithinseacha agus ar iasachtaí lamháltais atá dírithe ar phríomh-athchóirithe a chur chun cinn, dlús a chur lena cóineasú eacnamaíoch agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar a conair Eorpach; á chur in iúl gur oth léi go mór, i bhfianaise na ‘bliana caillte’ agus ó tharla go bhféadfaí míonna breise d’fheachtas toghcháin a chailliúint, go bhféadfaí nach mbeadh an tír ábalta na hathchóirithe uile is gá a chur i gcrích faoi na spriocdhátaí, agus go mbeadh an baol ann go gcaillfeadh sí méideanna suaithinseacha tacaíochta airgeadais faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil méadú inchreidte fréamhaithe i bpróiseas atá bunaithe ar fhiúntas, lena n-éilítear móiminteam athchóirithe marthanach agus do-aisiompaithe agus cur chun feidhme dian athchóirithe a chomhlíonann caighdeáin AE, go háirithe critéir Chóbanhávan; á iarraidh ar an gCosaiv cur lena dul chun cinn in athchóirithe a bhaineann le AE a chur chun feidhme, go háirithe i réimsí an smachta reachta, na saoirsí bunúsacha agus an chomhraic i gcoinne an éillithe, go háirithe an t-éilliú ardleibhéil, agus leanúint dá hiarrachtaí trína tiomantas do luachanna agus do chaighdeáin Eorpacha a neartú; á chur i bhfáth nach mór aon chabhair réamhaontachais agus cabhair airgeadais gaolmhar a bheith coinníollach go docht ar thorthaí intomhaiste agus infhíoraithe sna réimsí sin; á mheabhrú, maidir leis sin, a thábhachtaí atá sé seasamh leis an smacht reachta, urraim do thuairimí gach duine a ráthú, agus dlíthe a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Chosaiv na hathchóirithe sin a chur in ord tosaíochta an athuair agus dul chun cinn nithiúil a dhéanamh chun a ceangal leis an Eoraip a neartú agus leanúint d’fhilleadh ar an mbóthar ceart i dtreo aontachas AE; á chur i bhfáth go dtugtar le tuiscint leis an méadú chomh maith go n-ullmhófar go críochnúil ar thaobh institiúidí AE agus na mBallstáit comhtháthú rathúil comhaltaí nua féideartha, fad a urramófar cobhsaíocht eacnamaíoch an mhargaidh inmheánaigh, caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus feidhmiú cuí institiúidí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tacú le hiarratas na Cosaive ar bhallraíocht AE a cuireadh isteach i mí na Nollag 2022; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit laistigh den Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún a cheistneoir a thíolacadh gan moill mhíchuí agus a thuairim a thíolacadh ar fhiúntas iarratas na tíre ar bhallraíocht agus a iarraidh ar an gComhairle gníomhú go pras ina dhiaidh sin, lena n-áirítear trí stádas mar iarrthóir a dheonú a luaithe a chomhlíonfar na critéir ábhartha; á iarraidh ar na cúig Bhallstát nár aithin neamhspleáchas na Cosaive go fóill é sin a dhéanamh gan mhoill chun go bhféadfaidh sí dul chun cinn ar chomhchéim leis na hiarrthóirí eile; ag meabhrú thuairim chomhairleach CBI an 22 Iúil 2010, ina luaitear nach sáraíonn dearbhú aontaobhach neamhspleáchais na Cosaive an dlí idirnáisiúnta ginearálta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le hiarratas na Cosaive ar bhallraíocht i gComhairle na hEorpa, le plean treoshuímh straitéiseach na tíre dul isteach i gclár Chomhpháirtíocht ECAT um Shíocháin agus lena hiarrachtaí dul isteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; á iarraidh ar na heagraíochtaí lena mbaineann agus ar na Ballstáit tacú go gníomhach leis na hiarratais sin; á thabhairt dá haire go neartaíonn rapprochement na Cosaive le ECAT slándáil na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Oifig AE sa Chosaiv cur lena n-iarrachtaí chun infheictheacht agus tuiscint a fheabhsú, sa Chosaiv, ar AE agus ar bhuntáistí coincréiteacha comhpháirtíochta níos láidre idir AE agus an Chosaiv; ag tathant ar an tSeirbia gan cur i gcoinne bhallraíocht na Cosaive i gComhairle na hEorpa agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, a thiocfadh trasna ar chomhaontú 2023 idir an Chosaiv agus an tSeirbia ar an tslí chun an caidreamh eatarthu a normalú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag moladh go hard ailíniú leanúnach iomlán na Cosaive mar chomhpháirtí iontaofa AE, mar a léirítear lena síorailíniú iomlán le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) AE, lena n-áirítear cur chun feidhme leanúnach bhearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise, a cáineadh soiléir ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an leibhéal ard tacaíochta poiblí atá ag teacht chun cinn i gcónaí do chomhtháthú AE i measc a saoránach; ag dréim leis go gcoimeádfaidh an Chosaiv an t-ailíniú sin agus go leanfaidh sí dá hiarrachtaí bagairt na Rúise a choimeád faoi smacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur síníodh, an 18 Márta 2025, an dearbhú tríthaobhach ar chomhar cosanta idir an Chosaiv, an Albáin agus an Chróit, atá dírithe ar chumais chosanta a neartú agus comhar a fheabhsú i mbagairtí hibrideacha a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh atá thar téarma bearta AE i gcoinne na Cosaive a bhaint, lena n-áirítear EUR 216 mhilliún a scaoileadh i gconarthaí tosaíochta agus i gclársceidealú i mí na Nollag 2025 agus an EUR 205 mhilliún atá fágtha a scaoileadh go luath in 2026; á mheas gur tháinig na bearta sin salach go soiléir ar thiomantas léirithe na Cosaive do luachanna Eorpacha agus dá hailíniú le beartais AE, agus nach raibh údar leo a thuilleadh ó comhlíonadh na ceanglais uile ba ghá; ag tabhairt dá haire an tionchar diúltach a bhí ag na bearta seo ar shochaí na Cosaive, go háirithe ar phobail áitiúla, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); ag ceistiú na heaspa trédhearcachta agus intuarthachta, na faisnéise poiblí nár leor agus fhad faidréiseach na mbeart, d’ainneoin gur chomhlíon an Chosaiv na ceanglais atá leagtha síos ag AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an measúnú dearfach foriomlán ar reáchtáil na dtoghchán parlaiminteach agus áitiúil in 2025, ag tabhairt dá haire go ndearnadh iad ar shlí shíochánta, iomaíoch agus chuimsitheach faoi ​​chreat toghcháin athbhreithnithe atá ailínithe le moltaí níos luaithe ó mhisean breathnóireachta toghcháin AE; ag moladh na n-údarás as córas vótála leictreonach a thabhairt isteach sa Chosaiv; ag tabhairt dá haire, áfach, gur sainaithníodh roinnt easnamh i stiúradh na dtoghchán agus ag tathant ar údaráis na Cosaive iad sin a chur i gcuntas agus toghcháin á n-eagrú amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Sheirbiaigh na Cosaive i dtoghcháin pharlaiminteacha agus áitiúla 2025 agus an ceathrar méaraí Seirbiacha nuathofa a tháinig i gcomharbas ar a réamhtheachtaithe Albánacha sna bardais ina bhfuil tromlach Seirbiach i dtuaisceart na Cosaive; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, an brú a chuirtear ar vótálaithe atá ag brath ar chúnamh sóisialta agus ar fhostaíocht na Seirbia vótáil d’ionadaithe Srpska Lista i dtoghchán parlaiminteach i bhFeabhra 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na hiarrachtaí leanúnacha chun institiúidí neamhspleácha a pholaitiú, lena n-áirítear an Coimisiún Lárnach Toghchán, agus na heasnaimh rialachais laistigh de Choimisiún Neamhspleách na Meán; á iarraidh ar an gCosaiv chun an creat dlíthiúil lena rialaítear Coimisiún Neamhspleách na Meán a ailíniú tuilleadh le moltaí ó Chomhairle na hEorpa agus le caighdeáin AE chun neamhspleáchas rialála, deimhneacht dhlíthiúil agus muinín an phobail i maoirseacht na meán a neartú; á iarraidh ar na húdaráis ceapacháin bunaithe ar fhiúntas, ar thrédhearcacht i nósanna imeachta earcaíochta agus ar lánurraim do neamhspleáchas na n-institiúidí sin a áirithiú; á chur i bhfáth gur céadlíne chosanta iad institiúidí daonlathacha athléimneacha i gcoinne chúbláil na timpeallachta faisnéise, tionchar ceilte agus saobhadh ar dhíospóireacht phoiblí a spreagtar go polaitiúil; á iarraidh ar an gCosaiv creat athléimneachta daonlathaí institiúidithe a bhunú ina dtabharfar le chéile an Tionól Náisiúnta, an rialtas, rialtóirí neamhspleácha agus an riarachán toghcháin, le freagrachtaí atá sainmhínithe go soiléir, measúnuithe riosca rialta agus tuairisciú poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-oibríonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtimpeallacht atá fabhrach go ginearálta agus á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta rannpháirteach go fóinteach, ó chéim luath, in ullmhú agus i gcur chun feidhme athchóirithe atá bainteach le AE; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cuntasacht agus trédhearcacht a mhéadú i ndáil le cistiú poiblí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tsochaí shibhialta ríthábhachtach le linn an daonlathas agus an t-iolrachas a chothú agus dea-rialachas agus dul chun cinn sóisialta a chur chun tosaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag moladh na n-údarás as dul i gcomhairle le Coimisiún na Veinéise ar an bpacáiste dréachtdlíthe maidir leis na breithiúna, lena n-áirítear an dlí maidir le Comhairle Ionchúiseach na Cosaive; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, áfach, cur chun feidhme teoranta straitéis an smachta reachta agus obair leantach neamhleor ar athchóirithe, ag an rialtas, ballraíocht neamhiomlán Chomhairle Bhreithiúnach na Cosaive, agus na moilleanna in athchóirithe ceartais a chur chun feidhme; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár ghlac an rialtais an gníomh fodhlí riachtanach inar leagadh amach struchtúr eagraíochtúil Aonad Imscrúdaithe Speisialta Phóilíní na Cosaive agus na sásraí comhair idir Aonad Imscrúdaithe Speisialta Phóilíní na Cosaive agus an Oifig Ionchúisimh Speisialta; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ar Chathaoirleach nua ar Chomhairle Ionchúiseach na Cosaive a cheapadh agus ag dréim leis go gcuirfear an comhdhéanamh nua i gcrích a luaithe a rachaidh an Tionól Náisiúnta i mbun oibre arís; á chur in iúl gur geal léi gur earcaigh Comhairle Bhreithiúnach na Cosaive 17 mbreitheamh nua i bpróiseas trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus ag tathant ar Uachtarán na Cosaive na ceapacháin a dheimhniú gan mhoill; ag tathant ar an gCosaiv gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun díriú ar na heasnaimh agus a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht maidir le sláine agus cuntasacht na mbreithiúna ailínithe le caighdeáin Eorpacha agus le moltaí ábhartha Choimisiún na Veinéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur laghdaigh an Chosaiv an t-ualach riaracháin trí chlár chosc agus laghdú an ualaigh riaracháin do 2025-2028 agus a plean gníomhaíochta do 2025-2026 a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi an feabhas sin agus glacadh na leasuithe ar an dlí maidir le hoifigigh phoiblí agus á iarraidh ar an gCosaiv a riarachán poiblí agus a córas státseirbhíse bunaithe ar thuillteanas a fheabhsú tuilleadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil creat straitéiseach na Cosaive i gcás an riaracháin phoiblí i bhfeidhm, ach nach bhfuil sé á chur chun feidhme go héifeachtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha mhór di an dul chun cinn neamhleor atá déanta sa chomhrac i gcoinne an éillithe ar an iomlán; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn struchtúrach inbhraite sa réimse sin d’ainneoin na ngealltanas a tugadh, agus á chur i bhfáth go bhfuil an t-éilliú fós ina fhadhb shistéamach a bhaineann an bonn ó fheidhmiú na n-institiúidí poiblí agus ó mhuinín an phobail; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil laghdú tagtha ar an gCosaiv san Innéacs Domhanda Éillithe do 2025, ina bhfuil sí rangaithe sa 76ú háit as 182 thír agus chríoch, trí áit níos ísle ná mar a bhí in 2024, lena n-aisiompaítear treocht roimhe seo d’fheabhsú de réir a chéile ach fós go gcuireann sé an Chosaiv chun tosaigh ar roinnt tíortha eile sa réigiún; á iarraidh ar na húdaráis bearta nithiúla, éifeachtacha agus infhíoraithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme, gan mhoill, chun cosc, imscrúdú agus ionchúiseamh i réimse an éillithe a fheabhsú; á iarraidh, go háirithe, go nglacfaí go pras straitéis agus plean gníomhaíochta náisiúnta frithéillithe do 2025-2028, go mbainfí úsáid níos láidre as dearbhuithe sócmhainní agus as pleananna sláine, agus go gcuirfí uirlisí coigistíochta i bhfeidhm ar shlí níos éifeachtaí i gcásanna éillithe; á chur i bhfáth gur gá neamhspleáchas agus acmhainneacht oibríochtúil na gcomhlachtaí frithéillithe a neartú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir ionchúisitheoirí, póilíní agus aonaid faisnéise airgeadais; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil na moltaí ón gCoimisiún roimhe seo maidir le neartú acmhainneacht na Gníomhaireachta um Éilliú a Chosc agus maidir le reachtaíocht frithéillithe a chur chun feidhme fós le cur chun feidhme; á iarraidh go bhfeabhsófaí go leanúnach cáilíocht na n-imscrúduithe i gcásanna éillithe ardleibhéil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe; á iarraidh go nglacfaí straitéis náisiúnta agus plean gníomhaíochta i gcoinne na coireachta eagraithe go pras; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le líonraí coiriúla tríd an gcomhar idirnáisiúnta a neartú trí chomhroinnt faisnéise agus tríd an gcomhar idir gníomhaithe forfheidhmithe dlí agus ionchúisimh a fheabhsú; á iarraidh ar chomharsana na Cosaive lamháil don Chosaiv páirt a ghlacadh sa chomhar idirnáisiúnta ar gach leibhéal chun tionchar an chomhraic i gcoinne na coireachta eagraithe a uasmhéadú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an comhar a láidriú sa chomhrac i gcoinne drugaí; á iarraidh go ndéanfaí breis ailínithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur béim ar iarrachtaí leanúnacha EULEX chun cabhrú le húdaráis na Cosaive institiúidí inbhuanaithe agus neamhspleácha den smacht reachta a bhunú; ag tabhairt dá haire gur chuir síordhúshláin, lena n-áirítear cumhachtaí forfheidhmithe teoranta, srian ar thionchar a cuid oibre; á iarraidh go ndéanfaí síor-athmheasúnú ar bhreisluach, raon feidhme agus cuspóirí straitéiseacha an mhisin chun a ábharthacht agus a éifeachtúlacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na cásanna tuairiscithe d’úsáid iomarcach fornirt agus mí-iompar ag roinnt oifigeach de Phóilíní na Cosaive i dtuaisceart na Cosaive; á iarraidh ar Phóilíní na Cosaive a áirithiú go gcomhallfaidh a bpearsanra go hiomlán na ceanglais uile a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta an duine; á mheabhrú go bhfuil freagracht chomhroinnte ar na hionadaithe polaitiúla uile agus ar na daoine uile sa Chosaiv as an tsíocháin agus an smacht reachta a chaomhnú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil an creat dlíthiúil agus institiúideach do chearta an duine i bhfeidhm den chuid is mó, nach leor a chur chun feidhme go fóill; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis chun cearta na bpobal a chosaint agus a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Chosaiv breithiúnas na Cúirte Bunreachtúla ar úinéireacht thalamh Mhainistir Dečani chun feidhme; á iarraidh ar an gCosaiv infheistiú i gcur chun feidhme níos éifeachtaí chreat chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á aithint go bhfuil bunreacht na Cosaive thar a bheith forchéimneach ó thaobh cearta mionlaigh de; ag tabhairt dá haire, maidir leis sin, gurb oth léi, nár breithníodh fós an achainí a shínigh beagnach 500 duine a d’fhéinaithin go stairiúil mar Bhulgáraigh, a cláraíodh i dTionól Náisiúnta na Cosaive in Eanáir 2023, agus ag moladh go ndéanfar a gcearta a chumhdach sa dlí agus a áirithiú i gcleachtas chun féiniúlacht stairiúil, chultúrtha agus pholaitiúil mhionlach na Bulgáire a chosaint; á iarraidh ar an gCosaiv a chinntiú go ndéantar gach mionlach a aithnítear faoin dlí maidir le cosaint agus cur chun cinn chearta pobal agus a mball a ionchorprú go hiomlán i mbunreacht na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil córas príosúin na Cosaive ailínithe a bheag nó a mhór le rialacha íosta caighdeánacha na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa; á iarraidh go dtabharfaí cosaint níos fearr do chearta príosúnach, go háirithe banphríosúnaigh, príosúnaigh ó mhionlach agus príosúnaigh a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur chun feidhme na reachtaíochta lena gcosnaítear cearta grúpaí soghonta agus daoine ó phobail mhionlacha a neartú, go háirithe maidir lena n-ionadaíocht in institiúidí poiblí agus úsáid teangacha, lena n-áirítear trí rochtain chomhionann agus éifeachtach ar oideachas stáit ina máthairtheanga a áirithiú, chomh maith le rochtain ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí poiblí, urraim do chearta teanga agus maoine, ionadaíocht leormhaith sa riarachán lárnach agus áitiúil, agus cosaint na hoidhreachta reiligiúnaí, traidisiúnta agus cultúrtha inbhraite agus dobhraite; á iarraidh ar an gCosaiv cur lena hiarrachtaí chun comhdheiseanna agus ionadaíocht leormhaith a chur ar fáil do ghrúpaí mionlaigh sa saol polaitiúil agus cultúrtha, sna meáin phoiblí, sa riarachán agus sna breithiúna; á iarraidh go ndéanfaí mionlaigh reiligiúnacha a chosaint sa Chosaiv agus go n-áiritheofaí rochtain ar ionaid adhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach mór do mhná ó ghrúpaí mionlaigh, go háirithe na pobail Romacha, Aisceailígh agus Éigipteacha, dul i ngleic le cineálacha iomadúla idirdhealaithe, go háirithe san oideachas, san fhostaíocht agus sa rochtain ar chúram sláinte; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach ndéanann an riarachán sa Chosaiv ionadaíocht leormhaith ar phobail mhionlaigh, agus gur beag bean atá i bpoist shinsearacha i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCosaiv cur chun feidhme na sásraí reatha a fheabhsú lena gcosnaítear cearta pobal mionlach, pobal reiligiúnach agus phobal LGBTIQ+ tríd an gCód Sibhialta nua a thabhairt chun críche, a bhfuil a ghlacadh fós ar feitheamh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí go bhfuil teanga idirdhealaitheach atá dírithe ar mhná agus ar dhaoine LGBTIQ+ fós ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá comhionannas inscne agus cearta na mban a neartú sa Chosaiv; ag tabhairt dá haire go bhfuil an creat dlíthiúil agus institiúideach maidir le comhionannas inscne agus foréigean inscnebhunaithe a chomhrac i bhfeidhm den chuid is mó; á chur in iúl gur geal léi an cistiúchán méadaithe do sheirbhísí tacaíochta speisialaithe, lena n-áirítear ionaid dídine d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, an bunachar sonraí lánfheidhmiúil ina dtaifeadtar cásanna foréigin teaghlaigh, agus na hiarrachtaí leanúnacha chun aird a tharraingt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil foréigean inscnebhunaithe fós ann agus nach leor an cur chun feidhme agus an forfheidhmiú go fóill, go háirithe ó tá mná, go háirithe mná ó phobail mhionlaigh, fós ag dul i ngleic le cineálacha iomadúla idirdhealaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis an t-idirphlé inmheánach a fheabhsú agus gabháil go dáiríre agus go díreach le heagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta de chuid Sheirbiaigh na Cosaive, go háirithe sa tuaisceart, d’fhonn muinín a chothú, saol an lae inniu a éascú do Sheirbiaigh na Cosaive agus iad a lánpháirtiú go rathúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag moladh an rialtais as an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2025-2030 agus an plean gníomhaíochta gaolmhar do 2025-2027 a fhormheas;  á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil an Chosaiv tar éis Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a ghlacadh fós; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil an Chosaiv tar éis teacht go leordhóthanach le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais ina leith sin agus an t-idirdhealú a dhéantar ar dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear leanaí, agus na bacainní atá rompu maidir le rochtain ar an oideachas, ar an gcúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta; á iarraidh ar na húdaráis cosaint a gcuid ceart a neartú agus an dréachtdlí maidir le haithint stádais, seirbhísí agus sochair a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oidhreacht ilchultúrtha na Cosaive a chosaint, lena n-áirítear oidhreacht an phobail Chrótaigh, agus an fhorbairt áitiúil inbhuanaithe agus rannpháirtíocht an phobail á dtacú ag an am céanna;  á chur in iúl gur geal léi an tionscadal arna mhaoiniú ag an Aontas agus arna chur chun feidhme ag Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) d’fhonn oidhreacht chultúrtha Janjevo a chaomhnú agus a athbheochan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an dréachtdlí nua maidir le téacsleabhair glactha fós ag Tionól Náisiúnta na Cosaive; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil moill ar chur chun feidhme straitéis oideachais na Cosaive do 2022-2026 agus go bhfuil an maoiniú don bhunoideachas poiblí ag dul i laghad i gcónaí; á iarraidh ar an gCosaiv glacadh an dréachtdlí maidir le téacsleabhair a thabhairt chun críche, athbhreithniú na dtéacsleabhar reatha a chríochnú agus oiliúint inbhuanaithe chórasach a chur ar fáil do mhúinteoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag cur suntas i dtírdhreach iolraíoch na meán sa Chosaiv, ach á chur i bhfáth go bhfuil sé fós soghonta agus gur féidir brú de chineálacha éagsúla a chur air; á chur in iúl gur oth léi go mór an easpa dul chun cinn maidir le saoirse tuairimí a nochtadh a áirithiú agus maidir le hiriseoirí a chosaint go héifeachtach; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an gCosaiv tar éis titim 24 áit síos go dtí an 99ú háit in Innéacs Domhanda um Shaoirse an Phreasa 2025, ar dearg-chúlchéimniú é sin; á thabhairt dá haire gur croíluach Eorpach í saoirse an phreasa agus go gcaithfidh an gCosaiv bearta níos éifeachtaí a ghlacadh ná mar atá á ndéanamh aici faoi láthair chun an tsaoirse sin a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an meath atá ag teacht ar thimpeallacht na meán agus ar an aeráid ina n-oibríonn gairmithe faisnéise, go háirithe na hionsaithe agus na bagairtí in aghaidh iriseoirí agus oibrithe meán, lena n-áirítear an chaint mhaslach a dhírigh oifigigh ardleibhéil de chuid na Cosaive ar na meáin le linn an fheachtais toghcháin; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an dréachtdlí maidir le foinsí iriseoireachta a chosaint glactha fós, rud a fhágann na hiriseoirí gan chosaint dhlíthiúil leordhóthanach; á chur i bhfios go láidir aici nach mór neamhfhulaingt iomlán a bheith ann i ndáil le hionsaithe fisiceacha ar iriseoirí agus á iarraidh go neartófaí an t-imscrúdú agus an t-ionchúiseamh i ndáil leis na bagairtí uile in aghaidh pearsanra meán agus go ndéanfaí an reachtaíocht a bhaineann leis na meáin a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, go háirithe leis an Acht Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus leis an Treoir ón Aontas maidir le Frith-SLAPP<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh na rannpháirtíochta poiblí’) (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha eile maidir le cearta an duine; á iarraidh ar na húdaráis bearta nithiúla a ghlacadh láithreach chun neamhspleáchas na meán a ráthú, an t-imeaglú a chomhrac agus timpeallacht a áirithiú ina dtacaítear le hiriseoireacht shaor iolraíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di tuairiscí maidir le brú a chuireann gníomhaithe polaitiúla agus grúpaí coireachta eagraithe ar iriseoirí, rud as a n-eascraíonn cásanna féinchinsireachta; á thabhairt dá haire go bhféadfadh iriseoirí staonadh ó dhul i mbun tuairisciú criticiúil imscrúdaitheach ar mhaithe le sábháilteacht fhisiceach nó slándáil fostaíochta; ag cur suntas, thairis sin, sna tuairiscí go bhféadfadh údaráis phoiblí fógraíocht a tharraingt siar ó asraonta meán a fhoilsíonn inneachar criticiúil, rud a chuireann brú eacnamaíoch indíreach i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>	á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil an dréachtdlí maidir le Raidió Teilifís na Cosaive (RTK), craoltóir poiblí na Cosaive, fós gan ghlacadh agus á iarraidh dá bhrí sin go nglacfaí go pras é; á chur i bhfáth gur gá cistiú agus neamhspleáchas inbhuanaithe an chraoltóra phoiblí a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil post Ard-Stiúrthóir RTK folamh ó mhí na Meán Fómhair 2024 agus go bhfuil easpa córaim ar Bhord RTK ó mhí na Nollag 2024, rud a fhágann nach bhfuil an craoltóir poiblí in ann feidhmiú i gceart agus nach bhfuil sé in ann a ról a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh maoirseacht chothrom ionadaíoch pholaitiúil neamhspleách ar RTK; á iarraidh ar údaráis na Cosaive comhaltaí Bhord RTK agus Ard-Stiúrthóir RTK a cheapadh trí phróiseas trédhearcach atá bunaithe ar thuillteanas, d’fhonn feidhmiú éifeachtach na craoltóireachta seirbhíse poiblí sa Chosaiv a ráthú; á chur i bhfios go láidir nach mór d’aon athchóiriú ar an gcraoltóir poiblí an neamhspleáchas eagarthóireachta a choimirciú, tionchar polaitiúil a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe trédhearcach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go dtarraingítear aird i dTuarascáil 2025 maidir le Gáinneáil ar Dhaoine ar nach bhfuil na húdaráis ábhartha sa Chosaiv tar éis na caighdeáin íosta maidir le deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhlíonadh go hiomlán, d’ainneoin gurb amhlaidh go ndearnadh tuilleadh iarrachtaí, lena n-áirítear rátaí ionchúisimh feabhsaithe agus tacaíocht fheabhsaithe d’íospartaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di an méid mífhaisnéise atá á scaipeadh ag gníomhaithe coigríche i dtíortha sa réigiún, lena n-áirítear mífhaisnéis maidir le teannas idir-eitneach, go háirithe ag foinsí atá nasctha le stát na Rúise agus le stát na Seirbia agus go mórmhór le linn tréimhsí toghcháin, rud a chuireann tuilleadh leis an bpolarú polaitiúil; á chur in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí an idirghabháil choigríche mhailíseach, iarrachtaí míchobhsaithe agus bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear mífhaisnéis arna gineadh ag an intleacht shaorga agus feachtais chomhordaithe ar líne arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar phróisis pholaitiúla agus ar thuairimí an phobail; á iarraidh go mbeadh freagairt institiúideach neartaithe ann agus go gcuirfí feabhas ar litearthacht na meán, rud atá le baint amach trí bhearta lena n-áirítear oiliúint neartaithe do mhúinteoirí agus acmhainní nua-aimseartha foghlama agus trí chomhar feabhsaithe le meáin neamhspleácha, le heagraíochtaí seiceála fíricí agus le cláir ábhartha de chuid an Aontais, d’fhonn an smaointeoireacht chriticiúil agus rannpháirtíocht dhigiteach fhreagrach a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar a comhpháirtithe réigiúnacha fanacht aontaithe agus tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar an gcomhar réigiúnach, mar aon leis an gcomhar Eorpach leis an gCosaiv, maidir le cur i gcoinne bagairtí seachtracha, mífhaisnéise, idirghabháil choigríche agus cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint de pheirspictíocht Eorpach na tíre agus an réigiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag moladh na Cosaive as a rannpháirtíocht ghníomhach i roinnt tionscnamh um chomhar réigiúnach, amhail an Comhaontú Saorthrádála de chuid na hEorpa Láir (CEFTA), an Comhphobal Fuinnimh, an Comhphobal Iompair, Próiseas Comhair na hEorpa Thoir Theas agus an Chomhairle um Chomhar Réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag moladh údaráis na Cosaive as an treochlár le haghaidh réiteach inbhuanaithe ar sheilbh neamhdhleathach, ar mhí-úsáid agus ar gháinneáil mionarm agus arm éadrom (SALW) agus pléascán a chur chun feidhme go rathúil; á chur in iúl gur geal léi an leibhéal ard comhlíonta maidir leis na rialacha atá leagtha síos i bPrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheabhrú aici go leanann an normalú ar an gcaidreamh leis an tSeirbia agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe uile ar thángthas orthu faoin Idirphlé idir Béalgrád agus Pristina de bheith ina gcuid dhílis agus ina n-eilimint bhunúsach riachtanach de pheirspictíocht Eorpach na Cosaive; á chur i bhfios go láidir aici go bhfuil dul chun cinn nithiúil, marthanach agus infhíoraithe sa réimse sin ríthábhachtach d’fhonn an chobhsaíocht réigiúnach a neartú agus d’fhonn peirspictíocht Eorpach na tíre a chur chun cinn; á chur i dtreis aici nach féidir breathnú ar an normalú mar ábhar imní tánaisteach, ach go gcaithfidh sé fanacht ina thosaíocht pholaitiúil iomlán; á chur i bhfios go láidir aici a thábhachtaí atá sé tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar iarrachtaí éascaithe an Aontais idir na páirtithe d’fhonn an sáinn reatha a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an Idirphlé arna éascú ag an Aontas agus á chur in iúl gur geal léi an sainordú leathnaithe ag Peter Sørensen mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine go dtí an 29 Feabhra 2028;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata chun cáilíocht an phróisis idirphlé a fheabhsú trí rannpháirtíocht ban, trí thrédhearcacht mhéadaithe don phobal, agus trí rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chuiditheach údaráis na Cosaive agus na Seirbia d’fhonn cur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an gCosán i dtreo an Normalaithe agus na hiarscríbhinne a ghabhann leis maidir leis an gcur chun feidhme a chur ar aghaidh, comhaontú atá bailí i gcónaí agus atá ceangailteach ó thaobh dlí ar an dá pháirtí; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia araon Comhaontuithe na Bruiséile agus Ohrid a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí Chomhlachas/Comhphobal na mBardasach ag a bhfuil tromlach Seirbiach a bhunú agus trí dheireadh a chur le cur i gcoinne na Seirbia i ndáil le ballraíocht na Cosaive in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus gníomhartha aontaobhacha a d’fhéadfadh an próiseas idirphlé a bhonn-bhriseadh a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air an 14 Márta 2026 maidir le cur chun feidhme reachtaíocht na Cosaive maidir le heachtrannaigh, lena dtugtar isteach bearta maolaitheacha do bhaill den phobal Seirbiach; á thabhairt dá haire go gcuidíonn an socrú sin le leanúnachas a áirithiú i ndáil le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus go seachnaítear leis an riosca go ndéanfaí eisiúint <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> ar Sheirbiaigh na Cosaive; á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn réitigh den sórt sin le muinín a chothú agus gur céim dhearfach iad i dtreo normalú an caidrimh idir Béalgrád agus Pristine agus i dtreo dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dúnadh na scórtha institiúidí a fhaigheann tacaíocht ón tSeirbia ar bhealach neamhchomhordaithe i dtuaisceart na Cosaive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag dréim leis go ndéanfaidh an tSeirbia comhoibriú go hiomlán leis an gCosaiv chun lucht déanta an ionsaithe sceimhlitheoireachta in Banjska in 2023 a thabhairt os comhair na cúirte ar deireadh; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil an tSeirbia tar éis na ciontóirí a ionchúiseamh fós, go háirithe Milan Radoičić, iar-Leas-Uachtarán Srpska Lista; á athdhearbhú nach mór na daoine go léir atá freagrach as gníomhartha foréigin a choinneáil cuntasach agus nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar an gceartas gan mhoill, i gcomhréir leis an smacht reachta agus leis an bpróiseas cuí; á cháineadh go láidir go ndearnadh ionsaí ar chanáil Ibër-Lepenc/Ibar-Lepenac i dtuaisceart na Cosaive i mí na Samhna 2024, agus á iarraidh go ndéanfaí lucht déanta an ionsaithe a ghabháil go pras agus a thabhairt os comhair na cúirte; á iarraidh ar an tSeirbia freagairt gan tuilleadh moille ar iarraidh na Cosaive i mí Eanáir 2025 ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach i ndáil leis an ionsaí sin agus comhoibriú go hiomlán leis an imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt dá haire aici go bhfuil cinniúint suas le 1 590 duine ar iarraidh fós gan réiteach, agus nach dearnadh cinniúint ach 26 dhuine ar iarraidh a réiteach idir mí an Aibreáin 2024 agus deireadh na tréimhse tuairiscithe i mí na Meán Fómhair 2025; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia araon dul i mbun gach plé teicniúil go cuiditheach agus de mheon macánta d’fhonn cinniúint na ndaoine eile atá ar iarraidh a shoiléiriú, lena n-áirítear tríd an bhFo-Mheitheal um Shaincheisteanna Fóiréinseacha, agus staonadh ó aon pholaitiú a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi an chéad chruinniú den Chomhchoimisiún um Dhaoine ar Iarraidh, cruinniú a ghlaoigh Príomh-Idirbheartaithe na Cosaive agus na Seirbia le chéile i mí Eanáir 2026 faoi chuimsiú an idirphlé arna éascú ag an Aontas, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh comhair chun dlús a chur le sainaithint olluaigheanna agus le malartú faisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia gach doiciméadacht ábhartha póilíneachta, mhíleata agus chartlainne a bhaineann le cogadh 1998-1999 sa Chosaiv a oscailt agus a chomhroinnt d’fhonn tacú leis an bhfírinne, leis an gceartas agus leis an gcuntasacht, lena n-áirítear i gcásanna foréigin ghnéasaigh a bhaineann le coinbhleacht; á thabhairt dá haire nach bhfuil comhaontú ginearálta chun faisnéis den sórt sin a chomhroinnt curtha chun feidhme fós agus á chur in iúl gur cúis imní di an síneadh atá á chur le haicmiúcháin rúndachta, rud a d’fhéadfadh moill bhreise a chur ar an gceartas agus ar an aithint do mharthanóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé rochtain iomlán a áirithiú ar chartlanna iar-sheirbhís rúnda na hIúgslaive (UDBA) agus ar Sheirbhís Rúnda Arm Phobal na hIúgslaive (KOS), lena n-áirítear na cinn sin atá i bPristine agus i mBéalgrád, d’fhonn taighde críochnúil a dhéanamh ar choireanna agus ar eagraíochtaí coiriúla ó ré an chumannachais agus aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfios go láidir go rannchuideodh oscailt na gcartlann sin ar fud an réigiúin leis an tóir ar an bhfírinne, leis an gceartas d’íospartaigh, leis an athmhuintearas agus le comhdhlúthú an rialachais dhaonlathaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gCosaiv leanúint dá rannpháirtíocht i roinnt tionscnamh um chomhar réigiúnach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá Fórsa na Cosaive (KFOR) atá faoi stiúir ECAT don tslándáil níos leithne agus á mholadh aici as a chuid iarrachtaí leanúnacha chun timpeallacht shábháilte shlán a thógáil agus a chothabháil sa Chosaiv agus i réigiún na mBalcán Thiar i gcoitinne; á mheabhrú a thábhachtaí atá an misean d’fhorbairt leanúnach Fórsa Slándála na Cosaive trí chomhairle, oiliúint agus tógáil acmhainneachta a sholáthar; á iarraidh ar na Ballstáit atá ag rannchuidiú le Fórsa na Cosaive staonadh óna láithreacht a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí as an nua oidhreacht reiligiúnach agus chultúrtha sa Chosaiv a choimirciú, lena n-áirítear láithreáin Ortadocsacha, Ioslamacha, Chaitliceacha agus láithreáin eile, mar chuid de ghealltanas níos leithne don iolrachas, don athmhuintearas agus don mheas ar oidhreacht chultúrtha chomhroinnte na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Chosaiv measartha ullamh i réimsí an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus an iomaíochais; á chur i bhfios go láidir aici nach mór don Chosaiv a creat fioscach a ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha, go háirithe bonn monaraíochta cúng agus deacrachtaí maidir le cistiú d’FBManna a rochtain; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé fás eacnamaíoch inbhuanaithe a áirithiú, an dífhostaíocht a laghdú agus córas cosanta sóisialta na tíre a neartú i gcomhréir le h-acquis sóisialta an Aontais; á chur i bhfáth aici go gcaithfidh sí dul i mbun athchóirithe níos fairsinge chun dul i ngleic leis na laigí struchtúracha atá fós ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin go ndearna an Chosaiv roinnt dul chun cinn maidir le geilleagar margaidh feidhmiúil a fhorbairt, go háirithe trí fhás níos láidre, earnáil bhaincéireachta atá fónta athléimneach, laghdú ar an earnáil neamhfhoirmiúil, agus réiteach níos gasta ar dhíospóidí tráchtála; á thabhairt dá haire go bhfuil an geilleagar neamhfhoirmiúil forleathan i gcónaí agus á hiarraidh ar na húdaráis na hacmhainní is gá a thabhairt don chigireacht saothair chun a cúraimí a chur i gcrích ina n-iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go láimhseálann Cúirt Tráchtála na Cosaive cásanna maidir le cearta maoine intleachtúla go héifeachtach; á iarraidh ar an gCúirt Tráchtála comhoibriú tuilleadh le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh go n-áiritheofaí cosaint leordhóthanach saothair, pá cóir agus forfheidhmiú dhlíthe an tsaothair i gcomhréir le caighdeáin an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an t-idirphlé sóisialta sa Chosaiv teoranta i gcónaí; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe do thógáil acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta; á iarraidh ar na húdaráis neamhspleáchas agus ról dlisteanach na gceardchumann aitheanta agus cearta bunúsacha oibrithe a ráthú, go háirithe an ceart chun cómhargála, sa dlí agus sa chleachtas araon, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha; á iarraidh ar údaráis na Cosaive sainordú na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta a athnuachan, an t-agallamh sóisialta a chur chun cinn, agus úsáid a bhaint as an tSásra Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar chun cabhrú le hacmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta a thógáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhdhlúthú an chórais luacha saothair faoin dlí maidir le tuarastail san earnáil phoiblí; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil aghaidh tugtha fós ar aicmiú post, ar chórasú post ná ar bhreithiúnas na Cúirte Bunreachtúla maidir le forálacha míbhunreachtúla; á iarraidh ar na húdaráis an dréachtdlí maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí a ghlacadh agus measúnú ar riosca fioscach agus modheolaíocht infheistíochta poiblí a lánpháirtiú sa reachtaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di go leanann an t-ionchas saoil tráth breithe de bheith níos ísle ná meán an Aontais agus gurb í an bhasmhaireacht leanaí sa Chosaiv an ceann is airde sa réigiún i gcónaí agus go bhfuil sí i bhfad níos airde ná meán an Aontais; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil sa dul chun cinn ionsar an gclúdach uilechoiteann sláinte ach dul chun cinn an-teoranta agus go bhfuil míchloíteachtaí suntasacha ann i gcónaí; á iarraidh ar na húdaráis rochtain níos fearr ar sheirbhísí cúraim sláinte a áirithiú do na saoránaigh uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh ar an gCosaiv tosaíocht a thabhairt don ghairmoideachas d’adhchaighdeán, do naisc níos láidre idir an t-oideachas agus riachtanais mhargadh an tsaothair, agus do thacaíocht spriocdhírithe d’fhiontraithe óga agus do thaighdeoirí d’fhonn ionchais inchreidte a chruthú do dhaoine óga sa tír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag spreagadh na Cosaive leanúint de chomhaontuithe maidir le comhordú na slándála sóisialta a thabhairt i gcrích le Ballstáit an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna an Chosaiv roinnt dul chun cinn maidir le hullmhú don chlaochlú digiteach, lena n-áirítear seirbhísí ar líne agus clúdach 5G a leathnú; á chur in iúl gur oth léi nach dtairgtear ach 10 % de na seirbhísí poiblí ar líne faoi láthair agus go bhfuil an digitiú roinnte ina chodanna i gcónaí; á chur i dtreis aici go gcaithfear an Chosaiv í féin a ailíniú le reachtaíocht dhigiteach ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach, an Treoir NIS2, Bosca Uirlisí an Aontais maidir le Cibearshlándáil 5G, an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha, an tAcht um Margaí Digiteacha agus an Creat um Fhéiniúlacht Dhigiteach an Aontais; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach 8 gcinn as an 14 phíosa reachtaíochta tánaistí a eascraíonn as an Dlí maidir le cibearshlándáil glactha ag an gCosaiv agus nach bhfuil an Ghníomhaireacht Cibearshlándála ná an Chomhairle Náisiúnta Cibearshlándála ag feidhmiú go hiomlán fós; á iarraidh go nglacfaí straitéis chuimsitheach ríomhrialachais a bheadh ailínithe le caighdeáin an Aontais agus go gcuirfí feabhas ar idirinoibritheacht na gcóras riaracháin phoiblí; á iarraidh ar an gCosaiv an digitiú a chur chun cinn níos déine agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí digiteacha slána.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na chéad chéimeanna a ghlac an Chosaiv i dtreo cur chuige níos straitéisí i leith an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear tús a chur le cistiú do bhearta tacaíochta don nuálaíocht agus rannpháirtíocht na Cosaive i Líonra na Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi togra an Choimisiúin chun caibidlíocht a oscailt maidir le scéim an Aontais ‘fánaíocht mar a bheadh sa bhaile’ a leathnú chuig na Balcáin Thiar, lena n-áirítear an Chosaiv, d’fhonn tairbhí nithiúla a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais agus chun an nascacht réigiúnach a neartú; á thabhairt dá haire go bhfuil an tionscnamh sin bunaithe ar shocruithe fánaíochta réigiúnacha atá ann cheana; á iarraidh go nglacfaí go pras sainorduithe caibidlíochta agus go dtabharfaí na comhaontuithe i gcrích go tráthúil d’fhonn lánpháirtiú tapa éifeachtach i limistéar an Aontais ‘fánaíocht mar a bheadh sa bhaile’ a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An fuinneamh, an comhshaol, an fhorbairt inbhuanaithe agus an nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Chosaiv fós ag brath go mór ar ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe atá as dáta agus gur gá di dlús a chur le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh roinnt dul chun cinn in earnáil an fhuinnimh, go háirithe trí cheant a sheoladh le haghaidh 100 MW de chumhacht gaoithe;  ag tathant ar an gCosaiv dlús a chur lena haistriú glas agus laghdú suntasach a dhéanamh ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus ar stáisiúin chumhachta gualbhreoslaithe; á iarraidh go méadódh an tAontas a chuid iarrachtaí chun cabhrú leis an gCosaiv na cuspóirí sin a bhaint amach; á iarraidh ar Rialtas na Cosaive infheistíocht a dhéanamh i meascán fuinnimh éagsúlaithe a neartóidh slándáil an tsoláthair; ag spreagadh na Cosaive leanúint dá hiarrachtaí chun a margadh leictreachais a imeascadh le margaí leictreachais na hEorpa, lena n-áirítear trí athchóirithe ar an margadh leictreachais a chur chun feidhme go héifeachtach agus trí chomhar trasteorann neartaithe in earnáil an leictreachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag spreagadh na Cosaive a cumas institiúideach agus riaracháin a neartú chun tionscadail bhonneagair straitéiseacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí mheasúnuithe cuimsitheacha ar thionchar ar an gcomhshaol agus bearta inbhuanaitheachta a úsáid sa chéim phleanála, agus leanúint de thionscadail nascachta iompair agus fuinnimh atá ar feitheamh a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gCosaiv tosaíocht a thabhairt do thionscadail nascachta straitéiseacha lena nascann na Balcáin Thiar le conairí iompair, fuinnimh agus digiteacha na hEorpa agus le limistéar na Mara Duibhe, lena n-áirítear trí idirnascairí fuinnimh, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite, an lánpháirtiú sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí in Euro (SEPA) agus rochtain níos fearr ar airgeadas d’FBManna; á chur i bhfios go láidir aici go gcuireann na hinfheistíochtaí sin leis an gcóineasú socheacnamaíoch, leis an athléimneacht gheostraitéiseach agus leis an tslándáil eacnamaíoch Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tathant ar an gCosaiv na limistéir chosanta sa tír a mhéadú agus a áirithiú go nglacfar bearta iomchuí chun limistéir chosanta agus láithreáin oidhreachta cultúrtha agus stairiúla a bhainistiú d’fhonn an bhithéagsúlacht a choimirciú, lena n-áirítear príomhghnáthóga na lincse Balcaí atá i mbeol a báis; á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach atá ag an gCosaiv leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin i ndáil le Páirc Náisiúnta Thrasteorann Shléibhte Shar; ag spreagadh na Cosaive dlús agus luas a chur tuilleadh le hiarrachtaí comhoibritheacha le tíortha comharsanacha chun limistéir chosanta thrasteorann a ainmniú agus chun pleananna bainistíochta trasteorann atá comhchuí a bhunú; ag tathant ar an gCosaiv an dlí maidir le bainisteoireacht dramhaíola a leasú agus an dlí maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Náisiúnta na Cosaive.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>