<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0221</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Moladh maidir le rialachas trasnáisiúnta ar uisce a chur chun cinn ar mhaithe le coinbhleachtaí a chosc agus leis an tsíocháin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0150/2026 -  Rapóirtéir: Leoluca Orlando)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le rialachas trasnáisiúnta ar uisce a chur chun cinn ar mhaithe le coinbhleachtaí a chosc agus leis an tsíocháin (2025/2216(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiúin 1992 na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta (an Coinbhinsiún Uisce),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 ar an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/576, 24.2.2026, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52025IP0091.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2025 dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce’ (COM(2025)0280),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Rochtain ar uisce mar cheart daonna – an ghné sheachtrach’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe agus don Chlár Oibre Gníomhaíochta Uisce a glacadh, agus don Chomhdháil Uisce 2026 na Náisiún Aontaithe a bhfuil coinne léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhileog eolais ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Right to Water’</STRING> [An Ceart chun Uisce], a foilsíodh i mí Lúnasa 2010,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Institiúid Ollscoile na Náisiún Aontaithe um Uisce, Comhshaol agus Sláinte an 20 Eanáir 2026 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Global Water Bankruptcy – Living Beyond Our Hydrological Means in the Post-Crisis Era’</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí an 19 Samhain 2018 ón gComhairle maidir le Taidhleoireacht Uisce,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2021 maidir le huisce i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte ón Aontas an 17 Meitheamh 2019 maidir le huisce óil sábháilte agus sláintíocht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4390, 9.9.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52025IP0059.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2026 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0014.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 4 Nollaig 2024 dar teideal ‘Polaitíocht an uisce: An óige, mná agus pobail dhúchasacha agus áitiúla a chumhachtú’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/769/, 11.2.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IE0874.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0150/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-uisce bunriachtanach chun go mairfidh an chine daonna agus an saol ar fad ar domhan agus, dá bhrí sin, gur gá é a bhainistiú go hinbhuanaithe agus go cothrom mar leas coiteann poiblí agus domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur ceart daonna é rochtain ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht agus gur réamhriachtanas é don tsláinte, don chobhsaíocht, don tslándáil agus don tsíocháin, agus do bhaint taitnimh iomláin as an mbeatha agus as cearta uile an duine; de bhrí gur féidir le droch-rialachas uisce, ganntanas uisce agus rochtain mhíchothrom cur le héagobhsaíocht, coinbhleacht agus easáitiú; de bhrí nach bhfuil rochtain fós ag thart ar 2,2 billiún duine ar uisce óil a bhainistítear go sábháilte, nach bhfuil sláintíocht a bhainistítear go sábháilte ag 3,5 billiún duine, agus go mbíonn ganntanas mór uisce ag thart ar 4 bhilliún duine ar feadh mí amháin ar a laghad gach bliain;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuireann seirbhísí neamhleora uisce agus sláintíochta go mór le leathadh galar tógálach inchoiscthe amhail calar, maláire agus galair ghastraistéigeacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur bagairt mhór ar acmhainní uisce é an t-athrú aeráide agus gníomhaíocht neamh-inbhuanaithe an duine agus go gcuireann siad leis an strus maidir le huisce; de bhrí go gcuireann brú méadaitheach ar acmhainní uisce, mar gheall ar dhaonraí atá ag fás go tapa, éileamh atá ag méadú, agus úsáid neamh-inbhuanaithe uisce agus talún, le ganntanas uisce, ocras agus coinbhleacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach raibh ach thart ar aon trian de dhobharcheantar na mór-roinne laistigh de ghnáthdhálaí sceite uisce le linn gach ceann de na sé bliana roimhe sin; de bhrí go mbaineann 90 % de na tubaistí nádúrtha go léir le huisce; de bhrí go bhfuil timthriallta hidreolaíocha ag éirí níos guagaí agus go bhfuil an siar agus aniar foréigneach idir triomach tromchúiseach agus tuilte tubaisteacha, arb é an t-athrú aeráide is cúis leo; de bhrí go bhfuil caillteanas oighir tuairiscithe ag gach réigiún oighrithe ar domhan le blianta beaga anuas; de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí an duine freagrach as go leor den truailliú acmhainní fionnuisce ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint le cainníocht an uisce agus cáilíocht an uisce; de bhrí go gcruthaíonn bainistiú leormhaith an dá rud sin deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil 60 % de shreafaí fionnuisce an domhain comhdhéanta d’uiscígh trasteorann, lochanna agus imchuacha abhann atá comhroinnte ag dhá thír nó níos mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta, nach leor an comhar uisce trasteorann fós ar fud an domhain; de bhrí nach bhfuil comhaontuithe oibríochtúla i bhfeidhm ach ag 43 Bhallstát as 153 Bhallstát na Náisiún Aontaithe a roinneann uiscí trasteorann; de bhrí nach bhfuil aon socruithe den sórt sin ag níos mó ná 20 tír, agus go bhfuil dul chun cinn an-teoranta le feiceáil san Áise agus i Meiriceá Laidineach;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go n-áirithítear le rialachas láidir uisce, trédhearcacht agus faireachán in earnáil an uisce agus na sláintíochta go rachaidh úsáid acmhainní airgeadais chun leas an phobail agus go dtacóidh sí leis an bhforbairt inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur féidir impleachtaí a bheith ag strus maidir le huisce agus ag gníomhaíochtaí aontaobhacha arna ndéanamh ag tíortha in uiscí trasteorann, amhail truailliú, róshaothrú, nó tógáil bonneagair do gach stát atá ar theorainn na n-uiscí sin; de bhrí go gcuireann díospóidí maidir le rochtain ar uisce le coinbhleachtaí níos leithne agus go bhféadfaidís a bheith ina gcúis leo, agus go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aige sin ar chobhsaíocht réigiúnach agus ar shlándáil an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, gur sháraigh coinbhleacht maidir le huisce an comhar; de bhrí, d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le huisce óil agus sláintíocht a sholáthar le deich mbliana anuas, nach bhfuil rochtain fós ag na billiúin daoine ar fud an domhain ar sheirbhísí riachtanacha uisce, sláintíochta agus sláinteachais, rud a fhágann go bhfuil siad i mbaol galair agus eisiaimh shóisialta níos doimhne; de bhrí gur minic a thugtar neamhaird ar ghrúpaí áirithe, go háirithe mná, leanaí, dídeanaithe, pobail dhúchasacha, pobail faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí eile, nó go ndéantar idirdhealú orthu i bpleanáil agus i bhforbairt bonneagair uisce agus sláintíochta; de bhrí gur gnách go mbíonn tionchar díréireach ag díghrádú comhshaoil agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid ar phobail bhochta agus imeallaithe; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an leas a bhaineann líonraí coiriúla, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus mílístí áitiúla as na dálaí sin chun a dtionchar a neartú agus a gcláir oibre a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nach féidir ach le rochtain chothrom agus inbhuanaithe ar acmhainní uisce intuarthacht fhadtéarmach a áirithiú do chách; de bhrí go bhfágann comhar trasnáisiúnta straitéiseach maidir le hacmhainní uisce gur féidir gníomhaíochtaí daonna a bhainistiú go hinbhuanaithe agus timthriallta hidreolaíocha corracha a ullmhú go comhpháirteach, ar mhaithe leis na comharsana uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur creat é an Comhshocrú don Mheánmhuir le haghaidh comhar réigiúnach neartaithe; de bhrí gur cheart taidhleoireacht uisce a áireamh i measc a ghníomhaíochtaí tosaíochta, i bhfianaise an bhrú mhéadaithigh ar acmhainní comhroinnte uisce ar fud na Meánmhara, lena n-áirítear i réigiúin amhail an Mheánmhuir Thoir agus an Afraic Thuaidh; de bhrí gur cheart bainistiú comhoibríoch uisce, comhthionscadail bhonneagair agus idirphlé maidir le hacmhainní trasteorann a aithint mar uirlisí tábhachtacha chun coinbhleachtaí a chosc, chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go gcuireann coinbhleacht armtha agus forghabháil isteach go mór ar inrochtaineacht uisce agus ar chomhar trasnáisiúnta uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach bhfuil an maoiniú ná an ghníomhaíocht is gá ar an láthair ag teacht leis na gealltanais pholaitiúla ar an leibhéal domhanda maidir le bainistiú inbhuanaithe uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go dtugann an dlí daonnúil idirnáisiúnta, go háirithe Prótacail Bhreise 1977 a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive, cosaintí sainráite do dhambaí agus do ‘shuiteálacha eile ina bhfuil fórsaí contúirteacha’; de bhrí gur sárú tromchúiseach ar chearta an duine é uisce a úsáid mar arm, lena n-áirítear díriú ar chórais agus saoráidí uisce nó an damáiste don chomhshaol a eascraíonn as sin, agus go bhféadfadh sé a bheith ina choir in aghaidh an chine dhaonna agus ina éicidhíothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil níos mó agus níos mó i gceist le cogaíocht chomhaimseartha díriú d’aon ghnó ar sholáthairtí uisce agus ar bhonneagar uisce agus iad a úsáid mar arm, mar a léiríodh le déanaí leis an scrios tubaisteach a rinne an Rúis ar Dhamba Kakhovka san Úcráin in 2023; de bhrí go raibh scriosadh Dhamba Kakhovka ina chúis le scrios tromchúiseach comhshaoil, lena n-áirítear tuilte, truailliú acmhainní fionnuisce, cailliúint bithéagsúlachta, agus damáiste fadtéarmach d’éiceachórais, agus go raibh sé ina chúis le básanna agus oll-easáitiú an phobail shibhialta agus gur cheil sé rochtain ar uisce óil sábháilte agus ar shlite beatha orthu; de bhrí gur chruthaigh scriosadh an damba rioscaí tromchúiseacha don tsábháilteacht núicléach ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia in aice láimhe; de bhrí, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, nach bhfuil rochtain iontaofa ag thart ar 1.7 milliún leanbh san Úcráin ar uisce sábháilte faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur cháin an Pharlaimint go neamhbhalbh scriosadh d’aon ghnó na Rúise ar bhonneagar uisce, lena n-áirítear dambaí, mar arm cogaidh; de bhrí go ndearna an scrios damáiste tromchúiseach don chomhshaol, gur bhain sé an bonn den tslándáil uisce agus gur bhagairt sé pobail shibhialtacha; de bhrí gur sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta iad gníomhartha den sórt sin agus go n-éilítear leo cuntasacht iomlán dóibh sin atá freagrach; de bhrí go leanann an Coimisiún agus Ballstáit an Aontais de chúnamh a chur ar fáil don Úcráin maidir le déantóirí na coire a imscrúdú ionas gur féidir iad a ionchúiseamh as coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn an tAontas leis na sásraí comhpháirteacha rialachais uisce idir Iosrael agus an Phalaistín, lena n-áirítear na creataí atá ann cheana amhail an Comhchoiste Uisce a athsheoladh, d’fhonn dáileadh cothrom uisce, trédhearcacht fheabhsaithe agus forbairt éifeachtach bonneagair a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil rochtain mhíchothrom ar acmhainní uisce comhroinnte fós ina spreagadh struchtúrach éagobhsaíochta sa Mheánoirthear, go háirithe in Abhantrach na hIordáine, áit a ndéanann míchothromaíochtaí stairiúla agus leanúnacha maidir le leithdháileadh agus rialú do phobail Phalaistíneacha éagothromaíochtaí socheacnamaíocha a dhoimhniú; de bhrí, faoi na socruithe atá ann cheana, go bhfeidhmíonn údaráis Iosrael rialú éifeachtach ar fhormhór na n-acmhainní uisce sa Bhruach Thiar agus ag sreabhadh uaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, mar thoradh ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus Hamas, go bhfuil scriosadh forleathan déanta ar bhonneagar uisce, sláintíochta agus sláinteachais i Stráice Gaza, lena n-áirítear gléasraí díshalannaithe, saoráidí cóireála fuíolluisce agus líonraí dáileacháin, rud a fhágann go bhfuil cuid mhór den daonra gan rochtain iontaofa ar uisce óil sábháilte agus a chuireann leis na riachtanais dhaonnúla; de bhrí gur thuairiscigh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i mí Iúil 2025 go ndearnadh damáiste do 89 % de bhonneagar uisce agus sláintíochta Gaza nó gur scriosadh iad, rud a d’fhág go raibh 90 % d’uisce tí neamhdhaingean; de bhrí go bhfuil gá le seachadadh tapa agus gan bhac ábhar, breosla agus cúnaimh theicniúil chun bonneagar criticiúil uisce a dheisiú agus a atógáil, lena n-áirítear píblínte, aonaid díshalannaithe agus gléasraí cóireála fuíolluisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go ndearna tionchair thrasteorann na dtionscadal dambaí mórscála arna gcur chun feidhme ag an Tuirc faoi Thionscadal Anatolia Oirdheisceart na hEorpa, lena n-áirítear Damba Ilısu, difear do shreafaí uisce iartheachtacha in aibhneacha Tigris agus Euphrates agus gur rannchuidigh siad le ganntanais uisce, caillteanais talmhaíochta agus díghrádú comhshaoil san Iaráic agus sa tSiria; de bhrí go n-éilíonn páirtithe leasmhara na Tuirce, na hIaráice agus na Siria idirphlé struchtúrtha agus cuimsitheach ar fud an imchuach maidir le bainistiú abhainnchóras Tigris-Euphrates, bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta uisce, lena n-áirítear úsáid chothrom agus réasúnach agus an oibleagáid gan dochar suntasach a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go leantar den teannas idir an Éigipt agus an Aetóip, tar éis Damba Mhór-Athbheochan na hAetóipe a thabhairt chun críche agus a insealbhú in 2025, rud a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh don chothromaíocht hidreapholaitiúil in Abhantrach na Níle; de bhrí gur phléigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Damba Mhór-Athbheochan na hAetóipe arís agus arís eile; de bhrí gur cheart do na páirtithe uile lena mbaineann staonadh ó bhearta aontaobhacha a d’fhéadfadh teannas a ghéarú agus gur cheart dóibh tús áite a thabhairt do chéimeanna cothaithe muiníne, lena n-áirítear trédhearcacht in oibríochtaí damba agus comhar teicniúil maidir le réamhaisnéis ar shreabhadh uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil abhainn Aras ríthábhachtach don Airméin agus don Asarbaiseáin don talmhaíocht, don fhorbairt eacnamaíoch agus don uisce óil, agus go bhfuil cáilíocht agus cainníocht an uisce in abhainn Aras faoi bhrú; de bhrí, le comhaontú amach anseo idir an Airméin agus an Asarbaiseáin lena dtabharfar aghaidh ar a ndobharlach trasteorann comhroinnte, lena n-áirítear sásraí maidir le comhroinnt sonraí, faireachán comhpháirteach, sábháilteacht dambaí, agus leithdháileadh cothrom agus inbhuanaithe uisce le haghaidh úsáid talmhaíochta agus shibhialtach, go gceadófaí don abhainn a bheith ina hacmhainn chomhroinnte seachas ina foinse éagobhsaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur féidir le truailliú agus dramhaíl a iompraíonn aibhneacha agus sruthanna farraige carnadh ar chóstaí stát eile, rud is cúis le damáiste comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta, lena n-áirítear don turasóireacht agus don iascach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh olleasáitiú daonra agus imirce éigeantach a bheith mar thoradh ar ghanntanas uisce agus ar dhíghrádú acmhainní uisce, rud a chuirfeadh le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, leis an mbochtaineacht agus leis an éagobhsaíocht sna réigiúin is leochailí; de bhrí go bhfuil sé ar cheann de na bealaí chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce feabhas a chur ar bhainistiú uisce i dtríú tíortha;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go n-úsáideann gníomhaithe armtha stáit agus neamhstáit i limistéir ina bhfuil coinbhleacht na pobail lagaithe mar bhealach chun dlisteanacht a fháil trí na hacmhainní uisce a rialú; de bhrí go bhfuil rochtain ar bhonneagar uisce agus rialú ar bhonneagar uisce á n-úsáid níos mó agus níos mó mar ionstraimí brú pholaitiúil, comhéigin nó cogaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur cheart do chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha rochtain níos fearr agus níos inacmhainne ar uisce, ar shláintíocht agus ar shláinteachas a chur chun cinn do chách, go háirithe maidir le bonneagair uisce a chruthú agus a chothabháil agus a bhainistiú ar bhealach éifeachtúil agus inbhuanaithe; de bhrí gur cheart d’infheistíochtaí poiblí agus do bheartais phoiblí an earnáil phríobháideach a spreagadh agus a dhreasú chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus i gcleachtais bhainistíochta lena bhfeabhsaítear gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>ról an rialachais uisce trasteorann i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú, ionas go ngníomhóidh sé mar uirlis fhiúntach chun coinbhleachtaí a chosc, a réiteach agus chun muinín a chothú ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i limistéir atá níos leochailí ó thaobh thionchar an athraithe aeráide agus ina bhfuil ganntanas uisce cheana féin, go háirithe i réigiúin a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo; strus maidir le huisce á aithint go sainráite mar fhactóir riosca mór slándála, geopholaitiúil agus daonnúil agus cosc ar choinbhleachtaí a bhaineann le huisce a chomhtháthú go hiomlán i mbeartas eachtrach, slándála agus forbartha an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>aghaidh a thabhairt ar an easpa comhaontuithe oibríochtúla idir rialtais a roinneann imchuacha uisce trasteorann agus an saineolas agus an cúnamh teicniúil agus airgeadais uile is gá ón Aontas a chur ar fáil chun tacú le rialtais socruithe den sórt sin agus eagraíochtaí imchuach abhann a bhunú agus a chur chun feidhme, agus ceannasacht na dtíortha comhpháirtíochta agus a bpríomhfhreagracht as bainistiú acmhainní uisce á n-urramú go hiomlán chun an baol teannais nó coinbhleachta a laghdú, comhar a chothú agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a fheabhsú; saincheisteanna a bhaineann le rialachas trasnáisiúnta uisce a ardú go comhsheasmhach in idirphlé déthaobhach an Aontais le tíortha comhpháirtíochta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta timpeallacht dhlíthiúil agus beartas fabhrach a chruthú le haghaidh bainistiú comhoibríoch uisce agus an ról atá ag rialachas trasnáisiúnta uisce i ngníomhaíocht sheachtrach agus i dtaidhleoireacht an Aontais a neartú; chuige sin, na hacmhainní airgeadais agus daonna iomchuí a chur ar fáil don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus do Thoscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain chun tacú le bainistiú uisce trasteorann ar an láthair, i dtíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, agus chun forbairt agus cur chun feidhme na taidhleoireachta goirme a chothú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>cistiú leordhóthanach agus éifeachtúil a áirithiú do bhainistiú uisce trasteorann an Aontais i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile trí ionstraimí na hEorpa Domhanda agus na Tairsí Domhanda; cur in oiriúint infheistíochtaí seachtracha an Aontais i rochtain ar uisce agus ar shláintíocht do chomhthéacsanna leochaileacha atá buailte ag coinbhleacht a neartú, chun tacú leis an tsíocháin agus leis an athléimneacht, lena n-áirítear trí mhaoiniú méadaithe le haghaidh rochtain dhomhanda ar bhonneagar bainistithe uisce agus sláintíochta uisce atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe; a áirithiú go leanfaidh na tionscadail bhonneagair agus fuinnimh a mhaoinítear le comhar um fhorbairt an Aontais agus le hionstraimí beartais sheachtraigh, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta, de bheith i gcomhréir go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta, nach mbainfidh siad an bonn den chaidreamh uisce trasteorann, den rochtain chomhionann agus den bhainistiú inbhuanaithe, agus go n-éascóidh siad rochtain daoine ar a dtalamh, go háirithe pobal dúchasach; an cistiú a ailíniú le gníomhaíochtaí suaitheanta domhanda chéad Straitéis Athléimneachta Uisce an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>tacaíocht a aithint agus a neartú don obair ríthábhachtach a dhéanann cosantóirí chearta an chomhshaoil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bhfabhar caomhnú uisce, rochtain chomhionann agus rialachas uisce trasteorann; ról dlúth a thabhairt do chosantóirí áitiúla chearta an chomhshaoil agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtacaíocht an Aontais do rialachas trasnáisiúnta uisce i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus a sábháilteacht agus a saoirse chun oibriú gan fhoréigean ná imeaglú a chur chun cinn; tacaíocht a mhéadú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach i réimsí na taidhleoireachta uisce, an choisc coinbhleachtaí agus an chomhair uisce trasteorann, go háirithe i réigiúin leochaileacha agus i réigiúin ina bhfuil coinbhleacht, agus aitheantas á thabhairt don ról tábhachtach atá acu maidir le hidirphlé a éascú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, tacú le bainistiú uisce pobalbhunaithe, cothú muiníne a chur chun cinn agus rannchuidiú le tionscnaimh rialachais uisce atá inbhuanaithe agus cuimsitheach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>raon feidhme geografach thionscadail rialachais uisce trasteorann an Aontais a leathnú thar chodanna áirithe den Afraic agus den Áise Láir chuig Críocha Mheiriceá, chuig an Meánoirthear agus chuig an Afraic Thuaidh, agus chuig an Áise Thoir agus Theas trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, go háirithe i gcás ina bhféadfadh neamhshlándáil uisce cur le héagobhsaíocht agus le heasáitiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>bainistiú inbhuanaithe uisce agus fuíolluisce a neartú trí chomhar maidir le bonneagar, teicneolaíochtaí agus saineolas a chomhtháthú go córasach i gcomhpháirtíochtaí agus i gcláir forbartha; tacú le fothú acmhainneachta agus neartú institiúideach i dtíortha comhpháirtíochta chun feabhas a chur ar phleanáil, rialachas agus cothabháil seirbhísí uisce agus sláintíochta, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí le húdaráis áitiúla, seirbhísí poiblí, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí pobalbhunaithe; infheistíochtaí bonneagair a chur in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla agus stairiúla chun ionstraim síochána agus cobhsaíochta a dhéanamh den uisce;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>an comhar iltaobhach maidir le huisce a neartú, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe trí leanúint de dhomhandú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hUisce agus dlús a chur leis agus trí thacú le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna), go háirithe SFI 6 maidir le huisce glan agus sláintíocht, agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shuntasacha idir tíortha agus laistigh díobh maidir le rochtain a fháil ar uisce agus ar shláintíocht; cur chun feidhme leanúnach ghealltanais an Aontais ó Chomhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe a áirithiú, agus na huaillmhianta agus na gníomhaíochtaí sin á gcaomhnú ag an am céanna mar ullmhúchán do Chomhdháil Uisce 2026 na Náisiún Aontaithe; idirphlé il-leibhéil a threisiú le tíortha atá lonnaithe laistigh d’imchuacha ina bhfuil baol coinbhleachta, lena n-áirítear cruinnithe mullaigh agus tionscnaimh chomhpháirteacha, chomh maith le formáidí comhair fhadtéarmaigh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>a thabhairt chun suntais go mbraitheann rialachas éifeachtach trasteorann uisce ar chaomhnú na bithéagsúlachta agus na haeráide, agus, dá bhrí sin, a éileamh go bhfreagródh bainistiú uisce go príomha do leasanna comhshaoil – ar bunriachtanas é do phlandaí, d’ainmhithe agus do dhaoine – agus go mbeadh sé á threorú ag loighic atá bunaithe ar leas an phobail, agus ar earraí coiteanna poiblí agus domhanda;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>athléimneacht dhomhanda uisce a neartú mar mhodh chun cobhsaíocht a chothú trí Straitéis Athléimneachta Uisce an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe a gníomhaíochtaí domhanda atá dírithe ar thacú le rochtain ar uisce agus ar shláintíocht do 70 milliún duine ar a laghad agus ar rialachas domhanda uisce agus rannpháirtíocht i bhfóraim iltaobhacha amhail G7, G20 agus Idirphlé Baku maidir le hUisce don Ghníomhú ar son na hAeráide a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>infheistíocht a dhéanamh i bhforléargas níos trédhearcaí ar thacaíocht leanúnach uile an Aontais atá tiomnaithe do bhainistiú trasteorann uisce a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus comhleanúnachas agus cuíchóiriú na hoibre agus an chistithe uile a áirithiú ar fud na nArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha uile agus idir SEGS agus an Coimisiún, agus a áirithiú ag an am céanna go gcomhlánóidh na cláir éagsúla a chéile agus nach mbeidh forluí eatarthu; cumarsáid a neartú maidir le hiarrachtaí agus éachtaí an Aontais i réimse an chomhair uisce trasteorann chun próifíl na huirlise riachtanaí sin agus ról ceannasach an Aontais ina cur chun feidhme a ardú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>comhar idirnáisiúnta feabhsaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear ar leibhéal na n-eagraíochtaí imchuach abhann, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim uisce atá ag dul i méid; rochtain ar uisce agus ar shláintíocht atá glan agus ar ardchaighdeán a áirithiú agus a fheabhsú; bainistiú inbhuanaithe uisce a chur chun cinn, athúsáid uisce a mhéadú, dul i ngleic le truailliú uisce, ró-úsáid agus dramhaíl, agus teicneolaíochtaí nuálacha éagsúla uisce a chur chun feidhme, lena n-áirítear réitigh dhúlrabhunaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>a áirithiú go dtabharfar aghaidh le tionscnaimh uisce an Aontais ar fud an domhain ar na bearnaí sonraí atá fós ann agus ar an easpa comhroinnte sonraí idir rialtais trí acmhainní teicniúla agus fisiceacha a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar leibhéil uisce agus ar cháilíocht na n-abhantrach trasteorann, agus trí shonraí a mhalartú agus trí chaighdeáin choiteanna a chothú maidir le bailiú sonraí idir tíortha comhpháirtíochta chun comhoiriúnacht a mhéadú; feidhmiú mar ghníomhaí inchreidte iontaofa chun malartú faisnéise iontaofa maidir le huisce a éascú i measc rialtas, páirtithe leasmhara agus an phobail i suíomhanna ina bhfuil strus mór maidir le huisce agus i suíomhanna ardteannais, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil comhroinnt faisnéise íogair mar gheall ar ábhair imní slándála; forbairt a dhéanamh ar thaithí, ar chláir, ar chleachtais agus ar straitéisí ábhartha an Aontais chun comhroinnt an dea-chleachtais idir gníomhaithe réigiúnacha agus náisiúnta a neartú, ag cur leis na cláir, na cleachtais agus na straitéisí ábhartha den Aontas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>ionstraimí comhair idir-rialtasacha agus réigiúnacha a chur chun cinn maidir le hacmhainní uisce a bhainistiú, ag díriú go háirithe ar dháileadh cothrom uisce a áirithiú, agus tacú le struchtúir rialachais ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an phobail; machnamh a dhéanamh ar thacú le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha i gcás ina rannchuidíonn siad le bainistiú éifeachtúil uisce agus le rochtain níos inacmhainne ar uisce, ar shláintíocht agus ar shláinteachas do chách; infheistíocht a dhreasú i dteicneolaíochtaí agus i gcleachtais bhainistíochta lena bhfeabhsaítear an úsáid a bhaineann feirmeoirí beaga agus cuideachtaí móra araon as cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe i dtáirgeadh barr, beostoic agus éisc;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>béim a leagan ar phrionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus ar an bprionsabal beartais an Aontais a ailíniú le tosaíochtaí forbartha na dtíortha comhpháirtíochta, bunaithe ar mheasúnuithe ar a dtionchar ar acmhainní áitiúla, chun ídiú uisce nó truailliú uisce i dtíortha nach bhfuil san Aontas a sheachaint go comhpháirteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>feabhas a chur ar chur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite acmhainní uisce mar an phríomhuirlis lena gcuirtear chun cinn forbairt chomhordaithe agus bainistiú inbhuanaithe uisce, talún agus acmhainní gaolmhara, thar theorainneacha freisin, i gcomhréir le táscaire SFI 6.5.2, ar mhaithe le comhleas na mbruachstát, chomh maith le béim a leagan ar a thábhachtaí atá an nasc idir uisce, fuinneamh, bia agus an t-éiceachóras chun aghaidh a thabhairt ar shineirgí agus ar chomhbhabhtálacha ar uisce ar fud ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>acmhainneachtaí faireacháin agus luathrabhaidh an Aontais a neartú trí dhigitiú agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha, lena n-áirítear faireachas satailíte agus rianú fíor-ama ar thruailliú, atá fíor-riachtanach chun truailliú trasteorann a chosc agus a chomhrac agus chun tacú le laghdú rioscaí tubaiste; an faireachán ar ghanntanas uisce agus ar rioscaí coinbhleachta a bhaineann le huisce ar fud an domhain a neartú, amhail bonneagar uisce agus uisce a úsáid mar uirlis troda agus rochtain ar uisce a bhaint d’aon ghnó, rud a fhágfaidh go mbeidh sé ina chuid de chórais choiscthe coinbhleachta Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>taighde ar bhainistiú inbhuanaithe trasteorann uisce, comhroinnt uisce, comhar agus nuálaíocht a dhreasú agus a mhaoiniú, lena n-áirítear tríd an gclár Fís Eorpach, agus iniúchadh a dhéanamh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn amhail gníomhaíochtaí modhnaithe aimsire;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>machnamh a dhéanamh ar chúram a chur ar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine coinbhleachtaí a bhaineann le huisce a chosc agus a réiteach, comhar uisce agus an smacht reachta a chur chun cinn, agus foinsí agus córais uisce a chosaint, lena n-áirítear le linn coinbhleachtaí armtha agus i suíomhanna trasteorann agus iarrachtaí idirnáisiúnta a stiúradh, thar ceann an Aontais, chun éiceachórais uisce a chosaint agus a athbhunú i gcomhréir le SFI 6, ós rud é go bhfuil athléimneacht uisce ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte, bia, fuinnimh agus slándála atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; dul i gcomhairle leis an bParlaimint maidir leis an sainordú, na hacmhainní agus na socruithe comhair a thacaíonn le hobair Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>ról an dlí idirnáisiúnta agus na gcúirteanna idirnáisiúnta inniúla a neartú, agus idirphlé, idirghabháil agus réitigh réigiúnacha a chur chun cinn mar phríomhuirlisí chun díospóidí faoi dhobharlaigh thrasnáisiúnta a réiteach, lena n-áiritheofar soiléireacht agus cuntasacht maidir le hoibleagáidí dlíthiúla na stát uile atá ar theorainn na n-uiscí lena mbaineann; úsáid uisce mar arm i gcoinbhleachtaí a cháineadh go córasach; a áirithiú go dtabharfar déantóirí na coire chun cuntais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>tacú le tionscnaimh dhlíthiúla arb é is aidhm dóibh ceartas agus cúiteamh a áirithiú chun soláthairtí agus bonneagar uisce a spriocdhíriú agus a scriosadh d’aon ghnó;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>