<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0222</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an tSeoirsia</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0140/2026 -  Rapóirtéir:Rasa Juknevičienė)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an tSeoirsia (2025/2257(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘Teachtaireacht 2025 maidir le beartas méadaithe AE’ (COM(2025)0690), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Georgia 2025 Report’</STRING> [Tuarascáil 2025 na Seoirsia] (SWD(2025)0757) ag gabháil léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> IO L 261, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2441 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING> IO L, 2025/2441, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2441/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 78 de Bhunreacht na Seoirsia, lena gceanglaítear go ndéanfar gach beart is féidir chun lánpháirtiú iomlán na Seoirsia san Aontas Eorpach agus in ECAT a áirithiú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Tuairim Phráinneach maidir leis na Leasuithe ar Chód na gCiontaí Riaracháin agus ar Chód Coiriúil na Seoirsia ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), a glacadh an 12 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a bhfuil an tSeoirsia ina páirtí ann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha ón gCoimisiún roimhe seo maidir le méadú ar an tSeoirsia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ‘<STRING ITALIC="on">Freedom in the World 2025’</STRING> arna foilsiú ag Freedom House,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint de <STRING ITALIC="on">2025 World Justice Project Rule of Law Index</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2025 arna fhoilsiú ag Transparency International,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó mhisean aimsithe fíoras ESCE maidir leis an tSeoirsia (2026) faoi mhír 12 de Dhoiciméad Sásra Mhoscó dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Developments in Georgia in Respect of Human Rights and Fundamental Freedoms since Spring 2024’</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí Uachtaránacht na Comhairle an 16 Nollaig 2025 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim maidir leis an Dlí i ndáil le Clárú Gníomhairí Eachtracha, do na leasuithe ar an Dlí maidir le Deontais agus do Dhlíthe eile a bhaineann le ‘tionchar eachtrach’, a ghlac Coimisiún na Veinéise an 9 go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tSeoirsia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2026 maidir le straitéis an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3</STRING> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2026)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0140/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go ndearna an tSeoirsia iarratas ar bhallraíocht an Aontais an 3 Márta 2022; de bhrí gur dheonaigh an Chomhairle Eorpach, ag an gcruinniú a bhí aici an 14 agus an 15 Nollaig 2023, stádas mar iarrthóir don tSeoirsia ar an tuiscint go ndéanfaí na céimeanna ábhartha a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023; de bhrí go bhfuil próiseas aontachais na Seoirsia curtha ar fionraí go héifeachtach, sa chleachtas, ó 2024 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go measann an Coimisiún nach bhfuil an tSeoirsia ach in ainm is a bheith ina tír is iarrthóir, tar éis na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Nollaig 2024, inar cinneadh gur cuireadh stop <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> leis an bpróiseas réamhaontachais mar thoradh ar ghníomhaíochtaí Rialtas na Seoirsia, agus i bhfianaise chúlú leanúnach na Seoirsia ar na bunphrionsabail ó shin i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur thug an Coimisinéir Marta Kos tuairisc ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an tSeoirsia mar ‘an tuarascáil is measa a ullmhaíodh riamh do thír is iarrthóir’;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an staid sa tSeoirsia ag dul in olcas go mór i gcónaí, le cúlú breise sa daonlathas, i gcearta an duine agus sa smacht reachta mar gheall ar ghníomhaíochtaí Aisling Sheoirsia agus na hIaráine; de bhrí go bhfuil na modhanna cos ar bolg, feachtais bhréagaisnéise agus ciapadh polaitiúil ar aon dul le teaicticí hibrideacha na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, an 29 Eanáir 2026, gur ghníomhachtaigh 24 Stát rannpháirteacha ESCE Sásra Mhoscó, rud a chuir ar chumas misean neamhspleách saineolaithe scrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar chearta an duine, go háirithe forbairtí ó earrach 2024 i leith; de bhrí go dtugtar chun suntais sa tuarascáil ó shaineolaí Shásra Mhoscó ESCE maidir leis an tSeoirsia, a foilsíodh an 12 Márta 2026, ábhair imní thromchúiseacha maidir le sláine na bpróiseas toghcháin, lena n-áirítear líomhaintí maidir le neamhrialtachtaí agus brú ar an bhfreasúra polaitiúil, chomh maith le húsáid beart dlíthiúil in aghaidh cheannairí an fhreasúra agus páirtithe polaitiúla; de bhrí go n-iarrtar sa tuarascáil go n-aisghairfí reachtaíocht shriantach, lena n-áirítear an Dlí maidir le Trédhearcacht Tionchair Eachtraigh agus leasuithe a dhéanann difear do shaoirse na meán; de bhrí go ndéanann sí cásanna d’úsáid dhíréireach fornirt in aghaidh agóideoirí a dhoiciméadú agus gur cúis imní di sáruithe ar an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar dhrochíde, agus go mbaineann roinnt cásanna ‘tairseach na céastóireachta’ amach; de bhrí go n-iarrann sí, thairis sin, go scaoilfí saor láithreach daoine aonair atá á gcoinneáil ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear comhaltaí an fhreasúra agus iriseoirí, agus á chur i bhfáth gur gá don tSeoirsia comhoibriú go hiomlán le comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coimisiún na Veinéise agus sásraí idirnáisiúnta ábhartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil rialtas Aisling Sheoirsia tar éis srianta agus ceartúcháin a lagú go córasach tríd an mbonn a bhaint de neamhspleáchas na mbreithiúna, na seirbhísí ionchúisimh agus na Cúirte Bunreachtúla, rud a fhágann nach bhfuil an tSeoirsia in ann, ó thaobh struchtúir de, critéir bhallraíochta an Aontais a chomhlíonadh faoi na coinníollacha atá ann faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur leanadh d’agóidí in aghaidh ghníomhaíochtaí Aisling Sheoirsia ón 28 Samhain 2024, rud a léiríonn toil bhuan dhaonlathach mhuintir na Seoirsia, d’ainneoin foréigean córasach agus díréireach in aghaidh rannpháirtithe, a bpríosúnachta, agus tabhairt isteach pionós as rannpháirtíocht atá ag éirí níos déine de réir a chéile; de bhrí gur cuireadh tús le hagóidí mórscála tar éis don rialtas a fhógairt go raibh ullmhúcháin do chaibidlíocht aontachais an Aontais á gcur ar fionraí aige go dtí 2028;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur chuir an clár faisnéise de chuid British Broadcasting Corporation dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">When Water Burns’</STRING>, a craoladh an 1 Nollaig 2025, fianaise i láthair a thugann le fios gur úsáideadh uisce atá measctha le ceimiceán tocsaineach in aghaidh agóideoirí sa tSeoirsia i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024; de bhrí gur féidir le húsáid ceimiceán tocsaineach fadhbanna sláinte fadtéarmacha a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cuireadh cosc ar ESCE/an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine breathnú ar na toghcháin áitiúla a reáchtáladh an 4 Deireadh Fómhair 2025 mar gheall ar chuireadh déanach ó údaráis na Seoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go dtugtar isteach le leasuithe reachtacha nuaghlactha srianta breise ar chistiú eachtrach agus go ndéantar ‘brústocaireacht sheachtrach’, mar a thugtar uirthi, a choiriúlú; de bhrí go leathnaítear go suntasach leis an reachtaíocht an sainmhíniú ar ‘dheontais’ chun cúnamh teicniúil nó cúnamh saor in aisce agus aistrithe idir eagraíochtaí eachtracha agus a mbrainsí áitiúla a áireamh, go leathnaítear léi raon feidhme na n-eintiteas a mheastar a bheith ina bhfaighteoirí deontais, lena n-áirítear eagraíochtaí atá bunaithe ar an gcoigríoch agus atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tSeoirsia, agus go dtugtar isteach léi pionóis choiriúla as sáruithe a bhaineann le deontais; de bhrí go dtugtar isteach leis an reachtaíocht freisin pianbhreitheanna príosúnachta suas le sé bliana as ‘brústocaireacht sheachtrach’, toirmisc ocht mbliana ar bhallraíocht páirtithe polaitiúla do dhaoine aonair a d’oibrigh in eagraíochtaí arna gcistiú ag an gcoigríoch, agus pionóis bhreise do ghnólachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíocht pholaitiúil nach mbaineann lena bpríomhghníomhaíocht; de bhrí go dtugtar isteach leis an reachtaíocht freisin clásal ‘antoisceachais’, lena gcumasaítear pianbhreitheanna príosúnachta suas le trí bliana a fhorchur ar ‘ghníomhartha córasacha’ arb é is aidhm dóibh ‘an dearcadh a bhunú’ nach bhfuil dlisteanacht ag an rialtas;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le leasuithe a glacadh ar an gCód Coiriúil do phianbhreitheanna príosúnachta do dhaoine aonair a dhiúltaíonn aitheantas a thabhairt do dhlisteanacht rialtas Aisling Sheoirsia, ar cúis mhór imní iad maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an t-iolrachas polaitiúil agus caighdeáin dhaonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar chúlú daonlathach sa tSeoirsia faoi réimeas Aisling Sheoirsia agus atreorú geopholaitiúil na tíre, gur chuir na Stáit Aontaithe a gcomhpháirtíocht straitéiseach leis an tSeoirsia ar fionraí agus gur fhorchuir siad smachtbhannaí atá fós i bhfeidhm; de bhrí gur thug Comhdháil na Stát Aontaithe bille isteach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Mobilizing and Enhancing Georgia’s Options for Building Accountability, Resilience, and Independence Act’</STRING> (Acht MEGOBARI), lena bhféachtar leis an ngrinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Rialtas na Seoirsia agus ar na naisc atá aige leis an Rúis agus le réimis fhorlámhacha eile, lena n-áirítear an tSín, a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, i mí na Nollag 2024, gur ainmnigh na Stáit Aontaithe Bidzina Ivanishvili faoina gcóras smachtbhannaí as an mbonn a bhaint de thodhchaí dhaonlathach agus Eora-Atlantach na Seoirsia ar mhaithe le Cónaidhm na Rúise; de bhrí gur chinn na Stáit Aontaithe go bhfuil gníomhartha Ivanishvili agus Aisling Sheoirsia tar éis institiúidí daonlathacha a lagú, mí-úsáid cearta an duine a chumasú agus srian a chur le feidhmiú saoirsí bunúsacha sa tSeoirsia; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí sin tar éis todhchaí Eora-Atlantach na Seoirsia a scriosadh tuilleadh, rud a fhágann go bhfuil an tír ag éirí níos leochailí i leith na Rúise, atá fós ag áitiú níos mó ná 20 % de chríoch na Seoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, an 2 Márta 2026, gur fhógair naoi bpáirtí freasúra sa tSeoirsia go mbunófaí comhghuaillíocht mar fhreagairt ar an gcúlú daonlathach leanúnach agus ar chomhdhlúthú forlámhach na cumhachta ag Aisling Sheoirsia, lena léirítear comhdhlúthú na bhfórsaí daonlathacha atá ar son na hEorpa agus an t-éileamh sochaíoch atá ag dul i méid chun bealach na Seoirsia i dtreo na hEorpa a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur gearradh téarma príosúnachta idir seacht mí agus ocht mí ar ochtar polaiteoirí ón bhfreasúra is iad sin Nika Gvaramia, Zurab Japaridze, Badri Japaridze, Mamuka Khazaradze, Nika Melia, Irakli Okruashvili, Givi Targamadze agus Giorgi Vashadze, agus gur cuireadh toirmeasc orthu oifig phoiblí a shealbhú ar feadh dhá bhliain toisc gur dhiúltaigh siad láithriú os comhair Choimisiún Imscrúdaitheach Sealadach Pharlaimint de facto na Seoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur chruthaigh údaráis Aisling Sheoirsia córas diansmachta ar chúiseanna polaitiúla as ar eascair príosúnacht ar go leor príosúnach polaitiúil, lena n-áirítear polaiteoirí, gníomhaithe, iriseoirí agus agóideoirí síochánta den fhreasúra, ar baineadh a saoirse díobh as diúltú géilleadh d’údarás an pháirtí rialaithe nó as a gcearta bunúsacha a fheidhmiú, agus as an méid sin amháin; de bhrí gurb é atá i gceist le coinneáil den sórt sin ná straitéis imeaglaithe d’aon ghnó atá dírithe ar easaontú a chur ina dtost, iolrachas polaitiúil a dhíchur agus riail fhorlámhach a chomhdhlúthú; de bhrí gur sárú tromchúiseach ar ord bunreachtúil na Seoirsia, ar a hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus ar na luachanna bunúsacha atá mar bhonn taca lena stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas é príosúnacht leanúnach na ndaoine aonair sin; de bhrí gur coinníodh nó gur gearradh fíneáil ar go leor mac léinn, ionadaithe na sochaí sibhialta agus ealaíontóirí as páirt a ghlacadh in agóidí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur ábhar imní tromchúiseach i gcónaí í an ghéarleanúint pholaitiúil ar dhaoine ón bhfreasúra, lena n-áirítear spriocdhíriú córasach Giorgi Gakharia, ceannaire an pháirtí ‘For Georgia’, a ndearnadh dhá ionsaí fhisiciúla air agus a cúisíodh i gcionta coiriúla arb í an pholaitíocht is cúis leo, as ar eascair a chónaí ar deoraíocht faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur baineadh a shaoirse den iar-Uachtarán Mikheil Saakashvili le breis agus ceithre bliana agus gur príosúnach polaitiúil de facto é den olagarc Bidzina Ivanishvili, a bhfuil smacht aige ar an stát agus a bhfuil tionchar neamhdhleathach aige ar a institiúidí;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí, ó mhí Eanáir 2026 i leith, gur shainaithin sochaí shibhialta na Seoirsia 48 bpríosúnach pholaitiúla a cuireadh i bpríosún go héagórach mar gheall ar a rannpháirtíocht sna hagóidí agus a dtacaíocht dóibh, agus 68 bpríosúnach eile a fhanann faoi choinneáil réamhthrialach ar chúiseanna a bhfuil údar polaitiúil leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go dtuairiscíonn agóideoirí ban sa tSeoirsia go rialta go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar íde tháireach ag na póilíní, lena n-áirítear íde béil ghnéasach, nochtchuardach gnáthaimh, bagairtí éignithe agus bagairtí eile foréigin fhisiciúil le linn agóidí, faoi choinneáil agus le linn cuardaigh tí; de bhrí go bhfuil an treocht sin mar chuid de phatrún níos leithne mí-úsáide agus saoirse ó phionós laistigh de ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na Seoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur bhronn Parlaimint na hEorpa, in éineacht le Andrzej Poczobut ón mBealarúis, Duais Sakharov 2025 ar Mzia Amaglobeli, iriseoir Seoirseach atá i bpríosún agus stiúrthóir ar eagraíochtaí meán ar líne Batumelebi agus Netgazeti; de bhrí gur dhiúltaigh Cúirt Uachtarach na Seoirsia d’achomharc Mzia Amaglobeli, rud a fhágann gurb í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg an t-aon bhealach dlíthiúil atá fágtha aici chun ceartas a lorg;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil staid shaoirse na meán agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh imithe in olcas go mór; de bhrí gur thuairiscigh ardán Chomhairle na hEorpa‘Sábháilteacht iriseoirí’ 32 fholáireamh maidir leis an tSeoirsia in 2025, méadú 78 % ó 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil an baol ann go lagófar ceann de na príomhcholúin institiúideacha a thacaíonn leis an díospóireacht dhaonlathach, leis an rannpháirtíocht shibhialta agus le conair lánpháirtíochta Eorpach na Seoirsia agus go gcuirfear srian leis an rochtain ar an oideachas mar gheall ar an mbrú méadaitheach ar an gcóras oideachais agus ar iarrachtaí an bonn a bhaint de neamhspleáchas ollscoileanna mar thoradh ar thionscnamh ‘cathair amháin, dámh amháin’ ó Aisling Sheoirsia; de bhrí go léiríonn ionsaithe in aghaidh na sochaí sibhialta, na meán neamhspleách agus na hearnála acadúla patrún níos leithne brú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar an tsaoirse acadúil sa tSeoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil eastóscadh mangainéise sa tSeoirsia lena honnmhairiú chuig an Aontas ina chúis le sciorrthaí talún, gur thruailligh sé na limistéir máguaird agus gur sháraigh sé cearta saothair i réigiún mianadóireachta Chiatura; de bhrí go maíonn eagraíochtaí comhshaoil go bhfuil dramhaíl á sceitheadh go díreach isteach in Abhainn Kvirila; de bhrí gur thuairiscigh na daoine sin a bhí ag agóid in aghaidh na mianadóireachta mangainéise cásanna faireachais, imeaglaithe agus coinneála ag údaráis na Seoirsia; de bhrí go gceanglaítear leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4</STRING> IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ar chuideachtaí Eorpacha urraim do chearta an duine, dálaí maithe oibre agus urraim don chomhshaol ina slabhraí soláthair a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt de chríocha na Seoirsia a aithnítear go hidirnáisiúnta fós faoi fhorghabháil; de bhrí gur aithin an Rúis an Abcáis agus Tskhinvali/an Oiséit Theas mar stáit neamhspleácha in 2008 agus go bhfuil na mílte saighdiúirí fós aici sa cheantar, de shárú ar an dlí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an Rúis ag leanúint dá beartas ‘cruatheorannú’, is é sin bacainní fisiciúla a chur suas feadh theorainneacha riaracháin réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas, de shárú ar cheannasacht agus iomláine chríochach na Seoirsia; de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, thairis sin, go bhfuil sáruithe ar chearta an duine mar thoradh air sin amhail srianta ar shaorghluaiseacht, rochtain theoranta ar mhaoin nó ar thalamh, agus scaradh ball teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar méadaitheach ag an Rúis ar an tSeoirsia mar thoradh ar fheachtais pholaitiúla, eacnamaíocha agus faisnéise; de bhrí nach féidir leis an Aontas leanúint de bheith frithghníomhach agus gan ach an meath ar an staid sa tír a thabhairt faoi deara; de bhrí nach mór di, ina ionad sin, cur chuige réamhghníomhach agus straitéiseach a shaothrú i leith na Seoirsia chun leochaileachtaí na tíre i leith comhéigean seachtrach a laghdú agus chun nascacht réigiúnach a choimirciú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, ó 2022 i leith, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar allmhairí earraí dé-úsáide ón tSeoirsia ó thíortha an Iarthair agus ón tSín; de bhrí go léiríonn an fhianaise staidrimh atá ar fáil go bhfuil an tSeoirsia ag gníomhú mar stát idirthurais, lena n-éascaítear aistriú earraí faoi smachtbhannaí chuig Cónaidhm na Rúise, áit ar féidir iad a úsáid chun trealamh míleata agus airm mhíleata a tháirgeadh; de bhrí, in go leor cásanna, gur féidir neamhrialtachtaí den sórt sin a chur i leith straitéisí d’aon ghnó atá dírithe ar dhul timpeall ar smachtbhannaí idirnáisiúnta arna bhforchur ar an Rúis; de bhrí gur cuireadh ábhair imní thromchúiseacha in iúl maidir le ról na struchtúr rialachais neamhfhoirmiúil agus na ndaoine aonair a bhfuil baint acu le Bidzina Ivanishvili maidir le timpeallacht a éascú atá fabhrach d’imchéimniú smachtbhannaí; de bhrí go bhfuil thart ar 40 000 cuideachta atá faoi úinéireacht shaoránaigh nó eintitis na Rúise ag feidhmiú sa tSeoirsia faoi láthair, ar cláraíodh thart ar 30 000 díobh ó thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine; de bhrí gur minic a bhunaítear cuideachtaí atá i mbun trádála leis an Rúis, lena n-áirítear in earraí atá faoi réir smachtbhannaí, trí struchtúir amach ón gcósta, rud a dhéanann trédhearcacht agus sainaithint úinéireachta tairbhiúla níos casta, lena n-áirítear i ndáil le líonraí gnó a bhaineann le Bidzina Ivanishvili; de bhrí go bhfuil tuarascálacha leanúnacha ann go leanann earraí atá faoi smachtbhannaí, lena n-áirítear feithiclí agus teicneolaíocht, de bheith ag teacht isteach i margadh na Rúise tríd an tSeoirsia;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil tarraingteacht an Aontais mar shamhail den rialachas daonlathach, den fhás eacnamaíoch agus den chomhar riailbhunaithe fós ina phríomhfhoinse inspioráide do shochaí shibhialta na Seoirsia; de bhrí go léiríonn suirbhéanna ar thuairimí an phobail go comhsheasmhach tacaíocht láidir i measc dhaonra na Seoirsia don lánpháirtiú leis an Aontas, agus go léiríonn thart ar 75 % de na saoránaigh tacaíocht do chonair Eorpach na tíre;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil athrú tagtha ar thírdhreach slándála na hEorpa mar gheall ar an gcogadh foghach iomlán atá déanta ag an Rúis in aghaidh na hÚcráine ó 2022 i leith agus gur mhéadaigh sé an tábhacht straitéiseach a bhaineann le méadú an Aontais; de bhrí, ó thús an chogaidh, go raibh baint ag go leor Seoirseach le tacaíocht a thabhairt don Úcráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSeoirsia, agus gur thart ar 22,1 % de thrádáil iomlán na tíre atá i gceist; de bhrí go bhfuil na malartuithe sin á rialú ag an gComhaontú Comhlachais idir an Aontas agus an tSeoirsia agus ag a Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, a tháinig i bhfeidhm go hiomlán in 2016 agus a thugann rochtain fhabhrach do ghnólachtaí na Seoirsia ar mhargadh an Aontais agus ar a níos mó ná 450 milliún tomhaltóir;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur fhógair an Coimisiún an 6 Márta 2026 go raibh taisteal gan víosa á chur ar fionraí aige do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigiúla agus seirbhíse na Seoirsia go dtí mí an Mhárta 2027 ar a laghad mar gheall ar ábhair imní faoi mheath an daonlathais agus an smachta reachta; de bhrí go leanann gnáthshaoránaigh na Seoirsia de thairbhiú de thaisteal gan víosa le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha ar limistéar Schengen i gcomhréir le cinneadh 2017;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Lánpháirtiú na Seoirsia san Aontas Eorpach a chur ar fionraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na Seoirsia, a leanann dá streachailt ar son tSeoirsia Eorpach agus dhaonlathach i bhfianaise cúlú daonlathach, brú faoi chois atá ag dul i méid, gabhálacha neamhdhleathacha, reitric naimhdeach gan staonadh, bréagaisnéise agus bagairtí; á chur i bhfáth go leanann beagnach 75 % de mhuintir na Seoirsia de thacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú breise leis an Aontas; á athdhearbhú go bhfuil doras an Aontais fós oscailte go forleathan do mhuintir na Seoirsia chun filleadh ar an gconair Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór díomá di, nach amháin gur chuir Aisling Sheoirsia cúrsa lánpháirtíochta Eorpaí na Seoirsia ar fionraí ach gur aisiompaigh sí go héifeachtach é; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cúlú i gcur chun feidhme na naoi dtosaíocht uile arbh iad na coinníollacha iad chun stádas mar iarrthóir a thabhairt don tSeoirsia; á thabhairt chun suntais neamhréireacht na n-éileamh ó Aisling Sheoirsia gurb é lánpháirtiú an Aontais an phríomhthosaíocht i gcónaí, agus ag an am céanna go reáchtálann na hoifigigh is airde agus na meáin atá cleamhnaithe leis an rialtas feachtas eagraithe córasach lena scaiptear insintí ionramhála ar stíl na Rúise, bréagaisnéis agus teoiricí comhcheilge in aghaidh an Aontais, a chuid oifigeach agus taidhleoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi, ó thoghcháin pharlaiminteacha mhí Dheireadh Fómhair 2024, go bhfuil Aisling Sheoirsia tar éis dlús breise a chur lena conair i dtreo an údarásaíochais iomláin; á chur in iúl gur cúis díomá di díchóimeáil thapa bhunsraitheanna daonlathacha na Seoirsia trí ionsaithe spriocdhírithe in aghaidh a hinstitiúidí daonlathacha, a saoirsí bunúsacha agus a hiolrachas daonlathach, rud atá go hiomlán ag teacht salach ar an bhforbairt dhaonlathach is gá do bhallraíocht an Aontais; ag teacht le measúnú an Choimisiúin go bhfuil easpa neamhchlaontachta, neamhspleáchais agus maoirseachta daonlathaí ag institiúidí ríthábhachtacha, amhail an Coimisiún Lárnach Toghchán, an Coimisiún Cumarsáide, an Ard-Chomhairle Dlí agus Cirt, an Chúirt Bhunreachtúil, Oifig an Ionchúisitheora, an Banc Náisiúnta, agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus slándála; á chur i bhfáth nach féidir leis an tSeoirsia aon dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas aontachais Eorpach fad is nach bhfillfidh sí ar chonair na n-athchóirithe daonlathacha agus, inter alia, toghcháin shaora, chothroma agus iomaíocha a ráthú, neamhspleáchas na n-institiúidí oifigiúla a chosaint, aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar rialú olagarcach agus feabhas a chur ar chosaint chearta an duine agus shaoirse na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur ionstraim thábhachtach in aghaidh saoirse ó phionós iad smachtbhannaí pearsanta spriocdhírithe arna bhforchur ag an Aontas agus a Bhallstáit in aghaidh Bidzina Ivanishvili, príomhcheannairí Aisling Sheoirsia, breithiúna, ionchúisitheoirí agus oifigigh eile atá freagrach as cúlú daonlathach leanúnach sa tSeoirsia, calaois toghcháin, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus géarleanúint ar lucht freasúra polaitiúil agus ar ghníomhaithe polaitiúla, agus in aghaidh úinéirí comhpháirteacha cuideachtaí agus eagraíochtaí meán atá nasctha le hAisling Sheoirsia; á chur in iúl gur geal léi, in éagmais aontoilíochta ar leibhéal an Aontais, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mBallstát atá tar éis smachtbhannaí aonair a thabhairt isteach in aghaidh oifigigh na Seoirsia; ag tathant ar Bhallstáit eile déanamh amhlaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata láidre ar an Aontas agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí pearsanta spriocdhírithe a thabhairt isteach láithreach in aghaidh Bidzina Ivanishvili, a bhaill teaghlaigh agus a chuideachtaí agus á iarraidh ar an Aontas a shócmhainní a reo agus comhoibriú ar an ábhar sin le dlínsí eile, go háirithe an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cáineadh shaoirse shistéamach na n-oifigeach agus na n-institiúidí atá freagrach as cos ar bolg polaitiúil, ciapadh iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine, agus géarleanúint ar dhaoine ón bhfreasúra; ag cur béim ar an bhfíoras nach leor freagairt an Aontais go dtí seo agus gur cuireadh moill uirthi i bhfianaise dlús a bheith á chur leis an gcomhdhlúthú forlámhach sa tSeoirsia; ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit bearta sriantacha comhordaithe uile-Aontais a ghlacadh go práinneach in aghaidh na bpolaiteoirí, na n-oifigeach agus na gcumasóirí freagracha uile, lena n-áirítear leathnú na liostaí smachtbhannaí, reo cuimsitheach sócmhainní agus toirmisc ar víosaí lena ndírítear orthu sin atá freagrach as gabháil stáit, cur faoi chois agus bolscaireacht atá urraithe ag an réimeas; ag tathant ar Rialtas inteachta na hUngáire deireadh a chur leis an imshuí a d’fhorchuir a réamhtheachtaí ar smachtbhannaí spriocdhírithe uile-Aontais in aghaidh Ivanishvili agus in aghaidh cheannaireacht níos leithne Aisling Sheoirsia; á iarraidh ar an gComhairle sásraí comhchoiteanna a fhiosrú nuair nach féidir aontoilíocht a bhaint amach chun freagairt éifeachtach agus aontaithe ón Aontas a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cúlú leanúnach maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta agus comhdhlúthú uathlathach na cumhachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon bheart déanta ag Aisling Sheoirsia chun a cúrsa frithdhaonlathach agus frith-Eorpach a aisiompú; á mheas gur cheart go mbeadh rannpháirtíocht le húdaráis na Seoirsia ag brath go docht ar chéimeanna inláimhsithe agus infhíoraithe a thabhairt chun cúlú daonlathach, cos ar bolg, srianta agus bréagaisnéis fhíochmhar frith-Aontais i stíl na Rúise a aisiompú; á áitiú, dá bhrí sin, na seasaimh a bhí aici roimhe seo maidir le neamhaitheantas dhlisteanacht na parlaiminte agus an Uachtaráin arna cheapadh aici; á chur in iúl gur oth léi gur parlaimint aonpháirtí <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> í parlaimint na Seoirsia atá ag glacadh gan cheist le tionscnaimh reachtacha atá dírithe ar bhunchlocha daonlathais pharlaimintigh iolraíoch a dhíchóimeáil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur dhearbhaigh parlaimint de facto na Seoirsia go bhfuil sí ag tarraingt siar go sealadach ó Thionól Parlaiminteach EuroNest;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar ionadaithe an Aontais agus na mBallstát agus ar chomhaltaí parlaiminte staonadh ó chruinnithe a thionól le hionadaithe an réimis, ag tosú leis an uachtarán de facto atá ann faoi láthair, fad a leanfaidh údaráis na Seoirsia dá gcúlú daonlathach agus dá gcos ar bolg; á iarraidh ar na Ballstáit cur chuige aontaithe agus comhordaithe a chomhdhlúthú maidir le teagmhálacha polaitiúla le húdaráis Aisling Sheoirsia a theorannú d’ábhair a bhfuil géarghá leo, agus rannpháirtíocht le sochaí shibhialta, meáin neamhspleácha agus institiúidí acadúla na Seoirsia á coinneáil ar bun agus á neartú ag an am céanna; ag cáineadh na reitrice ionsaithí gan staonadh in aghaidh thaidhleoirí, pholaiteoirí agus oifigigh an Aontais agus na mBallstát; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint de noirm Eorpacha, luachanna daonlathacha agus an chonair Eorpach a chur chun cinn i measc dhaonra agus fhórsaí polaitiúla na Seoirsia atá tiomanta do phrionsabail dhaonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an reitric ionsaitheach in aghaidh na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus comhghuaillithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Seoirsia coimircí státseirbhíse atá bunaithe ar fhiúntas a athbhunú, cosaint dlí éifeachtach in aghaidh dífhostuithe arb í an pholaitíocht is cúis leo a athbhunú agus cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun rochtain a fháil ar fhaisnéis phoiblí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go ndearna tromlach pháirtithe an fhreasúra baghcat ar thoghcháin bhardasacha an 4 Deireadh Fómhair 2025, rud a léiríonn an mhímhuinín dhomhain atá ag tromlach na sochaí i neamhspleáchas an phróisis toghcháin; á chur in iúl gur oth léi gur neartaigh na leasuithe ar Chód Toghcháin na Seoirsia a rinneadh i mí na Nollag 2024 agus mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2025 ceannasacht an pháirtí rialaithe a thuilleadh agus gur thug siad isteach srianta nua ar chlárú do bhreathnóirí áitiúla, do na meáin agus d’ábhair thoghchánacha; á athdhearbhú go ndearna údaráis na Seoirsia neamhaird ar iarrataí ó Choimisiún na Veinéise na hathruithe a rinneadh in 2024 a aisghairm; á chur i bhfáth go ndearna an easpa misean breathnóireachta ó ESCE/an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine mar gheall ar chuireadh déanach agus ó eagraíochtaí breathnóirí áitiúla mar gheall ar shrianta difear tromchúiseach do thrédhearcacht an phróisis toghcháin agus d’inchreidteacht a thorthaí; á iarraidh an athuair go mbeadh timpeallacht toghcháin níos fearr ann arna bunú ag riarachán toghcháin neamhspleách agus neamhchlaonta, le haghaidh toghcháin amach anseo faoi bhreathnóireacht dhícheallach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta agus náisiúnta (ENRanna); á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an leasú ar Chód Toghcháin mhí na Nollag 2025 lena gcuirtear toirmeasc ar shaoránaigh na Seoirsia vótáil ón gcoigríoch; á chur i bhfáth gur ceart bunreachtúil bunúsach de gach saoránaigh é rannpháirtíocht i dtoghcháin agus nach mór é a bheith indéanta gan beann ar áit chónaithe an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cáineadh gur glacadh reachtaíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus atá ag éirí níos sriantaí arb é is aidhm di é a dhéanamh beagnach dodhéanta do thacaíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear acmhainní airgeadais, dul i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta agus leis na meáin, agus iad a bhaint d’aon chistiú neamhspleách; á thabhairt chun suntais na leasuithe is déanaí ar an Dlí maidir le Deontais, a tháinig i bhfeidhm an 5 Márta 2026, lena leathnaítear go suntasach raon feidhme an mhéid a mheastar a bheith ina ‘dheontas’ agus lena ndéantar cion coiriúil inphionóis le príosúnacht suas le 6 bliana de dheontais nó de chistiú a fháil ón gcoigríoch gan údarú rialtais roimh ré; ag tabhairt dá haire gur sárú díreach é sin ar an gComhaontú Comhlachais idir an Aontais agus an tSeoirsia; á iarraidh go ndéanfaí fondúireachtaí polaitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí forbartha a chosaint; á mheabhrú d’údaráis na Seoirsia go mbeidh iarmhairtí díreacha mar thoradh ar aon chiapadh ar eagraíochtaí Bhallstáit an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go leanann na leasuithe sin na leasuithe a rinneadh ar an Dlí maidir le Deontais a glacadh i mí Aibreáin 2025, lenar laghdaíodh go suntasach cheana féin roghanna maidir le tacaíocht airgeadais idirnáisiúnta agus lenar tugadh isteach an ceanglas ar dheontóirí idirnáisiúnta réamhcheadú a lorg le haghaidh deontas ó údaráis stáit agus faireachán sriantach agus dliteanas riaracháin pionósach d’fhaighteoirí, arb é is aidhm dóibh eagraíochtaí a dhíspreagadh ó ghlacadh le cúnamh idirnáisiúnta, lena n-áirítear cistiú ón Aontas; á chur i bhfáth gur féidir leis an sainmhíniú leathan ar ‘dheontas’ idirbhearta fadréimseacha atá faoi réir formheas roimh ré a chumhdach agus gur féidir leis sprioc fhéideartha ghéarleanúna ag an rialtas a dhéanamh d’aon saoránach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil toirmeasc ocht mbliana ar bhallraíocht páirtí d’aon duine a bhí fostaithe riamh ag eagraíocht a bhí ag brath ar chistiú eachtrach, rud a chuir cosc ar líon mór daoine aonair atá gníomhach go sóisialta páirt a ghlacadh i bpolaitíocht an pháirtí; ag tathant go láidir ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun na meáin neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá fágtha sa tSeoirsia a chosaint agus a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag páirtí rialaithe Aisling Sheoirsia an freasúra polaitiúil a ghéarleanúint, lena n-áirítear trí ghabháil agus coinneáil neamhdhleathach, bagairtí agus ionsaithe fisiciúla; ag cáineadh phríosúnacht na bhfreasúróirí polaitiúla as diúltú láithriú os comhair Choimisiún Imscrúdaitheach Sealadach pharlaimint de facto na Seoirsia, a d’úsáid Aisling Sheoirsia mar chineál triail bhréige pholaitiúil arb é is aidhm di an bealach a réiteach chun géarleanúint bhreise a dhéanamh ar lucht freasúra polaitiúil agus chun cosc a chur ar pháirtithe freasúra; á chur i bhfáth go bhfuil príosúnaigh pholaitiúla ar neamhréir le hoibleagáidí na Seoirsia faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia; á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll iad sin go léir atá i bpríosún ar fhorais pholaitiúla, lena n-áirítear polaiteoirí an fhreasúra agus iaroifigigh; ag tabhairt dá haire gur thug an t-uachtarán de facto pardún do bheirt pholaiteoirí ón bhfreasúra roimh na toghcháin bhardasacha chun cosúlacht na dtoghchán iomaíoch a áirithiú; ag athdhearbhú go láidir a héilimh go scaoilfear saor láithreach an t-iar-Uachtarán Mikheil Saakashvili ar fhorais dhaonnúla chun an chóir leighis is gá a lorg thar lear; á iarraidh, thairis sin, ar údaráis Aisling Sheoirsia a áirithiú go dtabharfar rochtain gan bhac d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa ar Mikheil Saakashvili agus ar phríosúnaigh pholaitiúla eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire, d’ainneoin pléadáil chiontach agus fianaise phoiblí inchreidte ar éilliú a bheith ann, gur cúis mhór imní é príosúnacht an iar-Phríomh-Aire Irakli Gharibashvili i dtaobh ar chomhlíon na himeachtaí caighdeáin maidir le triail chóir; á chur i bhfáth go léiríonn an cás ábhair imní níos leithne maidir le ceartas a raibh tionchar polaitiúil aige, struchtúir chumhachta neamhfhoirmiúla agus rannáin inmheánacha laistigh de pháirtí rialaithe Aisling Sheoirsia, lena n-áirítear ról Bidzina Ivanishvili;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Seoirsia sásraí cuntasachta neamhspleácha a chur chun feidhme, neamhchlaontacht bhreithiúnach a áirithiú, agus déantóirí mí-úsáidí ar chúiseanna polaitiúla a bheith freagrach i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú cuimsitheach ar Ard-Chomhairle an Cheartais i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise, lena n-áirítear téarmaí seasta neamh-inathnuaite, nósanna imeachta ceapacháin trédhearcacha agus seiceálacha urghnácha sláine a thabhairt isteach do shealbhóirí oifige breithiúnacha sinsearacha le rannpháirtíocht fhóinteach saineolaithe idirnáisiúnta, chun neamhspleáchas breithiúnach agus muinín an phobail as na breithiúna a neartú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis díomá di, gur díscaoileadh an Biúró Frith-Éillithe a bunaíodh in 2022, a bhí ar cheann de phríomhcheanglais an Aontais chun stádas mar iarrthóir a dheonú don tSeoirsia; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia an nós imeachta ceapacháin do phost an Phríomh-Ionchúisitheora a leasú trí thromlach parlaiminteach cáilithe a éileamh, agus an Dlí maidir le hOifig an Ionchúisitheora a ailíniú le caighdeáin Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant ar Chosantóir Poiblí na Seoirsia dlús a chur le forghníomhú a shainordaithe agus úsáid a bhaint as na sásraí uile atá ar fáil chun cearta an duine a choimirciú, agus dul i mbun idirphlé cuiditheach agus comhair le cosantóirí chearta an duine agus leis an tsochaí shibhialta sa tSeoirsia ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cosc a chur ar aon chur i bhfeidhm roghnaitheach a shainordaithe, dá dtagraítear i dTuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an tSeoirsia; á thabhairt chun suntais go bhfuil údarás ar leith ag an gCosantóir Poiblí tuairimí reachtacha a iarraidh ar ESCE/an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine maidir le reachtaíocht fhorlámhach nó neamhdhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le dí-olagarcú agus á iarraidh ar údaráis na Seoirsia cur chuige sistéamach a ghlacadh i gcomhréir le moltaí ábhartha Choimisiún na Veinéise, lena n-áirítear trí cheanglais trédhearcachta neartaithe, rialacha éifeachtacha coinbhleachta leasa agus coimircí in aghaidh tionchar míchuí ar chinnteoireacht pholaitiúil agus eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cáineadh go láidir iarrachtaí údaráis na Seoirsia cosc a chur ar pháirtithe freasúra; á iarraidh ar na húdaráis stop a chur láithreach leis na hiarrachtaí sin agus an cás dlí bunreachtúil arna chomhdú ag 88 gcomhalta de pharlaimint de facto na Seoirsia a tharraingt siar, á iarraidh go ndearbhófaí go bhfuil gníomhaíochtaí trí mhórpháirtí freasúra – an Ghluaiseacht Náisiúnta Aontaithe, an Chomhghuaillíocht um Athrú agus an chomhghuaillíocht Láidir idir an tSeoirsia agus Leló – míbhunreachtúil agus go ndéanfaí a gclárú a chúlghairm; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin ina mbagairt chontúirteach ar bhunphrionsabail dhaonlathacha agus ar iolrachas polaitiúil; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hiomaíocht chothrom agus shaor idir páirtithe polaitiúla éagsúla chun daonlathas sláintiúil a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór díomá di gur tugadh isteach airteagal nua le déanaí sa Chód Coiriúil lena gcuirtear toirmeasc ar cháineadh ‘poiblí agus córasach’ na n-údarás nó ar cheistiú a ndlisteanachta, chomh maith le ‘aon ghníomhaíocht phoiblí agus chórasach eile ag an duine céanna’, atá fós oscailte d’ateangaireacht ach lena bhforáiltear fós do phríosúnacht suas le trí bliana; á thabhairt chun suntais go gceadaítear leis sin coiriúlú de facto a dhéanamh ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus á iarraidh ar an rialtas an dlí sin a shéanadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cniogbheartaíocht ar shaoirsí sibhialta agus ar chearta bunúsacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil roinnt gníomhartha reachtacha glactha cheana féin ag Aisling Sheoirsia arb é is aidhm dóibh srian a chur leis an tsochaí shibhialta agus leis na meáin neamhspleácha agus srian a chur le hiolrachas, amhail an tAcht um Chlárú Gníomhairí Eachtracha, leasuithe sriantacha ar an Dlí Craolacháin, an Dlí maidir leis an tSeirbhís Phoiblí, an Dlí maidir le Tionóil agus Forógraí, agus forálacha níos déine sa Chód Coiriúil agus sa Chód um Chionta Riaracháin; ag cáineadh, go háirithe, bearta reachtacha lena méadaítear fíneálacha faoi chóid riaracháin, a bhfuil príosúnacht agóideoirí nach bhfuil in ann na fíneálacha sin a íoc mar thoradh orthu níos mó; ag athdhearbhú a hiarrata gach príosúnach polaitiúil agus gach duine eile atá faoi choinneáil neamhdhleathach a scaoileadh saor gan mhoill; ag tabhairt rabhaidh gur céim eile i dtreo a bheith ina réimeas forlámhach iad iarrachtaí Rialtas na Seoirsia sochaí shibhialta bhríomhar na Seoirsia a chlaochlú ina timpeallacht atá rialaithe go docht ag eagraíochtaí atá ailínithe leis an rialtas; á mheabhrú go gcóipeálann formhór na ndlíthe sin na forbairtí luatha faoi réimeas ollsmachtach Putin sa Rúis; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia na gníomhartha reachtacha sin a aisghairm mar chéim inbhraite siar i dtreo a conaire i dtreo an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cáineadh na híde táirí agus mídhaonna a tuairiscíodh a tugadh do Elene Khoshtaria le linn a coinneála; á éileamh go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll í agus go dtarraingeofaí siar láithreach cúisimh pholaitiúla ina coinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di mí-úsáid leanúnach na coinneála riaracháin in aghaidh agóideoirí agus gníomhaithe; tugann sí dá haire breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i gcás Mekvabishvili v. an tSeoirsia, a chinn gur bhain spleáchas ar fhianaise phóilíneachta amháin gan fianaise neamhspleách an bonn de ráthaíochtaí cóirthrialach agus gur rannchuidigh sé le smachtbhannaí díréireacha a fhorchur in aghaidh léirsitheoirí síochánta; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia a nósanna imeachta maidir le cion riaracháin a athchóiriú chun iad a thabhairt i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cáineadh tuarascálacha inchreidte maidir le húsáid iomarcach fornirt, céastóireachta agus drochíde in aghaidh agóideoirí agus daoine atá á gcoinneáil, lena n-áirítear torthaí le déanaí ón gCoiste Eorpach chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc ina ndéantar líomhaintí maidir le mí-úsáid póilíní agus easnaimh chórasacha i gcoimircí agus i gcuntasacht a dhoiciméadú; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia imscrúduithe prasa, neamhspleácha agus éifeachtacha a áirithiú, iad sin atá freagrach a ionchúiseamh, agus moltaí um an Coiste Eorpach chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc a chur chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cáineadh threocht mhéadaitheach ghníomhairí forfheidhmithe dlí na Seoirsia a úsáideann drochíde ó bhéal agus drochíde fhisiciúil in aghaidh agóideoirí, bagairtí éignithe agus foréigin inscnebhunaithe eile agus nochtchuardacha neamhdhleathacha mar chuid d’fheachtas chun imeaglú a dhéanamh ar easaontóirí, go háirithe agóideoirí ban, agus cearta daonna na Seoirsia chun saoirse tuairimí a nochtadh agus chun saoirse comhthionóil shíochánta a shrianadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cáineadh reachtaíocht a glacadh lena bhforáiltear do choinneáil uathoibríoch agus d’fhorchur pionós coiriúil ina dhiaidh sin, lena n-áirítear príosúnacht suas le bliain amháin, do dhaoine aonair a dhéanann agóid shíochánta ar chosáin agus ar limistéir coisithe; á chur i bhfios go láidir gur ionstraimí diansmachtúla iad na bearta sin atá beartaithe chun easaontú chun críoch polaitiúil a chur faoi chois; á chur in iúl gur saoth léi daoine aonair a bheith á gcoinneáil go minic chun a dtuairimí a roinnt ar na meáin shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na líomhaintí go bhféadfadh sé gur úsáideadh oibreán ceimiceach toirmiscthe sa tSeoirsia in aghaidh daoine aonair i gcomhthéacs agóidí; á chur i bhfáth, má dheimhnítear é, go mbeadh úsáid aon oibreáin cheimicigh in aghaidh sibhialtach ina sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine, ar noirm dhaonnúla idirnáisiúnta agus ar oibleagáidí na Seoirsia faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear toirmeasc ar airm cheimiceacha; á chur in iúl gur saoth léi an t-imscrúdú neamhleor a rinne údaráis na Seoirsia ar an ábhar sin; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú idirnáisiúnta láithreach, neamhspleách agus trédhearcach ar na líomhaintí sin; á iarraidh go ndéanfadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha scrúdú agus ag tathant ar na Ballstáit an cás sin a tharchur le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an sárú córasach ar chearta an duine sa tSeoirsia agus an t-idirdhealú in aghaidh grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine LGBTIQ+; á chur i bhfáth go bhfuil na sáruithe sin ar neamhréir le hoibleagáidí na Seoirsia faoin gComhaontú Comhlachais idir an Aontais agus an tSeoirsia agus faoi chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia seasamh leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, chun saoirse comhthionóil, chun comhlachais agus chun rannpháirtíochta polaitiúla, agus chun sábháilteacht agus cosaint chosantóirí agus ghníomhaithe uile chearta an duine, agus leigheasanna éifeachtacha dlí dóibh, a áirithiú; á iarraidh go láidir ar an Aontais agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na sáruithe sin, tacaíocht agus cosaint a chur ar fáil do dhaoine aonair atá i mbaol, agus an dul chun cinn atá déanta maidir le cúnamh, comhar agus aontachas an Aontais a nascadh le feabhsuithe nithiúla ar chosaint chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tathant ar pharlaimint de facto na Seoirsia an Dlí maidir le Luachanna Teaghlaigh agus Cosaint Mionaoiseach a chealú, a sáraíonn a forálacha cearta an duine go mór, lena n-áirítear na cearta chun comhionannais, chun neamh-idirdhealaithe, chun oideachais, chun sláinte, chun saoirse tuairimí a nochtadh, chun comhthionóil shíochánta agus chun comhlachais, chomh maith le príobháideachas, saoirse agus slándáil; á chur in iúl go bhfuil sí ag seasamh le pobal LGBTIQ+ na Seoirsia agus go bhfuil tuairimí aici a bhfuil déistin uirthi maidir le coibhéis bhréagach an dlí idir caidrimh chomhghnéis chomhthoiliúla agus ciorrú coil; á mheabhrú gur réitigh dlíthe comhchosúla sa Rúis faoi réimeas Putin an bealach do mhionlaigh a chur faoi chois go fairsing agus, ar deireadh, d’atmaisféar imeaglaithe agus idirdhealaithe sa Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid i réigiún Chiatura na Seoirsia mar thoradh ar mhianadóireacht mangainéise do mhargadh an Aontais agus á iarraidh go gcuirfí Treoir maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta (TDCCI) chun feidhme, ós rud é go bhfuil freagracht ar an Aontas as folláine na gcónaitheoirí áitiúla agus as cosaint an chomhshaoil a ndéanann an damáiste a dhéantar difear dó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí in aghaidh an chúlaithe ar dhlíthe saothair agus ar chearta saothair sa tSeoirsia, mar a fheictear i leasuithe 2024 ar an Dlí maidir leis an tSeirbhís Phoiblí; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia cloí le caighdeáin dhlí an tsaothair agus staonadh ó chearta saothair a shrianadh; á mheabhrú go n-áirítear in <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais ailíniú le coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, le Cairt Shóisialta na hEorpa agus le reachtaíocht an Aontais maidir le dálaí oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gníomhachtú Shásra Mhoscó, mar a thugtar air, ag ESCE ar thionscnamh 24 Stát rannpháirteacha, lenar cuireadh deis ar fáil misean saineolaithe a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme ghealltanais ESCE ag an tSeoirsia, go háirithe maidir le staid chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ó earrach 2024 i leith; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia dul i dteagmháil go substainteach lena torthaí agus a moltaí a chur chun feidhme laistigh de sprioc-amanna soiléire, lena n-áirítear maidir le daoine a choinnítear ar chúiseanna polaitiúla a scaoileadh saor, reachtaíocht atá ar neamhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta a aisghairm, agus cuntasacht as drochíde; á chur i bhfáth, i gcás ina mainneodh na húdaráis céimeanna nithiúla agus infhíoraithe a ghlacadh chun a moltaí a chur chun feidhme, gur cheart do na Stáit rannpháirteacha agus d’institiúidí idirnáisiúnta ábhartha machnamh a dhéanamh ar bhearta leantacha iomchuí chun cuntasacht a áirithiú, lena n-áirítear smachtbhannaí spriocdhírithe agus úsáid sásraí dlíthiúla idirnáisiúnta ábhartha; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais atá rannpháirteach in ESCE tacú go gníomhach le síneadh a chur le sainordú an mhisin, i bhfianaise na sáruithe córasacha agus dea-dhoiciméadaithe a éilíonn measúnú neamhspleách cuimsitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an rún ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair 2025 ina n-iarrtar ar chomhlachtaí Chomhairle na hEorpa ‘gach modh atá ar fáil a úsáid’, lena n-áirítear Airteagal 52 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus iarratais idirstáit chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine faoi Airteagal 33 de, chun a áirithiú go seasfaidh an tSeoirsia lena hoibleagáidí mar Bhallstát de Chomhairle na hEorpa; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus ar Bhallstáit Chomhairle na hEorpa machnamh a dhéanamh ar an moladh sin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cáineadh go láidir ról eagraíochtaí meán atá ailínithe le hAisling Sheoirsia, lena n-áirítear Imedi TV, PosTV agus Rustavi 2 TV, maidir le bréagaisnéis chórasach, feachtais chlúmhillte agus bolscaireacht naimhdeach in aghaidh an Aontais agus a institiúidí agus a ionadaithe a scaipeadh, go háirithe Ceann Thoscaireacht an Aontais chun na Seoirsia agus taidhleoirí Bhallstáit an Aontais; ag tabhairt dá haire gur chinn an Ríocht Aontaithe le déanaí smachtbhannaí a fhorchur in aghaidh Imedi TV agus PosTV; á iarraidh ar institiúidí an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar chreidiúnú na n-eagraíochtaí meán sin laistigh d’institiúidí an Aontais agus ag spreagadh Bhallstáit an Aontais sampla na Ríochta Aontaithe a leanúint agus bearta sriantacha iomchuí agus comhréireacha a ghlacadh in aghaidh daoine aonair agus eintitis atá freagrach as na feachtais bhréagaisnéise sin a eagrú agus a mhaoiniú, lena n-áirítear faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine; á iarraidh go n-áireofaí comhaltaí cheannaireacht Choimisiún Cumarsáide Náisiúnta na Seoirsia agus Chraoltóir Poiblí na Seoirsia ar liosta smachtbhannaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an brú a chuirtear ar na meáin neamhspleácha agus na himeachtaí dlíthiúla a thionscnaítear ina aghaidh; ag cur béim ar an bhfíoras gur réamhriachtanais bhunriachtanacha iad iolrachas na meán agus sábháilteacht iriseoirí do shochaí dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, athchóirithe a rinneadh le déanaí in earnáil oideachais na Seoirsia ar cosúil go ndéanann siad rialú ar institiúidí acadúla a lárú, saoirse acadúil agus neamhspleáchas ollscoile a lagú agus bac a chur ar chomhtháthú na Seoirsia le córas ardoideachais na hEorpa; ag tabhairt rabhadh faoi bhearta atá dírithe ar struchtúr agus fad na gclár acadúil a athrú agus ar an bprionsabal ‘cathair amháin, dámh amháin’ a thabhairt isteach, lena gcuirtear teorainn leis an raon disciplíní a chuireann ollscoileanna aonair ar fáil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an brú rialála a chuirtear ar institiúidí amhail Ollscoil Stáit Ilia tar éis dóibh tacaíocht phoiblí a thabhairt d’agóidí mac léinn, agus go leathnaítear tacaíocht d’institiúidí príobháideacha a bhfuil baint acu le figiúirí atá gar don scothaicme rialaithe; á chur i bhfáth go dtugann saineolaithe oideachais neamhspleácha rabhadh go bhfuil an baol ann go laghdóidh éifeacht charnach na mbeart sin iolrachas acadúil agus go ndéanfar polaitiú breise ar an gcóras ardoideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na líonraí eagraithe calaoiseacha lárionad glaonna a oibríonn ón tSeoirsia, go háirithe iad sin atá dírithe ar shaoránaigh an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur tugadh le fios in imscrúduithe iriseoirí idirnáisiúnta go dtugann oifigigh ardleibhéil d’Aisling Sheoirsia cosaint do na líonraí camscéimeanna sin mar mhalairt ar chúiteamh airgeadais, rud a chabhraíonn leo smachtbhannaí eacnamaíocha a sheasamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin taisteal gan víosa a chur ar fionraí do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse agus oifigiúla na Seoirsia, a bhfuil feidhm aige ón 6 Márta 2026 ar fud Bhallstáit uile an Aontais faoin sásra fionraíochta víosaí athbhreithnithe agus níos solúbtha a tháinig i bhfeidhm an 30 Nollaig 2025, mar thoradh díreach ar ghníomhaíochtaí réimeas Aisling Sheoirsia a sháraíonn luachanna bunúsacha; ag spreagadh na mBallstát scagadh críochnúil a dhéanamh, trí agallamh a dhéanamh agus doiciméid tacaíochta a iarraidh ar na hiarratasóirí sin ar víosaí, agus víosaí a dhiúltú má tá aon amhras ann faoi iontaofacht na faisnéise a chuireann siad ar fáil; á chur in iúl gur oth léi nach rabhthas in ann toirmisc ar víosaí ar fud an Aontais a chur ar oifigigh na Seoirsia atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cúlú daonlathach agus as cos ar bolg mar gheall ar fhreasúra ó Rialtais na hUngáire agus na Slóvaice; ag tabhairt dá haire go dtugtar chun suntais san ochtú tuarascáil maidir leis an sásra fionraíochta víosaí easpa comhlíontachta na Seoirsia le príomhthagarmharcanna agus le moltaí roimhe seo; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh fionraí taistil gan víosa don daonra ar fad a bheith mar thoradh ar neamhghníomhaíocht leanúnach ag údaráis na Seoirsia, a mbeadh Aisling Sheoirsia lánfhreagrach ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra a bhunú lena bhféadfaidh gníomhaithe na sochaí sibhialta, iriseoirí agus mic léinn leanúint de rochtain gan víosa a bheith acu ar an Aontas, agus tacaíocht dhíreach a mhéadú do chláir mhalartaithe duine le duine amhail Erasmus +, Fís Eorpach, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt chun suntais, leis an easpa taighde acadúil chríochnúil, an easpa oideachas stairiúil agus an easpa feasacht phoiblí a bhaineann le forghabháil na Sóivéide agus a hiarmhairtí fadtéarmacha, go gcumasaítear scaipeadh na bhfeachtas bréagaisnéise agus ionramhála stairiúla, a mbaineann Cónaidhm na Rúise dúshaothrú astu chun an bonn a bhaint ó ardmhianta Eora-Atlantacha shochaí na Seoirsia; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá taighde acadúil, doiciméadacht agus scaipeadh eolais faoi stair na Seoirsia faoin bhforghabháil Shóivéadach, lena n-áirítear an cur faoi chois polaitiúil, ollbhásuithe agus stair na frithbheartaíochta i gcoinne fhorghabháil Shóivéadach-Rúiseach, chomh maith leis na himeachtaí sin a athbhunú sa chuimhne chomhchoiteann; á chur in iúl gur oth léi, le blianta beaga anuas, le toiliú éighníomhach na n-údarás ar a laghad, go ndearnadh iarrachtaí chun beag is fiú a dhéanamh de choireanna cumannacha agus chun an próiseas de ‘dhí-Stailíniú’ a aisiompú; ag cur béim, ina leith sin, ar an ról tábhachtach atá ag staraithe neamhspleácha, ag taighdeoirí agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail SovLab, maidir le staidéar a dhéanamh ar fhorghabháil na Sóivéide, ar a hiarmhairtí polaitiúla, dlíthiúla agus morálta, chomh maith le suíomhanna adhlactha íospartaigh an sceimhle chumannaigh a shainaithint agus a áirithiú go ndéanfaí sainaithint agus comóradh díniteach ar na híospartaigh sin; ag spreagadh na n-institiúidí ábhartha sna Ballstáit atá i mbun iarmhairtí fhorghabháil na Sóivéide, coireanna cumannacha agus réimis ollsmachtacha eile a dhoiciméadú, comhar lena gcontrapháirtithe sa tSeoirsia a dhoimhniú, tacú le tionscadail chomhpháirteacha taighde, agus páirt a ghlacadh i gcláir agus i dtionscnaimh oideachais atá dírithe ar eolas faoin gcaibidil seo de stair na Seoirsia a nochtadh, a dhoiciméadú agus a scaipeadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bac córasach ar rochtain ar chartlanna a bhaineann leis an gcos ar bolg agus na coireanna a rinneadh le linn thréimhse fhorghabháil na Sóivéide; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia rochtain iomlán, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar chartlanna a bhaineann leis an tréimhse Shóivéadach a áirithiú do scoláirí, do thaighdeoirí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ailíniú maidir le hábhair a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus slándála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil laghdú breise tagtha ar leibhéal ailínithe na Seoirsia le ráitis ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus le cinntí ón gComhairle maidir le smachtbhannaí ó 53 % in 2024 go 40 %, rud a léiríonn a heaspa tiomantais do lánpháirtiú na hEorpa; á chur in iúl gur cúis mhór díomá di nach ndearna an tSeoirsia ailíniú córasach le tionscnaimh idirnáisiúnta agus tionscnaimh an Aontais chun tacú leis an Úcráin, lena n-áirítear maidir le rúin a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Comhairle na hEorpa, agus gur neartaigh sí a caidreamh leis an Rúis ina ionad sin agus gur thacaigh sí le hinsintí na Rúise arb é is aidhm dóibh an fhreagracht as an gcogadh foghach agus as na coireanna a rinne an Rúis a aistriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an dlúthpháirtíocht láidir atá léirithe ag muintir na Seoirsia i leith na hÚcráine le linn chogadh foghach na Rúise, lena léirítear freasúra poiblí forleathan in aghaidh bheartais impiriúlacha na Rúise, taithí na tíre féin ar fhogha míleata na Rúise, agus toil láidir na ndaoine a neamhspleáchas a chaomhnú agus fanacht lasmuigh de réimse tionchair Mhoscó; á chur i bhfios gur throid go leor saorálaithe Seoirseacha in éineacht le fórsaí armtha na hÚcráine, go háirithe i Léigiún na Seoirsia, agus gur ghlac sochaí shibhialta na Seoirsia páirt i bhfeachtais cabhrach daonnúla chun tacú leis an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt dá haire nach bhfuil an tSeoirsia ailínithe fós le formhór mór na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise, na Bealarúise agus na hIaráine; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia bearta infhíoraithe a ghlacadh agus comhar agus faireachán custaim a neartú chun cosc a chur ar chríoch na Seoirsia agus/nó ar eintitis dhlítheanacha atá cláraithe sa tSeoirsia a úsáid chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais; á mheas gur léir nach leor leibhéal reatha na n-iarrachtaí ailínithe agus forfheidhmithe agus go bhfuil sé ar neamhréir le freagrachtaí tíre is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le gníomhaíocht níos cinntithí, lena n-áirítear ailíniú iomlán le bearta sriantacha an Aontais, sásraí éifeachtacha faireacháin agus forfheidhmithe, agus comhar trédhearcach le hinstitiúidí an Aontais chun imghabháil smachtbhannaí a chosc, lena n-áirítear maidir le hearraí dé-úsáide, onnmhairí ola agus sreafaí airgeadais atá nasctha le heintitis na Rúise agus na hIaráine; ag tabhairt rabhaidh go mbeidh iarmhairtí díreacha ag mainneachtain leanúnach ailíniú a dhéanamh le beartas eachtrach agus córas smachtbhannaí an Aontais ar phróiseas aontachais na Seoirsia leis an Aontas; á iarraidh ar an Aontais agus ar a Bhallstáit leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na Seoirsia le córas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear rioscaí maidir le teacht timpeall ar smachtbhannaí trí chríoch na Seoirsia nó trí eintitis atá cláraithe sa tSeoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an Aontais agus ar a Bhallstáit gníomhaíocht phráinneach agus chinntitheach a dhéanamh chun stop a chur le himchéimniú córasach smachtbhannaí an Aontais ag an Rúis arna éascú ag údaráis na Seoirsia, lena n-áirítear trí shásra faireacháin tiomnaithe an Aontais a bhunú chun sreafaí trádála earraí dé-úsáide ardtosaíochta agus comhpháirteanna eitlíochta atá ar idirthuras tríd an tSeoirsia a rianú; á iarraidh, thairis sin, ar údaráis na Seoirsia comhoibriú go hiomlán leis na hiarrachtaí sin agus tuarascálacha rialta, trédhearcacha a fhoilsiú maidir leis na sreafaí trádála sin chun forfheidhmiú custaim a neartú agus cosc a chur ar thuilleadh imghabhála smachtbhannaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as calafoirt na Seoirsia, as bonneagar scagtha agus as saoráidí láimhseála ola chun athonnmhairiú nó cumasc tháirgí peitriliam na Rúise a éascú chun dul timpeall ar chórais smachtbhannaí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí go bhfuil amhola na Rúise á seoladh chuig scaglann Kulevi nuathógtha agus páirtmhaoinithe ag an stát ar chósta na Mara Duibhe; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia aon ghníomhaíochtaí den sórt sin a stopadh agus a chosc láithreach agus a áirithiú nach n-úsáidfear bonneagar na Seoirsia chun teacht timpeall ar smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis a éascú; ag tabhairt dá haire nár áiríodh Críochfort Ola Kulevi sa 20ú pacáiste smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise bunaithe ar ghealltanais ó údaráis na Seoirsia agus ó oibreoir an chríochfoirt go gcomhlíonfadh siad smachtbhannaí an Aontais go docht; á iarraidh go n-áireofaí é i smachtbhannaí amach anseo mura gcomhlíonann údaráis na Seoirsia agus oibreoirí an chríochfoirt smachtbhannaí an Aontais go docht; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an Aontas agus comhpháirtithe idirnáisiúnta chun forfheidhmiú iomlán na mbeart sriantach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid, measúnú a dhéanamh ar chreat dlíthiúil agus rialála na Seoirsia, lena n-áirítear forálacha Chód Cánach na Seoirsia a d’fhéadfadh úsáid cuideachtaí atá cláraithe amach ón gcósta a éascú agus úinéireacht thairbhiúil a cheilt, agus ar an gcaoi sin imchéimniú smachtbhannaí agus sciúradh airgid a chumasú; á iarraidh go ndéanfaí faireachán agus grinnscrúdú feabhsaithe ar chuideachtaí atá cláraithe sa tSeoirsia atá faoi úinéireacht nó faoi rialú shaoránaigh nó eintitis na Rúise, go háirithe iad sin a bunaíodh ó mhí Feabhra 2022; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia oifig um aisghabháil sócmhainní, oifig bainistithe sócmhainní agus clár d’úinéirí tairbhiúla deiridh a bhunú chun coimircí frithsciúrtha airgid a neartú agus chun an riosca go dtiocfaí timpeall ar smachtbhannaí a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis di bealach an lánpháirtithe Eora-Atlantaigh a thréigean, go bhfuil Aisling Sheoirsia ag déanamh seal straitéiseach i dtreo comhar leis an tSín, leis an Rúis agus leis an Iaráin, mar a deimhníodh in go leor tuarascálacha; á chur i bhfáth go léiríonn an t-athdhíriú sin neamhaird ar thiomantas bunreachtúil na Seoirsia don lánpháirtiú Eora-Atlantach agus ar thoil shoiléir agus chomhsheasmhach shochaí na Seoirsia; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, in ionad aghaidh a thabhairt ar thorthaí inchreidte maidir le tionchar méadaitheach na gcumhachtaí forlámhacha, gur seoladh imscrúduithe in aghaidh údair na dtuarascálacha sin, lena n-áirítear taighdeoir Institiúid Hudson Giorgi Kandelaki agus Tinatin Khidasheli;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di rannpháirtíocht fhiontair na Síne atá faoi úinéireacht stáit i dtionscadail straitéiseacha amhail Calafort Domhainfharraige Anaklia, a forbraíodh ar dtús le comhpháirtithe an Iarthair agus a bhfuil sé beartaithe léi nascacht an Oirthir agus an Iarthair a neartú neamhspleách ar thionchar na Rúise agus na Síne; á mheabhrú d’údaráis na Seoirsia go bhfuil nasc idir rath na Meánchonaire agus an tSeoirsia a bheith ag cloí leis an smacht reachta agus go gceanglaítear le hinfheistíochtaí Global Gateway go mbeidh an tSeoirsia ina comhpháirtí cobhsaí agus trédhearcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire tionscnaimh le haghaidh tionscadail nascachta straitéiseacha i réigiún na Mara Duibhe, lena n-áirítear Cábla Fomhuirí Nascachta Digití na Mara Duibhe agus Cábla Leictreachais Fomhuirí na Mara Duibhe, a d’fhéadfadh feabhas a chur ar naisc fuinnimh agus dhigiteacha idir an Aontais agus Cugas Theas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil Eaglais Cheartchreidmheach na Seoirsia fós ina hinstitiúid a bhfuil tionchar aici i sochaí na Seoirsia agus go bhfuil ról tábhachtach aici maidir le dioscúrsa poiblí a mhúnlú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an úsáid a bhaineann an Rúis as líonraí reiligiúnacha mar bhealaí bréagaisnéise agus mar bhealaí chun tionchar a imirt ar oibríochtaí ar fud na Seoirsia, agus é mar aidhm an bonn a bhaint den treoshuíomh ar son na hEorpa agus den athléimneacht dhaonlathach; á mheabhrú gur chuir roinnt cléireach laistigh den tSeoirsia in aghaidh an ionstraimithe sin agus gur labhair siad amach in aghaidh thionchar na Rúise agus bheartais réimeas Aisling Sheoirsia araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil deoise agus pobail Cheartchreidmheacha na Seoirsia i láthair san Aontas freisin, rud a leagann béim ar an ngá atá le forairdeall agus athléimneacht in aghaidh iarrachtaí trasnáisiúnta bréagaisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go háirithe, go bhfuil méadú ag teacht ar thionchar na hIaráine sa tír, go háirithe trí institiúidí reiligiúnacha agus oideachais agus trí ghníomhachtú na hóige, agus trí struchtúir eacnamaíocha lena gcuirtear ar chumas na hIaráine smachtbhannaí a sheachaint go héifeachtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin tionchar méadaitheach na ngníomhaithe eacnamaíocha atá nasctha le réimeas na hIaráine atá ag feidhmiú sa tSeoirsia; á chur i bhfios go láidir go bhféadfar na gníomhaithe sin a úsáid le haghaidh teacht timpeall ar smachtbhannaí airgeadais, sciúradh airgid agus onnmhairiú aindleathach earraí na hIaráine, rud a rachaidh chun tairbhe do ghníomhaithe a bhfuil baint acu le réimis Aisling na hIaráine agus Sheoirsia araon trí éilliú agus trí thairiscintí poiblí a scriosadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á mheas gur cheart go mbeadh ról cuiditheach ag an tSeoirsia maidir le rochtain na hAirméine ar bhealaí trádála muirí idirnáisiúnta a éascú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le nascacht réigiúnach, athléimneacht eacnamaíoch agus cobhsaíocht i gCugas Theas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag athdhearbhú a tacaíochta buanseasmhaí do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Seoirsia; á cáineadh go láidir forghabháil leanúnach na Rúise ar réigiúin na hAbcáise agus Thskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia, chomh maith leis an bpróiseas leanúnach ‘cruatheorannaithe’, rud is sárú ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na Seoirsia; ag tathant ar Rialtas na Seoirsia seasamh soiléir agus comhsheasmhach a choinneáil maidir le fogha na Rúise; ag cáineadh go cruinn iarrachtaí na Rúise na críocha atá faoi fhorghabháil a chomhtháthú go polaitiúil, go míleata agus go heacnamaíoch i gCónaidhm na Rúise; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil Seoirsigh eitneacha á gcoinneáil agus á ndíriú go leanúnach san Abcáis agus i réigiún Tskhinvali, lena n-áirítear mná agus daoine óga, ar chúiseanna bréagacha, amhail spiaireacht nó pas Seoirseach a bheith ina seilbh acu; ag cáineadh na gcleachtas sin mar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rannchuidíonn le himeaglú, idirdhealú agus easáitiú éigeantach dhaonra na Seoirsia; ag cáineadh go láidir forbairt leanúnach bhonn cabhlaigh na Rúise in Ochamchire, nach sárú ar iomláine chríochach amháin é ach ar bagairt dhíreach é ar shlándáil imchuach iomlán na Mara Duibhe agus ar uaillmhianta trádála muirí na Seoirsia féin; á iarraidh an athuair go dtarraingeofaí siar fórsaí na Rúise láithreach agus gan choinníoll ó réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta sriantacha spriocdhírithe ina gcoinne sin atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine sna críocha faoi fhorghabháil ag tógáil ar fhasaigh amhail ‘Liosta Otkhozoria–Tatunashvili’ in 2018;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá obair Mhisean Faireacháin an Aontais sa tSeoirsia maidir le réiteach coinbhleachta, faireachán ar chearta an duine agus tacaíocht do phobail dá ndéantar difear; á cáineadh go láidir bac leanúnach Chónaidhm na Rúise ar rochtain Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh ar réigiúin na Seoirsia atá faoi fhorghabháil, chomh maith le gníomhartha imeaglaithe a rinneadh roimhe seo in aghaidh faireachán Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gabhálacha neamhdhleathacha agus teagmhais eile a bhaineann le bagairtí agus cur isteach ar obair an mhisin; á mheas gur cheart cur chun feidhme infheicthe agus poiblí shainordú Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh a neartú tuilleadh trí thacaíocht mhéadaithe agus pearsanra breise agus gur cheart é a chur in iúl ar bhealach níos feiceálaí, ós rud é go gcuireann sé go suntasach le rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún agus go nochtann sé tacticí ionsaitheacha na Rúise, atá, ó bhí cogadh 2008 ann in aghaidh na Seoirsia, fós ag tabhairt báis, fulaingthe agus éagobhsaíochta don réigiún;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán na Seoirsia, Salome Zourabichvili agus chuig údaráis de facto na Seoirsia.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>