<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0226</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Loingsithe dramhaíola: dramhaíl chathrach mheasctha atá beartaithe lena haisghabháil a onnmhairiú chuig an Eilvéis</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(C10-0108/2026)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2026 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1157 a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar dhramhaíl mheasctha chathrach atá beartaithe lena haisghabháil a onnmhairiú (COM(2026)0183 – C10-0108/2026 – 2026/0099(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0183),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0108/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Meitheamh 2026<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 60 agus 170 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2026)0099</STRING></IDENT><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Meitheamh 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1157 a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar onnmhairiú dramhaíola cathrach measctha atá beartaithe lena haisghabháil</STRING><BRK/></TI><NOTE>(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
Ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim an 17 Meitheamh 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach<FOOTNOTE><FIELD> Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2026.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Le hAirteagal 44(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).</FIELD></FOOTNOTE> toirmeasctar ón 21 Bealtaine 2026 onmhairiú dramhaíola cathrach measctha ón Aontas atá beartaithe lena haisghabháil i dtríú tíortha. Ní bheadh aistriú dramhaíola den sórt sin ó limistéir teorann an Aontais chuig saoráidí cóireála in aice láimhe san Eilvéis, áit a gcoinnítear ardchaighdeáin bainistithe dramhaíola, údaraithe a thuilleadh dá bhrí sin, rud a chuirfeadh deireadh le cleachtas atá seanbhunaithe. Dá réir sin, d’aistreodh an toirmeasc ar onnmhairiú na dramhaíola sin chuig an Eilvéis iompar na dramhaíola sin chuig tíortha eile agus chuig saoráidí bainistithe dramhaíola atá suite níos faide ar shiúl, agus thiocfadh iompar breise de bhóthar in ionad iompar dramhaíola d’iarnród mar thoradh air. Mhéadófaí leis sin na costais bainistíochta a bhaineann leis an dramhaíl sin agus ghinfí barrachas astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar a hiompar breise de bhóthar, agus ní eascródh ach tairbhí an-teoranta as. Dá réir sin, is gá Airteagal 44(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2024/1157 a leasú chun go bhféadfar leanúint le honnmhairiú dramhaíola cathrach measctha atá beartaithe lena haisghabháil chuig an Eilvéis.
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/1157 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr go bhfuil gá le comhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>I bhfianaise theacht i bhfeidhm an toirmisc ar dhramhaíl chathrach mheasctha a loingsiú lena haisghabháil, rud a chuirfeadh isteach ar loingsithe dramhaíola cathrach measctha chuig an Eilvéis, agus ós rud é go bhfuil toilithe le haghaidh loingsithe den sórt sin a tugadh roimh theacht i bhfeidhm an toirmisc sin bailí ar feadh bliain amháin ar a mhéad, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART>Airteagal 1</TI.ART><PARAG>In Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2024/1157, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):<CITATION>
‘(f)	beidh toirmeasc ar an dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a onnmhairiú, seachas i gcás ina n-onnmhairítear chuig an Eilvéis í;’.
</CITATION></PARAG>

<TI.ART>Airteagal 2</TI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh i/in/sa ...,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>